|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair) |
|
|
Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt a ghlacadh go héifeachtach i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin. |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Straitéis AE um Fhuinneamh Comhleá |
|
Príomh-AS – an taonad atá freagrach |
AS ENER — Aonad D.4 ITER Roinn chomhcheannasach: AS RTD — Aonad C.4 Taighde Euratom |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Eile — Nua |
|
Amchlár táscach |
deireadh 2025 (R4) |
|
Eolas breise |
Staidéar ar infheidhmeacht an chreata rialála le haghaidh saoráidí núicléacha maidir le saoráidí comhleá: i dtreo creat rialála sonrach le haghaidh saoráidí comhleá: tuarascáil chríochnaitheach, 2022, an Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh, DOI:10.2833/787609 Staidéar fadbhreathnaitheachta ar na forbairtí domhanda maidir le fuinneamh comhleá a bhrú chun cinn, lena n‑áirítear na tionscnaimh phríobháideacha ar mionscála, 2023, an Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh, DOI:10.2833/967945 Anailís ar chur chuige straitéiseach comhpháirtíochta príobháidí poiblí chun nuálaíocht san fhuinneamh comhleá a chothú, Tuarascáil chríochnaitheach, 2023, an Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh, DOI:10.2833/323326 Cruinniú Comhchéime Ardleibhéil na hEorpa maidir le Nuálaíocht Comhleá a Chothú an 14 Márta 2024, DIO:10.2777/621539 Treoirphlean an Aontais maidir le fuinneamh comhleá an 23 Aibreán 2024, Treoirphlean an Aontais maidir le fuinneamh comhleá Fóram Gnó an Aontais um Chomhleá an 3 Iúil 2024, Fóram Gnó an Aontais um Chomhleá – an Coimisiún Eorpach Páipéar Tuairime an Ghrúpa Saineolaithe um Chomhleá, i dTreo straitéis AE um Fhuinneamh Comhleá, 2025, an Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Thaighde agus Nuálaíocht, DOI:10.2777/3510421 |
|
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh. |
|
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
Leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne araon, cuirtear de cheangal ar an gCoimisiún straitéis AE um fhuinneamh comhleá a mholadh. Is é an aidhm atá leo dlús a chur leis an bhfuinneamh comhleá a thráchtálú mar fhoinse fuinnimh nuálach dhícharbónaithe don todhchaí. Moladh i dtuarascáil Draghi maidir le hiomaíochas an Aontais straitéis nuálaíochta uileghabhálach de chuid an Aontais a fhorbairt maidir le fuinneamh comhleá, lena ndéanfaí tionscadal ITER a ghiaráil, agus san am céanna, tacú le comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chruthú chun tráchtálú tapa an tionscadail a chur chun cinn, tráchtálú a bheidh inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de. Ina theannta sin, tagann an teicneolaíocht chomhleá faoi chatagóir na dteicneolaíochtaí nuálacha a moltar iad a fhorbairt ar bhonn níos tapúla i gCompás Iomaíochais don Aontas Eorpach. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún straitéis AE um fhuinneamh comhleá a fhorbairt lena mbainfear leas as saineolas agus saoráidí comhleá den chéad scoth arna bhforbairt san Eoraip le blianta fada anuas. Leis an straitéis cruthófar timpeallacht lena dtacófar le gnólachtaí nuathionscanta agus lena spreagfar infheistíochtaí trí chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí, déanfar cuir chuige rialála a chomhchuibhiú san Aontas agus bunófar próiseas cinnteoireachta éifeachtach chun teicneolaíochtaí comhleá a fhorbairt agus iad a thráchtálú. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Is iad seo a leanas na príomhfhadhbanna a bhfuil sé d’aidhm ag an tionscnamh dul i ngleic leo: An gá atá le foinsí fuinnimh ghlain inbhuanaithe amach anseo Ní mór do mhargadh fuinnimh an Aontais foinsí fuinnimh ghlain a fhorbairt agus a chur in úsáid chomh tapa agus is féidir chun tacú leis an rathúnas agus leis an tslándáil fuinnimh, agus chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach dhícharbónú an phláinéid a áirithiú. Is réiteach í an chumhacht chomhleá a bhfuil gealladh fúithi mar fhoinse fuinnimh ghlain inbhuanaithe san fhadtéarma, ach tá gá le roinnt céimeanna sular féidir linn inmharthanacht tráchtála an chomhleá a bhaint amach le haghaidh táirgeadh leictreachais. Iomaíocht dhomhanda sa réimse comhleá a mhéadú / an gá atá le rannpháirtíocht earnáil phríobháideach na hEorpa a mhéadú Tá an tAontas ag tacú le taighde comhleá le blianta fada anuas, agus é mar sprioc dheiridh aige gléasraí cumhachta comhleá a thógáil amach anseo. Tá sé i gceannas ar thionscadal idirnáisiúnta ITER, arb é is cuspóir dó indéantacht theicniúil agus eolaíoch an chomhleá mar fhoinse fuinnimh a chruthú. Thairis sin, cuireann an tAontas taighde comhleá chun cinn trína Chlár Taighde agus Oiliúna Euratom, lena ndírítear ar phríomhtheicneolaíochtaí a bhaineann le comhleá a fhorbairt, ar ullmhú chun saoráid tástála ábhar a oibriú, ar ghníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais srl. Le blianta beaga anuas, tá teicneolaíochtaí á bhforbairt lena gcumasaítear an comhleá agus tá forbairtí ceannródaíocha déanta san eolaíocht comhleá ar fud an domhain, i gcomhthráth le géarú ar an iomaíochas agus ar infheistíochtaí príobháideacha sa teicneolaíocht comhleá, sna Stáit Aontaithe go háirithe. Ba cheart rannpháirtíocht earnáil phríobháideach an Aontais a spreagadh. Easpa creata rialála cumasúcháin san Aontas Níl aon chur chuige aonfhoirmeach ann faoi láthair maidir le saoráidí comhleá a rialáil san Aontas, agus le reachtaíocht thánaisteach na hEorpa, ní thugtar aghaidh ar cheanglais shonracha ina leith sin. Le straitéis AE um fhuinneamh comhleá lena dtabharfaí aghaidh ar an tsaincheist sin, d’áiritheofaí go gcuirfí na ceanglais sábháilteachta iomchuí i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhchuibhithe san Aontas agus go mbeadh sé níos éasca an teicneolaíocht a chur in úsáid. An riosca titim chun deiridh ar thíortha nach Ballstáit den Aontas iad a bhfuil straitéis chomhleá acu cheana Tá straitéisí comhleá dá gcuid féin foilsithe le déanaí ag roinnt tíortha lasmuigh den Aontas, e.g.: ·an Ríocht Aontaithe: Towards fusion energy in 2021, agus nuashonrú air in 2023; ·an tSeapáin: Fusion Energy Innovation Strategy (2023); ·na Stáit Aontaithe: Fusion Energy Strategy 2024 na Roinne Fuinnimh. San Aontas, bhunaigh an Fhrainc a clár ‘France 2030’ in 2023, agus d’fhoilsigh an Ghearmáin a clár cistiúcháin ‘Fusion 2040’ in 2024. Le straitéis AE um fhuinneamh comhleá lena gcomhordófaí gníomhaíochtaí páirtithe leasmhara éagsúla de chuid an Aontais agus lena soláthrófaí soiléireacht don earnáil phríobháideach, chuirfí ar a chumas don Aontas (i) a cheannaireacht theicneolaíoch a choinneáil ar bun agus a neartú; (ii) a iomaíochas margaidh a áirithiú; agus (iii) cinnteacht rialála a sholáthar. |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Bunús dlí |
|
Is é Conradh Euratom bunús dlí an tionscnaimh seo, go háirithe Caibidil 1 maidir le Taighde a Chur Chun Cinn, Caibidil 3 maidir le Sláinte agus Sábháilteacht, Caibidil 5 maidir le Gnóthais Chomhpháirteacha agus Caibidil 10 maidir le Caidreamh Seachtrach. |
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
|
Chun an méid seo a leanas a bhaint amach, tá ríthábhacht le straitéis uile-Aontais lena mbainfear tairbhe as cláir náisiúnta agus cláir de chuid an Aontais araon: ·ceannaireacht agus buntáiste iomaíoch na hEorpa sa teicneolaíocht comhleá a choinneáil ar bun; ·earnáil phríobháideach an Aontais a dhreasú; ·nuálaíocht sa taighde agus sa teicneolaíocht agus aistriú saineolais theicniúil ón taighde chuig an bpobal tionsclaíoch a éascú; ·athbhreithniú a dhéanamh ar roghanna le haghaidh creat dlíthiúil de chuid an Aontais maidir le sábháilteacht sa réimse comhleá; ·rialachas ar leibhéal an Aontais a chruthú chun borradh a chur faoin gcomhar agus chun ailíniú a áirithiú i measc páirtithe leasmhara maidir le conairí soiléire, teicneolaíochtaí sainithe, agus amlínte i dtreo thráchtálú na teicneolaíochta comhleá. |
|
B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích é |
|
Is é is aidhm don straitéis: 1.Gníomhaíochtaí a shainaithint chun lántairbhe a bhaint as ról ceannasach an Aontais i dtionscadal ITER. Ba cheart don Aontas, go háirithe, cur leis na teicneolaíochtaí agus na ceachtanna a foghlaimíodh, is é sin, teicneolaíochtaí agus ceachtanna a tháinig chun cinn le linn dhearadh agus thógáil ITER, agus an leas is fearr is féidir a bhaint as tairbhí an Aontais in oibríochtaí ITER. 2.Conair shoiléir a cheapadh i dtreo gléasra cumhachta comhleá píolótach agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí teicneolaíocha straitéiseacha criticiúla amhail pórú tritiam nó comhpháirteanna agus ábhair ar aghaidh an phlasma. Leis an gconair sin, ba cheart go mbeifí in ann tionscnaimh an Aontais a chuíchóiriú, agus ba cheart treochlár comhleá Eorpach a bheith ag tacú léi. 3.Éiceachóras tionsclaíoch iomaíoch a thógáil, an earnáil phríobháideach a spreagadh agus infheistíochtaí a spreagadh trí (i) chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí agus Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a bhunú; (ii) sásra cistiúcháin a chruthú le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta i gcomhar leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach; agus (iii) deiseanna cistiúcháin eile a leathnú. 4.Straitéis lucht saothair a fhorbairt chun lucht saothair comhleá oilte a mhealladh, a oiliúint agus a choinneáil — lena n‑áirítear eolaithe, innealtóirí agus teicneoirí. 5.Slabhra soláthair comhleá na hEorpa a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt chun gléasra cumhachta comhleá píolótach nó gléasraí cumhachta comhleá píolótacha a fhorbairt, a bheidh faoi stiúir na hearnála príobháidí, agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna straitéiseacha criticiúla, e.g. ganntanas foinsí breosla riachtanacha amhail tritiam agus saibhriú litiam-6. 6.Creat rialála cumasúcháin a ullmhú agus a chur chun feidhme le haghaidh saoráidí comhleá laistigh den Aontas chun intuarthacht a chur ar fáil agus chun an margadh a shimpliú le haghaidh tógálaithe, oibreoirí agus rialtóirí Eorpacha. 7.Comhar idirnáisiúnta a neartú ar bhonn leas straitéiseach soiléir agus tairbhí frithpháirteacha. 8.Rialachas éifeachtach comhleá agus próiseas cinnteoireachta a bhunú ar leibhéal an Aontais. |
|
Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Straitéis AE um fhuinneamh comhleá a ghlacadh, agus rannpháirtíocht cheannródaíoch an Aontais in ITER mar bhunchloch di, is é sin an bealach is tapúla chun fuinneamh comhleá a thráchtálú agus chun aghaidh a thabhairt ar na spriocanna forbartha inbhuanaithe seo a leanas: fuinneamh glan inacmhainne; forbairt lucht saothair agus fás eacnamaíoch; tionsclaíocht, nuálaíocht agus bonneagar; agus gníomhú ar son na haeráide. |
|
An faireachán a dhéanfar amach anseo |
|
Tar éis fhoilsiú na Teachtaireachta maidir le straitéis AE um fhuinneamh comhleá agus tar éis aiseolas a fháil ó institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus páirtithe leasmhara, ullmhófar plean gníomhaíochta mionsonraithe ina mbeidh príomhtháscairí feidhmíochta agus garspriocanna. Beidh na ranna a bhfuil baint acu leis an straitéis chomhleá (AS ENER agus AS RTD) i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh uirthi, faoi mhaoirseacht an rialachais comhleá a shainítear i bpointe 8 thuas. |
|
C. Rialáil níos fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Foilseofar an straitéis mar Theachtaireacht ón gCoimisiún agus dá réir sin, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh uirthi. Ní togra reachtach é seo. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Is é is cuspóir don ghlao seo ar fhianaise faisnéis bhreise a bhailiú ó pháirtithe leasmhara taighde, ón earnáil tionsclaíochta agus ó ghnólachtaí nuathionscanta, agus ó infheisteoirí príobháideacha chomh maith. Cuideoidh sé sin leis na gníomhaíochtaí atá le moladh sa straitéis chomhleá a shainiú níos fearr tar éis dul i gcomhairle le hionadaithe na mBallstát sa Ghrúpa Saineolaithe Comhleá a bunaíodh in 2024. Chuathas i gcomhairle ag roinnt imeachtaí le páirtithe leasmhara eile a bhfuil baint acu leis an gcomhleá: An Nuálaíocht Comhleá a Chothú: Cruinniú Comhchéime Ardleibhéil Eorpach (an 14 Márta 2024, an Bhruiséil), Comhdháil arna heagrú ag AS ENER i ndáil le Treoirphlean an Aontais maidir le Fuinneamh Comhleá (an 23 Aibreán 2024, Strasbourg), agus Fóram Gnó an Aontais um Chomhleá (an 3–4 Iúil 2024, Beirlín). Ba cheart dul i gcomhairle le pobal comhleá an Aontais in 2025, trína phríomhshaineolaithe i réimse an chomhleá agus sa tionscal comhleá, maidir le garspriocanna agus amlíne threochlár comhleá an Aontais chun straitéis AE um fhuinneamh comhleá a chur chun feidhme. |
|
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
|
Is é is aidhm do na comhairliúcháin tuiscint a thabhairt ar na constaicí teicniúla, eolaíocha nó airgeadais atá ann faoi láthair ar an mbealach i dtreo comhleá tráchtála. Is féidir na gníomhaíochtaí is éifeachtaí a shainiú ina dhiaidh sin. |
|
An spriocphobal |
|
Déanfar comhairliúcháin, lena n‑áirítear an glao seo ar fhianaise, le heagraíochtaí taighde poiblí, le heagraíochtaí príobháideacha (an earnáil tionsclaíochta, gnólachtaí nuathionscanta) agus le hionadaithe de chuid na mBallstát. Chun tagarmharc a sholáthar, déanfar comhairliúcháin freisin i dtíortha a bhfuil straitéis chomhleá forbartha acu cheana (e.g. SAM, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin). |