This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document b3f1e759-01b8-11ef-a251-01aa75ed71a1
Consolidated text: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/910 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2023 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáid agus ábhar na faisnéise a bheidh le cur in iúl i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann ag gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIeanna), cuideachtaí bainistíochta GCUI, malartú faisnéise idir údaráis inniúla maidir le litreacha fógraí trasteorann, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 584/2010 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/910 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2023 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáid agus ábhar na faisnéise a bheidh le cur in iúl i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann ag gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIeanna), cuideachtaí bainistíochta GCUI, malartú faisnéise idir údaráis inniúla maidir le litreacha fógraí trasteorann, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 584/2010 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02024R0910 — GA — 25.03.2024 — 000.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/910 ÓN gCOIMISIÚN an 15 Nollaig 2023 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáid agus ábhar na faisnéise a bheidh le cur in iúl i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann ag gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIeanna), cuideachtaí bainistíochta GCUI, malartú faisnéise idir údaráis inniúla maidir le litreacha fógraí trasteorann, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 584/2010 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 910 25.3.2024, lch. 1) |
Arna cheartú le:
Ceartúchán, IO L 90215, 27.3.2024, lch. 1 ((AE) 2024/9102024/910) |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/910 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Nollaig 2023
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáid agus ábhar na faisnéise a bheidh le cur in iúl i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann ag gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIeanna), cuideachtaí bainistíochta GCUI, malartú faisnéise idir údaráis inniúla maidir le litreacha fógraí trasteorann, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 584/2010 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Foirm agus ábhar litreacha samplacha caighdeánacha fógraí
Airteagal 2
Tarchur na bhfógraí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus Airteagal 17(2), litir (d) de Threoir 2009/65/CE
Airteagal 3
Teimpléid atá le húsáid chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla
Airteagal 4
Tarchur fógraí idir na húdaráis inniúla
Cumarsáid agus tarchur na faisnéise agus na doiciméadachta dá dtagraítear in Airteagal 17(3), an chéad fhomhír, Airteagal 18(2), an chéad fhomhír, agus an dara agus an tríú fomhír, agus Airteagal 93(3), an dara fomhír, de Threoir 2009/65/CE, ní mheasfar gur tharla siad in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
tá faisnéis nó doiciméadacht a bhí le cur in iúl nó le tarchur in easnamh, tá sí neamhiomlán, nó tá sí i bhformáid seachas an fhormáid a shonraítear i mír 3;
údaráis inniúla Bhallstát baile cuideachta bainistíochta nó GCUI, níor úsáid siad an pointe teagmhála arna ainmniú i gcomhréir le mír 1 ag údarás inniúil Bhallstát baile GCUI nó na cuideachta bainistíochta;
údaráis inniúla Bhallstát baile cuideachta bainistíochta nó GCUI, níor tharchuir siad an fhaisnéis agus an doiciméadacht iomlán de thoradh cliseadh teicniúil ina gcóras leictreonach.
Airteagal 5
Fógraí idir na húdaráis inniúla a fháil
Na húdaráis inniúla a fhaigheann an fhaisnéis nó an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 17(3), an chéad fhomhír, Airteagal 18(2), an chéad fhomhír, agus an dara agus an tríú fomhír, agus Airteagal 93(3), an dara fomhír, de Threoir 2009/65/CE, tabharfaidh siad fógra d’údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta nó GCUI a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 5 lá oibre ón dáta a fhaightear an fhaisnéis nó an doiciméadacht sin, agus trí úsáid a bhaint as an bpointe teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 4(1), faoi cé acu is fíor nó nach fíor an méid seo a leanas:
tá an fhaisnéis agus an doiciméadacht iomlán;
is féidir an fhaisnéis agus an doiciméadacht a iniúchadh agus a phriontáil.
Airteagal 6
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 584/2010
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 584/2010 mar a leanas:
Scriostar Caibidil I;
Scriostar Iarscríbhinní I agus II.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 14 Iúil 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Samhail de litir fógra atá le cur isteach ag GCUI le haghaidh margú trasteorann GCUIeanna faoi Airteagal 93(1) de Threoir 2009/65/CE
LITIR FÓGRA
FÓGRA FAOIN RÚN AONAID GCUIeanna A MHARGÚ
I(N)/SA(N) ______________________________________ (an Ballstát óstach) ( 1 )
An bhfuil fógra á thabhairt agat faoi leasuithe ar fhaisnéis a soláthraíodh cheana féin i bhfógra tosaigh? Tá □ Níl☒
I gcás inarbh é ‘Tá’ an freagra ar an gceist seo, ná líon isteach ach an fhaisnéis nuashonraithe i gcomparáid leis an bhfógra roimhe seo agus sonraigh dáta an fhógra roimhe seo: __________________.
Clár ábhar |
|
CUID 1- |
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach |
Roinn 1. |
Aitheantas na cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach |
Roinn 2. |
Saoráidí d’infheisteoirí |
CUID 2- |
Faisnéis maidir leis GCUI |
Roinn 1. |
Aitheantas GCUI |
Roinn 2. |
Socruithe arna ndéanamh chun aonaid GCUIeanna a mhargú |
Roinn 3. |
Ceangaltáin |
CUID 3- |
Deimhniú maidir le hiomláine |
CUID 1
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach
Roinn 1. Aitheantas na cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach |
|
An cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach (1) |
|
LEI na cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach (1) |
|
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) (1) |
|
Ballstát baile na cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach (1) |
|
Seoladh agus oifig chláraithe/sainchónaí, i gcás nach ionann an seoladh |
|
Mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach |
|
(1)
Ba cheart an mhír seo a líonadh isteach i gcónaí, i gcás nuashonruithe freisin. |
Sonraí teagmhála na roinne (nó pointe teagmhála) atá freagrach as an litir fógra laistigh den chuideachta bainistíochta nó de GCUI a bhainistítear go hinmheánach |
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
Uimhir theileafóin |
|
Seoladh ríomhphoist |
|
Mionsonraí an tríú páirtí (i gcás ina n-ainmníonn an chuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach tríú páirtí chun an fógra a thabhairt) |
|
Tríú páirtí |
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
Uimhir theileafóin |
|
Seoladh ríomhphoist |
|
Roinne (nó pointe teagmhála) chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirir rialála is infheidhme a chur in iúl (i gcás inarb infheidhme) (1) |
|
Ainm an eintitis |
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
Uimhir theileafóin |
|
Seoladh ríomhphoist |
|
►C1
(1)
Sonraigh pointe teagmhála aonair chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirear rialála is infheidhme a chur in iúl dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1156 agus in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2019 lena n-éascaítear dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) Uimh. 1286/2014 (IO L 188, 12.7.2019, lch. 55) agus Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/955 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na foirmeacha, na teimpléid, na nósanna imeachta agus na socruithe teicniúla le haghaidh na bhfoilseachán agus na bhfógraí maidir le rialacha, táillí agus muirir mhargaíochta, agus lena sonraítear an fhaisnéis atá le cur in iúl chun an bunachar sonraí lárnach maidir le margaíocht trasteorann CIManna agus GCUInna a chruthú agus a chothabháil, chomh maith leis na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta le haghaidh faisnéis den sórt sin a chur in iúl (IO L 211, 15.6.2021, lch. 30). Féadfaidh gurb ionann an pointe teagmhála sin agus an pointe teagmhála a ainmnítear laistigh den chuideachta bainistíochta, nó pointe teagmhála laistigh de thríú páirtí ceaptha. ◄ |
(Sonraigh cén seoladh ríomhphoist a sholáthraítear sa roinn seo (pointe teagmhála ag an gcuideachta bainistíochta nó ag GCUI a bhainistítear go hinmheánach, pointe teagmhála laistigh den tríú páirtí ceaptha nó pointe teagmhála le haghaidh tharchur an tsonraisc) arb é an seoladh is fearr é ar féidir leis an údarás náisiúnta inniúil óstach aon fhaisnéis rúnda a tharchur chuige (inter alia, faisnéis logála isteach agus pasfhocal chun rochtain a fháil ar na córais náisiúnta le haghaidh tuairisciú) |
|
Roinn 2. Saoráidí d’infheisteoirí
I gcomhréir le hAirteagal 93(1) de Threoir 2009/65/CE, líon isteach an tábla seo a leanas chun faisnéis a sholáthar maidir leis na saoráidí chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 92(1) den Treoir sin a dhéanamh:
Cúraimí |
Faisnéis faoi na saoráidí a dhéanann na cúraimí |
Ainm/foirm dhlíthiúil/oifig chláraithe/seoladh, ríomhphost, agus uimhir theileafóin le haghaidh chomhfhreagras an eintitis atá freagrach chun na saoráidí a sholáthar |
Orduithe um shuibscríobh agus fuascailt (nó athcheannach) a phróiseáil agus íocaíochtaí eile a dhéanamh le sealbhóirí aonad a bhaineann le haonaid GCUI |
|
|
Faisnéis a sholáthar d’infheisteoirí faoi conas is féidir orduithe a dhéanamh agus conas a íoctar fáltais fuascailte (nó athcheannaigh) |
|
|
Láimhseáil faisnéise agus rochtain ar nósanna imeachta agus socruithe dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2009/65/CE a bhaineann le feidhmiú a gceart ag infheisteoirí a éascú |
|
|
An fhaisnéis agus na doiciméid is gá de bhun Chaibidil IX de Threoir 2009/65/CE a chur ar fáil d’infheisteoirí |
|
|
Faisnéis atá ábhartha do na cúraimí a dhéanann na saoráidí a sholáthar ar mheán marthanach d’infheisteoirí |
|
|
Gníomhú mar phointe teagmhála chun cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis inniúla |
|
|
CUID 2
Faisnéis maidir leis GCUI
Roinn 1. Aitheantas GCUI
Líon isteach an tábla thíos le faisnéis maidir le gach GCUI atá beartaithe agat a mhargú sa Bhallstát óstach, ag cruthú tábla nua le haghaidh gach GCUI agus gan ach aicme scaireanna amháin (ainm agus ISIN) a léiriú ar gach líne. I gcás ina bhfuil GCUI i bhfoirm scáth-GCUI le roinnt deighleog nó fochistí, tuigfear le tagairtí do GCUI sa tábla thíos go dtagraíonn siad don deighleog nó don fhochiste atá le margú sa Bhallstát óstach seachas do scáth-GCUI, a shainaithneofar ar leithligh sa cholún comhfhreagrach.
Ainm GCUI atá le margú sa Ballstát óstach |
Ballstát baile GCUI |
Foirm dhlíthiúil GCUI (1) |
LEI GCUI (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
Ainm na haicme/na n-aicmí scaireanna atá le margú sa Bhallstát óstach (2) |
ISIN na haicme/na n-aicmí scaireanna atá le margú sa Bhallstát óstach (2) |
Fad GCUI (i gcás inarb infheidhme) |
Cód céannachta náisiúnta GCUI (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
Ainm scáth-GCUI (i gcás inarb infheidhme) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(1)
Tá ceann díobh seo a leanas i gceist leis an bhfoirm dhlíthiúil: comhchiste, iontaobhas aonad, cuideachta infheistíochta, nó aon fhoirm dhlíthiúil eile atá ar fáil faoi reachtaíocht náisiúnta Bhallstát baile GCUI.
(2)
Ná liostaigh ach na haicmí scaireanna sin a bhfuil sé beartaithe iad a mhargú. |
Roinn 2. Socruithe arna ndéanamh chun aonaid GCUIeanna a mhargú
Is iad na húdaráis seo a leanas a dhéanfaidh aonaid GCUI/deighleog GCUI a mhargú:
an chuideachta bainistíochta a bhainistíonn GCUI nó GCUI arna bhainistiú go hinmheánach
institiúidí creidmheasa
gnólachtaí infheistíochta nó comhairleoirí údaraithe
Comhlachtaí eile, lena n-áirítear comhlachtaí atá lonnaithe i dtríú tír. Sonraigh: ___________________
Roinn 3. Ceangaltáin
(1) |
An leagan is déanaí de rialacha an chiste nó d’ionstraimí corpraithe, agus aistriúchán i gcás ina gceanglaítear sin le hAirteagal 94(1), pointe (c), de Threoir 2009/65/CE. |
|
(Teideal an doiciméid nó ainm an cheangaltáin comhaid leictreonaigh) |
(2) |
An leagan is déanaí den réamheolaire, agus aistriúchán i gcás ina gceanglaítear sin le hAirteagal 94(1), pointe (c), de Threoir 2009/65/CE. |
|
(Teideal an doiciméid nó ainm an cheangaltáin comhaid leictreonaigh) |
(3) |
An leagan is déanaí den fhaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir, agus aistriúchán i gcás ina gceanglaítear sin le hAirteagal 94(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE. |
|
(Teideal an doiciméid nó ainm an cheangaltáin comhaid leictreonaigh) |
(4) |
An tuarascáil bhliantúil is déanaí arna foilsiú agus aon tuarascáil leathbhliantúil ina diaidh sin, agus aistriúchán i gcás ina gceanglaítear le hAirteagal 94(1), pointe (c), de Threoir 2009/65/CE (i gcás ina mbeidh sé ar fáil). |
|
(Teideal an doiciméid nó ainm an cheangaltáin comhaid leictreonaigh) |
(5) |
I gcás ina n-éilíonn Ballstát óstach GCUI amhlaidh, fianaise ar íocaíocht dlite d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh |
|
(Teideal an doiciméid nó ainm an cheangaltáin comhaid leictreonaigh) |
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Ní mór na leaganacha is déanaí de na doiciméid a cheanglaítear a chur i gceangal leis an litir seo lena dtarchur ar aghaidh ag údaráis inniúla Bhallstát baile GCUI, fiú i gcás inar soláthraíodh cóipeanna don údarás sin roimhe seo. I gcás inar seoladh aon cheann de na doiciméid chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach GCUI roimhe seo agus ina bhfuil siad fós bailí, féadfar tagairt a dhéanamh don fhíoras sin sa litir fógra. |
Soláthair an nasc chuig na cóipeanna leictreonacha is déanaí de na ceangaltáin:
_________________________________________________________________________________
CUID 3
Deimhniú maidir le hiomláine
Deimhniú ag GCUI
Deimhnímid leis seo go bhfuil an fhaisnéis ábhartha uile dá ndéantar foráil i dTreoir 2009/65/CE le fáil sna doiciméid a chuirtear i gceangal leis an litir fógra seo.
(Is sínitheoir údaraithe ó GCUI, nó tríú duine a chumhachtófar le sainordú i scríbhinn chun gníomhú thar ceann GCUI a bhfuil fógra á thabhairt aige, a shíneoidh an litir fógra, ar bhealach a nglacfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile GCUI leis chun na doiciméid a dheimhniú. Cuirfidh an sínitheoir a ainm iomlán agus a cháil in iúl agus áiritheoidh sé go ndéanfar an deimhniú a dhátú.)
Dáta |
|
Ainm agus cáil an tsínitheora |
|
Síniú |
|
IARSCRÍBHINN II
Samhail den litir atá le cur faoi bhráid údaráis inniúla Bhallstát baile GCUI ag cuideachta bainistíochta faoi Airteagal 20(1) de Threoir 2009/65/CE
LITIR FÓGRA
FÓGRA FAOI RÚN CUIDEACHTA BAINISTÍOCHTA GCUI ARNA BHUNÚ I mBALLSTÁT EILE A BHAINISTIÚ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 20(1) DE THREOIR 2009/65/CE.
IN ______________________________________ (an Ballstát óstach (na Ballstáit óstacha))
An bhfuil fógra á thabhairt agat faoi leasuithe ar fhaisnéis a soláthraíodh cheana féin i bhfógra tosaigh? Tá□Níl□
Más ‘Tá’ an freagra ar an gceist seo, ná líon isteach ach an fhaisnéis nuashonraithe i gcomparáid leis an bhfógra roimhe seo agus sonraigh dáta an fhógra roimhe seo: ____________________
Clár ábhar |
|
CUID 1- |
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta |
CUID 2- |
Aitheantas an toscaire agus na feidhmeanna arna dtarmligean |
CUID 3- |
Ceangaltáin |
CUID 1
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta |
|
An chuideachta bainistíochta (1) |
|
LEI na cuideachta bainistíochta (1) |
|
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) (1) |
|
Ballstát baile na cuideachta bainistíochta (1) |
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
Mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na cuideachta bainistíochta |
|
(1)
Ba cheart an mhír seo a líonadh isteach i gcónaí, i gcás nuashonruithe freisin. |
Sonraí teagmhála na roinne (nó pointe teagmhála) atá freagrach as an bhfógra laistigh den chuideachta bainistíochta |
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
Uimhir theileafóin |
|
Seoladh ríomhphoist |
|
Mionsonraí an tríú páirtí (i gcás ina n-ainmníonn an chuideachta bainistíochta tríú páirtí chun an fógra a thabhairt) |
|
Tríú páirtí |
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí. |
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
Uimhir theileafóin |
|
Seoladh ríomhphoist |
|
Pointe teagmhála chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirir rialála is infheidhme a chur in iúl (más infheidhme) (1) |
|
Ainm an eintitis |
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
Uimhir theileafóin |
|
Seoladh ríomhphoist |
|
(1)
Sonraigh pointe teagmhála aonair chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirear rialála is infheidhme a chur in iúl dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1156 agus in Airteagal 2 de |
Sonraigh cén seoladh ríomhphoist a sholáthraítear sa roinn seo (pointe teagmhála ag an gcuideachta bainistíochta, pointe teagmhála laistigh den tríú páirtí ceaptha nó pointe teagmhála le haghaidh tharchur an tsonraisc) arb é an seoladh is fearr é ar féidir leis an údarás náisiúnta inniúil óstach aon fhaisnéis rúnda a tharchur chuige (inter alia, faisnéis logála isteach agus pasfhocal chun rochtain a fháil ar na córais náisiúnta le haghaidh tuairisciú) |
|
CUID 2
Aitheantas an toscaire agus na feidhmeanna arna dtarmligean
Déan an fhaisnéis i gCuid 2 a mhacasamhlú le haghaidh gach toscaire agus le haghaidh na bhfeidhmeanna arna dtarmligean
Ainm an toscaire |
|
Ballstát baile an toscaire |
|
Seoladh agus oifig chláraithe/sainchónaí, i gcás nach ionann an seoladh |
|
Déanfaidh an toscaire na gníomhaíochtaí seo a leanas agus soláthróidh sé na seirbhísí seo a leanas sa Bhallstát óstach/sna Ballstáit óstacha thar ceann na cuideachta bainistíochta:
Bainistíocht infheistíochtaí
Riarachán
Seirbhísí cuntasaíochta dlí agus bainistíochta cistí
Fiosruithe custaiméara
Luacháil agus praghsáil (lena n-áirítear tuairisceáin chánach)
Faireachán ar chomhlíonadh rialála
Cothabháil chlár na sealbhóirí aonad
Dáileadh ioncaim
Eisiúintí aonaid agus fuascailtí
Socraíochtaí conartha (lena n-áirítear seoladh deimhnithe)
Coimeád taifead
Tabhair tuairisc ar an líne tuairiscithe atá i bhfeidhm idir an toscaire agus an chuideachta bainistíochta |
|
CUID 3
Ceangaltáin
Conradh i scríbhinn le taisclann GCUI lena mbaineann i mBallstát baile GCUI.
Eile (sonraigh i gcás inarb infheidhme).
______________________________
(Teideal an doiciméid nó ainm an cheangaltáin comhaid leictreonaigh)
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara:
Ní mór na leaganacha is déanaí de na doiciméid a cheanglaítear arna liostú thuas a chur i gceangal leis an litir seo lena dtarchur ar aghaidh ag údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta, fiú i gcás inar soláthraíodh cóipeanna don údarás sin roimhe seo. I gcás inar seoladh aon cheann de na doiciméid chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta roimhe seo agus ina bhfuil siad fós bailí, féadfar tagairt a dhéanamh don fhíoras sin sa litir fógra.
Soláthair an nasc chuig na cóipeanna leictreonacha is déanaí de na ceangaltáin |
|
Dáta |
|
Ainm agus cáil an tsínitheora |
|
Síniú |
|
IARSCRÍBHINN III
Samhail do chumarsáid faisnéise ó údaráis inniúla Bhallstát baile cuideachta bainistíochta chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta faoi Airteagal 17(2) nó Airteagal 18(1) de Threoir 2009/65/CE
LITIR FÓGRA
CUMARSÁID FAISNÉISE MAIDIR LE FÓGRA ARNA DHÉANAMH AG CUIDEACHTA BAINISTÍOCHTA FAOINA RÚN NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ A BHFUIL SÍ ÚDARAITHE INA LEITH A SHAOTHRÚ I mBALLSTÁT EILE I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 17(2) NÓ AIRTEAGAL 18(1) DE THREOIR 2009/65/CE.
IN ______________________________________ (an Ballstát óstach (na Ballstáit óstacha))
Leis an litir seo an bhfuil faisnéis a soláthraíodh cheana féin i gcumarsáid roimhe seo á leasú? Tá □ Níl□
I gcás inarb é ‘Tá’ an freagra ar an gceist seo, ná líon isteach ach an fhaisnéis nuashonraithe i gcomparáid leis an gcumarsáid roimhe seo agus sonraigh dáta na cumarsáide roimhe seo: _______________
Clár ábhar |
|
CUID 1 |
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta |
CUID 2 |
Faisnéis atá le soláthar ag an gcuideachta bainistíochta de bhun Airteagal 17(1) agus (2) de Threoir 2009/65/CE chun a gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach nó sna Ballstáit óstacha trí bhrainse |
Roinn 1. |
Faisnéis maidir leis an mbrainse |
Roinn 2. |
Clár oibríochtaí an bhrainse |
Roinn 3. |
Struchtúr eagraíochtúil an bhrainse |
Roinn 4. |
Foirceannadh an bhrainse |
CUID 3 |
Gníomhaíochtaí atá le déanamh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar |
CUID 1
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta |
|
An chuideachta bainistíochta (1) |
|
LEI na cuideachta bainistíochta (1) |
|
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) (1) |
|
Ballstát baile na cuideachta bainistíochta (1) |
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
Mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na cuideachta bainistíochta |
|
(1)
Ba cheart an mhír seo a líonadh isteach i gcónaí, i gcás nuashonruithe freisin. |
Sonraí teagmhála na roinne (nó pointe teagmhála) atá freagrach laistigh den chuideachta bainistíochta |
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
Uimhir theileafóin |
|
Seoladh ríomhphoist |
|
Mionsonraí an tríú páirtí (i gcás ina n-ainmníonn an chuideachta bainistíochta tríú páirtí chun an fógra a thabhairt) |
|
Tríú páirtí |
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
Uimhir theileafóin |
|
Seoladh ríomhphoist |
|
Pointe teagmhála chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirir rialála is infheidhme a chur in iúl (i gcás inarb infheidhme) (1) |
|
Ainm an eintitis |
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
Uimhir theileafóin |
|
Seoladh ríomhphoist |
|
(1)
Léirigh pointe teagmhála aonair chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirear rialála is infheidhme a chur in iúl dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1156 agus in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/955 ón gCoimisiún. Féadfaidh an pointe teagmhála sin a bheith mar an gcéanna leis an bpointe teagmhála a ainmnítear laistigh den chuideachta bainistíochta, nó pointe teagmhála laistigh de thríú páirtí ceaptha. |
Léirigh cén seoladh ríomhphoist i measc na seoltaí a shonraítear sa roinn seo (pointe teagmhála ag an gcuideachta bainistíochta, pointe teagmhála laistigh den tríú páirtí ceaptha nó pointe teagmhála le haghaidh tharchur an tsonraisc) arb é an seoladh is fearr é ar féidir leis an údarás náisiúnta inniúil óstach an fhaisnéis rúnda a tharchur chuige (inter alia, faisnéis logála isteach agus pasfhocal chun rochtain a fháil ar na córais náisiúnta le haghaidh tuairisciú) |
|
Na mionsonraí faoin scéim cúitimh atá beartaithe chun infheisteoirí a chosaint, is féidir teacht orthu sa doiciméad ceangailte dar teideal ‘Sainaithint scéimeanna cúitimh atá beartaithe chun infheisteoirí a chosaint de bhun Airteagail 17(3) agus 18(2) de Threoir 2009/65/CE’.
CUID 2
Faisnéis atá le soláthar ag an gcuideachta bainistíochta de bhun Airteagal 17(1) agus (2) de Threoir 2009/65/CE chun a gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach nó sna Ballstáit óstacha trí bhrainse
Ní mór an Chuid seo a líonadh isteach i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an gcuideachta bainistíochta brainse a bhunú sa Bhallstát óstach, agus sa chás sin amháin. I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag an gcuideachta bainistíochta a gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach amháin faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, fágfar an Chuid seo folamh agus líonfar isteach Cuid 3.
Roinn 1. Faisnéis maidir leis an mbrainse
Aitheantas an bhrainse |
|
Ainm an bhrainse (1) |
|
Cód céannachta náisiúnta an bhrainse i mBallstát Baile na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) (1) |
|
Cód céannachta náisiúnta an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) (1) |
|
Seoladh agus, i gcás inar difriúil leis an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí (1) |
|
Mionsonraí maidir le suíomh gréasáin an bhrainse (i gcás nach ionann suíomh gréasáin na cuideachta bainistíochta) |
|
(1)
Ba cheart an mhír seo a líonadh isteach i gcónaí, i gcás nuashonruithe freisin, ina soláthraítear faisnéis a bhaineann leis an mbrainse. |
An roinn (nó pointe teagmhála) ónar féidir doiciméid a fháil sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
Uimhir theileafóin |
|
Seoladh ríomhphoist |
|
Roinn 2. Clár oibríochtaí an bhrainse
Déanfaidh an brainse na gníomhaíochtaí seo a leanas agus soláthróidh sé na seirbhísí seo a leanas sa Bhallstát óstach/sna Ballstáit óstacha:
Bainistíocht infheistíochtaí
Margú
Riarachán
Seirbhísí cuntasaíochta dlí agus bainistíochta cistí
Fiosruithe custaiméara
Luacháil agus praghsáil (lena n-áirítear tuairisceáin chánach)
Faireachán ar chomhlíonadh rialála
Cothabháil chlár na sealbhóirí aonad
Dáileadh ioncaim
Eisiúintí aonaid agus fuascailtí
Socraíochtaí conartha (lena n-áirítear seoladh deimhnithe)
Coimeád taifead
Seirbhísí neamhlárnacha
Punanna infheistíochtaí a bhainistiú, lena n-áirítear iad siúd atá faoi úinéireacht cistí pinsin, i gcomhréir le sainorduithe arna dtabhairt ag infheisteoirí ar bhonn lánroghnach cliant ar chliant, i gcás ina n-áirítear le punanna den sórt sin ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn C a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).
Comhairle infheistíochta a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn C a ghabhann le Treoir 2014/65/AE
Cumhdach agus riarachán i ndáil le haonaid gnóthas comhinfheistíochta
Léirigh an chaoi a gcuirfidh an brainse le straitéis na cuideachta bainistíochta |
|
Léirigh cé acu atá nó nach bhfuil an chuideachta bainistíochta ina comhalta de ghrúpa agus, sa chás sin, an chaoi a gcuirfidh an brainse le straitéis an ghrúpa |
|
Léirigh straitéis an bhrainse (e.g., léiriú ar an méid gnó atá beartaithe, na cineálacha infheisteoirí a mbeidh an chuideachta bainistíochta ag déileáil leo agus conas a gheobhaidh an chuideachta bainistíochta na hinfheisteoirí sin agus conas a dhéileálfaidh sí leo) |
|
Soláthair ráitis réamhaisnéise do bhrabús/caillteanas agus sreabhadh airgid, thar thréimhse tosaigh 36 mhí |
|
Roinn 3. Struchtúr eagraíochtúil an bhrainse
Tuairisc ar na línte tuairiscithe feidhmiúla, geografacha agus dlíthiúla |
|
Tuairisc ar áit an bhrainse i struchtúr corparáideach na cuideachta bainistíochta, nó an ghrúpa ina bhfuil an chuideachta bainistíochta ina comhalta de ghrúpa |
|
Tuairisc ar na rialacha atá i bhfeidhm maidir le tuairisciú ag an mbrainse chuig ceannoifig na cuideachta bainistíochta |
|
Tuairisc ar an bpróiseas um bainistíocht riosca a chuireann an chuideachta bainistíochta i bhfeidhm ar leibhéal an bhrainse ar bhonn Airteagail 40 go 43 de Threoir 2010/43/AE ón gCoimisiún (1) |
|
►C1
(1)
Treoir 2010/43/AE ón gCoimisiún an 1 Iúil 2010 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla, coinbhleachtaí leasa, iompar gnó, bainistiú riosca agus inneachar an chomhaontaithe idir taiscí agus cuideachta bainistíochta (IO L 176, 10.7.2010, lch. 42). ◄ |
Achoimre ar na córais agus ar na rialuithe atá i bhfeidhm ar leibhéal an bhrainse mar a leagtar amach in Airteagal 1(3)(f) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/911 ón gCoimisiún (1) |
|
(1)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/911 ón gCoimisiun an 15 Nollaig 2023 lena bhforlíontar Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le fógairt i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann cuideachtaí bainistíochta agus gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) |
Tuairisc ar na socruithe chun na rialacha atá tarraingthe suas ag Ballstát óstach na cuideachta bainistíochta a chomhlíonadh de bhun Airteagal 14 de Threoir 2009/65/CE |
|
Tuairisc ar na nósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm, agus ar na hacmhainní daonna agus ábhartha a leithdháileadh, chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac |
|
Cairt eagraíochta an bhrainse |
|
Roinn 4. Foirceannadh an bhrainse
Níor cheart an roinn seo a líonadh isteach i bhfógra tosaigh. Níor cheart í a líonadh isteach ach amháin i gcás nuashonrú ar fhógra tosaigh, i gcás ina mbeartaítear an brainse a fhoirceannadh.
Mionsonraí agus próisis chun na hoibríochtaí gnó a fhoirceannadh, lena n-áirítear mionsonraí faoi na bearta chun leasanna infheisteoirí sa Bhallstát óstach a chosaint, conas a réitítear gearáin agus urscaoileadh aon dliteanas gan íoc. |
|
Sceideal an fhoirceanta bheartaithe. |
|
Cuid 3
Gníomhaíochtaí atá le déanamh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar
Ní mór an Chuid seo a líonadh i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an gcuideachta bainistíochta a gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, agus sa chás sin amháin. I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag an gcuideachta bainistíochta a gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach amháin trí bhrainse, fágfar an Chuid seo folamh agus líonfar isteach Cuid 2.
Déanfaidh an chuideachta bainistíochta na gníomhaíochtaí seo a leanas agus soláthróidh sé na seirbhísí seo a leanas sa Bhallstát óstach/sna Ballstáit óstacha:
Bainistíocht infheistíochtaí
Margú
Riarachán
Seirbhísí cuntasaíochta dlí agus bainistíochta cistí
Fiosruithe custaiméara
Luacháil agus praghsáil (lena n-áirítear tuairisceáin chánach)
Faireachán ar chomhlíonadh rialála
Cothabháil chlár na sealbhóirí aonad
Dáileadh ioncaim
Eisiúintí aonaid agus fuascailtí
Socraíochtaí conartha (lena n-áirítear seoladh deimhnithe)
Coimeád taifead
Seirbhísí neamhlárnacha
Punanna infheistíochtaí a bhainistiú, lena n-áirítear iad siúd atá faoi úinéireacht cistí pinsin, i gcomhréir le sainorduithe arna dtabhairt ag infheisteoirí ar bhonn lánroghnach cliant ar chliant, i gcás ina n-áirítear le punanna den sórt sin ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn C a ghabhann le Treoir 2014/65/AE
Comhairle infheistíochta a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn C a ghabhann le Treoir 2014/65/AE
Cumhdach agus riarachán i ndáil le haonaid gnóthas comhinfheistíochta
Léirigh an chaoi a gcuirfidh na gníomhaíochtaí atá le déanamh sa Bhallstát óstach le straitéis na cuideachta bainistíochta agus, i gcás ina bhfuil an chuideachta bainistíochta ina comhalta de ghrúpa, an chaoi a gcuirfidh na gníomhaíochtaí atá le déanamh sa Bhallstát óstach le straitéis an ghrúpa |
|
Dáta |
|
Ainm agus cáil an tsínitheora |
|
Síniú |
|
IARSCRÍBHINN IV
Fianú ón údarás inniúil ar scéimeanna cúitimh atá beartaithe chun infheisteoirí a chosaint de bhun Airteagal 17(3), an chéad fhomhír, agus Airteagal 18(2), an dara fomhír, de Threoir 2009/65/CE
FIANÚ ARNA BHUNÚ AG ______________________________ (ainm údarás inniúil Bhallstáit baile na cuideachta bainistíochta)
Roinn 1. An Roinn atá freagrach as an bhfianú seo a bhunú laistigh d’údarás inniúil Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta
Rannóg |
|
Seoladh an údaráis inniúil |
|
Seoladh ríomhphoist na roinne a bhunaíonn an ráiteas |
|
Roinn 2. Aitheantas na cuideachta bainistíochta a mbaineann an fianú seo di
An chuideachta bainistíochta |
|
LEI na cuideachta bainistíochta |
|
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
|
Ballstát baile na cuideachta bainistíochta |
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
Roinn 3. Aitheantas na scéime cúitimh d’infheisteoirí
Scéim cúitimh d’infheisteoirí |
|
Seoladh na scéime cúitimh d’infheisteoirí |
|
Oifig chláraithe/sainchónaí na scéime cúitimh d’infheisteoirí i gcás inar difriúil lena seoladh |
|
Mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na scéime cúitimh d’infheisteoirí |
|
(Déanfaidh ionadaí ó údarás inniúil Bhallstát baile GCUI an fianú a shíniú agus a dhátú. Cuirfidh an sínitheoir a ainm iomlán agus a cháil in iúl.)
Dáta |
|
Ainm agus cáil an tsínitheora |
|
Síniú |
|
IARSCRÍBHINN V
Fianú ón údarás inniúil ar údarú cuideachta bainistíochta faoi Airteagal 17(3), an tríú fomhír, agus Airteagal 18(2), an tríú fomhír, de Threoir 2009/65/CE
FIANÚ ARNA BHUNÚ AG ________________________ (Ainm údarás inniúil Bhallstáit baile na cuideachta bainistíochta)
Roinn 1. An Roinn atá freagrach as an bhfianú a bhunú laistigh d’údarás inniúil Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta
Rannóg |
|
Seoladh an údaráis inniúil |
|
Seoladh ríomhphoist na roinne a bhunaíonn an ráiteas |
|
Roinn 2. Aitheantas na cuideachta bainistíochta
An chuideachta bainistíochta |
|
LEI na cuideachta bainistíochta |
|
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
|
Ballstát baile na cuideachta bainistíochta |
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
Mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na cuideachta bainistíochta |
|
Roinn 3. Raon feidhme údarú na cuideachta bainistíochta
Rinne ___________________________ (ainm an údaráis inniúil baile) an chuideachta bainistíochta a údarú i(n)/sa(n) _________________________ (ainm an Bhallstáit baile) chun na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh agus na seirbhísí seo a leanas a sholáthar:
Bainistíocht infheistíochtaí
Margú
Riarachán
Seirbhísí cuntasaíochta dlí agus bainistíochta cistí
Fiosruithe custaiméara
Luacháil agus praghsáil (lena n-áirítear tuairisceáin chánach)
Faireachán ar chomhlíonadh rialála
Cothabháil chlár na sealbhóirí aonad
Dáileadh ioncaim
Eisiúintí aonaid agus fuascailtí
Socraíochtaí conartha (lena n-áirítear seoladh deimhnithe)
Coimeád taifead
Seirbhísí neamhlárnacha
Punanna infheistíochtaí a bhainistiú, lena n-áirítear iad siúd atá faoi úinéireacht cistí pinsin, i gcomhréir le sainorduithe arna dtabhairt ag infheisteoirí ar bhonn lánroghnach cliant ar chliant, i gcás ina n-áirítear le punanna den sórt sin ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn C a ghabhann le Treoir 2014/65/AE
Comhairle infheistíochta a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn C a ghabhann le Treoir 2014/65/AE
Cumhdach agus riarachán i ndáil le haonaid gnóthas comhinfheistíochta
Tá an chuideachta bainistíochta faoi réir na srianta seo a leanas maidir le cineálacha GCUI atá sé údaraithe a bhainistiú (i gcás inarb infheidhme) |
|
(Déanfaidh ionadaí ó údarás inniúil Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta an fianú a shíniú agus a dhátú. Cuirfidh an sínitheoir a ainm iomlán agus a cháil in iúl.)
Dáta |
|
Ainm agus cáil an tsínitheora |
|
Síniú |
|
IARSCRÍBHINN VI
Fianú ón údarás inniúil faoi Airteagal 93(3), an dara fomhír, de Threoir 2009/65/CE
FIANÚ ARNA BHUNÚ AG ______________________________________________ (ainm údarás inniúil Bhallstáit baile GCUI)
Roinn 1. An Roinn atá freagrach as an bhfianú a bhunú laistigh d’údarás inniúil Bhallstát baile GCUI
Rannóg |
|
Seoladh an údaráis inniúil |
|
Seoladh ríomhphoist na roinne a bhunaíonn an ráiteas |
|
Roinn 2. Aitheantas GCUI a ndéanfar a aonaid a mhargú sa Bhallstát óstach
Líon isteach an tábla thíos le faisnéis maidir le gach GCUI a dtugtar fógra faoi lena mhargú sa Bhallstát óstach. I gcás ina bhfuil GCUI i bhfoirm scáth-GCUI le roinnt deighleog nó fochistí, tuigfear le tagairtí do GCUI sa tábla thíos go dtagraíonn siad don deighleog nó don fhochiste atá le margú sa Bhallstát óstach seachas do scáth-GCUI, a shainaithneofar ar leithligh sa cholún comhfhreagrach.
Ainm GCUI |
Ainm scáth-GCUI (i gcás inarb infheidhme) |
Foirm dhlíthiúil (1) |
LEI GCUI (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
Dáta an údaraithe |
Cód céannachta náisiúnta GCUI (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
Fad GCUI (i gcás inarb infheidhme) |
An chuideachta bainistíochta (2) |
LEI na cuideachta bainistíochta |
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(1)
Tá ceann díobh seo a leanas i gceist leis an bhfoirm dhlíthiúil: comhchiste, iontaobhas aonad nó cuideachta infheistíochta.
(2)
Ní shainaithneofar an chuideachta bainistíochta ach amháin i gcás GCUIeanna a bhainistítear go seachtrach. I gcás cuideachtaí infheistíochta a bhainistítear go hinmheánach, fág bán. |
Roinn 3. Fianú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2009/65/CE
Deimhníonn an sínitheoir thíos go gcomhlíonann GCUI arna shainaithint i roinn 2 den fhianú seo na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2009/65/CE agus go bhféadfaidh siad
a n-aonaid a mhargú i(n)/sa(n) __________________________________ (an Ballstát óstach).
(Déanfaidh ionadaí ó údarás inniúil Bhallstát baile GCUI an fianú a shíniú agus a dhátú. Cuirfidh an sínitheoir a ainm iomlán agus a cháil in iúl.)
Dáta |
|
Ainm agus cáil an tsínitheora |
|
Síniú |
|
IARSCRÍBHINN VII
Samhail don teachtaireacht ó údaráis inniúla Bhallstát baile cuideachta bainistíochta chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta faoi Airteagal 17(2), litir (d) de Threoir 2009/65/CE
LITIR FÓGRA
FÓGRA DO DHAOINE ATÁ FREAGRACH AS BRAINSE ( 3 ) A BHAINEANN LE RÚN CUIDEACHTA BAINISTÍOCHTA BRAINSE A BHUNÚ I mBALLSTÁT EILE SEACHAS A BHALLSTÁT BAILE I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 17, MÍR (2), LITIR (D), DE THREOIR 2009/65/CE.
IN ______________________________________(an Ballstát óstach)
Aitheantas na cuideachta bainistíochta |
|
An chuideachta bainistíochta |
|
LEI na cuideachta bainistíochta |
|
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
|
Ballstát baile na cuideachta bainistíochta |
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
Aitheantas an bhrainse |
|
Ainm an bhrainse |
|
Cód céannachta náisiúnta an bhrainse i mBallstát baile na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
|
Cód céannachta náisiúnta an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
An bhfuil fógra á thabhairt agat faoi leasuithe ar fhaisnéis a soláthraíodh cheana féin i bhfógra tosaigh? Tá □ Níl□
I gcás inarb é ‘Tá’ an freagra ar an gceist seo, aibhsigh thíos an fhaisnéis nuashonraithe i gcomparáid leis an bhfógra roimhe seo agus sonraigh dáta an fhógra roimhe seo: ________________
FÓGRA FAOI DHUINE ATÁ FREAGRACH AS:
Bainistíocht an bhrainse
Foirceannadh oibríochtaí an bhrainse ( 4 )
Aitheantas duine ar tugadh fógra dó |
|
Sloinne |
|
Céadainm |
|
Ról nó feidhm a dhéantar |
|
Dáta tosaigh an róil sin |
|
Dáta deiridh an róil sin (i gcás inarb ábhartha) |
|
Uimhir theileafóin |
|
Seoladh ríomhphoist |
|
Barúlacha breise |
|
Ráitis bhreise, i gcás ina léirítear sin (e.g., iarainm i gcás athruithe ar ainm, athruithe róil, etc.) |
|
Dáta |
|
Ainm agus cáil an tsínitheora |
|
Síniú |
|
( 1 ) Líon isteach litir fógra amháin le haghaidh gach Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe GCUIeanna a mhargú.
( 2 ) IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.
( 3 ) Ná cuir isteach ach foirm amháin ar leithligh le haghaidh gach duine ábhartha agus foirm amháin in aghaidh gach comhaid leictreonaigh.
( 4 ) Níor cheart fógra faoi dhuine atá freagrach as an mbrainse a fhoirceannadh a líonadh mar nuashonrú ach amháin i gcás ina bhfuil sé beartaithe go ndéanfar an brainse a fhoirceannadh.