EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document EESC-2023-00801-AC

Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - Cur chun feidhme straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais

EESC-2023-00801-AC

TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Cur chun feidhme straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais

_____________

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún
maidir le cur chun feidhme straitéisí
macrairéigiúnacha an Aontais

[COM(2022) 705 final]

ECO/609

Rapóirtéir: Stefano PALMIERI

Comhrapóirtéir: Dimitris DIMITRIADIS

GA

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 02/05/2023

Bunús dlí

Airteagal 34 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

30/05/2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14/06/2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

169/1/2

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Aithníonn CESE go bhfuil ról tábhachtach ag straitéisí macrairéigiúnacha i gcomhtháthú sóisialta, críochach agus eacnamaíoch na réigiún, agus go rannchuidíonn siad le lánpháirtiú tíortha comharsanachta san Aontas Eorpach.

1.2Cuireann CESE in iúl go dtugann straitéisí macrairéigiúnacha aghaidh ar shaincheisteanna lena gceanglaítear ar roinnt tíortha (agus ar ghníomhaithe éagsúla laistigh díobh) comhoibriú le chéile bunaithe ar chur chuige trasearnála il-leibhéil. Dá bhrí sin, ba cheart do na gníomhaithe éagsúla féachaint leis an méid seo a leanas a dhéanamh: a chinntiú gur féidir déanamh de réir an leasa náisiúnta agus phrionsabal an chomhair san am céanna agus maolú a dhéanamh ar nósanna imeachta atá maorlathach agus casta agus a fhágann nach bhfuil na straitéisí macrairéigiúnacha chomh tarraingteach céanna.

1.3Creideann CESE gur gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun na straitéisí macrairéigiúnacha a neartú ionas gur féidir athruithe a thiomáint chun cinn, muinín a spreagadh agus luachanna na hEorpa a chur chun cinn, go háirithe maidir le comhtháthú sóisialta, críochach agus eacnamaíoch na réigiún agus lánpháirtiú na dtíortha comharsanachta, mar aon le Clár Oibre 2030.

1.4Tugann CESE dá aire gur uirlisí úsáideacha iad na straitéisí macrairéigiúnacha chun déileáil leis an ngéarchéim sláinte agus le héifeachtaí ionradh na Rúise ar an Úcráin. Go sonrach, bhí ról tábhachtach ag Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe (EUSDR) agus Straitéis an Aontais do Réigiún Mhuir Bhailt (EUSBSR) maidir le naisc a mhéadú idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach chun dídeanaithe ón Úcráin a lánpháirtiú agus chun conairí lasta sábháilte a chruthú.

1.5I bhfianaise na n-aistrithe glasa, digiteacha agus sóisialta, tugann CESE dá aire go bhfuil éagsúlacht sa phróiseas cur chun feidhme idir na straitéisí macrairéigiúnacha éagsúla mar gheall ar leibhéil agus acmhainneachtaí éagsúla maidir le cur chun feidhme an bheartais earnála agus ar leibhéal ullmhachta na dtíortha nach de chuid an Aontais iad. Creideann CESE go bhfuil sé ábhartha aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí trí bhearta sonracha, go háirithe maidir leis na réigiúin is mó atá faoi mhíbhuntáiste, ionas nach fadhbanna a bheidh san iomaíochas eacnamaíoch agus sa chomhtháthú sóisialta, rud a d’fhágfadh go mbeadh bearnaí níos mó idir réigiúin atá níos ‘scothfhorbartha’ agus na réigiúin sin nach bhfuil chomh forbartha sin.

1.6Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach an nasc idir an t-aistriú glas, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú sóisialta a neartú chun an fócas a aistriú ó tháirgeadh ‘níos mó’ chuig táirgeadh ‘níos fearr’ agus, ar an dóigh sin, an cur amú de thoradh rótháirgthe a sheachaint, agus an méid sin a dhéanamh i gcomhréir iomlán le prionsabal an neamhspleáchais straitéisigh. Sa chiall sin, is tábhachtach luach a chur ar chineálacha cur chuige speisialtóireachta cliste agus braislithe, maille le hoideachas agus oiliúint chuí, chríochnúil agus ábhartha a chur ar fáil.

1.7Cuireann CESE san áireamh go bhfuil ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le rannchuidiú le cinnteoireacht níos fearr, go háirithe trí phobail áitiúla agus réigiúnacha a thabhairt níos gaire do na straitéisí macrairéigiúnacha, agus molann sé do na Ballstáit, agus don Choimisiún Eorpach freisin, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, na comhpháirtithe sóisialta agus na húdaráis áitiúla a dhéanamh níos rannpháirtí fós ionas gur féidir braistint úinéireachta na gclár a neartú.

1.8Thairis sin, tá sé tábhachtach le haghaidh éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gceithre straitéis mhacrairéigiúnacha fothú acmhainneachta na ngníomhaithe stáit áitiúla agus neamhstáit a neartú. Measann CESE gur den tábhacht próisis faisnéise agus oiliúna a sheoladh do na gníomhaithe sin. Sa chomhthéacs sin, molann CESE córas a bhunú chun státseirbhísigh a mhalartú sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma idir réigiúin na straitéisí macrairéigiúnacha, fearacht an clár Erasmus. Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh chun idirphlé institiúidithe leis na saoránaigh a bhunú ar fud na macrairéigiún, agus creideann sé go bhféadfadh sé cabhrú leis sin. Tá sé tábhachtach freisin go mbeidh ról níos gníomhaí ag CESE, teach na sochaí sibhialta eagraithe, agus ag na comhpháirtithe sóisialta agus go mbeidh siad mar chuid de bhord rialaithe na straitéisí macrairéigiúnacha uile. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh sineirgí agus comhar a bheith níos éifeachtaí agus níos infheicthe. I ndáil leis an méid sin, molann CESE fóraim a eagrú i gcomhar le hionadaithe na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta i mBallstáit a bhfuil straitéis mhacrairéigiúnach acu.

1.9Thairis sin, iarrann CESE go bhféachfaí an bhféadfaí, faoi na straitéisí macrairéigiúnacha uile, an easpa rannpháirtíochta atá ann ó thaobh príomhspreagthóirí áitiúla na forbartha a aisiompú (FBManna, braislí tionsclaíocha atá ann cheana, bainc áitiúla, fiontair shóisialta, ceardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta) agus corparáidí ilnáisiúnta agus institiúidí airgeadais agus bainc idirnáisiúnta. I gcomhthéacs na straitéisí macrairéigiúnacha, ba cheart glacadh phrionsabal na comhpháirtíochta a chur chun feidhme ina iomláine le rannpháirtíocht iomlán na ngeallsealbhóirí lena mbaineann.

1.10Cuireann CESE in iúl a ábhartha atá sé na straitéisí macrairéigiúnacha a ailíniú le cuspóirí Chlár Oibre 2030 agus comhlántacht a chruthú le cuspóirí bheartas comhtháthaithe 2021-2027 chun na tionscnaimh mhacrairéigiúnacha a dhéanamh níos éifeachtaí.

1.11D’ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh infheictheacht na straitéisí macrairéigiúnacha a mhéadú, creideann CESE nach bhfuil cumarsáid níos fearr ag brath ar phríomhghníomhaí amháin, ach ar rannpháirtíocht níos mó na mBallstát agus na dtríú tíortha a bhfuil straitéis mhacrairéigiúnach acu. Is féidir le CESE cabhrú i ndáil leis sin agus is féidir rannpháirtíocht il‑leibhéal na sochaí sibhialta a bheith ríthábhachtach anseo.

1.12Molann CESE gur cheart cuimhneamh ar chur chuige difriúil a ghlacadh i leith rialachas na straitéisí macrairéigiúnacha. Ós rud é gurb iad na hairí gnóthaí eachtracha a dhéanann ionadaíocht ar an leibhéal polaitiúil, ba cheart borradh a chur faoin leibhéal oibríochtúil trí chomhar feabhsaithe le haireachtaí gnóthaí AE agus leis na haireachtaí cistí AE. Má táthar chun na straitéisí macrairéigiúnacha a chur chun feidhme, is den tábhacht freisin go mbeidh ról ag na húdaráis réigiúnacha maidir leis sin trína n-acmhainneacht riaracháin a chumhachtú agus an phleanáil spásúil a neartú.

1.13Tá súil ag CESE, le formheas na Tuarascála ó Choiste um Fhorbairt Réigiúnach Pharlaimint na hEorpa, go dtiocfaidh na dálaí chun straitéisí macrairéigiúnacha a chur chun feidhme in aibíocht freisin i réigiúin na Meánmhara Thiar agus tá súil aige go dtarlóidh sin.

1.14Mar chuid de phróiseas meastóireachta an bheartais chomhtháthaithe a bheidh ann amach anseo, beidh gá le meastóireacht chúramach a dhéanamh ar na feabhsuithe a bheidh le déanamh ar na straitéisí macrairéigiúnacha chun leas iomlán a bhaint as a n-acmhainneacht.

2.Réamhrá

2.1Ó 2009 i leith, tá straitéisí macrairéigiúnacha sainithe ag an Aontas Eorpach mar chreataí comhtháite feabhsaithe comhair lena gcumasaítear do thíortha atá lonnaithe sa limistéar céanna aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar dhúshláin choiteanna, nó an leas is fearr is féidir a bhaint as a gcumas coiteann.

2.2Na Ballstáit agus tíortha nach de chuid an Aontais iad a bhfuil an limistéar geografach céanna acu, tionscnaíonn siad straitéis mhacrairéigiúnach agus leagann siad síos na cuspóirí a bheidh aici; sainaithnítear an limistéar a chumhdaítear leis an straitéis ar bhonn saintréithe fisiciúla (abhantrach, imchuach farraige, sliabhraon, etc.) agus cuirtear leis na naisc stairiúla shocheacnamaíocha agus chultúrtha atá ann cheana mar an fhreagairt is gá ar na dúshláin a eascraíonn as leathnú tapa an Aontais Eorpaigh.

2.3Cuireann straitéisí macrairéigiúnacha creataí comhtháite feabhsaithe comhair ar fáil chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar dhúshláin agus ar dheiseanna i réimsí sonracha de chuid an Aontais, i gcás nach féidir aghaidh a thabhairt orthu ar bhonn aonair le huirlisí coiteanna. Ina cheann sin, i bhfianaise na gcúinsí atá ann faoi láthair, is féidir iad a bheith ina n-uirlis thábhachtach chun leathnú spásúil fhor-rochtain an Aontais a chur chun cinn.

2.4Leis an tuairim seo, tabharfaidh CESE measúnú ar an 4ú tuarascáil maidir le straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, agus é á chur san áireamh aige gur léirigh 19 mBallstát an Aontais agus 10 dtír nach de chuid an Aontais iad atá ina gcuid de straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais, le linn na tréimhse tuairiscithe, athléimneacht shuntasach i gcás suaití seachtracha tromchúiseacha leanúnacha, agus go raibh orthu a ngníomhaíochtaí rialta comhair a athrú ina ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta chun dul i ngleic ag an am céanna le héifeachtaí COVID-19 agus ionsaithe míleata gan údar na Rúise ar an Úcráin.

3.Measúnú ginearálta ar chur chun feidhme na straitéisí macrairéigiúnacha

3.1Straitéis an Aontais do Réigiún Mhuir Bhailt (EUSBSR)

3.1.1Tá ocht mBallstát agus ceithre thríú tír chomharsanachta páirteach i Straitéis an Aontais do Réigiún Mhuir Bhailt, a seoladh in 2009. Tá trí phríomhchuspóir ag an straitéis – an fharraige a shábháil; an réigiún a nascadh; agus rathúnas a mhéadú – agus tá sé foroinnte go téamach i 14 réimse beartais idirnasctha, lena n-áirítear rioscaí, an bithgheilleagar, an tsláinte agus an t‑oideachas.

3.1.2Maidir le cistiú, tá ról lárnach ag clár Interreg do Réigiún Mhuir Bhailt maidir le cur chun feidhme an mhacrairéigiúin a mhaoiniú ón tús. Idir 2014 agus 2020, cuireadh tuairim is EUR 278 milliún ar fáil faoin gclár Interreg le haghaidh chur chun feidhme na dtionscadal sa réigiún. Don tréimhse 2021-2027, beidh buiséad EUR 259 milliún ag an gclár Interreg do Réigiún Mhuir Bhailt.

3.1.3In 2021, rinneadh athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta EUSBSR. Laghdaíodh líon na ngníomhaíochtaí, tugadh isteach córas chun comhar níos dlúithe a éascú idir geallsealbhóirí (lena n-áirítear comhpháirtithe eacnamaíocha agus comhpháirtithe sóisialta), agus bunaíodh uirlis nua – Pointe na Straitéise do Réigiún Mhuir Bhailt – chun tacaíocht riaracháin agus theicniúil a chur ar fáil chun an straitéis a bhainistiú, a fhorbairt agus faisnéis a thabhairt ina taobh.

3.1.4Thacaigh an EUSBSR leis na réigiúin a bhfuil baint acu leis na spriocanna maidir le fás inbhuanaithe cliste a bhaint amach. In ainneoin gur chuir fionraíocht an chomhair leis an Rúis agus leis an mBealarúis tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin bac ar réiteach a fháil ar na príomhfhadhbanna sa réigiún, d’fhéadfadh an straitéis aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn.

3.2Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe (EUSDR)

3.2.1I Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe (EUSDR), a seoladh i mí na Nollag 2010 agus a nuashonraíodh in 2020, tá 14 thír (9 mBallstát AE agus 5 thír nach de chuid an Aontais iad) agus tá sí bunaithe ar cheithre phríomhcholún: (1) an réigiún a nascadh le chéile; (2) an comhshaol a chosaint; (3) rathúnas a thógáil; agus (4) an réigiún a neartú. Tá na ceithre chuspóir sin roinnte arís ina 12 réimse tosaíochta.

3.2.2Maidir le cistiú, le linn na tréimhse 2014-2020, cuireadh tacaíocht phríomhúil ar fáil trí Chlár Trasnáisiúnta Interreg na Danóibe arb ionann é agus EUR 231 milliún ar an iomlán. Don tréimhse 2021-2027, áfach, tá EUR 213.1 milliún san iomlán á chur ar fáil trí bhíthin an chláir.

3.2.3In 2020, rinneadh an Plean Gníomhaíochta a mhodhnú chun a chuid gníomhaíochtaí a chur ar bhonn straitéiseach agus chun na cuspóirí a atheagrú. Bhí trí chuspóir leis an nuashonrú: cuíchóiriú a dhéanamh trí líon na ngníomhaíochtaí a laghdú ó 137 go 85; doiciméad a dhéanamh den phlean gníomhaíochta lena soláthraítear treoir straitéiseach maidir le EUSDR a chur chun feidhme; an plean gníomhaíochta a dhéanamh níos comhsheasmhaí le cláir agus ionstraimí maoiniúcháin eile, go háirithe le cláir an bheartais chomhtháthaithe, ach freisin le cláir agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, agus le cistiú náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ó thíortha na Danóibe. Leis an athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta, rinneadh na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear le EUSDR a ailíniú le tosaíochtaí nua an Aontais, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip. Táthar tar éis bearta suntasacha a dhéanamh freisin trí ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta don aos óg agus trí chomhar le cistí AE a neartú.

3.2.4Mar sin féin, in ainneoin an nuashonraithe sin, tá roinnt saincheisteanna ag baint le straitéis mhacrairéigiúnach na Danóibe a chuireann moill ar a cur chun feidhme: difríochtaí socheacnamaíocha inláimhsithe ar fud réigiún na Danóibe, easpa acmhainní airgeadais agus tiomantas polaitiúil lag i measc na dtíortha lena mbaineann. Thairis sin, ní mór do na tíortha rannpháirteacha dul i ngleic le dúshláin dhomhanda níos leithne amhail an téarnamh iar‑phaindéimeach, an t-athrú aeráide agus an t-aistriú digiteach, agus d’fhéadfadh siad uile a n‑aird a tharraingt óna n-iarrachtaí feabhas a chur ar chur chun feidhme EUSDR.

3.3Straitéis an Aontais Eorpaigh don Réigiún Aidriadach agus Iónach (EUSAIR)

3.3.1Seoladh EUSAIR in 2014, agus tugann sé deich dtír le chéile (ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus sé thír nach de chuid an Aontais iad). Tá an straitéis bunaithe ar cheithre phríomhcholún: fás gorm; an réigiún a nascadh; cáilíocht an chomhshaoil; agus turasóireacht inbhuanaithe. Cuireann pointe saoráide EUSAIR tacaíocht oibríochtúil ar fáil don chomhordú agus don chur chun feidhme.

3.3.2Maidir le cistiú don tréimhse 2014-2020, chuir clár ADRION Interreg EUR 118 milliún ar fáil chun tionscadail a mhaoiniú faoi cheithre cholún EUSAIR, lena n-áirítear tacaíocht do rialachas EUSAIR faoi ais tosaíochta 4. Don tréimhse 2021-2027, beidh EUR 136.7 milliún ar fáil faoin gclár Interreg Aidriadach-Iónach.

3.3.3Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag EUSAIR chun Comhairle Óige a chur ar bun faoin straitéis sin. Iarrann sé go neartófaí feidhmiú na gComhairlí Óige faoi na straitéisí macrairéigiúnacha eile chomh maith. Iarrann sé go ndéanfaí, faoi gach straitéis mhacrairéigiúnach, na Comhairlí Óige a chumhachtú agus an t-idirphlé leo a institiúidiú, agus is é is dóichí gurb iad na fóraim bhliantúla an creat is oiriúnaí chuige sin.

3.3.4I mí na Samhna 2021, rinne an tAontas athmhúnlú ar chéannacht bhranda EUSAIR tríd an Tuarascáil ar athshuíomh Straitéis an Aontais Eorpaigh don Réigiún Aidriadach agus Iónach (EUSAIR), agus ba é ab aidhm dó sin í a dhéanamh níos sothuigthe dá spriocphobal. Molann sé EUSAIR a ailíniú tuilleadh le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais amhail an Comhaontú Glas don Eoraip agus an t-aistriú digiteach, agus an tsochaí shibhialta agus daoine óga a chur i gcroílár a thosaíochtaí féin ag an am céanna.

3.3.5Maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag EUSAIR, in ainneoin na dtorthaí arna mbaint amach maidir le cobhsaíocht sa réigiún agus cóineasú idir tíortha, tá roinnt deiseanna nár baineadh leas astu fós chun sineirgí a bhaint amach le tionscnaimh iltaobhacha eile sa mhacrairéigiún, agus is ann fós d’éagothromaíochtaí idir an tAontas agus tíortha nach de chuid an Aontais iad. Cuimsíonn an straitéis an iomarca gnéithe, cumhdaíonn sí tíreolaíocht atá an-chasta agus éagsúil agus tá an iomarca cuspóirí aici.

3.4Straitéis an Aontais do Réigiún na nAlp (EUSALP)

3.4.1Is í an straitéis mhacrairéigiúnach do réigiún na nAlp (EUSALP), a seoladh in 2015, an straitéis is déanaí atá le formheas ag an Aontas. Tá seacht dtír i gceist, ar Ballstáit de chuid an Aontais cúig cinn díobh agus is tíortha nach de chuid an Aontais iad dhá cheann díobh. Tá trí réimse théamacha sa straitéis: fás eacnamaíoch agus nuálaíocht; soghluaisteacht agus nascacht; agus an comhshaol agus fuinneamh. Déantar na trí réimse théamacha a chomhlánú le beartas trasearnálach maidir le rialachas arb é is aidhm dó samhail fhónta rialachais mhacrairéigiúnach a chur ar fáil don réigiún.

3.4.2Maidir le cistiú ó 2014-2020, chuir clár Spáis na nAlp Interreg EUR 139 milliún ar fáil don réigiún, agus don tréimhse 2021-2027, tá EUR 107 milliún ar fáil do cheithre réimse tosaíochta arb é is aidhm dóibh réigiún Alpach a bhaint amach atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, glas agus neodrach ó thaobh carbóin de.

3.4.3In ainneoin na deighilte soiléire idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe, tá idirspleáchas láidir socheacnamaíoch ag an macrairéigiún. Tá baint ag roinnt de na tíortha atá rannpháirteach in EUSALP (an Ghearmáin, an Iodáil, an Ostair agus an tSlóivéin) le straitéisí macrairéigiúnacha eile, as ar eascair dúshláin. Is léir go bhfuil gá le níos mó rannpháirtíochta i bpróisis rialachais chun forluí a chlaochlú ina chomhlántachtaí.

3.4.4I gcomparáid leis na straitéisí macrairéigiúnacha eile, tá struchtúr maith ag EUSALP. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil creatlach struchtúrtha, institiúideach agus traidisiún seanbhunaithe ag réigiún na nAlp maidir le comhar trí Choinbhinsiún na nAlp agus tionscnaimh eile amhail Arge Alp, Euromontana, Comhghuaillíocht sna hAlpa (údaráis áitiúla), ALPARC (líonra limistéar faoi chosaint) agus an Coiste Eolaíoch Idirnáisiúnta um Thaighde sna hAlpa, chomh maith le heagraíochtaí eile atá ag feidhmiú sa réigiún. Tá ardchumas institiúideach agus riaracháin ag dá thír nach bhfuil san Aontas, an Eilvéis agus Lichtinstéin, rud a chuireann ar a gcumas comhoibriú le Ballstáit an Aontais ar an leibhéal céanna.

4.An tírdhreach macrairéigiúnach agus an cogadh san Úcráin

4.1Bhí tionchar díreach agus indíreach ag an gcogadh san Úcráin ar na straitéisí macrairéigiúnacha. Ba ghá gníomhaíochtaí comhair straitéisí macrairéigiúnacha AE a dhíriú ar thionscnaimh dhlúthpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar éifeachtaí ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ionsaí nach bhfuil bonn cirt leis.

4.2As na ceithre straitéis mhacrairéigiúnacha, is iad EUSDR agus EUSBSR na straitéisí a raibh tionchar ‘díreach’ cinnte acu ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí comhair.

·Tá ról tábhachtach ag EUSDR agus ag EUSBSR maidir le tacú leis an Úcráin ó thosaigh an cogadh, rud a chuidigh le naisc a mhéadú idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach. Díríodh sna gníomhaíochtaí ar dhídeanaithe ón Úcráin a lánpháirtiú agus ar chonairí lasta sábháilte a chruthú. Léirigh Uachtaránacht na hÚcráine ar Straitéis na Danóibe an tiomantas sin go mór in 2022. In ainneoin an chogaidh, tá an Úcráin tar éis cur go mór lena rannpháirtíocht i ngach réimse tosaíochta de Straitéis na Danóibe;

·tá an comhar uile leis an Rúis agus leis an mBealarúis curtha ar fionraí ag EUSBSR. Sin é an fáth a bhfuil an straitéis á díriú anois ar an ról atá aici mar chomhéadan straitéiseach don chomhar idir Ballstáit an Aontais, an Iorua agus an Íoslainn a neartú a thuilleadh.

4.2.1Mar sin féin, níor cheart a bheith in ann treoshuíomh fadtéarmach straitéisí macrairéigiúnacha a choigeartú go héasca. Bíonn tionchar ag athruithe struchtúracha ar an leibhéal geopholaitiúil domhanda go sonrach – agus is príomhtheagmhas é an cogadh san Úcráin sa chomhthéacs sin – ar inneachar na gceithre straitéis mhacrairéigiúnacha, ós rud é go n-athbhunaíonn siad an tábhacht a bhaineann le comhtháthú agus comhar trasréigiúnach/trasteorann san Eoraip féin, agus sa spás Eoráiseach chomh maith.

5.Ról agus tionchar na straitéisí macrairéigiúnacha i gcur chun feidhme phróisis na n‑aistrithe glasa, digiteacha agus sóisialta

5.1In ainneoin go dtacaíonn na ceithre straitéis mhacrairéigiúnacha le gnóthú na spriocanna arna leagan síos d’aistrithe glasa, digiteacha agus sóisialta an Aontais, is léir go bhfuil éagsúlacht sa phróiseas cur chun feidhme idir na straitéisí macrairéigiúnacha éagsúla mar gheall ar leibhéil agus acmhainneachtaí éagsúla chun beartas earnálach a chur chun feidhme (an comhshaol, an earnáil dhigiteach/nuálaíocht agus sóisialta) agus an leibhéal ullmhachta atá ag tíortha nach de chuid an Aontas iad chun déileáil leis na dúshláin a bhaineann leis na ‘aistrithe’.

5.2Ba cheart a chur in iúl, mura dtugtar aghaidh ar na difríochtaí sin trí bhearta sonracha tacaíochta agus cistiúcháin, go háirithe maidir leis na straitéisí macrairéigiúnacha is mó a bhfuil deacrachtaí acu, go bhfuil an baol ann go bhféadfadh aon rud is cumas dó iomaíochas eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta a spreagadh a bheith ina fhadhb, fadhb a d’fhágfadh go mbeadh bearnaí níos mó idir réigiúin atá ‘scothfhorbartha’ agus na réigiúin nach bhfuil chomh forbartha sin. Tá dúshlán ag baint leis sin freisin i gcás na réigiún forimeallach nó iargúlta atá faoi mhíbhuntáiste i gcónaí i gcomparáid le réigiúin láir, uirbeacha nó chathracha. Is féidir leis an tacaíocht agus na dreasachtaí le haghaidh comhar réigiúnach agus trasteorann a bheith an-tairbheach sa chás sin.

5.3Léirítear i mionscrúdú ar an 4ú tuarascáil, agus in anailís ar na tionscadail arna gcistiú ag cláir Interreg a bhí i bhfeidhm idir 2014 agus 2020, go bhfuil dlúthnasc idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Seoladh agus cuireadh chun feidhme tionscadail éagsúla, ach ní léir an raibh na tionscnaimh sin éifeachtach i ndáiríre chun athruithe a thionscnamh. Creideann CESE gur cheart leas a bhaint as na torthaí a baineadh amach trí na deiseanna atá ar fáil faoi chláir Interreg 2021-2027.

5.4Dar le CESE, laige amháin atá sna straitéisí macrairéigiúnacha ar fad is ea go bhfuil nasc níos lú idir próisis an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus na próisis shóisialta, rud a fhágann, i mórán cásanna, go bhfuil an ghné shóisialta teoranta do chineálacha rannpháirtíochta agus rannpháirtíocht grúpaí nach ndéanann léiríonn riachtanais agus leasanna na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta ina n‑iomláine. Sa tústuairim ó CESE Cóineasú eacnamaíoch agus iomaíochas níos fearr a bhaint amach laistigh de mhacrairéigiúin, amhail an Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe – ról na mbraislí trasnáisiúnta 1 , chuir sé in iúl gur measartha fós an fheidhmíocht i dtéarmaí éagothromaíochtaí sóisialta agus spásúla a laghdú agus inbhuanaitheacht chomhshaoil a threisiú, agus gur dócha gurb é is cúis leis sin castacht na socruithe rialachais agus idir-rialtasacha, leibhéal an mhaorlathais, an easpa aonchineálachta trasréigiúnaí agus rannpháirtíocht neamhleor na gcomhpháirtithe sóisialta, na ngníomhairí socheacnamaíocha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

5.5Is é is aidhm do na straitéisí maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach an fócas a aistriú ó tháirgeadh ‘níos mó’ chuig táirgeadh ‘níos fearr’ i gcomhréir iomlán le prionsabal an neamhspleáchais straitéisigh. Cé go bhfuil an cur chuige sin ceart agus i gcomhréir le treoirlínte CESE, cruthaíonn sé fadhbanna a d’fhéadfadh, mura dtabharfaí aghaidh orthu, breisluach a iompú ina rud díobhálach. Tá dlúthbhaint ag leibhéil fostaíochta agus ioncaim chánach le fás OTI; má thagann laghdú ar OTI, tá sé níos deacra an tsláinte, an t-oideachas agus an ceartas sóisialta a mhaoiniú.

5.6Is é an Comhaontú Glas don Eoraip freagairt an Aontais ar an bparadacsa sin, arb é sin sraith beart chun tacú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, agus an comhshaol, acmhainní nádúrtha agus comhtháthú sóisialta á gcur san áireamh. In ainneoin chineál straitéiseach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, is iomaí toisc a d’fhéadfadh éifeachtacht an Chomhaontaithe ó thaobh tacú leis na haistrithe a chur i mbaol. Tá an baol ann, i ngeall ar an líon níos lú acmhainní daonna atá ar fáil agus an méadú ar chaiteachas sláinte agus pinsin, go laghdófar na hacmhainní is gá chun tacú le hinfheistíochtaí sna haistrithe glasa agus digiteacha sna straitéisí macrairéigiúnacha.

5.7Tá an baol ann go mbeadh an dá aistriú (an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach), go háirithe ar leibhéal na straitéisí macrairéigiúnacha, ina n‑uirlis riachtanach ach neamhleor lena n‑éileofaí bearta breise chun forbairt eacnamaíoch iomlánaíoch, inbhuanaithe na sochaí a bhaint amach taobh le fás eacnamaíoch.

5.7.1Tá speisialtóireacht chliste agus braislí tábhachtach don dá aistriú ar na cúiseanna seo a leanas: (i) tá cur chun cinn an líonraithe agus bunú braislí i measc cuideachtaí ar cheann de na bealaí is rathúla chun tacú leis an nuálaíocht agus leis an bhforbairt i measc FBManna; (ii) leis an idirghabháil i bhfoirm seirbhísí comhairliúcháin agus riaracháin (trí ghníomhaireachtaí forbartha réigiúnaí, comhlachais tráchtála, bainisteoirí braislí, etc.), cuirtear borradh faoi éifeachtacht an líonraithe agus an bhraislithe (i gcomparáid le hábhar thústuairim CESE 2 )

5.8Ina theannta sin, tacaíonn CESE leis an bhfíoras nach mór, má táthar chun an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a athrú ó dhúshláin go fíordheiseanna, an t-aistriú sóisialta a neartú trí ardáin chomhfhorbartha a chruthú ina dtugtar príomhról don tsochaí shibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta, ionas go mbeidh riachtanais agus saincheisteanna na gcomhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha i gcroílár na roghanna forbartha agus comhtháthaithe.

5.9Ba cheart úsáid a bhaint as na straitéisí macrairéigiúnacha mar ardáin tástála chun ionstraimí nuálacha amhail tionscnaimh ‘cánachas inbhuanaithe agus córais dreasachtaí’ a mhúnlú, nó chun córas cánach a chruthú a fhreastalaíonn ar riachtanais na sochaí, fiú i bhfianaise fás eacnamaíoch lag nó diúltach. Is cineál forbartha athléimneachta atá sna bearta sin agus is féidir, a bhuí leo, géarchéimeanna a mbíonn tionchar acu go rialta anois ar réigiúin na straitéisí macrairéigiúnacha a thuar.

5.10Ba cheart na straitéisí macrairéigiúnacha a úsáid mar uirlisí chun tacú le ‘athrú cultúrtha’, chun straitéisí a phleanáil agus chun bearta a chur chun feidhme lenar féidir cabhrú le cuspóirí an bheartais chomhtháthaithe agus Chlár Oibre 2030 a bhaint amach. I ndáil leis an méid sin, leagann CESE béim ar an leibhéal íseal comhair idir na straitéisí macrairéigiúnacha éagsúla agus, dá réir sin, ar an ngá atá le huirlisí forbartha acmhainní tras-mhacrairéigiúnacha a neartú agus a chur chun cinn.

5.11Chun dul in oiriúint don aistriú digiteach go háirithe, ba cheart tacú leis na straitéisí macrairéigiúnacha, go príomha trí oideachas agus oiliúint atá cuí agus críochnúil a chur ar fáil. I bhfianaise éagsúlacht na dtíortha éagsúla atá rannpháirteach sna straitéisí macrairéigiúnacha (Ballstáit an Aontais, tíortha is iarrthóirí,etc.), is gá an bhearna eatarthu a dhúnadh i ndáil leis sin. Sa tústuairim ó CESE 3 , tacaíonn sé leis go mbainfidh straitéisí macrairéigiúnacha tairbhe shuntasach as líonraí éifeachtúla le haghaidh gníomhaíochtaí oideachais i ndáil le digitiú an táirgthe, agus as tionscnaimh atá dírithe ar éiceachórais éifeachtacha taighde agus nuálaíochta idir-réigiúnacha i ngníomhaíochtaí bunúsacha agus feidhmeacha T&D.

6.Gné chríochach na straitéisí macrairéigiúnacha agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta

6.1Cé go bhfuil na straitéisí macrairéigiúnacha ag luí le cuspóir foriomlán an bheartais chomhtháthaithe, creideann CESE gur gá tionscnaimh ón mbun aníos a chomhdhlúthú agus a fheabhsú má táthar chun borradh a chur faoin gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Baineann sé sin go háirithe le gníomhaíochtaí clársceidealaithe agus pleanála, amhail uirlisí cur chun feidhme a bhunú le haghaidh cistí de chuid an Aontais a bhainistítear go hindíreach.

6.2Creideann CESE gur cheart an cur chuige críochach a bheith sa chroílár agus straitéisí macrairéigiúnacha á gcur chun feidhme, i gcodarsnacht le cásanna áirithe inar cosúil gurb iad straitéisí macrairéigiúnacha an uirlis a úsáidtear chun straitéisí Eorpacha a chur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Ina ionad sin, ba cheart gurb iad na straitéisí Eorpacha a d’úsáidfí chun tionscnaimh a sheoladh atá cosúil le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail ionas gur féidir bearta a shainaithint ar bhonn na gcríoch ina bhfuil gá le gníomhaíocht.

6.3Is féidir rannpháirtíocht, úinéireacht agus spreagadh na saoránach a fheabhsú ach rannpháirtíocht níos mó a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus trí thionscadail bheaga réigiúnacha nó trasteorann i gcás ina mbeidh na torthaí díreach agus infheicthe. Samplaí maithe is ea na tionscadail comhair éigeandála sláinte agus éigeandála ospidéil nó an tionscadal comhair maidir le cosaint tubaiste, a bhfuil struchtúr comhchosúil aige agus a bhfuil fadhbanna den chineál céanna le réiteach aige, ach a chuireann tairbhí comhchosúla ar fáil freisin.

6.4I bhfianaise na ndúshlán atá os comhair na macrairéigiún, lena n-áirítear COVID-19 agus an cogadh san Úcráin, chomh maith leis an tacaíocht láidir pholaitiúil atá ag teastáil, ní mór don tsochaí shibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta a bheith níos rannpháirtí sa phróiseas rialachais agus cur chun feidhme agus beidh gá freisin le córas gnó a chuirfear chun cinn le bearta chun cabhrú le hiomaíochas FBManna.

6.5Cé go bhfuil tionscnaimh curtha i gcrích faoi gach ceann de na straitéisí macrairéigiúnacha, is léir nach mór an méid atá déanta a chur chun feidhme ionas gur féidir fíorghné thrasearnálach (rannpháirtíocht na sochaí sibhialta) a thabhairt do gach ceann de na straitéisí sin lena gcomhlánaítear agus lena bhfeabhsaítear an ‘gné ingearach’ (rannpháirtíocht réigiún agus comhlachtaí áitiúla) agus rialachas il-leibhéil i gcomhréir iomlán le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, sa chaoi is nach mbeidh an lámh in uachtar ag cuspóirí na mBallstát agus na réigiún aonair ar chomhleasanna.

6.6Creideann CESE gur cheart an próiseas is leithne is féidir a chur chun cinn ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil chun roghanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaineann leis na macrairéigiúin a phlé, a chomhroinnt agus oiliúint a chur ar fáil ina leith. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí mhodhanna áirithe a tástáladh cheana i gcomhthéacsanna eile, bunaithe ar rannpháirtíocht idir comhlachtaí áitiúla, comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta.

6.7Ba cheart a áirithiú faoi gach straitéis mhacrairéigiúnach go seolfar fóram na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta agus ní mór a chuid oibre a bheith fite fuaite le hobair ardáin geallsealbhóirí eile agus forbairt a dhéanamh laistigh de shamhail oibriúcháin lena gcumasaítear fíor-rannpháirtíocht ionadaithe na gcomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta i gcur chun feidhme na straitéisí ar an leibhéal macrairéigiúnach, réigiúnach agus áitiúil. Ach fóraim den chineál sin a eagrú go bliantúil, b’fhéidir go bhféadfaí leanúnachas na straitéisí macrairéigiúnacha a áirithiú, deiseanna a chur ar fáil le haghaidh smaointe nuálacha nua agus le haghaidh cruinnithe gnólacht le gnólacht (B-2-B). Ar deireadh, cuirfidh siad le hinfheictheacht agus cumarsáid faoi na straitéisí macrairéigiúnacha agus neartóidh siad comhar idir na straitéisí sin trí dhea‑chleachtais a mhalartú, go príomha i measc straitéisí tíortha comharsanachta. Molann CESE go ndéanfaí na fóraim shonracha a óstáil ar bhonn uainíochta in áiteanna éagsúla sna réigiúin a bhfuil straitéis mhacrairéigiúnach acu, agus dearbhaíonn sé go bhfuil sé toilteanach tacú go gníomhach leis na himeachtaí sonracha sin.

6.8Tá sé ríthábhachtach gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a chur chun cinn chun tacú leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus chun cur le rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta eagraithe i bpróisis forbartha na straitéisí macrairéigiúnacha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal na comhpháirtíochta maidir le tionscadail a bhaineann leis na straitéisí macrairéigiúnacha lena áirithiú gur féidir ról gníomhach a bheith ag geallsealbhóirí áitiúla iontu. Ba cheart an méid sin a bheith mar bhonn taca faoin múscailt feasachta agus faoi mhéadú an eolais i measc na saoránach maidir leis na príomhábhair agus na príomhghníomhaíochtaí a bhaineann leis na straitéisí macrairéigiúnacha.

6.9Go sonrach, molann CESE córas a bhunú chun státseirbhísigh a mhalartú sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma idir réigiúin a bhfuil straitéisí macrairéigiúnacha acu, fearacht an clár Erasmus, agus cuireann sé in iúl go mbeadh sé sásta cuidiú leis an tionscnamh seo a éascú. Creideann CESE go láidir go gcuirfeadh sé sin go mór le fothú acmhainneachta agus le múscailt feasachta agus go gcuideoidh sé freisin leis na saincheisteanna maorlathacha a eascraíonn as na héagothromaíochtaí éagsúla ó thír go tír a shárú de réir a chéile.

7.Tosaíochtaí eile chun éifeachtacht na straitéisí macrairéigiúnacha a fheabhsú

7.1Is tosaíocht é a áirithiú go bhfuil na straitéisí macrairéigiúnacha comhsheasmhach agus ailínithe leis an mbeartas comhtháthaithe agus le Clár Oibre 2030 chun a áirithiú nach mbeidh tosaíocht ag leasanna sonracha ar leasanna coiteanna. Cé gur oibleagáid é comhsheasmhacht le tosaíochtaí an bheartais chomhtháthaithe a áirithiú i bpróiseas pleanála agus forbartha na straitéisí macrairéigiúnacha, is ar éigean atá roinnt straitéisí macrairéigiúnacha i gcomhréir le Clár Oibre 2030.

7.2Maidir le comhsheasmhacht agus comhlántacht na straitéisí macrairéigiúnacha le Clár Oibre 2030, tá conair dhearfach á glacadh ag EUSBSR tríd an tionscnamh Baltic 2030 – Bumps on the Road. Chomh maith leis na SDGanna is mó atá comhsheasmhach le tosaíochtaí na straitéise macrairéigiúnaí a shainaithint, tá córas éifeachtach bunaithe faoin tionscnamh sin chun tacú le tionscnaimh a phleanáil agus feidhmíocht a thomhas.

7.3Is cinnte gur gníomhaíocht straitéiseach é na straitéisí macrairéigiúnacha a ailíniú le cuspóirí Chlár Oibre 2030, agus comhlántacht a chruthú le cuspóirí bheartas comhtháthaithe 2021-2027, gníomhaíocht lena bhféadfar na tionscnaimh mhacrairéigiúnacha a dhéanamh níos éifeachtaí. Ba cheart na SDGanna seo a leanas a chur san áireamh, mar thosaíocht: 3. Sláinte mhaith agus dea‑bhail; 4. Oideachas ar Ardchaighdeán; 5 Comhionannas inscne; 7. Fuinneamh glan inacmhainne; 8. Obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch; 9. Tionsclaíocht, nuálaíocht agus bonneagar; 11. Cathracha agus pobail inbhuanaithe; 12. Tomhaltas agus táirgeadh freagrach; 13. Gníomhú ar son na haeráide; 14. Beatha faoin uisce; 15. Beathra ar thalamh.

7.3.1Bíodh sin mar atá, agus aird á tabhairt ar an líon ard réimsí ar cheart aghaidh a thabhairt orthu, maille leis na hacmhainní teoranta atá ar fáil, b’inmholta tascanna a chur in ord tosaíochta go réasúnta de réir dhá phríomhghné ar leith:

·Aicmiú a dhéanamh de réir réaltachta, práinne agus ama.

·Rangú a dhéanamh de réir an bhreisluacha is mó a bhfuiltear ag súil leis ón gcur chuige macrairéigiúnach.

7.4Tá nasc soiléir idir rath na straitéisí macrairéigiúnacha agus an cumas atá acu a áirithiú gur féidir cistí AE, cistí náisiúnta, cistí réigiúnacha agus cistí poiblí agus príobháideacha eile a úsáid chun tosaíochtaí na straitéisí macrairéigiúnacha a chistiú, trí thacú le tionscadail. Is léir gur gá an tosaíocht sin a neartú trí phleananna comhlántacha agus trí shineirgí idir na deiseanna maoiniúcháin éagsúla, agus spreagadh a thabhairt, nuair is féidir, do chistiú trasnáisiúnta agus trasteorann a chomhtháthú le cistiú rialtais agus réigiúnach, lena n-áirítear trí chur chuige ilearnálach.

7.5Ba cheart an cur chuige a ghlactar faoi gach straitéis mhacrairéigiúnach, mar aon le líonraí idirphlé agus comhair, a chur chun cinn idir údaráis bhainistíochta Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), chun fadhbanna agus deiseanna a shainaithint a bhaineann le hábhair shonracha ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí fhoinsí éagsúla cistithe.

7.6Ar deireadh, is barrthábhachtach go mbeadh príomhspreagthóirí na forbartha áitiúla (FBManna, braislí tionsclaíocha atá ann cheana, bainc áitiúla, fiontair shóisialta, ceardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus eagraíochta eile na sochaí sibhialta) agus corparáidí ilnáisiúnta agus institiúidí airgeadais agus bainc idirnáisiúnta rannpháirteach sna straitéisí macrairéigiúnacha. I gcomhthéacs na straitéisí macrairéigiúnacha, ba cheart glacadh phrionsabal na comhpháirtíochta a chur chun feidhme ina iomláine le rannpháirtíocht iomlán na ngeallsealbhóirí lena mbaineann.

7.6.1I gcás FBManna, is í an fhadhb atá ann gur teoranta an cumas atá acu an fhaisnéis ábhartha a fháil agus an easpa cumais theicniúil chun leas a bhaint as na deiseanna a eascraíonn as sin. D’fhéadfadh forbairt braislí gnó le gnó agus braislí gnó le rialachas a bheith ina bealach chun an tsaincheist sin a shárú.

8.An bealach chun cinn

8.1Tá dúshláin níos déine i ndán do na straitéisí macrairéigiúnacha; mura dtugtar aghaidh orthu i gceart ar an leibhéal críochach, d’fhéadfadh fadhbanna a bheith ag baint leo gan mhoill. Cuireann CESE san áireamh go bhfuil ról lárnach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag comhpháirtithe sóisialta maidir le rannchuidiú le feabhas a chur ar an bpróiseas cinnteoireachta, go háirithe trí phobail áitiúla agus réigiúnacha a thabhairt níos gaire do na straitéisí macrairéigiúnacha agus trí na Ballstáit, agus an Coimisiún Eorpach freisin, a spreagadh chun ról níos mó a thabhairt don tsochaí shibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta chun borradh a chur faoin mbraistint go mbaineann siad leis na cláir.

8.2Aithníonn CESE go mbaineann straitéisí macrairéigiúnacha le saincheisteanna a dteastaíonn comhar ilnáisiúnta ina leith, comhar atá bunaithe ar chur chuige rialachais trasearnálach il‑leibhéil. Ba cheart, trí bhíthin straitéisí macrairéigiúnacha, féiniúlacht limistéar a fheabhsú trí fhreagracht agus rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach a mhéadú. Bíodh is gur cheart cineál ‘bog’ chomhar na straitéisí macrairéigiúnacha a mheas mar bhuntáiste sa mhéid is go gcuireann sé réitigh ar fáil a bhíonn deacair go minic a bhaint amach i gcomhthéacsanna níos foirmiúla ina bhfuil leasanna náisiúnta iomaíocha, ní mar sin atá i ndáiríre. Is iad na húdaráis náisiúnta agus na húdaráis láraithe atá freagrach as straitéisí macrairéigiúnacha a chur chun feidhme. Is éard a bhíonn mar thoradh air sin nósanna imeachta atá maorlathach casta agus, ar deireadh, ní bhíonn straitéisí macrairéigiúnacha chomh tarraingteach céanna.

8.3Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh chun idirphlé institiúideach leis na saoránaigh a chur ar bun idir na macrairéigiúin, agus measann sé go bhféadfadh sé a bheith úsáideach i ndáil leis sin. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh ról níos gníomhaí ag CESE, baile na sochaí sibhialta eagraithe, agus go mbeadh sé mar chuid de bhoird bhainistíochta na straitéisí macrairéigiúnacha uile. Ar an dóigh sin, d’fhéadfadh sineirgí agus an comhoibriú a bheith níos éifeachtaí.

8.4Molann CESE go gcuimhneofaí ar chur chuige difriúil a ghlacadh i leith rialachas straitéisí macrairéigiúnacha. Ós rud é gurb iad na hairí gnóthaí eachtracha a dhéanann ionadaíocht ar an leibhéal polaitiúil, ba cheart borradh a chur faoin leibhéal oibríochtúil trí chomhar feabhsaithe le haireachtaí gnóthaí an Aontais agus le cistí an Aontais. Tá sé ríthábhachtach freisin go mbeadh na húdaráis réigiúnacha rannpháirteach trína n-acmhainneacht riaracháin a chumhachtú chun straitéisí macrairéigiúnacha a chur chun feidhme.

8.5Creideann CESE gur cheart níos mó idirnasc a bheith ann idir an t-aistriú fuinnimh/digiteach agus gné shóisialta bheartas an Aontais. Ós rud é gurb é 2023 Bliain Eorpach na Scileanna, ba cheart díriú níos mó ar an gcaoi ar féidir an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach trí scileanna agus inniúlachtaí oibrithe a fhorbairt.

8.6 Moltar do gheallsealbhóirí na mBallstát obair leantach níos dlúithe a dhéanamh, tionscadail, cláir agus gníomhaíochtaí nach bhfuil chomh teibí a shocrú, i.e. iad a dhéanamh níos spriocdhírithe, le pointí tosaigh agus torthaí intomhaiste. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta eatarthu.

8.7Tugann CESE dá aire go bhfuil iarrachtaí suntasacha déanta ag an gCoimisiún Eorpach próifíl na straitéisí macrairéigiúnacha a ardú. Mar sin féin, ní faoi phríomhghníomhaí faoi leith é cumarsáid níos fearr a áirithiú, is faoi na Ballstáit atá sé freisin agus braitheann sé ar na straitéisí macrairéigiúnacha. I ndáil leis an méid sin, is féidir le CESE cabhrú trí rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta, rud a d’fhéadfadh a bheith ríthábhachtach.

8.8Creideann CESE go bhfuil ról tábhachtach ag straitéisí macrairéigiúnacha i gcomhtháthú sóisialta, críochach agus eacnamaíoch na réigiún, ach go rannchuidíonn siad freisin le lánpháirtiú tíortha comharsanachta san Aontas Eorpach. Sa chomhthéacs sin, ní mór béim níos mó a leagan ar straitéisí macrairéigiúnacha a athrú ó bhonn ionas gur féidir athruithe a thiomáint chun cinn, muinín a spreagadh agus luachanna Eorpacha a chur chun cinn. Thairis sin, ní mór feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht, an leanúnachas agus an idirghaolmhaireacht i dtionscnaimh agus i dtionscadail trasréigiúnacha agus trasteorann. Ar an gcaoi sin, ba cheart cineálacha eile comhair institiúidithe trasréigiúnach agus trasteorann amhail GECCanna agus Eora-réigiúin a úsáid ar bhealach cuimsitheach, i gcomhréir le raon feidhme na straitéisí macrairéigiúnacha.

8.9Ó thaobh an chomhshaoil de, beidh sé ríthábhachtach borradh a chur faoi acmhainneacht oibríochtúil na straitéisí macrairéigiúnacha tacú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus uirlisí úsáideacha a chur ar fáil don tsochaí shibhialta chun gur féidir léi dul i ngleic le rioscaí agus stíleanna maireachtála inbhuanaithe a ghlacadh.

8.10Maidir leis an ngeilleagar, beidh sé ina thosaíocht tacú le hathrú sa tsamhail eacnamaíoch ar an leibhéal críochach agus áitiúil, d’fhonn tomhaltas acmhainní nádúrtha agus amhábhar a laghdú. Beidh sé riachtanach tacú leis an aistriú i dtreo tionscnaimh maidir le hastaíochtaí nialasacha, le soghluaisteacht inbhuanaithe, leis an ngeilleagar ciorclach, le turasóireacht inbhuanaithe agus le borradh a chur faoin ngeilleagar áitiúil.

8.11Chun nuálaíochtaí teicneolaíochta amhail digitiú, róbatú agus biteicneolaíocht a chur chun cinn agus a chur ar fáil do chách, uas-sciliú, tuilleadh infheistíochtaí i mbonneagar digiteach atá sábháilte agus inbhuanaithe, agus tionscnaimh tacaíochta do ghnólachtaí, don riarachán poiblí agus do na saoránaigh, go háirithe i bhfianaise dhigitiú na seirbhísí poiblí.

8.12Treisíonn treochtaí déimeagrafacha agus sóisialta a chéile. Cruthaíonn aosú an daonra, chomh maith leis an imirce inmheánach agus an imirce laistigh den Eoraip, an laghdú ar an ráta breithe agus an laghdú ar theaghlaigh, dúshláin do chórais leasa shóisialta agus d’fhorbairt áitiúil agus réigiúnach. Tá impleachtaí tromchúiseacha sóisialta ag na treochtaí déimeagrafacha sin, lena n‑áirítear an t-eisiamh sóisialta agus an neamhionannas atá ag dul i méid, chomh maith le himpleachtaí eacnamaíocha, lena n-áirítear ganntanas oibrithe in earnálacha dlúthshaothair amhail an turasóireacht. Dúshlán eile a bhfuil tábhacht mhór ag baint leis is ea fócas níos láidre ar an gcáilíocht saoil, ar obair chuibhiúil agus ar an dea-bhail.

8.13Le formheas na Tuarascála ar ról an Bheartais Chomhtháthaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin ilghnéitheacha chomhshaoil in imchuach na Meánmhara (2022/2059(INI)) ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach i bParlaimint na hEorpa, creideann CESE go dtiocfaidh na dálaí chun straitéisí macrairéigiúnacha a chur chun feidhme in aibíocht freisin i réigiúin na Meánmhara Thiar agus tá súil aige go dtarlóidh sin.

An Bhruiséil, 14 Meitheamh 2023

Oliver RÖPKE

Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________

(1)     IO C 282, 20.8.2019, lch. 14 (níl leagan Gaeilge ann).
(2)    Tústuairim ó CESE Cóineasú eacnamaíoch agus iomaíochas níos fearr a bhaint amach laistigh de mhacrairéigiúin, amhail an Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe – ról na mbraislí trasnáisiúnta, IO C 282, 20.8.2019, lch. 14 (níl leagan Gaeilge ann).
(3)    Tústuairim ó CESE Cóineasú eacnamaíoch agus iomaíochas níos fearr a bhaint amach laistigh de mhacrairéigiúin, amhail an Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe – ról na mbraislí trasnáisiúnta, IO C 282, 20.8.2019, lch. 14 (níl leagan Gaeilge ann).
Top