MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Is é is cuspóir do Rialachán (AE) 2019/1021 sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha mharthanacha (‘POPanna’) trí thoirmeasc a chur ar tháirgeadh, ar chur ar an margadh agus ar úsáid substaintí atá faoi réir Choinbhinsiún Stócólm maidir le POPanna (‘an Coinbhinsiún’), tríd an táirgeadh, cur ar an margadh agus úsáid sin a chéimniú amach a luaithe is féidir, nó tríd an táirgeadh, cur ar an margadh agus úsáid sin a shrianadh. Ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm, a bhí ar siúl sa Ghinéiv, san Eilvéis i mí na Bealtaine 2023, rinneadh an cinneadh UV-328 a áireamh in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus díolúintí sonracha áirithe ag baint leis sin. Ba cheart an cinneadh sin a chur san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021.
Leis an ngníomh tarmligthe seo cuirtear chun feidhme cinneadh SC-11/11 chun UV-328 a liostú in Iarscríbhinn A, i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2019/1021.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Chuathas i gcomhairle le saineolaithe arna n‑ainmniú ag na Ballstáit i gcruinniú de chuid an ghrúpa saineolaithe ábhartha (‘grúpa saineolaithe na mBallstát agus na nÚdarás Inniúil maidir le POPanna’) maidir leis an dréachtghníomh tarmligthe agus cuireadh barúlacha san áireamh. Ghlac páirtithe leasmhara ábhartha, lena n‑áirítear an tionscal ceimiceán agus an tsochaí shibhialta, páirt freisin sa phlé maidir le UV-328 a liostú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 sa ‘chruinniú leis na hÚdaráis Inniúla maidir le POPanna’ agus cuireadh barúlacha san áireamh.
Bhí glao ar fhaisnéis ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán ón 31 Bealtaine go dtí an 18 Lúnasa 2023. Ó na barúlacha a fuarthas, is cosúil go bhfuil gá leis na díolúintí is sonraí a áirítear i gcinneadh Choinbhinsiún Stócólm SC-11/11 le haghaidh earraí ina bhfuil UV-328 a allmhairítear san Aontas. Ós rud é go n‑áirítear UV-328 in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (REACH) agus nach bhfuarthas aon iarratas ar údarú roimh an dáta éagtha, ní cheadaítear an tsubstaint sin a úsáid san Aontas, lena n‑áirítear í a úsáid chun earraí a tháirgeadh, ach amháin i gcás úsáidí atá díolmhaithe ón gceanglas údarúcháin faoi REACH.
Rinneadh comhairliúchán poiblí maidir leis an ndréachtghníomh trí thairseach an tsásra aiseolais ón bpobal ón 30 Iúil go dtí an 27 Lúnasa 2024, agus cuireadh na barúlacha san áireamh mar a leanas.
Luaigh páirtí leasmhar an gá atá le díolúine maidir le haerárthaí agus páirteanna spártha gaolmhara a allmhairiú isteach san Aontas. Ní áirítear an díolúine sin i gcinneadh Choinbhinsiún Stócólm. Ionas nach gcuirfear isteach ar sheachadtaí aerárthaí chuig aerlínte de chuid an Aontais, tá an Coimisiún den tuairim gur cheart díolúintí maidir le haerárthaí sibhialta agus míleata agus na páirteanna spártha a bhaineann leo a chur isteach. Chuige sin, beidh ar an Aontas diúltú do liostú UV-328 faoi Choinbhinsiún Stócólm.
Luaigh roinnt páirtithe leasmhara san earnáil cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin go bhfuil líon mór teaschaidéal ina bhfuil UV-328 i stoc san Aontas ag dáileoirí agus mórdhíoltóirí. De réir an nóta faisnéise a foilsíodh le déanaí maidir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2019/1021, earraí san Aontas a cóimeáladh cheana i dtáirge coimpléascach, meastar gur ‘earraí atá in úsáid’ iad chun críoch na díolúine sa dara fomhír d’Airteagal 4(2) agus is féidir leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n‑úsáid san Aontas. Ós rud é gur táirgí coimpléascacha iad teaschaidéil agus páirteanna de theaschaidéil de ghnáth, beidh feidhm ag an díolúine maidir le hearraí atá in úsáid maidir leis na táirgí sin a allmhairíodh cheana san Aontas ar dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1021 maidir le UV-328.
Iarrtar i roinnt barúlacha sainiú na ndíolúintí a bheith níos sonraí trí thagairtí d’innealraí sonracha agus do Rialacháin an Aontais lena sainítear iad a chur isteach. Cuireadh tagairtí isteach nuair ab fhéidir, ach i gcásanna áirithe níorbh fhéidir iad a chur isteach toisc go bhfuil siad lasmuigh de raon feidhme na ndíolúintí sonracha a leagtar amach i gcinneadh Choinbhinsiún Stócólm.
Baineann barúlacha eile leis an teorainnluach rian-éilleáin neamhbheartaithe 1 mg/kg atá beartaithe, agus é luaite iontu nach féidir é a thomhas agus teorainn 100 mg/kg á hiarraidh (maítear gurb é sin an teorainn chainníochtaithe leis na modhanna anailíseacha atá ann faoi láthair). Measann an Coimisiún gur cheart teorainnluach 100 mg/kg a shocrú le haghaidh na chéad 2 bhliain, ar teorainnluach é ba cheart a laghdú de réir a chéile go 10 mg/kg agus 1 mg/kg gach 2 bhliain, chun gur féidir modhanna anailíseacha a fhorbairt.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Leis an ngníomh tarmligthe leasaítear an liosta ceimiceán in Iarscríbhinn I ar bhonn forbairtí faoin gCoinbhinsiún, mar a cheanglaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2019/1021. Is é Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2019/1021 is bunús dlí don ghníomh tarmligthe.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 5.5.2025
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le UV-328
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha, agus go háirithe Airteagal 15(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2019/1021, cuirtear chun feidhme gealltanais an Aontais faoi Choinbhinsiún Stócólm 2001 ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (‘an Coinbhinsiún’) agus faoin bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (‘an Prótacal’).
(2)Tá liosta ceimiceán in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ceanglaítear ar gach Páirtí sa Choinbhinsiún na ceimiceáin ar an liosta a thoirmeasc agus/nó na bearta dlíthiúla agus riaracháin is gá a dhéanamh chun deireadh a chur lena dtáirgeadh, lena n‑úsáid, lena n‑allmhairiú agus lena n‑onnmhairiú.
(3)Le linn an 11ú cruinniú a bhí ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún ón 1 go dtí an 12 Bealtaine 2023, rinne sí cinneadh, de bhun Airteagal 8(9) den Choinbhinsiún, Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú chun UV-328 a áireamh san Iarscríbhinn sin agus díolúintí sonracha ag baint leis sin. Thacaigh an tAontas le UV-328 a áireamh in Iarscríbhinn A agus díolúintí sonracha ag baint leis sin mar a shonraítear i gCinneadh (AE) 2023/1006 ón gComhairle.
(4)Dá bhrí sin, ba cheart Cuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, ina bhfuil liosta na substaintí a liostaítear sa Choinbhinsiún agus sa Phrótacal chomh maith le substaintí nach liostaítear ach sa Choinbhinsiún, a leasú chun UV-328 a áireamh.
(5)Áirítear UV-328 in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chomh maith leis an dáta is déanaí chun iarratas a chur isteach an 27 Bealtaine 2022 agus dáta éagtha an 27 Samhain 2023. Níor cuireadh isteach aon iarratas ar údarú. In éagmais údarú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1907/2006, ní féidir UV-328 a úsáid san Aontas, ach is féidir é a allmhairiú in earraí fós.
(6)Bhí glao ar fhaisnéis ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán ón 31 Bealtaine go dtí an 18 Lúnasa 2023. Tacaíonn na barúlacha a cuireadh isteach leis an ngá atá leis na díolúintí sonracha a áirítear i gCinneadh SC-11/11 ó Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, amhail le haghaidh mótarfheithiclí talún, deighilteoirí meicniúla i bhfeadáin bailithe fola, polaraitheoirí, páipéar fótagrafach agus páirteanna spártha.
(7)Chun allmhairiú earraí áirithe ina bhfuil UV-328 a cheadú go dtí go ndéanfar an tsubstaint sin a ionadú go hiomlán, ba cheart díolúintí sonracha áirithe a áirítear i gcinneadh SC-11/11 a dheonú san Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana a mhéid a bhaineann le UV-328 in earraí áirithe a chur ar an margadh agus le húsáid na n‑earraí sin ina bhfuil UV-328. Baineann sé sin leis na hearraí a leanas: deighilteoirí meicniúla i bhfeadáin bailithe fola, i scannán ceallalóis trí-aicéitile i bpolaraitheoirí agus i bpáipéar fótagrafach. Ba cheart díolúintí a dheonú freisin maidir le hearraí i mótarfheithiclí talún. Airítear ar mhótarfheithiclí talún gluaisteáin, gluaisrothair, mótarfheithiclí talmhaíochta agus tógála agus trucailí tionsclaíocha, lena n‑áirítear mótarfheithiclí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/858, Rialachán (AE) 167/2013 agus Rialachán (AE) 168/2013.
(8)Thairis sin, ba cheart díolúintí a dheonú maidir leis na hearraí seo a leanas agus iad brataithe le meascáin ina bhfuil UV-328: mótarfheithiclí talún, meaisíní innealtóireachta, feithiclí iompair ar iarnród, agus struchtúir chruach mhóra ag a bhfuil bratuithe tromshaothair. Ina theannta sin, i gcomhréir le Cinneadh SC-11/11, ba cheart díolúine a dheonú freisin maidir le páirteanna spártha a chur ar an margadh agus a úsáid le haghaidh feidhmeanna áirithe inar úsáideadh UV-328 ina dtáirgeadh ar dtús.
(9)Le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1021 toirmisctear monarú, cur ar an margadh agus úsáid na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, bídís leo féin, i meascáin nó in earraí. I ndáil leis sin, maidir le hearraí ina bhfuil UV-328 agus a tháirgtear nó a chuirtear ar an margadh faoi dhíolúine a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus a bhí in úsáid cheana féin ar dháta éaga na díolúine ábhartha, ba cheart a shoiléiriú go gceadaítear leanúint dá n‑úsáid tar éis an dáta sin.
(10)Soláthraíodh faisnéis tríd an sásra aiseolais phoiblí go bhfuil UV-328 in go leor aerárthaí atá le seachadadh chuig aerlínte de chuid an Aontais sna 5 bliana amach romhainn agus i bpáirteanna spártha le haghaidh na n‑aerárthaí sin. Chun iarmhairtí tromchúiseacha d’aerlínte de chuid an Aontais a sheachaint, ba cheart díolúine a dheonú lena gceadaítear leanúint de na haerárthaí agus na páirteanna spártha d’aerárthaí sin a sheachadadh.
(11)Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2019/1021 san Aontas a threisiú, ba cheart teorainnluach a shocrú i ndáil le UV-328 a bhíonn ann mar rian-éilleán neamhbheartaithe i substaintí, i meascáin nó in earraí. Chun go mbeidh saotharlanna in ann feabhas a chur ar chruinneas na modhanna anailíseacha ábhartha agus chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go leordhóthanach iad, ba cheart an teorainn rian-éilleáin neamhbheartaithe a shocrú ag 100 mg/kg tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ag 10 mg/kg 2 bhliain tar éis an teacht i bhfeidhm agus ag 1 mg/kg 4 bliana tar éis an teacht i bhfeidhm.
(12)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5.5.2025
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN