Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C:2023:334:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, C 334, 22 Meán Fómhair 2023


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 334

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

Imleabhar 66
22 Meán Fómhair 2023


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

MOLTAÍ

 

An Chomhairle

2023/C 334/01

Moladh ón gComhairle an 19 Meán Fómhair 2023 maidir le comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh

1


 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 334/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10606 – MUBADALA / NATIONALE-NEDERLANDEN / HEALTHCARE ACTIVOS MANAGEMENT / HAY / HAISA ENTITIES / SQA) ( 1 )

2


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 334/03

Rátaí malairte an euro — 21 Meán Fómhair 2023

3

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2023/C 334/04

Nuashonrú ar an liosta de na pointí trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)

4


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 334/05

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11281 – GOLDMAN SACHS / CHARLESBANK CAPITAL PARTNERS / WORLD INSURANCE ASSOCIATES) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

10

2023/C 334/06

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11177 – PFIZER / SEAGEN) ( 1 )

12

2023/C 334/07

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10507 – Hitachi Rail / Thales GTS) ( 1 )

13

2023/C 334/08

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú — Cás M.10926 – FARFETCH / RICHEMONT / YNAP ( 1 )

14


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

MOLTAÍ

An Chomhairle

22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 334/1


MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Meán Fómhair 2023

maidir le comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh

(2023/C 334/01)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 283(2) agus Airteagal 139(2) de,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 11.2 de,

AG MOLADH, LEIS SEO, DON CHOMHAIRLE EORPACH:

Piero Cipollone a cheapadh mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar feadh téarma oifige 8 mbliana le héifeacht ón 1 Samhain 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 334/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10606 – MUBADALA / NATIONALE-NEDERLANDEN / HEALTHCARE ACTIVOS MANAGEMENT / HAY / HAISA ENTITIES / SQA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 334/02)

An 11 Márta 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10606. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 334/3


Rátaí malairte an euro (1)

21 Meán Fómhair 2023

(2023/C 334/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0635

JPY

yen na Seapáine

157,34

DKK

krone na Danmhairge

7,4547

GBP

punt steirling

0,86713

SEK

krona na Sualainne

11,9260

CHF

franc na hEilvéise

0,9628

ISK

króna na hÍoslainne

145,50

NOK

krone na hIorua

11,5270

BGN

lev na Bulgáire

0,0000

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,437

HUF

forint na hUngáire

387,78

PLN

zloty na Polainne

4,6270

RON

leu na Rómáine

4,9708

TRY

lira na Tuirce

28,8448

AUD

dollar na hAstráile

1,6617

CAD

dollar Cheanada

1,4368

HKD

dollar Hong Cong

8,3181

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,8004

SGD

dollar Shingeapór

1,4559

KRW

won na Cóiré Theas

1 426,05

ZAR

rand na hAfraice Theas

20,1522

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,7695

IDR

rupiah na hIndinéise

16 351,31

MYR

ringgit na Malaeisia

4,9894

PHP

peso na nOileán Filipíneach

60,536

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

38,488

BRL

real na Brasaíle

5,2092

MXN

peso Mheicsiceo

18,2401

INR

rúipí na hIndia

88,3718


(1)   Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 334/4


Nuashonrú ar an liosta de na pointí trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1)

(2023/C 334/04)

An liosta de na pointí trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2), foilsítear an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39 de Chód Teorainneacha Schengen.

Chomh maith lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tá nuashonrú rialta ar fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile.

LIOSTA DE NA POINTÍ TRASNAITHE TEORANN

AN IODÁIL

Le cur in ionad na faisnéise a foilsíodh in IO C 241, 24.6.2022, lch. 8 .

Teorainneacha aeir

(1)

Alghero (SS)

Polizia di Stato

(2)

Ancona

Polizia di Stato

(3)

Aosta

Polizia di Stato

(4)

Bari

Polizia di Stato

(5)

Bergamo

Polizia di Stato

(6)

Biella

Polizia di Stato

(7)

Bologna

Polizia di Stato

(8)

Bolzano

Polizia di Stato

(9)

Brescia

Polizia di Stato

(10)

Brindisi

Polizia di Stato

(11)

Cagliari

Polizia di Stato

(12)

Catania

Polizia di Stato

(13)

Crotone

Polizia di Stato

(14)

Cuneo Levaldigi

Polizia di Stato

(15)

Comiso

Polizia di Stato

(16)

Fano (PU)

Polizia di Stato

(17)

Firenze

Polizia di Stato

(18)

Foggia

Polizia di Stato

(19)

Forlì

Polizia di Stato

(20)

Genova

Polizia di Stato

(21)

Grosseto

Polizia di Stato

(22)

Lamezia Terme (CZ)

Polizia di Stato

(23)

Lampedusa (AG)

Carabinieri

(24)

Lecce

Polizia di Stato

(25)

Marina di Campo (LI)

Carabinieri

(26)

Milano Linate

Polizia di Stato

(27)

Napoli

Polizia di Stato

(28)

Olbia

Polizia di Stato

(29)

Oristano

Polizia di Stato

(30)

Palermo

Polizia di Stato

(31)

Pantelleria (TP)

Carabinieri

(32)

Parma

Polizia di Stato

(33)

Perugia

Polizia di Stato

(34)

Pescara

Polizia di Stato

(35)

Pisa

Polizia di Stato

(36)

Reggio di Calabria

Polizia di Stato

(37)

Rimini

Polizia di Stato

(38)

Roma Ciampino

Polizia di Stato

(39)

Roma Fiumicino

Polizia di Stato

(40)

Roma Urbe

Polizia di Stato

(41)

Ronchi dei Legionari (GO)

Polizia di Stato

(42)

Salerno

Polizia di Stato

(43)

Siena

Polizia di Stato

(44)

Taranto-Grottaglie

Polizia di Stato

(45)

Torino

Polizia di Stato

(46)

Trapani

Polizia di Stato

(47)

Tortoli (NU)

Polizia di Stato

(48)

Treviso

Polizia di Stato

(49)

Varese Malpensa

Polizia di Stato

(50)

Venezia

Polizia di Stato

(51)

Verona

Polizia di Stato

(52)

Villanova d’Albenga (SV)

Carabinieri

Teorainneacha farraige

(1)

Alassio (SV)

Polizia di Stato

(2)

Alghero (SS)

Polizia di Stato

(3)

Ancona

Polizia di Stato

(4)

Anzio - Nettuno (RM)

Polizia di Stato

(5)

Augusta (SR)

Polizia di Stato

(6)

Bacoli (NA)

Carabinieri

(7)

Bari

Polizia di Stato

(8)

Barletta (BA)

Polizia di Stato

(9)

Brindisi

Polizia di Stato

(10)

Cagliari

Polizia di Stato

(11)

Campo nell’Elba (LI)

Carabinieri

(12)

Caorle (VE)

Carabinieri

(13)

Capraia Isola (LI)

Carabinieri

(14)

Capri (NA)

Polizia di Stato

(15)

Carbonia (CA)

Polizia di Stato

(16)

Castellammare di Stabia (NA)

Polizia di Stato

(17)

Castellammare del Golfo (TP)

Polizia di Stato

(18)

Catania

Polizia di Stato

(19)

Chioggia (VE)

Polizia di Stato

(20)

Civitavecchia (RM)

Polizia di Stato

(21)

Corigliano Calabro (CS)

Polizia di Stato

(22)

Crotone (KR)

Polizia di Stato

(23)

Duino Aurisina (TS)

Polizia di Stato

(24)

Finale Ligure (SV)

Carabinieri

(25)

Fiumicino (RM)

Polizia di Stato

(26)

Formia (LT)

Polizia di Stato

(27)

Gaeta (LT)

Polizia di Stato

(28)

Gallipoli (LE)

Polizia di Stato

(29)

Gela (CL)

Polizia di Stato

(30)

Genova (GE)

Polizia di Stato

(31)

Gioia Tauro (RC)

Polizia di Stato

(32)

Giulianova (TE)

Polizia di Stato

(33)

Grado (GO)

Carabinieri

(34)

Ischia (NA)

Polizia di Stato

(35)

La Maddalena (SS)

Carabinieri

(36)

La Spezia

Polizia di Stato

(37)

Lampedusa (AG)

Polizia di Stato

(38)

Lerici (SP)

Carabinieri

(39)

Levanto (SP)

Carabinieri

(40)

Licata (AG)

Polizia di Stato

(41)

Lignano Sabbiadoro (VE)

Carabinieri

(42)

Lipari (ME)

Carabinieri

(43)

Livorno

Polizia di Stato

(44)

Loano (SV)

Carabinieri

(45)

Manfredonia (FG)

Polizia di Stato

(46)

Marciana Marina (LI)

Carabinieri

(47)

Marina di Carrara (MS)

Polizia di Stato

(48)

Marsala (TP)

Polizia di Stato

(49)

Mazara del Vallo (TP)

Polizia di Stato

(50)

Messina

Polizia di Stato

(51)

Milazzo (ME)

Polizia di Stato

(52)

Molfetta (BA)

Carabinieri

(53)

Monopoli (BA)

Polizia di Stato

(54)

Muggia (TS)

Polizia di Stato

(55)

Napoli

Polizia di Stato

(56)

Olbia

Polizia di Stato

(57)

Oneglia (IM)

Polizia di Stato

(58)

Oristano

Polizia di Stato

(59)

Ortona (CH)

Carabinieri

(60)

Ostia (RM)

Polizia di Stato

(61)

Otranto (LE)

Polizia di Stato

(62)

Palau (SS)

Carabinieri

(63)

Palermo

Polizia di Stato

(64)

Pantelleria (TP)

Carabinieri

(65)

Pesaro

Polizia di Stato

(66)

Pescara

Polizia di Stato

(67)

Piombino (LI)

Polizia di Stato

(68)

Porto Azzurro (LI)

Carabinieri

(69)

Porto Cervo (SS)

Polizia di Stato

(70)

Porto Empedocle (AG)

Polizia di Stato

(71)

Porto Ferraio (LI)

Polizia di Stato

(72)

Porto Nogaro (UD)

Carabinieri

(73)

Porto Tolle (RO)

Polizia di Stato

(74)

Porto Torres (SS)

Polizia di Stato

(75)

Porto Venere (SP)

Carabinieri

(76)

Portofino (GE)

Carabinieri

(77)

Pozzallo (RG)

Carabinieri

(78)

Pozzuoli (NA)

Polizia di Stato

(79)

Rapallo (GE)

Polizia di Stato

(80)

Ravenna

Polizia di Stato

(81)

Reggio di Calabria

Polizia di Stato

(82)

Rimini

Polizia di Stato

(83)

Rio Marina (LI)

Carabinieri

(84)

Riposto (CT)

Carabinieri

(85)

Ronchi dei Legionari – Monfalcone (GO)

Polizia di Stato

(86)

Santa Margherita Ligure (GE)

Carabinieri

(87)

Sanremo (IM)

Polizia di Stato

(88)

Santa Maria di Leuca (LE)

Polizia di Stato

(89)

Santa Teresa di Gallura (SS)

Polizia di Stato

(90)

San Benedetto del Tronto (AP)

Polizia di Stato

(91)

Salerno

Polizia di Stato

(92)

Savona

Polizia di Stato

(93)

Siracusa

Polizia di Stato

(94)

Sorrento (NA)

Polizia di Stato

(95)

Taormina (ME)

Polizia di Stato

(96)

Taranto

Polizia di Stato

(97)

Termini Imerese (PA)

Polizia di Stato

(98)

Termoli (CB)

Polizia di Stato

(99)

Terracina (LT)

Polizia di Stato

(100)

Torre Annunziata (NA)

Polizia di Stato

(101)

Tortolì (NU)

Polizia di Stato

(102)

Torviscosa (UD)

Carabinieri

(103)

Trani (BA)

Polizia di Stato

(104)

Trapani

Polizia di Stato

(105)

Trieste

Polizia di Stato

(106)

Varazze (SV)

Carabinieri

(107)

Vasto (CH)

Polizia di Stato

(108)

Venezia

Polizia di Stato

(109)

Viareggio (LU)

Polizia di Stato

(110)

Vibo Valentia Marina (VV)

Polizia di Stato

Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo

IO C 247, 13.10. 2006, lch. 25.

IO C 77, 5.4. 2007, lch. 11.

IO C 153, 6.7. 2007, lch. 22.

IO C 164, 18.7. 2008, lch. 45.

IO C 316, 28.12.2007, lch. 1.

IO C 134, 31.5.2008, lch. 16.

IO C 177, 12.7.2008, lch. 9.

IO C 200, 6.8.2008, lch. 10.

IO C 331, 31.12.2008, lch. 13.

IO C 3, 8.1.2009, lch. 10.

IO C 37, 14.2.2009, lch. 10.

IO C 64, 19.3.2009, lch. 20.

IO C 99, 30.4.2009, lch. 7.

IO C 229, 23.9.2009, lch. 28.

IO C 263, 5.11.2009, lch. 22.

IO C 298, 8.12.2009, lch. 17.

IO C 74, 24.3.2010, lch. 13.

IO C 326, 3.12.2010, lch. 17.

IO C 355, 29.12.2010, lch. 34.

IO C 22, 22.1.2011, lch. 22.

IO C 37, 5.2.2011, lch. 12.

IO C 149, 20.5.2011, lch. 8.

IO C 190, 30.6.2011, lch. 17.

IO C 203, 9.7.2011, lch. 14.

IO C 210, 16.7.2011, lch. 30.

IO C 271, 14.9.2011, lch. 18.

IO C 356, 6.12.2011, lch. 12.

IO C 111, 18.4.2012, lch. 3.

IO C 183, 23.6.2012, lch. 7.

IO C 313, 17.10.2012, lch. 11.

IO C 394, 20.12.2012, lch. 22.

IO C 51, 22.2.2013, lch. 9.

IO C 167, 13.6.2013, lch. 9.

IO C 242, 23.8.2013, lch. 2.

IO C 275, 24.9.2013, lch. 7.

IO C 314, 29.10.2013, lch. 5.

IO C 324, 9.11.2013, lch. 6.

IO C 57, 28.2.2014, lch. 4.

IO C 167, 4.6.2014, lch. 9.

IO C 244, 26.7.2014, lch. 22.

IO C 332, 24.9.2014, lch. 12.

IO C 420, 22.11.2014, lch. 9.

IO C 72, 28.2.2015, lch. 17.

IO C 126, 18.4.2015, lch. 10.

IO C 229, 14.7.2015, lch. 5.

IO C 341, 16.10.2015, lch. 19.

IO C 84, 4.3.2016, lch. 2.

IO C 236, 30.6.2016, lch. 6.

IO C 278, 30.7.2016, lch. 47.

IO C 331, 9.9.2016, lch. 2.

IO C 401, 29.10.2016, lch. 4.

IO C 484, 24.12.2016, lch. 30.

IO C 32, 1.2.2017, lch. 4.

IO C 74, 10.3.2017, lch. 9.

IO C 120, 13.4.2017, lch. 17.

IO C 152, 16.5.2017, lch. 5.

IO C 411, 2.12.2017, lch. 10.

IO C 31, 27.1.2018, lch. 12.

IO C 261, 25.7.2018, lch. 6.

IO C 264, 26.7.2018, lch. 8.

IO C 368, 11.10.2018, lch. 4.

IO C 459, 20.12.2018, lch. 40.

IO C 43, 4.2.2019, lch. 2.

IO C 64, 27.2.2020, lch. 17.

IO C 231, 14.7. 2020, lch. 2.

IO C 58, 18.2.2021, lch. 35.

IO C 81, 10.3. 2021, lch. 27.

IO C 184, 12.5. 2021, lch. 8.

IO C 219, 9.6. 2021, lch. 9.

IO C 279, 13.7. 2021, lch. 4.

IO C 290, 20.7. 2021, lch. 10.

IO C 380, 20.9. 2021, lch. 3.

IO C 483, 1.12. 2021, lch. 19.

IO C 201, 18.5. 2022, lch. 82.

IO C 229, 14.6. 2022, lch. 8.

IO C 241, 24.6. 2022, lch. 6.

IO C 286, 27.7. 2022, lch. 33.

IO C 335, 2.9.2022, lch. 15.

IO C 202, 9.6.2023, lch. 33.

IO C 290, 18.8.2023, lch. 27.

IO C 298, 23.08.2023, lch. 6.


(1)  Féach liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo ag deireadh an nuashonraithe seo.

(2)   IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 334/10


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11281 – GOLDMAN SACHS / CHARLESBANK CAPITAL PARTNERS / WORLD INSURANCE ASSOCIATES)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 334/05)

1.   

An 13 Meán Fómhair 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Charlesbank Capital Partners, LLC (‘Charlesbank’, SAM),

Goldman Sachs Asset Management, LP (‘Goldman Sachs Asset Management’, SAM), faoi rialú Goldman Sachs Group, Inc (SAM),

World Insurance Associates, LLC (‘World Insurance Associates’, SAM), faoi rialú aonair Charlesbank.

Gheobhaidh Charlesbank Capital Partner agus Goldman Sachs Asset Management rialú comhpháirteach ar World Insurance Associates de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is gnólacht cothromais phríobháidigh é Charlesbank a bhfuil cuideachtaí punainne aige atá gníomhach i seirbhísí gnó, i réimse an tomhaltóra, i gcúram sláinte, i dtionsclaíocht, i dteicneolaíocht agus sa bhonneagar teicneolaíochta, go príomha i Meiriceá Thuaidh,

Soláthraíonn Goldman Sachs Asset Management seirbhísí infheistíochta agus comhairleacha ar fud margaí poiblí agus príobháideacha d’institiúidí idirnáisiúnta, do chomhairleoirí airgeadais agus do dhaoine aonair.

3.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó World Insurance Associates: bróicéireacht árachais atá speisialaithe i línte árachais pearsanta agus tráchtála, in urra agus i mbannú, i sochair fostaithe, i seirbhísí airgeadais agus scoir, agus i réitigh bainistíochta caipitil dhaonna.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11281 – GOLDMAN SACHS / CHARLESBANK CAPITAL PARTNERS / WORLD INSURANCE ASSOCIATES

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 334/12


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11177 – PFIZER / SEAGEN)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 334/06)

1.   

An 14 Meán Fómhair 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1) agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán sin.

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Pfizer Inc. (‘Pfizer’) (SAM),

Seagen Inc. (‘Seagen’) (SAM).

Gheobhaidh Pfizer rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Seagen.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta cógaisíochta é Pfizer atá gníomhach ar fud an domhain i dtaighde, i bhforbairt, i monarú agus i margaíocht cógas i réimsí éagsúla, lena n-áirítear oinceolaíocht,

Is cuideachta bhiteicneolaíochta é SeaGen a fhorbraíonn agus a dhéanann tráchtálú ar theiripí spriocdhírithe chun an ailse a chóireáil. Is san oinceolaíocht amháin a dhéantar iarrachtaí SeaGen.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11177 – PFIZER / SEAGEN

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: mailto: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).


22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 334/13


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10507 – Hitachi Rail / Thales GTS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 334/07)

1.   

An 14 Meán Fómhair 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Hitachi Rail, Ltd. (‘Hitachi Rail’, an Ríocht Aontaithe), atá faoi rialú Hitachi, Ltd. (an tSeapáin),

The Ground Transportation Systems business of Thales S.A. (‘Thales GTS’, an Fhrainc).

Gheobhaidh Hitachi Rail rialú ar Thales GTS ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

Cuireadh an comhchruinniú céanna in iúl don Choimisiún cheana an 4 Deireadh Fómhair 2022, ach tarraingíodh an fógra siar ina dhiaidh sin an 3 Samhain 2022.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is soláthraí gníomhach domhanda é Hitachi Rail de réitigh iompair lena n-áirítear rothstoc, córais chomharthaíochta, réitigh lándéanta, seirbhísí cothabhála agus comhpháirteanna,

Is soláthraí gníomhach domhanda é Thales GTS de chórais comharthaíochta iarnróid agus rialaithe traenach, córais teileachumarsáide agus maoirseachta agus réitigh bailithe táillí.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10507 – Hitachi Rail / Thales GTS

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: mailto:COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).


22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 334/14


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

Cás M.10926 – FARFETCH / RICHEMONT / YNAP

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 334/08)

1.   

An 15 Meán Fómhair 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Farfetch Limited (‘Farfetch’) (an Ríocht Aontaithe),

Compagnie Financière Richemont S.A. (‘Richemont) (an Eilvéis),

YOOX Net-A-Porter Group S.p.A. (‘YNAP’) (an Iodáil), de chuid Richemont.

Gheobhaidh Farfetch agus Richemont comhrialú ar YNAP de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is ardán domhanda don tionscal faisin só é Farfetch atá gníomhach i soláthar miondíola na só-earraí pearsanta, den chuid is mó trína mhargadh agus sraith de siopaí miondíola. Tá Farfetch gníomhach freisin i soláthar seirbhísí ríomhthráchtála do bhrandaí.

Is cuideachta shealbhaíochta é Richemont atá comhdhéanta de 26 brandaí só pearsanta (‘Richemont Maisons’), lena n-áirítear Cartier, Van Cleef & Arpels, Montblanc, Alfred Dunhill agus IWC Schaffhausen chomh maith le YNAP.

Is miondíoltóir domhanda na só-earraí pearsanta ar líne é YNAP a sholáthraíonn rogha coimeádaithe na só-earraí faisin trína sraith féin de siopaí ar líne (Net-A-Porter, Mr Porter, YOOX agus The Outnet). Tá YNAP gníomhach freisin i soláthar seirbhísí ríomhthráchtála do bhrandaí.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10926 – FARFETCH / RICHEMONT / YNAP

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: mailto:COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).


Top