EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document L:2023:231:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 231, 20 Meán Fómhair 2023


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 231

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
20 Meán Fómhair 2023


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú) ( 1 )

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1792 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2023 lena bhformheastar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht Ainmniúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint nó Táisc Gheografaigh faoi Chosaint (Ribera del Guadiana (ATFC))

112

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1793 ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 15 Meán Fómhair 2023 lena gceaptar beirt Bhreithiúna den Chúirt Ghinearálta

114

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1794 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Choiste um Sholáthar Rialtais maidir le glacadh a rialacha nós imeachta i ndáil le roghnú an Chathaoirligh ( 1 )

115

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1795 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2023 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an leibhéal leormhaith cosanta sonraí pearsanta faoi Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023)4745)  ( 1 )

118

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

TREORACHA

20.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 231/1


TREOIR (AE) 2023/1791 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meán Fómhair 2023

maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (5). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Sa teachtaireacht uaidh an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal Stepping up Europe’s 2030 climate ambition — Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030 — Infheistiú i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas an phobail] (‘an Plean um Sprioc Aeráide’), mhol an Coimisiún uaillmhian aeráide an Aontais a ardú tríd an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhéadú go 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030. Is méadú suntasach é sin i gcomparáid leis an sprioc atá ann cheana maidir le laghdú 40 %. Leis an togra comhlíonadh an gealltanas a tugadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [an Comhaontú Glas don Eoraip] plean cuimsitheach a chur chun tosaigh chun sprioc an Aontais do 2030 a mhéadú i dtreo 55 % ar bhealach freagrach. Tá sé i gcomhréir freisin le cuspóirí Chomhaontú Pháras a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’) an méadú ar theocht an domhain a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5°C a chur leis an méadú teochta.

(3)

Le conclúidí ón gComhairle Eorpach an 10 agus an 11 Nollaig 2020, formhuiníodh sprioc intíre cheangailteach an Aontais maidir le laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid le 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030. Tháinig an Chomhairle Eorpach ar an gconclúid go raibh gá leis an uaillmhian aeráide a ardú ar bhealach a spreagfadh fás eacnamaíoch inbhuanaithe, a chruthódh poist, a sholáthródh tairbhí don tsláinte agus don chomhshaol do shaoránaigh an Aontais, agus a chuirfeadh le hiomaíochas domhanda fadtéarmach gheilleagar an Aontais trí nuálaíocht i dteicneolaíochtaí glasa a chur chun cinn.

(4)

Chun na cuspóirí sin a chur chun feidhme, d’fhógair an Coimisiún, i dteachtaireacht uaidh an 19 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Commission Work Programme 2021 - A Union of vitality in a world of fragility [Clár oibre an Choimisiún do 2021: Aontas beogachta i ndomhan leochaileachta], pacáiste reachtach chun laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 (an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’), agus Aontas Eorpach atá aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050. Cuimsíonn an pacáiste sin raon réimsí beartais lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh in-athnuaite, úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht, cánachas fuinnimh, comhroinnt díchill agus trádáil astaíochtaí.

(5)

Is é is cuspóir don phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ poist san Aontas a choimirciú agus a chruthú agus a chur ar chumas an Aontais a bheith ina cheannaire domhanda i bhforbairt agus glacadh teicneolaíochtaí glana san aistriú domhanda fuinnimh, lena n-áirítear réitigh éifeachtúlachta fuinnimh.

(6)

Léirítear sna réamh-mheastacháin, agus na beartais atá ann faoi láthair á gcur chun feidhme ina n-iomláine, go mbeadh laghduithe thart ar 45 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990, nuair a eisiatar astaíochtaí agus ionsúcháin úsáide talún, agus laghduithe thart ar 47 %, nuair a chuirtear san áireamh iad. Dá bhrí sin, déantar foráil sa Phlean um Sprioc Aeráide do thacar gníomhaíochtaí riachtanacha i ngach earnáil den gheilleagar mar aon le hathbhreithnithe ar na príomhionstraimí reachtacha chun an uaillmhian aeráide mhéadaithe sin a bhaint amach.

(7)

Sa teachtaireacht uaidh an 28 Samhain 2018 dar teideal A Clean Planet for all – A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy [Pláinéad Glan do Chách – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach chun geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch agus aeráidneodrach a bhaint amach], dúirt an Coimisiún gur réimse tábhachtach gníomhaíochta í an éifeachtúlacht fuinnimh agus nach féidir dícharbónú iomlán gheilleagar an Aontais a bhaint amach dá huireasa. An beartas éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais atá ann faoi láthair, is mar thoradh ar an ngá atá ann na deiseanna costéifeachtacha coigilte fuinnimh a ghabháil atá sé ann. I mí na Nollaig 2018 cuimsíodh sprioc nua an Aontais le haghaidh 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh mar chuid den phacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’, ar sprioc í de 32,5 % ar a laghad, i gcomparáid leis an úsáid réamh-mheasta fuinnimh in 2030, a raibh sé d’aidhm aige an éifeachtúlacht fuinnimh a chur sa chéad áit, agus ar an gcaoi sin ceannaireacht dhomhanda ó thaobh fuinnimh in-athnuaite de a bhaint amach agus margadh cóir a chur ar fáil do chustaiméirí.

(8)

Léiríodh sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an bPlean um Sprioc Aeráide gur gá, chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide a bhaint amach, feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a ardú go suntasach ón leibhéal reatha 32,5 %.

(9)

Le méadú ar uaillmhian sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2030 an Aontais d’fhéadfaí praghsanna fuinnimh a laghdú agus d’fhéadfadh sé a bheith ríthábhachtach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, in éineacht le méadú agus glacadh leictriúcháin, hidrigine, ríomhbhreoslaí agus teicneolaíochtaí ábhartha eile is gá don aistriú glas, lena n-áirítear an earnáil iompair. Fiú leis an bhfás tapa ar ghiniúint leictreachais in-athnuaite, d’fhéadfadh an éifeachtúlacht fuinnimh an gá atá le hacmhainneacht nua giniúna cumhachta agus na costais a bhaineann le stóráil, tarchur agus dáileadh a laghdú. Tá éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe tábhachtach go háirithe freisin i dtaca le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais, trína spleáchas ar allmhairiú breoslaí ó thríú tíortha a laghdú. Tá éifeachtúlacht fuinnimh ar cheann de na bearta is glaine agus is costéifeachtúla má táthar chun aghaidh a thabhairt ar an spleáchas sin.

(10)

Tá suim na rannchuidithe náisiúnta a chuireann na Ballstáit in iúl ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide níos ísle ná sprioc 32,5 % an Aontais. Mar thoradh ar na rannchuidithe i dteannta a chéile, thiocfadh laghdú 29,7 % ar an tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus 29,4 % ar an tomhaltas fuinnimh deiridh i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin ó Chás Tagartha AE 2007 ón gCoimisiún do 2030. D’fhágfadh sin go mbeadh bearna chomhchoiteann 2,8 pointe céatadáin le haghaidh tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus bearna chomhchoiteann 3,1 pointe céatadáin le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh le haghaidh AE -27.

(11)

Chuir roinnt Ballstát pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide uaillmhianacha i láthair, ar mheas an Coimisiún iad a bheith ‘leordhóthanach’, agus ina raibh bearta a chuirfidh ar chumas na mBallstát sin rannchuidiú leis na spriocanna comhchoiteanna don éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach le cóimheas níos mó ná meán an Aontais. Ina theannta sin, tá doiciméadú déanta ag roinnt Ballstát ar ‘iarrachtaí luatha’ chun coigilteas fuinnimh a bhaint amach, eadhon coigilteas fuinnimh os cionn mheánchonairí an Aontais le blianta beaga anuas. Sa dá chás, is iarrachtaí suntasacha iad sin ar cheart iad a aithint agus a chur san áireamh i réamh-mheastacháin samhaltaithe an Aontais amach anseo agus is féidir leo feidhmiú mar dhea-shamplaí den chaoi ar féidir leis na Ballstáit uile oibriú ar a n-acmhainneacht éifeachtúlachta fuinnimh chun buntáistí suntasacha a thabhairt dá ngeilleagair agus dá sochaithe.

(12)

I gcásanna áirithe, ní hionann na toimhdí a d’úsáid an Coimisiún a Chás Tagartha AE 2020 agus na toimhdí a úsáideann roinnt Ballstát le haghaidh a gcásanna tagartha atá mar bhonn taca dá bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide. D’fhéadfadh éagsúlachtaí teacht as sin a mhéid a bhaineann le tomhaltas fuinnimh phríomhúil a ríomh ach tá an dá chur chuige bailí maidir le tomhaltas fuinnimh phríomhúil.

(13)

A fhad agus atá an acmhainneacht coigiltis fuinnimh fós mór i ngach earnáil, tá dúshlán ar leith ann a bhaineann le hiompar toisc go bhfuil sé freagrach as níos mó ná 30 % den tomhaltas fuinnimh deiridh, agus le foirgnimh, ós rud é go bhfuil drochfheidhmíocht fuinnimh ag baint le 75 % de stoc foirgneamh an Aontais. Is earnáil eile atá ag dul i dtábhacht í earnáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC), atá freagrach as 5 go 9 % d’úsáid leictreachais iomlán an domhain agus níos mó ná 2 % d’astaíochtaí uile an domhain. In 2018, bhí lárionaid sonraí freagrach as 2,7 % den éileamh ar leictreachas in AE-28. Sa chomhthéacs sin, ina theachtaireacht an 19 Feabhra 2020 dar teideal Shaping Europe's digital future [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] (‘Straitéis Dhigiteach an Aontais’) chuir an Coimisiún i dtábhacht an gá atá le lárionaid sonraí atá thar a bheith tíosach ar fhuinneamh agus atá inbhuanaithe agus le bearta trédhearcachta le haghaidh oibreoirí teileachumarsáide maidir lena lorg comhshaoil. Thairis sin, ba cheart an méadú a d’fhéadfadh teacht ar éileamh fuinnimh na tionsclaíochta mar thoradh ar dhícharbónú na tionsclaíochta, go háirithe i gcás próisis dianfhuinnimh, a chur san áireamh freisin.

(14)

Leis an leibhéal níos airde uaillmhéine, tá gá le bearta costéifeachtacha éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn ar bhealach níos láidre i ngach réimse den chóras fuinnimh agus i ngach earnáil ábhartha ina ndéanann gníomhaíocht difear don éileamh ar fhuinneamh, amhail an earnáil iompair, an earnáil uisce agus earnáil na talmhaíochta. Trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar fud an tslabhra fuinnimh iomláin, lena n-áirítear giniúint, tarchur, dáileadh agus críochúsáid fuinnimh, rachfar chun sochair don chomhshaol, cuirfear feabhas ar cháilíocht an aeir agus ar an tsláinte phoiblí, laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa, feabhsófar an tslándáil fuinnimh tríd an ngá le hallmhairí fuinnimh, go háirithe breoslaí iontaise, a laghdú, gearrfar costais fuinnimh do theaghlaigh agus do chuideachtaí, cabhrófar leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú, agus beidh méadú ar iomaíochas agus beidh níos mó poist agus gníomhaíocht eacnamaíoch mhéadaithe ar fud an gheilleagair mar thoradh air. Dá gcuirfí feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh, chuirfí feabhas ar cháilíocht saoil na saoránach, agus san am céanna rannchuideofaí le claochlú chaidreamh fuinnimh an Aontais le comhpháirtithe tríú tíortha i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach. Tá sé sin i gcomhréir le gealltanais an Aontais a rinneadh faoi chuimsiú an Aontais Fuinnimh agus chlár oibre domhanda na haeráide a bunaíodh le Comhaontú Pháras. Trí fheabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh earnálacha éagsúla, d’fhéadfaí athghiniúint uirbeach a chothú, lena n-áirítear foirgnimh a fheabhsú, agus athruithe ar phatrúin soghluaisteachta agus inrochtaineachta, agus roghanna níos éifeachtúla, níos inbhuanaithe agus níos inacmhainne á gcur chun cinn ag an am céanna.

(15)

Céim chun tosaigh is ea an Treoir seo i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, ar Treoir í faoina ndéileálfar le héifeachtúlacht fuinnimh mar fhoinse fuinnimh inti féin. Is prionsabal uileghabhálach é bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh ar cheart é a chur san áireamh ar fud na n-earnálacha uile, ag dul níos faide ná an córas fuinnimh, ar gach leibhéal, lena n-áirítear san earnáil airgeadais. Ba cheart réitigh éifeachtúlachta fuinnimh a mheas mar an chéad rogha i gcinntí beartais, pleanála agus infheistíochta, agus rialacha nua á leagan síos ar thaobh an tsoláthair agus i réimsí beartais eile. Cé gur cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm gan dochar d’oibleagáidí dlíthiúla, cuspóirí agus prionsabail eile, níor cheart do na hoibleagáidí, cuspóirí agus prionsabail sin bac a chur ar a chur i bhfeidhm ná níor cheart díolúintí ón bprionsabal a chur i bhfeidhm a bheith mar thoradh air. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú gur féidir an éifeachtúlacht fuinnimh agus an fhreagairt don éileamh dul san iomaíocht ar bhonn cothrom leis an acmhainn giniúna. Ní mór feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh aon uair a bheidís níos costéifeachtaí ná réitigh choibhéiseacha ó thaobh an tsoláthair de. Ba cheart go gcabhródh sé sin chun leas a bhaint as tairbhí iomadúla na héifeachtúlachta fuinnimh don Aontas, go háirithe do na saoránaigh agus do ghnóthaí. Ba cheart cur chun feidhme beart feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a bheith mar thosaíocht chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú.

(16)

Ba cheart éifeachtúlacht fuinnimh a aithint mar ghné ríthábhachtach agus ba cheart tús áite a thabhairt di agus cinntí infheistíochta á ndéanamh amach anseo i ndáil le bonneagar fuinnimh an Aontais. Ba cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm agus an cur chuige maidir le héifeachtúlacht an chórais agus peirspictíocht na sochaí agus na sláinte á gcur san áireamh go príomha, agus aird á tabhairt ar chinnteacht an tsoláthair, ar chomhtháthú an chórais fuinnimh agus ar an aistriú chuig aeráidneodracht. Dá bharr sin, ba cheart le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh cuidiú le héifeachtúlacht na n-earnálacha críochúsáide aonair agus an chórais iomláin fuinnimh. Le cur i bhfeidhm an phrionsabail, ba cheart tacú freisin le hinfheistíochtaí i réitigh tíosach ar fhuinneamh lena rannchuidítear le cuspóirí comhshaoil Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(17)

Foráiltear do bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus is dlúthchuid de Straitéis an Aontais Eorpaigh um Chomhtháthú Córas Fuinnimh é, a bunaíodh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2022. Cé go bhfuil an prionsabal bunaithe ar chostéifeachtacht, tá impleachtaí níos leithne ag baint lena chur i bhfeidhm ó thaobh na sochaí de. D’fhéadfadh na himpleachtaí sin a bheith éagsúil ag brath ar na himthosca agus ba cheart meastóireacht chúramach a dhéanamh orthu trí mhodheolaíochtaí láidre anailíse costais is tairbhe ina gcuirtear san áireamh na tairbhí iomadúla a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh. D’ullmhaigh an Coimisiún treoirlínte tiomnaithe i dtaca le hoibriú agus cur i bhfeidhm an phrionsabail, trí uirlisí sonracha agus samplaí cur i bhfeidhm a mholadh in earnálacha éagsúla. Ina theannta sin, d’eisigh an Coimisiún moladh do na Ballstáit a chuireann leis na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo agus iarrann sé go ndéanfar gníomhaíochtaí sonracha maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail. Ba cheart do na Ballstáit lánaird a thabhairt ar an moladh sin agus a bheith treoraithe aici maidir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme sa chleachtas.

(18)

Le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, is gá cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh, lena gcuirtear éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais chomhtháite fuinnimh, slándáil soláthair agus costéifeachtacht san áireamh agus lena gcuirtear chun cinn na réitigh is éifeachtúla maidir le neodracht aeráide ar fud an tslabhra luacha iomláin, ó tháirgeadh fuinnimh, iompar líonraí go tomhaltas fuinnimh deiridh, ionas go mbainfear amach éifeachtúlachtaí i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil agus i dtomhaltas fuinnimh deiridh araon. Ba cheart leis an gcur chuige sin go bhféachfaí ar fheidhmíocht an chórais agus ar úsáid dhinimiciúil fuinnimh, áit a meastar gur réitigh éifeachtúlachta fuinnimh iad acmhainní ó thaobh an éilimh de agus solúbthacht an chórais.

(19)

Chun tionchar a imirt, ní mór do chinnteoirí náisiúnta, réigiúnacha, áitiúla, agus earnála bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach i ngach cás ábhartha agus i gcinntí beartais, pleanála agus mórinfheistíochta – is é sin le rá infheistíochtaí mórscála ar mó a luach ná EUR 100 000 000 an ceann nó EUR 175 000 000 i gcás tionscadail bonneagair iompair a mbíonn tionchar acu ar thomhaltas nó soláthar fuinnimh. Chun cur i bhfeidhm cuí an phrionsabail a áirithiú, ní mór modheolaíocht cheart na hanailíse costais is tairbhe a úsáid, coinníollacha cumasúcháin a leagan síos do réitigh atá tíosach ar fhuinneamh agus faireachán cuí a dhéanamh. Maidir le hanailísí costais is tairbhe, ba cheart iad a fhorbairt agus a dhéanamh go córasach, ba cheart iad a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis is déanaí maidir le praghsanna fuinnimh agus ba cheart cásanna maidir le hardú praghsanna a chur san áireamh iontu, amhail de bharr lamháltais chóras trádála astaíochtaí an Aontais (CTA AE) a bheith ag laghdú de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), chun dreasacht a sholáthar bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm. Ba cheart tús áite a thabhairt do réitigh atá dírithe ar an éileamh i gcás ina bhfuil siad níos costéifeachtaí ná mar a thugtar d’infheistíochtaí i mbonneagar an tsoláthair fuinnimh chun cuspóirí beartais a bhaint amach. Is féidir le solúbthacht ar thaobh an éilimh tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sochaíocha níos leithne a chur ar fáil do thomhaltóirí agus don tsochaí i gcoitinne, lena n-áirítear pobail áitiúla, agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chórais fuinnimh agus na costais fuinnimh a laghdú, mar shampla trí chostais oibrithe na gcóras a laghdú a mbeidh taraifí níos ísle do na tomhaltóirí uile ann mar thoradh air sin. Ba cheart do na Ballstáit na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh an éilimh a chur san áireamh agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur i bhfeidhm acu agus i gcás inarb ábhartha freagairt ar an éileamh ar leibhéal láraithe agus leibhéal díláraithe araon, stóráil fuinnimh, agus réitigh chliste a chur san áireamh mar chuid dá n-iarrachtaí éifeachtúlacht fuinnimh an chórais chomhtháite fuinnimh a mhéadú.

(20)

Agus luachanna na dtionscadal á measúnú chun bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, ina thuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, go háirithe, cé acu a chuirtear na tairseacha i bhfeidhm go héifeachtach i ngach Ballstát agus ar an gcaoi a gcuirtear na tairseacha sin i bhfeidhm go héifeachtach.

(21)

Ba cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm ar bhealach comhréireach agus níor cheart forluí ná oibleagáidí ar na Ballstáit atá ag teacht salach ar a chéile a bheith i gceist leis na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo, i gcás ina n-áirithítear cur i bhfeidhm an phrionsabail go díreach le reachtaíocht eile. D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh i gcás na dtionscadal leasa choitinn a áirítear i liosta an Aontais de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), lena dtugtar isteach na ceanglais chun bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a mheas i bhforbairt agus i measúnú na dtionscadal sin.

(22)

Tá an t-aistriú cóir cothrom i dtreo Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050 ina chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip. Is coincheap lárnach é an bhochtaineacht fuinnimh sa phacáiste reachtach dar teideal ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’ atá ceaptha chun aistriú fuinnimh cóir a éascú. De bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), chuir an Coimisiún, ina Mholadh (AE) 2020/1563 maidir le bochtaineacht fuinnimh (11), treoir tháscach ar fáil maidir le táscairí iomchuí chun an bhochtaineacht fuinnimh a thomhas agus chun ‘líon suntasach de theaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh’ a shainiú. Le Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus Treoir (AE) 2019/944, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh i gcás ina sainaithnítear í, lena n-áirítear bearta a thugann aghaidh ar chomhthéacs níos leithne na bochtaineachta. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcomhthéacs praghsanna fuinnimh a bheith ag ardú agus brú boilscithe, i gcás inar cheart bearta gearrthéarmacha agus fadtéarmacha araon a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shistéamacha do chóras fuinnimh an Aontais.

(23)

Daoine a bhfuil orthu dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh nó atá i mbaol bochtaineacht fuinnimh, custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam, agus daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as cur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh. Ba cheart bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme mar thosaíocht chun staid na ndaoine aonair agus na dteaghlach sin a fheabhsú agus chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus níor cheart dóibh aon mhéadú díréireach ar chostais tithíochta, soghluaisteachta nó fuinnimh a spreagadh. Leis an gcur chuige iomlánaíoch i gceapadh beartais agus i gcur chun feidhme beartas agus beart, cuirtear ceangal ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ag beartais ná ag bearta eile ar na daoine aonair sin ná ar na teaghlaigh sin.

(24)

Is cuid í an Treoir de chreat beartais níos leithne maidir le beartais éifeachtúlachta fuinnimh lena dtugtar aghaidh ar phoitéinseal éifeachtúlachta fuinnimh i réimsí beartais sonracha, lena n-áirítear foirgnimh (Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13)), táirgí (Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus Rialacháin (AE) 2017/1369 (15) agus (AE) 2020/740 (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), agus rialachas (Rialachán (AE) 2018/1999). Tá ról an-tábhachtach ag na beartais sin ó thaobh coigilteas fuinnimh a bhaint amach nuair a chuirtear táirgí nua in ionad táirgí nó nuair a dhéantar foirgnimh a thógáil nó a athchóiriú.

(25)

Chun infheistíocht i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a éascú, is gá bacainní a bhaint chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh uaillmhianach a bhaint amach. Leis an bhfochlár um an Aistriú chuig Fuinneamh Glan de Chlár LIFE an Aontais, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), cuirfear cistiú tiomnaithe ar fáil chun tacú le dea-chleachtais a fhorbairt san Eoraip maidir le cur chun feidhme beartas éifeachtúlachta fuinnimh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní iompraíochta, margaidh agus rialála ar éifeachtúlacht fuinnimh.

(26)

Thacaigh Comhairle Eorpach, sna conclúidí uaithi an 23 agus 24 Deireadh Fómhair 2014 le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh de 27 % do 2030 ar leibhéal an Aontais a bheidh le hathscrúdú faoi 2020 agus an sprioc ar leibhéal an Aontais de 30 % á cur san áireamh. Ina rún an 15 Nollaig 2015 dar teideal ‘I dTreo Aontas Fuinnimh Eorpach’, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar a inmharthana a bheadh sé sprioc éifeachtúlachta fuinnimh de 40 % a bheith ann don tráthchlár céanna.

(27)

Sa teachtaireacht uaidh an 28 Samhain 2018 dar teideal A Clean Planet for all — A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy [Pláinéad Glan do Chách — Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach chun geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch atá aeráidneodrach a bhaint amach], thuar an Coimisiún go dtiocfadh laghdú thart ar 45 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 mar thoradh ar sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 32,5 % an Aontais do 2030 agus ar ionstraimí beartais eile an chreata atá ann cheana. Le haghaidh uaillmhian mhéadaithe aeráide de laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, rinneadh measúnú sa mheasúnú tionchair a rinneadh ar an bPlean um Sprioc Aeráide ar leibhéal na n-iarrachtaí a bheadh ag teastáil sna réimsí éagsúla beartais. Thángthas ar an gconclúid ann, maidir leis an mbonnlíne, gurbh é a bhí i gceist leis an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach ar an mbealach is fearr costas ná laghdú 39 go 41 % ar a laghad agus laghdú 36 go 37 % ar a laghad faoi seach a dhéanamh ar thomhaltas fuinnimh phríomhúil agus ar thomhaltas fuinnimh deiridh.

(28)

Socraíodh agus ríomhadh sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais ar dtús agus úsáid á baint as réamh-mheastacháin Chás Tagartha AE 2007 le haghaidh 2030 mar bhonnlíne. Leis an athrú ar mhodheolaíocht Eurostat chun cothromaíocht fuinnimh a ríomh agus feabhsuithe ar réamh-mheastacháin samhaltaithe ina dhiaidh sin, is gá an bunlíne a athrú. Dá bhrí sin, agus an cur chuige céanna á úsáid chun an sprioc a shainiú, eadhon í a chur i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin bhonnlíne amach anseo, leagtar síos uaillmhian sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030 i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha AE 2020 le haghaidh 2030 a léiríonn rannchuidithe ó phleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Leis an mbonnlíne nuashonraithe sin, beidh ar an Aontas a uaillmhian maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú 11,7 % ar a laghad in 2030 i gcomparáid le leibhéal na n-iarrachtaí a rinneadh faoi Chás Tagartha AE 2020. An bealach nua chun leibhéal uaillmhéine spriocanna an Aontais a shloinneadh, ní dhéanann sé dochar do leibhéal iarbhír na n-iarrachtaí a theastaíonn agus comhfhreagraíonn sé do laghdú 40,5 % i gcás tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus laghdú 38 % i gcás tomhaltas fuinnimh deiridh i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha AE 2007 le haghaidh 2030.

(29)

Tá an mhodheolaíocht chun tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus tomhaltas fuinnimh deiridh a ríomh ailínithe le modheolaíocht nua Eurostat, ach tá raon feidhme éagsúil ag na táscairí a úsáidtear chun críoch na Treorach seo, is é sin le rá nach gcuirtear fuinneamh comhthimpeallachta san áireamh agus go gcuirtear tomhaltas fuinnimh san eitlíocht idirnáisiúnta san áireamh do na spriocanna maidir le tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus tomhaltas fuinnimh deiridh. Tugtar le tuiscint freisin le húsáid na dtáscairí nua nach léirítear aon athrú ar thomhaltas fuinnimh na bhfoirnéisí soinneáin ach amháin sa tomhaltas fuinnimh phríomhúil.

(30)

Ba cheart an gá don Aontas chun feabhas a chur ar a éifeachtúlacht fuinnimh a shloinneadh i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil agus tomhaltas fuinnimh deiridh, le baint amach in 2030, lena léirítear leibhéal breise na n-iarrachtaí a éilítear nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis na bearta atá i bhfeidhm nó leis na bearta atá beartaithe sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Tuartar le Cás Tagartha AE 2020 go bhfuil 864 Mtoe de thomhaltas fuinnimh deiridh agus 1 124 Mtoe de thomhaltas fuinnimh phríomhúil le sroicheadh in 2030 (gan fuinneamh comhthimpeallach a áireamh agus eitlíocht idirnáisiúnta san áireamh). 763 Mtoe agus 992,5 Mtoe a bheidh ann in 2030 mar thoradh ar laghdú breise 11,7 %. I gcomparáid le leibhéil 2005, ciallaíonn sé gur cheart laghdú thart ar 25 % a chur ar an tomhaltas fuinnimh deiridh agus laghdú thart ar 34 % a chur ar an tomhaltas fuinnimh phríomhúil san Aontas. Níl aon sprioc cheangailteach ar leibhéal na mBallstát i bpeirspictíochtaí 2020 agus 2030 agus ba cheart do na Ballstáit a rannchuidithe a bhunú maidir le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus an fhoirmle dá bhforáiltear sa Treoir seo á cur san áireamh. Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit a gcuspóirí náisiúnta a shocrú bunaithe ar thomhaltas fuinnimh phríomhúil nó tomhaltas fuinnimh deiridh nó ar choigealtas fuinnimh phríomhúil nó coigealtas fuinnimh deiridh, nó ar dhéine fuinnimh. Leis an Treoir seo leasaítear an chaoi ar cheart do na Ballstáit a rannchuidithe náisiúnta le sprioc an Aontais a shloinneadh. Ba cheart rannchuidithe ceangailteacha na mBallstát i ndáil le sprioc an Aontais a shloinneadh i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil agus i dtomhaltas fuinnimh deiridh chun comhsheasmhacht agus faireachán ar an dul chun cinn a áirithiú. Is gá meastóireacht rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn ionsar spriocanna an Aontais do 2030 a bhaint amach agus déantar foráil dó i Rialachán (AE) 2018/1999.

(31)

Faoin 30 Samhain 2023, ba cheart don Choimisiún Cás Tagartha AE 2020 a nuashonrú bunaithe ar na sonraí is déanaí ó Eurostat. Ba cheart do na Ballstáit ar mian leo an cás tagartha nuashonraithe a úsáid fógra a thabhairt faoina ranníocaíochtaí náisiúnta nuashonraithe faoin 1 Feabhra 2024, mar chuid den phróiseas atriallach dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/1999.

(32)

B’fhearr na spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach mar thoradh ar chur chun feidhme carnach beart sonrach de chuid an Aontais agus beart sonrach náisiúnta lena gcuirtear éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn i réimsí éagsúla. Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit beartais agus bearta náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú. Ba cheart don Choimisiún na beartais agus bearta sin agus iarrachtaí aonair gach Ballstáit a mheas, mar aon le sonraí maidir leis an dul chun cinn atá déanta, chun measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go mbainfear amach sprioc fhoriomlán an Aontais agus ar a mhéid is leor na hiarrachtaí aonair chun an sprioc choiteann a bhaint amach.

(33)

Tá an earnáil phoiblí freagrach as thart ar 5 % go 10 % de thomhaltas fuinnimh deiridh iomlán an Aontais. Caitheann údaráis phoiblí thart ar EUR 1 800 000 000 000 gach bliain. Is é atá sa mhéid sin thart ar 14 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais. Chuige sin, is spreagthóir tábhachtach é an earnáil phoiblí maidir le haistriú an mhargaidh i dtreo táirgí, foirgnimh agus seirbhísí níos inbhuanaithe a spreagadh, mar aon le hathruithe iompraíochta a chothú i dtomhaltas fuinnimh na saoránach agus na bhfiontar. Thairis sin, trí thomhaltas fuinnimh a laghdú trí bhearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh, is féidir acmhainní poiblí a shaoradh chun críocha eile. Ba cheart do na comhlachtaí poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ról eiseamláireach a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis an éifeachtúlacht fuinnimh.

(34)

Chun dea-shampla a thabhairt, ba cheart don earnáil phoiblí a spriocanna féin maidir le dícharbónú agus éifeachtúlacht fuinnimh a leagan amach. Ba cheart na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh san earnáil phoiblí a bheith ag teacht leis na hiarrachtaí is gá ar leibhéal an Aontais. Chun an sprioc maidir le tomhaltas fuinnimh deiridh a chomhlíonadh, ba cheart don Aontas a thomhaltas fuinnimh deiridh a laghdú 19 % faoi 2030 i gcomparáid leis an meántomhaltas fuinnimh sna blianta 2017, 2018 agus 2019. Leis an oibleagáid laghdú bliantúil 1,9 % ar a laghad ar thomhaltas fuinnimh san earnáil phoiblí a bhaint amach, ba cheart go n-áiritheofaí leis sin go gcomhlíonfaidh an earnáil phoiblí a ról eiseamláireach. Coinníonn na Ballstáit solúbthacht iomlán maidir leis an rogha i ndáil le bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh chun an tomhaltas fuinnimh deiridh a laghdú. I gcás ina n-éilítear laghdú bliantúil ar thomhaltas fuinnimh deiridh, tá ualach riaracháin níos ísle i gceist ná modhanna tomhais a bhunú le haghaidh coigilteas fuinnimh.

(35)

Chun a ndualgas a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit díriú ar thomhaltas fuinnimh deiridh na seirbhísí poiblí agus na suiteálacha uile de chuid comhlachtaí poiblí. Chun raon feidhme na seolaithe a chinneadh, ba cheart do na Ballstáit an sainmhíniú ar ‘comhlachtaí poiblí’ dá bhforáiltear sa Treoir seo a chur i bhfeidhm, i gcás ina gciallaíonn ‘arna maoiniú go díreach ag na húdaráis sin’ go ndéantar na heintitis sin a chistiú den chuid is mó le cistí poiblí agus ciallaíonn ‘arna riar ag na húdaráis sin’ go bhfuil tromlach ag údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil maidir le bainistíocht an eintitis a roghnú. Is féidir an oibleagáid a chomhlíonadh tríd an tomhaltas fuinnimh deiridh a laghdú in aon réimse den earnáil phoiblí, lena n-áirítear iompar, foirgnimh phoiblí, cúram sláinte, pleanáil spásúlachta, bainistiú uisce agus cóireáil fuíolluisce, camras agus íonú uisce, bainistiú dramhaíola, téamh agus fuarú ceantair, dáileadh, soláthar agus stóráil fuinnimh, soilsiú poiblí, pleanáil bonneagair, oideachas agus seirbhísí sóisialta. Féadfaidh na Ballstáit cineálacha eile seirbhísí a áireamh freisin agus an Treoir seo á trasuí acu. Chun an t-ualach riaracháin ar chomhlachtaí poiblí a laghdú, ba cheart do na Ballstáit ardáin dhigiteacha nó uirlisí digiteacha a bhunú chun na sonraí maidir leis an tomhaltas comhiomlánaithe ó chomhlachtaí poiblí a bhailiú, iad a chur ar fáil go poiblí, agus na sonraí a thuairisciú don Choimisiún. Ba cheart do na Ballstáit pleanáil agus tuairisciú bliantúil a sholáthar maidir le tomhaltas comhlachtaí poiblí i bhfoirm chomhiomlán in aghaidh na hearnála.

(36)

Ba cheart do na Ballstáit modhanna soghluaisteachta atá tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn, lena n-áirítear ina gcleachtais soláthair, amhail iarnróid, rothaíocht, siúl nó soghluaisteacht chomhroinnte, trí fhlíteanna a athnuachan agus a dhícharbónú, aistriú córa iompair a spreagadh agus na modhanna sin a áireamh i bpleanáil soghluaisteachta uirbí.

(37)

Ba cheart do na Ballstáit ról eiseamláireach a fheidhmiú trína áirithiú go ndéantar gach conradh feidhmíochta, fuinnimh, iniúchtaí fuinnimh agus gach córas bainistíochta fuinnimh san earnáil phoiblí i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta, nó go n-úsáidtear iniúchtaí fuinnimh den chuid is mó sna codanna den earnáil phoiblí atá dian ar fhuinneamh. Ba cheart do na Ballstáit treoir a chur ar fáil agus ba cheart dóibh foráil a dhéanamh do nósanna imeachta maidir le húsáid na n-ionstraimí sin.

(38)

Moltar do na húdaráis phoiblí tacaíocht a fháil ó eintitis ar nós gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe arna mbunú ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil, i gcás inarb infheidhme. Is iondúil go léiríonn eagrú na ngníomhaireachtaí sin riachtanais aonair na n-údarás poiblí i réigiún áirithe nó atá ag feidhmiú i réimse áirithe den earnáil phoiblí. Is féidir le gníomhaireachtaí láraithe freastal ar bhealach níos fearr agus ar bhealach níos éifeachtaí ar bhealaí eile, mar shampla, i mBallstáit bheaga nó láraithe nó i ndáil le gnéithe casta nó trasréigiúnacha amhail téamh agus fuarú ceantair. Is féidir le gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe feidhmiú mar ionaid ilfhreastail. Is minic a bhíonn na gníomhaireachtaí sin freagrach as pleananna dícharbónaithe áitiúla nó réigiúnacha a fhorbairt, lena bhféadfaí bearta eile dícharbónaithe a áireamh freisin, amhail coirí breoslaí iontaise a mhalartú, agus as tacaíocht a thabhairt d’údaráis phoiblí beartais a bhaineann le fuinneamh a chur chun feidhme. Féadfaidh inniúlachtaí, cuspóirí agus acmhainní soiléire a bheith ag gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe nó eintitis eile i réimse an fhuinnimh inbhuanaithe chun cabhrú leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla. D’fhéadfaí gníomhaireachtaí fuinnimh inbhuanaithe a spreagadh chun breithniú a dhéanamh ar thionscnaimh a glacadh faoi chuimsiú Chúnant na Méaraí, lena dtugtar le chéile rialtais áitiúla atá tiomanta dá ndeoin féin cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais a chur chun feidhme, agus tionscnaimh eile atá ann cheana chun na críche sin. Ba cheart na pleananna dícharbónaithe a nascadh le pleananna forbartha críochacha agus ba cheart an measúnú cuimsitheach ar cheart do na Ballstáit a dhéanamh a chur san áireamh iontu.

(39)

Ba cheart do na Ballstáit tacú le comhlachtaí poiblí chun bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a phleanáil agus a dhéanamh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, trí threoirlínte a sholáthar lena ndéantar deiseanna forbartha inniúlachta agus deiseanna oiliúna a chur chun cinn agus comhar i measc comhlachtaí poiblí a spreagadh, lena n-áirítear i measc gníomhaireachtaí. Chun na críche sin, d’fhéadfadh na Ballstáit lárionaid náisiúnta inniúlachta a bhunú maidir le saincheisteanna casta, amhail comhairle a chur ar ghníomhaireachtaí áitiúla nó réigiúnacha fuinnimh maidir le téamh nó fuarú ceantair. Maidir leis an gceanglas foirgnimh a chlaochlú ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de, ní eisiatar ná ní thoirmisctear idirdhealú a dhéanamh idir leibhéil foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de i gcás foirgnimh nua nó athchóirithe. Tugtar sainmhíniú ar fhoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de, lena n-áirítear an leibhéal is fearr costas, i dTreoir 2010/31/AE.

(40)

Go dtí deireadh 2026, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a gcuid foirgneamh in aon bhliain ar leith an barrachas a áireamh i dtreo an ráta athchóirithe bliantúil d’aon cheann de na 3 bliana ina dhiaidh sin. Ba cheart Ballstát a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a fhoirgneamh ón 1 Eanáir 2027 a bheith in ann an barrachas a áireamh i dtreo ráta athchóirithe bliantúil an 2 bhliain ina dhiaidh sin. Níor cheart an fhéidearthacht sin a úsáid chun críocha nach bhfuil i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus leibhéal uaillmhéine na Treorach seo.

(41)

Ba cheart do na Ballstáit spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí poiblí chun na tairbhí níos leithne lasmuigh den choigilteas fuinnimh a chur san áireamh, amhail cáilíocht na timpeallachta laistigh níos sláintiúla chomh maith le caighdeán feabhsaithe maireachtála agus compord na bhfoirgneamh poiblí athchóirithe, go háirithe i gcás scoileanna, ionad cúraim lae, tithe altranais, sciath-thithíocht, ospidéil agus tithíocht shóisialta.

(42)

Is iad foirgnimh, an earnáil iompair mar aon leis an earnáil tionsclaíochta na hearnálacha is mó a úsáideann fuinneamh agus is iad na hearnálacha sin an phríomhfhoinse astaíochtaí. Tá foirgnimh freagrach as thart ar 40 % de thomhaltas fuinnimh iomlán an Aontais agus as 36 % dá n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhuinneamh. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Renovation Wave’ [Rabharta Athchóiriúcháin], tugtar aghaidh ar dhúshlán na héifeachtúlachta acmhainní agus na héifeachtúlachta fuinnimh agus na hinacmhainneachta in earnáil na tógála agus is é is aidhm don teachtaireacht an ráta athchóirithe a mhéadú faoi dhó. Tá sí dírithe ar na foirgnimh is measa feidhmíocht, ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar fhoirgnimh phoiblí. Thairis sin, tá foirgnimh ríthábhachtach chun go mbainfear cuspóir de chuid an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Tá sciar mór den stoc foirgneamh i bhfoirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí agus tá ard-infheictheacht ag baint leo sa saol poiblí. Is iomchuí, dá bhrí sin, ráta athchóirithe bliantúil a shocrú ar fhoirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí ar chríoch Bhallstáit chun a bhfeidhmíocht fuinnimh a uasghrádú agus iad a chlaochlú ar a laghad ina bhfoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha. Iarrtar ar na Ballstáit ráta athchóirithe níos airde a shocrú, nuair is costéifeachtach faoi chuimsiú an athchóirithe ar a stoc foirgneamh i gcomhréir lena straitéisí fadtéarmacha athchóirithe nó le pleananna náisiúnta athchóirithe, nó leo araon. Níor cheart gur dochar an ráta athchóirithe do na hoibleagáidí maidir le foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh a leagtar amach i Treoir 2010/31/AE. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais nach bhfuil chomh dian sin a chur i bhfeidhm maidir le roinnt foirgneamh, amhail foirgnimh a bhfuil fiúntas speisialta ailtireachta nó staire acu. Le linn an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfar ar Threoir 2010/31/AE, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir leis an athchóiriú ar fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí. Ba cheart don Choimisiún féachaint le togra reachtach a chur isteach chun an ráta athchóirithe a athbhreithniú, agus an dul chun cinn atá bainte amach ag na Ballstáit, forbairtí eacnamaíocha nó teicniúla suntasacha á gcur san áireamh nó i gcás ina bhfuil gá leis, gealltanais an Aontais maidir le dícharbónú agus truailliú nialasach. Déanann an oibleagáid foirgnimh na gcomhlachtaí poiblí a athchóiriú sa Treoir seo an oibleagáid sin i dTreoir 2010/31/AE a chomhlánú, lena gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú, agus athchóiriú mór á dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana, go ndéanfar uasghrádú ar fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh chun go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh.

(43)

Is uirlisí tábhachtacha iad córais uathoibrithe agus rialaithe foirgneamh agus réitigh eile chun bainistiú gníomhach fuinnimh a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú agus a choimeád agus chun na dálaí laistigh is gá a áirithiú sna foirgnimh ar leo iad nó a áitíonn siad, i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE.

(44)

Cuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip is ea an tsoghluaisteacht ghlas a chur chun cinn. Tá soláthar bonneagair luchtaithe ar cheann de na heilimintí is gá san aistriú. Tá tábhacht ar leith ag baint le bonneagar luchtaithe i bhfoirgnimh, ós rud é go mbíonn feithiclí leictreacha ag páirceáil i bhfoirgnimh go rialta agus ar feadh tréimhsí fada, rud a fhágann go mbeidh an luchtú níos éasca agus níos éifeachtúla. Ba cheart do chomhlachtaí poiblí a ndícheall a dhéanamh chun bonneagar luchtaithe a shuiteáil i bhfoirgnimh ar leo iad nó a áitíonn siad i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE.

(45)

Chun an ráta athchóirithe a shocrú, ní mór do na Ballstáit forbhreathnú a bheith acu ar na foirgnimh nach mbaineann amach leibhéal foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit fardal foirgneamh poiblí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tithíocht shóisialta, a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta mar chuid de bhunachar sonraí foriomlán de dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh. Leis an bhfardal sin, ba cheart a chur ar a gcumas do na gníomhaithe príobháideacha, lena n-áirítear cuideachtaí seirbhísí fuinnimh (ESCOnna), réitigh athchóiriúcháin a mholadh, ar féidir le Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh iad a chomhiomlánú.

(46)

D’fhéadfaí an fardal a úsáid chun sonraí ó fhardail stoic foirgneamh atá ann cheana a chomhtháthú. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun bailiú sonraí a éascú agus an fardal a dhéanamh inrochtana do ghníomhaithe príobháideacha, lena n-áirítear ESCOnna chun a ról gníomhach i réitigh athchóiriúcháin a chumasú. Féadfaidh Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh sonraí maidir le saintréithe stoic foirgneamh, athchóiriú foirgneamh agus feidhmíocht fuinnimh a chomhiomlánú chun tuiscint níos fearr ar fheidhmíocht fuinnimh na hearnála foirgneamh a áirithiú trí shonraí inchomparáide.

(47)

Sa bhliain 2020, bhí níos mó ná a leath de dhaonra an domhain ina gcónaí i gceantair uirbeacha. Meastar go sroichfidh an figiúr sin 68 % faoi 2050. Ina theannta sin, tá leath de na bonneagair uirbeacha faoi 2050 fós le tógáil. Is ionaid atá tábhachtach ó thaobh na gníomhaíochta eacnamaíche, na giniúna, na nuálaíochta agus teicneolaíochtaí nua de iad cathracha agus ceantair uirbeacha. Tá tionchar ag cathracha ar chaighdeán saoil na saoránach atá ina gcónaí iontu nó atá ag obair iontu. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht theicniúil agus airgeadais a thabhairt do na bardais. Tá cuir chuige chomhtháite maidir le coigilteas fuinnimh agus soláthar fuinnimh agus soghluaisteacht inbhuanaithe curtha i bhfeidhm ag roinnt bardas agus ag comhlachtaí poiblí eile sna Ballstáit cheana féin, mar shampla, trí phleananna gníomhaíochta maidir le fuinneamh inbhuanaithe nó pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe, amhail na pleananna a forbraíodh faoi thionscnamh Chúnant na Méaraí, agus cuir chuige chomhtháite uirbeacha a théann níos faide ná idirghabhálacha aonair i bhfoirgnimh nó modhanna iompair. Tá gá le hiarrachtaí breise a dhéanamh sa réimse a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh na soghluaisteachta uirbí a fheabhsú, d’iompar paisinéirí agus lasta araon, ós rud é go n-úsáideann sí thart ar 40 % d’fhuinneamh uile an iompair de bhóthar.

(48)

Tá prionsabail uile Threoracha 2014/23/AE (18), 2014/24/AE (19) agus 2014/25/AE (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle fós infheidhme go hiomlán faoi chuimsiú na Treorach seo.

(49)

Maidir le ceannach táirgí agus seirbhísí áirithe agus ceannach foirgneamh agus cíos ar fhoirgnimh, ba cheart do na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha a gcuireann conarthaí oibreacha poiblí, soláthair nó seirbhíse i gcrích dea-shampla a thabhairt, cinntí ceannacháin atá tíosach ar fhuinneamh agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil leis na conarthaí poiblí agus lamháltais nach bhforáiltear aon cheanglas sonrach ina leith sa Treoir seo. Ba cheart feidhm a bheith aige sin maidir leis na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha a thagann faoi réim feidhme Threoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE nó 2014/25/AE. Ba cheart do na Ballstáit na bacainní ar an soláthar comhpháirteach laistigh den Bhallstát nó thar theorainneacha i gcás inar féidir leis na nithe sin na costais a laghdú agus feabhas a chur ar na sochair ón margadh inmheánach trí dheiseanna gnó a chruthú do sholáthróirí agus do sholáthraithe seirbhísí fuinnimh.

(50)

Gach eintiteas poiblí a dhéanann infheistíocht in acmhainní poiblí trí sholáthar, ba cheart dóibh dea-shampla a thabhairt agus conarthaí agus lamháltais á ndámhachtain, trí tháirgí, foirgnimh, oibreacha agus seirbhísí a bhfuil an fheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh is airde acu a roghnú, agus i ndáil leis na soláthairtí sin nach bhfuil faoi réir ceanglas sonrach faoi Threoir 2009/30/CE. Sa chomhthéacs sin, ní mór do na nósanna imeachta dámhachtana uile maidir le conarthaí poiblí agus lamháltais ar mó a luach ná na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE, agus Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE, feidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh na dtáirgí, na bhfoirgneamh agus na seirbhísí a leagtar síos le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta a chur san áireamh, trí bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a mheas mar thosaíocht ina nósanna imeachta soláthair.

(51)

Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfaidh na Ballstáit faireachán ar an gcaoi a gcuireann na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha na ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh san áireamh i soláthar táirgí, foirgneamh, oibreacha agus seirbhísí trína áirithiú go gcuirfear ar fáil go poiblí faisnéis faoin tionchar ar éifeachtúlacht fuinnimh na ndaoine sin a fhaigheann tairiscintí os cionn na dtairseach dá dtagraítear sna treoracha soláthair. Leis sin, d'fhéadfadh geallsealbhóir agus saoránaigh measúnú a dhéanamh ar ról na hearnála poiblí maidir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a áirithiú i soláthar poiblí ar bhealach trédhearcach.

(52)

Níor cheart, áfach, don oibleagáid atá ar na Ballstáit a áirithiú nach gceannóidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha ach táirgí, foirgnimh, oibreacha agus seirbhísí, a bhfuil ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh acu cosc a chur ar na Ballstáit earraí a cheannach atá riachtanach chun an tslándáil phoiblí a chosaint agus freagairt ar éigeandálaí sláinte poiblí.

(53)

Sainaithnítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip ról an gheilleagair chiorclaigh i ndáil le rannchuidiú le cuspóirí foriomlána dícharbónaithe an Aontais. Ba cheart don earnáil phoiblí agus, go háirithe, an earnáil iompair, rannchuidiú leis na cuspóirí sin trína gcumhacht ceannaigh a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun táirgí, foirgnimh, oibreacha agus seirbhísí, atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a roghnú trí uirlisí atá ar fáil le haghaidh soláthar poiblí glas, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú tábhachtach a dhéanamh chun laghdú a dhéanamh ar thomhaltas fuinnimh agus ar an tionchar ar an gcomhshaol.

(54)

Tá sé tábhachtach go dtabharfadh na Ballstáit an tacaíocht is gá do chomhlachtaí poiblí maidir le glacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh sa soláthar poiblí agus, i gcás inarb iomchuí, maidir le úsáid a bhaint as soláthar poiblí glas, trí na treoirlínte agus na modheolaíochtaí is gá a sholáthar maidir leis an measúnú ar chostais saolré, agus ar thionchair agus costais ar an gcomhshaol. Táthar ag súil go n-éascófar le uirlisí dea-cheaptha, go háirithe uirlisí digiteacha, na nósanna imeachta soláthair agus go laghdófar na costais riaracháin go háirithe i mBallstáit bheaga nach mbeadh acmhainneacht leordhóthanach acu chun tairiscintí a ullmhú. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid uirlisí digiteacha agus comhar i measc na n-údarás conarthach a chur chun cinn lena n-áirítear thar theorainneacha chun dea-chleachtais a mhalartú.

(55)

Ós rud é go bhfuil foirgnimh freagrach as astaíochtaí gás ceaptha teasa atá ann roimh a saolré oibríochtúil agus tar éis a saolré oibríochtúil, ba cheart do na Ballstáit saolré iomlán astaíochtaí carbóin na bhfoirgneamh a mheas freisin. Ba cheart dó sin tarlú i gcomhthéacs na n-iarrachtaí chun an aird a thugtar ar fheidhmíocht saolré, ar ghnéithe den gheilleagar ciorclach agus ar thionchair ar an gcomhshaol a mhéadú, mar chuid de ról eiseamláireach na hearnála poiblí. Dá bhrí sin, is féidir leis an soláthar poiblí a bheith ina dheis chun aghaidh a thabhairt ar an gcarbón corpraithe i bhfoirgnimh le linn a saolré. I ndáil leis sin, is gníomhairí tábhachtacha iad na húdaráis chonarthacha ar féidir leo beart a dhéanamh mar chuid de nósanna imeachta soláthair trí fhoirgnimh nua a cheannach a thugann aghaidh ar acmhainneacht téite domhanda le linn an saolré iomlán.

(56)

Leis an bpoitéinseal téimh dhomhanda le linn na saolré iomláine tomhaistear na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an bhfoirgneamh ag céimeanna éagsúla le linn a shaolré. Dá bhrí sin, déanann sé tomhas ar rannchuidiú foriomlán an fhoirgnimh le hastaíochtaí a chuireann leis an athrú aeráide. Tagraítear dó sin uaireanta mar mheasúnú ar an lorg carbóin nó tomhas carbóin saolré. Tugtar le chéile ann na hastaíochtaí carbóin atá cuimsithe in ábhair thógála le hastaíochtaí díreacha agus indíreacha ón gcéim úsáide. Is banc ábhair suntasach iad foirgnimh, is stórtha d’acmhainní atá dian ar charbón iad le blianta fada, agus dá bhrí sin, tá sé tábhachtach féachaint ar dhearaí lena n-éascófar athúsáid agus athchúrsáil sa todhchaí ag deireadh an tsaoil oibríochtúil, i gcomhréir leis an bplean gníomhaíochta nua don gheilleagar ciorclach. Ba cheart do na Ballstáit ciorclaíocht, marthanacht agus inoiriúnaitheacht ábhar tógála a chur chun cinn, chun aghaidh a thabhairt ar fheidhmíocht inbhuanaitheachta táirgí foirgníochta.

(57)

Sloinntear an poitéinseal téimh dhomhanda mar tháscaire uimhriúil in kgCO2eq/m2 (den achar urláir inmheánaigh úsáidigh) le haghaidh gach céime saolré meánaithe le haghaidh bliain amháin de thréimhse staidéir tagartha 50 bliain. Déantar an roghnú sonraí, sainmhíniú cásanna agus ríomhanna i gcomhréir le caighdeán EN 15978. Leagtar amach raon feidhme na n-eilimintí foirgnimh agus an trealaimh theicniúil i dtáscaire 1,2 de chreat comhchoiteann Leibhéil/Leibhéal an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb ann d’uirlis náisiúnta ríomha, nó i gcás ina n-éilítear í chun nochtadh a dhéanamh nó chun ceadanna tógála a fháil, ba cheart é a bheith indéanta an uirlis náisiúnta sin a úsáid chun an fhaisnéis a éilítear a sholáthar. Ba cheart é a bheith indéanta uirlisí ríomha eile a úsáid má chomhlíonann siad na critéir íosta a leagtar síos le creat comhchoiteann Leibhéil/Leibhéal an Aontais Eorpaigh.

(58)

Le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) leagtar síos rialacha maidir le suiteálacha a rannchuidíonn le táirgeadh fuinnimh nó a úsáideann fuinneamh chun críoch táirgthe, agus foráiltear léi nach mór faisnéis maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear sa tsuiteáil nó a ghintear leis an tsuiteáil a chur san áireamh sna hiarratais ar cheadanna comhtháite i gcomhréir le hAirteagal 12(1), pointe (b), den Treoir sin. Thairis sin, in Airteagal 11 den Treoir sin foráiltear go bhfuil an éifeachtúlacht fuinnimh ar cheann de na prionsabail ghinearálta lena rialaítear oibleagáidí bunúsacha an oibreora agus ar cheann de na critéir lena gcinntear na teicnící is fearr atá ar fáil de bhun Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin. Tá éifeachtúlacht oibríochtúil na gcóras fuinnimh ag am ar bith faoi thionchar an chumais an chumhacht a ghintear ó fhoinsí éagsúla lena ngabhann leibhéil táimhe agus amanna tosaigh éagsúla a sholáthar don eangach ar bhealach rianúil solúbtha. Trí fheabhas a chur ar an éifeachtúlacht sin, beifear in ann úsáid níos fearr a bhaint as fuinneamh in-athnuaite.

(59)

Le feabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh, is féidir rannchuidiú le haschur eacnamaíoch níos airde. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit agus ag an Aontas díriú ar thomhaltas fuinnimh a laghdú gan beann ar leibhéil an fháis eacnamaíoch.

(60)

Ba cheart an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh arna bunú leis an Treoir seo a mhéadú agus ba cheart feidhm a bheith aici tar éis 2030. Áirithítear leis sin cobhsaíocht d’infheisteoirí agus spreagfar, ar an mbealach sin, infheistíochtaí fadtéarmacha agus bearta fadtéarmacha éifeachtúlachta fuinnimh, amhail athchóiriú domhain foirgneamh agus é mar chuspóir fadtéarmach aistriú na bhfoirgneamh atá ann faoi láthair go foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh a éascú agus sin a dhéanamh ar bhealach costéifeachtach. Tá ról tábhachtach le himirt ag an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh i ndáil le cruthú fáis áitiúil, post, iomaíochais agus maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Ba cheart go n-áiritheofaí leis go mbeidh an tAontas in ann a chuid cuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach trí dheiseanna breise a chruthú agus tríd an nasc idir tomhaltas fuinnimh agus fás a bhriseadh. Tá comhar leis an earnáil phríobháideach tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha ar féidir infheistiú príobháideach le haghaidh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a dhíghlasáil agus chun múnlaí nua ioncaim a fhorbairt do nuálaíocht i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh.

(61)

Bíonn tionchar dearfach ag bearta feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh freisin ar cháilíocht an aeir, mar cuidítear, le níos mó foirgneamh atá tíosach ar fhuinneamh, leis an éileamh ar bhreoslaí téimh, lena n-áirítear breoslaí téimh soladacha, a laghdú. Dá bhrí sin, le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, cuidítear le feabhas a chur ar cháilíocht an aeir laistigh agus lasmuigh agus cuidítear le cuspóirí bheartas an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, mar a leagtar síos go háirithe le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

(62)

D’fhonn rannchuidiú cobhsaí agus intuartha a áirithiú i dtreo spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus an cuspóir aeráidneodrachta do 2050 a bhaint amach, ceanglaítear ar na Ballstáit coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a bhaint amach don tréimhse oibleagáide iomlán suas go dtí 2030, atá coibhéiseach le coigilteas bliantúil nua 0.8 % ar a laghad den tomhaltas fuinnimh deiridh suas go dtí an 31 Nollaig 2023 agus 1,3 % ar a laghad ón 1 Eanáir 2024, 1,5 % ón 1 Eanáir 2026 agus 1,9 % ón 1 Eanáir 2028. D’fhéadfaí an ceanglas sin a chomhlíonadh trí bhearta nua beartais a ghlacfar le linn na tréimhse oibleagáide ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 nó trí ghníomhaíochtaí nua aonair mar thoradh ar bhearta beartais a glacadh le linn na tréimhse roimhe sin nó roimh an tréimhse sin, ar an gcoinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí aonair a spreagann coigilteas fuinnimh ina leith a thabhairt isteach le linn na tréimhse ina dhiaidh sin. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó an dá rud.

(63)

Le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023, ba cheart a cheangal ar an gCipir ná ar Mhálta coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a bhaint amach arb ionann é agus coigilteas nua 0,24 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019. Le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030, ba cheart a cheangal ar an gCipir ná ar Mhálta coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide 0,45 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil a bhaint amach mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019.

(64)

I gcás ina n-úsáidtear scéim oibleagáide, ba cheart do na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid a ainmniú as measc oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí córais dáileacháin, dáileoirí fuinnimh, cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola agus dáileoirí breosla iompair nó miondíoltóirí breosla iompair ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. Le hainmniú catagóirí áirithe eintiteas den sórt sin nó le díolúine ó ainmniú den sórt sin, níor cheart a thuiscint nach bhfuil an méid sin ag luí le prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Dá bhrí sin, is féidir leis na Ballstáit a roghnú an ndéantar eintitis den sórt sin nó gan ach catagóirí áirithe díobh a ainmniú mar pháirtithe faoi oibleagáid. Chun cumhacht a thabhairt do dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, do chustaiméirí leochaileacha, do dhaoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine i dtithíocht shóisialta agus chun iad a chosaint, agus chun bearta beartais a chur chun feidhme i measc na ndaoine sin mar thosaíocht, féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur ar na páirtithe faoi oibleagáid coigilteas fuinnimh a bhaint amach i measc na ndaoine sin. Chun na críche sin, is féidir leis na Ballstáit spriocanna laghdaithe costas fuinnimh a bhunú freisin. D’fhéadfadh na páirtithe faoi oibleagáid na spriocanna sin a bhaint amach trí shuiteáil beart a chur chun cinn as a dtiocfaidh coigilteas fuinnimh agus coigilteas airgeadais ar bhillí fuinnimh, amhail insliú agus bearta téimh a shuiteáil, agus trí thacú le tionscnaimh coigiltis fuinnimh ó phobail fuinnimh in-athnuaite agus pobail fuinnimh saoránach.

(65)

Agus bearta beartais á gceapadh chun an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais a urramú agus prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Rialachán (AE) 2020/852 a chomhlíonadh. Níor cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí nach bhfuil inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn, amhail breoslaí iontaise a úsáid. Is é is aidhm don oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh an fhreagairt ar an athrú aeráide a neartú trí dhreasachtaí a chur chun cinn do na Ballstáit meascán beartais inbhuanaithe agus glan a chur chun feidhme, meascán atá athléimneach, agus a mhaolaíonn an t-athrú aeráide. Dá bhrí sin, féadfaidh coigilteas fuinnimh ó bhearta beartais maidir le húsáid dócháin dhíreach breosla iontaise a bheith ina choigilteas fuinnimh incháilithe faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh faoi choinníollacha áirithe agus ar feadh tréimhse eatramhach tar éis an Treoir seo a thrasuí i gcomhréir le hiarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo. Beifear in ann leis sin an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a ailíniú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, leis an bPlean um Sprioc Aeráide, leis an ‘Rabharta Athchóiriúcháin’, agus beidh sé ag teacht leis an ngá atá le beart arna sainaithint ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh ina thuarascáil maidir le neodracht charbóin. Is é is aidhm don srian na Ballstáit a spreagadh chun airgead poiblí a chaitheamh ar theicneolaíochtaí inbhuanaithe a sheasfaidh an aimsir amháin. Tá sé tábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit creat beartais soiléir agus cinnteacht infheistíochta ar fáil do ghníomhaithe margaidh. Le cur chun feidhme na modheolaíochta ríofa faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh, ba cheart na gníomhaithe margaidh uile a bheith in ann a dteicneolaíochtaí a oiriúnú laistigh de thréimhse ama réasúnach. I gcás ina dtacóidh na Ballstáit le glacadh teicneolaíochtaí éifeachtúla breoslaí iontaise nó le teicneolaíocht den sórt sin a athsholáthar go luath, mar shampla, trí scéimeanna fóirdheontais nó scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh aon choigilteas fuinnimh a thagann as sin incháilithe a thuilleadh faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh. Cé nach mbeadh coigilteas fuinnimh a thiocfadh as, mar shampla, comhghiniúint gás-bhunaithe a chur chun cinn incháilithe faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh, ní bheadh feidhm ag an srian maidir le húsáid breoslaí iontaise indírigh, mar shampla, i gcás ina n-áirítear giniúint breoslaí iontaise i dtáirgeadh leictreachais. Ba cheart bearta beartais lena ndírítear ar athruithe iompraíochta chun tomhaltas breoslaí iontaise a laghdú, mar shampla trí fheachtais faisnéise agus trí thiomáint éiceolaíoch, a bheith incháilithe i gcónaí. Féadfar a áireamh ar na bearta beartais lena ndírítear ar athchóiriú foirgneamh bearta amhail córais téimh mhalartacha a chur in ionad córais téimh breoslaí iontaise, mar aon le feabhsuithe ar chreataí foirgneamh. Ba cheart na bearta sin a theorannú do theicneolaíochtaí lenar féidir an coigilteas fuinnimh is gá a bhaint amach i gcomhréir leis na cóid náisiúnta tógála a bhunaítear i mBallstát. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit uasghrádú córas téimh a chur chun cinn mar chuid d’athchóiriú domhain i gcomhréir leis an gcuspóir fadtéarmach maidir le neodracht charbóin, mar atá, an t-éileamh ar théamh a laghdú agus an t-éileamh ar théamh atá fágtha a chumhdach le foinse fuinnimh atá saor ó charbón. Agus cuntas á thabhairt acu ar an gcoigilteas is gá chun sciar den oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, féadfaidh na Ballstáit a ndálaí aeráide a chur san áireamh.

(66)

Tá bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh na mBallstát san iompar incháilithe le bheith curtha san áireamh chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh críochúsáide a bhaint amach. Áirítear ar bheartais den sórt sin beartais atá, inter alia, tiomanta d’fheithiclí níos éifeachtúla a chur chun cinn mar aon le haistriú modha chuig rothaíocht, siúl agus iompar poiblí, nó soghluaisteacht agus pleanáil uirbeach lena laghdaítear an t-éileamh ar iompar. Sa bhreis air sin, is féidir le scéimeanna lena gcuirtear dlús le glacadh feithiclí nó beart beartais nua níos éifeachtúla, lena dtacaítear le haistriú chuig breoslaí lena ngabhann leibhéal astaíochtaí níos ísle, seachas scéimeanna nó bearta beartais maidir le dóchán díreach breosla iontaise a úsáid, lena laghdaítear úsáid fuinnimh in aghaidh an chiliméadair, a bheith incháilithe freisin, faoi réir chomhlíonadh na rialacha maidir le hábharthacht agus le breisíocht a leagtar amach sa Treoir seo. Bearta beartais a chuireann glacadh feithiclí breosla iontaise nua chun cinn, níor cheart dóibh cáiliú mar bhearta cáilithe faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh.

(67)

Bearta arna nglacadh ag Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus a bhfuil feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasaithe mar thoradh orthu, is féidir iad a mheas mar bhealach costéifeachtach do na Ballstáit chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh faoin Treoir seo.

(68)

De rogha ar cheangal a chur ar pháirtithe faoi oibleagáid an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a leagtar síos sa Treoir seo a bhaint amach, ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit, ina gcuid scéimeanna oibleagáide, cead a thabhairt do pháirtithe faoi oibleagáid ranníocaíocht a dhéanamh le ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh nó ceangal a chur orthu é sin a dhéanamh, a d’fhéadfaí a úsáid chun bearta beartais a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta.

(69)

Ba cheart do na Ballstáit agus do pháirtithe faoi oibleagáid úsáid a bhaint as na modhanna agus na teicneolaíochtaí uile atá ar fáil ach amháin maidir le húsáid teicneolaíochtaí i ndáil le dóchán díreach breosla iontaise, chun na ceanglais maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear a bhaint amach, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí cliste agus inbhuanaithe a chur chun cinn i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúla, i mbonneagar éifeachtúil téimh agus fuaraithe, foirgnimh éifeachtúla agus chliste, feithiclí leictreacha agus tionscail agus in iniúchtaí fuinnimh nó i gcórais bainistíochta choibhéiseacha, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh an coigilteas fuinnimh a éilítear an Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le leibhéal ard solúbthachta a áirithiú agus bearta beartais malartacha á gceapadh agus á gcur chun feidhme. Ba cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí a mbeadh coigilteas fuinnimh le linn saolré fada mar thoradh orthu.

(70)

Le bearta fadtéarmacha éifeachtúlachta fuinnimh, leantar de choigilteas fuinnimh a thabhairt tar éis 2020 ach chun rannchuidiú le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2030 an Aontais, ba cheart, leis na bearta sin, coigilteas nua a thabhairt tar éis 2020. Ar an taobh eile, níor cheart coigilteas fuinnimh a bhaintear amach tar éis an 31 Nollaig 2020 a áireamh faoi chomhair an choigiltis charnaigh críochúsáide a cheanglaítear don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

(71)

Is bunphrionsabal bunúsach den oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a leagtar amach sa Treoir seo í an bhreisíocht, a mhéid a áirithíonn sí go gcuireann na Ballstáit beartais agus bearta i bhfeidhm a ceapadh go sonrach chun an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh. Ba cheart coigilteas nua a bheith sa bhreis ar ‘gnó mar is gnáth’ ionas nár cheart coigilteas a bheadh tarlaithe ar aon chaoi a áireamh faoi chomhair chomhlíonadh an hoibleagáide coigiltis fuinnimh. Chun tionchar na mbeart a tugadh isteach a thomhas, níor cheart ach an glanchoigilteas, arna thomhas mar an t-athrú ar an tomhaltas fuinnimh atá inchurtha go díreach i leith an bhirt éifeachtúlachta fuinnimh atá i gceist a chuirtear chun feidhme chun críche na hoibleagáide coigiltis fuinnimh dá bhforáiltear sa Treoir seo, a ríomh. Chun glanchoigilteas a ríomh, ba cheart do na Ballstáit cás bonnlíne a bhunú maidir leis an mbealach in bhforbródh an staid in éagmais an bhirt atá i gceist. Ba cheart an beart beartais atá i gceist a mheasúnú le hais na bonnlíne sin. Ba cheart do na Ballstáit na híoscheanglais dá bhforáiltear sa chreat reachtach ábhartha a chur san áireamh, chomh maith leis an gcaoi a bhféadfar bearta beartais eile a dhéanamh sa tréimhse ama céanna agus go bhféadfadh tionchar a bheith aige sin ar mhéid na gcoigilteas fuinnimh, ionas nach féidir na hathruithe uile a tugadh faoi deara ó tugadh isteach beart beartais ar leith a chur i leith an bhirt beartais sin, agus i leith an bhirt sin amháin. Le gníomhaíochtaí an pháirtí faoi oibleagáid, an pháirtí rannpháirtigh nó an pháirtí iontaoibhe, ba cheart rannchuidiú go hiarbhír leis an gcoigilteas fuinnimh a éilítear a bhaint amach chun comhlíonadh an cheanglais ábharthachta a áirithiú.

(72)

Tá sé tábhachtach céimeanna uile an tslabhra fuinnimh a mheabhrú, i gcás inarb ábhartha, agus an coigilteas fuinnimh á ríomh chun an acmhainneacht coigiltis fuinnimh a mhéadú agus leictreachas á tharchur agus á dháileadh. Léiríodh i staidéir agus sa chomhairliúchán le páirtithe leasmhara go bhfuil acmhainneacht shuntasach ann. Mar sin féin, tá na dálaí fisiciúla agus eacnamaíocha an-éagsúil i measc na mBallstát, agus go minic laistigh de roinnt Ballstát, agus tá líon mór oibreoirí córais ann. Léiríonn na himthosca sin cur chuige díláraithe, de bhun phrionsabal na coimhdeachta. Tá an t-eolas, na hinniúlachtaí dlíthiúla agus an acmhainn riaracháin is gá ag na hÚdaráis Rialála Náisiúnta chun forbairt eangach leictreachais atá tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn. Is féidir le heintitis amhail Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tharchurtha Leictreachais (ENTSO-E) agus an tEintiteas Eorpach d’Oibreoirí Córais Dáileacháin rannchuidithe úsáideacha a sholáthar freisin agus ba cheart dóibh tacú lena gcomhaltaí agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu.

(73)

Baineann breithnithe comhchosúla le líon an-mhór oibreoirí córais gáis nádúrtha. Tá an ról atá ag gás nádúrtha agus ráta soláthair agus cuimsithe na críche an-éagsúil i measc na mBallstát. Sna cásanna sin, is iad na hÚdaráis Rialála Náisiúnta is fearr atá in ann monatóireacht agus stiúradh a dhéanamh ar éabhlóid an chórais i dtreo éifeachtúlachta méadaithe, agus féadfaidh eintitis amhail Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis rannchuidithe úsáideacha a sholáthar agus ba cheart dóibh tacú lena gcomhaltaí agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu.

(74)

Tá ról ESCOnna tábhachtach chun maoiniú a fhorbairt, a dhearadh, a thógáil agus a eagrú le haghaidh tionscadail a spárálann fuinneamh, a laghdaíonn costais fuinnimh, agus a laghdaíonn costais oibríochtaí agus chothabhála in earnálacha éagsúla amhail foirgnimh, tionsclaíocht agus iompar.

(75)

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an nasc uisce-fuinnimh a chur san áireamh chun aghaidh a thabhairt ar úsáid idirspleách an fhuinnimh agus an uisce agus ar an mbrú méadaitheach ar an dá acmhainn sin. Trí uisce a bhainistiú ar bhealach éifeachtach, féadfar cur go mór leis an gcoigilteas fuinnimh, rud a théann chun tairbhe ní hamháin don aeráid ach don gheilleagar agus don tsochaí freisin. Is ionann earnálacha an uisce agus an fhuíolluisce agus 3,5 % den leictreachas a úsáidtear san Aontas agus táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar an sciar sin. Ag an am céanna, is ionann sceitheadh uisce agus 24 % den uisce iomlán a ídítear san Aontas agus is í an earnáil fuinnimh an tomhaltóir is mó uisce, agus 44 % den tomhaltas iomlán á dhéanamh suas aici. Ba cheart an coigilteas fuinnimh a d’fhéadfaí a dhéanamh trí theicneolaíochtaí cliste agus próisis chliste a úsáid feadh na dtimthriallta agus na bhfeidhmchlár uisce tionsclaíochta, cónaithe agus tráchtála go léir a iniúchadh agus a réadú go hiomlán aon uair is costéifeachtaí, agus ba cheart aird a thabhairt ar an gcéad phrionsabal maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh ardteicneolaíochtaí uisciúcháin, teicneolaíochtaí buaint uisce báistí agus teicneolaíochtaí athúsáide uisce tomhaltas uisce sa talmhaíocht, foirgnimh agus tionscail agus an fuinneamh a úsáidtear chun é a chóireáil agus a iompar a laghdú go suntasach.

(76)

I gcomhréir le hAirteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart beartais éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bheith cuimsitheach, agus dá bhrí sin, ba cheart dóibh rochtain chothrom ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a áirithiú do thomhaltóirí a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh. Ba cheart feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus úsáideoirí deiridh, agus daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, daoine scothaosta agus daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí áirithe atá go mór i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó grúpaí atá níos soghabhálaí i leith na n-éifeachtaí díobhálacha a bhaineann leis an mbochtaineacht fuinnimh, amhail mná, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, leanaí agus daoine a bhaineann le cúlra cine mionlaigh nó eitnigh mionlaigh. Is féidir le Ballstáit a cheangal ar pháirtithe faoi oibleagáid aidhmeanna sóisialta a chur san áireamh i mbearta coigiltis fuinnimh i ndáil leis an mbochtaineacht fuinnimh agus leathnaíodh amach an fhéidearthacht sin cheana féin chuig bearta beartais malartacha agus chuig cistí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh. Ba cheart an fhéidearthacht sin a chlaochlú ina hoibleagáid chun na custaiméirí leochaileacha agus na húsáideoirí deiridh a chosaint, chun cumhacht a thabhairt dóibh agus chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú, agus é a chur ar a gcumas do na Ballstáit solúbthacht iomlán a choinneáil ag an am chéanna maidir le cineál, méid, raon feidhme agus inneachar na mbeart beartais sin. Mura gceadaítear bearta a bhaineann le tomhaltóirí aonair fuinnimh le scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh an Ballstát bearta a ghlacadh chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú trí bhíthin bearta beartais malartacha agus trí bhíthin na mbeart sin amháin. Laistigh dá meascán beartais, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh éifeacht dhíobhálach ag bearta beartais eile ar dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, ar chustaiméirí leochaileacha, ar úsáideoirí deiridh, agus, i gcás inarb infheidhme, ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. Ba cheart do na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir a bhaint as infheistíochtaí cistithe poiblí i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear cistiú agus saoráidí airgeadais arna mbunú ar leibhéal an Aontais.

(77)

Ba cheart do gach Ballstát coincheap an chustaiméara leochailigh a shainiú agus d’fhéadfadh an coincheap sin tagairt a dhéanamh don bhochtaineacht fuinnimh agus, inter alia, do dhíscor an leictreachais a fhaigheann custaiméirí den sórt sin a thoirmeasc ag amanna criticiúla. Maidir le coincheap na gcustaiméirí leochaileacha, féadfar a áireamh leis leibhéil ioncaim, an sciar den chaiteachas fuinnimh as ioncam indiúscartha, éifeachtúlacht fuinnimh na dtithe, dianspleáchas ar threalamh leictreach ar chúiseanna sláinte, mar gheall ar aois nó bunaithe ar chritéir eile. Cuireann sé sin ar chumas na mBallstát daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal a chur san áireamh.

(78)

De réir Mholadh (AE) 2020/1563, ní raibh thart ar 34 mhilliún teaghlach san Aontas in ann a n-áit chónaithe a choinneáil te go leor in 2019. Tugann an Comhaontú Glas don Eoraip tosaíocht don ghné shóisialta den aistriú trí ghealltanas a thabhairt i leith an phrionsabail ‘nach bhfágfar aon duine ar lár’. Déanann an t-aistriú glan, lena n-áirítear an t-aistriú glan, dochar do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus d’fhéadfadh tionchar ar leith a bheith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, daoine faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, caithfidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh bheith mar chuid lárnach d'aon straitéis chostéifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar leochaileacht tomhaltóirí agus tá siad ina chomhlánú ar bheartais slándála sóisialta ar leibhéal na mBallstát. Chun a áirithiú go laghdaítear bochtaineacht fuinnimh do thionóntaí ar bhonn inbhuanaithe le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, ba cheart costéifeachtacht na mbeart sin, mar aon le hinacmhainneacht na mbeart sin d'úinéirí maoine agus do thionóntaí, a chur san áireamh, agus ba cheart tacaíocht airgeadais agus theicniúil leordhóthanach do na bearta sin a ráthú ar leibhéal na mBallstát. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht a thabhairt don leibhéal áitiúil agus don leibhéal réigiúnach maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh a shainaithint agus a mhaolú. San fhadtéarma, ní mór stoc foirgneamh an Aontais a thiontú ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Níl na rátaí ag a bhfuil foirgnimh á n-athchóiriú faoi láthair leordhóthanach agus is iad na foirgnimh ina bhfuil saoránaigh ar ioncam íseal, dá ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh dochar, na cinn is deacra fáil fhad leo. Is den ríthábhacht, dá bhrí sin, na bearta a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le hoibleagáidí maidir le coigilteas fuinnimh, a bhaineann le scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus a bhaineann le bearta beartais malartacha.

(79)

Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh a áirithiú nach dtiocfaidh méadú díréireach ar chostas seirbhísí a bhaineann le bearta den sórt sin ná eisiamh sóisialta níos mó as bearta chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn nó a éascú, go háirithe na bearta siúd a bhaineann le foirgnimh agus leis an tsoghluaisteacht.

(80)

Chun leas a bhaint as an acmhainneacht coigilte fuinnimh i gcodanna áirithe den mhargadh, i gcásanna nach mbíonn iniúchtaí fuinnimh á dtairiscint ar bhonn tráchtála de ghnáth, amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ba cheart do na Ballstáit cláir a fhorbairt chun FBManna a spreagadh agus chun tacú leo le dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus na moltaí a eascraíonn as na hiniúchtaí fuinnimh sin a chur chun feidhme. Ba cheart iniúchtaí fuinnimh a bheith éigeantach agus rialta d’fhiontair a bhfuil meántomhaltas fuinnimh bliantúil os cionn tairseach áirithe acu, ós rud é gur féidir le coigilteas fuinnimh a bheith suntasach. Ba cheart Caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta ábhartha, amhail EN ISO 50001 (Córais Bainistíochta Fuinnimh), nó EN 16247-1 (Iniúchtaí Fuinnimh), nó, má chuirtear iniúchadh fuinnimh san áireamh, EN ISO 14000 (Córais Bainistíochta Comhshaoil) a chur san áireamh sna hiniúchtaí fuinnimh agus ba cheart dóibh, dá bhrí sin, a bheith i gcomhréir leis an Treoir seo, ar Treoir í nach dtéann níos faide ná ceanglais na gcaighdeán ábhartha sin. Tá caighdeán sonrach Eorpach maidir le hiniúchtaí fuinnimh á fhorbairt i láthair na huaire. Féadfar iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh ar bhonn neamhspleách nó mar chuid de chóras bainistíochta comhshaoil níos leithne nó de chonradh feidhmíochta fuinnimh. I ngach cás den sórt sin, ba cheart na córais sin a bheith i gcomhréir leis na híoscheanglais a leagtar síos sa Treoir seo. Ina theannta sin, féadfar a mheas go bhfuil sásraí agus scéimeanna sonracha arna mbunú chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí agus tomhaltas breosla ag oibreoirí iompair áirithe, mar shampla, faoi dhlí an Aontais CTA AE, i gcomhréir le hiniúchtaí fuinnimh, lena n-áirítear i gcórais bainistíochta fuinnimh, má chomhlíonann siad na híoscheanglais a leagtar síos sa Treoir seo. I gcás na bhfiontar sin a bhfuil an oibleagáid iniúchóireachta fuinnimh á cur chun feidhme acu cheana, ba cheart leanúint d’iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh gach 4 bliana ar a laghad ó dháta an iniúchta fuinnimh roimhe sin, i gcomhréir leis an Treoir seo.

(81)

D’fhéadfadh na Ballstáit treoirlínte a bhunú le go leanfadh fiontair bearta cur chun feidhme chun coigiltis bhliantúla nua arna sainaithint san iniúchadh fuinnimh a bhaint amach.

(82)

Ba cheart meántomhaltas an fhiontair a bheith ina chritéar chun sainiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcóras bainistíochta fuinnimh agus ar chur i bhfeidhm na n-iniúchtaí fuinnimh chun íogaireacht na sásraí sin a mhéadú maidir le deiseanna ábhartha maidir le coigilteas fuinnimh costéifeachtach a shainaithint. Ba cheart fiontar atá faoi bhun na dtairseach tomhaltais a shainítear le haghaidh córais bainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh a spreagadh chun dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus chun na moltaí a eascraíonn as na hiniúchtaí sin a chur chun feidhme.

(83)

I gcás ina ndéanann saineolaithe inmheánacha iniúchtaí fuinnimh, níor cheart iad a bheith ag gabháil go díreach don ghníomhaíocht a ndéantar iniúchóireacht uirthi chun a neamhspleáchas a ráthú.

(84)

Ba cheart do na Ballstáit cur chun feidhme córas bainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh a chur chun cinn laistigh den riarachán poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

(85)

Is earnáil thábhachtach eile í an earnáil TFC a bhfuil méadú ag teacht ar an aird a thugtar uirthi. In 2018 b’ionann tomhaltas fuinnimh na lárionad sonraí san Aontas agus 76,8 TWh. Meastar go dtiocfaidh méadú 28 % air sin go 98,5 TWh faoi 2030. Is féidir an méadú seo i ndearbhthéarmaí a fheiceáil i dtéarmaí coibhneasta freisin: laistigh den Aontas, b’ionann éileamh na n-ionad sonraí ar leictreachas agus 2,7 % den éileamh ar leictreachas in 2018 agus sroichfidh siad 3,21 % faoi 2030 má leantar leis an bhforbairt ar an gconair atá ann faoi láthair. Cuireadh i dtábhacht cheana féin i Straitéis Dhigiteach an Aontais an gá atá le lárionaid sonraí atá thar a bheith tíosach ar fhuinneamh agus atá inbhuanaithe agus iarrtar inti bearta trédhearcachta le haghaidh oibreoirí teileachumarsáide maidir lena lorg comhshaoil. Chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn san earnáil TFC, go háirithe sna lárionaid sonraí, ba cheart do na Ballstáit sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú, atá ábhartha maidir le feidhmíocht fuinnimh, lorg uisce agus solúbthacht ó thaobh éilimh na lárionad sonraí, ar bhonn teimpléad coiteann de chuid an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit a cheangal go mbaileofaí agus go bhfoilseofaí sonraí faoi lárionaid sonraí a bhfuil lorg comhshaoil suntasach acu agus fúthu sin amháin, lena bhféadfadh dearadh iomchuí nó idirghabhálacha éifeachtúlachta iomchuí, le haghaidh suiteálacha nua nó suiteálacha atá ann cheana faoi seach, laghdú suntasach ar thomhaltas fuinnimh agus uisce, méadú ar éifeachtúlacht na gcóras chun dícharbónú na heangaí a chur chun cinn nó athúsáid dramhtheasa i saoráidí in aice láimhe agus i líonraí teasa a spreagadh. D’fhéadfaí táscairí inbhuanaitheachta lárionaid sonraí a bhunú ar bhonn na sonraí sin a bhailítear, agus tionscnaimh atá ann cheana san earnáil á gcur san áireamh freisin.

(86)

Tá feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir leis na lárionaid sonraí sin a chomhlíonann an tairseach a leagtar amach sa Treoir seo. I ngach cás agus go sonrach i gcás lárionaid sonraí fiontair ar an láthair, ba cheart an oibleagáid tuairiscithe a thuiscint mar thagairt do na spásanna agus don trealamh a fhónann go príomha nó go heisiach d’fheidhmeanna a bhaineann le sonraí (seomraí freastalaithe), lena n-áirítear an trealamh gaolmhar is gá, mar shampla, fuarú gaolmhar, soilsiú gaolmhar, eagair ceallraí, nó soláthairtí cumhachta do-idirbhriste. Aon trealamh TF atá suite nó suiteáilte i rochtain phoiblí, úsáid choiteann nó spás oifige go príomha, nó a thacaíonn le feidhmeanna corparáideacha eile, amhail stáisiúin oibre, ríomhairí glúine, fótachóipeálaithe, braiteoirí, trealamh slándála, nó earraí bána agus fearais chlosamhairc, ba cheart iad a eisiamh ón oibleagáid tuairiscithe. Ba cheart feidhm a bheith ag an eisiamh céanna maidir le freastalaí, líonrú, stóráil, agus trealamh gaolmhar a bheadh scaipthe ar fud láithreáin amhail freastalaithe aonair, racaí aonair, nó Wi-Fi agus pointí líonraithe.

(87)

Ba cheart na sonraí bailithe a úsáid chun roinnt bunghnéithe d’ionad sonraí inbhuanaithe ar a laghad a thomhas, eadhon a éifeachtaí atá sé maidir le húsáid fuinnimh, méid an fhuinnimh sin a thagann ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, athúsáid aon dramhtheasa a tháirgeann sé, éifeachtacht an fhuaraithe, éifeachtacht na húsáide carbóin agus úsáid fionnuisce. Leis na sonraí bailithe agus leis na táscairí inbhuanaitheachta, ba cheart feasacht a mhúscailt i measc úinéirí agus oibreoirí lárionaid sonraí, monaróirí trealaimh, forbróirí bogearraí agus seirbhísí, úsáideoirí seirbhísí lárionaid sonraí ar gach leibhéal chomh maith le heintitis agus eagraíochtaí a úsáideann nó a sholáthraíonn néalseirbhísí agus seirbhísí lárionaid sonraí. Leis na sonraí bailithe agus leis na táscairí inbhuanaitheachta, ba cheart muinín a thabhairt freisin maidir leis na feabhsuithe iarbhír tar éis iarrachtaí agus beart chun inbhuanaitheacht na lárionad sonraí nua nó na lárionad sonraí atá ann cheana a mhéadú. Ar deireadh, ba cheart na sonraí bailithe agus na táscairí inbhuanaitheachta a úsáid mar bhonn do phleanáil agus do chinnteoireacht thrédhearcach fhianaisebhunaithe. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na lárionad sonraí ar bhonn na faiséise arna cur in iúl ag na lárionaid sonraí faoi oibleagáid.

(88)

Tar éis measúnú a dhéanamh, agus na comhpháirtíochtaí earnáilsonracha féideartha um éifeachtúlacht fuinnimh á mbunú aige, ba cheart don Choimisiún príomh-gheallsealbhóirí a thabhairt le chéile, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na comhpháirtithe sóisialta, in earnálacha mar TFC, iompar, airgeadas agus foirgnimh ar bhealach cuimsitheach ionadaíoch.

(89)

Ba cheart caiteachas níos ísle do thomhaltóirí ar fhuinnimh a bhaint amach trí chuidiú le tomhaltóirí an méid fuinnimh a úsáideann siad a laghdú trí riachtanais fuinnimh foirgneamh a laghdú agus trí fheabhsuithe ar éifeachtúlacht fearas, rud ar cheart a bheith in éineacht le hinfhaighteacht modhanna agus iompair ísealfhuinnimh arna gcomhtháthú le hiompar poiblí, le soghluaisteacht chomhroinnte agus le rothaíocht. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar an nascacht a fheabhsú i limistéir thuaithe agus iargúlta.

(90)

Is den ríthábhacht feasacht shaoránaigh uile an Aontais a ardú i leith na dtairbhí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe agus le faisnéis chruinn a sholáthar dóibh i dtaobh na slite is féidir an méid sin a bhaint amach. Ba cheart do shaoránaigh idir óg is aosta a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh tríd an gComhshocrú Aeráide Eorpach agus tríd an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe thar a bheith tábhachtach freisin i dtaca le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais trína spleáchas ar allmhairiú breoslaí ó thríú tíortha a laghdú.

(91)

Ba cheart costais agus tairbhí na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh go léir a ghlactar, lena n-áirítear tréimhsí aisíoca, a bheith go hiomlán trédhearcach do thomhaltóirí.

(92)

Nuair a bheidh an Treoir seo á cur chun feidhme ag na Ballstáit agus bearta eile i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu, ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar shineirgí idir bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus úsáid éifeachtúil acmhainní nádúrtha i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh.

(93)

Agus tairbhe á baint acu as samhlacha agus teicneolaíochtaí nua gnó, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn agus a éascú, lena n-áirítear trí sheirbhísí fuinnimh nuálacha do chustaiméirí móra agus beaga.

(94)

Is gá foráil a dhéanamh d’aiseolas rialta agus aiseolas feabhsaithe a fháil i leith tomhaltais fuinnimh i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil agus go costéifeachtúil i bhfianaise na bhfeistí tomhais atá i bhfeidhm. Soiléirítear leis an Treoir seo go mbraitheann a chostéifeachtúla atá fomhéadrú ar cé acu atá nó nach bhfuil na costais ghaolmhara comhréireach leis an gcoigilteas fuinnimh féideartha. Leis an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil fomhéadrú costéifeachtúil, féadfar a chur san áireamh an tionchar a bheadh ag bearta nithiúla eile atá beartaithe i bhfoirgneamh ar leith, amhail athchóiriú ar bith atá le teacht.

(95)

Soiléirítear leis an Treoir seo freisin gur cheart feidhm a bheith ag cearta i ndáil le billeáil agus i ndáil le faisnéis faoi bhilleáil nó faoi thomhaltas maidir le tomhaltóirí téimh, fuaraithe nó uisce the tí a sholáthraítear ag foinse lárnach, fiú nuair nach bhfuil aon chaidreamh conarthach díreach, aonair le soláthróirí fuinnimh.

(96)

Chun trédhearcacht na cuntasaíochta a bhaint amach i gcás tomhaltas aonair fuinnimh theirmigh, agus cur chun feidhme an fhomhéadraithe a éascú ar an gcaoi sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rialacha náisiúnta i bhfeidhm acu atá trédhearcach agus ar fáil don phobal, ar rialacha iad is infheidhme maidir le leithdháileadh chostas an tomhaltais téimh, fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh ilárasán agus ilchuspóra. Anuas ar an trédhearcacht sin, d’fhéadfadh na Ballstáit cuimhneamh ar bhearta a ghlacadh chun an t-iomaíochas a neartú maidir le soláthar seirbhísí fomhéadraithe, rud a chuideodh lena áirithiú go mbeadh aon chostas a bheadh le híoc ag na húsáideoirí deiridh réasúnach.

(97)

Ba cheart méadair teasa nuashuiteáilte agus leithdháileoirí costais teasa a bheith inléite go cianda chun a áirithiú go ndéantar faisnéis tomhaltais atá costéifeachtach a sholáthar go rialta. Forálacha na Treorach seo maidir le méadrú i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí; le fomhéadrú agus leithdháileadh na gcostas i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí; le ceanglas cianléimh; le faisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh agus fuaraithe agus uisce te tí; an costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí; agus leis na ceanglais íosta d’fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí, beartaítear nach mbeidh feidhm ag na leasuithe sin ach maidir le téamh, le fuarú agus le huisce te tí a sholáthraítear ó fhoinse lárnach. Fágfar faoi na Ballstáit féin a chinneadh cé acu an measfar nó nach measfar gur teicneolaíochtaí atá inléite go cianda iad teicneolaíochtaí léimh shoghluaiste (de chineál ‘walk-by’ nó ‘drive-by’). Le feistí atá inléite go cianda, ní gá rochtain a bheith ar árasáin aonair ná aonaid aonair.

(98)

Ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh go n-éilítear infheistíocht feabhsaithe san oideachas agus i scileanna le haghaidh úsáideoirí agus soláthróirí fuinnimh araon chun teicneolaíochtaí nua lena ndéantar tomhaltas fuinnimh a thomhas a chur chun feidhme.

(99)

Modh tábhachtach chun custaiméirí a chur ar an eolas faoina dtomhaltas fuinnimh is ea faisnéis bhilleála agus ráitis bhliantúla. Is féidir faisnéis eile a chur in iúl le sonraí maidir le tomhaltas agus le costais lena gcuidítear le tomhaltóirí an socrú atá acu faoi láthair a chur i gcomparáid le tairiscintí eile agus úsáid a bhaint as bainistiú gearán agus as sásraí um réiteach malartach díospóidí. Mar sin féin, ós rud é gur foinse coiteann gearán tomhaltóirí iad díospóidí a bhaineann le billí agus gur rud é a chuireann le leibhéil ísle dhianseasmhacha sásaimh tomhaltóirí agus rannpháirtíochta tomhaltóirí lena soláthraithe fuinnimh, is gá billí a dhéanamh níos simplí, níos soiléire agus níos éasca le tuiscint, agus é á áirithiú ag an am céanna go soláthraítear an fhaisnéis uile is gá chun cur ar chumas tomhaltóirí a dtomhaltas fuinnimh a rialú, tairiscintí a chur i gcomparáid lena chéile agus soláthróirí a aistriú trí ionstraimí ar leith amhail faisnéis bhilleála, uirlisí faisnéise agus ráitis bhliantúla.

(100)

Agus bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh á gceapadh acu, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar an ngá atá le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus cur chun feidhme comhsheasmhach an acquis a áirithiú, i gcomhréir le CFAE.

(101)

Tá acmhainneacht shuntasach maidir le fuinneamh príomhúil a shábháil san Aontas ag baint le comhghiniúint ardéifeachtach agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil. Ba cheart do na Ballstáit measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an acmhainneacht maidir le comhghiniúint ardéifeachtach agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil. Ba cheart na measúnuithe sin a bheith comhsheasmhach le pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát agus lena straitéisí athchóirithe fadtéarmacha, agus d’fhéadfaí a áireamh leo conairí as a dtiocfaidh earnáil náisiúnta téimh agus fuaraithe atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite agus ar dhramhtheas laistigh de thréimhse ama atá comhoiriúnach le gnóthú chuspóir na haeráidneodrachta. Suiteálacha giniúna leictreachais nua agus suiteálacha atá ann cheana a ndéantar athchóiriú substaintiúil orthu nó ag a bhfuil cead nó ceadúnas nuashonraithe acu, ba cheart dóibh, faoi réir anailís costais is tairbhe ina léirítear barrachas costais is tairbhe, aonaid chomhghiniúna ardéifeachtaí a bheith acu chun dramhtheas a eascraíonn as táirgeadh leictreachais a aisghabháil. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart réitigh theicniúla a bheith ag na saoráidí eile a bhfuil meánionchur fuinnimh substaintiúil bliantúil acu chun dramhtheas ón saoráid a úsáid i gcás ina léirítear barrachas costais is tairbhe san anailís costais is tairbhe. D’fhéadfaí an dramhtheas sin a iompar chuig na háiteanna a bhfuil gá acu leis trí líonraí téimh ceantair. Go ginearálta, is éard a bheidh sna himeachtaí a spreagann ceanglas critéir údarúcháin a chur i bhfeidhm imeachtaí lena spreagtar ceanglais maidir le ceadanna faoi Threoir 2010/75/AE agus maidir le húdarú faoi Threoir (AE) 2019/944 freisin.

(102)

D’fhéadfadh sé gurb iomchuí do shuiteálacha giniúna leictreachais atá beartaithe chun úsáid a bhaint as stóráil gheolaíoch a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) a bheith suite in áiteanna nach bhfuil aisghabháil dramhtheasa trí chomhghiniúint ardéifeachtach nó trí líonra téimh nó fuaraithe ceantair a sholáthar costéifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na suiteálacha sin a dhíolmhú ón oibleagáid anailís costais is tairbhe a dhéanamh chun trealamh a sholáthar don tsuiteáil lenar féidir dramhtheas a aisghabháil trí aonad comhghiniúna ardéifeachtaí. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith indéanta buaiclód agus suiteálacha cúltaca giniúna leictreachais a bhfuil sé beartaithe iad a oibriú faoi bhun 1 500 uair oibríochta in aghaidh na bliana mar mheán rollach thar thréimhse 5 bliana a dhíolmhú ón gceanglas teas a sholáthar freisin.

(103)

Is iomchuí do na Ballstáit bearta agus nósanna imeachta a thabhairt isteach chun suiteálacha comhghiniúna ar lú a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 5 MW a chur chun cinn chun giniúint fuinnimh leithdháilte a spreagadh.

(104)

Chun measúnuithe cuimsitheacha náisiúnta a chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit measúnuithe ar an acmhainneacht maidir le comhghiniúint ardéifeachtach agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a spreagadh ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun réadú acmhainneacht aitheanta costéifeachtach na comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a chur chun cinn agus a éascú.

(105)

Ba cheart na ceanglais maidir le téamh agus fuarú ceantair a bheith comhsheasmhach le spriocanna beartais aeráide fadtéarmacha, le caighdeáin aeráide agus comhshaoil agus le tosaíochtaí an Aontais, agus ba cheart dóibh prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Rialachán (AE) 2020/852 a chomhlíonadh. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na córais téimh agus fuaraithe ceantair uile idirghníomhú le codanna eile den chóras fuinnimh chun úsáid fuinnimh a bharrfheabhsú agus chun dramhaíl fuinnimh a chosc trí leas a bhaint as acmhainneacht iomlán foirgneamh teas nó fuacht a stóráil, lena n-áirítear an teas iomarcach ó shaoráidí seirbhíse agus ó lárionaid sonraí in aice láimhe. Ar an gcúis sin, áiritheofar leis na córais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil go dtiocfaidh méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh phríomhúil agus go ndéanfaí fuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas agus dramhfhuacht, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), a chomhtháthú de réir a chéile. Dá bhrí sin, déantar ceanglais níos déine maidir le soláthar téimh agus fuaraithe a thabhairt isteach de réir a chéile leis an Treoir seo agus ba cheart iad a bheith infheidhme go leanúnach le linn tréimhsí sonracha bunaithe agus ba cheart go mbeadh feidhm bhuan acu ón 1 Eanáir 2050 ar aghaidh.

(106)

Ba cheart na prionsabail chun sciar an teasa nó an fhuachta ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh i dtéamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a ríomh a bheith i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 agus modheolaíochtaí Eurostat le haghaidh tuairisciú staidrimh. De bhun Airteagal 7(1) de Threoir (AE) 2018/2001, áirítear olltomhaltas fuinnimh deiridh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe san olltomhaltas fuinnimh deiridh ó fhoinsí in-athnuaite. Tá olltomhaltas fuinnimh deiridh teasa nó fuachta i dtéamh nó fuarú ceantair cothrom le soláthar fuinnimh teasa nó fuachta a théann isteach sa ghréasán a fhreastalaíonn ar na custaiméirí deiridh nó ar dháileoirí fuinnimh.

(107)

Tá teaschaidéil tábhachtach chun an soláthar téimh agus fuaraithe a dhícharbónú, agus i dtéamh ceantair freisin. Leis an modheolaíocht a bhunaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, soláthraítear rialacha chun fuinneamh arna ghabháil le teaschaidéil a áireamh mar fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, agus cuirtear cosc dá réir ar chomhaireamh dúbailte an leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite. Chun críocha sciar an fhuinnimh in-athnuaite i líonra téimh ceantair a ríomh, ba cheart an teas ar fad a thagann ón teaschaidéal agus a théann isteach sa ghréasán a áireamh mar fhuinneamh in-athnuaite, ar choinníoll go gcomhlíonann an teaschaidéal na híoschritéir éifeachtúlachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 tráth a suiteála.

(108)

Sainíodh comhghiniúint ardéifeachtach de réir an choigiltis fuinnimh a fhaightear trí chomhghiniúint cumhachta agus teasa seachas giniúint ar leithligh cumhachta agus teasa. Ba cheart na ceanglais maidir le comhghiniúint ardéifeachtach a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna fadtéarmacha sa bheartas don athrú aeráide. Ba cheart na sainmhínithe ar chomhghiniúint agus ar chomhghiniúint ardéifeachtach a úsáidtear i reachtaíocht an Aontais a bheith gan dochar d’úsáid sainmhínithe éagsúla i reachtaíocht náisiúnta chun críoch eile seachas na críocha sin i reachtaíocht an Aontais atá i gceist. Chun an coigilteas fuinnimh a uasmhéadú agus chun nach gcaillfear deiseanna coigilte fuinnimh, ba cheart an aird is mó a thabhairt ar choinníollacha oibriúcháin na n-aonad comhghiniúna.

(109)

Chun trédhearcacht a áirithiú agus chun a chur ar a chumas don chustaiméir deiridh rogha a dhéanamh idir leictreachas ó chomhghiniúint agus leictreachas a tháirgtear trí úsáid a bhaint as teicnící eile, ba cheart tionscnamh na comhghiniúna ardéifeachtaí a ráthú ar bhonn na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe. Ní hionann scéimeanna ráthaíochta tionscnaimh agus a rá go bhfuil an ceart ann tairbhe a bhaint as sásraí tacaíochta náisiúnta. Tá sé tábhachtach go bhféadfaí gach cineál leictreachais a tháirgtear ó chomhghiniúint ardéifeachtach a chumhdach le ráthaíochtaí tionscnaimh. Ba cheart ráthaíochtaí tionscnaimh a idirdhealú ó dheimhnithe inmhalartaithe.

(110)

Ba cheart struchtúr sonrach na n-earnálacha comhghiniúna agus téimh agus fuaraithe ceantair, lena n-áirítear go leor táirgeoirí ar FBManna iad, a chur san áireamh, go háirithe agus athbhreithniú á dhéanamh ar na nósanna imeachta riaracháin chun cead a fháil líonraí acmhainneachta comhghiniúna nó líonraí gaolmhara a thógáil, agus an prionsabal ‘tús áite d’fhiontair bheaga’ á chur i bhfeidhm.

(111)

FBManna den chuid is mó atá i ngnólachtaí an Aontais. Is é atá iontu acmhainneacht coigiltis fuinnimh ollmhór don Aontas. Chun cuidiú leo bearta éifeachtúlachta fuinnimh a ghlacadh, ba cheart do na Ballstáit creat fabhrach a bhunú arb é is aidhm dó cúnamh teicniúil agus faisnéis spriocdhírithe a chur ar fáil do FBManna.

(112)

Ba cheart do na Ballstáit, ar bhonn critéir oibiachtúla trédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha, rialacha a bhunú lena rialófar seasamh agus roinnt na gcostas ar naisc eangaí agus atreisithe eangaí agus rialacha ar na hoiriúnuithe teicniúla is gá chun táirgeoirí nua leictreachais a tháirgtear le comhghiniúint ardéifeachtúlachta a chomhtháthú, ag cur san áireamh cóid ghréasáin agus treoirlínte a fhorbraítear i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/943 (26) agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27). Ba cheart cead a bheith ag táirgeoirí leictreachais a ghintear ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta glao a eisiúint ar tháirgí le haghaidh na hoibre nasctha. Rochtain ar an gcóras eangaí le haghaidh leictreachas a tháirgtear ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta, go háirithe le haghaidh aonaid chomhghiniúna mhionscála agus micrea-chomhghiniúna, ba cheart sin a éascú. I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2019/944, féadfaidh na Ballstáit oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur, lena n-áirítear oibleagáidí maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh, ar fhiontair a oibríonn in earnálacha an leictreachais agus an gháis.

(113)

Is gá na forálacha ábhartha maidir le billeáil, pointe teagmhála aonair, réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, an bhochtaineacht fuinnimh agus bunchearta conarthacha a leagan amach, féachaint le hiad a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na forálacha ábhartha maidir le leictreachas de bhun Threoir (AE) 2019/944, chun cosaint tomhaltóirí a neartú agus chun go bhféadfaidh custaiméirí deiridh faisnéis níos minice, níos cothrom le dáta a fháil faoina dtomhaltas téimh, fuaraithe nó uisce the tí agus chun go bhféadfaidh siad a dtomhaltas fuinnimh a rialáil.

(114)

Leis an Treoir seo, neartaítear cosaint tomhaltóirí trí chearta conarthacha bunúsacha a thabhairt isteach maidir le téamh ceantair, fuarú agus uisce te tí, i gcomhréir leis an leibhéal ceart, cosanta agus cumhachtaithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2019/944 do chustaiméirí deiridh in earnáil an leictreachais. Ba cheart faisnéis shoiléir gan débhrí maidir lena gcearta a chur ar fáil do thomhaltóirí. Cuireann roinnt tosca bac ar thomhaltóirí rochtain a fháil ar na foinsí éagsúla faisnéise faoin margadh atá ar fáil dóibh, iad a thuiscint agus gníomhú ina bhfianaise. Trí bhunchearta conarthacha a thabhairt isteach, féadfar, i measc nithe eile, tuiscint cheart a fháil ar an mbonnlíne maidir le cáilíocht na seirbhísí a thairgeann an soláthróir sa chonradh, lena n-áirítear cáilíocht agus saintréithe an fhuinnimh a sholáthraítear. Ina theannta sin, is féidir leis cur le híoslaghdú na gcostas folaithe nó breise a d’fhéadfadh teacht as seirbhísí uasghrádaithe nó seirbhísí nua a thabhairt isteach tar éis shíniú an chonartha gan tuiscint shoiléir agus comhaontú soiléir ón gcustaiméir. D’fhéadfadh baint a bheith ag na seirbhísí sin, i measc nithe eile, leis an bhfuinneamh a sholáthraítear, seirbhísí méadraithe agus billeála, ceannach agus suiteáil nó seirbhísí coimhdeacha agus cothabhála agus costais a bhaineann leis an líonra, feistí méadraithe, trealamh téimh nó fuaraithe áitiúil. Rannchuideoidh na ceanglais le hinchomparáideacht tairiscintí a fheabhsú agus áiritheofar leo an leibhéal céanna ceart conarthach bunúsach do shaoránaigh uile an Aontais maidir le téamh, fuarú agus uisce te tí, gan srian a chur ar inniúlachtaí náisiúnta.

(115)

I gcás díscor pleanáilte ó théamh, fuarú agus uisce te tí, ba cheart do sholáthróirí faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil do na custaiméirí lena mbaineann maidir le bearta malartacha, amhail foinsí tacaíochta chun díscor a sheachaint, córais réamhíocaíochta, iniúchtaí fuinnimh, seirbhísí comhairliúcháin fuinnimh, pleananna íocaíochta malartacha, comhairle maidir le bainistiú fiachais nó moratóir ar dhícheangal.

(116)

Ba cheart cosaint níos fearr do thomhaltóirí a ráthú trí shásraí éifeachtacha neamhspleácha um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bheith ar fáil do gach tomhaltóir, amhail ombudsman fuinnimh, comhlacht tomhaltóirí nó údarás rialála. Dá bharr sin, a cheart do na Ballstáit nósanna imeachta tapa agus éifeachtacha chun gearáin a láimhseáil a thabhairt isteach.

(117)

Ba cheart aitheantas a thabhairt don rannchuidiú a dhéanann pobail fuinnimh in-athnuaite, de bhun Threoir (AE) 2018/2001, agus pobail fuinnimh saoránach, de réir Threoir (AE) 2019/944, le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le Plean um Sprioc Aeráide agus ba cheart tacú go gníomhach leo. Ba cheart do na Ballstáit dá bharr sin, breithniú a dhéanamh ar ról na bpobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach agus iad a chur chun cinn. Is féidir leis na pobail sin cabhrú leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach trí éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil nó ar leibhéal an teaghlaigh, agus i bhfoirgnimh phoiblí i gcomhar leis na húdaráis áitiúla. Féadann siad tomhaltóirí a chumhachtú agus plé leo, chomh maith le grúpaí áirithe custaiméirí teaghlaigh a chumasú, lena n-áirítear custaiméirí i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta, chun páirt a ghlacadh i dtionscadail agus in idirghabhálaithe éifeachtúlachta fuinnimh, inar féidir infheistíocht san fhuinneamh in-athnuaite a chur le chéile le gníomhaíochtaí. D’fhéadfadh ról láidir a bheith ag pobail fuinnimh freisin ó thaobh oideachas a chur ar fáil do shaoránaigh agus cur le feasacht na saoránach céanna ar na bearta atá ceaptha chun coigilteas fuinnimh a bhaint amach. Má fhaigheann siad tacaíocht leordhóthanach ó na Ballstáit, féadann pobail fuinnimh cabhrú leis an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac trí thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh, trí tomhaltas fuinnimh laghdaithe agus trí tharaifí soláthair níos ísle a éascú.

(118)

Is féidir athruithe iompraíochta fadtéarmacha sa tomhaltas fuinnimh a bhaint amach ach na saoránaigh a chumhachtú. Is féidir le pobail fuinnimh coigilteas fuinnimh fadtéarmach a dhéanamh, go háirithe i measc teaghlach, agus cur leis na hinfheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanann saoránaigh agus gnólachtaí beaga. Ba cheart do na Ballstáit saoránaigh a chumhachtú chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh trí thacaíocht a thabhairt do thionscadail fuinnimh pobail agus d’eagraíochtaí fuinnimh pobail. Ina theannta sin, is féidir le straitéisí rannpháirtíochta, lena mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil rannpháirteach sa phróiseas ceaptha beartas, a bheith mar chuid de na pleananna dícharbónaithe áitiúla nó réigiúnacha nó de na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, agus é mar chuspóir acu feasacht a mhúscailt, aiseolas a fháil ar bheartais agus feabhas a chur ar ghlacadh an phobail leo.

(119)

Ba cheart aitheantas a thabhairt don mhéid a rannchuidíonn ionaid uileghnó nó struchtúir chomhchosúla arb é atá iontu sásraí lenar féidir roinnt spriocghrúpaí, lena n-áirítear saoránaigh, FBManna agus údaráis phoiblí, a chumasú chun tionscadail agus bearta a bhaineann leis an aistriú chuig fuinneamh glan a dhearadh agus a chur chun feidhme. D’fhéadfadh rannchuidiú na n-ionad ilfhreastail a bheith an-tábhachtach do chustaiméirí leochaileacha, toisc go bhféadfaidís faisnéis iontaofa inrochtana a fháil faoi fheabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh. Is féidir a chuimsiú leis an rannchuidiú sin comhairle agus cúnamh riaracháin, teicniúil agus airgeadais a chur ar fáil, na nósanna imeachta is gá nó rochtain ar na margaí airgeadais a éascú, treoir maidir le creataí dlí an Aontais agus na creataí dlí náisiúnta, lena n-áirítear rialacha agus critéir phoiblí, agus tacsanomaíocht an Aontais.

(120)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar na mbeart a dhéanann sé chun tacú le forbairt ardán nó fóram, lena mbaineann, inter alia, na comhlachtaí Eorpacha um idirphlé sóisialta, ar chláir oiliúna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a chothú, agus ba cheart dó tuilleadh beart a mholadh i gcás inarb iomchuí. Ba cheart don Choimisiún, ina theannta sin, na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha a spreagadh ina bplé ar éifeachtúlacht fuinnimh, i dtaca le custaiméirí leochaileacha agus úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear iad siúd atá faoi bhochtaineacht fuinnimh.

(121)

Tá an t-aistriú cóir cothrom i dtreo Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050 ina chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip. Cuimsítear an fuinneamh, i measc na seirbhísí riachtanacha a bhfuil gach duine i dteideal rochtain a fháil orthu, i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Comhairle agus an Coimisiún go comhpháirteach an 17 Samhain 2017. Ní mór tacaíocht a bheith le fáil ag daoine atá i ngátar chun rochtain a fháil ar na seirbhísí sin, go háirithe i gcomhthéacs brú boilscitheach agus méaduithe suntasacha ar phraghsanna fuinnimh.

(122)

Ní mór a áirithiú go ndéanfar daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta a chosaint agus, chuige sin, go gcumhachtaítear iad chun páirt a ghlacadh sna hidirghabhálacha chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh, sna bearta agus i mbearta gaolmhara cosanta tomhaltóirí nó faisnéise a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme. Ba cheart feachtais múscailte feasachta spriocdhírithe a fhorbairt chun na tairbhí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh a léiriú, chomh maith le faisnéis a chur ar fáil maidir leis an tacaíocht airgeadais atá ar fáil.

(123)

Ba cheart an cistiú poiblí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a infheistiú go straitéiseach i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, go háirithe ar mhaithe le daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine atá ina gcónaí i dteaghlaigh ar ioncam íseal, agus i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. Ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as aon ranníocaíocht airgeadais a d’fhéadfaidís a fháil ón gCiste Aeráide Sóisialta arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), agus as ioncaim ó liúntais ó CTA AE. An oibleagáid atá ar na Ballstáit bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme agus bearta beartais faoin oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inar infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, lena n-áirítear daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe nó i gceantair iargúlta, tacóidh an t-ioncam sin leis na Ballstáit an oibleagáid sin a chomhlíonadh.

(124)

Scéimeanna cistithe náisiúnta, ba cheart iad a chomhlánú le scéimeanna oiriúnacha faisnéise níos fearr, cúnamh teicniúil agus riaracháin, agus rochtain níos éasca ar mhaoiniú lena gcumasófar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na cistí atá ar fáil go háirithe ag daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta.

(125)

Ba cheart do na Ballstáit gach duine a chumhachtú agus a chosaint go cothrom, gan beann ar ghnéas, inscne, aois, míchumas, cine nó bunadh eitneach, gnéaschlaonadh, reiligiún nó creideamh, agus a áirithiú go gcosnófar go leordhóthanach na daoine is mó a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, nó na daoine is mó atá i mbaol a bheith thíos léi, nó na daoine is mó atá neamhchosanta ar dhrochthionchair na bochtaineachta fuinnimh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfidh bearta éifeachtúlachta le haon éagothromaíochtaí atá ann cheana, a mhéid a bhaineann leis an éifeachtúlacht fuinnimh go háirithe.

(126)

De bhun Airteagal 15(2) de Threoir 2012/27/AE, tá measúnú déanta ag na Ballstáit uile ar acmhainneacht éifeachtúlachta fuinnimh a mbonneagar gáis agus leictreachais, agus tá bearta agus infheistíochtaí nithiúla sainaitheanta acu chun feabhsuithe costéifeachtacha éifeachtúlachta fuinnimh a thabhairt isteach i mbonneagar an ghréasáin, le clár ama chun iad a thabhairt isteach. Is bonn daingean iad torthaí na ngníomhaíochtaí sin chun bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm ina gcinntí pleanála gréasáin, forbartha gréasáin agus infheistíochta.

(127)

Ba cheart do na húdaráis náisiúnta rialála cloí le cur chuige comhtháite lena gcuimseofar coigiltis fhéideartha sa soláthar fuinnimh agus sna hearnálacha críochúsáide. Gan dochar don sláine soláthair, don chomhtháthú margaidh agus don réamhinfheistíocht in eangacha amach ón gcósta is gá chun fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a chur in úsáid, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta fuinnimh a áirithiú go gcuirfear bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm ar na próisis phleanála agus cinnteoireachta agus go ndreasófar leis na taraifí agus rialacháin gréasáin feabhsúcháin san éifeachtúlacht fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú chomh maith go gcuirfidh oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin bunphrionsabal na éifeachtúlachta fuinnimh san áireamh. Chuideodh sin le hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin réitigh éifeachtúlachta fuinnimh níos fearr a bhreithniú agus costais incriminteacha á dtabhú chun acmhainní atá dírithe ar an éileamh a sholáthar, chomh maith leis na tionchair chomhshaoil agus shocheacnamaíocha a bheadh ag infheistíochtaí líonra agus pleananna oibríochta éagsúla. Leis an gcur chuige sin is gá aistriú ó pheirspictíocht chúng na héifeachtúlachta eacnamaíche chun an leas sóisialta is mó is féidir a bhaint amach. Ba cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm go háirithe i gcomhthéacs cásanna a fhorbairt chun an bonneagar fuinnimh a mhéadú i gás ina bhféadfaí a mheas gur roghanna malartacha inmharthana atá i réitigh ar thaobh an éilimh agus gur gá iad a mheasúnú i gceart, agus ba cheart é a bheith ina dhlúthchuid den mheasúnú ar thionscadail pleanála líonraí. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta an cur i bhfeidhm a ghrinnscrúdú.

(128)

Ba cheart líon leordhóthanach gairmithe iontaofa atá inniúil i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh a bheith ar fáil chun cur chun feidhme éifeachtach tráthúil na Treorach seo a áirithiú, a mhéid a bhaineann mar shampla le comhlíonadh na gceanglas maidir le hiniúchtaí fuinnimh agus cur chun feidhme scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit dá bhrí sin deimhniú nó cáilíochtú coibhéiseach, nó an dá rud, a chur i bhfeidhm, chomh maith le scéimeanna oiliúna oiriúnacha do sholáthraithe seirbhísí fuinnimh, iniúchtaí fuinnimh agus bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh eile i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, le soláthraithe oiliúna agus le páirtithe leasmhara eile. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar na scéimeanna gach 4 bliana ag tosú ó mhí na Nollag 2024 ar aghaidh agus, i gás inar gá sin, iad a thabhairt cothrom le dáta chun an leibhéal riachtanach inniúlachtaí a áirithiú le haghaidh soláthraithe seirbhísí fuinnimh, soláthraithe iniúchtaí fuinnimh, bainisteoirí fuinnimh agus suiteálaithe eilimintí foirgnimh.

(129)

Is gá leanúint d’fhorbairt an mhargaidh i seirbhísí fuinnimh chun an fháil ar sheirbhísí fuinnimh ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair araon a áirithiú. Rannchuidíonn an trédhearcacht, mar shampla trí bhíthin liostaí soláthraithe deimhnithe seirbhísí fuinnimh agus samhailchonarthaí atá ar fáil, malartú dea-chleachtas agus treoirlínte go mór le glacadh seirbhísí fuinnimh agus sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh, agus féadann siad cuidiú go mór leis an éileamh a spreagadh, agus leis an muinín as soláthraithe seirbhísí fuinnimh a mhéadú. I gconradh feidhmíochta fuinnimh, seachnaíonn tairbhí na seirbhíse fuinnimh costais infheistíochta trí chuid de luach airgeadais an choigiltis fuinnimh a úsáid chun an infheistíocht a dhéanann tríú páirtí a aisíoc go hiomlán nó go páirteach. Cuidíonn sé sin le caipiteal príobháideach a mhealladh, rud atá tábhachtach ó thaobh rátaí athchóirithe tógála a mhéadú san Aontas, saineolas a thabhairt isteach sa mhargadh agus samhlacha nua gnó a chruthú. Dá bhrí sin, maidir le foirgnimh mhóra neamhchónaithe a bhfuil achar urláir úsáideach os cionn 750 m2 acu, ba cheart ceanglas a bheith ann ina leith measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé úsáid a bhaint as sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh le haghaidh athchóiriú. Is céim chun tosaigh é sin chun an mhuinín as cuideachtaí seirbhísí fuinnimh a mhéadú agus chun an bealach a réiteach chun tionscadail den chineál sin a mhéadú sa todhchaí.

(130)

I bhfianaise na gcuspóirí uaillmhianacha maidir le hathchóiriú atá ann do na deich mbliana amach romhainn i gcomhthéacs an Rabharta Athchóiriúcháin, ní mór an ról atá ag idirghabhálaithe margaidh neamhspleácha a mhéadú lena n-áirítear ionaid ilfhreastail nó sásraí tacaíochta comhchosúla chun forbairt an mhargaidh a spreagadh ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair agus chun sásraí conarthacha feidhmíochta le haghaidh athchóiriú ar fhoirgnimh phoiblí agus phríobháideacha araon a chur chun cinn. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag gníomhaireachtaí áitiúla fuinnimh sa mhéid sin, agus maidir le héascaitheoirí féideartha nó ionaid uileghnó a shainaithint agus tacú lena mbunú. Ba cheart go gcuideodh an Treoir seo le feabhas a chur ar infhaighteacht táirgí, seirbhísí agus comhairle, lena n-áirítear trí chur chun cinn a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ag fiontraithe na bearnaí sa mhargadh a líonadh agus bealaí nuálacha a sholáthar chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, agus urraim do phrionsabail an neamh-idirdhealaithe á áirithiú ag an am céanna.

(131)

Tá bacainní tábhachtacha fós le sárú ag sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh i roinnt Ballstát mar gheall ar bhacainní rialála agus neamhrialála atá fós ann. Dá bhrí sin, is gá aghaidh a thabhairt ar dhébhríochtaí na gcreataí reachtacha náisiúnta, ar an easpa saineolais, go háirithe a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta tairisceana, agus ar iasachtaí agus deontais iomaíocha.

(132)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt don earnáil phoiblí glacadh le sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh trí shamhailchonarthaí a sholáthar lena gcuirtear san áireamh na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ar fáil, treoirlínte tairisceana agus an Treoir maidir le Láimhseáil Staidrimh na gConarthaí Feidhmíochta Fuinnimh a d’fhoilsigh Eurostat agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) i mí na Bealtaine 2018 i ndáil le plé le conrú feidhmíochta fuinnimh i gcuntais rialtais, arb é atá iontu deiseanna chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní rialála atá ann go fóill ar na conarthaí sin sna Ballstáit.

(133)

Tá bearta glactha ag na Ballstáit chun na bacainní rialála agus neamhrialála a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Mar sin féin, is gá an iarracht a mhéadú maidir le deireadh a chur le bacainní rialála agus neamhrialála ar shásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh a úsáid agus socruithe maoiniúcháin tríú páirtí a chuidíonn le coigiltis fuinnimh a bhaint amach. Áitítear sna bacainní sin rialacha cuntasaíochta agus cleachtais lena gcuirtear cosc ar infheistíochtaí caipitil agus ar choigiltis mhaoinithe bliantúla a eascraíonn ó bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a bheith léirithe go leordhóthanach sna cuntais ar feadh shaol iomlán na hinfheistíochta.

(134)

Bhain na Ballstáit úsáid as na pleananna gníomhaíochta náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh 2014 agus 2017 chun tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le deireadh a chur le bacainní rialála agus neamhrialála ar éifeachtúlacht fuinnimh a mhéid a bhaineann leis na dreasachtaí scoilte idir úinéirí agus tionóntaí nó idir úinéirí foirgnimh nó aonad foirgnimh. Ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith ag obair chuige sin agus leas a bhaint as acmhainneacht na héifeachtúlachta fuinnimh i gcomhthéacs staitisticí Eurostat 2016, go háirithe an fíoras go bhfuil cónaí ar bhreis agus ceathrar as gach deichniúr Eorpach in árasáin agus gur tionóntaí iad os cionn triúr as gach deichniúr Eorpach.

(135)

Ba cheart na Ballstáit, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, a spreagadh chun lánúsáid a bhaint as na cistí Eorpacha atá ar fáil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (29), as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), chomh maith leis na hionstraimí airgeadais agus an cúnamh teicniúil atá ar fáil faoi chlár InvestEU, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), chun infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a spreagadh. Tá acmhainneacht san infheistíocht san éifeachtúlacht fuinnimh chun rannchuidiú leis an bhfás eacnamaíoch, leis an bhfostaíocht, leis an nuálaíocht agus le laghdú ar an mbochtaineacht fuinnimh i dteaghlaigh, agus dá bharr sin rannchuidíonn sí go dearfach leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus leis an téarnamh glas. Ar na réimsí féideartha le haghaidh cistiú tá bearta éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh phoiblí agus i dtithíocht phoiblí, agus scileanna nua a sholáthar trí oiliúint, athoiliúint agus uas-sciliú gairmithe a fhorbairt, go háirithe i bpoist a bhaineann le hathchóiriú foirgneamh, chun fostaíocht a chur chun cinn in earnáil na héifeachtúlachta fuinnimh. Áiritheoidh an Coimisiún sineirgíochtaí idir na hionstraimí cistiúcháin éagsúla, go háirithe na cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte agus na cistí faoi bhainistíocht dhíreach, amhail Fís Eorpach agus LIFE, arb é atá iontu cláir a bhainistítear go lárnach, chomh maith le deontais, iasachtaí agus cúnamh teicniúil chun a dtionchar giarála a uasmhéadú ar an maoiniú príobháideach, chomh maith lena dtionchar ar chuspóirí beartais éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach.

(136)

Ba cheart do na Ballstáit úsáid saoráidí maoiniúcháin a spreagadh chun cuspóirí na Treorach seo a chur chun cinn a thuilleadh. D’fhéadfaí a áireamh ar shaoráidí maoiniúcháin den sórt sin ranníocaíochtaí airgeadais agus fíneálacha i leith sáruithe ar fhorálacha áirithe den Treoir seo, acmhainní arna leithdháileadh ar éifeachtúlacht fuinnimh faoi Airteagal 10(3) de Threoir 2003/87/CE, agus acmhainní arna leithdháileadh ar éifeachtúlacht fuinnimh sna cistí agus sna cláir Eorpacha, agus ionstraimí airgeadais Eorpacha tiomnaithe, amhail an Ciste Eorpach um Éifeachtúlacht Fuinnimh.

(137)

D’fhéadfaí saoráidí maoiniúcháin a bhunú, i gcás inarb infheidhme, ar acmhainní arna leithdháileadh ar éifeachtúlacht fuinnimh ó bhannaí tionscadail an Aontais, ar acmhainní arna leithdháileadh ar éifeachtúlacht fuinnimh ó BEI agus ó institiúidí airgeadais Eorpacha eile, go háirithe ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus ó Bhanc Forbartha Chomhairle na hEorpa, ar acmhainní arna ngiaráil in institiúidí airgeadais, ar acmhainní náisiúnta, lena n-áirítear trí chreataí rialála agus fioscacha a chruthú lena spreagfar cur chun feidhme tionscnamh agus clár éifeachtúlachta fuinnimh, agus ar ioncam ó leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32).

(138)

D’fhéadfadh na saoráidí maoiniúcháin ranníocaíochtaí, acmhainní agus ioncaim ó na hacmhainní sin a úsáid go háirithe chun infheistíocht chaipitil phríobháidigh a chumasú agus a spreagadh, ag tarraingt ar infheisteoirí institiúideacha go háirithe agus, san am céanna, critéir a úsáid lena n-áiritheofaí go mbainfear amach cuspóirí comhshaoil agus sóisialta araon maidir le cistí a dheonú; úsáid a bhaint as sásraí maoinithe nuálacha, lena n-áirítear ráthaíochtaí iasachta le haghaidh caipiteal príobháideach, ráthaíochtaí iasachta chun sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh a chothú, iasachtaí fóirdheonaithe agus línte creidmheasa tiomnaithe, córais maoinithe tríú páirtí, lena laghdaítear na rioscaí a bhaineann le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus lena mbeadh fiú amháin teaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam in ann athchóiriú costéifeachtach a dhéanamh; d’fhéadfaidís a bheith nasctha le cláir nó le gníomhaireachtaí a dhéanfadh cáilíocht tionscadal coigiltis fuinnimh a chomhiomlánú agus a mheasúnú, cúnamh teicniúil a chur ar fáil, an margadh i seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn, agus cuidiú le héileamh tomhaltóirí ar sheirbhísí fuinnimh a ghiniúint.

(139)

D’fhéadfadh na saoráidí maoiniúcháin acmhainní a chur ar fáil freisin chun tacú le cláir oiliúna agus deimhniúcháin lena bhfeabhsaítear agus lena gcreidiúnaítear scileanna le haghaidh na héifeachtúlachta fuinnimh, acmhainní a chur ar fáil le haghaidh taighde ar theicneolaíochtaí mionscála agus micreatheicneolaíochtaí maidir le giniúint fuinnimh, le haghaidh na teicneolaíochtaí sin a léiriú agus le haghaidh glacadh na dteicneolaíochtaí sin a luasghéarú le haghaidh nascadh na ngineadóirí sin leis an eangacha a bharrfheabhsú, nasc a bheith idir iad agus cláir a thugann faoi ghníomhaíocht chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn i ngach teaghais chun cosc a chur ar an mbochtaineacht fuinnimh agus chun tiarnaí talún a ligeann teaghaisí ar cíos a spreagadh chun a réadmhaoin a dhéanamh chomh tíosach ar fhuinneamh agus is féidir agus acmhainní iomchuí a sholáthar chun tacú leis an idirphlé sóisialta agus le caighdeáin a leagan síos arb é is aidhm dóibh éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus dálaí maithe sláinte agus sábháilteachta ag an obair a áirithiú.

(140)

Ba cheart úsáid a bhaint as cláir chistiúcháin, ionstraimí airgeadais agus sásraí nuálacha maoiniúcháin de chuid an Aontais atá ar fáil chun éifeacht phraiticiúil a thabhairt don chuspóir feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh ar le comhlachtaí poiblí iad. I ndáil leis an méid sin, féadfaidh na Ballstáit a n-ioncam ó leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE a úsáid chun na sásraí sin a fhorbairt ar bhonn deonach agus rialacha buiséadacha náisiúnta á gcur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil do na córais riaracháin réigiúnacha agus áitiúla maidir leis na cláir, na hionstraimí airgeadais agus na sásraí maoiniúcháin nuálacha sin de chuid an Aontais.

(141)

Agus an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh á cur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeart ábhartha ar Threoir 2003/87/CE chun na dreasachtaí in CTA AE a choinneáil ar bun lena dtugtar luaíocht d’infheistíocht ísealcharbóin agus chun na hearnálacha CTA AE a ullmhú don nuálaíocht a bheidh de dhíth sa todhchaí. Is ga dó faireachán a dhéanamh ar an tionchar ar na hearnálacha tionscail a bhfuil neamhchosaint acu ar riosca suntasach sceitheadh carbóin mar a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún (33), chun a áirithiú go gcuirfear chun cinn leis an Treoir seo forbairt na n-earnálacha sin agus nach gcuirfear bac uirthi.

(142)

Ba cheart tacú le bearta na mBallstát le hionstraimí airgeadais dea-cheaptha éifeachtacha de chuid an Aontais faoin gClár InvestEU, agus le maoiniú ó BEI agus ó BEAF, ar cheart dóibh tacú le hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh ar gach céim den slabhra fuinnimh agus anailís chuimsitheach costais is tairbhe a úsáid le múnla rátaí lascaine difreáilte. Ba cheart tacaíocht airgeadais a dhíriú ar mhodhanna costéifeachtacha chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, lena mbainfí amach laghdú ar thomhaltas fuinnimh. Ba cheart do BEI agus do BEAF, in éineacht le bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha, cláir agus tionscadail atá saincheaptha d’earnáil na héifeachtúlachta, lena n-áirítear do theaghlaigh atá bocht ó thaobh an fhuinnimh de, a cheapadh, a ghiniúint agus a mhaoiniú.

(143)

Tugann dlí trasearnála bunús láidir do chosaint tomhaltóirí i gcomhair raon leathan seirbhísí fuinnimh atá ann cheana, agus is dócha go dtiocfaidh an dlí sin chun cinn. Mar sin féin, ba cheart cearta conarthacha bunúsacha áirithe atá ag custaiméirí a bhunú go soiléir. Ba cheart faisnéis shoiléir agus shothuigthe a chur ar fáil do thomhaltóirí i dtaca lena gcearta i ndáil le hearnáil an fhuinnimh.

(144)

Chun gur féidir éifeachtúlacht an Treoir seo a mheasúnú, ba cheart ceanglas a leagan síos chun athscrúdú ginearálta a dhéanamh ar an Treoir seo agus chun tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 28 Feabhra 2027. Ba cheart don athscrúdú sin an t-ailíniú is gá chuige sin a cheadú, agus forbairtí eacnamaíocha agus nuálacha á gcur san áireamh freisin.

(145)

Ba cheart ról ceannasach a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis na bearta a leagtar síos sa Treoir seo a fhorbairt, a cheapadh, a chur chun feidhme agus a mheasúnú, ionas gur féidir leo aghaidh a thabhairt mar is ceart ar ghnéithe sonracha a n-aeráide, a gcultúir agus a sochaí féin.

(146)

I bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch agus sciar méadaitheach na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite san earnáil ghiniúna leictreachais, ba cheart an chomhéifeacht réamhshocraithe do choigilteas i leictreachas kWh a athscrúdú chun athruithe san fhachtóir fuinnimh phríomhúil do leictreachas agus iompróirí eile fuinnimh a léiriú. Tá an mhodheolaíocht ríofa i gcomhréir le cothromaíochtaí fuinnimh agus sainmhínithe Eurostat, cé is moite de mhodh leithdháilte an ionchuir bhreosla le haghaidh teasa agus leictreachais i ngléasraí teasa agus cumhachta in éineacht dá ndearnadh éifeachtúlacht an chórais tagartha, a bhí riachtanach chun tomhaltas breosla a leithdháileadh, a ailíniú le sonraí Eurostat do 2015 agus 2020. Tá ríomhanna ina léirítear meascán fuinnimh an fhachtóir fuinnimh phríomhúil don leictreachas bunaithe ar mheánluachanna bliantúla. Úsáidtear ‘modh cuntasaíochta an luacha fhisiciúil fuinnimh’ le haghaidh leictreachas núicléach agus le haghaidh giniúint teasa agus úsáidtear an modh ‘teicniúil comhshó éifeachtúlachta’ le haghaidh leictreachais agus teas a ghiniúint ó bhreoslaí iontaise agus ón mbithmhais. Is é an modh atá ann d’fhuinneamh in-athnuaite an choibhéis dhíreach bunaithe ar an gcur chuige ‘iomlán fuinnimh phríomhúil’. Chun an sciar fuinnimh phríomhúil le haghaidh leictreachas ó chomhghiniúint a ríomh, baintear feidhm as an modh a leagtar amach sa Treoir seo. Úsáidtear meánsuíomh ar an margadh seachas suíomh imeallach. Glactar leis gurb é 100 % atá ann d’éifeachtúlachtaí comhshó agus d’fhoinsí in-athnuaite neamh-indóite 10 % do stáisiúin chumhachta gheoiteirmeacha agus 33 % do stáisiúin chumhachta núicléacha. Tá ríomh na héifeachtúlachta iomláine do chomhghiniúint bunaithe ar na sonraí is déanaí ó Eurostat. Cuirtear na caillteanais, an tiontaithe, an tarchurtha agus an dáileacháin san áireamh. Ní chuirtear caillteanais dáileacháin d’iompróirí fuinnimh seachas leictreachas san áireamh sna ríomhanna, i ngeall ar easpa sonraí iontaofa agus ar chastacht an ríomha. Dála teorainneacha córais, is é 1 an fachtóir fuinnimh phríomhúil do na foinsí fuinnimh go léir. Is é meánluachanna 2024 agus 2025 an chomhéifeacht a roghnaítear don phríomhfhachtóir fuinnimh le haghaidh leictreachais, ós rud é go soláthrófar, le fachtóir fuinnimh phríomhúil réamhbhreathnaitheach, táscaire níos iomchuí ná mar a sholáthrófaí le ceann stairiúil. Cumhdaítear na Ballstáit agus an Iorua leis an anailís. Tá an tacar sonraí don Iorua bunaithe ar shonraí ENTSO-E.

(147)

Ní fhéadfar coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó chur chun feidhme dhlí an Aontais a éileamh mura n-eascraíonn siad ó bheart a théann thar an íosmhéid a éilítear le gníomh dlí an Aontais atá i dtrácht, cibé acu trí cheanglais éifeachtúlachta fuinnimh níos uaillmhianaí a leagan síos ar leibhéal na mBallstát nó trí ghabháil ar láimh an bhirt a mhéadú. Is acmhainneacht shuntasach iad foirgnimh d’fhonn éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú tuilleadh, agus is gné ríthábhachtach fhadtéarmach lena mbaineann barainneachtaí scála é athchóiriú foirgneamh i gcoigilteas fuinnimh a mhéadú. Is gá a shoiléiriú, dá bhrí sin, gur féidir an coigilteas fuinnimh go léir a eascraíonn ó na bearta lena gcuirtear athchóiriú na bhfoirgneamh atá ann cheana chun cinn a éileamh, ar an gcoinníoll go bhfuil sé níos mó ná an coigilteas a tharlódh in éagmais na mbeart beartais agus ar an gcoinníoll go léiríonn an Ballstát gur rannchuidigh, go hiarbhír, an páirtí faoi oibleagáid, an páirtí rannpháirteach nó an páirtí iontaoibhe an coigilteas fuinnimh a éilítear.

(148)

I gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015 dar teideal A Framework Strategy for a Resilient Energy Union with a Forward-Looking Climate Change Policy [Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide] agus le prionsabail na rialála níos fearr, ba cheart níos mó tosaíochta a thabhairt do rialacha faireacháin agus fíoraithe chun scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta beartais malartacha a chur chun feidhme, lena n-airítear an ceanglas sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta a sheiceáil.

(149)

Laghdaíonn fuinneamh a ghintear ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh mar gheall ar theicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite méid an fhuinnimh a sholáthraítear ó bhreoslaí iontaise. Is bearta tábhachtacha iad laghdú an tomhaltais fuinnimh agus úsáid an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na bhfoirgneamh chun spleáchas an Aontais ar fhuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú, go háirithe i bhfianaise na gcuspóirí uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh a leagtar síos do 2030 chomh maith leis an ngealltanas foriomlán a rinneadh i gcomhthéacs Chomhaontú Pháras. Chun críocha a n-oibleagáide maidir le coigilteas fuinnimh carnach, is féidir leis na Ballstáit a chur san áireamh coigiltis fuinnimh ó bhearta bearta beartais lena gcuirtear chun cinn theicneolaíochta in-athnuaite chun a gceanglais coigiltis fuinnimh a chomhlíonadh i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa dá bhforáiltear sa Treoir seo. Coigiltis fuinnimh ó bheartais fuinnimh maidir le dóchán díreach breosla iontaise a úsáid, níor cheart iad a chur san áireamh.

(150)

Leis na hathruithe a thugtar isteach leis an Treoir seo d’fhéadfadh sé go mbeadh ceanglas ann maidir le leasú ina dhiaidh sin ar Rialachán (AE) 2018/1999 chun comhleanúnachas idir an dá ghníomh dlí a áirithiú. Forálacha nua, a bhaineann go príomha le ranníocaíochtaí náisiúnta a shocrú, le sásraí líonta bearna agus le hoibleagáidí tuairiscithe, ba cheart iad a chuíchóiriú don Rialachán sin agus a aistriú chuige, a luaithe a leasófar é. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá athmheastóireacht a dhéanamh ar fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise na n-athmheasúnú i bhfianaise na n-athruithe atá beartaithe sa Treoir seo. Níor cheart a chruthú leis na ceanglais tuairiscithe agus faireacháin bhreise a leagtar síos aon chóras nua comhthreomhar tuairiscithe, ach bheidís faoi réir an chreata faireacháin agus tuairiscithe atá ann cheana faoi Rialachán (AE) 2018/1999.

(151)

Chun cur chun feidhme praiticiúil na Treorach seo a chothú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a chothú, ba cheart don Choimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt do mhalartú taithí maidir le cleachtais, tagarmharcanna, gníomhaíochtaí gréasáin, mar aon le cleachtais nuálacha trí ardán ar líne.

(152)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus an bealach a réiteach do thuilleadh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh agus i dtreo na haeráidneodrachta, agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(153)

Chun ceadú d’oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus d’athruithe ar leithdháileadh na bhfoinsí fuinnimh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an t-athbhreithniú ar na tagarluachanna éifeachtúlachta comhchuibhithe a leagtar síos ar bhonn na Treorach seo, i dtaca leis na luachanna, na modhanna ríofa, na comhéifeachta príomhúla réamhshocraithe fuinnimh agus na gceanglas atá sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo agus i dtaca leis an Treoir seo a fhorlíonadh trí scéim chomhchoiteann de chuid an Aontais a bhunú chun inbhuanaitheacht na n-ionad sonraí atá ar a chríoch a rátáil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (34). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(154)

Ba cheart Rialachán (AE) 2023/955 a leasú chun an sainmhíniú ar bhochtaineacht fuinnimh a bhunaítear sa Treoir seo a chur san áireamh. D’áiritheofaí leis sin comhsheasmhacht, comhleanúnachas, comhlántacht agus sineirge i measc ionstraimí agus cistiúcháin éagsúla go háirithe lena dtabharfaí aghaidh ar theaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh.

(155)

Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid leis an Treoir a bhí ann roimhe seo. Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar an Treoir a bhí ann roimhe seo.

(156)

Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XVI a thrasuí sa dlí náisiúnta,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME, SAINMHÍNITHE AGUS SPRIOCANNA ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Treoir seo, bunaítear creat comhchoiteann de bhearta chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn laistigh den Aontas chun a áirithiú go gcomhlíonfar spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus go n-éascóidh sé a thuilleadh feabhsuithe fuinnimh. Is é is aidhm don chreat coiteann sin rannchuidiú le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) agus le slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas trína spleáchas ar allmhairí fuinnimh, lena n-áirítear breoslaí iontaise, a laghdú.

Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha atá ceaptha chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme mar thosaíocht thar gach earnáil, bacainní i margadh an fhuinnimh a bhaint agus chun clistí a shárú sa mhargadh a chuireann bac ar éifeachtúlacht i soláthar, tarchur, stóráil agus úsáid fuinnimh. Déantar foráil leis freisin maidir le rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta táscacha do 2030.

Leis an Treoir seo, rannchuidítear le cur chun feidhme bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus, dá bhrí sin, leis an Aontas a bheith mar shochaí chuimsitheach, chóir agus rathúil freisin, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch agus atá tíosach ar acmhainní.

2.   Is íoscheanglais iad na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo agus ní choiscfidh siad ar Bhallstát bearta níos déine a choimeád nó a thabhairt isteach. Comhlíonfaidh na bearta sin dlí an Aontais. I gcás ina ndéantar foráil sa reachtaíocht náisiúnta do bhearta níos déine, tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis an reachtaíocht sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘fuinneamh’ táirgí fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36);

(2)

ciallaíonn ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999;

(3)

ciallaíonn ‘córas fuinnimh’ córas a dheartar go príomha chun seirbhísí fuinnimh a sholáthar chun éileamh earnálacha críochúsáide le haghaidh fuinneamh i bhfoirm teasa, breoslaí agus leictreachais a shásamh;

(4)

ciallaíonn ‘éifeachtúlacht córais’ réitigh atá tíosach ar fhuinneamh a roghnú i gcás ina gcumasófar leo freisin bealach dícharbónaithe costéifeachtach, solúbthacht bhreise agus úsáid éifeachtúil acmhainní;

(5)

ciallaíonn ‘tomhaltas fuinnimh phríomhúil’ nó ‘PEC’ méid comhlán an fhuinnimh atá ar fáil, gan buncair mhuirí idirnáisiúnta, tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh agus fuinneamh comhthimpeallachta a chur san áireamh;

(6)

ciallaíonn ‘tomhaltas fuinnimh deiridh’ nó ‘FEC’ an fuinneamh ar fad a sholáthraítear don earnáil tionsclaíochta, don iompar, lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh san eitlíocht idirnáisiúnta, do theaghlaigh, do sheirbhísí poiblí agus príobháideacha, don talmhaíocht, don fhoraoiseacht, don iascaireacht agus d’earnálacha críochúsáide eile, seachas tomhaltas fuinnimh i mbuncair mhuirí idirnáisiúnta, fuinneamh comhthimpeallachta agus seachadtaí chuig earnáil an chlaochlaithe agus chuig earnáil an fhuinnimh, agus caillteanais i ngeall ar tharchur agus ar dháileadh mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008;

(7)

ciallaíonn ‘fuinneamh comhthimpeallachta’ fuinneamh comhthimpeallachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2018/2001;

(8)

ciallaíonn ‘éifeachtúlacht fuinnimh’ an cóimheas idir an t-aschur feidhmíochta, seirbhíse, earraí nó fuinnimh, agus an t-ionchur fuinnimh;

(9)

ciallaíonn ‘coigilteas fuinnimh’ méid fuinnimh a coiglíodh arna chinneadh trí thomhaltas fuinnimh a thomhas nó a mheas, nó tríd an dá rud a dhéanamh, sula gcuirtear beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme agus ina dhiaidh sin, agus normalú á áirithiú ag an am céanna i gcás dálaí seachtracha a dhéanann difear don tomhaltas fuinnimh;

(10)

ciallaíonn ‘feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh’ méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh mar thoradh ar aon athruithe teicneolaíocha, iompraíochta nó eacnamaíocha;

(11)

ciallaíonn ‘seirbhís fuinnimh’ an sochar fisiceach, an fóntas nó an t-earra a dhíorthaítear ó fhuinneamh a mheascadh le teicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh nó le gníomhaíocht, lena bhféadfar na hoibríochtaí, an chothabháil agus an rialú is gá chun an tseirbhís a sheachadadh a áireamh, ar seirbhís í a sheachadtar ar bhonn conartha agus atá, i ngnáthchúinsí, tar éis feabhsú éifeachtúlachta fuinnimh infhíoraithe agus intomhaiste nó coigilteas fuinnimh phríomhúil a bheith mar thoradh air;

(12)

ciallaíonn ‘comhlachtaí poiblí’ údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla agus eintitis a mhaoiníonn agus a riarann na húdaráis sin go díreach ach nach de chineál tionsclaíoch nó tráchtála iad;

(13)

ciallaíonn ‘achar urláir úsáideach iomlán’ achar urláir foirgnimh, nó cuid d’fhoirgneamh, ina n-úsáidtear fuinneamh chun an aeráid laistigh a chóiriú;

(14)

ciallaíonn ‘údaráis chonarthacha’ údaráis chonarthacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 6(1) de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 2(1), pointe (1), de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE;

(15)

ciallaíonn ‘eintitis chonarthacha’ eintitis chonarthacha mar a shainmhínítear in Airteagal 7(1) de Threoir 2014/23/AE agus in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE;

(16)

ciallaíonn ‘córas bainistíochta fuinnimh’ tacar gnéithe idirghaolmhara nó idirghníomhacha de straitéis ina leagtar síos cuspóir éifeachtúlachta fuinnimh agus plean chun an cuspóir sin a bhaint amach, lena n-áirítear faireachán ar thomhaltas fuinnimh iarbhír, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus dul chun cinn a thomhas;

(17)

ciallaíonn ‘caighdeán Eorpach’ caighdeán arna ghlacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil, Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide, a chuirtear ar fáil lena úsáid don phobal;

(18)

ciallaíonn ‘caighdeán idirnáisiúnta’ caighdeán arna ghlacadh ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú, a chuirtear ar fáil lena úsáid don phobal;

(19)

ciallaíonn ‘páirtí faoi oibleagáid’ dáileoir fuinnimh, comhlacht díolacháin fuinnimh miondíola nó oibreoir córais tarchurtha, atá faoi cheangal ag na scéimeanna náisiúnta um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 9;

(20)

ciallaíonn ‘páirtí iontaoibhe’ eintiteas dlíthiúil a bhfuil cumhacht tarmligthe aige ó rialtas nó ó chomhlacht poiblí eile chun scéim maoinithe a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú thar ceann an rialtais sin nó thar ceann comhlachta phoiblí eile;

(21)

ciallaíonn ‘páirtí rannpháirteach’ fiontar nó comhlacht poiblí a bhfuil gealltanas tugtha aige cuspóirí áirithe a bhaint amach faoi chomhaontú deonach, nó a chumhdaítear le hionstraim beartais rialála náisiúnta;

(22)

ciallaíonn ‘údarás poiblí cur chun feidhme’ comhlacht atá á rialú ag an dlí poiblí agus atá freagrach as cánachas fuinnimh nó carbóin, scéimeanna agus ionstraimí airgeadais, dreasachtaí, caighdeáin agus noirm fioscacha, scéimeanna lipéadaithe fuinnimh, oiliúint nó oideachas a dhéanamh nó faireachán a dhéanamh orthu;

(23)

ciallaíonn ‘beart beartais’ ionstraim um sholáthar rialála, airgeadais, fioscach, deonach nó faisnéise arna bunú go foirmiúil agus arna cur chun feidhme i mBallstát chun creat tacaíochta, ceanglas nó dreasacht a chruthú do ghníomhaithe sa mhargadh chun seirbhísí fuinnimh a sholáthar agus a cheannach agus chun bearta eile feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh;

(24)

ciallaíonn ‘gníomhaíocht aonair’ gníomhaíocht as a dtagann feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh atá infhíoraithe, intomhaiste nó inmheasaithe agus a dhéantar mar thoradh ar bheart beartais;

(25)

ciallaíonn 'dáileoir fuinnimh' duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear oibreoir córais dáileacháin, atá freagrach as fuinneamh a iompar d’fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí deiridh nó ar stáisiúin dáileacháin a dhíolann fuinneamh leis na custaiméirí deiridh;

(26)

ciallaíonn ‘oibreoir córais dáileacháin’‘oibreoir córais dáileacháin’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 29 de Threoir (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le leictreachas nó Airteagal 2, pointe 6, de Threoir 2009/73/CE a mhéid a bhaineann le gás;

(27)

ciallaíonn ‘cuideachta díolacháin fuinnimh miondíola’ duine nádúrtha nó dlítheanach a dhíolann fuinneamh le custaiméirí deiridh;

(28)

ciallaíonn ‘custaiméir deiridh’ duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn fuinneamh dá úsáid deiridh féin;

(29)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse fuinnimh’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sheachadann seirbhísí fuinnimh nó bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i saoráid nó in áitreabh an chustaiméara deiridh;

(30)

ciallaíonn ‘fiontair bheaga agus mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ fiontair mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (37);

(31)

ciallaíonn ‘micrifhiontar’ fiontar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(32)

ciallaíonn ‘iniúchadh fuinnimh’ nós imeachta córasach a bhfuil sé de chuspóir leis eolas leordhóthanach a fháil ar phróifíl tomhaltais fuinnimh foirgnimh nó grúpa foirgneamh, oibríochta nó suiteála tráchtála nó tionsclaíche nó seirbhíse poiblí nó príobháidí, lena sainaithnítear agus lena gcainníochtaítear deiseanna chun coigilteas fuinnimh costéifeachtach a dhéanamh, lena sainaithnítear an fhéidearthacht le haghaidh úsáid costéifeachtach fuinnimh in-athnuaite nó le haghaidh táirgeadh costéifeachtach fuinnimh in-athnuaite agus na torthaí sin a thuairisciú;

(33)

Ciallaíonn ‘conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh’ socrú conarthach idir an tairbhí agus soláthraí birt feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, a fhíoraítear agus a ndéantar faireachán air le linn théarma iomlán an chonartha, i gcás ina n-íoctar as na hoibreacha, an soláthar nó an tseirbhís sa bheart sin i ndáil le leibhéal feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh arna chomhaontú de réir conartha nó i ndáil le critéar feidhmíochta fuinnimh eile arna chomhaontú, amhail coigilteas airgeadais;

(34)

ciallaíonn ‘córas méadraithe chliste’ córas méadraithe chliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Threoir (AE) 2019/944 nó córas méadraithe cliste dá dtagraítear i dTreoir 2009/73/CE;

(35)

ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchurtha’‘oibreoir córais tarchurtha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 35 de Threoir (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le leictreachas nó Airteagal 2, pointe 4, de Threoir 2009/73/CE a mhéid a bhaineann le gás;

(36)

ciallaíonn ‘comhghiniúint’ giniúint chomhuaineach, in aon phróiseas amháin, d’fhuinneamh teirmeach agus d’fhuinneamh leictreach nó meicniúil;

(37)

ciallaíonn ‘éileamh inchosanta ar bhonn eacnamaíoch’ éileamh nach sáraíonn na riachtanais le haghaidh téimh ná fuaraithe agus a shásófaí ar bhealach eile ag dálaí an mhargaidh trí phróisis ghiniúna fuinnimh seachas comhghiniúint;

(38)

ciallaíonn ‘teas úsáideach’ teas a tháirgtear i bpróiseas comhghiniúna chun éileamh ar théamh nó ar fhuarú atá inchosanta ar bhonn eacnamaíoch a shásamh;

(39)

ciallaíonn ‘leictreachas ó chomhghiniúint’ leictreachas a ghintear i bpróiseas atá nasctha le táirgeadh teasa úsáidigh agus a ríomhtar i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(40)

ciallaíonn ‘comhghiniúint ardéifeachtach’ comhghiniúint a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn III;

(41)

ciallaíonn ‘éifeachtúlacht fhoriomlán’ suim bhliantúil an táirgthe leictreachais agus fuinnimh mheicniúil agus an aschuir teasa úsáidigh roinnte ar an ionchur breosla a úsáidtear le haghaidh teasa a tháirgtear i bpróiseas comhghiniúna agus olltáirgeadh leictreachais agus fuinnimh mheicniúil;

(42)

ciallaíonn ‘cóimheas idir cumhacht agus teas’ an cóimheas idir leictreachas ó chomhghiniúint go teas úsáideach agus é ag feidhmiú i modh iomlán comhghiniúna agus sonraí oibríochtúla an aonaid shonraigh á n-úsáid;

(43)

ciallaíonn ‘aonad comhghiniúna’ aonad atá in ann oibriú sa mhodh comhghiniúna;

(44)

ciallaíonn ‘aonad comhghiniúna ar mionscála’ aonad comhghiniúna lena ngabhann toilleadh suiteáilte faoi bhun 1 MWe;

(45)

ciallaíonn ‘aonad micrea-chomhghiniúna’ aonad comhghiniúna lena ngabhann toilleadh uasta faoi bhun 50 kWe;

(46)

ciallaíonn ‘téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil’ córas téimh agus fuaraithe ceantair a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 26;

(47)

ciallaíonn ‘téamh agus fuarú éifeachtúil’ rogha téimh agus fuaraithe lena laghdaítear ar bhealach intomhaiste, i gcomparáid leis an gcás bunlíne lena léirítear cás ‘gnó mar is gnách’, an t-ionchur fuinnimh phríomhúil is gá chun aonad amháin fuinnimh arna sheachadadh a sholáthar laistigh de theorainn ábhartha córais ar bhealach costéifeachtach, arna mheasúnú san anailís costais is tairbhe dá dtagraítear sa Treoir seo, agus an fuinneamh is gá le haghaidh eastósctha, tiontaithe, iompair agus dáilte á chur san áireamh;

(48)

ciallaíonn ‘téamh agus fuarú aonair éifeachtúil’ rogha soláthair aonair téimh agus fuaraithe lena laghdaítear ar bhealach intomhaiste, i gcomparáid le téamh agus fuarú ceantair, ionchur an fhuinnimh phríomhúil neamh-in-athnuaite is gá chun aonad amháin fuinnimh arna sheachadadh a sholáthar laistigh de theorainn ábhartha córais nó lena n-éilítear an t-ionchur céanna d’fhuinneamh príomhúil neamh-in-athnuaite ach ar chostas níos ísle, agus an fuinneamh is gá le haghaidh eastósctha, tiontaithe, iompair agus dáilte á chur san áireamh;

(49)

ciallaíonn ‘lárionad sonraí’ lárionad sonraí mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn A, pointe 2.6.3.1.16, de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008;

(50)

ciallaíonn ‘athchóiriú substaintiúil’ athchóiriú ar mó a chostas ná 50 % den chostas infheistíochta d’aonad nua inchomparáide;

(51)

ciallaíonn ‘comhbhailitheoir’ comhbhailitheoir neamhspleách mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (19), de Threoir (AE) 2019/944;

(52)

ciallaíonn ‘bochtaineacht fuinnimh’ easpa rochtana teaghlaigh ar sheirbhísí fuinnimh bunriachtanacha, ar seirbhísí iad lena soláthraítear leibhéil bhunúsacha agus caighdeáin chuibhiúla mhaireachtála agus sláinte, lena n-áirítear téamh leordhóthanach, uisce te, fuarú, soilsiú, agus fuinneamh chun cumhacht a thabhairt d’fhearais, i bhfianaise an chomhthéacs náisiúnta ábhartha, an bheartais náisiúnta shóisialta atá ann cheana agus beartas náisiúnta ábhartha eile, arb iad teaglaim tosca is cúis léi, lena n-áirítear ar a laghad neamh-inacmhainneacht, d’ioncam indiúscartha neamhleor, do chaiteachas ard ar fhuinneamh agus do dhroch-éifeachtúlacht fuinnimh tithe;

(53)

ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn téamh, fuarú nó uisce te tí dá gcríochúsáid féin, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a áitíonn foirgneamh aonair nó aonad i bhfoirgneamh ilárasán nó ilchuspóra a sholáthraítear téamh, fuarú nó uisce te tí dó ó fhoinse lárnach, agus gan aon chonradh díreach nó aonair a bheith ag an duine sin leis an soláthróir fuinnimh;

(54)

ciallaíonn ‘dreasachtaí scoilte’ easpa dáilte chóir agus réasúnaigh ar oibleagáidí airgeadais agus ar luaíochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i measc na ngníomhaithe lena mbaineann, mar shampla úinéirí agus tionóntaí nó úinéirí éagsúla na n-aonad foirgnimh, nó úinéirí agus tionóntaí nó úinéirí éagsúla foirgneamh ilárasán nó ilchuspóra;

(55)

ciallaíonn ‘straitéis rannpháirtíochta’ straitéis lena leagtar síos cuspóirí, lena bhforbraítear teicnící, agus lena mbunaítear an próiseas trína mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear ionadaithe na sochaí sibhialta amhail eagraíochtaí tomhaltóirí, sa phróiseas ceaptha beartas, agus é mar aidhm leis feasacht a mhéadú, aiseolas a fháil maidir leis na beartais sin agus feabhas a chur ar a nglacadh ag an bpobal;

(56)

ciallaíonn ‘sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh’ sciar agus sampla lena n-éilítear fothacar de líon staidrimh de na bearta coigiltis fuinnimh atá i gceist a bhunú ar shlí a léiríonn iomlán na mbeart coigiltis fuinnimh, agus, ar an tslí sin, go gceadaítear tátail réasúnta iontaofa a bhaint maidir le muinín as iomlán na mbeart.

Airteagal 3

Bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh

1.   I gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear acmhainní ar thaobh an éilimh agus solúbthachtaí córais, a mheasúnú sna cinntí pleanála, beartais agus mórinfheistíochta dar luach níos mó ná EUR 100 000 000 euro an ceann nó EUR 175 000 000 le haghaidh tionscadail bonneagair iompair, a bhaineann leis na hearnálacha seo a leanas:

(a)

córais fuinnimh; agus

(b)

earnálacha neamhfhuinnimh, i gcás ina mbíonn tionchar ag na hearnálacha sin ar thomhaltas fuinnimh agus ar éifeachtúlacht fuinnimh amhail foirgnimh, iompar, uisce, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), talmhaíocht, agus na hearnálacha fuinnimh.

2.   Faoin 11 Deireadh Fómhair 2027, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tairseacha a leagtar amach i mír 1, agus é mar aidhm leis athbhreithniú síos a dhéanamh orthu, agus forbairtí a d’fhéadfadh tarlú sa gheilleagar agus sa mhargadh fuinnimh á gcur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 11 Deireadh Fómhair 2028, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé tograí reachtacha a thíolacadh.

3.   Agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, moltar do na Ballstáit Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún (38) a chur san áireamh.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla faireachán ar chur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhtháthú earnála agus tionchair thrasearnála, i gcás ina bhfuil cinntí beartais, pleanála agus infheistíochta faoi réir ceanglas formheasa agus faireacháin.

5.   Agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur i bhfeidhm acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

modheolaíochtaí costais is tairbhe a chur chun cinn agus, i gcás ina bhfuil gá le hanailísí costais is tairbhe, cur i bhfeidhm na modheolaíochtaí sin a áirithiú agus iad a chur ar fáil go poiblí, lena bhféadfar measúnú cuí a dhéanamh ar na tairbhí níos leithne a bhaineann le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh i gcás inarb iomchuí, agus aird á tabhairt ar an saolré iomlán agus ar an bpeirspictíocht fhadtéarmach, ar an éifeachtúlacht córais agus costais, ar shlándáil an tsoláthair agus ar chainníochtú ó thaobh na sochaí, na sláinte, na heacnamaíochta agus na haeráidneodrachta de, ar an inbhuanaitheacht agus ar phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh san aistriú chuig aeráidneodracht;

(b)

aghaidh a thabhairt ar an tionchar ar an mbochtaineacht fuinnimh;

(c)

eintiteas nó eintitis a shainaithint a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus thionchar na gcreataí rialála, lena n-áirítear rialacháin airgeadais, na gcinntí pleanála, beartas agus mórinfheistíochta, dá dtagraítear i mír 1 ar thomhaltas fuinnimh, ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar chórais fuinnimh;

(d)

tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn a thíolacann siad de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, maidir leis an gcaoi ar cuireadh bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh san áireamh sna cinntí náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, sna cinntí réigiúnacha agus áitiúla maidir le pleanáil, beartas agus mórinfheistíocht a bhaineann leis na córais fuinnimh náisiúnta agus réigiúnacha, agus an méid seo a leanas ar a laghad ar áireamh:

(i)

measúnú ar chur i bhfeidhm agus ar thairbhí bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i gcórais fuinnimh, go háirithe i ndáil le tomhaltas fuinnimh;

(ii)

liosta gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun aon bhacainní rialála nó neamhrialála nach bhfuil gá leo ar chur chun feidhme bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus ar réitigh ar thaobh an éilimh a bhaint, lena n-áirítear trí reachtaíocht náisiúnta agus bearta atá contrártha do bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a shainaithint.

6.   Faoin 11 Aibreán 2024, glacfaidh an Coimisiún treoracha lena soláthraítear comhchreat ginearálta lena n-áirítear maoirseacht, an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid chun na modheolaíochtaí costais is tairbhe dá dtagraítear i mír 5, pointe (a), a dhearadh, chun críche inchomparáideachta, ach fós an deis a fhágáil ag na Ballstáit iad féin a oiriúnú d’imthosca náisiúnta agus áitiúla.

Airteagal 4

Spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit i dteannta a chéile laghdú 11,7 % ar a laghad ar thomhaltas fuinnimh in 2030 i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha AE 2020 ionas nach mó ná 787 Mtoe ar thomhaltas fuinnimh deiridh an Aontais. Déanfaidh na Ballstáit iarrachtaí rannchuidiú go comhpháirteach le sprioc tháscach an Aontais maidir le tomhaltas fuinnimh phríomhúil, is é sin nach mó ná 992,5 Mtoe in 2030 é an tomhaltas sin.

2.   Socróidh gach Ballstát rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh bunaithe ar thomhaltas fuinnimh deiridh chun sprioc cheangailteach an Aontais maidir le tomhaltas fuinnimh deiridh a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a bhaint amach, i dteannta a chéile, agus déanfaidh siad iarrachtaí rannchuidiú go comhpháirteach le sprioc tháscach an Aontais maidir le tomhaltas fuinnimh phríomhúil dá dtagraítear sa mhír sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rannchuidithe sin, mar aon le conair tháscach le haghaidh na rannchuidithe sin, mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh na Ballstáit a rannchuidithe in iúl i dtéarmaí dearbhleibhéil tomhaltais fuinnimh phríomhúil in 2030. Agus a ranníocaíochtaí náisiúnta táscacha éifeachtúlachta fuinnimh á leagan síos acu, cuirfidh na Ballstáit na ceanglais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo san áireamh agus míneoidh siad cén chaoi, agus na sonraí arb ar a mbonn a rinneadh na rannchuidithe a ríomh. Chuige sin, féadfaidh siad an fhoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a úsáid.

Soláthróidh na Ballstáit sciartha tomhaltais fuinnimh phríomhúil agus tomhaltais fuinnimh deiridh na n-earnálacha críochúsáide fuinnimh, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008, lena n-áirítear earnálacha tionscail, cónaithe, seirbhísí agus iompair, ina rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta. Tabharfaidh na Ballstáit le fios freisin réamh-mheastacháin maidir le tomhaltas fuinnimh ó thaobh TFC de.

3.   Agus a rannchuidithe táscacha náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear i mír 2 á socrú acu, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

sprioc an Aontais maidir le tomhaltas fuinnimh deiridh do 2030 nach mbeidh níos mó ná 763 Mtoe ann agus an sprioc maidir le tomhaltas fuinnimh phríomhúil nach mbeidh níos mó ná 992,5 Mtoe ann dá bhforáiltear i mír 1;

(b)

na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo;

(c)

bearta eile chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn laistigh de na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais;

(d)

aon tosca ábhartha a dhéanann difear d’iarrachtaí éifeachtúlachta:

(i)

iarrachtaí agus gníomhaíochtaí luatha san éifeachtúlacht fuinnimh;

(ii)

dáileadh cothrom na n-iarrachtaí ar fud an Aontais;

(iii)

déine fuinnimh an gheilleagair;

(iv)

an acmhainneacht chostéifeachtach chaomhnaithe fuinnimh atá ann fós;

(e)

cúinsí náisiúnta eile a dhéanann difear do thomhaltas fuinnimh, go háirithe:

(i)

athruithe ar an OTI, athruithe déimeagrafacha agus réamhthuar ina leith;

(ii)

athruithe ar allmhairithe agus ar onnmhairithe fuinnimh, forbairtí i meascán fuinnimh agus breoslaí inbhuanaithe a chur in úsáid;

(iii)

forbairt gach foinse fuinnimh in-athnuaite, fuinneamh núicléach, gabháil agus stóráil carbóin;

(iv)

dícharbónú tionscal dianfhuinnimh;

(v)

leibhéal na huaillmhéine sna pleananna náisiúnta maidir le dícharbónú nó aeráidneodracht;

(vi)

poitéinseal eacnamaíoch na coigilte fuinnimh;

(vii)

na dálaí aeráide atá ann faoi láthair agus an réamhthuar don athrú aeráide.

4.   Agus na ceanglais a leagtar amach i mír 3 á gcur i bhfeidhm, áiritheoidh Ballstát nach mbeidh a rannchuidiú in Mtoe níos mó ná 2,5 % os cionn an mhéid a bheadh ann de thoradh na foirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

5.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú go bhfuil rannchuidiú comhchoiteann na mBallstát comhionann, ar a laghad, le sprioc cheangailteach an Aontais de thomhaltas fuinnimh deiridh a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach leor é, mar chuid dá mheasúnú ar na dréachtphleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, nó faoin 1 Márta 2024 ar a dhéanaí, agus Cás Tagartha nuashonraithe AE 2020 á chur san áireamh de bhun na míre seo, cuirfidh an Coimisiún rannchuidiú táscach ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh faoi bhráid gach Ballstáit ar bhonn an mhéid seo a leanas:

(a)

an laghdú comhchoiteann atá fágtha ar thomhaltas fuinnimh deiridh a bhfuil gá leis chun sprioc cheangailteach an Aontais a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach;

(b)

déine choibhneasta gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid OTI in 2019 i measc na mBallstát lena mbaineann;

(c)

OTI na mBallstát sin in 2019.

Sula gcuirfear an fhoirmle in Iarscríbhinn I i bhfeidhm don sásra a bhunaítear sa mhír seo agus faoin 30 Samhain 2023 ar a dhéanaí, tabharfaidh an Coimisiún Cás Tagartha AE 2020 cothrom le dáta ar bhonn na sonraí Eurostat is déanaí arna dtuairisciú ag na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b), agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.

D’ainneoin Airteagal 37 den Treoir seo, déanfaidh na Ballstáit sin ar mian leo a rannchuidithe táscacha náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a nuashonrú de bhun mhír 2 den Airteagal seo, agus Cás Tagartha nuashonraithe AE 2020 á úsáid acu, fógra a thabhairt maidir lena rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh nuashonraithe faoin 1 Feabhra 2024 ar a dhéanaí. I gcás inar mian le Ballstát a rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta, áiritheoidh sé nach mbeidh a rannchuidiú in Mtoe níos mó ná 2,5 % os cionn an mhéid a bheadh ann dá n-eascródh sé as an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus úsáid á baint as Cás Tagartha nuashonraithe AE 2020.

Na Ballstáit sin ar thíolaic an Coimisiún rannchuidiú táscach ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh dóibh, nuashonróidh siad a rannchuidithe táscacha náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh de bhun mhír 2 den Airteagal seo, leis an rannchuidiú táscach ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh don tomhaltas fuinnimh deiridh agus nuashonróidh siad freisin a gconair tháscach don rannchuidiú sin agus, i gcás inarb infheidhme, a mbearta breise, mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999. Ceanglóidh an Coimisiún ar na Ballstáit, i gcomhréir leis an Rialachán sin, a rannchuidiú táscach ceartaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, a mbearta breise chun cur i bhfeidhm an tsásra a leagtar amach sa mhír seo a áirithiú, a thíolacadh gan mhoill.

I gcás ina bhfuil fógra tugtha ag Ballstát faoi rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh in Mtoe atá cothrom leis an méid a bheadh ann dá n-eascródh sé as an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó níos lú ná sin, ní leasóidh an Coimisiún an rannchuidiú sin.

Agus an sásra a leagtar amach sa mhír seo á chur i bhfeidhm, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeidh aon difríocht fágtha idir suim ranníocaíochtaí náisiúnta na mBallstát uile agus sprioc cheangailteach an Aontais a leagtar amach i mír 1.

6.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe de bhun Airteagal 29(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1999, nach ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach maidir leis na rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach, áiritheoidh na Ballstáit atá os cionn a gconairí táscacha le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo go gcuirfear bearta breise chun feidhme laistigh de bhliain amháin ón dáta a fuarthas measúnú an Choimisiúin chun filleadh ar an mbóthar ceart chun a rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach. Áireofar ar na bearta breise sin ceann amháin ar a laghad de na bearta seo a leanas, ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

bearta náisiúnta lena ndéanfar coigilteas breise fuinnimh, lena n-áirítear cúnamh forbartha tionscadail níos láidre chun bearta infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme;

(b)

an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 8 den Treoir seo a mhéadú;

(c)

an oibleagáid don earnáil phoiblí a choigeartú;

(d)

ranníocaíocht dheonach airgeadais a dhéanamh leis an gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 30 den Treoir seo nó le hionstraim mhaoiniúcháin eile atá tiomnaithe d’éifeachtúlacht fuinnimh, i gcás ina mbeidh na ranníocaíochtaí airgeadais bliantúla cothrom leis na hinfheistíochtaí is gá chun an chonair tháscach a bhaint amach.

I gcás ina bhfuil tomhaltas fuinnimh deiridh Ballstáit os cionn a chonaire tháscaigh de thomhaltas fuinnimh deiridh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, áireoidh sé ina thuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna tíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, míniú ar na bearta a thógfaidh sé lena gcumhdófar an bhearna chun a áirithiú go mbainfidh sé amach a rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus an méid coigiltis fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis.

Déanfaidh an Coimisiún a mheas an leor na bearta náisiúnta dá dtagraítear sa mhír seo chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach. I gcás ina meastar nach leor bearta náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, bearta a mholadh agus a chumhacht a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear amach spriocanna 2030 an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh.

7.   Faoin 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar aon athrú modheolaíochta sna sonraí arna dtuairisciú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008, ar an modheolaíocht chun cothromaíocht fuinnimh a ríomh, agus ar shamhlacha fuinnimh d’úsáid fuinnimh Eorpach, agus, más gá, molfaidh sé coigeartuithe ríomha teicniúla ar spriocanna 2030 an Aontais d’fhonn an leibhéal uaillmhéine a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a choinneáil.

CAIBIDIL II

RÓL EISEAMLÁIREACH NA HEARNÁLA POIBLÍ

Airteagal 5

An earnáil phoiblí chun tosaigh ar éifeachtúlacht fuinnimh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar tomhaltas fuinnimh deiridh iomlán na gcomhlachtaí poiblí go léir le chéile a laghdú 1,9 % ar a laghad gach bliain, i gcomparáid le 2021.

Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh iompar poiblí nó na fórsaí armtha a eisiamh ón oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír.

Chun críocha na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, bunóidh na Ballstáit bonnlíne, lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh deiridh gach comhlachta phoiblí, seachas in iompar poiblí nó sna fórsaí armtha, le haghaidh 2021. Is laghdú táscach é an laghdú ar thomhaltas fuinnimh an iompair phoiblí agus na bhfórsaí armtha agus féadfar é a chur san áireamh fós chun an oibleagáid faoin gcéad fhomhír a chomhlíonadh fiú má eisiatar ón mbonnlíne faoin Airteagal seo é.

2.   Le linn idirthréimhse dar críoch an 11 Deireadh Fómhair 2027, is táscach a bheidh an sprioc a leagtar amach i mír 1. Le linn na hidirthréimhse sin, féadfaidh na Ballstáit sonraí measta maidir le tomhaltas a úsáid, agus, faoin dáta céanna, déanfaidh na Ballstáit an bonnlíne a choigeartú agus tomhaltas fuinnimh deiridh measta na gcomhlachtaí poiblí uile a ailíniú le tomhaltas fuinnimh deiridh iarbhír na gcomhlachtaí poiblí go léir.

3.   Ní áireofar san oibleagáid a leagtar síos i mír 1, go dtí an 31 Nollaig 2026, tomhaltas fuinnimh comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50 000 acu agus, go dtí an 31 Nollaig 2029, tomhaltas fuinnimh comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 5 000 iontu.

4.   Féadfaidh na Ballstáit éagsúlachtaí aeráide laistigh den Bhallstát a chur san áireamh agus tomhaltas fuinnimh deiridh a gcomhlachtaí poiblí á ríomh acu.

5.   Áireoidh na Ballstáit sna nuashonruithe, arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, ar a bpleananna fuinnimh agus aeráide, ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin, an laghdú ar thomhaltas fuinnimh atá le baint amach ag gach comhlacht poiblí, imdhealaithe de réir earnála, agus na bearta a bhfuil ar intinn acu glacadh chun na laghduithe sin a bhaint amach. Mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún an laghdú ar thomhaltas fuinnimh deiridh a baineadh amach gach bliain.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh údaráis réigiúnacha agus áitiúla bearta sonracha éifeachtúlachta fuinnimh ina n-uirlisí pleanála fadtéarmacha, ar nós pleananna maidir le dícharbónú nó le fuinneamh inbhuanaithe, tar éis dóibh dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear gníomhaireachtaí fuinnimh i gcás inarb iomchuí, agus leis an bpobal, lena n-áirítear, go háirithe, na grúpaí leochaileacha a bhfuil an baol ann go ndéanfaidh bochtaineacht fuinnimh difear dóibh nó atá níos soghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíochtaí chun tionchair dhiúltacha dhíreacha nó indíreacha shuntasacha na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh ar theaghlaigh fuinneamhbhocht ar ioncam íseal nó ar ghrúpaí leochaileacha a mhaolú nuair a bheidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu.

7.   Tacóidh na Ballstáit le comhlachtaí poiblí. Féadfar tacaíocht airgeadais agus theicniúil a áireamh sa tacaíocht sin, gan dochar do na rialacha maidir le státchabhair, chun bearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a ghlacadh agus chun comhlachtaí poiblí a spreagadh chun na tairbhí níos leithne le cois coigilteas fuinnimh a chur san áireamh, mar shampla cáilíocht na timpeallachta laistigh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, trí threoirlínte a sholáthar, forbairt inniúlachtaí a chur chun cinn, sealbhú scileanna agus deiseanna oiliúna, agus trí chomhar a spreagadh i measc comhlachtaí poiblí.

8.   Spreagfaidh Ballstáit comhlachtaí poiblí chun féachaint ar astaíochtaí carbóin saolré chomh maith leis na tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí infheistíochta agus beartais a gcomhlachtaí poiblí.

9.   Spreagfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí nó ina bhfuil comhlachtaí poiblí lonnaithe, lena n-áirítear trí shean-théitheoirí neamhéifeachtúla a athsholáthar.

Airteagal 6

Ról eiseamláireach fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí

1.   Gan dochar d’Airteagal 7 de Threoir 2010/31/AE, déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go ndéantar athchóiriú ar 3 % ar a laghad den achar urláir iomlán sna foirgnimh théite agus/nó fuaraithe ar le comhlachtaí poiblí iad, gach bliain chun iad a athrú ar a laghad ina bhfoirgnimh a bheidh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE.

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú cé na foirgnimh a áireofar sa cheanglas athchóirithe 3 %, agus an aird chuí á tabhairt ar chostéifeachtúlacht agus ar indéantacht theicniúil i dtaca leis na foirgnimh a roghnófar chun athchóiriú a dhéanamh orthu.

Féadfaidh na Ballstáit tithíocht shóisialta a dhíolmhú ón oibleagáid athchóiriú a dhéanamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás nach mbeadh na hathchóirithe sin neodrach ó thaobh costais de nó ina mbeadh méaduithe cíosa mar thoradh orthu do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta mura bhfuil na méaduithe cíosa sin níos airde ná an coigilteas eacnamaíoch ar an mbille fuinnimh.

I gcás ina n-áitíonn comhlachtaí poiblí foirgneamh nach leis na comhlachtaí poiblí é, rachaidh siad i mbun caibidlíochta leis an úinéir, go háirithe nuair a shroichfidh siad pointe truicir amhail athnuachan cíosa, athrú úsáide, mórobair dheisiúcháin nó chothabhála, agus é mar aidhm clásail chonarthacha a bhunú chun go mbeidh an foirgneamh ar a laghad ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de nó ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha.

Déanfar an ráta de 3 % ar a laghad a ríomh ar achar urláir iomlán na bhfoirgneamh ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 250 m2 ar le comhlachtaí poiblí iad agus, an 1 Eanáir 2024, nach foirgnimh iad atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de.

2.   Féadfaidh na Ballstáit ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 a chur i bhfeidhm maidir leis na catagóirí foirgneamh seo a leanas:

(a)

foirgnimh atá faoi chosaint oifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe, nó mar gheall ar a sainbhuanna ailtireachta nó staire, sa mhéid go n-athródh comhlíonadh ceanglas áirithe maidir le feidhmíocht fuinnimh a sainghné nó a gcuma ar shlí nach mbeadh glacadh léi;

(b)

foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha nó an rialtais láir agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta, seachas áit chónaithe aonair nó foirgnimh oifige do na fórsaí armtha agus do bhaill foirne eile arna bhfostú ag údaráis náisiúnta cosanta;

(c)

foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí creidimh.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan aon fhoirgneamh nach dtagraítear dó sa chéad fhomhír den mhír seo a athchóiriú go dtí an leibhéal dá bhforáiltear i mír 1 má mheasann siad nach bhfuil sé indéanta ar bhonn teicniúil, eacnamaíoch ná feidhmiúil an foirgneamh sin a athrú ina fhoirgneamh a bheidh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de. I gcás ina gcinneann siad amhlaidh, ní chuirfidh na Ballstáit athchóiriú an fhoirgnimh sin san áireamh agus an ceanglas a leagtar amach i mír 1 á chomhlíonadh.

3.   Chun tús áite a thabhairt do choigilteas fuinnimh agus chun dreasacht a thabhairt le haghaidh luathghníomhaíochta, féadfaidh Ballstát a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a chuid foirgneamh i gcomhréir le mír 1 in aon bhliain go dtí an 31 Nollaig 2026 an barrachas a áireamh i dtreo an ráta athchóirithe bhliantúil d’aon cheann de na 3 bliana ina dhiaidh sin. Féadfaidh Ballstát a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a fhoirgneamh ón 1 Eanáir 2027 an barrachas a áireamh i dtreo ráta athchóirithe bhliantúil an dá bhliain ina dhiaidh sin.

4.   Foirgnimh nua a bhfuil úinéireacht orthu mar fhoirgnimh athsholáthairtí d’fhoirgnimh comhlachtaí poiblí a scartáladh in aon bhliain den 2 bhliain roimhe sin, féadfaidh na Ballstáit na foirgnimh nua sin a áireamh faoi chomhair an ráta athchóirithe foirgneamh bhliantúil. Ní bheidh feidhm aige sin ach amháin i gcás ina mbeidís níos costéifeachtaí agus níos inbhuanaithe ó thaobh astaíochtaí fuinnimh agus saolré CO2 a bhaintear amach i gcomparáid le hathchóiriú na bhfoirgneamh sin. Déanfaidh gach Ballstát na critéir ghinearálta, na modheolaíochtaí ginearálta agus na nósanna imeachta ginearálta chun na cásanna eisceachtúla sin a shainaithint a leagan amach go soiléir agus a fhoilsiú.

5.   Faoin 11 Deireadh Fómhair 2025, bunóidh na Ballstáit, chun críocha an Airteagail seo, fardal d’fhoirgnimh théite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí agus a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán de níos mó ná 250 m2 acu, agus beidh an fardal sin ar fáil don phobal agus inrochtana. Tabharfaidh na Ballstáit an fardal sin cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad. Beidh an fardal nasctha leis an bhforléargas ar stoc foirgneamh arna dhéanamh faoi chuimsiú na bpleananna náisiúnta athchóirithe fadtéarmacha i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE agus leis na bunachair sonraí ábhartha.

Féadfaidh Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh sonraí atá ar fáil go poiblí agus inrochtana maidir le saintréithe stoic foirgneamh, athchóiriú foirgneamh agus feidhmíocht fuinnimh a chomhiomlánú chun tuiscint níos fearr ar fheidhmíocht fuinnimh na hearnála foirgneamh a áirithiú trí shonraí inchomparáide.

Beidh san fhardal ar a laghad na sonraí seo a leanas:

(a)

an t-achar urláir i m2;

(b)

tomhaltas fuinnimh tomhaiste bliantúil teasa, fuaraithe, leictreachais agus uisce the nuair a bheidh na sonraí sin ar fáil;

(c)

deimhniú feidhmíochta fuinnimh gach foirgnimh a eisítear i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cur chuige malartach a chur i bhfeidhm le hais an chuir chuige a leagtar amach i míreanna 1 go 4 chun coigilteas fuinnimh a bhaint amach i bhfoirgnimh comhlachtaí poiblí gach bliain a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis an méid a cheanglaítear i mír 1.

Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas chun an cur chuige malartach sin a chur i bhfeidhm:

(a)

a áirithiú go dtabharfar isteach, gach bliain, pas athchóirithe, i gcás inarb infheidhme, i gcás foirgnimh arb ionann iad agus 3 % ar a laghad d’achar urláir iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí. I gcás na bhfoirgneamh sin, déanfar an t-athchóiriú ar fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de faoi 2040 ar a dhéanaí;

(b)

meastachán a dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh a ghinfí le míreanna 1 go mír 4 trí úsáid a bhaint as luachanna caighdeánacha iomchuí le haghaidh tomhaltas fuinnimh i bhfoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí tagartha roimh an athchóiriú agus ina dhiaidh, agus déanfar é a athrú ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de dá dtagraítear i dTreoir 2010/31/AE.

Na Ballstáit a chinneann an cur chuige malartach a chur i bhfeidhm, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, faoin 31 Nollaig 2023, maidir lena gcoigilteas fuinnimh réamh-mheasta chun ar a laghad coibhéis an choigiltis fuinnimh sna foirgnimh a chumhdaítear le mír 1 a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2030.

Airteagal 7

Soláthar poiblí

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nach gceannaíonn údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, agus conarthaí poiblí agus lamháltais lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE, ach táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus saothair ag a bhfuil ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo, mura bhfuil sin indéanta go teicniúil.

Agus na conarthaí poiblí agus na lamháltais ag a bhfuil luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó níos mó á dtabhairt i gcrích, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 3 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir leis na conarthaí poiblí agus lamháltais sin nach bhforáiltear do cheanglais shonracha ina leith in Iarscríbhinn IV.

2.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo má bhaineann siad an bonn den tslándáil phoiblí nó má chuireann siad bac ar an bhfreagairt ar éigeandálaí sláinte poiblí. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le conarthaí na bhfórsaí armtha ach amháin sa mhéid nach mbeidh a gcur i bhfeidhm ar neamhréir le cineál agus príomhaidhm ghníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí maidir le conarthaí chun trealamh míleata a sholáthar mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39).

3.   D’ainneoin Airteagal 29(4), déanfaidh Ballstáit a áirithiú go ndéanann údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha measúnú ar an indéantacht a bhaineann le conarthaí feidhmíochta fuinnimh fadtéarmacha a sholáthraíonn coigilteas fuinnimh fadtéarmach a thabhairt i gcrích agus conarthaí seirbhíse lena ngabhann luach suntasach fuinnimh á soláthar acu.

4.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, agus pacáiste táirgí atá iomlán clúdaithe ag gníomh tarmligthe a glacadh faoi Rialachán (AE) 2017/1369 á cheannach acu, féadfaidh Ballstáit a cheangal go mbeidh tosaíocht ag an éifeachtúlacht fuinnimh charnach thar éifeachtúlacht fuinnimh táirgí aonair laistigh den phacáiste sin, tríd an bpacáiste táirgí a cheannach a chomhlíonann na critéir maidir leis an aicme is airde éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha san áireamh, agus conarthaí á dtabhairt i gcrích acu dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inarb iomchuí, gnéithe níos leithne den inbhuanaitheacht, den gheilleagar sóisialta, comhshaoil agus ciorclach i gcleachtais soláthair d’fhonn cuspóirí an Aontais maidir le dícharbónú agus truailliú nialasach a bhaint amach. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, ceanglóidh na Ballstáit ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha critéir an Aontais maidir le soláthar poiblí glas nó na critéir choibhéiseacha náisiúnta a bheidh ar fáil a chur san áireamh.

Chun trédhearcacht a áirithiú agus ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh á gcur i bhfeidhm sa phróiseas soláthair, áiritheoidh na Ballstáit go cuirfidh na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha faisnéis ar fáil go poiblí maidir le tionchar éifeachtúlachta fuinnimh conarthaí lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 nó níos mó tríd an bhfaisnéis sin a fhoilsiú sna fógraí faoi seach maidir le Tenders Electronic Daily (TED), i gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún (40). Féadfaidh na húdaráis chonarthacha a chinneadh ceangal a chur ar thairgeoirí faisnéis a nochtadh maidir le poitéinseal téimh dhomhanda saolré i gcás foirgnimh nua agus foirgnimh atá le hathchóiriú, agus leis an úsáid a bhaintear as ábhar ísealcharbóin agus ciorclaíocht na n-ábhar a úsáidtear. Féadfaidh na húdaráis chonarthacha an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí le haghaidh na gconarthaí, go háirithe i gcás foirgneamh nua a bhfuil achar urláir níos mó ná 2 000 m2 acu.

Tacóidh na Ballstáit le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha maidir le glacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, trí rialacha agus treoirlínte soiléire a sholáthar lena n-áirítear modheolaíochtaí maidir le measúnú a dhéanamh ar chostais saolré agus ar thionchair agus costais ar an gcomhshaol, lárionaid tacaíochta inniúlachta a chur ar bun, comhar a spreagadh i measc údaráis chonarthacha lena n-áirítear thar theorainneacha agus soláthar comhiomlánaithe agus soláthar digiteach a úsáid i gcás inar féidir.

6.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh treorach a thabhairt do na húdaráis náisiúnta agus d’oifigigh sholáthair chun ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm sa phróiseas soláthair. Le tacaíocht den sórt sin, féadfar na fóraim atá ann cheana a neartú chun tacú leis na Ballstáit, amhail trí ghníomhaíocht chomhbheartaithe, agus cabhrú leo na critéir don soláthar poiblí glas a chur san áireamh.

7.   Bunóidh na Ballstáit na forálacha dlí agus rialála, agus na cleachtais riaracháin, maidir le ceannach poiblí agus buiséadú bliantúil agus cuntasaíocht bhliantúil, ar forálacha agus cleachtais iad atá riachtanach lena áirithiú nach ndéantar údaráis chonarthacha aonair a dhíspreagadh ó infheistíochtaí a dhéanamh i bhfeabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh agus ó úsáid a bhaint as sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh agus sásraí maoiniúcháin tríú páirtí ar bhonn conarthach, fadtéarmach.

8.   Bainfidh na Ballstáit aon bhac rialála nó neamhrialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh, go háirithe a mhéid a bhaineann le forálacha dlí agus rialála, agus cleachtais riaracháin, maidir le ceannach poiblí agus buiséadú bliantúil agus cuntasaíocht bhliantúil, d’fhonn a áirithiú nach ndéantar comhlachtaí poiblí aonair a dhíspreagadh ó infheistíocht a dhéanamh i bhfeabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh agus ó shásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh agus tríú páirtí a úsáid ar bhonn conarthach, fadtéarmach.

Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis na bearta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar ghlacadh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.

CAIBIDIL III

AN ÉIFEACHTÚLACHT SAN ÚSÁID FUINNIMH

Airteagal 8

Oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh

1.   Bainfidh na Ballstáit coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide amach a bheidh comhionann ar a laghad:

(a)

le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 de 1,5 % de dhíolacháin fuinnimh bhliantúla le custaiméirí deiridh de réir toirte, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí 3 bliana roimh an 1 Eanáir 2013. Féadfar díolacháin fuinnimh, de réir toirte, a úsáidtear san iompar a eisiamh ón ríomh sin, go hiomlán nó go páirteach;

(b)

le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 de:

(i)

0,8 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;

(ii)

1,3 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;

(iii)

1,5 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2027, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;

(iv)

1,9 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2030, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019.

De mhaolú ar an gceanglas sin a leagtar síos i bpointe (b)(i) den chéad fhomhír, bainfidh an Chipir agus Málta coigilteas nua amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023, arb ionann iad agus 0,24 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019.

De mhaolú ar phointí (b)(ii), (iii) agus (iv) den chéad fhomhír, bainfidh an Chipir agus Málta coigilteas nua amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030, arb ionann iad agus 0,45 % FEC bliantúil, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019.

Cinnfidh na Ballstáit conas méid ríofa an choigiltis nua a chéimniú thar gach tréimhse dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, ar choinníoll go mbeidh an coigilteas carnach iomlán fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear bainte amach faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide.

Leanfaidh na Ballstáit de choigilteas nua bliantúil a bhaint amach i gcomhréir leis an ráta coigiltis dá bhforáiltear i bpointe (b)(iv) den chéad fhomhír ar feadh tréimhsí 10 mbliana tar éis 2030.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 9 a bhunú nó trí bhearta beartais malartacha dá dtagraítear in Airteagal 10 a ghlacadh. Féadfaidh na Ballstáit scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh a chumasc le bearta beartais malartacha. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 agus in Airteagal 30(14) a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn V.

3.   Déanfaidh na Ballstáit scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó meascán den dá rud, nó cláir nó bearta a mhaoinítear faoi chiste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, teaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, ach gan a bheith teoranta dóibh siúd. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ag bearta beartais a chuirfear chun feidhme de bhun an Airteagail seo ar na daoine sin. I gcás inarb infheidhme, bainfidh na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir as cistiú, lena n-áirítear cistiú poiblí, saoráidí cistiúcháin atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, agus ioncam ó liúntais de bhun Airteagal 24(3), pointe (b), d’fhonn éifeachtaí díobhálacha a bhaint agus an t-aistriú chuig fuinneamh cóir agus cuimsitheach a áirithiú.

Chun an coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1 a bhaint amach agus gan dochar do Rialachán (AE) 2019/943 agus do Threoir (AE) 2019/944, déanfaidh na Ballstáit, chun bearta beartais sin den sórt sin a cheapadh, ról na gcomhphobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach a mheas agus a chur chun cinn, maidir leis an méid a rannchuidíonn siad leis an gcur chun feidhme i dtreo na mbeart beartais sin.

Bunóidh na Ballstáit agus bainfidh siad amach sciar den mhéid is gá maidir leis an gcoigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. Beidh an sciar sin ar a laghad comhionann le cion na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, arna mheasúnú ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2018/1999. Déanfaidh na Ballstáit ina measúnú ar sciar na bochtaineachta fuinnimh ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na táscairí seo a leanas a mheas:

(a)

gan bheith in ann an baile a choinneáil te go leor (Eurostat, SILC [ilc_mdes01]);

(b)

riaráistí ar bhillí fóntais (Eurostat, SILC, [ilc_mdes07]);

(c)

an daonra iomlán a bhfuil cónaí air i dteaghais ina bhfuil díon sceitheadh, ballaí taise, urláir thaise nó bunús tais, nó lobhadh i bhfrámaí fuinneoige nó san urlár (Eurostat, SILC [ilc_mdho01]);

(d)

an ráta baol bochtaineachta (suirbhéanna Eurostat, SILC agus ECHP [ilc_li02]) (pointe scoite: 60 % den mheánioncam tar éis aistrithe sóisialta).

Más rud é nach bhfuil fógra tugtha ag Ballstát maidir le sciar na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, mar a measadh ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide é, beidh an sciar den choigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, cothrom, ar a laghad, leis an meánsciar uimhríochtúil de na táscairí dá dtagraítear sa tríú fomhír don bhliain 2019 nó, mura bhfuil sé ar fáil do 2019, le haghaidh eachtarshuíomh líneach a gcuid luachanna do na 3 bliana deireanacha atá ar fáil.

4.   Áireoidh na Ballstáit faisnéis faoi na táscairí arna gcur i bhfeidhm, faoin meánsciar uimhríochtúil agus faoi thoradh na mbeart beartais a bhunófar i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo sna nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin, agus sna tuarascálacha fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin.

5.   Féadfaidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais, cibé acu a thugtar isteach iad faoin 31 Nollaig 2020 nó ina dhiaidh sin, a chomhaireamh, ar choinníoll go mbíonn gníomhaíochtaí aonair nua, a ghabhtar de láimh tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin. Ní áireofar coigilteas fuinnimh a bhaintear amach le linn aon tréimhse oibleagáide faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear do na tréimhsí oibleagáide roimhe sin a leagtar amach i mír 1.

6.   Ar choinníoll go mbaineann na Ballstáit amach, ar a laghad, a n-oibleagáid maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b)(i), féadfaidh siad an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear dá dtagraítear sa phointe sin a ríomh trí cheann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas:

(a)

ráta bliantúil coigiltis a chur i bhfeidhm ar dhíolacháin fuinnimh do chustaiméirí deiridh nó ar thomhaltas fuinnimh deiridh, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;

(b)

fuinneamh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár, go hiomlán nó go páirteach, ón mbonnlíne ríomha;

(c)

úsáid a bhaint as aon cheann de na roghanna a leagtar amach i mír 8.

7.   I gcás ina n-úsáideann Ballstáit aon cheann de na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 6 maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a cheanglaítear dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b)(i), bunóidh siad an méid seo a leanas:

(a)

a ráta coigiltis bliantúil féin a chuirfear i bhfeidhm chun an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a ríomh, lena n-áiritheofar nach ísle an méid deiridh dá nglanchoigilteas fuinnimh ná an méid a cheanglaítear faoin bpointe sin;

(b)

a mbonnlíne ríomha féin a fhéadfaidh an fuinnimh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár go hiomlán nó go páirteach.

8.   Faoi réir mhír 9, féadfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an ríomh a cheanglaítear faoi mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), a dhéanamh ag úsáid luachanna 1 % in 2014 agus in 2015; 1,25 % in 2016 agus 2017; agus 1,5 % in 2018, 2019 agus 2020;

(b)

na díolacháin fuinnimh go léir nó cuid díobh a úsáidtear, de réir toirte, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), nó fuinneamh deiridh arna thomhailt, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b)(i) den fhomhír sin, i ngníomhaíochtaí tionscail a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, a eisiamh ón ríomh;

(c)

maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a baineadh amach sna hearnálacha trasfhoirmithe, dáilte agus tarchurtha fuinnimh, lena n-áirítear bonneagar téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil, mar thoradh ar chur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 25(4), pointe (a), d’Airteagal 26(7), agus Airteagal 27(1), (5) go (9) agus (11), an coigilteas sin a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta beartais atá beartaithe acu faoin bpointe seo don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12. Ríomhfar tionchar na mbeart sin i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus áireofar sna pleananna sin é;

(d)

maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí aonair a chuirtear chun feidhme go nua ón 31 Nollaig 2008 agus a leanann de thionchar a bheith acu in 2020 i ndáil leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), agus tar éis 2020 i ndáil leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b)(i) den fhomhír sin, agus is féidir a thomhas agus a fhíorú, an coigilteas sin a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear;

(e)

coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear, ar choinníoll gur féidir a léiriú go mbíonn gníomhaíochtaí aonair, a dhéantar le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus lena dtugtar coigilteas tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin;

(f)

30 % den mhéid infhíoraithe fuinnimh, a ghintear dá n-úsáid féin ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh mar thoradh ar bhearta beartais a chuireann suiteáil nua teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite chun cinn, a eisiamh ó ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i);

(g)

maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a sháraíonn an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, an coigilteas sin a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i), ar choinníoll go n-eascraíonn an coigilteas sin ó ghníomhaíochtaí aonair a dhéantar faoi na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 a bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith ina gcuid pleananna gníomhaíochta náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh agus atá tuairiscithe acu ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 26.

9.   Déanfaidh na Ballstáit éifeacht na roghanna a roghnaítear faoi mhír 8 don tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i) a chur i bhfeidhm agus a ríomh ar leithligh:

(a)

i gcás ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as na roghanna a liostaítear i mír 8, pointí (a) go (d). Ní mó na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 8 i dteannta a chéile ná 25 % den mhéid coigiltis fuinnimh dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a);

(b)

i gcás ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b)(i), féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as na roghanna a liostaítear i mír 8, pointí (b) go (g), ar choinníoll go leanfaidh gníomhaíochtaí aonair dá dtagraítear i mír 8, pointe (d), de thionchar infhíoraithe agus intomhaiste a bheith acu i ndiaidh an 31 Nollaig 2020. Agus na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 8 á gcur le chéile, ní thiocfaidh laghdú níos mó ná 35 % den mhéid coigiltis fuinnimh a ríomhtar i gcomhréir le míreanna 6 agus 7 mar thoradh orthu.

Beag beann ar cibé a dhéanann nó nach ndéanann Ballstáit fuinneamh a úsáidtear in iompar a eisiamh, go hiomlán nó go páirteach, óna mbonnlíne ríomha nó an mbaineann siad úsáid as na roghanna a liostaítear i mír 8, áiritheoidh siad nach ísle an glanmhéid ríofa den choigilteas nua a bhainfear amach sa thomhaltas fuinnimh deiridh le linn na tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b)(i) ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023 ná an méid a thiocfaidh as an ráta bliantúil coigiltis dá dtagraítear sa phointe sin a chur i bhfeidhm.

10.   Tabharfaidh Ballstáit tuairisc sna nuashonraithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999, agus i dtuarascálacha ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin ríomh mhéid na gcoigilteas fuinnimh atá le baint amach le linn na tréimhse idir 1 Eanáir 2021 agus 31 Nollaig 2030 agus, i gcás inarb ábhartha, a mhíniú conas a bunaíodh an ráta coigilteas bliantúil agus an bunlíne ríomha, agus cén dóigh agus a mhéid a cuireadh na roghanna dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo i bhfeidhm.

11.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear a bhaint amach dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), agus mír 3 den Airteagal seo, tuairisc ar na bearta beartais atá le cur chun feidhme chun an méid iomlán a cheanglaítear den choigilteas carnach fuinnimh críochúsáide agus dá modheolaíochtaí ríomha a bhaint amach de bhun Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo, mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999. Úsáidfidh Ballstáit an teimpléad tuairiscithe arna sholáthar do na Ballstáit ag an gCoimisiún.

12.   I gcás, ar bhonn an mheasúnaithe ar na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999, nó ar bhonn an dréachta nó an uasdátaithe dheiridh den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí arna thíolacadh de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, nó ar bhonn an mheasúnaithe ar na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide deireanacha ina dhiaidh sin ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, go measann an Coimisiún nach n-áirithíonn bearta beartais go mbainfear amach an méid is gá maidir leis an gcoigilteas fuinnimh críochúsáide carnach faoi dheireadh na tréimhse oibleagáide, féadfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999, do na Ballstáit sin ar leo na bearta beartais a mheasann sé a bheith neamh-leordhóthanach chun a áirithiú go gcomhlíontar a n-oibleagáidí maidir le coigilteas fuinnimh.

13.   I gcás nach bhfuil an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear bainte amach ag Ballstát faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide a leagtar amach i mír 1, déanfaidh sé an coigilteas fuinnimh nár baineadh amach a bhaint amach de bhreis ar an gcoigilteas carnach fuinnimh críochúsáide is gá faoi dheireadh na tréimhse oibleagáide ina dhiaidh sin.

De rogha air sin, i gcás nach bhfuil an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide os cionn an leibhéal a cheanglaítear bainte amach ag Ballstát faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide a leagtar amach i mír 1, beidh sé i dteideal an méid incháilithe nach mó ná 10 % den bharrachas sin a iompar sa tréimhse oibleagáide ina dhiaidh sin gan méadú a dhéanamh ar an spriocghealltanas.

14.   Mar chuid de na nuashonraithe ar a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus a dtuarascálacha fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin, agus a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin, léireoidh na Ballstáit an méid seo a leanas lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, le fianaise agus ríomhanna:

(a)

i gcás ina bhfuil forluí i dtionchar na mbeart beartais nó na ngníomhaíochtaí aonair, nach bhfuil aon ríomh dúbailte coigiltis fuinnimh;

(b)

conas a rannchuidíonn an coigilteas fuinnimh a bhaintear amach de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo lena rannchuidiú náisiúnta de bhun Airteagal 4 a bhaint amach;

(c)

go mbunaítear na bearta beartais sin chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a cheaptar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus go bhfuil na bearta beartais sin incháilithe agus iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide.

Airteagal 9

Scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh

1.   I gcás ina gcinneann na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh chun an méid coigiltis a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na páirtithe faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo atá ag feidhmiú i gcríoch gach Ballstáit, gan dochar d’Airteagal 8(8) agus (9), a gceanglas maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a leagtar amach in Airteagal 8(1).

I gcás inarb infheidhme, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcomhlíonfaidh páirtithe faoi oibleagáid an coigilteas sin, go hiomlán nó go páirteach, mar rannchuidiú leis an gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 30(14).

2.   I gcás ina gcinneann na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh chun an méid coigiltis a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh siad údarás poiblí cur chun feidhme a cheapadh freisin chun an scéim a riar.

3.   Ainmneoidh na Ballstáit, ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, páirtithe faoi oibleagáid i measc oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí córais dáileacháin, dáileoirí fuinnimh, cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola agus dáileoirí breosla iompair nó miondíoltóirí breosla iompair a oibríonn ina gcríoch. Déanfaidh na páirtithe faoi oibleagáid i measc custaiméirí deiridh, arna n-ainmniú ag an mBallstát, an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear a bhaint amach chun an oibleagáid a chomhlíonadh, go neamhspleách ar an ríomh de bhun Airteagal 8(1) nó, má chinneann na Ballstáit amhlaidh, trí choigilteas deimhnithe a eascraíonn ó pháirtithe eile de réir mar a leagtar amach i mír 11, pointe (a), den Airteagal seo.

4.   I gcás ina n-ainmnítear cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola mar pháirtithe faoi oibleagáid faoi mhír 3, áiritheoidh na Ballstáit, agus a n-oibleagáid á comhlíonadh acu, nach gcruthóidh cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola aon bhacainní a chuireann bac ar thomhaltóirí aistriú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar pháirtithe faoi oibleagáid sciar dá n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal freisin ar pháirtithe faoi oibleagáid spriocanna laghdaithe costas fuinnimh a bhaint amach, ar choinníoll go mbeidh coigilteas fuinnimh críochúsáide mar thoradh orthu agus go ríomhfar iad i gcomhréir le hIarscríbhinn V, agus coigilteas fuinnimh a bhaint amach trí bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn, lena n-áirítear bearta tacaíochta airgeadais lena maolófar éifeachtaí praghsanna carbóin ar FBManna agus ar mhicrifhiontair.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar pháirtithe faoi oibleagáid oibriú le seirbhísí sóisialta, údaráis réigiúnacha, údaráis áitiúla nó le bardais chun bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. Áirítear leis sin riachtanais shonracha grúpaí ar leith atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó atá níos so-ghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin na ngrúpaí sin. Chun cosaint a thabhairt do dhaoine a ndéantar an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, spreagfaidh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid chun gníomhaíochtaí a dhéanamh amhail athchóiriú foirgneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, athsholáthar fearas, tacaíocht airgeadais agus dreasachtaí do bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le scéimeanna náisiúnta maoinithe agus tacaíochta, nó iniúchtaí fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit incháilitheacht na mbeart le haghaidh aonaid aonair atá i bhfoirgnimh il-árasán.

7.   Agus míreanna 5 agus 6 á gcur i bhfeidhm, ceanglóidh na Ballstáit ar pháirtithe faoi oibleagáid tuairisciú ar bhonn bliantúil ar an gcoigilteas fuinnimh a bhaineann na páirtithe faoi oibleagáid amach ó ghníomhaíochtaí a chuirtear chun cinn i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, agus iarrfaidh siad faisnéis chomhiomlánaithe staidrimh ar a gcustaiméirí deiridh agus athruithe ar choigilteas fuinnimh á sainaithint i gcomparáid leis an bhfaisnéis a cuireadh isteach roimhe sin, agus maidir leis an tacaíocht theicniúil agus airgeadais a sholáthraítear.

8.   Déanfaidh na Ballstáit an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear ar gach páirtí faoi oibleagáid a shloinneadh i dtéarmaí tomhaltas fuinnimh deiridh nó tomhaltas fuinnimh phríomhúil. An modh a roghnaítear chun an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear a shloinneadh, úsáidfear é freisin chun an coigilteas a éileoidh páirtithe faoi oibleagáid a ríomh. Agus an méid coigiltis fuinnimh á thiontú, beidh feidhm ag na glanluachanna calracha a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (41) agus ag an bhfachtóir fuinnimh phríomhúil de bhun Airteagal 31 ach amháin má bhíonn údar maith le fachtóirí coinbhéartachta eile a úsáid.

9.   Cuirfidh na Ballstáit córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe ar bun faoina ndéantar fíorú doiciméadaithe ar, ar a laghad, sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chuir na páirtithe faoi oibleagáid i bhfeidhm. Déanfar an tomhas, an rialú agus an fíorú go neamhspleách ar na páirtithe faoi oibleagáid. I gcás gur páirtí faoi oibleagáid atá san eintiteas, faoi scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh faoi Airteagal 9 agus faoi CTA AE le haghaidh foirgneamh agus iompar bóthair i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE, áiritheofar leis an gcóras fíoraithe agus faireacháin go gcuirfear an praghas carbóin a chuirtear tríd agus breosla á scaoileadh lena thomhailt i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE san áireamh i ríomh agus i dtuairisciú choigilteas fuinnimh bhearta coigiltis fuinnimh an eintitis.

10.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, maidir leis na córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear na modhanna a úsáideadh, na saincheisteanna a sainaithníodh agus an chaoi ar tugadh aghaidh ar na saincheisteanna sin.

11.   Faoin scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

coigilteas fuinnimh deimhnithe a áireamh faoi chomhair a n-oibleagáide, ar coigilteas é a bhaineann soláthraithe seirbhíse fuinnimh nó tríú páirtithe eile amach, lena n-áirítear nuair a chuireann páirtithe faoi oibleagáid bearta chun cinn trí chomhlachtaí formheasta eile ag an Stát nó trí údaráis phoiblí a fhéadfaidh baint a bheith acu le comhpháirtíochtaí foirmiúla agus a fhéadfaidh a bheith in éineacht le foinsí eile airgeadais;

(b)

coigilteas a fhaightear i mbliain ar leith a chomhaireamh amhail is dá mbeidís faighte ina ionad in aon cheann de na 4 bliana roimhe sin nó le linn na 3 bliana dá éis fad is nach bhfuil sé seo thar dheireadh na dtréimhsí oibleagáide a leagtar amach in Airteagal 8(1).

I gcás ina n-údaraíonn na Ballstáit amhlaidh, áiritheoidh siad go leanfaidh an deimhniúchán coigiltis fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír próiseas formheasa a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit, agus a bheidh soiléir, trédhearcach agus oscailte do gach rannpháirtí margaidh, agus arb é is aidhm dó na costais a bhaineann le deimhniúchán a laghdú.

Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an tionchar atá ag costais dhíreacha agus neamhdhíreacha na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh ar iomaíochas tionscal dianfhuinnimh a thagann faoi thionchar iomaíochais idirnáisiúnta agus, más iomchuí, glacfaidh siad bearta chun an tionchar sin a íoslaghdú.

12.   Is ar bhonn bliantúil a fhoilseoidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh a bheidh bainte amach ag gach páirtí faoi oibleagáid, nó ag gach fochatagóir de pháirtí faoi oibleagáid, agus san iomlán faoin scéim.

Airteagal 10

Bearta beartais malartacha

1.   I gcás ina gcinneann Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir leis an gcoigilteas a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a bhaint amach trí bhíthin bearta beartais malartacha, áiritheoidh siad, gan dochar d’Airteagal 8(8) agus (9), go mbainfear amach an coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) i measc na gcustaiméirí deiridh.

2.   I gcás gach birt eile seachas na cinn sin a bhaineann le cánachas, cuirfidh na Ballstáit córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe i bhfeidhm faoina ndéantar fíorú doiciméadaithe ar, ar a laghad, sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chuir na páirtithe rannpháirteacha nó na páirtithe iontaoibhe i bhfeidhm. Déanfar an tomhas, an rialú agus an fíorú go neamhspleách ar na páirtithe rannpháirteacha nó ar na páirtithe iontaoibhe.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, maidir leis na córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear na modhanna a úsáideadh, na saincheisteanna a sainaithníodh agus an chaoi ar tugadh aghaidh ar na saincheisteanna sin.

4.   Agus beart cánachais á thuairisciú, léireoidh na Ballstáit an chaoi a ndearnadh éifeachtacht an chomhartha praghais, amhail ráta cánach agus infheictheacht le himeacht ama, a áirithiú agus an beart cánachais á cheapadh. I gcás ina bhfuil laghdú ar an ráta cánach, tabharfaidh na Ballstáit bonn cirt faoin gcaoi a mbeidh coigilteas fuinnimh nua fós mar thoradh ar na bearta cánachais.

Airteagal 11

Córais bainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh

1.   Maidir le fiontair a bhfuil meántomhaltas bliantúil fuinnimh acu atá níos airde ná 85TJ fuinnimh le linn na 3 bliana roimhe sin, a ghlacann na hiompróirí fuinnimh go léir le chéile, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na fiontair sin córas bainistíochta fuinnimh chun feidhme. Déanfaidh comhlacht neamhspleách an córas bainistíochta fuinnimh a dheimhniú i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh córas bainistíochta fuinnimh i bhfeidhm ag na fiontair dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 11 Deireadh Fómhair 2027.

2.   Maidir le fiontair a bhfuil meántomhaltas bliantúil fuinnimh acu atá níos airde ná 10TJ fuinnimh le linn na 3 bliana roimhe sin, a ghlacann na hiompróirí fuinnimh go léir le chéile, ach nach gcuireann córas bainistíochta fuinnimh chun feidhme, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear na fiontair sin faoi réir iniúchadh fuinnimh.

Beidh na hiniúchtaí fuinnimh sin:

(a)

déanta ag saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe ar bhealach neamhspleách costéifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 28; nó

(b)

curtha chun feidhme agus maoirsithe ag údaráis neamhspleácha faoin reachtaíocht náisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na fiontair dá dtagraítear sa chéad fhomhír an chéad iniúchadh fuinnimh faoin 11 Deireadh Fómhair 2026 agus go ndéanfar iniúchtaí fuinnimh gach 4 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin. I gcás ina ndéanann na fiontair sin iniúchtaí fuinnimh cheana féin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, leanfaidh siad de sin a dhéanamh gach 4 bliana ar a laghad i gcomhréir leis an Treoir seo.

Dréachtóidh na fiontair lena mbaineann Plean Gníomhaíochta nithiúil indéanta mar thoradh ar na moltaí a thiocfaidh ó na hiniúchtaí fuinnimh sin. Sainaithneofar bearta sa Phlean Gníomhaíochta chun gach moladh san iniúchadh a chur chun feidhme, i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch. Cuirfear an Plean Gníomhaíochta faoi bhráid bhainistíocht an fhiontair.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar na Pleananna Gníomhaíochta agus an ráta maidir leis na moltaí a chur chun feidhme i dtuarascáil bhliantúil an fhiontair, agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad, faoi réir dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta lena gcosnaítear rúin trádála agus ghnó agus rúndacht.

3.   I gcás, in aon bhliain faoi leith, ina bhfuil tomhaltas bliantúil is mó ná 85 TJ ag fiontar dá dtagraítear i mír 1 agus i gcás ina bhfuil tomhaltas bliantúil is mó ná 10TJ ag fiontar dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an Airteagal seo a chur chun feidhme. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit úsáid ardáin nua nó ardáin atá ann cheana a chur chun cinn chun gur féidir na sonraí is gá a bhailiú ar an leibhéal náisiúnta.

4.   Féadfaidh na Ballstáit na fiontair dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a spreagadh chun faisnéis a thabhairt ina dtuarascáil bhliantúil maidir lena dtomhaltas fuinnimh bliantúil in kWh, leis an toirt bhliantúil uisce a ídítear i méadair chiúbacha agus le comparáid a dhéanamh idir a dtomhaltas agus uisce le hais na mblianta roimhe sin.

5.   Cuirfidh na Ballstáit infhaighteacht iniúchtaí fuinnimh ardcháilíochta chun cinn do na custaiméirí deiridh go léir, ar iniúchtaí iad atá costéifeachtach agus ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

déanann saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe iad ar bhealach neamhspleách i gcomhréir le critéir cháilithe; nó

(b)

déanann údaráis neamhspleácha maoirseacht orthu agus iad a chur chun feidhme faoin reachtaíocht náisiúnta.

Féadfaidh saineolaithe inmheánacha nó iniúchóirí fuinnimh na hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil scéim curtha i bhfeidhm ag an mBallstát lena mbaineann chun a gcáilíocht a áirithiú, lena n-áirítear, más iomchuí, roghnú randamach bliantúil de chéatadán atá suntasach ó thaobh staidrimh de, ar a laghad, de na hiniúchtaí fuinnimh uile arna ndéanamh ag na saineolaithe inmheánacha nó iniúchóirí fuinnimh sin.

Chun críche ardcháilíocht na n-iniúchtaí fuinnimh agus na gcóras bainistíochta fuinnimh a áirithiú, cuirfidh Ballstáit critéir íosta thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar bun do na hiniúchtaí fuinnimh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI agus na caighdeáin ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta á gcur san áireamh. Ainmneoidh na Ballstáit údarás nó comhlacht inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hamlínte chun iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus go gcuirfear na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI i bhfeidhm mar is ceart.

Ní bheidh san áireamh in iniúchtaí fuinnimh clásail lena gcuirtear cosc ar aistriú thorthaí an iniúchta chuig aon soláthraí seirbhíse fuinnimh cáilithe nó creidiúnaithe, ar choinníoll nach gcuirfidh an custaiméir ina choinne.

6.   Forbróidh na Ballstáit cláir a mbeidh sé mar aidhm leo FBManna nach bhfuil faoi réir mhír 1 nó 2 a spreagadh dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus na moltaí ó na hiniúchtaí sin a chur chun feidhme ina dhiaidh sin agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do na FBManna sin.

Ar bhonn critéar trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus gan dochar do dhlí an Aontais maidir le státchabhair, féadfaidh na Ballstáit sásraí a chur ar bun, ar nós lárionaid iniúchóireachta fuinnimh do FBManna agus do mhicrifhiontair, ar choinníoll nach mbeidh na sásraí sin in iomaíocht le hiniúchóirí príobháideacha, chun iniúchtaí fuinnimh a chur ar fáil. Féadfaidh siad scéimeanna tacaíochta eile a chur ar fáil do FBManna, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil comhaontuithe deonacha tugtha i gcrích ag na FBManna sin, chun costais iniúchtaí fuinnimh a chumhdach agus chun moltaí atá an-chostéifeachtach a eascraíonn ó na hiniúchtaí fuinnimh a chur chun feidhme, má chuirtear na bearta atá beartaithe sna moltaí sin chun feidhme.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tacaíocht sna cláir dá dtagraítear i mír 6 do FBManna chun na tairbhí iomadúla a bhaineann le bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéid a bhaineann lena n-oibriú a chainníochtú, le treochláir éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus gréasáin éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt do FBManna, arna n-éascú ag saineolaithe neamhspleácha.

Tarraingeoidh na Ballstáit aird FBManna, lena n-áirítear trína n-eagraíochtaí idirmheánacha ionadaíocha faoi seach, ar shamplaí nithiúla den chaoi a bhféadfadh córais bainistíochta fuinnimh cabhrú lena ngnólachtaí. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit trí thacú le malartú dea-chleachtas sa réimse seo.

8.   Forbróidh na Ballstáit cláir a mbeidh sé mar aidhm leo fiontair nach FBManna iad agus nach bhfuil faoi réir mhír 1 nó 2 a spreagadh dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus na moltaí ó na hiniúchtaí sin a chur chun feidhme ina dhiaidh sin.

9.   Measfar go gcomhlíontar ceanglais mhír 2 leis na hiniúchtaí fuinnimh i gcás inar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

déantar ar bhealach neamhspleách iad, ar bhonn na gcritéar íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;

(b)

cuirtear chun feidhme iad faoi chomhaontuithe deonacha arna dtabhairt i gcrích idir eagraíochtaí geallsealbhóirí agus comhlacht a cheap an Ballstát lena mbaineann agus atá faoi mhaoirseacht an Bhallstáit sin, a cheap comhlacht eile a bhfuil an fhreagracht lena mbaineann tarmligthe chuige ag na húdaráis inniúla agus atá faoi mhaoirseacht an chomhlachta sin, nó a cheap an Coimisiún agus atá faoi mhaoirseacht an Choimisiúin.

Beidh an rochtain atá ag rannpháirtithe sa mhargadh a thairgeann seirbhísí fuinnimh bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

10.   Fiontair a chuireann conradh feidhmíochta fuinnimh chun feidhme, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo ar choinníoll go gcumhdaítear leis an gconradh feidhmíochta fuinnimh na gnéithe riachtanacha den chóras bainistíochta fuinnimh agus go gcomhlíontar leis an gconradh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XV.

11.   Fiontair a chuireann córas bainistíochta comhshaoil i bhfeidhm, atá deimhnithe ag comhlacht neamhspleách i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ar choinníoll go n-áirítear leis an gcóras bainistíochta comhshaoil lena mbaineann iniúchadh fuinnimh ar bhonn na gcritéar íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

12.   Féadfaidh iniúchtaí fuinnimh a bheith neamhspleách nó déanta mar chuid d’iniúchadh comhshaoil níos leithne. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh measúnú ar indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch nascadh le líonra téimh nó fuaraithe ceantair atá ann cheana nó atá beartaithe mar chuid den iniúchadh fuinnimh.

Gan dochar do dhlí an Aontais maidir le státchabhair, féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí agus scéimeanna tacaíochta a chur chun feidhme chun moltaí ó iniúchtaí fuinnimh agus ó bhearta comhchosúla a chur chun feidhme.

Airteagal 12

Lárionaid sonraí

1.   Faoin 15 Bealtaine 2024, agus gach bliain ina dhiaidh sin, ceanglóidh na Ballstáit ar úinéirí agus ar oibreoirí lárionad sonraí ina gcríoch a bhfuil éileamh cumhachta ón teicneolaíocht faisnéise (TF) suiteáilte de 500kW ar a laghad acu an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a chur ar fáil go poiblí, cé is moite d’fhaisnéis atá faoi réir an dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta lena dtugtar cosaint do rúin trádála agus ghnó agus do rúndacht.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le lárionaid sonraí a úsáidtear le haghaidh na cosanta agus na cosanta sibhialta ná maidir le lárionaid sonraí a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí go heisiach agus an chosaint agus an chosaint shibhialta mar aidhm deiridh acu.

3.   Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí Eorpach maidir le lárionaid sonraí ina mbeidh faisnéis arna cur in iúl ag na lárionaid sonraí faoi oibleagáid i gcomhréir le mír 1. Beidh an bunachar sonraí Eorpach ar fáil go poiblí ar an leibhéal comhiomlánaithe.

4.   Spreagfaidh na Ballstáit úinéirí agus oibreoirí lárionad sonraí ina gcríoch a bhfuil éileamh cumhachta ó TF suiteáilte acu arb ionann é agus 1 MW nó ar mó ná sin é chun na cleachtais is fearr dá dtagraítear sa leagan is déanaí den Chód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí.

5.   Faoin 15 Bealtaine 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na sonraí atá ar fáil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh lárionad sonraí arna gcur faoina bhráid de bhun mhíreanna 1 agus 3 agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, in éineacht le, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha ina mbeidh bearta breise chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear maidir le híoschaighdeáin feidhmíochta a bhunú agus measúnú ar indéantacht an aistrithe chuig earnáil lárionad astaíochtaí glan-nialasacha, i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha. Féadfaidh tograí den sórt sin creat ama a bhunú ina mbeidh ar lárionaid sonraí atá ann cheana feidhmíocht íosta a chomhlíonadh.

Airteagal 13

Méadrú i gcomhair gás nádúrtha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir go teicniúil, réasúnach ó thaobh airgeadais de agus comhréireach i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh fhéideartha, go gcuirfear méadair aonair ar phraghas iomaíoch ar fáil do chustaiméirí deiridh gáis nádúrtha a léireoidh tomhaltas fuinnimh iarbhír an chustaiméara deiridh go cruinn agus a chuirfidh faisnéis faoin am úsáide iarbhír ar fáil.

Soláthrófar méadar aonair den sórt sin ar phraghas iomaíoch i gcónaí sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a dhéantar méadar atá ann cheana a ionadú, ach amháin má tá sé sin dodhéanta go teicniúil nó mura bhfuil sé costéifeachtach i ndáil leis an gcoigilteas a d’fhéadfadh a bheith ann san fhadtéarma;

(b)

nuair a dhéantar nascadh nua i bhfoirgneamh nua nó nuair a dhéantar athchóiriú mór ar fhoirgneamh de réir bhrí Threoir 2010/31/AE.

2.   I gcás ina ndéanann, agus a mhéid a dhéanann, na Ballstáit córais méadraithe chliste a chur chun feidhme agus méadair chliste i gcomhair gás nádúrtha a leathadh amach i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE:

(a)

áiritheoidh siad go dtabharfaidh na córais mhéadrúcháin faisnéis do na custaiméirí deiridh maidir leis an am úsáide iarbhír agus go gcuirfear san áireamh go hiomlán cuspóirí na héifeachtúlachta fuinnimh agus na sochar do chustaiméirí deiridh agus feidhmiúlachtaí íosta na méadair agus na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar rannpháirtithe sa mhargadh á mbunú;

(b)

áiritheoidh siad slándáil na méadar cliste agus na cumarsáide sonraí, agus príobháideacht na gcustaiméirí deiridh, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas;

(c)

éileoidh siad go dtabharfar comhairle agus faisnéis iomchuí do na custaiméirí deiridh tráth a shuiteálfar na méadair chliste, go háirithe maidir lena bpoitéinseal iomlán i ndáil le bainistiú léimh an mhéadair agus faireachán ar thomhaltas fuinnimh.

Airteagal 14

Méadrú i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear méadair ar phraghas iomaíoch ar fáil do chustaiméirí deiridh i gcomhair téamh ceantair, fuarú ceantair agus uisce te tí a léireoidh go cruinn a dtomhaltas fuinnimh iarbhír.

2.   I gcás ina soláthraítear téamh, fuarú nó uisce te tí d'fhoirgneamh ó fhoinse lárnach a sheirbhísíonn foirgnimh iolracha nó ó chóras téimh ceantair nó fuaraithe ceantair, suiteálfar méadar ag an malartóir teasa nó ag an bpointe seachadta.

Airteagal 15

Fomhéadrú agus leithdháileadh na gcostas i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí

1.   I bhfoirgnimh ilárasán agus ilchuspóra a bhfuil foinse téimh lárnaigh nó fuaraithe lárnaigh acu nó a sholáthraítear as córas téimh ceantair nó fuaraithe ceantair, suiteálfar méadair aonair chun tomhaltas an téimh, an fuaraithe nó an uisce the tí do gach aonad foirgnimh a thomhas, i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil agus go costéifeachtach i dtéarmaí an méid sin a bheith comhréireach i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh féideartha.

I gcás nach bhfuil úsáid méadar aonair indéanta go teicniúil nó i gcás nach bhfuil sé costéifeachtúil tomhaltas teasa i ngach aonad foirgnimh a thomhas, úsáidfear leithdháileoirí costais teasa aonair chun tomhaltas teasa a thomhas ag gach radaitheoir mura suífidh an Ballstát atá i gceist nach mbeadh suiteáil na leithdháileoirí costais teasa sin costéifeachtúil. Sna cásanna sin, féadfar modhanna malartacha costéifeachtúla chun tomhaltas teasa a thomhas a mheas. Déanfaidh gach Ballstát na critéir ghinearálta, na modheolaíochtaí ginearálta agus na nósanna imeachta ginearálta chun an neamh-indéantacht theicniúil agus an neamh-chostéifeachtúlacht a chinneadh a leagan amach agus a fhoilsiú go soiléir.

2.   I bhfoirgnimh ilárasán nua agus i gcodanna cónaithe d'fhoirgnimh ilchuspóra nua ina bhfuil foinse lárnach téimh le haghaidh uisce te tí nó ina bhfaightear an soláthar ó chórais téimh ceantair, soláthrófar méadair aonair le haghaidh uisce te tí, d'ainneoin mhír 1, an chéad fhomhír.

3.   I gcás gur as téamh ceantair nó fuarú ceantair a dhéantar soláthar d'fhoirgnimh ilárasán nó ilchuspóra, nó i gcás córais dhílse téimh nó fuaraithe d'fhoirgnimh den sórt sin a bheith leitheadúil, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rialacha trédhearcacha náisiúnta i bhfeidhm acu a bhfuil teacht ag an bpobal orthu maidir le leithdháileadh chostas an tomhaltais téimh, fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh den sórt sin chun trédhearcacht agus cruinneas na cuntasaíochta i gcás tomhaltas aonair a áirithiú. I gcás inarb iomchuí, áireofar i rialacha den sórt sin treoirlínte maidir leis an mbealach is ceart an costas a leithdháileadh i dtaobh fuinneamh a úsáidtear do na nithe seo a leanas:

(a)

uisce te tí;

(b)

teas a radaítear ón tsuiteáil foirgnimh agus chun na limistéir chomhchoiteanna a théamh, i gcás ina bhfuil staighrí agus dorchlaí feistithe le radaitheoirí;

(c)

árasáin a théamh nó a fhuarú.

Airteagal 16

Ceanglas cianléimh

1.   Chun críocha Airteagail 14 agus 15, is feistí atá inléite go cianda a bheidh sna méadair agus sna leithdháileoirí costais teasa atá nua-shuiteáilte. Beidh feidhm ag coinníollacha na hindéantachta teicniúla agus na costéifeachtúlachta, a leagtar amach in Airteagal 15(1).

2.   Tabharfar an cumas do mhéadair agus do leithdháileoirí costais teasa nach bhfuil inléite go cianda ach atá suiteáilte cheana féin a bheith inléite go cianda nó cuirfear feistí atá inléite go cianda ina n-ionad faoin 1 Eanáir 2027, ach amháin i gcás ina léiríonn an Ballstát i dtrácht nach bhfuil sin costéifeachtúil.

Airteagal 17

Faisnéis bhilleála i gcomhair gás nádúrtha

1.   I gcás nach bhfuil méadair chliste i gcomhair gás nádúrtha dá dtagraítear i dTreoir 2009/73/CE ag custaiméirí deiridh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis bhilleála iontaofa don ghás nádúrtha cruinn agus bunaithe ar thomhaltas iarbhír, i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, pointe 1.1, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus ina bhfuil údar eacnamaíoch leis.

Féadfar an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí chóras féinléite rialta ag na custaiméirí deiridh faoina gcuireann siad na léamha óna méadar chuig an soláthróir fuinnimh. Ní bhunófar an bhilleáil ar an tomhaltas measta nó ar ráta comhréidh ach amháin i gcás nach bhfuil léamh méadair curtha ar fáil ag an gcustaiméir deiridh nó ag an úsáideoir deiridh le haghaidh eatramh billeála ar leith.

2.   Méadair a shuiteáiltear i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE, beidh siad in ann faisnéis bhilleála chruinn a sholáthar bunaithe ar thomhaltas iarbhír. Áiritheoidh an Ballstáit go mbeidh an fhéidearthacht ag custaiméirí deiridh rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil a chuirfidh ar a gcumas féinseiceálacha mionsonraithe a dhéanamh.

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil:

(a)

sonraí carnacha do na 3 bliana roimhe sin ar a laghad nó don tréimhse ó thús an chonartha soláthair más giorra sin;

(b)

sonraí mionsonraithe de réir am na húsáide do gach lá, seachtain, mí agus bliain.

Comhfhreagróidh na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír do na tréimhsí dar táirgeadh faisnéis rialta bhilleála.

Cuirfear na sonraí sin dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír ar fáil don chustaiméir deiridh tríd an idirlíon nó tríd an gcomhéadan méadrúcháin do na 24 mhí roimh sin ar a laghad nó don tréimhse ó thús an chonartha soláthair más giorra sin.

3.   Go neamhspleách ar cé acu a suiteáladh méadair chliste nó nár suiteáladh, maidir leis na Ballstáit:

(a)

ceanglóidh siad, sa mhéid go bhfuil fáil ar fhaisnéis maidir le billeáil fuinnimh agus tomhaltas stairiúil na gcustaiméirí deiridh, go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do sholáthraí seirbhíse fuinnimh arna ainmniú ag an gcustaiméir deiridh;

(b)

áiritheoidh siad go dtabharfar an rogha do na custaiméirí deiridh faisnéis bhilleála leictreonach agus billí leictreonacha a fháil agus go bhfaighidh siad míniú soiléir sothuigthe, arna iarraidh sin dóibh, ar an gcaoi a ríomhadh a mbille, go háirithe i gcás nach bhfuil an bille bunaithe ar an tomhaltas iarbhír;

(c)

áiritheoidh go gcuirfear faisnéis iomchuí ar fáil leis an mbille chun cuntas cuimsitheach ar na costais fuinnimh reatha a chur ar fáil do chustaiméirí deiridh, i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII;

(d)

féadfaidh siad a leagan síos nach measfar gur iarraidh ar íocaíocht atá san fhaisnéis atá sna billí sin, arna iarraidh sin don chustaiméir deiridh. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtáirgeann soláthróirí foinsí fuinnimh socruithe solúbtha le haghaidh íocaíochtaí iarbhír;

(e)

ceanglóidh siad go gcuirfear faisnéis agus meastacháin le haghaidh costais fuinnimh ar fáil do thomhaltóirí ar éileamh agus go tráthúil, agus i bhformáid atá intuigthe go héasca lena gcuirtear ar chumas na dtomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir idirbhearta ar bhonn ‘macasamhail le macasamhail’.

Airteagal 18

Faisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí

1.   I gcás ina suiteáiltear méadair nó leithdháileoirí costais teasa, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais iontaofa, cruinn agus bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa, i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, pointí 1 agus 2, i gcás gach úsáideora deiridh.

I gcás ina bhforálann Ballstát dó sin, seachas i gcás tomhaltas fomhéadraithe bunaithe ar leithdháileoirí costais teasa faoi Airteagal 15, féadfar an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí chóras féinléimh rialta ina gcuirfidh an custaiméir deiridh nó an t-úsáideoir deiridh léamha óna méadar in iúl don soláthróir fuinnimh. Ní bhunófar an bhilleáil ar thomhaltas measta nó ar ráta comhréidh ach amháin i gcás nach bhfuil léamh méadair curtha ar fáil ag an gcustaiméir deiridh nó ag an úsáideoir deiridh le haghaidh eatramh billeála ar leith.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

a cheangal, má tá faisnéis faoi bhilleáil fuinnimh agus tomhaltas stairiúil nó léamha leithdháileoirí costais teasa na n-úsáideoirí deiridh ar fáil, go gcuirfear ar fáil í, arna iarraidh sin ag an úsáideoir deiridh, do sholáthraí seirbhíse fuinnimh arna ainmniú ag an úsáideoir deiridh;

(b)

a áirithiú go dtairgfear do chustaiméirí deiridh rogha na faisnéise billeála leictreonaí agus billí;

(c)

a áirithiú go gcuirfear faisnéis shoiléir intuigthe ar fáil leis an mbille do gach úsáideoir deiridh i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, pointe 3;

(d)

an chibearshlándáil a chur chun cinn agus príobháideachas agus cosaint sonraí na n-úsáideoirí deiridh a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, ar iarraidh ón gcustaiméir deiridh, nach measfar gur iarraidh ar íocaíocht atá i soláthar faisnéise billeála. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar socruithe solúbtha le haghaidh íocaíocht iarbhír a thairgeadh.

3.   Cinnfidh na Ballstáit cé a bheidh freagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a sholáthar do na húsáideoirí deiridh nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair le soláthróir fuinnimh acu.

Airteagal 19

Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála i gcomhair gás nádúrtha

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh custaiméirí deiridh a mbillí agus a bhfaisnéis bhilleála go léir i gcomhair tomhaltas fuinnimh saor in aisce agus go mbeidh rochtain ag custaiméirí deiridh freisin ar a sonraí maidir le tomhaltas ar bhealach iomchuí agus saor in aisce.

Airteagal 20

Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húsáideoirí deiridh a mbillí agus a bhfaisnéis bhilleála go léir i gcomhair tomhaltas fuinnimh saor in aisce agus go mbeidh rochtain ag na húsáideoirí deiridh freisin ar a sonraí maidir le tomhaltas ar bhealach iomchuí agus saor in aisce.

2.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, is ar bhonn neamhbhrabúsach a dhéanfar costais na faisnéise billeála de thomhaltas aonair téimh, fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh ilárasán agus i bhfoirgnimh ilchuspóra a dháileadh de bhun Airteagal 15. Féadfar costais a eascraíonn ó shannadh an chúraim sin do thríú páirtí, amhail soláthraí seirbhíse nó an soláthróir fuinnimh áitiúil, ina gcumhdaítear an tomhas, an leithdháileadh agus an chuntasaíocht de thomhaltas aonair iarbhír i bhfoirgnimh den sórt sin, a chur ar aghaidh chun na n-úsáideoirí deiridh a mhéid a bheidh costais den sórt sin réasúnach.

3.   Chun a áirithiú go mbeidh costais réasúnacha ar na seirbhísí fomhéadraithe dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh na Ballstáit an t-iomaíochas a spreagadh san earnáil seirbhíse sin trí bhearta iomchuí a ghlacadh, amhail úsáid na tairisceana a mholadh nó a chur chun cinn ar shlí eile nó trí úsáid a bhaint as feistí agus córais idir-inoibritheacha a éascaíonn an t-aistriú ó sholáthraí seirbhíse amháin go ceann eile.

CAIBIDIL IV

FAISNÉIS DO THOMHALTÓIRÍ AGUS CUMASÚ

Airteagal 21

Cearta conarthacha bunúsacha i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí

1.   Gan dochar do rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42) agus Treoir 93/13/CEE ón gComhairle (43), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cearta dá bhforáiltear i míreanna 2 go 9 den Airteagal seo ag custaiméirí deiridh agus, i gcás ina ndéantar tagairt shainráite ina leith, d’úsáideoirí deiridh.

2.   Beidh ag custaiméirí deiridh an ceart chun conradh a bheith acu lena soláthróir ina sonraítear an méid seo a leanas:

(a)

céannacht, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;

(b)

na seirbhísí a sholáthraítear, leibhéil cáilíochta na seirbhísí atá san áireamh;

(c)

na cineálacha seirbhíse cothabhála atá san áireamh sa chonradh gan aon mhuirir bhreise;

(d)

na bealaí inar féidir faisnéis chothrom le dáta a fháil faoi na taraifí, na muirir chothabhála uile is infheidhme agus faoi na táirgí nó seirbhísí cuachta;

(e)

ré an chonartha, na coinníollacha chun an conradh agus na seirbhísí a athnuachan agus a scor, lena n-áirítear táirgí nó seirbhísí atá cuachta leis na seirbhísí sin, agus cibé an gceadaítear foirceannadh an chonartha gan aon mhuirear a íoc;

(f)

aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cáilíochta seirbhíse arna gconrú, lena n-áirítear billeáil mhíchruinn nó dhéanach;

(g)

an modh chun tús a chur le nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 22;

(h)

faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí, lena n-áirítear faisnéis faoi gearáin a láimhseáil agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa mhír seo, a chuirtear in iúl go soiléir ar an mbille nó ar shuíomh gréasáin an fhiontair agus a bhfuil ar áireamh ann sonraí teagmhála nó nasc chuig suíomh gréasáin na bpointí aonair teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointe (e);

(i)

na sonraí teagmhála lena gcuirfear ar chumas an chustaiméara na hionaid ilfhreastail ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointe (a), a shainaithint.

Beidh coinníollacha na soláthraithe cothrom agus cuirfear ar fáil iad do na custaiméirí deiridh roimh ré. Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo sula ndéanfar an conradh a thabhairt i gcrích nó a dhearbhú. I gcás ina ndéantar conarthaí a thabhairt i gcrích trí idirghabhálaithe, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil freisin sula gcuirfear an conradh i gcrích.

Tabharfar achoimre ar na príomhchoinníollacha conarthacha, lena n-áirítear praghsanna agus taraifí, do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh ar bhealach intuigthe agus i bhfriotal a bheidh beacht agus simplí.

Tabharfar do na custaiméirí deiridh cóip den chonradh agus faisnéis shoiléir, ar bhealach trédhearcach, maidir leis na praghsanna agus na taraifí is infheidhme, chomh maith le téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha i ndáil le rochtain ar sheirbhísí téimh, fuaraithe agus uisce the tí agus le húsáid na seirbhísí sin.

Cinnfidh na Ballstáit cé a bheidh freagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a sholáthar do na húsáideoirí deiridh nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair acu le soláthróir, arna iarraidh sin, ar bhealach iomchuí agus saor in aisce.

3.   Tabharfar fógra iomchuí do chustaiméirí deiridh faoi aon intinn athrú a dhéanamh ar choinníollacha conarthacha. Déanfaidh soláthróirí, ar bhealach trédhearcach agus sothuigthe, fógra a thabhairt go díreach dá gcustaiméirí faoi aon choigeartú ar an bpraghas soláthair agus faoi na cúiseanna leis an gcoigeartú, na réamhchoinníollacha a ghabhann leis, agus a scóip, ag tráth iomchuí nach déanaí ná dhá sheachtain, nó tráth nach déanaí ná mí amháin i gcás custaiméirí teaghlaigh, roimh theacht i bhfeidhm an choigeartaithe. Cuirfidh custaiméirí deiridh na coinníollacha nua atá beartaithe in iúl do na húsáideoirí deiridh gan mhoill.

4.   Déanfaidh soláthróirí rogha leathan modhanna íocaíochta a thairiscint do chustaiméirí deiridh. Ní dhéanfaidh modhanna íocaíochta den sórt sin idirdhealú míchuí idir custaiméirí. Aon difríocht sna muirir a bhaineann le modhanna íocaíochta nó le córais réamhíocaíochta, beidh sí oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní rachaidh sí thar na costais dhíreacha atá le seasamh ag an íocaí as modh íocaíochta sonrach nó as córas réamhíocaíochta a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44).

5.   De bhun mhír 4, ní dhéanfar custaiméirí teaghlaigh, a bhfuil rochtain acu ar chórais réamhíocaíochta, a chur faoi mhíbhuntáiste de thairbhe na gcóras réamhíocaíochta.

6.   Déanfar téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá cóir agus trédhearcach a thairiscint do chustaiméirí deiridh agus, i gcás inarb infheidhme, d’úsáideoirí deiridh, i dteanga shoiléir agus shothuigthe agus ní bheidh bacainní neamhchonarthacha ar fheidhmiú chearta na gcustaiméirí iontu, amhail doiciméadú conarthach iomarcach. Tabharfar rochtain do na húsáideoirí deiridh ar na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta sin arna iarraidh sin dóibh. Déanfar custaiméirí deiridh agus úsáideoirí deiridh a chosaint ar mhodhanna díolacháin atá éagórach nó míthreorach. Déanfar an fhaisnéis ábhartha uile maidir lena gconradh a sholáthar do chustaiméirí deiridh atá faoi mhíchumas i bhformáidí inrochtana.

7.   Beidh ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh an ceart ar chaighdeán maith seirbhíse agus ar láimhseáil gearán ag a soláthróirí. Déanfaidh soláthróirí gearáin a láimhseáil ar bhealach simplí, cóir agus pras.

8.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar na bearta cosanta tomhaltóirí a leagtar síos sa Treoir seo a fhorfheidhmiú. Gníomhóidh na húdaráis inniúla go neamhspleách ar aon leasanna margaidh.

9.   I gcás ina mbeartaítear díscor, cuirfear faisnéis leordhóthanach ar fáil do na custaiméirí deiridh lena mbaineann maidir le bearta malartacha sách luath roimh ré, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin sula ndéanfar an díscor atá beartaithe, agus gan aon chostas breise a bheith i gceist.

Airteagal 22

Faisnéis agus ardú feasachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, i gcás inarb infheidhme, go mbeidh faisnéis maidir leis na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil, gníomhaíochtaí aonair agus creataí airgeadais agus dlíthiúla trédhearcach, inrochtana agus scaipthe go forleathan ar na gníomhaithe ábhartha margaidh go léir, amhail custaiméirí deiridh, úsáideoirí deiridh, eagraíochtaí tomhaltóirí, ionadaithe na sochaí sibhialta, comhphobail fuinnimh in-athnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, gníomhaireachtaí fuinnimh, soláthraithe seirbhísí sóisialta, tógálaithe, ailtirí, innealtóirí, iniúchóirí comhshaoil agus fuinnimh, agus suiteálaithe eilimintí foirgnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir 2010/31/AE.

2.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun úsáid éifeachtúil fuinnimh ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh a chur chun cinn agus a éascú. Beidh na bearta sin mar chuid de straitéis náisiúnta amhail na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/1999, nó an straitéis athchóirithe fhadtéarmach a bhunaítear de bhun Airteagal 2a de Threoir 2010/31/AE.

Chun críocha an Airteagail seo, áireofar ar na bearta sin raon ionstraimí agus beartas chun athrú iompraíochta a chur chun cinn amhail na nithe seo a leanas:

(a)

dreasachtaí fioscacha;

(b)

rochtain ar mhaoiniú, dearbháin, deontais nó fóirdheontais;

(c)

measúnuithe ar thomhaltas fuinnimh a fhaigheann tacaíocht phoiblí agus seirbhísí saincheaptha comhairleacha agus tacaíocht do thomhaltóirí teaghlaigh, go háirithe daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;

(d)

seirbhísí spriocdhírithe comhairleacha do FBManna agus do mhicrifhiontair;

(e)

soláthar faisnéise ar bhealach atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas;

(f)

tionscadail eiseamláireacha;

(g)

gníomhaíochtaí san ionad oibre;

(h)

gníomhaíochtaí oiliúna;

(i)

uirlisí digiteacha;

(j)

straitéisí rannpháirtíochta.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, áireofar leis na bearta dá dtagraítear i mír 2 creat tacaíochta a chruthú do ghníomhaithe margaidh amhail na cinn dá dtagraítear i mír 1, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ionaid ilfhreastail nó sásraí comhchosúla a chruthú chun comhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, amhail seiceálacha fuinnimh do theaghlaigh, athchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh, faisnéis maidir le fearais nua-aimseartha agus níos éifeachtúla a chur in ionad seanchórais téimh agus córais téimh neamhéifeachtúla agus glacadh fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh le haghaidh foirgneamh do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh, go háirithe teaghlaigh agus úsáideoirí beaga neamhtheaghlaigh, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair;

(b)

comhar le gníomhaithe príobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí amhail iniúchtaí fuinnimh agus measúnuithe ar thomhaltas fuinnimh, réitigh mhaoiniúcháin agus athchóirithe fuinnimh a dhéanamh;

(c)

athruithe in úsáid fuinnimh atá costéifeachtach agus éasca le baint amach a chur in iúl;

(d)

scaipeadh faisnéise maidir le bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus ionstraimí maoinithe;

(e)

soláthar pointí teagmhála aonair, chun an fhaisnéis uile is gá a thabhairt do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh maidir lena gcearta, an dlí is infheidhme agus na sásraí um réiteach díospóidí a bheidh ar fáil dóibh i gcás díospóide. Féadfaidh pointí teagmhála aonair den sórt sin a bheith ina gcuid de phointí faisnéise tomhaltóra ginearálta.

4.   Chun críche an Airteagail seo, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus, i gcás inarb iomchuí, le geallsealbhóirí príobháideacha, ionaid ilfhreastail thiomnaithe nó sásraí comhchosúla a bhunú chun comhairle theicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Déanfar an méid seo a leanas sna saoráidí sin:

(a)

comhairle agus faisnéis chuíchóirithe a chur ar fáil do theaghlaigh, FBManna, micrifhiontair agus comhlachtaí poiblí maidir le féidearthachtaí agus réitigh theicniúla agus airgeadais;

(b)

tacaíocht iomlánaíoch a thabhairt do gach teaghlach, agus aird ar leith á tabhairt ar theaghlaigh a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus ar na foirgnimh is neamhfheidhmiúla, agus do chuideachtaí creidiúnaithe agus do shuiteálaithe creidiúnaithe a sholáthraíonn seirbhísí iarfheistithe, curtha in oiriúint do thíopeolaíochtaí éagsúla tithíochta agus don raon feidhme geografach, agus tacaíocht a thabhairt lena gcumhdaítear céimeanna éagsúla an tionscadail iarfheistithe, lena n-áirítear chun cur chun feidhme caighdeáin íosta feidhmíochta fuinnimh a éascú i gcás ina bhforáiltear do chaighdeán den sórt sin i ngníomh reachtach de chuid an Aontais;

(c)

comhairle a thabhairt maidir le hiompraíocht tomhaltais fuinnimh.

5.   Déanfar an méid seo a leanas sna saoráidí tiomnaithe ionad ilfhreastail dá dtagraítear i mír 4, i gcás inarb iomchuí:

(a)

faisnéis a chur ar fáil maidir le gairmithe cáilithe éifeachtúlachta fuinnimh;

(b)

sonraí comhiomlánaithe tíopeolaíochta ó thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a bhailiú, taithí a roinnt agus iad a chur ar fáil go poiblí;

(c)

tionscadail fhéideartha a nascadh le gníomhaithe sa mhargadh, go háirithe tionscadail áitiúla ar scála níos lú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit chun comhroinnt dea-chleachtas a éascú agus chun comhar trasteorann a fheabhsú maidir leis na dea-chleachtais sin.

6.   Cuirfidh na hionaid ilfhreastail dá dtagraítear i mír 4 seirbhísí tiomnaithe ar fáil do dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus do chustaiméirí leochaileacha agus daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal.

Cuirfidh an Coimisiún treoirlínte ar fáil do na Ballstáit chun na hionaid ilfhreastail sin a fhorbairt agus é mar aidhm aige cur chuige comhchuibhithe a chruthú ar fud an Aontais. Leis na treoirlínte, spreagfar comhar idir comhlachtaí poiblí, gníomhaireachtaí fuinnimh agus tionscnaimh faoi stiúir an phobail.

7.   Bunóidh Ballstáit coinníollacha iomchuí do ghníomhaithe margaidh chun faisnéis agus comhairle leordhóthanach agus spriocdhírithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a sholáthar do thomhaltóirí deiridh, lena n-áirítear daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, FBManna agus micrifhiontair.

8.   Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh rochtain ag custaiméirí deiridh, úsáideoirí deiridh, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta ar shásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil chun díospóidí a réiteach i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus go mbeidh sé sin acu trí shásra neamhspleách amhail ombudsman fuinnimh nó comhlacht tomhaltóirí, nó trí údarás rialála. I gcás inar tomhaltóir an custaiméir deiridh, mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45), comhlíonfaidh na sásraí sin um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt na ceanglais a leagtar amach ann. Féadfar sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá ann cheana sna Ballstáit a úsáid chun na críche sin, ar choinníoll go bhfuil siad chomh héifeachtach céanna.

I gcás inar gá sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh eintitis um réiteach malartach díospóidí le chéile chun sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar i gcás aon díospóid a eascraíonn as táirgí nó seirbhísí atá ceangailte nó cuachta le haon táirge nó seirbhís a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

Beidh rannpháirtíocht fiontair i sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt do chustaiméirí teaghlaigh éigeantach mura rud é go léiríonn an Ballstát don Choimisiún go bhfuil sásraí eile ann atá chomh héifeachtach céanna.

9.   Gan dochar do bhunphrionsabail a ndlíthe maidir le maoin agus tionóntacht, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun bacainní rialála agus neamhrialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint, a mhéid a bhaineann le dreasachtaí a dheighilt idir úinéirí agus tionóntaí, nó i measc úinéirí foirgnimh nó aonaid foirgnimh, d’fhonn a áirithiú nach ndíspreagtar na páirtithe sin ó infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht a dhéanamh, ar infheistíochtaí iad a dhéanfadh siad murach sin toisc nach bhfaighidh siad na buntáistí iomlána nó nach bhfuil rialacha ann chun na costais agus na sochair a roinnt eatarthu.

D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta chun deireadh a chur le bacainní den sórt sin dreasachtaí a sholáthar, forálacha dlíthiúla nó rialála a aisghairm nó a leasú, treoirlínte agus cumarsáid léirmhínitheach a ghlacadh, nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, lena n-áirítear rialacha náisiúnta agus bearta lena rialaítear próisis chinnteoireachta i maoin ilúinéirí, agus an fhéidearthacht iompú ar réitigh maoinithe tríú páirtithe. Féadfar na bearta a chomhcheangal le soláthar oideachais, oiliúna agus faisnéise sonraí agus cúnaimh theicniúil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do ghníomhaithe margaidh amhail na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 1.

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun tacú le hidirphlé iltaobhach i measc comhpháirtithe ábhartha, amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, úinéirí agus eagraíochtaí tionóntaí, eagraíochtaí tomhaltóirí, dáileoirí fuinnimh nó cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola, ESCOnna, pobail fuinnimh in-athnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí ábhartha agus é d’aidhm aige tograí a leagan amach maidir le bearta, dreasachtaí agus treoirlínte a nglactar leo go comhpháirteach agus a bhaineann le dreasachtaí roinnte idir na húinéirí agus na tionóntaí nó idir úinéirí foirgnimh nó úinéirí aonaid foirgnimh.

Déanfaidh gach Ballstát na bacainní sin agus na bearta arna nglacadh ina straitéis athchóirithe fhadtéarmach a bhunaítear de bhun Airteagal 2a de Threoir 2010/31/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 a thuairisciú.

10.   Spreagfaidh an Coimisiún malartú agus scaipeadh forleathan faisnéise maidir le dea-chleachtais agus modheolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus cuirfidh sé cúnamh teicniúil ar fáil chun roinnt na ndreasachtaí a mhaolú sna Ballstáit.

Airteagal 23

Comhpháirtíochtaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh

1.   Faoin 11 Deireadh Fómhair 2024 , déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an gcumhdaítear éifeachtúlacht fuinnimh trí chomhpháirtíochtaí atá ann cheana. Má léirítear sa mheasúnú nach bhfuil éifeachtúlacht fuinnimh cumhdaithe go leordhóthanach ag comhpháirtíochtaí atá ann cheana, bunóidh an Coimisiún comhpháirtíochtaí a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith ar leibhéal an Aontais, le fo-chomhpháirtíochtaí in aghaidh na hearnála atá ar iarraidh trí príomh-gheallsealbhóirí, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, a thabhairt le chéile in earnálacha amhail TFC, earnáil an iompair, earnáil an airgeadais agus earnáil na tógála, ar bhealach cuimsitheach agus ionadaíoch.

Má bhunaítear comhpháirtíocht, ceapfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, cathaoirleach do gach comhpháirtíocht earnáilsonrach de chuid an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.

2.   Beidh sé d’aidhm ag na comhpháirtíochtaí dá dtagraítear i mír 1 an t-idirphlé maidir leis an aeráid agus leis an aistriú fuinnimh a éascú idir na gníomhaithe ábhartha agus spreagfar earnálacha chun treochláir don éifeachtúlacht fuinnimh a tharraingt suas chun mapáil a dhéanamh ar bhearta atá ar fáil agus ar roghanna teicneolaíochta chun coigilteas fuinnimh a bhaint amach, ullmhú d’fhuinneamh in-athnuaite agus na hearnálacha a dhícharbónú.

Le treochláir den sórt sin, rannchuideofaí go mór le cuidiú le hearnálacha chun na hinfheistíochtaí is gá a phleanáil, ar infheistíochtaí iad atá ag teastáil chun cuspóirí na Treorach seo agus cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach chomh maith le comhar trasteorann a éascú idir gníomhaithe chun an margadh inmheánach a neartú.

Airteagal 24

Custaiméirí leochaileacha a chumasú agus a chosaint agus an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú

1.   Gan dochar dá mbeartais náisiúnta eacnamaíocha agus shóisialta, agus dá n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais, déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, a chumhachtú agus a chosaint.

Agus coincheap na gcustaiméirí leochaileacha á shainmhíniú acu de bhun Airteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 28(1) de Threoir (AE) 2019/944, cuirfidh na Ballstáit úsáideoirí deiridh san áireamh.

2.   Gan dochar dá mbeartais náisiúnta eacnamaíocha agus shóisialta, agus dá n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais, déanfaidh na Ballstáit bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta gaolmhara cosanta tomhaltóirí nó faisnéise a chur chun feidhme, go háirithe iad siúd a leagtar amach in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 22 den Treoir seo, mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Déanfar faireachán agus tuairisciú ar na bearta sin faoi chuimsiú na gceanglas tuairiscithe atá ann cheana a leagtar amach in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1999.

3.   Chun tacú le daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:

(a)

bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun éifeachtaí dáileacháin a mhaolú ó bheartais agus ó bhearta eile, amhail bearta cánachais arna gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir seo, nó trádáil astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE;

(b)

an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an gcistiú poiblí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an ranníocaíocht airgeadais arna fáil ag Ballstát ón gCiste Sóisialta ar son na hAeráide de bhun Airteagail 9 agus 14 de Rialachán (AE) 2023/955, agus ioncam ó cheantanna lamháltas ó thrádáil astaíochtaí de bhun CTA AE i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE le haghaidh infheistíochtaí i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh mar ghníomhaíochtaí tosaíochta;

(c)

infheistíochtaí luatha réamhbhreathnaitheacha a dhéanamh i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh sula léireofar éifeacht ag tionchair dháilte ó bheartais agus ó bhearta eile;

(d)

cúnamh teicniúil agus leathadh amach cistithe chumasúcháin agus uirlisí airgeadais a chothú, amhail scéimeanna inbhille, cúlchiste áitiúil lamháltais caillteanais, cistí ráthaíochta, cistí atá dírithe ar athchóiriú domhain agus athchóiriú lena mbaineann gnóthachain íosta fuinnimh;

(e)

cúnamh teicniúil a chothú do ghníomhaithe sóisialta chun rannpháirtíocht ghníomhach na gcustaiméirí leochaileacha sa mhargadh fuinnimh, agus athruithe dearfacha ar a dtomhaltas fuinnimh a chur chun cinn;

(f)

rochtain a áirithiú ar airgeadas, ar dheontais nó ar fhóirdheontais atá faoi cheangal ag gnóthachain íosta fuinnimh agus rochtain ar iasachtaí bainc inacmhainne nó línte creidmheasa tiomnaithe a éascú dá bhrí sin.

4.   Déanfaidh na Ballstáit líonra saineolaithe ó earnálacha éagsúla amhail earnáil na sláinte, earnáil na tógála agus earnálacha sóisialta a bhunú nó a chur ar iontaoibh líonra atá ann cheana, straitéisí a fhorbairt chun tacú le cinnteoirí áitiúla agus náisiúnta bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, cúnamh teicniúil agus uirlisí airgeadais a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh bochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall a áirithiú go n-áirithítear cothromaíocht inscne agus go léirítear dearcthaí na ndaoine uile i gcomhdhéanamh an líonra saineolaithe.

Féadfaidh na Ballstáit a chur ar iontaoibh an líonra saineolaithe comhairle a thabhairt maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

sainmhínithe, táscairí agus critéir náisiúnta maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh, fuinneamhbhocht agus custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh;

(b)

táscairí agus tacair sonraí iomchuí a fhorbairt nó a fheabhsú, a bhaineann le saincheist na bochtaineachta fuinnimh, ar cheart iad a úsáid agus a thuairisciú;

(c)

modhanna agus bearta chun inacmhainneacht na gcostas maireachtála a áirithiú, cur chun cinn na neodrachta ó thaobh costais tithíochta de a áirithiú, nó chun a áirithiú go rachaidh an cistiú poiblí a infheistítear i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh chun tairbhe d’úinéirí agus do thionóntaí d’fhoirgnimh agus d’aonaid tógála, go háirithe maidir le daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;

(d)

bearta chun cásanna a chosc nó a leigheas ina bhfuil grúpaí áirithe i mbaol níos mó nó ina bhfuil níos mó baol ann go ndéanfaidh an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh nó go bhfuil siad níos so-ghabhálaí do dhrochthionchair na bochtaineachta fuinnimh amhail ar bhonn a n-ioncaim, inscne, reachta sláinte nó toisc gur duine de ghrúpa mionlaigh iad, agus na déimeagrafaice.

CAIBIDIL V

AN ÉIFEACHTÚLACHT I SOLÁTHAR AN FHUINNIMH

Airteagal 25

Measúnú agus pleanáil an téimh agus an fhuaraithe

1.   Mar chuid dá phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na nuashonruithe air de bhun Rialachán (AE) 2018/1999, tíolacfaidh gach Ballstát don Choimisiún measúnú cuimsitheach ar théamh agus ar fhuarú. Beidh sa mheasúnú cuimsitheach sin an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Treoir seo agus beidh ag gabháil leis an measúnú a rinneadh de bhun Airteagal 15(7) de Threoir (AE) 2018/2001.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis do gheallsealbhóirí a ndéanann an measúnú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1 difear dóibh páirt a ghlacadh in ullmhú pleananna téimh agus fuaraithe, sa mheasúnú cuimsitheach agus sna beartais agus sna bearta, agus áiritheoidh siad ag an am céanna nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla rúin trádála nó rúin ghnó a sainaithníodh mar rúin trádála nó rúin ghnó a nochtadh nó a fhoilsiú.

3.   Chun críoch an mheasúnaithe chuimsithigh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit anailís costais is tairbhe a chlúdaíonn a gcríoch ar bhonn na ndálaí aeráide, na hindéantachta eacnamaíche agus na hoiriúnachta teicniúla. Beidh sé de chumas ag an anailís costais is tairbhe na réitigh is éifeachtúla ó thaobh acmhainní agus costais de a shainaithint chun riachtanais téimh agus fuaraithe a chomhlíonadh, agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á gcur san áireamh. D’fhéadfadh sé go mbeidh an anailís costais is tairbhe mar chuid de mheasúnú comhshaoil faoi Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46).

Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na hanailísí costais is tairbhe a dhéanamh, soláthróidh siad na modheolaíochtaí agus toimhdí mionsonraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn XI agus bunóidh siad na nósanna imeachta don anailís eacnamaíoch agus déanfaidh iad a phoibliú.

4.   I gcás ina sainaithnítear leis an measúnú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus leis an anailís dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo acmhainneacht maidir le comhghiniúint ardéifeachtúlachta agus/nó téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil ó dhramhtheas a chur i bhfeidhm ar mó a dtairbhí ná na costais, déanfaidh na Ballstáit bearta leordhóthanacha chun bonneagar éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair a fhorbairt chun forbairt suiteálacha chun dramhtheas a úsáid a spreagadh, lena n-áirítear san earnáil thionsclaíoch, agus/nó chun freastal ar fhorbairt na comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus ar úsáid téimh agus fuaraithe ó dhramhtheas agus ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 26(7) agus (9).

I gcás nach sainaithnítear sa mheasúnú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus san anailís dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo aon acmhainneacht ar mó a tairbhí ná na costais, lena n-áirítear na costais riaracháin a bhaineann leis an anailís costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 26(7), féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, in éineacht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i gcás inarb infheidhme, suiteálacha a eisiamh ó na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo.

5.   Glacfaidh na Ballstáit beartais agus bearta, lena n-áiritheofar go mbaintear amach an acmhainneacht a sainaithníodh sna measúnuithe cuimsitheacha a dhéanfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Áireofar sna beartais agus sna bearta sin ar a laghad na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn X. Tabharfaidh gach Ballstát fógra faoi na beartais agus na bearta sin mar chuid den nuashonrú ar a phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin, agus na tuarascálacha náisiúnta ábhartha fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun an Rialacháin sin.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-ullmhóidh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla ar a laghad i mbardais ina bhfuil daonra atá níos airde ná 45 000. Ba cheart an méid seo a leanas, ar a laghad, a bheith i gceist leis na pleananna sin:

(a)

beidh siad bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna soláthar sna measúnuithe cuimsitheacha arna ndéanamh de bhun mhír 1 lena soláthrófar meastachán agus mapáil ar an acmhainneacht chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, lena n-áirítear trí ullmhacht téimh ceantair ar theocht íseal, comhghiniúint ardéifeachtúlachta, aisghabháil dramhaíola teasa, agus fuinneamh in-athnuaite i dtéamh agus i bhfuarú sa réimse áirithe sin;

(b)

beidh siad i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh;

(c)

beidh straitéis san áireamh iontu chun an acmhainneacht a sainaithníodh de bhun phointe (a) a úsáid;

(d)

ullmhófar iad le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí réigiúnacha nó áitiúla ábhartha uile agus áiritheoidh siad rannpháirtíocht an phobail i gcoitinne, lena n-áirítear oibreoirí bonneagair áitiúil fuinnimh;

(e)

an bonneagar ábhartha fuinnimh atá ann cheana a chur san áireamh;

(f)

déanfar machnamh iontu ar chomhriachtanais na bpobal áitiúil agus an iliomad aonad nó réigiún áitiúil nó réigiúnach riaracháin;

(g)

déanfar measúnú leo ar an ról atá ag comhphobail fuinnimh agus ag tionscnaimh eile thomhaltóirthreoraithe ar féidir leo rannchuidiú go gníomhach le tionscadail áitiúla téimh agus fuaraithe a chur chun feidhme;

(h)

anailís ar fhearais agus ar chórais téimh agus fuaraithe a áireamh i stoic áitiúla foirgneamh, agus aird chuí á tabhairt ar na féidearthachtaí a bhaineann go sonrach le limistéar do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus aghaidh á tabhairt ar na foirgnimh is measa feidhmíochta agus ar riachtanais teaghlach leochaileach;

(i)

déanfar measúnú leo ar conas cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a mhaoiniú agus sásraí airgeadais a shainaithint lena gceadaítear do thomhaltóirí aistriú chuig téamh agus fuarú in-athnuaite;

(j)

déanfar conair chun spriocanna na bpleananna a bhaint amach i gcomhréir le neodracht aeráide agus faireachán ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a sainaithníodh a áireamh leo;

(k)

féachaint le seanfhearais téimh agus fuaraithe i gcomhlachtaí poiblí a athsholáthar le roghanna malartacha an-éifeachtúil agus é mar aidhm leis sin deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise;

(l)

déanfar measúnú leo ar shineirgí féideartha le pleananna na n-údarás réigiúnach nó áitiúil comharsanachta chun infheistíochtaí comhpháirteacha agus costéifeachtúlacht a spreagadh.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis do na páirtithe ábhartha uile, lena n-áirítear geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna téimh agus fuaraithe, an measúnú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1 agus na beartais agus na bearta dá dtagraítear i mír 5.

Chun na críche sin, forbróidh na Ballstáit moltaí lena dtacófar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun beartais agus bearta a chur chun feidhme maidir le téamh agus fuarú atá tíosach ar fhuinneamh agus atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus leas á bhaint as an acmhainneacht a shainaithnítear. Tacóidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla trí aon mhodh lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus scéimeanna tacaíochta teicniúla. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na pleananna téimh agus fuaraithe a ailíniú le ceanglais pleanála áitiúla eile i réimsí na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil, chun ualach riaracháin ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a sheachaint agus chun cur chun feidhme éifeachtach na bpleananna a spreagadh.

Féadfaidh grúpa d’údaráis áitiúla comharsanachta éagsúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla a chur i gcrích i gcomhar le chéile ar choinníoll gurb iomchuí an comhthéacs geografach agus riaracháin mar aon leis an mbonneagar téimh agus fuaraithe.

Déanfaidh údarás inniúil measúnú ar phleananna téimh agus fuaraithe áitiúla agus, más gá, déanfaidh sé bearta cur chun feidhme iomchuí ina dhiaidh sin.

Airteagal 26

Soláthar téimh agus fuaraithe

1.   Chun tomhaltas níos éifeachtúla fuinnimh phríomhúil a áirithiú agus chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite sa soláthar téimh agus fuaraithe a théann isteach sa ghréasán a mhéadú, comhlíonfaidh córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair na critéir seo a leanas:

(a)

go dtí an 31 Nollaig 2027, córas a úsáideann 50 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 %de dhramhtheas, 75 % de theas comhghinte nó 50 % de theaglaim d’fhuinneamh agus teas den sórt sin;

(b)

ón 1 Eanáir 2028, córas a úsáideann ar a laghad 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas, 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, 80 % de theas ardéifeachtúlachta comhghinte nó ar a laghad teaglaim d’fhuinneamh teirmeach den sórt sin a théann isteach sa líonra ina bhfuil sciar an fhuinnimh in-athnuaite 5 % ar a laghad agus sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite, na dramhtheasa nó an teasa ardéifeachtúlachta comhghinte 50 % ar a laghad;

(c)

ón 1 Eanáir 2035, córas ina n-úsáidtear 50 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 50 % de dhramhtheas nó 50 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, nó córas ina bhfuil sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite, an dramhtheasa nó an teasa chomhghinte ardéifeachtúlachta ach 80 % ar a laghad agus, ina theannta sin, sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite nó an dramhtheasa a bheith 35 % ar a laghad;

(d)

ón 1 Eanáir 2040, córas ina n-úsáidtear 75 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, 75 % de dhramhtheas nó 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas, nó córas ina n-úsáidtear 95 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite, de dramhtheas nó teas comhghinte ardéifeachtúlachta agus, ina theannta sin, sciar iomlán an fhuinnimh in-athnuaite nó an dramhtheasa a bheith 35 % ar a laghad;

(e)

ón 1 Eanáir 2045, córas a úsáideann ar a laghad 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite, 75 % de dhramhtheas nó 75 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus de dhramhtheas;

(f)

ón 1 Eanáir 2050, córas nach n-úsáideann ach fuinneamh in-athnuaite, dramhtheas amháin, nó meascán d’fhuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas amháin.

2.   Ina theannta sin, mar mhalairt ar na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit critéir feidhmíochta inbhuanaitheachta a roghnú bunaithe ar mhéid na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ón gcóras téimh agus fuaraithe ceantair in aghaidh an aonaid teasa nó fuachta arna seachadadh chuig na custaiméirí, agus bearta arna gcur chun feidhme chun an oibleagáid de bhun Airteagal 24(4) de Threoir (AE) 2018/2001 á gcur san áireamh. Agus na critéir sin á roghnú, beidh ag córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair an t-uasmhéid seo a leanas d’astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid teasa nó fuachta arna seachadadh chuig na custaiméirí:

(a)

go dtí an 31 Nollaig 2025: 200 gram/kWh;

(b)

ón 1 Eanáir 2026: 150 gram/kWh;

(c)

ón 1 Eanáir 2035: 100 gram/kWh;

(d)

ón 1 Eanáir 2045: 50 gram/kWh;

(e)

ón 1 Eanáir 2050: 0 gram/kWh.

3.   Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh na critéir d’astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid teasa nó fuachta a chur i bhfeidhm ar feadh aon tréimhse áirithe dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (e), den Airteagal seo. Má roghnaíonn siad amhlaidh a dhéanamh, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoin 11 Eanáir 2024 don tréimhse dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo agus ar a laghad 6 mhí roimh thús na dtréimhsí ábhartha dá dtagraítear i mír 2, pointí (b) go (e), den Airteagal seo. Áireofar i bhfógra den sórt sin na bearta a cuireadh chun feidhme chun an oibleagáid a chomhlíonadh de bhun Airteagal 24(4) de Threoir (AE) 2018/2001 mura mbeidh fógra tugtha dóibh cheana féin sa nuashonrú is déanaí ar a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide.

4.   Ionas go gcáileoidh córas téimh agus fuaraithe ceantair mar chóras éifeachtúil, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtógtar é nó ina ndéanfar a aonaid soláthair a athchóiriú go substaintiúil, go gcomhlíonann na córais téimh nó fuaraithe ceantair na critéir a leagtar amach i mír 1 nó i mír 2 is infheidhme tráth a thosaíonn sé nó a leanann sé dá oibriú tar éis an athchóirithe. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina dtógtar córas téimh agus fuaraithe ceantair nó ina ndéantar athchóiriú substaintiúil ar a aonaid soláthair:

(a)

nach bhfuil aon mhéadú ar úsáid breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha i bhfoinsí teasa atá ann cheana i gcomparáid leis an tomhaltas bliantúil ar an meán le linn na 3 bliana féilire roimhe sin den lánoibríocht roimh an athchóiriú; agus

(b)

nach n-úsáideann aon fhoinsí teasa nua sa chóras sin breoslaí iontaise, seachas gás nádúrtha, má thógtar é nó má dhéantar athchóiriú substaintiúil air go dtí 2030.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit, ón 1 Eanáir 2025, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, go n-ullmhóidh oibreoirí na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair go léir atá ann cheana a bhfuil aschur iomlán teasa agus fuachta acu is mó ná 5 MW agus nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 1, pointí (b) go (e), plean chun tomhaltas níos éifeachtúla fuinnimh phríomhúil a áirithiú, chun caillteanais dáileacháin a laghdú agus chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite sa soláthar téimh agus fuaraithe a mhéadú. Áireofar sa phlean bearta chun na critéir a leagtar amach i mír 1, pointí (b) go (e), a chomhlíonadh agus déanfaidh agus ceanglófar ar an údarás inniúil iad a fhormheas.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfidh lárionaid sonraí a bhfuil ionchur fuinnimh rátaithe iomlán os cionn 1 MW acu úsáid as an dramhtheas nó as feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa mura féidir leo a thaispeáint nach bhfuil sé indéanta go teicniúil ná go heacnamaíoch i gcomhréir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 7.

7.   Chun measúnú a dhéanamh ar indéantacht eacnamaíoch éifeachtúlacht fuinnimh an tsoláthair teasa agus fuaraithe a mhéadú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar anailís costais is tairbhe ar leibhéal suiteála i gcomhréir le hIarscríbhinn XI i gcás go ndéanfar na suiteálacha seo a leanas a phleanáil nó a athchóiriú go substaintiúil:

(a)

tá suiteáil giniúna leictreachais theirmigh a bhfuil ionchur fuinnimh iomlán bliantúil ar an meán aici atá níos mó ná 10 MW, chun measúnú a dhéanamh ar an gcostas agus ar na tairbhí a bhaineann le foráil a dhéanamh d’oibriú na suiteála mar shuiteáil chomhghiniúna ardéifeachtúlachta;

(b)

suiteáil thionsclaíoch a bhfuil meán-ionchur fuinnimh iomlán bliantúil aici ar mó é ná 8 MW d’fhonn úsáid an dramhtheasa ar an láthair agus lasmuigh den láthair a mheasúnú;

(c)

saoráid seirbhíse a bhfuil meán-ionchur fuinnimh bliantúil iomlán aici ar mó é ná 7 MW, amhail saoráidí cóireála fuíolluisce agus saoráidí GNL chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas ar an láthair agus lasmuigh den láthair;

(d)

lárionad sonraí ag a bhfuil ionchur iomlán fuinnimh rátaithe ar mó é ná leibhéal 1 MW chun measúnú a dhéanamh ar an anailís costais is tairbhe, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta don fhéidearthacht theicniúil, ar an gcost-éifeachtúlacht agus ar an tionchar ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar éileamh teasa áitiúil, lena n-áirítear athruithe séasúracha, a bhaineann le leas a bhaint as an dramhtheas chun éileamh a bhfuil údar eacnamaíoch leis a shásamh, agus le nascadh na suiteála sin le líonra téimh ceantair nó le córas fuaraithe ceantair éifeachtúil/RES-bhunaithe nó le feidhmeanna eile aisghabhála dramhtheasa.

Measfar san anailís dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), réitigh chórais fuaraithe lenar féidir an dramhtheas a bhaint nó a ghabháil ar leibhéal teochta úsáidí le híos-ionchuir choimhdeacha fuinnimh.

Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit deireadh a chur le bacainní ar úsáid dramhtheasa agus tacaíocht a chur ar fáil do ghlacadh dramhtheasa i gcás ina ndéantar na suiteálacha a phleanáil nó a athchóiriú as an nua.

Ní mheasfar gur athfheistiú chun críocha phointí (b) agus (c) den mhír seo é trealamh a fheistiú chun dé-ocsaíd charbóin arna táirgeadh ag suiteáil dócháin a ghabháil d’fhonn í a stóráil go geolaíoch de réir mar a fhoráiltear i dTreoir 2009/31/CE.

Éileoidh na Ballstáit go ndéanfar an anailís costais is tairbhe i gcomhar leis na cuideachtaí atá freagrach as an tsaoráid a oibriú.

8.   Féadfaidh Ballstáit an méid seo a leanas a dhíolmhú ó mhír 7:

(a)

suiteálacha giniúna leictreachais cúltaca agus buaiclóid a bhfuil sé beartaithe iad a oibriú faoi bhun 1 500 uair oibríochta in aghaidh na bliana mar mheán rollach thar thréimhse 5 bliana, bunaithe ar nós imeachta fíoraithe arna bhunú ag na Ballstáit lena n-áirithítear go gcomhlíonfar an critéar díolúine sin;

(b)

suiteálacha ar gá iad a lonnú gar do láithreán stórála geolaíoch arna fhormheas faoi Threoir 2009/31/CE;

(c)

ionaid sonraí a bhfuil nó a bheidh a ndramhtheas á úsáid i líonra téimh ceantair nó go díreach i gcomhair téamh spáis, ullmhú uisce te tí nó le haghaidh úsáidí eile san fhoirgneamh nó sa ghrúpa foirgneamh nó saoráidí ina bhfuil sé suite.

Féadfaidh na Ballstáit tairseacha a leagan síos freisin, arna sloinneadh i dtéarmaí mhéid an dramhtheasa úsáidigh atá ar fáil, an éilimh ar theas nó na hachair idir suiteálacha tionsclaíocha agus líonra téimh ceantair, chun suiteálacha aonair a dhíolmhú ó mhír 7, pointí (c) agus (d).

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dhíolúintí a ghlacfar faoin mír seo.

9.   Glacfaidh na Ballstáit critéir údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2019/944, nó critéir cheadúcháin choibhéiseacha, chun:

(a)

toradh an mheasúnaithe chuimsithigh dá dtagraítear in Airteagal 25(1) a chur san áireamh;

(b)

a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i mír 7;

(c)

toradh na hanailíse costais is tairbhe dá dtagraítear i mír 7 seo a chur san áireamh.

10.   Féadfaidh na Ballstáit suiteálacha aonair a dhíolmhú óna bheith de dhíth, tríd na critéir údaraithe nó na critéir cheadúcháin choibhéiseacha dá dtagraítear i mír 9, chun roghanna a chur chun feidhme ar mó a dtairbhí na a gcostais, má tá cúiseanna dianriachtanacha dlí, úinéireachta nó airgeadais ann chun é sin a dhéanamh. Sna cásanna sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann cinneadh réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ón dáta a rinneadh an cinneadh sin. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint ar an gcinneadh laistigh de 3 mhí ón bhfógra sin a fháil.

11.   Beidh feidhm ag míreanna 7, 8, 9 agus 10 den Airteagal seo maidir leis na suiteálacha atá cumhdaithe ag Treoir 2010/75/AE gan dochar do na ceanglais a leagtar síos sa Treoir sin.

12.   Baileoidh na Ballstáit faisnéis maidir le hanailísí costais is tairbhe arna ndéanamh i gcomhréir le mír 7, pointí (a) go (d). Ba cheart go mbeadh, ar a laghad, na sonraí maidir leis na méideanna soláthair teasa agus paraiméadair teasa, líon na n-uaireanta oibríochta atá beartaithe in aghaidh na bliana agus suíomh geografach na láithreán san fhaisnéis sin. Foilseofar na sonraí sin agus aird chuí á tabhairt ar a n-íogaireacht ionchasach.

13.   Ar bhonn na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, pointe (d), áiritheoidh na Ballstáit gur féidir tionscnamh an leictreachais arna tháirgeadh ó chomhghiniúint ardéifeachtúil a ráthú de réir critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha arna leagan síos ag gach Ballstát. Áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh an ráthaíocht tionscnaimh sin na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn XII agus go mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis a shonraítear san Iarscríbhinn sin inti. Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas frithpháirteach dá ráthaíochtaí tionscnaimh, go heisiach mar chruthúnas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo. Aon diúltú ráthaíocht tionscnaimh a aithint mar chruthúnas den sórt sin, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann le calaois a chosc, beidh sé bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dhiúltú den sórt sin agus leagfaidh siad amach na cúiseanna atá leis. I gcás ina ndiúltaítear ráthaíocht tionscnaimh a aithint, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh chun iallach a chur ar an bpáirtí diúltaithe aitheantas a thabhairt di, go háirithe maidir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha a bhfuil an t-aitheantas sin bunaithe orthu.

14.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon tacaíocht atá ar fáil do chomhghiniúint faoi réir an leictreachais arna tháirgeadh de thionscnamh comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus an dramhtheasa atá á úsáid go héifeachtach chun coigilteas fuinnimh phríomhúil a bhaint amach. Beidh tacaíocht phoiblí don chomhghiniúint agus do ghiniúint agus do líonraí téimh ceantair faoi réir rialacha maidir le Státchabhair, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 27

Trasfhoirmiú, tarchur agus dáileadh fuinnimh

1.   Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo, agus na cúraimí rialála dá bhforáiltear i dTreoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944 á ndéanamh acu i ndáil lena gcinntí maidir le feidhmiú an bhonneagair gáis agus leictreachais, lena n-áirítear a gcinntí maidir le taraifí líonra. Sa bhreis ar bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh na húdaráis rialála fuinnimh náisiúnta cost-éifeachtúlacht, éifeachtúlacht córais agus slándáil an tsoláthair, agus comhtháthú an mhargaidh, a chur san áireamh, agus spriocanna aeráide agus inbhuanaitheacht an Aontais á gcosaint ag an am céanna, mar a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943 agus in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh oibreoirí córas tarchuir agus dáileacháin gáis agus leictreachais bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo ina gcuid cinntí pleanála líonra, forbartha líonra agus infheistíochta. Fíoróidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis náisiúnta ainmnithe eile go ndéanfaidh na modheolaíochtaí a úsáideann oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin roghanna malartacha a mheas san anailís costais is tairbhe agus go gcuirfear san áireamh na tairbhí níos leithne a bhaineann le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, solúbthacht ó thaobh an éilimh de agus infheistíocht i sócmhainní a rannchuidíonn le maolú ar an athrú aeráide. Fíoróidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis ainmnithe eile freisin go gcuirfidh na hoibreoirí córais tarchurtha nó na hoibreoirí córais dáileacháin bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme nuair a bheidh a dtionscadail agus a bpleananna forbartha gréasáin á bhformheas, á bhfíorú nó nuair a bheidh faireachán á dhéanamh orthu de bhun Airteagal 22 de Threoir 2009/73/CE agus de bhun Airteagal 32(3) agus Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta modheolaíochtaí agus treoir a sholáthar maidir le conas measúnú a dhéanamh ar roghanna malartacha san anailís costais is tairbhe i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí córais tarchurtha agus leis na hoibreoirí córais dáileacháin, ar féidir leo saineolas teicniúil lárnach a roinnt.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin faireachán agus cainníochtú ar mhéid foriomlán na gcaillteanas gréasáin agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus ó thaobh airgeadais de, go ndéanfaidh siad na gréasáin a bharrfheabhsú agus go bhfeabhsóidh siad éifeachtúlacht gréasáin. Déanfaidh na hoibreoirí córas tarchuir agus dáileacháin na bearta sin, agus an coigilteas fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis trí laghdú na gcaillteanas líonra, a thuairisciú don údarás náisiúnta rialála fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córas tharchurtha agus dáileacháin measúnú ar bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i ndáil leis na córais tarchurtha nó dáileacháin gáis nó leictreachais atá acu cheana agus go bhfeabhsóidh siad an éifeachtúlacht fuinnimh sa dearadh bonneagair agus i bhfeidhmiú an bhonneagair, go háirithe ó thaobh imscaradh eangaí cliste de. Spreagfaidh na Ballstáit na hoibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin chun réitigh nuálacha a fhorbairt chun éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras atá ann cheana agus na gcóras a bheidh ann amach anseo a fheabhsú trí rialacháin dreasacht-bhunaithe i gcomhréir leis na prionsabail taraife a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943 agus in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

4.   Cuirfidh na húdaráis náisiúnta rialála fuinnimh roinn shonrach san áireamh faoin dul chun cinn a baineadh amach i dtaobh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh i ndáil le feidhmiú an bhonneagair gáis agus leictreachais sa tuarascáil bhliantúil arna tarraingt suas de bhun Airteagal 41 de Threoir 2009/73/CE agus de bhun Airteagal 59(1), pointe (i), de Threoir (AE) 2019/944. Sna tuarascálacha sin, soláthróidh na húdaráis náisiúnta rialála fuinnimh measúnú ar an éifeachtúlacht fhoriomlán in oibriú an bhonneagair gáis agus leictreachais, na bearta arna ndéanamh ag oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin agus, i gcás inarb infheidhme, soláthróidh siad moltaí le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear roghanna malartacha costéifeachtúla a laghdaíonn buaic-ualaí agus úsáid fhoriomlán.

5.   Maidir le leictreachas, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh rialáil gréasáin agus taraifí gréasáin na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII, agus cóid ghréasáin agus treoirlínte arna bhforbairt de bhun Rialachán (AE) 2019/943 agus an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 59(7), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/944 á gcur san áireamh ionas go bhféadfar na hinfheistíochtaí is gá sna gréasáin a dhéanamh ar bhealach a áiritheoidh inmharthanacht na ngréasán.

6.   Féadfaidh na Ballstáit comhpháirteanna scéimeanna agus struchtúir taraifí a bhfuil aidhm shóisialta acu a cheadú le haghaidh tarchur agus dáileachán fuinnimh eangach-cheangailte, ar choinníoll go gcoinneofar aon éifeachtaí suaiteacha ar an gcóras tarchurtha agus dáileacháin ag an leibhéal is ísle is gá agus nach bhfuil siad díréireach leis an aidhm shóisialta.

7.   Áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta go mbainfear na dreasachtaí sin sna taraifí tarchurtha agus dáileacháin a dhéanann dochar d’éifeachtúlacht fuinnimh ghiniúint, tharchur, dháileadh agus sholáthar an leictreachais agus an gháis. Áiritheoidh na Ballstáit éifeachtúlacht i ndearadh bonneagair agus in oibriú an bhonneagair atá ann cheana, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/943, agus go bhfágfaidh na taraifí gur féidir freagairt ar an éileamh.

8.   Comhlíonfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin Iarscríbhinn XIV.

9.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin spreagadh a thabhairt don chomhghiniúint ardéifeachtúlachta a bheith lonnaithe gar do limistéir ina bhfuil éileamh teasa trí mhuirir nascachta agus úsáid an chórais a laghdú.

10.   Féadfaidh na Ballstáit ceadú do tháirgeoirí leictreachais ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta ar mian leo a nascadh leis an eangach glao ar thairiscintí a eisiúint don obair nasctha.

11.   Agus tuairisciú á dhéanamh faoi Threoir 2010/75/AE, agus gan dochar d’Airteagal 9(2) den Treoir sin, déanfaidh na Ballstáit a meas ar fhaisnéis a chur san áireamh faoi leibhéil éifeachtúlachta fuinnimh suiteálacha a dhéanann breoslaí a bhfuil ionchur teirmeach rátáilte iomlán 50 MW nó níos mó acu a dhó i bhfianaise na teicnící is fearr atá ar fáil arna bhforbairt i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA COTHROMÁNACHA

Airteagal 28

Fáil ar scéimeanna cáilíochta, creidiúnúcháin agus deimhniúcháin

1.   Bunóidh na Ballstáit gréasán chun an leibhéal iomchuí inniúlachtaí a áirithiú le haghaidh gairmeacha a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh a fhreagraíonn do riachtanais an mhargaidh. Áiritheoidh na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, go mbeidh scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna cáilíochta coibhéiseacha, lena n-áirítear, i gcás inar gá, cláir oiliúna oiriúnacha, ar fáil do ghairmeacha a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí fuinnimh, soláthraithe iniúchtaí fuinnimh, bainisteoirí fuinnimh, saineolaithe neamhspleácha, suiteálaithe eilimintí foirgnimh dá dtagraítear i dTreoir 2010/31/AE, agus soláthraithe oibreacha athchóirithe comhtháite, agus go mbeidh siad iontaofa agus go rannchuideoidh siad le cuspóirí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus le cuspóirí foriomlána an Aontais maidir leis an dícharbónú.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar soláthraithe deimhniúcháin, nó scéimeanna cáilíochta coibhéiseacha, lena n-áirítear, i gcás inar gá, cláir oiliúna oiriúnacha a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47) nó go bhformheasfar iad i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta chóineasaithe nó caighdeáin náisiúnta chóineasaithe.

2.   Cuirfidh na Ballstáit rannpháirtíocht i gcláir deimhniúcháin, oiliúna agus oideachais chun cinn chun an leibhéal iomchuí inniúlachtaí a áirithiú do ghairmeacha éifeachtúlachta fuinnimh a fhreagraíonn do riachtanais an mhargaidh.

3.   Faoin 11 Deireadh Fómhair 2024, déanfaidh an Coimisiún an méid a leanas:

(a)

i gcomhar le grúpa saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit, creat a chur ar bun nó feachtas a dhearadh chun níos mó daoine a mhealladh chuig gairmeacha éifeachtúlachta fuinnimh agus urraim do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe á áirithiú ag an am céanna;

(b)

measúnú a dhéanamh ar a inmharthana atá sé ardán aonair rochtana a bhunú, agus leas á bhaint as tionscnaimh atá ann cheana, i gcás inar féidir, chun tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit agus a mbearta á mbunú acu chun an leibhéal iomchuí gairmithe cáilithe a áirithiú is gá chun coinneáil suas le luas an dul chun cinn san éifeachtúlacht fuinnimh chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach. Bhaileodh an t-ardán saineolaithe ó na Ballstáit, na comhpháirtithe sóisialta, na hinstitiúidí oideachais, an lucht acadúil agus na geallsealbhóirí ábhartha eile le chéile chun dea-chleachtais scéimeanna cáilíochta agus clár oiliúna a chothú agus a chur chun cinn chun a áirithiú go mbeidh níos mó gairmithe éifeachtúlachta fuinnimh ann agus chun gairmithe atá ann cheana a athsciliú nó a uas-sciliú chun freastal ar riachtanais an mhargaidh.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh leis an deimhniúchán náisiúnta, nó scéimeanna coibhéiseacha cáilíochta, lena n-áirítear, i gcás inar gá, cláir oiliúna, caighdeáin Eorpach nó idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.

5.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí na scéimeanna deimhniúcháin, na scéimeanna cáilíochta coibhéiseacha nó na scéimeanna oiliúna oiriúnacha dá dtagraítear i mír 1, agus comhoibreoidh siad eatarthu féin agus leis an gCoimisiún ar na comparáidí idir na scéimeanna, agus maidir le haitheantas a thabhairt dóibh.

Glacfaidh na Ballstáit bearta oiriúnacha chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin bhfáil ar na scéimeanna i gcomhréir le hAirteagal 29(1).

6.   Faoin 31 Nollaig 2024 agus gach 4 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit measúnú i dtaobh an n-áirithítear leis na scéimeanna an leibhéal riachtanach inniúlachtaí agus rochtain chomhionann ar gach duine aonair i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe do sholáthraithe seirbhísí fuinnimh, iniúchóirí fuinnimh, bainisteoirí fuinnimh, saineolaithe neamhspleácha, suiteálaithe eilimintí foirgnimh dá dtagraítear i dTreoir 2010/31/AE, agus soláthraithe oibreacha athchóirithe comhtháite. Déanfaidh na Ballstáit measúnú freisin ar an mbearna idir gairmithe atá ar fáil agus gairmithe a bhfuil éileamh orthu. Cuirfidh na Ballstáit an measúnú agus na moltaí ina leith ar fáil go poiblí agus cuirfidh siad isteach iad tríd an ríomhardán arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Airteagal 29

Seirbhísí fuinnimh

1.   Déanfaidh na Ballstáit margadh na seirbhísí fuinnimh agus rochtain air do FBManna a chur chun cinn trí fhaisnéis shoiléir atá inrochtana go héasca a scaipeadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

conarthaí seirbhísí fuinnimh atá ar fáil agus clásail is ceart a bheith san áireamh i gconarthaí den sórt sin chun coigilteas fuinnimh agus cearta na gcustaiméirí deiridh a ráthú;

(b)

ionstraimí airgeadais, dreasachtaí, deontais, cistí imrothlacha, ráthaíochtaí, scéimeanna árachais, agus cistí chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh;

(c)

soláthraithe seirbhísí fuinnimh atá ar fáil, amhail ESCOnna, agus atá cáilithe nó deimhnithe agus a gcáilíochtaí nó a ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 28;

(d)

modheolaíochtaí faireacháin agus fíoraithe atá ar fáil agus scéimeanna rialaithe cáilíochta.

2.   Spreagfaidh na Ballstáit forbairt lipéad cáilíochta, inter alia, ag comhlachais trádála, bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta i gcás inarb ábhartha.

3.   Cuirfidh na Ballstáit liosta de na soláthraithe seirbhísí fuinnimh atá cáilithe nó deimhnithe agus na cáilíochtaí nó deimhnithe atá acu i gcomhréir le hAirteagal 28 ar fáil go poiblí agus déanfaidh siad nuashonrú rialta air, nó soláthróidh siad comhéadan ina mbeidh soláthraithe seirbhísí fuinnimh in ann faisnéis a sholáthar.

4.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de, úsáid conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh le haghaidh athchóiriú foirgneamh mór atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí a chur chun cinn agus a áirithiú. Le haghaidh athchóiriú ar fhoirgnimh mhóra neamhchónaithe a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 750 m2 acu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí measúnú ar a indéanta atá sé conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe eile a úsáid.

Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí a spreagadh chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a chur le chéile le seirbhísí fuinnimh leathnaithe lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil chun coigilteas fuinnimh a áirithiú agus na torthaí a bhainfear amach le himeacht ama a choinneáil trí fhaireachán leanúnach, oibriú éifeachtach agus cothabháil éifeachtach.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit tacaíocht don earnáil phoiblí maidir le tairiscintí seirbhísí fuinnimh a ghlacadh chucu féin, go háirithe le haghaidh athchóiriú foirgneamh, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

samhailchonarthaí a sholáthar maidir le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh lena n-áirítear ar a laghad na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinn XV agus na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ann cheana, na treoirlínte tairisceana atá ar fáil agus treoir Eurostat maidir le láimhseáil staidrimh na gconarthaí feidhmíochta fuinnimh i gcuntais rialtais a chur san áireamh;

(b)

faisnéis a sholáthar maidir leis na cleachtais is fearr i dtaca le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, lena n-áirítear, más ann di, anailís costais is tairbhe agus leas á bhaint as cur chuige saolré;

(c)

bunachar sonraí a chur chun cinn agus a chur ar fáil go poiblí de na tionscadail conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh atá curtha chun feidhme agus leanúnach ina n-áirítear an coigilteas fuinnimh réamh-mheasta agus a baineadh amach.

6.   Tacóidh na Ballstáit le feidhmiú cuí an mhargaidh seirbhísí fuinnimh trí na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)

pointe teagmhála amháin nó níos mó a shainaithint agus a phoibliú ina mbeidh custaiméirí deiridh in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil;

(b)

deireadh a chur leis na bacainní rialála agus neamhrialála a chuireann bac ar níos mó úsáide a bhaint as an gconraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus as samhlacha seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh eile chun bearta coigiltis fuinnimh a shainaithint nó a chur chun feidhme, nó an dá rud;

(c)

ról na gcomhlachtaí comhairleacha agus na n-idirghabhálaithe margaidh neamhspleácha a bhunú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear ionaid ilfhreastail nó sásraí tacaíochta comhchosúla chun forbairt an mhargaidh a spreagadh ar thaobh an éilimh agus an tsoláthair, agus faisnéis faoi na sásraí tacaíochta sin a chur ar fáil go poiblí agus rochtain a bheith ag gníomhaithe sa mhargadh uirthi.

7.   Chun tacú le feidhmiú cuí an mhargaidh seirbhísí fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit sásra aonair a bhunú nó ombudsman a ainmniú chun a áirithiú go ndéanfar gearáin agus réitigh lasmuigh den chúirt ar dhíospóidí a eascraíonn as conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus feidhmíochta fuinnimh a láimhseáil go héifeachtúil.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go staonfaidh dáileoirí fuinnimh, oibreoirí córais dáileacháin agus cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola ó aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh bac a chur ar éileamh agus seachadadh seirbhísí fuinnimh nó ar bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, nó a chuirfeadh bac ar fhorbairt na margaí i gcomhair na seirbhísí nó na mbeart sin, lena n-áirítear an margadh a dhúnadh d’iomaitheoirí nó leas a bhaint as seasaimh cheannasacha.

Airteagal 30

An ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, maoiniú agus tacaíocht theicniúil

1.   Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, éascóidh na Ballstáit bunú saoráidí maoinithe, nó úsáid a bhaint as cinn atá ann cheana, le haghaidh bearta feabhsaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh chun na tairbhí a bhaineann le hilsreafaí maoinithe a uasmhéadú agus deontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh teicniúil a chur le chéile.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, go díreach nó trí institiúidí airgeadais, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit chun saoráidí maoinithe agus saoráidí forbartha cúnaimh theicniúil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil arb é is aidhm dóibh infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú in earnálacha éagsúla, agus daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, a chosaint agus a chumhachtú, lena n-áirítear trí ghné an chomhionannais a chomhtháthú ionas nach bhfágfar aon duine ar lár.

3.   Glacfaidh na Ballstáit bearta lena gcuirfear chun cinn táirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh, amhail morgáistí glasa agus iasachtaí glasa, urraithe agus neamhurraithe, agus lena n-áiritheofar go ndéanfaidh institiúidí airgeadais iad a thairiscint go forleathan agus go neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe ag tomhaltóirí agus go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí orthu. Glacfaidh na Ballstáit bearta chun cur chun feidhme scéimeanna maoinithe inbhille agus inchánach a éascú, agus an treoir ón gCoimisiún a chuirtear ar fáil i gcomhréir le mír 10 á cur san áireamh. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais eile faisnéis faoi dheiseanna chun a bheith rannpháirteach i maoiniú na mbeart um fheabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha/poiblí a chruthú. Molfaidh na Ballstáit go mbunófaí saoráidí ráthaíochta iasachta le haghaidh infheistíocht éifeachtúlachta fuinnimh.

4.   Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, cuirfidh na Ballstáit chun cinn bunú scéimeanna tacaíochta airgeadais chun glacadh beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú chun athchóiriú substaintiúil a dhéanamh ar chórais téimh agus fuaraithe aonair agus ceantair.

5.   Cuirfidh na Ballstáit chun cinn bunú saineolais áitiúil agus cúnaimh theicniúil, i gcás inarb iomchuí trí ghréasáin agus saoráidí atá ann cheana, chun comhairle a thabhairt maidir le dea-chleachtais i ndáil le dícharbónú a bhaint amach i dtéamh agus fuarú ceantair áitiúil, amhail rochtain ar thacaíocht thiomnaithe airgeadais.

6.   Éascóidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas idir na húdaráis nó comhlachtaí inniúla náisiúnta nó réigiúnacha, lena n-áirítear trí bhíthin cruinnithe bliantúla na gcomhlachtaí rialála, bunachair sonraí poiblí ina mbeidh faisnéis maidir le cur chun feidhme beart ag na Ballstáit, agus comparáidí idir tíortha.

7.   Chun maoiniú príobháideach a shlógadh i gcomhar bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóiriú fuinnimh agus chun rannchuidiú le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais agus na rannchuidithe náisiúnta de bhun Airteagal 4 den Treoir seo agus na cuspóirí i dTreoir 2010/31/AE a bhaint amach, beidh idirphlé ag an gCoimisiún le hinstitiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha araon, chomh maith le hearnálacha sonracha ábhartha chun riachtanais agus gníomhaíochtaí a bhféadfaidh sé dul ina mbun a leagan amach.

8.   Áireofar na heilimintí seo a leanas sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 7:

(a)

infheistíocht chaipitil a shlógadh in éifeachtúlacht fuinnimh trí thionchair níos leithne coigiltis fuinnimh a chur san áireamh;

(b)

cur chun feidhme ionstraimí airgeadais agus scéimeanna maoiniúcháin atá tiomnaithe don éifeachtúlacht fuinnimh a éascú ar scála arna chur ar bun ag institiúidí airgeadais;

(c)

sonraí feidhmíochta fuinnimh agus airgeadais níos fearr a áirithiú tríd an méid seo a leanas:

(i)

tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an mbealach a gcuireann infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh le luachanna sócmhainní bunúsacha;

(ii)

tacú le staidéir chun measúnú a dhéanamh ar luach airgid a chur ar thairbhí neamhfhuinnimh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh.

9.   Chun maoiniú príobháideach na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus an athchóirithe fuinnimh a shlógadh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu:

(a)

breithneoidh siad bealaí chun úsáid níos fearr a bhaint as córais bainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh faoi Airteagal 11 chun tionchar a imirt ar chinnteoireacht;

(b)

bainfidh siad an úsáid is fearr is féidir as na féidearthachtaí agus na huirlisí atá ar fáil i mbuiséad an Aontais agus a mholtar sa tionscnamh maidir le foirgnimh chliste agus i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A Renovation Wave for Europe - greening our buildings, creating jobs, improving lives [Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip - glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil].

10.   Faoin 31 Nollaig 2024, cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit agus do ghníomhaithe sa mhargadh i ndáil leis an mbealach chun leas a bhaint as infheistíocht phríobháideach.

Is é an cuspóir a bheidh ag an treoir cabhrú leis na Ballstáit agus le gníomhaithe sa mhargadh a gcuid infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear sna cláir éagsúla de chuid an Aontais, agus molfaidh siad sásraí airgeadais leordhóthanacha agus réitigh maoiniúcháin nuálacha, ina mbeidh meascán de dheontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh um fhorbairt tionscadal, chun tionscadail atá ann cheana a mhéadú agus cláir an Aontais a úsáid mar chatalaíoch chun maoiniú príobháideach a ghiaráil agus a spreagadh.

11.   Féadfaidh na Ballstáit ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a bhunú. Is é is an cuspóir a bheidh ag an gciste seo bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun tacú leis na Ballstáit a rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus a gconairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a bhaint amach. Féadfar an ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a bhunú mar chiste tiomnaithe laistigh de shaoráid náisiúnta atá ann cheana agus a chuireann infheistíochtaí caipitil chun cinn. Féadfar an ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a mhaoiniú le hioncam ó na ceantanna liúntais de bhun CTA AE ar fhoirgnimh agus ar earnálacha iompair.

12.   I gcás ina ndéanann na Ballstáit cistí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo, a chur ar bun ag na Ballstáit, bunóidh siad ionstraimí maoiniúcháin, lena n-áirítear ráthaíochtaí poiblí, chun glacadh na n-infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh agus na dtáirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh agus na scéimeanna nuálacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a mhéadú. De bhun Airteagail 8(3) agus 24, tacóidh an ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh le cur chun feidhme na mbeart mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. Áireofar sa tacaíocht sin maoiniú le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhair FBManna chun maoiniú príobháideach a ghiaráil agus a spreagadh i gcomhair FBManna.

13.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhlachtaí poiblí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6(1) a chomhlíonadh trí bhíthin ranníocaíochtaí bliantúla a dhéanamh leis an gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh atá coibhéiseach le méid na n-infheistíochtaí atá de dhíth chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.

14.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le páirtithe faoi oibleagáid a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 8(1) agus 4 a chomhlíonadh trí ranníocaíocht a dhéanamh gach bliain leis an gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, ar méid é atá cothrom leis na hinfheistíochtaí a theastaíonn chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.

15.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as a n-ioncam ó na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE chun maoiniú nuálach a fhorbairt le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh.

16.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na tacaíochta cistiúcháin poiblí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus ar chumas na mBallstát glacadh infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, agus riachtanais maoiniúcháin phoiblí a chuirtear in iúl sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide á gcur san áireamh. Measúnóidh an Coimisiún an bhféadfadh sásra éifeachtúlachta fuinnimh ar leibhéal an Aontais, a bhfuil sé mar chuspóir leis go soláthróidh sé ráthaíocht AE, cúnamh teicniúil agus deontais ghaolmhara chun cur chun feidhme ionstraimí airgeadais a chumasú, agus scéimeanna maoiniúcháin agus tacaíochta ar an leibhéal náisiúnta, tacú ar bhealach costéifeachtach le baint amach spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus aeráide an Aontais, agus, más iomchuí, molfaidh sé go mbunófaí sásra den sórt sin.

Chuige sin, tíolacfaidh an Coimisiún faoin 30 Márta 2024 tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, lena mbeidh tograí reachtacha ag gabháil, i gcás inarb iomchuí.

17.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas a thuairisciú don Choimisiúin faoin 15 Márta 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 agus i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2018/1999:

(a)

méid na n-infheistíochtaí poiblí in éifeachtúlacht fuinnimh agus an meánfhachtóir giarála a bhaintear amach le cistiú poiblí a thacaíonn le bearta éifeachtúlachta fuinnimh;

(b)

méid na dtáirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh, agus idirdhealú á dhéanamh idir táirgí éagsúla;

(c)

i gcás inarb ábhartha, cláir maoiniúcháin náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm chun méadú a dhéanamh ar ghlacadh na héifeachtúlachta fuinnimh agus na ndea-chleachtas, agus scéimeanna maoiniúcháin nuálacha don éifeachtúlacht fuinnimh.

Chun ullmhú na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a éascú, déanfaidh an Coimisiún na ceanglais a leagtar amach san fhomhír sin a chomhtháthú sa teimpléad coiteann a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2018/1999.

18.   Chun an oibleagáid dá dtagraítear i mír 17, pointe (b), a chomhlíonadh, agus gan dochar do bhearta náisiúnta breise, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na hoibleagáidí maidir le nochtadh atá ar institiúidí airgeadais cheana, lena n-áirítear:

(a)

na rialacha maidir le nochtadh le haghaidh institiúidí creidmheasa faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún (48);

(b)

na ceanglais maidir le nochtadh rioscaí ESG atá ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49).

Chun bailiú agus comhiomlánú sonraí maidir le toirt an táirge iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a éascú chun críche an oibleagáid dá dtagraítear i mír 17, bpointe (b), a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún, faoin 15 Márta 2024, treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir leis na socruithe chun rochtain a fháil ar shonraí maidir le toirt na dtáirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh ar leibhéal náisiúnta, chun iad a bhailiú agus chun iad a chomhiomlánú.

Airteagal 31

Fachtóirí coinbhéartachta agus fachtóirí fuinnimh phríomhúil

1.   Chun an coigilteas fuinnimh a chur i gcomparáid agus a thiontú go haonad inchomparáide, beidh feidhm ag na glanluachanna calracha atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/2066 agus na fachtóirí fuinnimh phríomhúil a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo ach amháin más féidir bonn cirt a thabhairt d’úsáid luachanna nó fachtóirí eile.

2.   Beidh fachtóir fuinnimh phríomhúil infheidhme nuair a dhéantar coigilteas fuinnimh a ríomh i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil trí úsáid a bhaint as cur chuige ón mbun aníos bunaithe ar thomhaltas fuinnimh deiridh.

3.   I gcás coigilteas i leictreachas kWh, cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht i bhfeidhm chun an coigilteas i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil a eascraíonn as a ríomh go cruinn. Cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht réamhshocraithe 1,9 i bhfeidhm ach amháin má úsáideann siad a ndiscréid chun comhéifeacht éagsúil a shainiú bunaithe ar imthosca náisiúnta a bhfuil bonn cirt leo.

4.   Le haghaidh coigilteas in kWh a dhéanfaidh iompróirí fuinnimh eile, cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht i bhfeidhm chun an coigilteas i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil a eascraíonn as a ríomh go cruinn.

5.   I gcás ina mbunaíonn na Ballstáit a gcomhéifeacht féin ag luach réamhshocraithe a sholáthraítear de bhun na Treorach seo, déanfaidh na Ballstáit an chomhéifeacht sin a bhunú trí mhodheolaíocht thrédhearcach ar bhonn na n-imthosca náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a dhéanann difear do thomhaltas fuinnimh phríomhúil. Beidh bunús leis na himthosca, agus beidh siad infhíoraithe agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha.

6.   I gcás ina bhfuil a gcomhéifeacht féin á bunú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an meascán fuinnimh a áirítear sa nuashonrú ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin a dtabharfar fógra ina leith don Choimisiún de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin. I gcás ina n-imíonn siad ón luach réamhshocraithe, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcomhéifeacht a úsáideann siad mar aon leis an modheolaíocht ríofa agus na sonraí foluiteacha sna nuashonruithe sin agus sna pleananna ina dhiaidh sin.

7.   Faoin 25 Nollaig 2026 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún na comhéifeachtaí réamhshocraithe a athscrúdú ar bhonn na sonraí iarbhír a fuarthas. Déanfar na hathbhreithnithe sin agus a dtionchair ar dhlí de chuid an Aontais amhail Treoir 2009/125/CE agus Rialachán (AE) 2017/1369 á gcur san áireamh.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin faoin 11 Deireadh Fómhair 2025 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 33

Gníomhartha tarmligthe

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun athbhreithniú a dhéanamh ar na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/2402.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Treoir seo a leasú trí na luachanna, na modhanna ríomha, na comhéifeachtaí réamhshocraithe fuinnimh phríomhúil agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 31 agus in Iarscríbhinní II, III, V, VIII go XII, agus XIV a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí scéim chomhchoiteann de chuid an Aontais a bhunú, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, chun inbhuanaitheacht na lárionad sonraí atá lonnaithe ar a chríoch a rátáil. Déanfaidh an Coimisiún an chéad ghníomh tarmligthe den sórt sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2023. Le scéim chomhchoiteann an Aontais, bunófar an sainmhíniú ar tháscairí inbhuanaitheachta lárionad sonraí agus leagfar amach inti na príomhtháscairí feidhmíochta agus an mhodheolaíocht chun iad a thomhas.

Airteagal 34

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 33 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 10 Deireadh Fómhair 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 33 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 33 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 35

Athbhreithniú agus faireachán ar an gcur chun feidhme

1.   I gcomhthéacs a thuarascála ar Staid an Aontais Fuinnimh, arna tíolacadh de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, tuairisceoidh an Coimisiún ar fheidhmiú an mhargaidh carbóin i gcomhréir le hAirteagal 35(1) agus le Airteagal 35(2), pointe (c), den Rialachán sin, agus an tionchar a bhíonn ag cur chun feidhme na Treorach seo á chur san áireamh.

2.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na bearta atá ann cheana chun méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh agus dícharbónú i dtéamh agus i bhfuarú a bhaint amach. Cuirfear an méid seo a leanas ar fad san áireamh sa mheastóireacht:

(a)

éifeachtúlacht fuinnimh agus treochtaí astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtéamh agus i bhfuarú, lena n-áirítear i dtéamh agus i bhfuarú ceantair;

(b)

idirnaisc idir na bearta a rinneadh;

(c)

athruithe ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtéamh agus i bhfuarú;

(d)

beartais agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh atá ann cheana agus atá beartaithe agus beartais agus bearta maidir le gás ceaptha teasa a laghdú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;

(e)

bearta a rinne na Ballstáit a sholáthar ina measúnuithe cuimsitheacha de bhun Airteagal 25(1) den Treoir seo agus a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2018/1999.

Faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an meastóireacht sin agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé bearta chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais.

3.   Roimh an 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an táirgeadh náisiúnta leictreachais agus teasa ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta agus ísealéifeachtúlachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, maidir leis an táirgeadh iomlán teasa agus leictreachais. Ina theannta sin, cuirfidh siad staidreamh bliantúil maidir le hacmhainneachtaí teasa agus leictreachais comhghiniúna agus breoslaí le haghaidh comhghiniúna, agus maidir le téamh agus fuarú ceantair a tháirgeadh agus a acmhainneachtaí, faoina bhráid i ndáil le táirgeadh agus acmhainneacht iomlán teasa agus leictreachais. Tíolacfaidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an gcoigilteas fuinnimh phríomhúil a bhaintear amach trí chomhghiniúint a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

4.   Faoin 1 Eanáir 2021, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ar bhonn measúnaithe ar phoitéinseal éifeachtúlachta fuinnimh i dtiontú, claochlú, tarchur, iompar agus stóráil fuinnimh, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh tograí reachtacha ag gabháil léi.

5.   Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún, faoi réir aon athruithe ar na forálacha a bhaineann le margaí miondíola atá i dTreoir 2009/73/CE, measúnú maidir leis na forálacha a bhaineann le méadrú, faisnéis bhilleála agus faisnéis do thomhaltóirí i gcomhair gás nádúrtha, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méid sin, agus é mar aidhm iad a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na forálacha ábhartha maidir leis an leictreachas i dTreoir (AE) 2019/944, chun cosaint tomhaltóirí a neartú agus ionas gur féidir le custaiméirí deiridh faisnéis níos minice, níos soiléire, cothrom le dáta faoina dtomhaltas gáis nádúrtha a fháil agus ionas gur féidir leo a n-úsáid fuinnimh a rialú. A luaithe is féidir tar éis an tuarascáil sin a thíolacadh, glacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha.

6.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a d’éirigh nó nár éirigh leis an Aontas príomhspriocanna 2020 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach.

7.   Faoin 28 Feabhra 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Áireofar sa mheastóireacht sin:

(a)

measúnú ar a éifeachtaí atá an Treoir seo i gcoitinne agus ar a riachtanaí atá sé beartas an Aontais a choigeartú a thuilleadh i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha agus nuálaíochta;

(b)

measúnú mionsonraithe ar thionchar maicreacnamaíoch comhiomlánaithe na Treorach seo, agus béim á leagan ar na héifeachtaí ar shlándáil fuinnimh, praghsanna fuinnimh, bochtaineacht fuinnimh a íoslaghdú, fás eacnamaíoch, iomaíochas, cruthú post, costas soghluaisteachta agus cumhacht ceannaigh teaghlaigh san Aontais;

(c)

príomhspriocanna 2030 an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a leagtar síos in Airteagal 4(1) a mheas d'fhonn na spriocanna sin a choigeartú suas i gcás laghduithe suntasacha costais mar thoradh ar fhorbairtí eacnamaíocha nó teicniúla, nó i gcás inar gá chun spriocanna an Aontais don bhliain 2040 nó 2050 le haghaidh dícharbónú, nó a ghealltanais idirnáisiúnta le haghaidh dícharbónú, a chomhlíonadh;

(d)

cibé an leanann na Ballstáit de choigilteas nua bliantúil a bhaint amach nó nach leanann i gcomhréir le hAirteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (b)(iv), ar feadh tréimhsí 10 mbliana tar éis 2030;

(e)

cibé an leanann na Ballstáit dá áirithiú go ndéanfar athchóiriú gach bliain nó nach leanann ar 3 % ar a laghad d’achar urláir iomlán foirgneamh téite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí i gcomhréir le hAirteagal 6(1) d’fhonn an ráta athchóirithe san Airteagal sin a athbhreithniú;

(f)

cibé an leanann na Ballstáit de choigilteas fuinnimh a bhaint amach nó nach leanann i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, i measc daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, de bhun Airteagal 8(3) le haghaidh na dtréimhsí 10 mbliana tar éis 2030;

(g)

cibé an leanann na Ballstáit de laghdú ar thomhaltas fuinnimh deiridh a bhaint amach nó nach leanann i gcomhréir le hAirteagal 5(1);

(h)

tionchair na Treorach seo maidir le tacú le fás eacnamaíoch, aschur tionsclaíoch a mhéadú, foinsí in-athnuaite fuinnimh a imscaradh nó iarrachtaí ardleibhéil chun an aeráidneodracht a bhaint amach.

Cumhdófar sa mheastóireacht freisin na héifeachtaí ar iarrachtaí chun an geilleagar a leictriú agus hidrigin a thabhairt isteach, lena n-áirítear an bhféadfadh údar a bheith le haon athrú ar chóireáil foinsí fuinnimh in-athnuaite glana, agus molfar inti, i gcás inarb iomchuí, réitigh ar aon éifeacht dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith sainaitheanta.

Beidh measúnú mionsonraithe ag gabháil leis an tuarascáil sin i dtaobh an gá an Treoir seo a leasú ar mhaithe le simpliú rialála agus, i gcás inarb iomchuí, beidh moltaí maidir le bearta breise ag gabháil léi.

8.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2032, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a d’éirigh nó nár éirigh leis an Aontas príomhspriocanna 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach.

Airteagal 36

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 1, 2 agus 3, Airteagal 4(1) go (4), Airteagal 4(5), an chéad fhomhír, an dara fomhír, an ceathrú fomhír, an cúigiú fomhír agus an séú fomhír, Airteagal 4(6) agus (7), Airteagail 5 go 11, Airteagal 12(2) go (5), Airteagail 21 go 25, Airteagal 26(1), (2) agus (4) go (14), Airteagal 27, Airteagal 28(1) go (5), Airteagail 29 go 32 agus Iarscríbhinní I, III go VII, X, XI agus XV a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 11 Deireadh Fómhair 2025.

Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 4(5), an tríú fomhír, Airteagal 12(1), Airteagal 26(3) agus Airteagal 28(6) a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoi na dátaí dá dtagraítear iontu. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 37

Leasú ar Rialachán (AE) 2023/955

In Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2023/955, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

‘(1)

ciallaíonn ‘bochtaineacht fuinnimh’ bochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (52), de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Airteagal 38

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2012/27/AE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn XVI, le héifeacht ón 12 Deireadh Fómhair 2025, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XVI a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XVII.

Airteagal 39

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 13, 14, 15, 16, 17, 18, 19 agus 20 agus Iarscríbhinní II, VIII, IX, XII, XIII agus XIV ón 12 Deireadh Fómhair 2025.

Beidh feidhm ag Airteagal 37 ón 30 Meitheamh 2024.

Airteagal 40

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 13 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. M. ALBARES BUENO


(1)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 134.

(2)   IO C 301, 5.8.2022, lch. 139.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Iúil 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Iúil 2023.

(4)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(5)  Féach Cuid A d’Iarscríbhinn XVI.

(6)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch 13).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(8)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(9)  Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).

(10)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(11)  Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L 357, 27.10.2020, lch. 35).

(12)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(13)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(14)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(15)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Dé Máirt 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (IO L 177, 5.6.2020, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 53).

(18)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 094, 28.3.2014, lch. 1).

(19)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 094, 28.3.2014, lch. 65).

(20)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 094, 28.3.2014, lch. 243).

(21)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(22)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(23)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(24)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(25)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(26)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).

(28)  Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).

(29)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(30)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(31)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(32)  Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais an Chomhphobail a chomhlíonadh go dtí 2020 maidir lena n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).

(33)  Cinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2014 lena gcinntear, de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, liosta earnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol suntasach sceite carbóin, don tréimhse 2015 go dtí 2019 (IO L 308, 29.10.2014, lch. 114).

(34)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(35)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(36)  Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1).

(37)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(38)  Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal On energy efficiency first: from principle to practice — Guidelines and examples for its implementation in decision-making into the energy sector and beyond [Bunphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas — Treoirlínte agus samplaí dá cur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin] (IO L 350, 4.10.2021, lch. 9).

(39)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

(40)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha maidir le foilsiú fógraí i réimse an tsoláthair phoiblí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 (‘eForms’) (IO L 272, 25.10.2019, lch. 7)

(41)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

(42)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le ceart tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(43)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(44)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(45)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(46)  Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).

(47)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(48)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9).

(49)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

RANNÍOCAÍOCHTAÍ NÁISIÚNTA LE SPRIOCANNA ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH AN AONTAIS IN 2030 I dTOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH AGUS/NÓ I dTOMHALTAS FUINNIMH PHRÍOMHÚIL

1.   

Ríomhtar leibhéal na ranníocaíochtaí náisiúnta ar bhonn na foirmle táscaí:

Formula

Formula

I gcás inarb é CAE fachtóir ceartúcháin, Target leibhéal uaillmhéine sonrach na tíre agus FECB2030 PECB2030 Cás Tagartha AE 2020 a úsáidtear mar bhunlíne le haghaidh 2030.

2.   

Is éard atá san fhoirmle seo a leanas na critéir oibiachtúla a léiríonn na fachtóirí a liostaítear in Airteagal 4(3), pointí (d)(i) go (iv), gach ceann á úsáid chun leibhéal uaillmhéine sonrach na tíre a shainiú in % (Target) agus ag a bhfuil an t-ualach céanna san fhoirmle (0.25):

(a)

ranníocaíocht atá spleách ar luathghníomhaíocht (‘Fearly-action’);

(b)

ranníocaíocht atá spléach ar OTI per capita (‘Fwealth’);

(c)

ranníocaíocht atá spléach ar dhéine fuinnimh (‘Fintensity’);

(d)

ranníocaíocht fhéideartha coigiltis fuinnimh chost-éifeachtaigh (‘Fpotential’).

3.   

Déanfar Fearly-action a ríomh do gach Ballstát mar thoradh a mhéid coigiltis fuinnimh faoin bhfeabhas ar an déine fuinnimh a bhain gach Ballstát amach. Déanfar méid an choigiltis fuinnimh do gach Ballstát a ríomh ar bhonn an laghdaithe ar thomhaltas fuinnimh (i gcoibhéis tona ola) i gcoibhneas le laghdú an Aontais ar thomhaltas fuinnimh idir an meán 3 bliana don tréimhse 2007-2009 agus an meán 3 bliana don tréimhse 2017-2019. Déanfar an feabhsú ar dhéine fuinnimh gach Ballstáit a ríomh ar bhonn an laghdaithe ar dhéine fuinnimh (i gcoibhéis tona ola/EUR) i gcoibhneas le laghdú déine fuinnimh an Aontais idir an meán 3 bliana don tréimhse 2007-2009 agus an meán 3 bliana don tréimhse 2017-2019.

4.   

Ríomhfar Fwealth le haghaidh gach Ballstáit ar bhonn a innéacs meán-fhíor-OTI per capita 3 bliana ó Eurostat i leith meán 3 bliana an Aontais thar an tréimhse 2017-2019, arna shloinneadh i bpaireachtaí cumhachta ceannaigh (PCCanna).

5.   

Ríomhfar Fintensity le haghaidh gach Ballstáit ar bhonn a innéacs meándéine fuinnimh deiridh 3 bliana (FEC nó PEC in aghaidh fíor OTI in PCCanna) i leith mheán 3 bliana an Aontais thar an tréimhse 2017-2019.

6.   

Ríomhfar Fpotential le haghaidh gach Ballstáit ar bhonn an choigiltis fuinnimh deiridh nó phríomhúil faoi chás PRIMES MIX 55 % le haghaidh 2030. Sloinntear an coigilteas i leith réamh-mheastacháin Chás Tagartha AE 2020 le haghaidh 2030.

7.   

I gcás gach critéir dá bhforáiltear i bpointe 2(a) go (d), cuirfear i bhfeidhm teorainn íosta agus teorainn uasta. Cuirfear teorainn uasta leis an leibhéal uaillmhéine le haghaidh na bhfachtóirí Fwealth Fintensity agus Fpotential ag 50 % agus 150 % de mheánleibhéal uaillmhéine an Aontais faoi fhachtóir ar leith. Cuirfear teorainn uasta leis an leibhéal uaillmhéine le haghaidh fhachtóir Fearly-action ag 50 % agus 100 % de mheánleibhéal uaillmhéine an Aontais.

8.   

Is é Eurostat foinse na sonraí ionchuir a úsáidtear chun na fachtóirí a ríomh mura sonraítear a mhalairt.

9.   

Ríomhfar Ftotal mar shuim ualaithe na gceithre fhachtóir uile (Fearly-action. Fwealth Fintensity agus Fpotential). Ríomhfar an sprioc mar an toradh ar an bhfachtóir iomlán Ftotal agus sprioc an Aontais.

10.   

Ríomhfaidh an Coimisiún fachtóir ceartúcháin fuinnimh phríomhúil agus deiridh CEU, fachtóir a chuirfear i bhfeidhm chun suim thorthaí na foirmle a choigeartú le haghaidh na ranníocaíochtaí náisiúnta uile le spriocanna ábhartha an Aontais in 2030. Tá an fachtóir CEU comhionann i gcás na mBallstát uile.


IARSCRÍBHINN II

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA CHUN AN LEICTREACHAS Ó CHOMHGHINIÚINT A RÍOMH

Cuid I

Prionsabail ghinearálta

Socrófar na luachanna a úsáidfear chun an leictreachas ó chomhghiniúint a ríomh ar bhonn oibriú an aonaid a mheastar a bheidh ann nó ar bhonn oibriú iarbhír an aonaid faoi ghnáthdhálaí úsáide. I gcás aonaid mhicrea-chomhghiniúna féadfar an ríomh a bheith bunaithe ar luachanna deimhnithe.

(1)

Measfar táirgeadh leictreachais ó chomhghiniúint a bheith ar comhchéim le táirgeadh leictreachais iomláin bliantúil an aonaid a thomhaistear ag asraoin na bpríomhghineadóirí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

in aonaid chomhghiniúna de chineálacha (2), (4), (5), (6), (7) agus (8) dá dtagraítear i gCuid II ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil a shocraíonn na Ballstáit ag leibhéal 75 % ar a laghad;

(b)

in aonaid chomhghiniúna de chineálacha (1) agus (3) dá dtagraítear i gCuid II ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil a shocraíonn na Ballstáit ag leibhéal 80 % ar a laghad.

(2)

In aonaid chomhghiniúna ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil faoin luach dá dtagraítear i bpointe (1)(a), eadhon na haonaid chomhghiniúna de chineálacha (2), (4), (5), (6), (7), agus (8) dá dtagraítear i gCuid II, nó ag a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil faoin luach dá dtagraítear i bpointe (1)(b), eadhon na haonaid chomhghiniúna de chineálacha (1) agus (3) dá dtagraítear i gCuid II, ríomhtar leictreachas ó chomhghiniúint de réir na foirmle a leanas:

ECHP=HCHP*C

inarb é:

is é is ECHP ann méid an leictreachais ó chomhghiniúint;

is é is C ann an cóimheas idir cumhacht agus teas;

is é is HCHP ann an méid teasa úsáidigh ó chomhghiniúint (a ríomhtar chun na críche sin mar tháirgeadh teasa iomlán lúide aon teas a tháirgtear i gcoirí leithleacha nó trí eastóscadh gaile beo ón ngineadóir gaile roimh an tuirbín).

Beidh ríomh an leictreachais ó chomhghiniúint bunaithe ar an gcóimheas iarbhír idir cumhacht agus teas. Mura bhfios an cóimheas iarbhír idir cumhacht agus teas aonaid comhghiniúna, féadfar na luachanna réamhshocraithe seo a leanas a úsáid, go háirithe chun críoch staidrimh, le haghaidh aonaid de chineálacha (1), (2), (3), (4) agus (5) dá dtagraítear i gCuid II ar choinníoll go bhfuil an leictreachas comhghiniúna arna ríomh níos lú ná táirgeadh leictreachais iomláin an aonaid nó cothrom leis an méid sin:

Cineál an aonaid

Cóimheas réamhshocraithe idir cumhacht agus teas, C

Gástuirbín comh-thimthrialla le haisghabháil teasa

0,95

Tuirbín cúlbhrú

0,45

Galtuirbín comhdhlúthúcháin eastósctha

0,45

Gástuirbín le haisghabháil teasa

0,55

Inneall dócháin inmheánaigh

0,75

Má thugann Ballstáit luachanna réamhshocraithe isteach le haghaidh cóimheasa idir cumhacht agus teas le haghaidh aonaid de chineálacha (6), (7), (8), (9), (10) agus (11) dá dtagraítear i gCuid II, foilseofar na luachanna réamhshocraithe sin agus cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

(3)

Má aisghabhtar sciar de luach fuinnimh an ionchuir breosla i leith an phróisis comhghiniúna i gceimiceáin agus má athchúrsáiltear an sciar sin, is féidir an sciar sin a dhealú ón ionchur breosla sula ríomhtar an éifeachtúlacht fhoriomlán a úsáidtear i bpointí (1) agus (2).

(4)

Féadfaidh na Ballstáit an cóimheas idir cumhacht agus teas a chinneadh mar an cóimheas idir leictreachas agus teas úsáideach nuair atáthar ag oibriú i mód comhghiniúna ag acmhainneacht is ísle agus sonraí oibríochtúla an aonaid shonraigh á n-úsáid.

(5)

Féadfaidh na Ballstáit tréimhsí tuairiscithe eile seachas tréimhsí tuairiscithe bliantúla a úsáid chun críoch na ríomhanna i gcomhréir le pointí (1) agus (2).

Cuid II

Teicneolaíochtaí comhghiniúna a chumhdaítear leis an Treoir seo

(1)

Gástuirbín comh-thimthrialla le haisghabháil teasa

(2)

Tuirbín cúlbhrú

(3)

Galtuirbín comhdhlúthúcháin eastósctha

(4)

Gástuirbín le haisghabháil teasa

(5)

Inneall dócháin inmheánaigh

(6)

Micreatuirbíní

(7)

Innill den chineál Stirling

(8)

Breosla-chealla

(9)

Innill ghaile

(10)

Timthriallta orgánacha den chineál Rankine

(11)

Aon chineál eile teicneolaíochta nó comhcheangail lena gcuimsítear comhghiniúint.

Agus prionsabail ghinearálta maidir le leictreachas ó chomhghiniúint a ríomh á gcur chun feidhme agus á gcur i bhfeidhm, úsáidfidh na Ballstáit na Treoirlínte mionsonraithe a bhunaítear le Cinneadh 2008/952/CE ón gCoimisiún (1).


(1)  Cinneadh 2008/952/CE ón gCoimisiún an 19 Samhain 2008 lena mbunaítear treoirlínte mionsonraithe chun Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm (IO L 338, 17.12.2008, lch. 55).


IARSCRÍBHINN III

MODHEOLAÍOCHT CHUN ÉIFEACHTÚLACHT AN PHRÓISIS COMHGHINIÚNA A CHINNEADH

Cinnfear na luachanna a úsáidfear chun éifeachtúlacht an chomhghiniúna agus an choigiltis fuinnimh phríomhúil a ríomh ar bhonn oibriú an aonaid a mheastar a bheidh ann nó ar bhonn oibriú iarbhír an aonaid faoi ghnáthdhálaí úsáide.

(a)   Comhghiniúint ardéifeachtach

Chun críoch na Treorach seo, comhlíonfaidh comhghiniúint ardéifeachtach na critéir a leanas:

soláthróidh táirgeadh comhghiniúna ó aonaid chomhghiniúna an coigilteas fuinnimh phríomhúil a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b), mar atá ar a laghad 10 % i gcomparáid leis na tagairtí le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais;

féadfar táirgeadh ó aonaid chomhghiniúna ar mionscála agus ó aonaid micrea-chomhghiniúna lena soláthraítear coigilteas fuinnimh phríomhúil a cháiliú mar chomhghiniúint ardéifeachtach;

le haghaidh aonaid chomhghiniúna a thógtar nó a dhéantar a athchóiriú go suntasach tar éis thrasuí na hIarscríbhinne seo, is lú ná 270 gCO2 in aghaidh 1 kWh d’aschur fuinnimh ón gcomhghiniúint astaíochtaí díreacha na dé-ocsaíde carbóin ó tháirgeadh comhghiniúna a bhreoslaítear le breoslaí iontaise (lena n-áirítear fuinneamh teasa/fuaraithe, fuinneamh cumhachta, agus fuinneamh meicniúil);

aonaid chomhghiniúna a oibríonn roimh an 10 Deireadh Fómhair 2023, féadfaidh siad maolú ón gceanglas seo go dtí an 1 Eanáir 2034 ar choinníoll go bhfuil plean acu na hastaíochtaí a laghdú de réir a chéile chun an tairseach níos lú ná 270 gCO2 in aghaidh 1 kWh a bhaint amach faoin 1 Eanáir 2034 agus go bhfuil fógra tugtha acu faoin bplean sin d’oibreoirí agus d’údaráis inniúla ábhartha.

Nuair a thógtar aonad comhghiniúna nó nuair a athchóirítear aonad comhghiniúna go substaintiúil, áiritheoidh na Ballstáit nach dtiocfaidh méadú ar úsáid breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha i bhfoinsí teasa atá ann cheana i gcomparáid leis an tomhaltas bliantúil a mheánaítear thar na 3 bliana féilire oibríochta iomláine roimhe sin roimh athchóiriú agus nach n-úsáideann aon fhoinse nua teasa sa chóras sin breoslaí iontaise seachas gás nádúrtha.

(b)   An coigilteas fuinnimh phríomhúil a ríomh

Ríomhfar méid an choigiltis fuinnimh phríomhúil a sholáthraítear trí tháirgeadh comhghiniúna a shainítear i gcomhréir le hIarscríbhinn II ar bhonn na foirmle seo a leanas:

Image 1

I gcás:

inarb é PES an coigilteas fuinnimh phríomhúil.

inarb é CHP Hη an éifeachtúlacht teasa ó tháirgeadh comhghiniúna a shainmhínítear mar aschur teasa úsáidigh bliantúil arna roinnt ar ionchur breosla a úsáidtear chun suim an ionchuir teasa úsáidigh agus ó chomhghiniúint a tháirgeadh.

inarb é Ref Hη an luach tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach teasa.

inarb é CHP Hη an éifeachtúlacht leictreachais ón táirgeadh comhghiniúna a shainmhínítear mar aschur teasa úsáidigh bliantúil arna roinnt ar ionchur breosla a úsáidtear chun suim an ionchuir teasa úsáidigh agus leictreachas ó chomhghiniúint a tháirgeadh. I gcás ina ngintear fuinneamh meicniúil le haonad comhghiniúna, féadfar an leictreachas bliantúil ó chomhghiniúint a mhéadú le gné bhreise a léiríonn méid an leictreachais atá comhionann le méid an leictreachais mheicniúil. Ní chruthaítear leis an ngné bhreise seo ceart ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 26(13).

inarb é Ref Eη an luach tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach leictreachais.

(c)   Coigilteas fuinnimh a ríomh trí úsáid ríomha mhalartaigh

Féadfaidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh phríomhúil ó tháirgeadh teasa agus leictreachais agus leictreachais mheicniúil mar a chuirtear in iúl thíos a ríomh gan Iarscríbhinn II a chur i bhfeidhm chun codanna teasa agus leictreachais neamh-chomhghinte an phróisis chéanna a eisiamh. Féadfar an táirgeadh sin a mheas mar chomhghiniúint ardéifeachtach ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir éifeachtúlachta a leagtar amach i bpointe (a) den Iarscríbhinn seo agus, i gcás aonaid chomhghiniúna ag a bhfuil acmhainneacht leictreachais is mó ná 25 MW, má tá an éifeachtúlacht fhoriomlán os cionn 70 %. Mar sin féin, maidir le sonraíocht chainníocht an leictreachais ó chomhghiniúint a tháirgtear sa táirgeadh sin, chun ráthaíocht tionscnaimh a eisiúint agus chun críche staidrimh, cinnfear í i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

Má ríomhtar an coigilteas fuinnimh phríomhúil le haghaidh próisis trí úsáid ríomha mhalartaigh mar a chuirtear in iúl thuas, ríomhfar an coigilteas fuinnimh phríomhúil tríd an bhfoirmle i bpointe (b) den Iarscríbhinn seo a úsáid agus: ag cur ‘Hη’ in ionad ‘CHP Hη’ agus ‘Eη’ in ionad ‘CHP Eη,’ i gcás:

ina gciallaíonn Hη éifeachtúlacht teasa an phróisis, a shainmhínítear mar an t-aschur teasa bliantúil arna roinnt ar an ionchur breosla a úsáideadh chun suim an aschuir teasa agus an aschuir leictreachais a tháirgeadh.

ina gciallaíonn Eη éifeachtúlacht leictreachais an phróisis, a shainmhínítear mar an t-aschur leictreachais bliantúil arna roinnt ar ionchur breosla arna úsáid chun suim an aschuir teasa agus an aschuir leictreachais a tháirgeadh. I gcás ina ngintear fuinneamh meicniúil le haonad comhghiniúna, féadfar an leictreachas bliantúil ó chomhghiniúint a mhéadú le gné bhreise a léiríonn méid an leictreachais atá comhionann le méid an leictreachais mheicniúil. Ní chruthófar leis an ngné bhreise sin ceart ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 26(13).

Féadfaidh na Ballstáit tréimhsí tuairiscithe eile seachas tréimhsí tuairiscithe bliantúla a úsáid chun críoch na ríomhanna i gcomhréir le pointí (b) agus (c) den Iarscríbhinn seo.

I gcás aonaid mhicrea-chomhghiniúna d’fhéadfadh ríomh an choigiltis fuinnimh phríomhúil a bheith bunaithe ar shonraí deimhnithe.

(d)   Luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais

Is éard a bheidh sna luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe maitrís luachanna arna difreáil de réir fachtóirí ábhartha, lena n-áirítear bliain thógála agus cineálacha breosla, agus beidh siad bunaithe ar anailís dhea-dhoiciméadaithe agus inter alia sonraí ó úsáid oibríochtúil faoi dhálaí réalaíocha, meascán breosla agus dálaí aeráide á gcur san áireamh chomh maith le teicneolaíochtaí comhghiniúna feidhmeacha.

Leis na luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach i bpointe (b) bunófar éifeachtúlacht oibriúcháin an táirgthe leithligh teasa agus leictreachais a raibh an chomhghiniúint beartaithe a ionadú.

Ríomhfar na luachanna tagartha éifeachtúlachta de réir na bprionsabal seo a leanas:

(i)

i gcás aonaid chomhghiniúna beidh an chomparáid le táirgeadh leithleach leictreachais bunaithe ar an bprionsabal go gcuirtear na catagóirí breosla céanna i gcomparáid lena chéile;

(ii)

cuirfear gach aonad comhghiniúna i gcomparáid leis an aonad comhghiniúna is fearr atá ar fáil agus teicneolaíocht inchosanta ar bhonn eacnamaíoch le haghaidh táirgeadh leithleach teasa agus leictreachais ar an margadh i mbliain thógáil an aonaid comhghiniúna;

(iii)

déanfar luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh aonaid chomhghiniúna atá níos sine ná 10 mbliana a shocrú ar na luachanna tagartha de 10 mbliana;

(iv)

léireoidh luachanna tagartha éifeachtúlachta le haghaidh táirgeadh leithleach leictreachais agus teasa na difríochtaí aeráide idir Ballstáit.


IARSCRÍBHINN IV

CEANGLAIS MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT FUINNIMH LE hAGHAIDH SOLÁTHAR POIBLÍ

I nósanna imeachta dámhachtana le haghaidh conarthaí poiblí agus lamháltas, údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a cheannaíonn táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus oibreacha, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcumhdaítear táirge le gníomh tarmligthe arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2017/1369, Treoir 2010/30/AE nó le gníomh cur chun feidhme ghaolmhar de chuid an Choimisiúin, ní cheannóidh siad ach na táirgí a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 7(2) den Rialachán sin;

(b)

i gcás ina gcumhdaítear táirge nach gcumhdaítear faoi phointe (a) le beart cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE, ní cheannóidh siad ach táirgí a chomhlíonann tagarmharcanna éifeachtúlachta fuinnimh a shonraítear sa bheart cur chun feidhme sin;

(c)

i gcás ina gcumhdaítear táirge nó seirbhís le critéir maidir le soláthar poiblí glas an Aontais nó le critéir náisiúnta choibhéiseacha atá ar fáil, le hábharthacht maidir le héifeachtúlacht fuinnimh an táirge nó na seirbhíse, déanfaidh siad a ndícheall gan ach táirgí agus seirbhísí a cheannach, táirgí agus seirbhísí a urramaíonn ar a laghad na sonraíochtaí teicniúla a shonraítear ag an leibhéal ‘lárnach’ i gcritéir ábhartha maidir le soláthar poiblí glas an Aontais nó i gcritéir náisiúnta choibhéiseacha atá ar fáil lena n-áirítear i measc rudaí eile le haghaidh lárionaid sonraí, seomraí freastalaí agus néalseirbhísí, soilsiú bóithre agus soilse tráchta, ríomhairí, monatóirí, táibléid agus fóin chliste;

(d)

gan ach boinn a cheannach a chomhlíonann an critéar maidir leis an aicme éifeachtúlachta fuinnimh breosla is airde a bheith acu, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2020/740, nach gcuirfidh cosc ar chomhlachtaí poiblí boinn a cheannach ag a bhfuil an aicme fliuchghreime nó aicme torainn rollta sheachtraigh is airde acu i gcás ina bhfuil údar cuí leis ar chúiseanna sábháilteachta nó sláinte poiblí;

(e)

ceanglóidh siad ina dtairiscintí le haghaidh conarthaí seirbhíse, chun na seirbhísí atá i gceist a sholáthar, nach n-úsáidfidh soláthraithe seirbhíse ach na táirgí a chomhlíonann pointí (a), (b) agus (d), nuair a sholáthraíonn siad na seirbhísí atá i gceist. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin ach maidir le táirgí nua a cheannaíonn soláthraithe seirbhíse i bpáirt nó go hiomlán chun an tseirbhís atá i gceist a sholáthar;

(f)

ceannóidh siad foirgnimh a chomhlíonann ar a laghad an leibhéal nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de gan dochar d’Airteagal 6 den Treoir seo, nó déanfaidh siad comhaontuithe cíosa nua lena n-aghaidh, murab é ceann de na nithe seo a leanas cuspóir an cheannacháin:

(i)

athchóiriú domhain nó scartáil a dhéanamh;

(ii)

i gcás comhlachtaí poiblí, an foirgneamh a athdhíol gan é a úsáid chun críocha an chomhlachta phoiblí é féin; nó

(iii)

é a chaomhnú mar fhoirgneamh atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe, nó mar gheall ar a fhiúntas ailtireachta nó staire ar leith.

Fíorófar comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i bpointe (f) den Iarscríbhinn seo trí bhíthin teastais feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2010/31/AE.


IARSCRÍBHINN V

MODHANNA COMHCHOITEANNA AGUS PRIONSABAIL CHOMHCHOITEANNA CHUN TIONCHAR SCÉIMEANNA UM OIBLEAGÁID ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH NÓ BEART BEARTAIS EILE FAOI AIRTEAGAIL 8, 9 AGUS 10 AGUS AIRTEAGAL 30(14) A RÍOMH

1.   

Modhanna chun an coigilteas fuinnimh seachas an coigilteas a eascraíonn ó bhearta cánachais chun críocha Airteagail 8, 9 agus 10 agus Airteagal 30(14) a ríomh.

Féadfaidh páirtithe faoi oibleagáid, páirtithe rannpháirteacha nó páirtithe iontaoibhe, nó údaráis phoiblí cur chun feidhme, feidhm a bhaint as na modhanna seo a leanas chun coigilteas fuinnimh a ríomh:

(a)

coigilteas measta, mar thagairt do na torthaí ar fheabhsuithe fuinnimh a ndearnadh faireachán neamhspleách orthu cheana i suiteálacha comhchosúla. Tugtar ‘ex ante’ ar an gcur chuige cineálach;

(b)

coigilteas méadraithe, trína ndéantar an coigilteas ó shuiteáil birt, nó pacáiste de bhearta, a chinneadh tríd an laghdú iarbhír ar úsáid fuinnimh a thaifeadadh, agus aird chuí á tabhairt ar fhachtóirí amhail breisíocht, áitíocht, leibhéil táirgeachta agus an aimsir a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar thomhaltas. Tugtar ‘ex post’ ar an gcur chuige cineálach;

(c)

coigilteas scálaithe, trína n-úsáidtear meastacháin innealtóireachta ar choigilteas. Ní fhéadfar feidhm a bhaint as an gcur chuige sin ach amháin i gcás ina bhfuil sé deacair nó go díréireach daor sonraí tomhaiste láidre i gcomhair suiteáil shonrach a bhunú, mar shampla comhbhrúiteoir nó mótar leictreach ag a bhfuil rátáil kWh éagsúil a chur in ionad comhbhrúiteoir nó mótar leictreach a ndearnadh faisnéis neamhspleách faoi choigilteas a thomhas ina leith, nó i gcás ina ndéanann saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe atá neamhspleách ó na páirtithe faoi oibleagáid, ó na páirtithe rannpháirteacha nó ó na páirtithe iontaoibhe na meastacháin sin ar bhonn modheolaíochtaí agus tagarmharcanna a bunaíodh go náisiúnta;

(d)

agus coigilteas fuinnimh á ríomh chun críocha Airteagal 8(3) is féidir a áireamh chun an oibleagáid san Airteagal sin a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit meastachán a dhéanamh ar choigilteas fuinnimh daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta ar bhonn meastacháin innealtóireachta trí dhálaí áitíochta caighdeánaithe agus compord teirmeach a úsáid, nó paraiméadair, amhail paraiméadair a shainítear i rialacháin náisiúnta tógála. Ba cheart do na Ballstáit an chaoi a meastar compord le haghaidh gníomhaíochtaí i bhfoirgnimh a thuairisciú don Choimisiún in éineacht le míniúcháin ar a modheolaíocht ríofa.

(e)

coigilteas a rinneadh suirbhéireacht orthu, trína gcinntear freagairt tomhaltóirí do chomhairle, d’fheachtais faisnéise, do lipéadú nó do scéimeanna deimhniúcháin nó do mhéadrú cliste. Ní bhainfear feidhm as an gcur chuige sin ach amháin do choigilteas a eascraíonn ó athruithe in iompar na dtomhaltóirí. Ní dhéanfar feidhm a bhaint as do choigilteas a eascraíonn ó shuiteáil beart fisiciúil.

2.   

Agus an coigilteas fuinnimh do bheart éifeachtúlachta fuinnimh á chinneadh chun críocha Airteagail 8, 9 agus 10 agus Airteagal 30(14), beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)

léireoidh na Ballstáit gurb é ceann de chuspóirí an bhirt beartais, bíodh sé nua nó ann cheana féin, baint amach coigiltis fuinnimh críochúsáide de bhun Airteagal 8(1) agus soláthróidh siad fianaise agus a ndoiciméid lena dtaispeántar go raibh beart beartais ina chúis leis an gcoigilteas fuinnimh, lena n-áirítear comhaontuithe deonacha;

(b)

taispeánfar go bhfuil an coigilteas sa bhreis ar an gcoigilteas a bheadh ann ar aon chaoi gan gníomhaíocht na bpáirtithe faoi oibleagáid, na bpáirtithe rannpháirteacha nó na bpáirtithe iontaoibhe nó na n-údarás poiblí cur chun feidhme. Chun a chinneadh cé na coigiltis is féidir a éileamh mar choigiltis bhreise, tabharfaidh na Ballstáit dá n-aire an chaoi a bhforbródh úsáid fuinnimh agus tomhailt fuinnimh in éagmais an bhirt beartais faoi thrácht trí na tosca seo a leanas, ar a laghad a chur san áireamh: treochtaí do thomhailt fhuinnimh, athruithe in iompar na dtomhaltóirí, dul chun cinn teicneolaíochta agus athruithe arb iad na bearta eile arna gcur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta is cúis leo;

(c)

measfar gur coigilteas a bheadh ann ar aon nós coigilteas a eascraíonn ó chur chun feidhme dhlí éigeantach an Aontais, agus, ar an gcaoi sin, ní dhéanfar é a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críocha Airteagal 8(1). De mhaolú ar an gceanglas sin, coigilteas atá bainteach le hathchóiriú foirgneamh atá ann cheana, lena n-áirítear na coigiltis a eascraíonn ó chur chun feidhme íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh i bhfoirgnimh i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE, féadfar é a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críocha Airteagal 8(1), ar choinníoll go n-áirithítear an critéar ábharthachta dá dtagraítear i bpointe 3(h) den Iarscríbhinn seo. Bearta lena gcuirtear feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh chun cinn san earnáil phoiblí de bhun Airteagail 5 agus 6, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, ar an gcoinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh an Iarscríbhinn seo;

(d)

féadfar coigilteas fuinnimh críochúsáide a eascraíonn ó chur chun feidhme beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh arna ndéanamh de bhun rialacháin éigeandála faoi Airteagal 122 CFAE a éileamh chun críocha Airteagal 8(1), ar choinníoll go mbeidh coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasta, cé is moite den choigilteas fuinnimh sin mar thoradh ar bhearta cóimheasa nó ciorrúcháin;

(e)

is féidir bearta a dhéantar de bhun Rialachán (AE) 2018/842 a mheas mar bhearta ábhartha, ach ní mór do na Ballstáit a thaispeáint go n-eascraíonn coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe astu atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh an Iarscríbhinn seo;

(f)

ní dhéanfaidh na Ballstáit ach coigilteas fuinnimh críochúsáide a áireamh ó bhearta beartais in earnálacha nó i suiteálacha a chumhdaítear le Caibidil IVa ghabhann le Treoir 2003/87/CE má eascraíonn siad as cur chun feidhme Airteagal 9 nó 10 den Treoir seo agus a théann thar na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2003/87/CE nó thar chur chun feidhme gníomhaíochtaí a bhaineann le leithdháileadh lamháltas saor in aisce faoin Treoir sin. Taispeánfaidh na Ballstáit gurb é an toradh atá ar na bearta beartais coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh an Iarscríbhinn seo. Má tá eintiteas ina pháirtí faoi oibleagáid faoi scéim náisiúnta um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh faoi Airteagal 9 den Treoir seo agus faoi CTA AE le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar faoi Chaibidil IVa a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, áiritheofar leis an gcóras faireacháin agus fíoraithe go gcuirfear san áireamh an praghas carbóin atá curtha i bhfeidhm nuair a scaoiltear breosla lena dtomhail faoin gCaibidil sin nuair a dhéanfar an coigilteas fuinnimh a bhearta coigilte fuinnimh a ríomh agus a thuairisciú;

(g)

féadfar creidmheas a thabhairt, ar choinníoll go dtabharfar é amháin do choigilteas a théann thar na leibhéil seo a leanas:

(i)

caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí an Aontais le haghaidh gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua tar éis Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme (1); Ní foláir do na Ballstáit cúiseanna, a dtoimhdí agus a modheolaíocht ríofa chun breisíocht le ceanglais nua an Aontais maidir le CO2 feithicle a thaispeáint;

(ii)

ceanglais an Aontais maidir le táirgí áirithe a bhfuil baint acu le fuinneamh a bhaint den mhargadh tar éis na bearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE a chur chun feidhme. Soláthróidh na Ballstáit fianaise, a dtoimhdí agus a modheolaíocht ríofa chun breisíocht a thaispeáint;

(h)

ceadófar beartais a bhfuil mar chuspóir acu leibhéil níos airde éifeachtúlachta fuinnimh a spreagadh do tháirgí, trealamh, córais iompair, feithiclí agus breoslaí, foirgnimh agus eilimintí foirgnimh, próisis nó margaí, cé is moite de bhearta beartais:

(i)

maidir le húsáid dócháin dhírigh teicneolaíochtaí breosla iontaise, a chuirtear chun feidhme go nua ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, agus

(ii)

lena dtugtar fóirdheontas d’úsáid dócháin dhírigh teicneolaíochtaí breosla iontaise i bhfoirgnimh chónaithe ón 1 Eanáir 2026.

(i)

coigilteas fuinnimh a eascraíonn as bearta beartais a chuirtear chun feidhme go nua ón 1 Eanáir 2024 maidir le húsáid dócháin dhírigh breosla iontaise i dtáirgí, trealamh, córais iompair, feithiclí, foirgnimh nó oibreacha, ní áireofar iad faoi chomhair chomhlíonadh na hoibleagáide maidir le coigilteas fuinnimh de bhun Airteagal 8(1)(b). I gcás bearta beartais lena gcuirtear teaglamaí teicneolaíochtaí chun cinn, ní bheidh an sciar den choigilteas fuinnimh a bhaineann leis an teicneolaíocht dócháin breoslaí iontaise incháilithe ón 1 Eanáir 2024.

(j)

de mhaolú ar phointe (i), le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030, ní fhéadfar coigilteas fuinnimh ó theicneolaíochtaí dócháin dhírigh breoslaí iontaise lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh i bhfiontair dhianfhuinnimh in earnáil an tionscail a áireamh mar choigilteas fuinnimh ach amháin chun críocha Airteagal 8(1), pointí (b) agus (c), go dtí an 31 Nollaig 2030, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i)

rinne an fiontar iniúchadh fuinnimh de bhun Airteagal 11(2) agus plean cur chun feidhme ina n-áirítear:

forléargas ar na bearta éifeachtúlachta fuinnimh cost-éifeachtúla uile a bhfuil tréimhse aisíoca 5 bliana nó níos lú acu, ar bhonn modheolaíochtaí simplí íostréimhse aisíoca arna gcur ar fáil ag an mBallstát,

tréimhse ama chun na bearta éifeachtúlachta fuinnimh ar fad a mholtar a chur chun feidhme a mbeidh tréimhse aisíoca 5 bliana nó níos lú ag gabháil leo,

ríomh ar an gcoigilteas fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis mar thoradh ar na bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mholtar agus,

bearta éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí dócháin dhírigh breoslaí iontaise leis an bhfaisnéis ábhartha is gá chun:

a chruthú nach méadaíonn an beart arna shainaithint an méid fuinnimh is gá ná acmhainneacht suiteála,

údar maith a thabhairt nach bhfuil sé indéanta go teicniúil teicneolaíochtaí breosla neamh-iontaise inbhuanaithe a ghlacadh,

a léiriú go gcomhlíonann an teicneolaíocht dócháin dhírigh breoslaí iontaise reachtaíocht chomhfhreagrach is déanaí an Aontais maidir le feidhmíocht astaíochtaí agus cosc a chur ar éifeachtaí gaibhnithe teicneolaíochta trí chomhoiriúnacht amach anseo le breoslaí agus teicneolaíochtaí malartacha neamh-iontaise atá aeráidneodrach a áirithiú.

(ii)

is é atá i gceist le leanúint d’úsáid teicneolaíochtaí dócháin dhírigh na mbreoslaí iontaise beart éifeachtúlachta fuinnimh chun tomhaltas fuinnimh a laghdú le tréimhse aisíoca 5 bliana nó níos lú, ar bhonn modheolaíochtaí simplí tréimhse aisíoca arna soláthar ag an mBallstát, arna moladh mar thoradh ar iniúchadh fuinnimh de bhun Airteagal 11(2) agus a áirítear sa phlean cur chun feidhme;

(iii)

comhlíonann úsáid teicneolaíochtaí dócháin dhírigh breoslaí iontaise reachtaíocht chomhfhreagrach is déanaí an Aontais maidir le feidhmíocht astaíochtaí agus ní thagann éifeachtaí gaibhnithe teicneolaíochta aisti agus áirithíonn sí comhoiriúnacht amach anseo le breoslaí agus teicneolaíochtaí malartacha aeráidneodracha;

(iv)

ní bhíonn méadú ar thomhaltas fuinnimh ná méadú ar acmhainneacht na suiteála san fhiontar mar thoradh ar úsáid teicneolaíochtaí dócháin dhírigh breoslaí iontaise san fhiontar sin;

(v)

cuirtear fianaise ar fáil nach raibh aon réiteach malartach, inbhuanaithe breosla neamh-iontaise indéanta go teicniúil;

(vi)

is é an toradh a bhíonn ar úsáid teicneolaíochtaí dócháin dhírigh na mbreoslaí iontaise díreacha go mbíonn coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasta, arna ríomh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo;

(vii)

foilsítear fianaise ar shuíomh gréasáin nó cuirtear ar fáil go poiblí í do gach saoránach ar spéis leo í;

(k)

bearta lena gcuirtear suiteáil teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite ar mionscála chun cinn ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, ar choinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh ceanglais an Iarscríbhinn seo;

(l)

bearta lena gcuirtear suiteáil teicneolaíochtaí teirmeacha gréine chun cinn, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, ar an gcoinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta. Is féidir an teas a thairgeann teicneolaíochtaí teirmeacha gréine ó radaíocht na gréine a eisiamh óna dtomhaltas fuinnimh críochúsáide;

(m)

i gcás beartais lena gcuirtear dlús le glacadh táirgí agus feithiclí níos éifeachtúla, seachas na beartais a chuirtear chun feidhme go nua ón 1 Eanáir 2024 maidir le húsáid dócháin dhírigh breosla iontaise, féadfar creidmheas iomlán a éileamh, ar choinníoll go dtaispeántar go dtarlóidh an glacadh sin sula rachaidh an saolré mheánach lena bhfuiltear ag súil don táirge nó don fheithicil in éag, nó sula ndéanfaí an táirge nó an fheithicil a ionadú de ghnáth, agus nach n-éileofar an coigilteas ach amháin don tréimhse go dtí deireadh na saolré meánaí lena bhfuiltear ag súil don táirge nó don fheithicil atá le hionadú;

(n)

agus glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh á chur chun cinn acu, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, go ndéanfar caighdeáin cháilíochta do tháirgí, do sheirbhísí agus do shuiteáil beart a chothabháil nó a thabhairt isteach i gcás nach ann do na caighdeáin sin;

(o)

chun éagsúlachtaí aeráide idir réigiúin a chur san áireamh, féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh an coigilteas a oiriúnú do luach caighdeánach nó chun coigilteas fuinnimh éagsúil a thabhairt i gcomhréir le hathruithe teochta idir réigiúin;

(p)

déanfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh saolré na mbeart agus an ráta ag a laghdaítear coigilteas le himeacht ama a chur san áireamh. Leis an ríomh sin, déanfar an coigilteas a bhainfidh gach gníomhaíocht aonair amach le linn na tréimhse óna dáta cur chun feidhme go dtí deireadh gach tréimhse oibleagáide a chomhaireamh. Mar mhalairt air sin, féadfaidh na Ballstáit modh eile a ghlacadh a mheastar go mbainfidh sé amach an méid iomlán céanna de choigilteas ar a laghad. Nuair a bheidh feidhm á baint acu as modh eile, áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh méid iomlán an choigiltis fuinnimh arna ríomh trí fheidhm a bhaint as an modh sin méid an choigiltis fuinnimh a bheadh mar thoradh ar a ríomh agus an coigilteas, a bhainfear amach le gach gníomhaíocht aonair le linn na tréimhse óna dáta cur chun feidhme go dtí 2030, á chomhaireamh acu. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc mhionsonraithe, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a dtugtar fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, ar an modh eile agus ar na forálacha atá déanta chun a áirithiú go gcomhlíontar an ceanglas ceangailteach maidir leis an ríomh.

3.   

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas na bearta beartais arna nglacadh de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 30(14):

(a)

déantar, leis na bearta beartais agus na gníomhaíochtaí aonair, coigilteas fuinnimh críochúsáide atá infhíoraithe;

(b)

déantar freagracht gach páirtí rannpháirtigh, gach páirtí iontaoibhe nó gach údaráis phoiblí cur chun feidhme, de réir mar is ábhartha, a shainiú go soiléir;

(c)

déantar an coigilteas fuinnimh a baineadh amach nó atá le baint amach a chinneadh ar bhealach trédhearcach;

(d)

sloinntear an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoin mbeart beartais nó atá le baint amach aige i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil nó i dtomhaltas fuinnimh deiridh, agus feidhm á baint as na glanluachanna calracha nó na fachtóirí fuinnimh phríomhúil dá dtagraítear in Airteagal 31;

(e)

cuirtear ar fáil tuarascáil bhliantúil maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a bhain na páirtithe iontaoibhe, na páirtithe rannpháirteacha agus na húdaráis phoiblí cur chun feidhme amach agus déantar í, mar aon le sonraí ar threocht bhliantúil an choigiltis fuinnimh, a fhoilsiú go poiblí;

(f)

faireachán a dhéanamh ar na torthaí agus bearta iomchuí a ghlacadh mura bhfuil an dul chun cinn sásúil;

(g)

ní éilíonn níos mó ná aon pháirtí amháin an coigilteas fuinnimh ó ghníomhaíocht aonair;

(h)

taispeántar go raibh gníomhaíochtaí an pháirtí rannpháirtigh, an pháirtí iontaoibhe nó an údaráis phoiblí cur chun feidhme ábhartha maidir le baint amach an choigiltis fuinnimh a éilíodh;

(i)

níl aon éifeacht dhíobhálach ag gníomhaíochtaí an pháirtí rannpháirtigh, an pháirtí iontaoibhe nó an údaráis phoiblí cur chun feidhme ábhartha ar dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta.

4.   

Agus an coigilteas fuinnimh ó bhearta beartais atá bainteach le cánachas a tugadh isteach faoi Airteagal 10 á chinneadh, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)

ní thabharfar creidmheas ach amháin do choigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais a sháraíonn na híosleibhéil chánachais is infheidhme maidir le breoslaí mar a éilítear i dTreoir 2003/96/CE (2) nó 2006/112/CE (3) ón gComhairle;

(b)

le praghasleaisteachais ghearrthréimhseacha chun tionchar na mbeart cánach fuinnimh a ríomh, léireofar freagrúlacht an éilimh fuinnimh d’athruithe praghsanna, agus déanfar iad a mheasúnú ar bhonn foinsí sonraí oifigiúla ionadaíocha, ar sonraí iad atá ann le gairid atá infheidhme maidir leis an mBallstát, agus, i gcás inarb infheidhme, ar bhonn staidéir a ghabhann leo ó institiúid neamhspleách. Má úsáidtear praghasleaisteachas eile seachas praghasleaisteachais ghearrthréimhseacha, míneoidh na Ballstáit an chaoi ar tugadh isteach na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh de bharr cur chun feidhme reachtaíocht eile de chuid an Aontais a áirítear sa bhunlíne a úsáidtear chun an coigilteas fuinnimh a mheas, nó an chaoi ar seachnaíodh comhaireamh dúbailte an choigiltis fuinnimh ó Reachtaíocht eile de chuid an Aontais;

(c)

déanfar an coigilteas fuinnimh ó na hionstraimí beartais cánachais a ghabhann leo, lena n-áirítear dreasachtaí fioscacha nó íocaíocht chuig ciste, a chuntasú ar leithligh;

(d)

ba cheart meastacháin leaisteachais ghearrthréimhsigh a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais chun forluí le dlí an Aontais agus le bearta beartais eile a sheachaint;

(e)

cinnfidh na Ballstáit éifeachtaí dáileacháin cánachais agus éifeachtaí dáileacháin beart coibhéiseach ar dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, agus taispeánfaidh siad éifeachtaí beart maolúcháin a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 24(1), (2) agus (3);

(f)

soláthróidh na Ballstáit fianaise nach mbeidh aon chomhaireamh dúbailte coigiltis fuinnimh, lena n-áirítear modheolaíochtaí ríofa, i gcás ina bhfuil forluí i dtionchar na mbeart fuinnimh nó cánachais carbóin nó trádáil astaíochtaí i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE.

5.   

Fógra faoin modheolaíocht

Tabharfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, fógra don Choimisiún faoin modheolaíocht mhionsonraithe atá molta acu chun na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus na bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 agus Airteagal 30(14) den Treoir seo a fheidhmiú. Ach amháin i gcás cánachais, beidh faisnéis faoi na nithe seo a leanas i bhfógra den sórt sin:

(a)

leibhéal an choigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, nó an coigilteas a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach thar an tréimhse ar fad ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030;

(b)

an chaoi a ríomhfar méid an choigiltis fuinnimh nua a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, nó an chaoi a gcéimneofar an coigilteas fuinnimh a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach thar an tréimhse oibleagáide;

(c)

na páirtithe faoi oibleagáid, na páirtithe rannpháirteacha nó na páirtithe iontaoibhe, nó na húdaráis phoiblí cur chun feidhme;

(d)

sprioc-earnálacha;

(e)

bearta beartais agus gníomhaíochtaí aonair, lena n-áirítear an méid iomlán de choigilteas carnach fuinnimh lena bhfuiltear ag súil le haghaidh gach birt;

(f)

na bearta beartais nó na cláir nó na bearta a mhaoinítear faoi chiste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a chuirtear chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;

(g)

sciar agus méid an choigiltis fuinnimh atá le baint amach i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;

(h)

i gcás inarb infheidhme, na táscairí arna gcur i bhfeidhm, an mheánscair uimhríochtúil agus toradh na mbeart beartais de bhun Airteagal 8(3);

(i)

i gcás inarb infheidhme, tionchair agus éifeachtaí díobhálacha na mbeart beartais a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagal 8(3) maidir le daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;

(j)

fad na tréimhse oibleagáide do na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh;

(k)

i gcás inarb infheidhme, méid an choigiltis fuinnimh nó na spriocanna maidir le laghdú costais atá le baint amach ag páirtithe faoi oibleagáid i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;

(l)

na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear leis an mbeart beartais;

(m)

modheolaíocht an ríomha, lena n-áirítear an chaoi ar cinneadh an bhreisíocht agus an ábharthacht agus cé na modheolaíochtaí agus na tagarmharcanna a úsáidtear le haghaidh coigilteas measta agus coigilteas scálaithe, agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna calracha agus fachtóirí coinbhéartachta;

(n)

saolréanna na mbeart, agus an chaoi a ndéantar iad a ríomh nó cad air a bhfuil siad bunaithe;

(o)

an cur chuige a ghlactar chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí aeráide laistigh den Bhallstát;

(p)

na córais faireacháin agus fíoraithe le haghaidh bearta faoi Airteagail 9 agus 10 agus an chaoi a ndéantar a neamhspleáchas ó na páirtithe faoi oibleagáid, ó na páirtithe rannpháirteacha nó ó na páirtithe iontaoibhe a áirithiú;

(q)

i gcás cánachais:

(i)

sprioc-earnálacha agus sciar na gcáiníocóirí;

(ii)

an t-údarás poiblí cur chun feidhme;

(iii)

an coigilteas a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach;

(iv)

an fad a mhairfidh an beart cánachais;

(v)

an mhodheolaíocht ríofa, lena n-áirítear na praghasleaisteachais a úsáidtear agus an chaoi ar bunaíodh iad agus

(vi)

an chaoi ar seachnaíodh forluí le CTA AE i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE agus ar cuireadh deireadh leis an riosca maidir le háireamh dúbailte.


(1)  Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(2)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

(3)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN VI

NA CRITÉIR ÍOSTA LE hAGHAIDH INIÚCHTAÍ FUINNIMH LENA nÁIRÍTEAR NA hINIÚCHTAÍ FUINNIMH A DHÉANTAR MAR CHUID DE CHÓRAIS BAINISTÍOCHTA FUINNIMH

Maidir leis na hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 11:

(a)

beidh siad bunaithe ar shonraí oibríochtúla atá cothrom le dáta, tomhaiste, inrianaithe maidir le tomhaltas fuinnimh agus lódphróifílí (le haghaidh leictreachais);

(b)

beidh siad comhdhéanta d’athbhreithniú mionsonraithe ar phróifíl tomhaltais fuinnimh foirgneamh nó grúpaí foirgneamh, oibríochtaí tionsclaíochta nó suiteálacha, lena n-áirítear in earnáil an iompair;

(c)

sainaithneofar leo bearta éifeachtúlachta fuinnimh chun ídiú fuinnimh a laghdú;

(d)

sainaithneofar leo an acmhainneacht atá le húsáid chostéifeachtach nó táirgeadh costéifeachtach fuinnimh in-athnuaite;

(e)

tógfar, nuair is féidir, ar anailís costais saolré seachas ar thréimhsí aisíoca simplí chun an coigilteas fadtéarmach, luachanna iarmharacha infheistíochtaí fadtéarmacha agus rátaí lascaine a chur san áireamh;

(f)

beidh siad comhréireach, agus sách ionadaíoch ionas gur féidir léargas iontaofa na feidhmíochta fuinnimh foriomláine a tharraingt agus na deiseanna feabhais is suntasaí a shainaithint go hiontaofa.

Le hiniúchtaí fuinnimh, ceadófar ríomhanna mionsonraithe agus bailíochtaithe le haghaidh na mbeart atá beartaithe chun faisnéis shoiléir maidir leis an gcoigilteas a d’fhéadfadh a bheith ann a chur ar fáil.

Beifear in ann na sonraí a úsáidfear in iniúchtaí fuinnimh a stóráil le haghaidh anailís stairiúil agus feidhmíocht rianaithe.


IARSCRÍBHINN VII

NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR FHEIDHMÍOCHT FUINNIMH LÁRIONAD SONRAÍ AGUS MAIDIR LEIS AN bhFEIDHMÍOCHT SIN A FHOILSIÚ

Déanfar faireachán ar an bhfaisnéis íosta seo a leanas agus foilseofar í a mhéid a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh lárionad sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12:

(a)

ainm an lárionaid sonraí, ainm úinéir agus oibreoirí an lárionaid sonraí, an dáta ar cuireadh tús leis na hoibríochtaí sa lárionad sonraí agus an bardas ina bhfuil an lárionad sonraí lonnaithe;

(b)

achar urláir an lárionaid sonraí, an chumhacht suiteáilte, an trácht bliantúil sonraí isteach agus amach, agus méid na sonraí a stóráiltear agus a phróiseáiltear laistigh den lárionad sonraí;

(c)

feidhmíocht an lárionaid sonraí, le linn na bliana iomláine féilire deiridh, i gcomhréir le príomhtháscairí feidhmíochta maidir le, inter alia, tomhaltas fuinnimh, úsáid cumhachta, pointí socraithe teochta, úsáid dramhtheasa, úsáid uisce agus úsáid fuinnimh in-athnuaite, agus úsáid á baint mar bhonn, i gcás inarb infheidhme, as CEN/CENELEC EN 50600-4 ‘Teicneolaíocht faisnéise - saoráidí agus bonneagair lárionaid sonraí’, go dtí go dtiocfaidh an gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 33(3) i bhfeidhm.


IARSCRÍBHINN VIII

NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE BILLEÁIL AGUS MAIDIR LE FAISNÉIS BHILLEÁLA BUNAITHE AR THOMHALTAS IARBHÍR GÁIS NÁDÚRTHA

1.   Na ceanglais íosta maidir le billeáil

1.1.   An bhilleáil bunaithe ar thomhaltas iarbhír

Chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí deiridh a dtomhaltas fuinnimh féin a rialú, ba cheart billeáil a dhéanamh ar bhonn an tomhaltais iarbhír uair sa bhliain ar a laghad, agus ba cheart faisnéis bhilleála a chur ar fáil ar bhonn ráithiúil ar a laghad, arna iarraidh sin nó i gcás inár roghnaigh tomhaltóirí billeáil leictreonach a fháil nó seachas sin faoi dhó sa bhliain. Is féidir gás nach n-úsáidtear ach chun críche cócaireachta amháin a dhíolmhú ón gceanglas sin.

1.2.   An fhaisnéis íosta atá sa bhille

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil do na custaiméirí deiridh i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe ina mbillí, ina gconarthaí, ina n-idirbhearta, agus ina bhfáltais ag stáisiúin dáileacháin nó lena mbillí, lena gconarthaí, lena n-idirbhearta, agus lena bhfáltais ag stáisiúin dáileacháin:

(a)

praghsanna iarbhír reatha agus tomhaltas iarbhír fuinnimh;

(b)

comparáidí idir tomhaltas fuinnimh reatha an chustaiméara deiridh agus tomhaltas na tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin, i bhfoirm ghrafach más féidir;

(c)

faisnéis teagmhála d’eagraíochtaí úsáideoirí deiridh, gníomhaireachtaí fuinnimh nó comhlachtaí comhchosúla, lena n-áirítear seoltaí gréasáin, óna bhféadfar faisnéis a fháil faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá le fáil, faoi phróifílí comparáideacha úsáideoirí deiridh agus faoi shonraíochtaí teicniúla oibiachtúla do threalamh a úsáideann fuinneamh.

Sa bhreis air sin, i gcás inar féidir agus ina bhfuil sin úsáideach, áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar comparáidí le meánchustaiméir normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna do na custaiméirí deiridh i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe ina mbillí, ina gconarthaí, ina n-idirbhearta, agus ina n-admhálacha ag stáisiúin dáileacháin nó déanfar na comparáidí sin a chur leo nó comhartha ina leith sin a chur iontu.

1.3.   Comhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a ghabhann le billí agus aiseolas eile do na custaiméirí deiridh

Agus conarthaí agus athruithe ar chonarthaí á seoladh, agus i mbillí a fhaigheann custaiméirí nó trí shuíomhanna gréasáin lena dtugtar aghaidh ar chustaiméirí aonair, cuirfidh dáileoirí fuinnimh, oibreoirí córas dáileacháin agus cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola a gcustaiméirí ar an eolas ar bhealach soiléir agus intuigthe maidir le faisnéis teagmhála le haghaidh aonaid comhairle tomhaltóirí aonair, gníomhaireachtaí fuinnimh nó institiúidí comhchosúla, lena n-áirítear a seoltaí idirlíne, áit ar féidir leo comhairle faoi bhearta éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil a fháil, próifílí tagarmhairc dá dtomhaltas fuinnimh agus sonraíochtaí teicniúla fearas a úsáideann fuinneamh lenar féidir tomhaltas na bhfearas sin a laghdú.


IARSCRÍBHINN IX

NA CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE FAISNÉIS BHILLEÁLA AGUS TOMHALTAIS I gCÁS TÉIMH, FUARAITHE AGUS UISCE TE TÍ

1.   An bhilleáil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa

Chun é a chur ar a gcumas do na húsáideoirí deiridh a dtomhaltas fuinnimh féin a rialú, déanfar an bhilleáil ar bhonn tomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa uair sa bhliain ar a laghad.

2.   Minicíocht íosta na faisnéise billeála nó tomhaltais

Go dtí an 31 Nollaig 2021, i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó tomhaltais bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh ar a laghad ar bhonn ráithiúil arna iarraidh sin nó i gcás inar roghnaigh na custaiméirí deiridh billeáil leictreonach a fháil, nó faoi dhó sa bhliain murach sin.

Ón 1 Eanáir 2022, i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó tomhaltais bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh ar bhonn míosúil ar a laghad. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil tríd an idirlíon freisin agus í a thabhairt chun dáta a mhinice is incheadaithe leis na feistí agus na córais tomhais a úsáidtear. Féadfar téamh agus fuarú a dhíolmhú ón gceanglas sin lasmuigh de na séasúir téimh nó fuaraithe.

3.   An fhaisnéis íosta a bheidh sa bhille

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ar fáil an fhaisnéis seo a leanas do na húsáideoirí deiridh i dtéarmaí soiléire sothuigthe ina mbillí nó lena mbillí i gcás ina bhfuil siad bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa:

(a)

praghsanna iarbhír reatha agus tomhaltas iarbhír fuinnimh nó costas teasa iomlán agus léamha leithdháileoirí costais teasa;

(b)

an meascán breosla a úsáidtear agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa bliantúla gaolmhara, lena n-áirítear d'úsáideoirí deiridh arna soláthar ag téamh ceantair nó fuarú ceantair, agus cur síos ar na cánacha, tobhaigh agus taraifí éagsúla a cuireadh i bhfeidhm;

(c)

comparáidí de thomhaltas fuinnimh reatha na n-úsáideoirí deiridh le tomhaltas don tréimhse chéanna sa bhliain roimhe, i bhfoirm ghrafaic agus arna gceartú ó thaobh na haeráide de le haghaidh téimh agus fuaraithe;

(d)

faisnéis teagmhála d'eagraíochtaí úsáideoirí deiridh, gníomhaireachtaí fuinnimh nó comhlachtaí comhchosúla, lena n-áirítear seoltaí gréasáin, óna bhféadfar faisnéis a fháil faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá le fáil, faoi phróifílí comparáideacha úsáideoirí deiridh agus faoi shonraíochtaí teicniúla oibiachtúla do threalamh a úsáideann fuinneamh;

(e)

faisnéis faoi nósanna imeachta gaolmhara gearáin, seirbhísí ombudsman nó sásraí um réiteach malartach díospóidí, de réir mar is infheidhme sna Ballstáit;

(f)

comparáidí le meán-úsáideoir deiridh normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna. I gcás billí leictreonacha, féadfar, de rogha air sin, na comparáidí sin a chur ar fáil ar líne agus a bheith marcáilte sna billí.

An ceanglas maidir le faisnéis faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur ar fáil de bhun phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit raon feidhme an cheanglais sin a theorannú chun nach n-áireofar ach soláthairtí ó chórais téimh ceantair ar mó a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 20 MW.

I gcás billí nach bhfuil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais, beidh míniú soiléir sothuigthe iontu ar conas a ríomhadh an méid a leagtar amach sa bhille, agus ar a laghad, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e).


IARSCRÍBHINN X

ACMHAINNEACHT MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT I dTÉAMH AGUS I bhFUARÚ

Áireofar sa mheasúnú cuimsitheach ar an acmhainneacht náisiúnta téimh agus fuaraithe dá dtagraítear in Airteagal 25(1) na nithe seo a leanas agus beidh sé bunaithe orthu sin:

Cuid I

FORBHREATHNÚ AR THÉAMH AGUS AR FHUARÚ

1.

éileamh ar théamh agus ar fhuarú i dtéarmaí fuinneamh úsáideach a ndéantar measúnú air (1) agus tomhaltas deiridh cainníochtaithe fuinnimh in GWh in aghaidh na bliana (2) de réir na hearnála seo a leanas:

(a)

an earnáil chónaithe;

(b)

an earnáil seirbhísí;

(c)

earnáil na tionsclaíochta;

(d)

aon earnáil eile a tomhlaíonn níos mó ná 5 % den éileamh iomlán náisiúnta úsáideach téimh agus fuaraithe;

2.

sainaithint, nó i gcás phointe (a)(i), sainaithint nó meastachán an tsoláthair téimh agus fuaraithe atá ann faoi láthair:

(a)

trí theicneolaíocht, in GWh in aghaidh na bliana (3), laistigh de na hearnálacha dá dtagraítear i bpointe 1, i gcás inar féidir, agus idirdhealú á dhéanamh idir an fuinneamh a fhaightear ó fhoinsí iontaise agus ó fhoinsí in-athnuaite:

(i)

arna soláthar ar an láthair i suíomhanna cónaithe agus seirbhíse trí bhíthin na nithe seo a leanas:

coirí a ghineann teas agus sin amháin;

comhghiniúint ardéifeachtach teasa agus cumhachta;

teaschaidéil;

teicneolaíochtaí agus foinsí eile ar an láthair;

(ii)

arna soláthar ar an láthair i suíomhanna neamhsheirbhíse agus neamhchónaithe trí bhíthin na nithe seo a leanas:

coirí a ghineann teas agus sin amháin;

comhghiniúint ardéifeachtach teasa agus cumhachta;

teaschaidéil;

teicneolaíochtaí agus foinsí eile ar an láthair;

(iii)

arna soláthar lasmuigh den láthair trí bhíthin na nithe seo a leanas:

comhghiniúint ardéifeachtach teasa agus cumhachta;

dramhtheas;

teicneolaíochtaí agus foinsí eile lasmuigh den láthair;

(b)

suiteálacha a ghineann dramhtheas nó dramhfhuacht agus an soláthar téimh nó fuaraithe a d’fhéadfadh a bheith acu in GWh in aghaidh na bliana a shainaithint:

(i)

suiteálacha giniúna cumhachta teirmí lenar féidir dramhtheas a sholáthar nó is féidir a iarfheistiú chun dramhtheas a sholáthar agus a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 50 MW;

(ii)

suiteálacha comhghiniúna teasa agus cumhachta a úsáideann teicneolaíochtaí dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn II agus a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 20 MW;

(iii)

gléasraí loiscthe dramhaíola;

(iv)

suiteálacha fuinnimh in-athnuaite a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 20 MW seachas na suiteálacha a shonraítear faoi phointí (i) agus (ii) a ghineann téamh nó fuarú trí fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a úsáid;

(v)

suiteálacha tionsclaíocha a bhfuil ionchur teirmeach iomlán acu ar mó é ná 20 MW agus ar féidir dramhtheas a sholáthar leo;

(c)

sciar tuairiscithe an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas nó ó dhramhfhuacht sa thomhaltas fuinnimh deiridh san earnáil téimh agus fuaraithe ceantair (4) le 5 bliana anuas, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001;

3.

sonraí comhiomlánaithe maidir le haonaid chomhghiniúna i líonraí téimh agus fuaraithe ceantair atá ann cheana i gcúig raon acmhainneachta lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:

(a)

tomhaltas fuinnimh phríomhúil;

(b)

éifeachtúlacht fhoriomlán;

(c)

coigilteas fuinnimh phríomhúil;

(d)

fachtóirí astaíochta CO2;

4.

sonraí comhiomlánaithe maidir le líonraí téimh agus fuaraithe ceantair atá ann cheana agus a sholáthraítear ó chomhghiniúint i gcúig raon acmhainneachta lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:

(a)

tomhaltas fuinnimh phríomhúil foriomlán;

(b)

tomhaltas fuinnimh phríomhúil aonad comhghiniúna;

(c)

sciar na comhghiniúna i soláthar téimh nó fuaraithe ceantair;

(d)

caillteanais an chórais téimh ceantair;

(e)

caillteanais an chórais fuaraithe ceantair;

(f)

dlús nasctha;

(g)

sciartha na gcóras in aghaidh grúpaí teochta oibriúcháin éagsúla;

5.

léarscáil lena gcumhdaítear an chríoch náisiúnta iomlán lena sainaithnítear na nithe seo a leanas, agus an fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de á caomhnú san am céanna:

(a)

réimsí éilimh téimh agus fuaraithe a eascraíonn as an anailís ar phointe 1, agus critéir chomhsheasmhacha á n-úsáid chun díriú ar cheantair dhlúthfhuinnimh i mbardais agus i gceirtleáin uirbeacha;

(b)

pointí soláthair téimh agus fuaraithe atá ann cheana a shainaithnítear faoi phointe 2(b) agus suiteálacha tarchuir téimh ceantair;

(c)

pointí soláthair téimh agus fuaraithe beartaithe den chineál a dtugtar tuairisc air faoi phointe 2(b) agus limistéir nua sainaitheanta le haghaidh an téimh agus fuaraithe ceantair;

6.

réamhaisnéis ar threochtaí maidir leis an éileamh ar théamh agus ar fhuarú chun peirspictíocht na 30 bliana atá amach romhainn in GWh a choinneáil ar bun agus aird á tabhairt go háirithe ar réamh-mheastacháin do na 10 mbliana atá amach romhainn, an t-athrú ar an éileamh i bhfoirgnimh agus in earnálacha difriúla den tionscal, agus tionchar na mbeartas agus na straitéisí a bhaineann le bainistiú éilimh, amhail straitéisí athchóirithe fadtéarmacha i bhfoirgnimh faoi Threoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

Cuid II

CUSPÓIRÍ, STRAITÉISÍ AGUS BEARTA BEARTAIS

7.

rannchuidiú beartaithe an Bhallstáit maidir lena chuspóirí náisiúnta, lena spriocanna náisiúnta agus lena rannchuidithe náisiúnta a bhaineann leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh, mar a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1999, a bhainfear amach trí éifeachtúlacht i dtéamh agus i bhfuarú, go háirithe a bhaineann le hAirteagal 4, pointe (b), pointí 1 go 4 agus le hAirteagal 15(4), pointe (b), den Rialachán sin, lena sainaithnítear cé acu de na heilimintí sin atá sa bhreis i gcomparáid leis an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin;

8.

forbhreathnú ginearálta ar na beartais agus na bearta atá ann cheana mar a thuairiscítear iad sa tuarascáil is déanaí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagail 3, 20 agus 21 agus Airteagal 27(a) de Rialachán (AE) 2018/1999;

Cuid III

ANAILÍS AR AN ACMHAINNEACHT EACNAMAÍOCH MAIDIR LE hÉIFEACHTÚLACHT I dTÉAMH AGUS I bhFUARÚ

9.

déanfar anailís ar acmhainneacht eacnamaíoch (6) teicneolaíochtaí difriúla téimh agus fuaraithe don chríoch náisiúnta iomlán trí úsáid a bhaint as an anailís costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus sainaithneofar inti cásanna malartacha le haghaidh teicneolaíochtaí téimh agus fuaraithe níos éifeachtúla agus in-athnuaite, agus idirdhealú á dhéanamh idir an fuinneamh a fhaightear ó fhoinsí iontaise agus ó fhoinsí in-athnuaite i gcás inarb infheidhme.

Ba cheart na teicneolaíochtaí seo a leanas a mheas:

(a)

dramhtheas tionsclaíoch agus dramhfhuacht thionsclaíoch;

(b)

loscadh dramhaíola;

(c)

comhghiniúint ardéifeachtach;

(d)

foinsí in-athnuaite fuinnimh amhail fuinneamh geoiteirmeach, grianfhuinneamh teirmeach agus bithmhais seachas iad sin a úsáidtear le haghaidh comhghiniúint ardéifeachtach;

(e)

teaschaidéil;

(f)

caillteanais teasa agus fuachta ó líonraí ceantair atá ann cheana a laghdú;

(g)

téamh agus fuarú ceantair;

10.

áireofar san anailís ar acmhainneacht eacnamaíoch na céimeanna agus na breithnithe seo a leanas:

(a)

Breithnithe:

(i)

áireofar san anailís costais is tairbhe chun críocha Airteagal 25(3) anailís eacnamaíoch ina gcuirtear tosca socheacnamaíocha agus comhshaoil (7) san áireamh, agus anailís airgeadais a dhéanfar chun tionscadail a mheasúnú ó thaobh na n-infheisteoirí de, anailísí eacnamaíocha agus airgeadais araon agus úsáid á baint as an nglanluach reatha mar chritéar don mheasúnú;

(ii)

ba cheart an cás bunlíne a bheith mar phointe tagartha agus beartais atá ann cheana tráth a dtiomsaítear an measúnú cuimsitheach (8) sin a chur san áireamh ann, agus ba cheart é a bheith nasctha le sonraí arna mbailiú faoi Chuid I agus Chuid II, pointe 6, den Iarscríbhinn seo;

(iii)

le cásanna malartacha ar an mbonnlíne, cuirfear san áireamh éifeachtúlacht fuinnimh agus cuspóirí an fhuinnimh in-athnuaite i Rialachán (AE) 2018/1999, i ngach cás ina léirítear na heilimintí seo a leanas i gcomparáid leis an gcás bunlíne: