Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document EESC-2024-00873-AS

Mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac

EESC-2024-00873-AS

GA

SOC/804

Mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac

TUAIRIM

An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (athmhúnlú)

(COM(2024) 60 final – 2024/0035 (COD))

Teagmháil

sabrina.borg@eesc.europa.eu

Riarthóir

Sabrina BORG

Dáta an doiciméid

1/7/2024

Rapóirtéir: Christian BÄUMLER

Comhrapóirtéir: Diana INDJOVA

Comhairleoir

Ivan KARAGYOZOV (Comhairleoir don chomhrapóirtéir, Grúpa III)

Comhairliúchán

An Chomhairle, 24/4/2024

An Coimisiún Eorpach, 27/3/2024

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

25/6/2024

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

69/0/0

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

D/M/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le straitéis an Choimisiúin Eorpaigh chun an mhí-úsáid ghnéasach leanaí agus an teacht i dtír gnéasach ar leanaí a chomhrac go héifeachtach. Rud is aidhm don straitéis gach gníomh den chineál sin a choiriúlú, lena n-áirítear na gníomhartha is féidir nó is fusa a dhéanamh de bharr na forbartha i ngort na teicneolaíochta.

1.2Tacaíonn CESE leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit sa togra údaráis náisiúnta a bhunú chun comhordú a dhéanamh ar chosc agus ar chomhrac na mí-úsáide gnéasaí agus an teacht i dtír gnéasaigh ar leanaí, agus tá sé á iarraidh aige go mbeidh údarás lárnach i ngach Ballstát a bheidh freagrach as comhordú agus oiliúint náisiúnta agus idirnáisiúnta na n-údarás póilíneachta.

1.3Tá CESE ag iarraidh go mbeadh íoschaighdeáin choiteanna ann i leith na sainmhínithe ar chionta coiriúla agus i ndáil le leibhéal na smachtbhannaí.

1.4Tacaíonn CESE leis an togra chun an sainmhíniú ar an téarma ‘íomhá’ a leathnú chun mí-úsáid na hintleachta saorga a chomhrac go héifeachtach nuair atá timpeallachtaí réaltachta fíorúla á gcruthú.

1.5Tá CESE ag iarraidh gur coir a bheadh ann i ngach Ballstát ‘lámhleabhair phéidifileacha’ a fhoilsiú, agus gur coir a bheadh ann dá réir sonraí teagmhála a chur ar fáil i gcomhair mí-úsáid leanaí, sin nó leanaí a bheith á mealladh ionas go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint astu.

1.6Tacaíonn CESE le coiriúlú struchtúr áirithe den ghréasán dorcha ar féidir nó ar fusa an mhí-úsáid ghnéasach agus an teacht i dtír gnéasach a chleachtadh dá mbarr.

1.7Tacaíonn CESE leis an méadú atá beartaithe ar na pionóis íosta agus ar fhad reachtanna na dtréimhsí sa chaoi is nach bhféadfaidh feidhm a bheith leo go mbeidh aois na freagrachta coiriúla slánaithe ag an íospartach.

1.8Tacaíonn CESE le measúnuithe riosca éigeantacha agus le hidirghabhálacha gaolmhara ionas nach dtarlóidh an choir an athuair.

1.9Tacaíonn CESE leis an oibleagáid tuairiscithe atá beartaithe i gcásanna den mhí-úsáid ghnéasach agus leis an oibleagáid faisnéis a chur ar fáil do bhaill na foirne in institiúidí agus in eagraíochtaí a bhíonn i dteagmháil le leanaí.

1.10Tacaíonn CESE leis an moladh atá ann an seasamh atá ag íospartaigh na mí-úsáide gnéasaí a neartú, mar aon leis an seasamh atá ag na leanaí atá ina n-íospartaigh ag an teacht i dtír gnéasach a neartú, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar an bhféidearthacht damáistí a éileamh. Ní mór cóireáil a chur ar fáil saor in aisce d’íospartaigh.

1.11Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí tuismitheoirí, oideoirí, múinteoirí agus baill foirne na n‑eagraíochtaí cosanta leanaí a dtarlaíonn ábhar pornagrafaíochta leanaí faoina súil nuair atá a gcuid cúram sonrach féin á gcomhlíonadh acu a dhíolmhú ó ionchúiseamh. Ní mór oiliúint leanúnach a chur ar oifigigh forfheidmhithe dlí agus ar dhaoine a bhíonn i dteagmháil le leanaí ionas gur féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

1.12Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí rialáil shonrach ar mhalartú idirnáisiúnta na sonraí a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí. Chomh maith leis sin, tá siad ag iarraidh go leathnófaí na féidearthachtaí atá ann maidir le sonraí a choinneáil i ngach Ballstát trí Ionad Taighde de chuid an Aontais a chur ar bun.

1.13Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaidh an tAontas an straitéis a chur chun feidhme go pras chun an mhí-úsáid ghnéasach leanaí agus an teacht i dtír gnéasach ar leanaí a chomhrac agus an obair sin a dhéanamh go huile agus go hiomlán le painéil saineolaithe.

1.14Tá CESE ag iarraidh go mbeadh an tsochaí shibhialta rannpháirteach sa chomhrac i gcoinne na mí-úsáide gnéasaí leanaí agus i gcoinne teacht i dtír gnéasach ar leanaí, sin agus í a bheith páirteach i gcosc na mí-úsáide sin agus sa tacaíocht do na híospartaigh.

1.15Is mian le CESE fócas ar leith a chur ar leanaí atá faoi mhíchumas. Aicme ró-leochaileach iad seo ar furasta mí-úsáid ghnéasach a bhaint astu, aicme ar mó an seans go mbeidh siad ina n‑íospartaigh ag an teacht i dtír gnéasach, aicme ar furasta cibearchoireanna a imirt orthu. Is airde an riosca do leanaí atá faoi mhíchumas meabhrach, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas intleachta agus síceasóisialta, agus dóibh siúd atá i mbaol agus iad ag cur fúthu in institiúidí sóisialta. Tá sé á iarraidh ag CESE go mbeidh líonra cuimsitheach faireacháin agus córas foláirimh éigeandála ann chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.

1.16Seasann CESE le prionsabal an chórais aontaithe, córas maille le sásra faireacháin éifeachtach a bhféadfaí na dea-chleachtais a roinnt dá bharr chun leanaí a chosaint, sin agus d’fhonn na hacmhainní agus na fáltais oiliúna a chaitheamh ar bhealach ní b’fhearr ionas gur fearr a fhéadfar déileáil le tuairiscí faoin mí-úsáid ghnéasach a bhaintear as leanaí agus le tuairiscí faoi theacht i dtír gnéasach ar leanaí. Ní mór oideachas a chur ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus iad a spreagadh chun cleachtais chosanta a chur i bhfeidhm chun a gclann a chosaint ar bhearta contúirteacha arae sin rud a chuireann lena gcuid leochaileachta má bhíonn caidreamh collaí á bhrú orthu.

2.Cúlra an togra

2.1In 2004, cruthaíodh an Cinneadh Réime ón gComhairle leis an gcaidreamh collaí a bhrúitear ar leanaí agus leis an bpornagrafaíocht arb iad na leanaí is ábhar di a chomhrac. Tháinig Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an mí-úsáid ghnéasach leanaí agus an teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc a mhéid a bhaineann le dliteanas coiriúil i leith rochtain d’aon ghnó ar fhaisnéis phornagrafaíochta arb iad na leanaí is ábhar di trí úsáid na teicneolaíochta cumarsáide. In 2016, rinne dhá thuarascáil ón gCoimisiún Eorpach measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit bearta nua chun an treoir a chomhlíonadh, agus ina dhiaidh sin thíolaic siad straitéis 2020 an Aontais.

2.2I mí Iúil 2020, chuir an Coimisiún Eorpach straitéis de chuid an Aontais i láthair maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac ar bhealach ní b’éifeachtaí. Sa straitéis sin, leagtar amach ocht dtionscnamh chun cur chun feidhme iomlán agus, i gcás inar gá, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil chun an mhí-úsáid ghnéasach a bhaintear as leanaí agus an teacht i dtír gnéasach ar leanaí a chomhrac. San am céanna, bhí sé d’aidhm ag an straitéis na húdaráis forfheidhmithe dlí a neartú agus iarrachtaí na ngeallsealbhóirí éagsúla a chur chun cinn maidir le cosc, imscrúdú agus cúnamh do na híospartaigh agus do na marthanóirí.

2.3Thar gach ní eile, i bhfianaise na n-athruithe sochaíocha agus teicneolaíocha le deich mbliana anuas, is éard a aithníodh sa straitéis an gá atá le measúnú ar chreat dlí choiriúil reatha an Aontais, eadhon Treoir 2011/93/AE maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí chomh maith leis an bpornagrafaíocht arb iad na leanaí is ábhar di, féachaint an oiriúnach nó nach oiriúnach é don fheidhm atá leis. Leagtar síos íoschaighdeáin sa Treoir chun coireanna róthromchúiseacha a chosc agus a chomhrac, is é sin coireanna atá dírithe ar leanaí ós íospartaigh iad a bhfuil ceart ar chosaint agus ar chúram ar leith acu. Is ann a leagtar amach na rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú maidir le teacht i dtír gnéasach ar leanaí, chomh maith le híoschaighdeáin i ndáil le himscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach, cúnamh agus tacaíocht dóibh siúd a bhfuil mí-úsáid á baint astu, mar aon leis na rialacha íosta maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí a chosc.

2.4In 2022, rinne an Coimisiún Eorpach measúnú ar chur chun feidhme na treorach, lena n-áirítear bearnaí reachtacha, dea-chleachtais agus gníomhaíochtaí tosaíochta féideartha ar leibhéal an Aontais. Léirítear sa staidéar go bhféadfaí feabhas a chur ar an téacs, agus béim ar dhébhríocht sainmhínithe áirithe sa treoir agus ar na dúshláin a bhaineann le ciontóirí a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Chuir sé in iúl go raibh imní air faoin bhfás easpónantúil atá ar chomhroinnt an ábhair mí-úsáide gnéasaí ar líne a bhfuil leanaí á dtaispeáint ann, sin agus faoi na deiseanna idir shean agus nua atá ag lucht sáraithe an dlí a n-ainm agus a n-éadan a cheilt, go háirithe ar líne, agus éalú dá bharr sin ón imscrúdú agus ón ionchúiseamh. Mar fhocal scoir, léiríodh sa staidéar gur chruthaigh méadú ar láithreacht na leanaí ar líne agus an dul chun cinn teicneolaíochta is déanaí dúshláin d’fhorfheidhmiú an dlí, sin agus deiseanna nua mí-úsáide nach bhfuil clúdaithe go hiomlán leis an treoir atá ann.

3.Barúlacha ginearálta

3.1Tacaíonn CESE leis an rud is cuspóir don togra, is é sin a áirithiú gur coir a bheidh i ngach cineál mí-úsáide gnéasaí leanaí agus teacht i dtír gnéasaigh ar leanaí, ina measc sin gach uile chineál arb í forbairt na teicneolaíochta a fhágann gur féidir agus gur fusa é a dhéanamh ar chor ar bith.

3.2Formhuiníonn CESE an rud is cuspóir don togra, is é sin a áirithiú go bhfágfaidh na rialacha náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh gur comhrac éifeachtach a bheidh ann i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí, agus gan an dul chun cinn teicneolaíochta is déanaí a fhágáil as an áireamh.

3.3Tacaíonn CESE leis an aidhm atá ann feabhas a chur ar chosc agus ar chúnamh dóibh siúd atá ina n-íospartaigh ag an teacht i dtír gnéasach agus ag an mí-úsáid ghnéasach, faoi mar a bheartaítear sa togra. Tá CESE den tuairim go bhfuil rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an straitéis sin.

3.4Is díol sásaimh dó na céimeanna atá ann chun cás na n-íospartach a neartú, sin agus cás na ndaoine ar baineadh mí-úsáid ghnéasach astu nuair ba leanaí iad. Sampla de sin: feabhas a chur ar na deiseanna atá acu le cúiteamh a fháil. Molann an togra cur le scóip na gceart ionas nach dtiocfaidh costas na díobhála a dhéantar de bharr ábhar mí-úsáide a scaipeadh ar líne faoina scáth.

3.5Tacaíonn CESE le comhordú ní b’fhearr ar chosc agus ar chomhrac na mí-úsáide gnéasaí leanaí ar fud na mBallstát agus ar an leibhéal náisiúnta, rud atá molta ag an gCoimisiún Eorpach. Tacaíonn sé leis an oibleagáid atá beartaithe ar na Ballstáit údaráis náisiúnta a bhunú a bheidh i gceannas ar an gcomhordú sin. Ní mór é a bheith d’údarás ag gach uile Bhallstát a bheith ina phointe teagmhála ar mhaithe leis an gcomhar idirnáisiúnta agus an comhar ar an leibhéal náisiúnta. Ní mór don tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach i gcomhordú na mbeartas.

3.6Tá CESE á chur in iúl go bhfuil tuilleadh forbartha sa togra seo ar fhorálacha reatha na treorach faoi straitéis 2020 an Aontais leis an mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, agus tá sé á chur in iúl go gcomhlánaíonn sé creat rialála na seirbhísí digiteacha.

3.7Cuirtear i dtábhacht ann go gcomhlánaíonn an togra tionscnaimh eile de chuid an Aontais lena dtugtar aghaidh, más go díreach é nó go hindíreach, ar ghnéithe de na dúshláin a bhaineann le dul i ngleic le cionta de mhí-úsáid ghnéasach leanaí agus de theacht i dtír gnéasach ar leanaí. Sa togra sin, ba cheart úsáid a bhaint as creat ginearálta an Aontais chun cearta íospartaigh gach coire a chosaint, lena n-áirítear straitéis an Aontais maidir le cearta na n-íospartach agus an togra le haghaidh athbhreithniú ar an treoir maidir le cearta na n-íospartach. Ba ríthábhachtach an treoir thuasluaite a bheith cothrománach agus feidhm a bheith aici maidir le gach íospartach. Faoi mar a léirítear i dtuairim SOC/780, ba thábhachtach tacaíocht chuimsitheach agus seirbhísí cuimsitheacha a chur ar fáil do chearta na n-íospartach lena dtugtar aghaidh ar éagsúlacht na n‑íospartach. Dá bhrí sin, tá forálacha sonracha ann lena neartaítear cearta na ngrúpaí imeallacha.

3.8Is láidir a chuireann CESE i bhfios gur mó fós an méadú atá tagtha ar ghné thrasteorann na gcionta mí-úsáide gnéasaí le deich mbliana anuas. Tá méadú tagtha ar úsáid na dteicneolaíochtaí ar líne a chumasaíonn agus a mhéadaíonn an tionchar a imríonn na coireanna sin trasna na dteorainneacha. Beidh oiliúint leanúnach de dhíth ar oifigigh forfheidhmithe dlí agus ar dhuine ar bith a bhíonn i dteagmháil le leanaí. Ní mór seirbhísí den chineál sin a bheith ar fáil do thuismitheoirí freisin.

3.9Cuireann sé i bhfios go láidir go bhfuil gá le híoschaighdeáin choiteanna chun cionta coiriúla a shainiú agus déine na bpionós gaolmhar chun ciontóirí a ionchúiseamh go héifeachtach agus chun cosaint íospartach a áirithiú ar fud an Aontais. Thar aon ní eile, ní mór sainmhínithe ar chionta coiriúla a oiriúnú ar leibhéal an Aontais chun an mhí-úsáid ghnéasach leanaí agus an teacht i dtír gnéasach ar leanaí a chomhrac go héifeachtach.

3.10Tacaíonn CESE leis an togra chun an sainmhíniú ar an téarma ‘íomhá’ a leathnú chun mí-úsáid na hintleachta saorga a chomhrac go héifeachtach nuair atá timpeallachtaí réaltachta fíorúla á gcruthú. Is fíor don togra gur minic rochtain ar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí an chéad chéim i dtreo mí-úsáid a bheith á déanamh iarbhír.

3.11Tacaíonn CESE leis an soiléiriú sa togra nach mór an tsirtheoireacht d’fhonn mí-úsáid leanaí ar líne a dhéanamh a choiriúlú i ngach Ballstát.

3.12Formhuiníonn CESE coiriúlú na ‘lámhleabhar péidifileach’. Lámhleabhair a bhfuil cur síos iontu ar bhealaí le leanaí a aimsiú agus a mhí-úsáid, agus cur síos ar conas ionchúiseamh sna coireanna sin a imghabháil, sin lámhleabhair nach féidir glacadh leo beag ná mór.

3.13Tacaíonn CESE leis an togra atá ann chun aghaidh a thabhairt ar ról an ghréasáin dhorcha i gcruthú pobail ciontóirí atá dírithe ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí, ar theacht i dtír gnéasach ar leanaí agus ar scaipeadh ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí. Ní mór cionta coiriúla a dhéanamh de struchtúir ar líne a dhéanann é sin a chumasú.

3.14Formhuiníonn CESE an togra chun déine na bpionós íosta a mhéadú i gcás mí-úsáid leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí. Ní mór a bheith san airdeall sa chás seo ionas nach mbeidh amhras ag na húdaráis forfheidhmithe dlí ar na tuismitheoirí, na hoidí, na múinteoirí ná ar fhoireann eagraíochtaí cosanta na leanaí nuair a tharlaíonn samplaí den ábhar pornagrafaíochta leanaí faoina súil le linn dóibh a bheith i mbun a gcúram sonrach féin.

3.15Dá bhrí sin, tacaíonn sé leis an togra ón gCoimisiún Eorpach ciontóirí gnéis a chur faoi réir measúnú riosca agus iad a nascadh le cláir idirghabhála chun an athchoir a chosc. Ba cheart an rochtain ar chláir idirghabhála ar bhonn deonach a éascú.

3.16Is díol sásaimh do CESE go bhfuil beart á dhéanamh sa togra chun an baol go mbeadh rochtain ag ciontóirí ábhartha ar leanaí trí ghníomhaíochtaí fostaíochta nó deonacha a laghdú. Ní mór d’institiúidí nó d’eagraíochtaí ina mbíonn dlúth-theagmháil le leanaí faisnéis a lorg faoi dhaoine ar mian leo páirt a ghlacadh sna réimsí gníomhaíochta atá acu. Ní mór é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit an fhaisnéis sin a chur ar fáil.

3.17Tacaíonn CESE leis an smaoineamh a leagtar amach sa togra, is é sin nach dtiocfaidh reachtanna na dtréimhsí i bhfeidhm maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar dhuine nó go mbeidh aois na freagrachta coiriúla slánaithe ag an íospartach. Tá gá leis na reachtanna íosta tréimhsí atá beartaithe le cur ar a gcumas do na híospartaigh a gcuid féin den cheart a iarraidh ar an dlí. Is minic nach féidir do na híospartaigh ábhartha na coireanna sin a thuairisciú go ceann blianta fada.

3.18Tacaíonn CESE leis an moladh atá ann go mbeadh oibleagáid ann tuairisc a dhéanamh ar tháscairí na mí-úsáide gnéasaí leanaí. A bhuíochas le hoibleagáid an tuairiscithe, tá deimhneacht dhlíthiúil ann, go háirithe do na hoidí agus do lucht soláthraithe cúraim sláinte.

3.19Is mian le CESE a chur in iúl go mbraitheann gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí an Aontais ar chomhar leis an National Center for Missing and Exploited Children (NCMEC) sna Stáit Aontaithe chun cásanna de mhí-úsáid ghnéasach agus de theacht i dtír gnéasach ar líne a ionchúiseamh. Tá sé á iarraidh ag CESE go gcuirfear institiúidí agus ionstraimí den chineál céanna ar bun san Aontas chun go mbeidh fáil acu ar ábhar mí-úsáide gnéasaí ar líne a fhéadfar a úsáid mar fhianaise, agus tá sé á chur i bhfios go láidir aige an gá atá le bunús nithiúil dlí le haghaidh aistrithe sonraí ó na Stáit Aontaithe chuig an Aontas Eorpach.

3.20Creideann CESE gur ríthábhachtach straitéis an Aontais a chur chun feidhme go pras agus go hiomlán chun an mhí-úsáid ghnéasach leanaí agus an teacht i dtír gnéasach ar leanaí a chomhrac. Dá bhrí sin, is trí bhíthin painéil saineolaithe is mithid don Aontas lámh a chur i gcur chun feidhme na straitéise sna Ballstáit.

4.Barúlacha sonracha

4.1Is mór i gceist sna hionstraimí go léir ar leibhéal an Aontais Eorpaigh dínit agus leas an linbh, ós bunluachanna iad atá le cur chun cinn ag na Ballstáit go léir gan idirdhealú. Tagraíonn na hionstraimí dlí d’ábhair a bhfuil tábhacht iontu le leanaí a chosaint ar an mí-úsáid ghnéasach: cosaint agus bearta cúnaimh d’íospartaigh leanaí agus dá dteaghlach; cláir idirghabhála a bhunú; rialacha nós imeachta coiteanna do lucht déanta na gcoireanna a imscrúdú, a rianú agus a mheas; seirbhís leighis a chur ar fáil do chiontóirí gnéis; bunachar sonraí a chruthú le faisnéis faoi chiontóirí a chlárú agus a stóráil; bearta le haghaidh comhar idirnáisiúnta chun coireanna a chosc agus a chomhrac; agus ar an dul sin sásra faireacháin a bhunú faoin gcaoi a gcuireann comhlachtaí stáit eile na forálacha chun feidhme. I láthair na huaire, níl aon chreat reachtach aonchineálach ann ar leibhéal an Aontais, creat a bhféadfadh na Ballstáit dul faoina scáth sa chomhrac i gcoinne teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus mí-úsáid ghnéasach leanaí.

4.2An mhí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí, is dhá rud iad sin a tharlaíonn ar iliomad bealaí iarbhír. Sa saol fisiciúil as líne, tá na gníomhartha collaíochta ann a chleachtar le leanbh, agus tá na gníomhartha striapachais ann ina nglacann leanaí páirt dá mbuíochas. Ar líne, is iomaí straitéis éagsúil in úsáid ag na ciontóirí de thairbhe an idirlín. Dá réir sin, más ea, is mór an éagsúlacht atá le sonrú ar na cineálacha éagsúla mí-úsáide gnéasaí atá ann agus ar na bealaí éagsúla a bhíonn ag daoine teacht i dtír ar leanaí. Is éard is dóigh go bhfuil raon leathan modhanna praiticiúla ann, modhanna arb éard is cuspóir dóibh tionchar a imirt ar shláinte fhisiciúil agus ar shláinte meabhrach na leanaí.

4.3Is cúis imní atá in úsáid an idirlín, in úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus in úsáid na cumarsáide ar an leibhéal domhanda, ní hamháin do na leanaí, ach do na ciontóirí chomh maith céanna. Féach más ea gur ag méadú leis atá líon na gcásanna den mhí-úsáid ghnéasach. Is mór atá cosaint na leanaí i gcontúirt ar líne agus as líne araon, rud a fhágann gur tosaíocht de chuid an Aontais atá inti. An mhí-úsáid ghnéasach leanaí agus an teacht i dtír gnéasach ar leanaí ar líne agus as líne araon, is beag coir is tromchúisí ná an dá ní sin; tharlódh tráma doleigheasta de thoradh air, tráma a mbíonn iarmhairtí air go fadtéarmach, idir iarmhairtí fisiciúla, sóisialta, agus meabhrach.

4.4Dá réir sin, más ea, is mór an éagsúlacht atá le sonrú ar na cineálacha éagsúla mí-úsáide gnéasaí atá ann agus ar na bealaí éagsúla a bhíonn ag daoine teacht i dtír ar leanaí. Is éard is dóigh go bhfuil raon leathan modhanna praiticiúla ann, modhanna arb éard is cuspóir dóibh tionchar a imirt ar shláinte fhisiciúil agus ar shláinte meabhrach na leanaí. Gnéithe den riosca míshábháilteachta ar líne agus as líne atá sa leithlisiú sóisialta, san easpa tacaíochta ó phiaraí agus ó lucht meantóireachta; na huaireanta fada an chloig a chaitheann daoine ar líne; an imní, an strus agus an míchumas.

4.5D’fhéadfadh teacht i dtír gnéasach ar líne goilliúint ar leanbh ar bith in áit ar bith, ach de réir cosúlachta tá baint ag cineálacha eile den teacht i dtír gnéasach le haicmí leanaí agus aicmí daoine óga a bhfágann an taithí saoil atá acu gur furasta dul i gcion orthu. I measc na gcineálacha éagsúla sin, tá ‘an dul ar iarraidh’, an t-éalú ón teaghlach nó ón ionad cúraim, an míchumas intleachtúil nó fisiciúil, an mhí-úsáid ghnéasach a tharla san am atá caite nó an fhaillí a rinneadh i dtógáil an linbh, mí-úsáid alcóil nó drugaí, an easpa suime san oideachas, an easpa féinmheasa, agus an leanbh a bheith á chur in aithne ag a chuid piaraí d’fhir scothaosta a thagann i dtír ar leanaí.

4.6Is rud an mhí-úsáid ghnéasach leanaí agus an teacht i dtír gnéasach ar leanaí a tharlaíonn sa teaghlach ach oiread le háit, rud a chruthaíonn deacrachtaí dímhóra do na húdaráis forfheidhmithe dlí arae is de chearta an teaghlaigh fianaise a shéanadh ar na húdaráis le linn imeachtaí coiriúla. D’fhéadfadh córas foláirimh éigeandála feabhas a chur ar na rátaí coisc agus forfheidhmiú an dlí a éascú.

4.7Tá an chuma ar an scéal gan aon agó go bhfuil méadú tagtha ar líon na gcásanna den mhí-úsáid ghnéasach leanaí, go háirithe de bhrí an ábhair a bhfuil rochtain agus dáileadh á ndéanamh air ar an ngréasán dromchla agus ar líonraí áirithe idir piaraí, sin agus de dheasca gníomhaíochtaí eile ar fhóraim an ghréasáin dhorcha chomh mór céanna.

4.8Is rud an mhí-úsáid ghnéasach leanaí i ngort na cibearchoireachta a mheastar a bheith go mór i mbaol a bhraite. Na leanaí, agus go háirithe leanaí faoi mhíchumas, sin ceann de na grúpaí sóisialta is mó atá faoi bhagairt, rud is fíor de bharr easpa taithí sóisialta, sin agus de bharr an ardleibhéil cumarsáide agus na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) atá ar fáil go forleathan.

4.9Is mór an tionchar atá ag fachtóirí sóisialta agus teicneolaíochta ar an mí-úsáid ghnéasach a bhaintear as leanaí. Tá roinnt coinníollacha éagsúla ann a chuireann le fás na pornagrafaíochta arb iad na leanaí is ábhar di; tobfhorbairt na teicneolaíochta, cuir i gcás, an ghné anaithnid is saintréith de chuid an chibearspáis, sin agus costas íseal na n-acmhainní a bhíonn ag teastáil. Is fachtóirí domhanda atá le lua leis an scéal (an meigea-chomhshaol), fachtóirí an mhacra-chomhshaoil (saintréith de chuid an mhacra-chomhshaoil ar an leibhéal náisiúnta go príomha), mar aon le fachtóirí an mhicrea-chomhshaoil is saintréithe de chuid na neach a ndéantar sárú ar a gcearta.

4.10Is é rud a dtagraíonn pornagrafaíocht fhíorúil na leanaí dó íomhánna ríomhghinte (CGI), líníochtaí, pictiúir agus cartúin lena léirítear na leanaí faoi lé an ghnéis. Tugtar faoi deara nach ionann ‘pornagrafaíocht fhíorúil na leanaí’ agus ‘grianghraif bhréige’, is é sin grianghraif ar a dtugtar ‘íomhánna cóirithe’.

4.11Maidir le foinse an ábhair pornagrafaíochta arb iad na leanaí is ábhar dó, is minic an fhoinse sin domhúchta nuair nach i gceann de thíortha an Aontais atá an bunábhar suite. Dá réir sin, ba riachtanach bearta réamhghníomhacha a dhéanamh chun a leithéid d’ábhar a chur ó amharc, agus chun na daoine atá freagrach as táirgeadh, as dáileadh agus as íoslódáil na n-íomhánna sin den mhí-úsáid ghnéasach leanaí a ghabháil.

4.12Leanaí atá ina gcónaí in ionaid chúraim mar aon le leanaí atá faoi mhíchumas, sin iad is mó atá i mbaol a bheith ina n-íospartach ag an teacht i dtír gnéasach. Tharlódh gan ach tuiscint theoranta ag leanaí atá faoi mhíchumas ar cheird na cumarsáide sóisialta agus ar an idirghníomhaíocht shóisialta. Sin rud is fíor go mór mór i gcás leanaí atá faoi mhíchumas meabhrach, lena n‑áirítear míchumais intleachtúla agus shíceasóisialta. Dá réir sin agus eile, sin iad na leanaí is somheallta agus is fusa a bhrú i dtreo teacht i dtír gnéasach. Tá gá le líonra cuimsitheach faireacháin chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.

An Bhruiséil, 25 Meitheamh 2024

Cathaoirleach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Cinzia Del Rio

_____________

Top