Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document Ares(2023)7105654

Amended proposal for a Regulation to facilitate border solutions

GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair)

Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin.

Iarraimid ar na grúpaí sin a dtuairimí a chur in iúl faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a d’fhéadfadh a bheith acu a thabhairt dúinn.

Teideal an tionscnaimh

Réitigh teorann a éascú (togra leasaithe)

Príomh-AS – an t‑aonad atá freagrach

REGIO D2

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Togra leasaithe le haghaidh rialacháin

Amchlár táscach

R4-2023

Faisnéis bhreise

-

Is ar mhaithe le faisnéis a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh.

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

·Oibríonn cláir Interreg thar theorainneacha náisiúnta. Cé go dtacaíonn siad le tionscadail nua ó thaobh airgeadais de, is minic a chuirtear bac orthu le bacainní riaracháin agus dlíthiúla de bharr córais éagsúla dlí agus riaracháin a fheidhmíonn ar gach taobh den teorainn. Mar thoradh air sin, ní féidir roinnt tionscadal a chur i gcrích, agus tá tionchar diúltach ar dhea-bhail an daonra a bhfuil cónaí orthu i limistéir teorann agus ar fheidhmiú an mhargaidh aonair. Dá bhrí sin, tá gá le hionstraim dlí de chuid an Aontais chun na bacainní sin a bhaint.

·An 14 Meán Fómhair 2023 ghlac Parlaimint na hEorpa Rún (2022/2194(INL) inar iarradh ar an gCoimisiún togra le haghaidh rialachán a ghlacadh lena dtugtar isteach ionstraim chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i réigiúin teorann.

·Leis an tionscnamh reatha, leasófaí togra 2018, agus na hábhair imní a chuir an Chomhairle in iúl á gcur san áireamh, agus obair leantach á déanamh ar thionscnamh reachtach Pharlaimint na hEorpa.

An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

·D’ainneoin an mhargaidh aonair, i réigiúin teorann (arb é atá iontu thart ar aon trian de dhaonra agus OTI an Aontais), cuirtear bac ar ghníomhaíochtaí laethúla daoine aonair agus eagraíochtaí de bharr bacainní dlíthiúla agus riaracháin. Is deacra, nó dodhéanta fiú, gníomhaíochtaí atá ríthábhachtach go minic ar mhaithe le dea-bhail cáilíocht saoil a dhéanamh i réigiúin teorann i gcomparáid le réigiúin eile. I measc na ngníomhaíochtaí a mbíonn tionchar acu tá post a ghlacadh le fostóir gar don bhaile ach thar an teorainn, earraí a cheannach nó a dhíol, agus rochtain a fháil ar oideachas nó ar sheirbhísí poiblí eile.

·Is iondúil go mbíonn bacainní teorann ann i gcás nach bhfuil rialacha agus/nó nósanna imeachta ar thaobh amháin de theorainn comhoiriúnach le rialacha agus/nó nósanna imeachta i gcríoch chomharsanach ar an taobh eile de theorainn. Ní cásanna sáraithe iad sin, ach tá easpa comhoiriúnachta idir creataí dlíthiúla éagsúla iontu. Mar shampla, má tá otharcharranna i dtír amháin in ainm agus bonnáin bhuí a bheith acu, agus má tá otharcharranna i dtír eile in ainm agus bonnáin ghorma a bheith acu, d’fhéadfadh sé a bheith mídhleathach d’otharcharr íospartach tionóisc cairr a iompar chuig an ospidéal is gaire nuair a tharlaíonn sé gur sa tír eile atá an ospidéal sin.

·Bíonn tionchar eacnamaíoch ag na bacainní sin freisin de bharr caillteanas OTI agus acmhainneacht fostaíochta i réigiúin teorann. D’fhéadfadh méadú 2 % ar OTI sna réigiúin sin a bheith mar thoradh ar 20 % de na bacainní atá ann faoi láthair a réiteach.

·Fadhb eile is é an t‑idirdhealú, toisc gur lú an rochtain atá ag daoine i réigiúin teorann ar sheirbhísí poiblí, go mbíonn dúshláin rompu maidir le hidirghníomhú lena gcomharsana nó mbíonn orthu costais níos airde a thabhú maidir lena saol laethúil (e.g. ní mór dóibh dhá shraith de chaighdeáin theicniúla a chomhlíonadh, ceann amháin do gach taobh den teorainn).

·Is minic a bhíonn na bacainní sin ann ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal réigiúnach, ach is ar an leibhéal náisiúnta atá an inniúlacht dhlíthiúil chun iad a réiteach. Mar thoradh air sin, níl aon bhealach soiléir ag saoránaigh, eagraíochtaí agus riaracháin chun aghaidh a thabhairt ar na constaicí sin.

·Le rialachán nua lena gcruthaítear soiléireacht dhlíthiúil trí nós imeachta caighdeánach a chur i bhfeidhm chun constaicí a réiteach, áiritheofar go bhfaighidh saoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i limistéir teorann freagra (dearfach nó diúltach) óna mBallstát. An tráth céanna, ba cheart an saincheart a i gcónaí a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le dul i ngleic le constaic nó gan dul i ngleic leis agus an chaoi aghaidh a thabhairt air. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit freisin brath ar struchtúir atá i bhfeidhm acu cheana chun constaicí a bhaineann le teorainneacha a réiteach.

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

·Is gá a áirithiú go mbeidh réigiúin teorann an Aontais agus na daoine a bhfuil cónaí orthu iontu in ann constaicí a shainaithint, réitigh a mholadh, agus freagairt iomchuí a fháil ó na húdaráis inniúla maidir le príomhbhacainní a bhaineann le teorainneacha agus - má mheastar é a bheith iomchuí - réitigh a fháil, ar bhonn cás ar chás. Cé go bhféadfaidh nósanna imeachta éifeachtacha a bheith i bhfeidhm ag roinnt Ballstát, níl nósanna imeachta i bhfeidhm ag Ballstáit eile. Leis an nós imeachta atá le leagan amach sa togra leasaithe, d’áiritheofaí go mbeadh sásra oibríochtúil ag gach réigiún teorann chun réitigh ar chonstaicí atá ann cheana a spreagadh, dá mba mhian leo déanamh amhlaidh.

·Bheadh sé de shaincheart ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, ar bhonn cás ar chás, an bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar chonstaic shonrach agus conas aghaidh a thabhairt air.

Bunús dlí

Airteagail 175, fomhír 3, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Thairis sin, d’fhreagródh an tionscnamh don rún féintionscnaimh ó Pharlaimint na hEorpa, bunaithe ar Airteagal 225 CFAE.

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Chuirfeadh an togra leasaithe le haghaidh rialacháin ar a gcumas do na Ballstáit uirlisí eile a úsáid. Tugadh aghaidh ar ábhair imní faoi cheannasacht na bparlaimintí tríd an ‘ngealltanas trasteorann Eorpach’ a áirítear i dtogra 2018 a scriosadh. Déanfar aon mhaolú ar an dlí náisiúnta a chomhtháthú i ndlí na tíre sin. I bhfocail eile, ní dhéanfar dlí eachtrach a aistriú. Beidh níos mó roghanna ag na Ballstáit pointí comhair trasteorann a bhunú, lena n‑áirítear pointí comhair comhpháirteacha lena gcomharsana. Tá sé mar aidhm i gcónaí leis an togra aghaidh a thabhairt ar chásanna nó ar thionscadail shonracha, gan bac a réiteach a mbeadh tionchar aige ar theorainn iomlán.

B. Cad é aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í?

·Dá ndéanfaí an rialachán a ghlacadh, chruthófaí nós imeachta a thabharfadh soiléireacht dhlíthiúil do pháirtithe leasmhara i réigiúin teorann maidir leis an gcaoi próiseas a spreagadh chun teacht ar réiteach ar chonstaic shonrach a bhaineann leis an teorainn.

·Dhéanfadh sé foráil maidir le pointí comhordúcháin trasteorann a chruthú sna Ballstáit uile. D’áiritheofaí leis sin soiléireacht maidir le sannadh na n‑inniúlachtaí i ngach tír chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní sonracha a bhaineann le teorainneacha, agus comhordú idir riaracháin sna Ballstáit éagsúla á chumasú ag an am céanna.

·Bheadh glacadh rialachán comhréireach toisc nach mbeadh méadú ar chaiteachas poiblí i gceist leis an nós imeachta a chruthódh sé. Bheadh an tsolúbthacht ag na Ballstáit na pointí comhordúcháin trasteorann a bhunú ar an mbealach is oiriúnaí (e.g. na cúraimí a shannadh do struchtúir atá ann cheana nó struchtúir nua a chruthú) de réir a measúnaithe féin ar a dteorainneacha.

Na tionchair is dócha a bheidh ann

D’fhágfadh an tionscnamh go bhféadfaí teacht ar réitigh ar bhacainní a chuireann isteach ar chineálacha éagsúla idirghníomhaíochtaí i réigiúin teorann. Is é an tionchar láithreach a bheadh ann go bhforbródh margaí áitiúla agus réigiúnacha (lena n‑áirítear margadh an tsaothair) ar bhealach níos socra i réigiúin trasteorann.

Meastar go dtiocfadh méadú 2 % ar OTI i réigiúin teorann ach 20 % de bhacainní teorann a réiteach, is é sin 1 mhilliún post.

Thairis sin, ba é toradh sn Mheasúnaithe Bhreisluacha Eorpaigh a rinne Parlaimint na hEorpa in 2023 chun ullmhú dá tionscnamh go dtiocfadh méadú EUR 123 bhilliún in aghaidh na bliana ar oll-bhreisluach (OBL) dá mbainfí 20 % de bhacainní a bhaineann le teorainneacha.

Go comhthreomhar, léirítear leis an tionscnamh b-réitigh (faoina dtacaíonn an Coimisiún le réitigh phíolótacha ar bhacainní teorann ar bhonn cás ar chás) go mbeadh ionstraim dlí de chuid an Aontais úsáideach i gcás 38 % de na cásanna a ndearnadh measúnú orthu chun na bacainní teorann sin a réiteach (coimre b-réitigh, lch. 156).

Bheadh na tionchair le brath go príomha i réigiúin trasteorann, áit ina bhfuil cónaí ar aon trian de dhaonra an Aontais. Léiríodh sa teachtaireacht maidir le Borradh a chur faoi Réigiúin Teorann go mbeadh na tionchair sin níos airde sna réigiúin ina bhfuil idirghníomhaíochtaí trasteorann níos déine.

Sa bhreis ar na tionchair eacnamaíocha, rannchuideodh an tionscnamh go soiléir lena áirithiú nach bhfágfaí aon duine ar lár. Le roinnt staidéar a rinne an Pointe Fócais Teorann, léirítear gur lú an rochtain atá ag daoine aonair i réigiúin teorann ar sheirbhísí poiblí, amhail cúram sláinte nó oideachas, agus go mbíonn costais níos airde orthu toisc iad a bheith neamhchosanta ar chreataí dlíthiúla comhthreomhara. Dá bhrí sin, rannchuideodh an tionscnamh leis an gcineál sin idirdhealaithe a laghdú.

An faireachán a dhéanfar amach anseo

Leis an togra leasaithe le haghaidh rialacháin, thabharfaí isteach prionsabail maidir le faireachán a dhéanfar amach anseo. Bheadh ról ag an gCoimisiún idirchaidreamh a dhéanamh leis na pointí comhordúcháin sna Ballstáit agus, go háirithe, clár a choimeád de na constaicí ar fad a dtugann na Ballstáit éagsúla aghaidh orthu faoin sásra sin.

C. Rialáil níos fearr

Measúnú tionchair

Níl gá le measúnú tionchair toisc go mbaineann an tionscnamh le leasú ar thogra le haghaidh rialacháin, agus go bhfuil an measúnú tionchair atá ann cheana bailí fós. Tá an fhianaise ábhartha uile ar fáil cheana féin agus cuirfear san áireamh í sa mheabhrán míniúcháin. 

Thairis sin, leanann an togra leasaithe le haghaidh rialacháin glacadh an rúin féintionscnaimhó Pharlaimint na hEorpa. Chun ullmhú don rún sin, tá measúnú Breisluacha Eorpaigh déanta cheana féin ag Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa le haghaidh sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann.

An straitéis chomhairliúcháin

Foilseofar an glao seo ar fhianaise ar leathanach gréasáin lárnach an Choimisiúin maidir le comhairliúcháin phoiblí, Cloisimis uait, chun aiseolas a fháil ó pháirtithe leasmhara ar feadh 4 seachtaine. Is féidir le páirtithe leasmhara freagairt don ghlao seo ar fhianaise feasta. Ní dhéanfar aon chomhairliúchán poiblí oscailte mar gheall ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin éagsúla leis na páirtithe leasmhara a d’eagraigh an Coimisiún agus comhlachtaí eile cheana féin mar a leagtar amach thuas.

Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn?

Is é is aidhm don ghlao ar fhianaise faisnéis a bhailiú ó pháirtithe leasmhara ábhartha maidir leis an ngá atá le huirlis dhlíthiúil Eorpach chun constaicí trasteorann a réiteach. Is deis é freisin do pháirtithe leasmhara faisnéis a chur ar fáil maidir leis na constaicí a bhíonn rompu, maidir leis na tionchair a bhíonn acu agus maidir le huirlisí malartacha a bheith ann (nó gan a bheith ann) chun teacht ar réitigh.

An spriocphobal

Is páirtithe leasmhara i réigiúin teorann den chuid is mó a bheadh sa spriocphobal. Áirítear leis sin riaracháin réigiúnacha agus áitiúla, údaráis agus tionscadail Interreg, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Is spriocghrúpa sonrach eile a bheadh sna struchtúir dhlíthiúla trasteorann, amhail Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach.

Top