EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document EESC-2023-00572-AC

Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - An tidirphlé sóisialta a neartú

EESC-2023-00572-AC

TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An t‑idirphlé sóisialta a neartú

_____________

Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú
san Aontas Eorpach

[COM(2023) 38 final – 2023/0012 (NLE)]

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún
An t
‑idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach: leas a bhaint as a chumas iomlán chun aistrithe córa a bhainistiú

[COM(2023) 40 final]

SOC/764

Rapóirtéir: Pekka RISTELÄ

Comhrapóirtéir: Mariya MINCHEVA

GA

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 08/03/2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

03/04/2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27/04/2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

177/54/17

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Is díol sásaimh do CESE an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (‘an Teachtaireacht’) agus an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (‘an Moladh’).

1.2Tá ról ríthábhachtach ag an idirphlé sóisialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach chun beartais eacnamaíocha, saothair, agus shóisialta a mhúnlú, beartais lena spreagfar cóineasú aníos na ndálaí maireachtála agus na ndálaí oibre fud fad na mBallstát. Tá CESE go hiomlán ar aon fhocal leis an tuairim go bhféadfadh an t‑idirphlé sóisialta a bheith ina uirlis thairbheach chun an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, an t‑iomaíochas, agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a thiomáint chun cinn.

1.3Níor cheart talamh slán a dhéanamh de, mar sin féin, go mbeadh torthaí dearfacha ag an idirphlé sóisialta, óir tá i bhfad níos mó i gceist leis ná díreach ionstraim a chuirtear chun feidhme agus sin a bhfuil de. Ba cheart don Choimisiún breathnú ar na múnlaí rathúla náisiúnta, réigiúnacha agus earnála le fáil amach cén fáth a bhfuil ag éirí go maith leo.

1.4Aontaíonn CESE leis an Teachtaireacht gur gá níos mó a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chun tacú leis an gcumhdach cómhargála. Ar an ábhar sin, cé go liostaítear gnéithe tábhachtacha sa Mholadh chun feabhas a chur ar an gcumhdach sin, tá pointe an‑ábhartha ar fad a rinneadh sa Teachtaireacht fágtha ar lár ann, eadhon a thábhachtaí atá comhaontuithe comhchoiteanna earnála.

1.5Is díol sásaimh do CESE gurb é is aidhm don Mholadh an t‑idirphlé sóisialta trípháirteach ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon a fheabhsú, agus é ar an eolas nach bhfuil i gceist le gné thrípháirteach an idirphlé shóisialta i roinnt Ballstát ach foirmiúlacht, seachas gné fhóinteach. Creideann CESE go bhféadfadh sé go rachfaí i mbun comhairliúcháin éifeachtacha ardcháilíochta leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta ach creat éifeachtach comhchoiteann maidir le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta a bhunú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit chomh maith toradh na gcomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta a cheangal leis na pleananna náisiúnta le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí. I gcás nach bhfuil aon rannpháirtíocht fhóinteach ann, ba cheart don Choimisiún dul i mbun gnímh.

1.6Is ábhar imní do CESE nach léir conas a dhéantar comhaontuithe comhpháirtithe sóisialta a chur chun feidhme ar bhonn treoracha ón gComhairle. Mura mbeidh soiléireacht, trédhearcacht, agus intuarthacht ann ó thaobh dhiscréid leathan an Choimisiúin Eorpaigh de i dtaobh na gcúrsaí sin, is dócha go mbeidh iarmhairt neamhbheartaithe ann, is é sin go gcuirfí as do na comhpháirtithe sóisialta na cineálacha comhaontuithe sin a chaibidliú. Tá sé á iarraidh an athuair ag CESE go ndéanfaidh an Coimisiún an tsaincheist sin a phlé leis na comhpháirtithe sóisialta.

1.7Mar a sonraíodh sa Mholadh, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t‑idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar. Ba cheart an t‑idirdhealú sin a dhéanamh freisin maidir leis an tacaíocht fothaithe acmhainneachta a thugtar do na comhpháirtithe sóisialta agus an tacaíocht chéanna a thugtar don tsochaí shibhialta i gcoitinne.

2.Barúlacha ginearálta

2.1Is díol sásaimh do CESE an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (‘an Teachtaireacht’) agus an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (‘an Moladh’).

2.2Mar a tugadh ar aird i dtuairim SOC/644 ó CESE 1 , tá ról ríthábhachtach ag an idirphlé sóisialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach chun beartais eacnamaíocha, saothair, agus shóisialta a mhúnlú, beartais lena spreagfar cóineasú aníos na ndálaí maireachtála agus na ndálaí oibre fud fad na mBallstát, agus freisin chun freagairt do na dúshláin atá roimh an Eoraip i saol na hoibre.

2.3Mar a aithníodh sa Teachtaireacht, is ag na comhpháirtithe sóisialta atá scoth an eolais agus na taithí maidir le cúrsaí fostaíochta agus sóisialta ‘ar an láthair’. Ach cluas a thabhairt don saineolas sin atá acu, d’fhéadfaí an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir leasanna oibrithe agus leasanna fostóirí agus d’fhéadfaí beartais agus reachtaíocht níos inghlactha agus níos éifeachtaí a chur ar bun. Chomh maith leis sin, tá sé á chur in iúl ag an gCoimisiún, mar is ceart, go bhfuil ról uathúil ag na comhpháirtithe sin i gcomparáid le geallsealbhóirí eile.

2.4Mar a sonraíodh sa Mholadh, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t‑idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar.

2.5Thug CESE le fios roimhe seo 2 gurb é ceann de phríomhfheidhmeanna an idirphlé shóisialta, go háirithe gné na cómhargála de, rannchuidiú leis an timpeallacht ghnó a mhúnlú agus na hathruithe sa saol oibre a bhainistiú trí fhaisnéis agus eolas roimh ré a thabhairt agus rannpháirtíocht agus éascaíocht a áirithiú chun iontaoibh fhrithpháirteach a chothú idir na comhpháirtithe sóisialta ar gach leibhéal.

2.6Tá CESE go hiomlán ar aon fhocal leis an tuairim go bhféadfadh an t‑idirphlé sóisialta a bheith ina uirlis thairbheach chun an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, an t‑iomaíochas, agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a thiomáint chun cinn. Mar sin féin, níor cheart talamh slán a dhéanamh de go mbeadh torthaí dearfacha ag an idirphlé sóisialta, óir tá i bhfad níos mó i gceist leis ná díreach ionstraim a chuirtear chun feidhme agus sin a bhfuil de. Ba cheart don Choimisiún breathnú ar na múnlaí rathúla náisiúnta, réigiúnacha agus earnála lena dhéanamh amach cén fáth a bhfuil ag éirí go maith leo. D’fhéadfaí feabhas a chur ar chúrsaí sna tíortha sin inar lag an t‑idirphlé sóisialta freisin ach comhroinnt eolais agus athbhreithniú piaraí a bheith ann idir na Ballstáit.

2.7Má táthar chun tacú níos mó leis na comhpháirtithe sóisialta páirt a ghlacadh san idirphlé sóisialta, feabhas a chur ar an gcumhdach cómhargála, agus comhaontuithe idirphlé shóisialta a chur chun feidhme, bídís sin ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, tá sé tábhachtach rochtain a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta sin sna tíortha inar lag an t‑idirphlé sóisialta ar thacaíocht bhreise fothaithe acmhainneachta. Baineann sé sin go háirithe le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+). Ina leith sin, tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir tacaíocht fothaithe acmhainneachta do chomhpháirtithe sóisialta agus an tacaíocht chéanna don tsochaí shibhialta i gcoitinne. Ba cheart an t‑idirdhealú sin a thabhairt isteach i Rialachán CSE+ agus i Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh na chéad tréimhse airgeadais eile. Ag an am céanna, ba cheart teacht ar réitigh airgeadais níos fearr d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna).

2.8Faoi mar a d’aithin an Coimisiún Eorpach, bhí tionchar nach beag ag an idirphlé sóisialta ar dhearadh agus ar chur chun feidhme na mbeartas lenar cuireadh srian le tionchair na paindéime i saol na hoibre. Tá ról tábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta chomh maith maidir le dul i ngleic le tionchair fhorleathana fhogha na Rúise faoin Úcráin trína chur ar chumas daoine easáitithe ón Úcráin, mar aon le dídeanaithe agus imircigh eile, iad féin a lánpháirtiú sa mhargadh saothair. Tá ról ríthábhachtach eile ag na comhpháirtithe sóisialta: réitigh inbhuanaithe a aimsiú le tuarastail agus comhaontuithe comhchoiteanna a choigeartú chun freagairt do ghéarchéim na gcostas maireachtála agus do na leibhéil arda bhoilscithe.

2.9Tá sé aitheanta ag CESE 3 gur gá an méid seo a leanas a áireamh ar an idirphlé sóisialta má tá sé chun bheith éifeachtach:

·comhpháirtithe sóisialta ionadaíocha dlisteanacha, ar féidir leo a bheith rannpháirteach toisc iad a bheith eolach, cumasach ó thaobh na teicneolaíochta de, agus in ann faisnéis ábhartha a rochtain in am trátha;

·an toil pholaitiúil agus an tiomantas chun páirt a ghlacadh san idirphlé sóisialta;

·urraim do shainchearta bunúsacha agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, don tsaoirse comhlachais, agus don cheart chun cómhargála, i dteannta creat dlíthiúil agus institiúideach cumasúcháin chun tacú le próisis idirphlé shóisialta le hinstitiúidí dea‑fheidhmiúla.

Is mór ag CESE go bhfuil na gnéithe sin ar fad san áireamh sa tionscnamh seo ón gCoimisiún.

2.10Ag an am céanna, tá samplaí ann go fóill d’áiteanna ar fud an Aontais inar lag an t‑idirphlé sóisialta agus ina bhfuil timpeallacht dhiúltach ina leith. Uaireanta, ní bhíonn solúbthacht sa chreat dlíthiúil sa chaoi nach mbíonn na comhpháirtithe sóisialta in ann dul i mbun caibidlíochta. Fágann sé sin gur laige seasamh na gcomhpháirtithe sóisialta agus nach mbíonn sé ar a gcumas, chomh maith céanna, dul i mbun cómhargála agus baill nua a mhealladh. Sna Ballstáit nach bhfuil traidisiúin sheanbhunaithe iontu go fóill, tá ríthábhacht le critéir oibiachtúla atá oscailte, trédhearcach, agus réamhbhunaithe, cinn nach mbaineann ualach iomarcach riaracháin leo agus a comhaontaíodh le heagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta, ar mhaithe le hionadaíochas na n‑eagraíochtaí sin a chinneadh. Mar sin féin, tá réimse fada fairsing cleachtas náisiúnta ann cheana féin nach mór a urramú, lena n‑áirítear aitheantas frithpháirteach idir eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta.

2.11Aontaíonn CESE leis an Teachtaireacht gur gá níos mó a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chun tacú leis an gcumhdach cómhargála 4 . I ndáil leis sin, is díol sásaimh dó go ndéantar tagairt sa Teachtaireacht do bhealaí éagsúla leis an méid sin a bhaint amach, mar shampla: bacainní institiúideacha nó dlíthiúla ar an idirphlé sóisialta agus ar an gcómhargáil lena gcumhdaítear cineálacha nua oibre nó fostaíochta neamhthipiciúla a bhaint; a áirithiú go mbeidh an tsaoirse ag na páirtithe caibidlíochta a chinneadh cé na saincheisteanna a phléifear; a áirithiú go gcomhaontóidh na comhpháirtithe sóisialta na cásanna ina bhféadfaí imeacht óna bhfuil sna comhaontuithe cómhargála agus go mbeidh srian leis na cásanna sin ó thaobh na gcoinníollacha a bhaineann leo; córas forfheidhmithe comhaontuithe comhchoiteanna a áirithiú agus a chur chun feidhme.

2.12Cé go liostaítear an méid sin sa Mholadh mar ghnéithe tábhachtacha chun an cumhdach cómhargála a fheabhsú, fágtar pointe an‑ábhartha ar fad a rinneadh sa Teachtaireacht ar lár sa Mholadh, eadhon an tábhacht a bhaineann le comhaontuithe comhchoiteanna earnála. Mar a tugadh faoi deara sa Teachtaireacht, tá cumhdach cómhargála ard (os cionn 50 %) sna tíortha sin a bhfuil cineál éigin margála earnála iontu, agus sna tíortha sin amháin. Aithnítear é sin freisin sa Treoir a foilsíodh le déanaí maidir le pá íosta leordhóthanach (2022/2041). De réir na Treorach sin, cuirfidh na Ballstáit chun cinn forbairt agus neartú inniúlacht na gcomhpháirtithe sóisialta chun dul i mbun cómhargáil maidir le socrú pá, go háirithe ar leibhéal na hearnála agus ar an leibhéal trastionscail.

2.13San am céanna, tá sé tábhachtach cineál deonach na cómhargála a chaomhnú agus an timpeallacht cheart a chruthú chun go mbeidh an próiseas tarraingteach agus tairbheach don dá thaobh. Caithfidh an próiseas a bheith chomh cuimsitheach agus is féidir. Ba cheart córais éifeachtacha um réiteach díospóidí a bheith i bhfeidhm freisin. Ba cheart sásraí chun faireachán a dhéanamh ar chumhdach comhaontuithe comhchoiteanna a fhorbairt sna Ballstáit le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta.

2.14Is díol sásaimh do CESE gurb é is aidhm don Mholadh an t‑idirphlé sóisialta trípháirteach ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta a fheabhsú. Tagraítear ann, i measc nithe eile, dá thábhachtaí atá sé a ndóthain ama a bheith ann le haghaidh comhairliúcháin sa phróiseas ceaptha beartas, creataí institiúideacha leordhóthanacha a áirithiú, agus rochtain a áirithiú ar an bhfaisnéis is gá chun páirt a ghlacadh san idirphlé sóisialta.

2.15I roinnt Ballstát, níl i gceist le gné thrípháirteach an idirphlé shóisialta ach foirmiúlacht, seachas gné fhóinteach. Tríd an Moladh a chur chun feidhme mar is ceart agus faireachán leordhóthanach a dhéanamh air, d’fhéadfadh sé a bheith ina chéim thábhachtach chun tosaigh chun an ghné sin a fheabhsú. Baineann tábhacht ar leith le hidirphlé trípháirteach ar an leibhéal Eorpach a chothú go háirithe maidir le réimse na fostaíochta agus na cosanta sóisialta. D’fhéadfaí an t‑idirphlé trípháirteach sin a chothú, cuir i gcás, trí choistí comhairleacha trípháirteacha a bhunú i ndáil leis na saincheisteanna sin, tar éis machnamh cuí a dhéanamh.

2.16Mar shampla, mhol CESE i roinnt tuairimí dá chuid roimhe seo go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ar bhonn cuí i ndearadh agus i gcur chun feidhme pleananna téarnaimh náisiúnta, agus go mbeadh comhar níos fearr idir na comhpháirtithe sóisialta agus an Coimisiún Eorpach d’fhonn úsáid chomhsheasmhach acmhainní Eorpacha a áirithiú 5 . Ba cheart a áirithiú freisin go mbeadh eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta rannpháirteach ar bhonn níos fearr.

2.17Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún go bhfuil comhaontuithe maidir leis an idirphlé sóisialta Eorpach i measc na dtorthaí is tábhachtaí dá bhféadfaí a bhaint amach as idirphlé sóisialta an Aontais. Tugann CESE dá aire freisin iarraidh an Choimisiúin go ndéanfaidh comhpháirtithe sóisialta Eorpacha tuilleadh comhaontuithe comhpháirtithe sóisialta a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, agus béim á leagan aige air gurb iad na comhpháirtithe sóisialta féin a chinnfidh caibidlíocht a dhéanamh nó gan caibidlíocht a dhéanamh, agus, i gcás caibidlíochta, cé na saincheisteanna atá ábhartha. Is gné bhunúsach dá neamhspleáchas é sin.

2.18Ag an am céanna, is ábhar imní do CESE nach léir conas a dhéantar comhaontuithe comhpháirtithe sóisialta a chur chun feidhme ar bhonn treoracha ón gComhairle. Mura mbeidh próiseas níos soiléire ann ó thaobh dhiscréid leathan an Choimisiúin Eorpaigh de i dtaobh na gcúrsaí sin, discréid a deonaíodh dó de bhun na mbreithiúnas a rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí 6 , is dócha go mbeidh iarmhairt neamhbheartaithe ann, is é sin go gcuirfí as do na comhpháirtithe sóisialta na cineálacha comhaontuithe sin a chaibidliú.

2.19Ar an gcúis sin, tá sé á iarraidh an athuair ag CESE go ndéanfaidh an Coimisiún an tsaincheist sin a phlé leis na comhpháirtithe sóisialta, agus a neamhspleáchas á urramú aige agus é ag cloí le nós imeachta Airteagal 155 CFAE. Iarrann CESE an athuair freisin go gcuirfidh an Coimisiún critéir shoiléire agus thrédhearcacha ar fáil maidir le cur chun feidhme comhaontuithe earnála comhpháirtithe sóisialta 7 .

3.Barúlacha sonracha

3.1Barúlacha sonracha faoin Teachtaireacht

3.1.1Sa Teachtaireacht, cuireann an Coimisiún tacaíocht agus comhairleoireacht dhlíthiúil ar fáil trína chuid seirbhísí do na comhpháirtithe sóisialta atá i mbun caibidlíochta, go háirithe maidir le cúrsaí a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar chur chun feidhme comhaontaithe trí bhíthin dhlí an Aontais. Tá sé ríthábhachtach go gcinnfeadh na comhpháirtithe sóisialta go comhpháirteach má theastaíonn an chomhairle agus an tacaíocht sin uathu i dtaobh a gcaibidlíochtaí.

3.1.2Déanann an Coimisiún tagairt freisin, i measc nithe eile, don chleachtas a deimhníodh i mBreithiúnas C‑928/19 ón gCúirt maidir le measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí atá sé an comhaontú a ndearna na comhpháirtithe sóisialta caibidlíocht air a chur chun feidhme trí dhlí an Aontais. Luann an Coimisiún go bhféadfadh sé go ndéanfaí measúnú tionchair i ndáil leis sin. Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún go gcuirfidh sé na comhpháirtithe sóisialta faoi seach ar an eolas laistigh de 3 mhí faoina réamhbhreithnithe, lena bhféadfaí a shonrú má tá sé chun measúnú tionchair a dhéanamh nó nach bhfuil.

3.1.3Cé go n‑aithníonn CESE gur luachmhar an tacaíocht agus an chomhairle ón gCoimisiún, agus an gealltanas a thug sé maidir le srianta áirithe ama a chomhlíonadh agus measúnuithe á ndéanamh aige, ní leor na bearta sin sa mhéid nach mbeidh an próiseas chomh soiléir, trédhearcach ná intuartha agus a theastaíonn ó na páirtithe caibidlíochta.

3.1.4Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé creat tacaíochta leormhaith a bheith ann le haghaidh idirphlé sóisialta earnála agus tugann sé dá aire chomh maith an litir oscailte ó na comhpháirtithe sóisialta earnála Eorpacha 8 . B’iomchuí breithniú cuí a dhéanamh ar ábhair imní na n‑eagraíochtaí earnála maidir le maoiniú agus eagrú coistí um idirphlé sóisialta earnála.

3.1.5Maidir le hidirphlé sóisialta trípháirteach Eorpach a chur chun cinn, is díol sásaimh do CESE an fógra ón gCoimisiún go gceapfaidh sé Comhordaitheoir um Idirphlé Sóisialta i ngach seirbhís den Choimisiún. Dá mbeadh comhordaitheoirí den sórt sin in Ard‑Stiúrthóireachtaí de chuid an Choimisiúin agus i seirbhísí ábhartha eile, d’fhéadfadh sé go músclófaí feasacht agus go bhfeabhsófaí cáilíocht an idirphlé shóisialta, rud a chabhródh leis an gCoimisiún, dá bhrí sin, a thabhairt dá aire na tairbhí a bhaineann le hidirphlé trípháirteach dea‑fheidhmiúil don cheapadh beartas san Eoraip.

3.1.6I gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, arb é an creat maidir le comhordú an bheartais eacnamaíoch agus fostaíochta é, is díol sásaimh do CESE go n‑aithníonn an Coimisiún an ról tábhachtach a bhíonn ag na comhpháirtithe sóisialta nuair a bhíonn siad rannpháirteach go fóinteach agus go tráthúil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun a áirithiú go ndéantar athchóirithe agus infheistíochtaí a dhearadh agus a chur chun feidhme go héifeachtach. Mar sin féin, bíodh agus go n‑eagraítear idirphlé struchtúrtha go rialta leis na comhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal Eorpach ag céimeanna tábhachtacha de thimthriall an tSeimeastair, is amhlaidh gur rómhinic a thugtar droim láimhe lena rannpháirtíocht ar leibhéal an rialtais náisiúnta agus go mbíonn éifeachtacht an idirphlé ar an leibhéal sin ag brath go mór ar dhea‑thoil an rialtais, seachas ar chleachtais nó rialacha bunaithe.

3.1.7Aontaíonn CESE go bhfuil sé tábhachtach an t‑idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chur chun cinn i gcomhthéacs na caibidlíochta atá ar bun faoi láthair maidir le méadú freisin. Ina leith sin, is díol sásaimh dó an tacaíocht ón gCoimisiún le haghaidh tionscadail atá dírithe ar an idirphlé sóisialta a fheabhsú i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha. Is fíor sin freisin maidir le Beartas Comharsanachta na hEorpa agus comhpháirtíochtaí Global Gateway an Aontais. I ndáil leo sin, tá gealltanas tugtha ag an Aontas, mar is ceart, go bhféachfaidh sé chuige go mbeidh cearta an duine, cearta sóisialta, agus cearta oibrithe ar ardchaighdeán ann.

3.2Barúlacha sonracha faoin Moladh

3.2.1Is díol sásaimh do CESE go n‑urramaítear sa Mholadh ról agus neamhspleáchas na gceardchumann agus na n‑eagraíochtaí fostóirí ó thaobh na cómhargála de. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach a shoiléiriú go léirmhínítear coincheap na heagraíochta oibrithe, dá dtagraítear in aithris 12, i gcomhréir le cásdlí chomhlachtaí maoirseachta na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), go háirithe Coinbhinsiúin 98 agus 154 de, agus gur cheart na focail ‘go hiondúil’ a bhaint den aithris sin. Anuas air sin, b’ábhartha tagairt a dhéanamh do Choinbhinsiún 98 EIS, i dteannta Choinbhinsiún 135, in aithris 13.

3.2.2Is díol sásaimh do CESE go n‑iarrtar ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go córasach agus go fóinteach i ndearadh agus i gcur chun feidhme beartas ar bhonn tráthúil, go háirithe beartais a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Creideann CESE go bhféadfadh sé go rachfaí i mbun comhairliúcháin éifeachtacha ardcháilíochta leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta ach creat éifeachtach comhchoiteann maidir le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus ESSanna a bhunú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

3.2.3Ó thaobh an tSeimeastair Eorpaigh de, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit chomh maith toradh na gcomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta, mar aon lena seasamh/ionchur féin, a cheangal leis na pleananna náisiúnta le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí. Baineann sé sin freisin le CSE+ agus le cistí comhtháthaithe eile, de réir mar is iomchuí, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na comhpháirtíochta. I ngach cás eile, tá sé ríthábhachtach go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ar bhealach éifeachtach agus nach gcaithfí leis sin amhail is nach bhfuil ann ach foirmiúlacht. Thairis sin, i gcás nach bhfuil aon rannpháirtíocht fhóinteach ann, nó má tharlaíonn go mbainfí an bonn den idirphlé sóisialta ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart don Choimisiún dul i mbun gnímh. Mar shampla, d’fhéadfaí dréachtphleananna/dréachtchomhaontuithe comhpháirtíochta a fhágáil ar fionraí go dtí go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go héifeachtach sna próisis lena mbaineann.

3.2.4Aithnítear sna haithrisí sa Mholadh go gceanglaítear ar na Ballstáit de bhun Threoracha 9 an Aontais maidir le soláthar poiblí an ceart chun an eagraithe agus an ceart chun cómhargála a urramú. Measann CESE gur cheart an tsaincheist sin, atá nasctha go dlúth leis an aidhm maidir leis an gcumhdach cómhargála a mhéadú, a áireamh ar na fíormholtaí do na Ballstáit.

3.2.5Tugtar faoi deara sa Mholadh gur gá acmhainneacht na gcomhpháirtithe sóisialta i roinnt Ballstát a neartú, le féachaint chuige go gcuirfear comhaontuithe neamhspleácha comhpháirtithe sóisialta an Aontais chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Creideann CESE go mbeadh tacaíocht níos láidre chuige sin (lena n‑áirítear trí CSE+) fóinteach chun torthaí idirphlé sóisialta an Aontais ar an leibhéal náisiúnta a chur chun cinn agus chun an próiseas cur chun feidhme ar an láthair a fheabhsú.

3.2.6Is díol sásaimh do CESE go dtugtar aird ar leith ar an gcistiú náisiúnta agus ar chistiú AE atá ar fáil chun tacú leis na comhpháirtithe sóisialta. Is ionstraim luachmhar é CSE+ chun cur le hacmhainn na gcomhpháirtithe sóisialta (lena n‑áirítear iad siúd a dhéanann ionadaíocht thar ceann FBManna agus micrifhiontar) páirt a ghlacadh san idirphlé sóisialta trípháirteach agus san idirphlé sóisialta dépháirteach agus freisin chun tacú le gníomhaíochtaí comhpháirteacha arna ndéanamh ag na comhpháirtithe sóisialta agus aghaidh á tabhairt acu ar iarmhairtí fostaíochta agus sóisialta na ndúshlán a bhaineann le forbairtí éagsúla socheacnamaíocha, amhail, cuir i gcás, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, agus na hiarmhairtí sin á réamh‑mheas agus á n‑athrú acu. Ba cheart é sin a leagan amach go soiléir mar chuid de chur chuige tiomnaithe i dtaca le tacaíocht fothaithe acmhainneachta do na comhpháirtithe sóisialta faoi CSE+.

3.2.7Ba cheart tacaíocht faoi CSE+ a aithint ar an gcaoi chéanna agus a aithníonn an Coimisiún – agus an ceart aige – idirphlé sibhialta, i.e. mar phróiseas ar leith a mbaineann réimse níos leithne geallsealbhóirí leis. Ba cheart na línte buiséid atá tiomnaithe do na comhpháirtithe sóisialta agus do ESSanna a idirdhealú ó chéile ionas go leagfaí na róil shonracha amach ar bhealach níos fearr agus d’fhonn súil níos géire a choinneáil ar na torthaí. Chomh maith leis sin, teastaíonn tacar soiléir critéar le haghaidh tástálacha státchabhrach (arna bhformheas ag an gCoimisiún), óir tá an chuma ar an scéal gur fadhb é sin i roinnt Ballstát. Ba cheart na critéir sin a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh ag na húdaráis náisiúnta ar chomhoiriúnacht ghníomhaíochtaí tionscadail na gcomhpháirtithe sóisialta leis na rialacha maidir leis an státchabhair. Ba cheart a léiriú i ndearadh na gcritéar sin ról speisialta na gcomhpháirtithe sóisialta le go bhféadfaidís a bheith rannpháirteach ar bhealach níos fearr san idirphlé sóisialta agus rannchuidiú éifeachtach a dhéanamh leis ar leibhéil éagsúla (idirnáisiúnta, AE, náisiúnta, réigiúnach, earnála). Ba cheart rialacha comhchosúla a fhorbairt le haghaidh ESSanna.

3.2.8Dar le CESE go bhfuil sé tábhachtach forálacha faireacháin soiléire agus éifeachtacha a bheith ag gabháil leis an Moladh. Moltar do na Ballstáit liosta beart, arna tharraingt suas i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 mí tar éis fhoilsiú an Mholta, chun an Moladh a chur chun feidhme. Ó thaobh an Choimisiúin de, tá rún aige táscairí arna gcomhaontú go comhchoiteann a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Mholta i gcomhpháirt leis an gCoiste Fostaíochta agus leis na comhpháirtithe sóisialta ábhartha. Ba cheart ról lárnach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta i bhforbairt na dtáscairí sin.

3.2.9Is díol sásaimh do CESE an ráiteas sa Mholadh gur cheart, de bhíthin an fhaireacháin sin, go gcuirfí ar chumas na gcomhpháirtithe sóisialta, i measc nithe eile, cásanna a shainaithint ina ndearnadh iad a eisiamh nó nach raibh baint leordhóthanach acu le comhairliúcháin ar an leibhéal náisiúnta maidir le beartas an Aontais agus beartas náisiúnta. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach freisin nós imeachta a fhorbairt mar bheart leantach i dtaca leis na cásanna sin, nós imeachta a mbeadh sé d’aidhm aige cúrsaí a chur ina gceart.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2023

Oliver Röpke
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

*

*    *

N.B.: Tá foscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad seo le fáil ar na leathanaigh a leanas.



FOSCRÍBHINN a ghabhann leis an TUAIRIM
ó

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 74(3) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 1

SOC/764

An t‑idirphlé sóisialta a neartú

Pointe 2.3

Le leasú mar seo a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Mar a aithníodh sa Teachtaireacht, is ag na comhpháirtithe sóisialta atá scoth an eolais agus na taithí maidir le cúrsaí fostaíochta agus sóisialta ‘ar an láthair’. Ach cluas a thabhairt don saineolas sin atá acu, d’fhéadfaí an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir leasanna oibrithe agus leasanna fostóirí agus d’fhéadfaí beartais agus reachtaíocht níos inghlactha agus níos éifeachtaí a chur ar bun. Chomh maith leis sin, tá sé á chur in iúl ag an gCoimisiún, mar is ceart, go bhfuil ról uathúil ag na comhpháirtithe sin i gcomparáid le geallsealbhóirí eile.

Mar a aithníodh sa Teachtaireacht, le hionchur na gcomhpháirtithe sóisialta, d’fhéadfaí an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir leasanna oibrithe agus leasanna fostóirí agus d’fhéadfaí beartais agus reachtaíocht níos inghlactha agus níos éifeachtaí a chur ar bun. Chomh maith leis sin, tá sé á chur in iúl ag an gCoimisiún, mar is ceart, go bhfuil ról uathúil ag na comhpháirtithe sin i gcomparáid le geallsealbhóirí eile. Mar sin féin, tá béim á cur ag CESE ar a luachmhaire atá an comhar agus an malartú tuairimí idir rannpháirtithe an idirphlé shóisialta agus rannpháirtithe an idirphlé shibhialta araon. Tá taithí uathúil agus eolas sonrach ag roinnt mhaith eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, a ghnóthaigh siad ón leibhéal is bunúsaí aníos. Is féidir an t‑eolas sin a chur chun tairbhe lasmuigh den idirphlé sibhialta. Is fiú béim a leagan ar chleachtais roinnt Ballstát, mar shampla na Ballstáit ina bhfáiltíonn na comhpháirtithe sóisialta roimh ionadaithe eagraíochtaí sonracha na sochaí sibhialta go dtí cruinnithe a eagraítear mar chuid den idirphlé sóisialta, mar go dteastaíonn uathu éisteacht leo agus leas a bhaint as a gcuid eolais, saineolais agus taithí.

Cúis

A mhéid a bhaineann le cásanna sóisialta ‘ar an láthair’, bíonn eolas i bhfad níos fairsinge ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta i roinnt mhaith de na cásanna sin, mar shampla an comhrac i gcoinne na bochtaineachta, tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas nó do ghrúpaí leochaileacha eile saoránach, lánpháirtiú imirceach, cearta mionlach eitneach agus cabhair do leanaí atá i mbaol eisiamh sóisialta. Ba cheart an méid sin a léiriú sa tústuairim ionas nach gceapfaí gurb iad na comhpháirtithe sóisialta amháin atá eolach i dtaobh an cháis shóisialta ‘ar an láthair’. I mBallstáit áirithe, tá a fhios ag na comhpháirtithe sóisialta go bhfuil an saineolas thuasluaite ag na heagraíochtaí sin. Mar sin, toisc go n‑aithníonn siad agus go dtuigeann siad an méid sin, cuireann siad fáilte roimh ionadaithe ó eagraíochtaí sonracha na sochaí sibhialta ionas gur féidir leo bualadh leis na gníomhaithe i struchtúir idirphlé thrípháirteacha, d’fhonn cur lena gcuid eolais féin agus a saineolas a shaibhriú.

Toradh na vótála

Ar son:    83

In aghaidh:    153

Staonadh:    09

LEASÚ 2

SOC/764

An t‑idirphlé sóisialta a neartú

Pointe 2.4

Le leasú mar seo a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Mar a sonraíodh sa Mholadh, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t‑idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar.

Mar a sonraíodh sa Mholadh, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t‑idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar. Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go bhfuil gá le comhar agus malartú tuairimí idir rannpháirtithe an idirphlé shóisialta agus an idirphlé shibhialta, ós rud é gur eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta iad cuid mhaith díobh siúd is mó a dhéanann ionadaíocht ar leasanna mórán grúpaí sóisialta, seachas na comhpháirtithe sóisialta féin. Ina fhianaise sin, tá sé riachtanach a áirithiú nach ndéanfaidh na comhpháirtithe sóisialta comhaontuithe gan tuairimí agus argóintí eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta a chur san áireamh, óir déanann na heagraíochtaí sin ionadaíocht ar shaol mhuintir na hEorpa agus óir tá tionchar suntasach acu ar an saol sin.

Cúis

Is é is aidhm don leasú seo béim a leagan air nach mór leasanna grúpaí eile a chur san áireamh agus an t‑idirphlé sóisialta ar bun, ar grúpaí iad sin nach ‘gcumhdaítear’ go sonrach ag na comhpháirtithe sóisialta nó grúpaí arb iad eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta is mó a dhéanann ionadaíocht orthu.

Toradh na vótála

Ar son:    79

In aghaidh:    157

Staonadh:    07

LEASÚ 3

SOC/764

An t‑idirphlé sóisialta a neartú

Pointe 3.1.5

Le leasú mar seo a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Maidir le hidirphlé sóisialta trípháirteach Eorpach a chur chun cinn, is díol sásaimh do CESE an fógra ón gCoimisiún go gceapfaidh sé Comhordaitheoir um Idirphlé Sóisialta i ngach seirbhís den Choimisiún. Dá mbeadh comhordaitheoirí den sórt sin in Ard‑Stiúrthóireachtaí de chuid an Choimisiúin agus i seirbhísí ábhartha eile, d’fhéadfadh sé go músclófaí feasacht agus go bhfeabhsófaí cáilíocht an idirphlé shóisialta, rud a chabhródh leis an gCoimisiún, dá bhrí sin, a thabhairt dá aire na tairbhí a bhaineann le hidirphlé trípháirteach dea‑fheidhmiúil don cheapadh beartas san Eoraip.

Maidir le hidirphlé sóisialta trípháirteach Eorpach a chur chun cinn, is díol sásaimh do CESE an fógra ón gCoimisiún go gceapfaidh sé Comhordaitheoir um Idirphlé Sóisialta i ngach seirbhís den Choimisiún. Dá mbeadh comhordaitheoirí den sórt sin in Ard‑Stiúrthóireachtaí de chuid an Choimisiúin agus i seirbhísí ábhartha eile, d’fhéadfadh sé go músclófaí feasacht agus go bhfeabhsófaí cáilíocht an idirphlé shóisialta, rud a chabhródh leis an gCoimisiún, dá bhrí sin, a thabhairt dá aire na tairbhí a bhaineann le hidirphlé trípháirteach dea‑fheidhmiúil don cheapadh beartas san Eoraip. Ag an am céanna, tá sé á chur i bhfáth ag CESE gur cheart comhordaitheoirí comhchosúla a thabhairt isteach i ngach Ard‑Stiúrthóireacht sa Choimisiún, d’fhonn idirphlé sibhialta Eorpach a chur chun cinn. Ba cheart don Choimisiún an dá idirphlé sin a neartú san am céanna le chéile, gan tosaíocht a thabhairt d’aon cheann acu thar a chéile.

Cúis

Tá sé á chur chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach anois Comhordaitheoir um Idirphlé Sóisialta tiomnaithe a cheapadh i ngach Ard‑Stiúrthóireacht agus i seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin. Tá sé an‑suntasach ar fad an méid sin acmhainní daonna a thiomnú do neartú an idirphlé shóisialta, ina fhianaise gurb ionann agus 30 líon na nArd‑Stiúrthóireachtaí amháin agus go bhfuil a lán seirbhísí eile ann. D’fhéadfaí amhras a chaitheamh ar cheapadh comhordaitheora speisialta um idirphlé sóisialta i roinnt de na hArd‑Stiúrthóireachtaí sin ós rud é go mbaineann siad le réimsí gníomhaíochta a mbíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta, seachas na comhpháirtithe sóisialta, i bhfad níos gníomhaí iontu, mar shampla: an comhshaol, an aeráid, an talmhaíocht agus forbairt tuaithe, an t‑oideachas, an óige, spórt agus cultúr, an ceartas agus tomhaltóirí. Tá gníomhaíochtaí comhuaineacha de dhíth chun tacú leis an idirphlé sibhialta. Níl aon bhonn leis go gcaithfeadh an Coimisiún Eorpach leis an aon chineál idirphlé amháin, agus acmhainní daonna suntasacha (os cionn 50 duine, b’fhéidir) á leithdháileadh aige chun é a neartú.

Toradh na vótála

Ar son:    78

In aghaidh:    156

Staonadh:    07

LEASÚ 4

SOC/764

An t‑idirphlé sóisialta a neartú

Pointe 1.7

Le leasú mar seo a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Mar a sonraíodh sa Mholadh, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t‑idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar. Ba cheart an t‑idirdhealú sin a dhéanamh freisin maidir leis an tacaíocht fothaithe acmhainneachta a thugtar do na comhpháirtithe sóisialta agus an tacaíocht chéanna a thugtar don tsochaí shibhialta i gcoitinne.

Mar a sonraíodh sa Mholadh, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t‑idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar. Ba cheart an t‑idirdhealú sin a dhéanamh freisin maidir leis an tacaíocht fothaithe acmhainneachta a thugtar do na comhpháirtithe sóisialta agus an tacaíocht chéanna a thugtar don tsochaí shibhialta i gcoitinne. Ag an am céanna, tá béim á cur ag CESE ar a luachmhaire atá an comhar agus an malartú tuairimí idir rannpháirtithe an idirphlé shóisialta agus rannpháirtithe an idirphlé shibhialta araon. Tá taithí uathúil agus eolas sonrach ag roinnt mhaith eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, a ghnóthaigh siad ón leibhéal is bunúsaí aníos. Is féidir an t‑eolas sin a chur chun tairbhe lasmuigh den idirphlé sibhialta.

Cúis

Chun go mbeadh sé ag teacht le príomhchorp an téacs.

Toradh na vótála

Ar son:    83

In aghaidh:    153

Staonadh:    09

(1)    Tuairim ó CESE Idirphlé sóisialta le haghaidh inbhuanaitheacht agus athléimneacht eacnamaíoch, IO C 10, 11.1.2021, lch. 14 , (níl leagan Gaeilge ann).
(2)    Tuairim ó CESE Idirphlé sóisialta don nuálaíocht sa gheilleagar digiteach, IO C 159, 10.5.2019, lch. 1 , (níl leagan Gaeilge ann).
(3)    Tuairim ó CESE Idirphlé sóisialta le haghaidh inbhuanaitheacht agus athléimneacht eacnamaíoch, IO C 10, 11.1.2021, lch. 14 , (níl leagan Gaeilge ann).
(4)    Tuairim ó CESE Idirphlé sóisialta le haghaidh inbhuanaitheacht agus athléimneacht eacnamaíoch, IO C 10, 11.1.2021, lch. 14 , (níl leagan Gaeilge ann).
(5)    Tuairimí ó CESE Idirphlé sóisialta le haghaidh inbhuanaitheacht agus athléimneacht eacnamaíoch, IO C 10, 11.1.2021, lch. 14 , (níl leagan Gaeilge ann) agus Treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát, IO C 517, 22.12.2021, lch. 97 .
(6)    Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 24 Deireadh Fómhair 2019, T‑310/18 , agus Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Mór‑Dhlísheomra) an 2 Meán Fómhair 2021 C‑928/19 P .
(7)    Tuairim ó CESE Idirphlé sóisialta le haghaidh inbhuanaitheacht agus athléimneacht eacnamaíoch, IO C 10, 11.1.2021, lch. 14 , (níl leagan Gaeilge ann).
(8)     Litir oscailte ó na comhpháirtithe sóisialta earnála Eorpacha – EuroCommerce .
(9)    Treoir 2014/24/AE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 65 ; Treoir 2014/25/AE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 243 ; agus Treoir 2014/23/AE, IO L 94, 28.3.2014, lch. 1 .
Top