This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 512c1d40-1776-11ef-a251-01aa75ed71a1
Regulation (EU) No 1257/2013 of the European Parliament and of the Council of 20 November 2013 on ship recycling and amending Regulation (EC) No 1013/2006 and Directive 2009/16/EC (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02013R1257 — GA — 20.05.2024 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1257/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 330 10.12.2013, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
CINNEADH (AE) 2018/853 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Bealtaine 2018 |
L 150 |
155 |
14.6.2018 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2024/1157 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Aibreán 2024 |
L 1157 |
1 |
30.4.2024 |
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1257/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Samhain 2013
maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TEIDEAL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar agus aidhm
Is éard is aidhm don Rialachán seo, na tionóiscí, na gortuithe agus na héifeachtaí díobhálacha eile atá ag athchúrsáil long ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a chosc, a laghdú, a íoslaghdú agus a oiread is féidir go praiticiúil, a dhíchur. Is éard is aidhm an Rialacháin seo an tsábháilteacht a fheabhsú mar aon le sláinte an duine agus comhshaol muirí an Aontais a chosaint le linn saolré loinge, go háirithe lena áirithiú go mbeidh dramhaíl ghuaiseach ó athchúrsáil long den sórt sin faoi réir bainistiú a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Leis an Rialachán seo, freisin, leagtar síos rialacha chun bainistiú ceart na n-ábhar guaiseach ar longa a áirithiú.
Dírítear sa Rialachán seo freisin ar dhaingniú Choinbhinsiun Idirnáisiúnta Hong Cong maidir le hAthchúrsáil Long ar Bhealach Sábháilte agus Neamhdhíobhálach don Chomhshaol (“Coinbhinsiún Hong Cong”) a éascú.
Airteagal 2
Raon feidhme
Beidh feidhm ag Airteagal 12 maidir le longa a bheidh faoi bhratach tríú tíre agus a stopfaidh ag calafort nó ancaireacht Ballstáit.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na longa seo a leanas:
longa cogaidh, longa cúntacha cabhlaigh ná longa eile ar le stát iad nó a oibríonn stát agus a bheidh á n-úsáid, i láthair na huaire sin, chun seirbhísí neamhthráchtála rialtais a chur ar fáil, agus chuige sin amháin;
longa a bhfuil níos lú ná 500 olltonnáiste (GT) iontu;
longa nach n-oibreoidh le linn a saolré ach in uiscí a bheidh faoi réir cheannasacht nó dhlínse an Bhallstáit a mbeidh an long faoina bhratach.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “long” gach cineál soithí a oibríonn nó a d’oibrigh sa mhuirthimpeallacht, lena n-áirítear soithí intumtha, soithí snámha, árdáin snámha, árdáin fhéinardaithe, Aonaid Snámha Stórála (FSUanna) agus Aonaid Snámha Táirgthe, Stórála agus Díluchtaithe (FPSOanna) chomh maith le soitheach ar baineadh a cuid trealaimh díobh nó aon soitheach atá ar tarraingt;
ciallaíonn “long nua”:
long a gcuirfear conradh tógála ar bun ina leith an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm nó ina dhiaidh sin; nó
i gcás nach bhfuil aon chonradh tógála ina leith ann, long a bhfuil a cíle leagtha nó atá i riocht comhchosúil déanmhais, sé mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm nó ina dhiaidh sin; nó
déantar an seachadadh tríocha mí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm nó ina dhiaidh sin;
ciallaíonn “tancaer” tancaer ola mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Thruailliú ó Longa a Chosc (“Coinbhinisiún Marpol”) é nó tancaer a bhfuil substaintí leachtacha urchóideacha ar bord mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin iad;
ciallaíonn “ábhar guaiseach” aon ábhar nó substaint is baolach a bheith ina chúis guaise do shláinte an duine agus/nó don chomhshaol;
ciallaíonn “dramhaíl a ghintear le linn oibriú” fuíolluisce agus fuíll a ghintear ó ghnáthoibríocht long faoi réir cheanglais Choinbhinsiún Marpol;
ciallaíonn “athchúrsáil long” an ghníomhaíocht arb éard í lán-díchóimeáil nó páirt-díchóimeáil long i saoráid athchúrsála long d’fhonn comhpháirteanna agus ábhar a ghnóthú lena n-athphróiseáil lena n-ullmhú don athúsáid nó lena n-athúsáid, agus bainistiú ábhar guaiseach agus ábhar eile a áirithiú, agus áirítear leis sin oibríochtaí gaolmhara amhail stóráil agus cóireáil comhpháirteanna agus ábhar ar an láthair, ach ní áirítear a bpróiseáil ná a ndiúscairt ina dhiaidh sin i saoráidí ar leith;
ciallaíonn “saoráid athchúrsála long” limistéar sainithe ar clós nó saoráid é agus atá lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír agus a úsáidtear chun longa a athchúrsáil;
ciallaíonn “comhlacht athchúrsála long” úinéir na saoráide athchúrsála long nó aon eagraíocht eile nó aon duine eile a ghlac chuige freagracht na gníomhaíochta athchúrsála long ó úinéir na saoráide athchúrsála long;
ciallaíonn “roinn riaracháin” údarás rialtasach a rinne Ballstát a ainmniú mar údarás atá freagrach as cúraimí a bhaineann le longa atá faoina bhratach nó le longa a oibríonn faoina údarás;
ciallaíonn “eagraíocht aitheanta” eagraíocht a aithnítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
ciallaíonn “údarás inniúil” údarás rialtasach nó údaráis rialtasacha arna ainmniú ag Ballstát nó ag tríú tír le bheith freagrach, laistigh de limistéar geografach nó laistigh de réimse saineolais, as saoráidí athchúrsála longa, a bhaineann le gach oibríocht faoi dhlínse an stáit sin;
ciallaíonn “olltonnáiste” an t-olltonnáiste a ríomhtar i gcomhréir leis na rialacha maidir le tonnáiste a thomhas atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Tonnáiste Long a Thomhas, 1969, nó i gcomhréir leis na rialacha a bheidh in aon choinbhinsiún a ghlacfaidh a ionad;
ciallaíonn “duine inniúil” duine a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha, oiliúint oiriúnach agus eolas, taithí agus scil leordhóthanach aige chun an obair i gceist a dhéanamh;
ciallaíonn “úinéir loinge” an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá cláraithe mar úinéir na loinge, lena n-áirítear an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach ar leis an long ar feadh tréimhse teoranta fad is atá a díol le saoráid athchúrsála long nó a aistriú chuig saoráid athchúrsála long ar feitheamh, nó de cheal clárú, an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach ar leis an long nó aon eagraíocht eile nó aon duine eile, amhail an bainisteoir nó cairtfhostóir lánchostais, a ghlac chuige an fhreagracht an long a oibriú ó úinéir na loinge, mar aon leis an duine dlítheanach a oibríonn long atá faoi úinéireacht stáit;
ciallaíonn “suiteáil nua” suiteáil córas, trealaimh, inslithe nó ábhair eile ar long tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm;
ciallaíonn “plean athchúrsála long” plean arna fhorbairt ag oibreoir na saoráide athchúrsála loinge do gach long shonrach atá le hathchúrsáil faoina fhreagracht agus treoirlínte ábhartha agus rúin ábhartha IMO á gcur san áireamh;
ciallaíonn “plean saoráide athchúrsála long” plean arna ullmhú ag oibreoir na saoráide athchúrsála long agus a ghlacfaidh an Bord nó an comhlacht iomchuí rialaithe don chuideachta athchúrsála long ina gcuirtear síos ar na próisis oibríochtúla agus na nósanna imeachta oibríochtúla a bhaineann le hathchúrsáil long ag an tsaoráid athchúrsála long agus lena gclúdófar go háirithe sábháilteacht agus oiliúint d’oibreoirí, sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, ról agus freagracht an phearsanra, ullmhacht i gcás práinne agus freagairt agus córais fhaireacháin, tuairisciú agus taifead a choimeád agus treoirlínte agus rúin ábhartha IMO á gcur san áireamh;
ciallaíonn “sábháilte chun dul isteach” spás lena gcomhlíontar na critéir uile seo a leanas:
tá an cion ocsaigine san atmaisféar agus tiús na ngal inlasta laistigh de theorainneacha sábháilte;
tá aon ábhar tocsaineach san atmaisféar laistigh de thiúis incheadaithe;
ní bheidh mar thoradh ar aon iarmhar ná ar aon ábhar a bhaineann leis an obair a údaraíonn an duine inniúil, má choimeádtar mar atá siad, scaoileadh neamhrialaithe d’ábhair thocsaineacha ná tiús neamhshábháilte de ghala inlasta, faoi na dálaí atmaisféaracha má a choimeádtar amhlaidh iad de réir na dtreoracha;
ciallaíonn “sábháilte chun obair the a dhéanamh” spás lena gcomhlíontar na critéir uile seo a leanas:
tá dálaí atmaisféaracha sábháilte neamhphléascach ann, gan aon ghás ann go háirithe, chun trealamh stuatháthaithe leictrigh nó trealamh gástáthaithe, trealamh gearrtha nó dóite nó cineálacha eile lasracha gan chosaint a úsáid agus oibríochtaí téimh, meilte nó spréachghiniúna a dhéanamh;
tá na critéir “sábháilte chun dul isteach” a leagtar amach i bpointe 18 comhlíonta;
ní thiocfaidh athrú ar na dálaí atmaisféaracha mar thoradh ar an obair the;
rinneadh glanadh ar gach áit chóngarach, rinneadh támh iad nó rinneadh cóireáil leordhóthanach orthu sa tslí is go gcuirfear cosc ar bhriseadh amach nó leathnú dóiteán;
ciallaíonn “dearbhú bailchríche” dearbhú deimhniúcháin a eisíonn oibreoir na saoráide athchúrsála long gur cuireadh bailchríoch ar an athchúrsáil long i gcomhréir leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “deimhniú fardail” deimhniú is sonrach do long arna eisiúint do longa i gcomhréir le hAirteagal 9, agus atá á fhorlíonadh ag fardal ábhar guaiseach i gcomhréir le hAirteagal 5;
ciallaíonn “deimhniú ullmhachta chun athchúrsála” deimhniú is sonrach do long arna eisiúint do longa atá faoi bhratach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(9) agus a mbeidh fardal ábhar guaiseach ag gabháil leis i gcomhréir le hAirteagal 5(7) agus an plean athchúrsála long a fhormheasfar i gcomhréir le hAirteagal 7;
ciallaíonn “ráiteas maidir le comhlíonadh” deimhniú is sonrach do long, ar ráiteas é a eisítear do longa atá faoi bhratach tríú tíre, agus a bhfuil fardal ábhar guaiseach ag gabháil leis i gcomhréir le hAirteagal 12;
ciallaíonn “tonnaí toillíochta éadroime (LDT)” meáchan loinge i dtonnaí gan lastas, gan bhreosla, gan ola bhealaithe in umair stórála, gan uisce ballasta, gan fhionnuisce, gan uisce fotha, gan tomhaltáin, gan phaisinéirí, gan chriú ná a mhaoin phearsanta agus is éard atá i gceist leis suim mheáchan chabhlach, struchtúr, innealra, threalamh agus fheisteas na loinge.
►M2 Chun críocha Airteagal 6(2)(a), Airteagal 7(2)(d) agus Airteagail 13, 15 agus 16, ◄
tá le “dramhaíl”, “dramhaíl ghuaiseach”, “cóireáil”, agus “bainistiú dramhaíola” an bhrí chéanna agus atá leo in Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;
ciallaíonn “cigireacht láithreáin” cigireacht ar an tsaoráid athchúrsála long lena ndéantar meastóireacht an bhfuil na dálaí arb ann dóibh ar an láithreán comhseasmhach leis na dálaí a bhfuil tuairisc orthu sna doiciméid a fíoraíodh;
ciallaíonn “oibrí” aon duine a dhéanann obair, is cuma cé acu obair rialta nó shealadach í, i gcomhthéacs caidrimh fostaíochta, lena n-áirítear baill foirne a oibríonn do chonraitheoirí agus d’fhochonraitheoirí;
ciallaíonn “bainistiú neamhdhíobhálach don chomhshaol” gach céim phraiticiúil a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl agus ábhair ghuaiseacha a bhainistiú ar bhealach ina ndéanfar sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint i gcoinne na n-éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh bheith ann mar thoradh ar na hábhair agus an dramhaíl sin.
Gan dochar do Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), féadfaidh an t-údarás inniúil na critéir iomchuí a shainiú chun na daoine sin a ainmniú agus féadfaidh sé na cúraimí a bheidh le sannadh dóibh a chinneadh.
TEIDEAL II
LONGA
Airteagal 4
Ábhair ghuaiseacha a rialú
Cuirfear cosc nó teorainn ar ábhair ghuaiseacha a shuiteáil nó a úsáid ar longa ar ábhair iad dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, faoi mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, gan dochar do cheanglais dhlí ábhartha eile an Aontais lena bhféadfaí bearta breise a éileamh.
Airteagal 5
Fardal na n- ábhar guaiseach
I gcás long a bheidh ag imeacht lena n-athchúrsáil, comhlíonfaidh siad mír 1 den Airteagal seo a mhéid is féidir ón dáta a bhfoilseofar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long (“an Liosta Eorpach”) mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) é.
Faoi réir phointe (b) d’Airteagal 32(2), nuair a fhorbrófar fardal na n-ábhar guaiseach, déanfar na hábhair ghuaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar a laghad, a shainaithint.
Maidir le fardal na n-ábhar guaiseach:
bainfidh sé le long faoi leith;
beidh sé ina fhianaise go bhfuil an long ag urramú an toirmisc nó na srianta ar shuiteáil nó ar úsáid ábhar guaiseach i gcomhréir le hAirteagal 4;
beidh treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh nuair a bheidh sé á chur le chéile;
fíoróidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údarófar í.
Beidh trí chuid i bhfardal na n-ábhar guaiseach:
liosta ábhar guaiseach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, i gcomhréir le forálacha mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo, agus a bheidh i struchtúr nó i dtrealamh na loinge, an áit a mbeidh siad, agus garmheastachán ar a gcainníochtaí (Cuid I);
liosta den dramhaíl a ghinfear le linn oibrithe a bheidh ar bord na loinge (Cuid II);
liosta de na stórais a bheidh ar bord na loinge (Cuid III);
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe eile maidir le gach substaint a bheidh le cur isteach in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn II nó le scrios uathu.
Airteagal 6
Ceanglais ghinearálta d’úinéirí long
Agus long á hullmhú lena cur le haghaidh athchúrsála, déanfaidh úinéirí long an méid a leanas:
an fhaisnéis go léir is ábhartha don long a chur ar fáil d’oibreoir na saoráide athchúrsála long, ar faisnéis í a mbeidh gá léi chun an plean athchúrsála long a leagtar amach le hAirteagal 7 a fhorbairt;
fógra i scríbhinn a thabhairt don roinn riaracháin is ábhartha, laistigh de scála ama a bheidh le cinneadh ag an roinn riaracháin sin, faoin rún an long a athchúrsáil i saoráid shonrach athchúrsála long nó i saoráidí sonracha athchúrsála long. Beidh an méid a leanas ar a laghad san áireamh san fhógra:
fardal na n-ábhar guaiseach; agus
an fhaisnéis go léir is ábhartha don long a chuirfear ar fáil faoi phointe (a).
Áiritheoidh úinéirí long go mbeidh an méid atá thíos fíor faoi na longa a bheidh le hathchúrsáil:
nach ndéantar iad a athchúrsáil ach amháin i saoráidí athchúrsála long a áirítear sa Liosta Eorpach agus, i gcás longa a meastar gur dramhaíl ghuaiseach iad, atá lonnaithe i limistéar atá faoi dhlínse náisiúnta Ballstáit agus a onnmhairítear ón Aontas, ag na saoráidí sin amháin a áirítear ar an Liosta Eorpach atá lonnaithe i dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel;
le linn na tréimhse sula rachaidh an long isteach sa tsaoráid athchúrsála long, go n-oibreofar iad sa tslí go laghdófar a oiread is féidir a mbeidh fágta ar bord d’iarmhar lasta, d’ola breosla agus de dhramhaíl a gineadh le linn oibriú na loinge;
go mbeidh deimhniú ullmhachta chun athchúrsála acu a eiseoidh an roinn riaracháin nó eagraíocht aitheanta a údaróidh sí sula ndéanfar aon athchúrsáil ar an long, agus tar éis an plean athchúrsála long arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 7(3) a fháil.
Airteagal 7
Plean athchúrsála long
Maidir leis an bplean athchúrsála long:
is é oibreoir na saoráide athchúrsála long féin a fhorbróidh an plean i gcomhréir le forálacha ábhartha Choinbhinsiún Hong Cong, agus treoirlínte ábhartha IMO agus an fhaisnéis is abhartha don long a sholáthraíonn úinéir na loinge i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(a) á gcur san áireamh, chun go mbeidh a bhfuil ann comhleanúnach leis an bhfaisnéis san fhardal ábhar guaiseach;
tabharfar soiléiriú ann an ndéanfar, agus a mhéad a dhéanfar, aon obair réamhullmhúcháin — amhail réamhchóireáil, guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus stórais a bhaint — ag ionad nach í an tsaoráid athchúrsála long í a luafar sa phlean athchúrsála long. Ba cheart go gcuimseofaí sa phlean athchúrsála long an t-ionad ina mbeidh an long féin á stáitsiú le linn oibríochtaí athchúrsála mar aon le plean achomair maidir le rochtain agus stáitsiú sábháilte na loinge faoi leith a bheidh le hathchúrsáil;
ba cheart go gcuimseofaí ann faisnéis maidir le bunú, agus coinneáil ar bun na gcoinníollacha “sábháilte chun dul isteach” agus “sábháilte chun obair theasa a dhéanamh” i leith na loinge faoi leith agus maidir le faireachán a dhéanamh orthu, agus sainghnéithe amhail a struchtúr, a cumraíocht agus a lasta roimhe seo á gcur san áireamh, agus aon fhaisnéis riachtanach eile maidir le modh cur chun feidhme an phlean athchúrsála long;
beidh faisnéis ann maidir le cineál agus méid na n-ábhar guaiseach agus na dramhaíola a ghinfidh long-athchúrsáil na loinge faoi leith, lena n-áirítear na hábhair sin agus an dramhaíl a shainaithneofar san fhardal ábhar guaiseach, agus maidir leis an gcaoi a gcóireálfar agus a stórálfar iad sa tsaoráid athchúrsála long agus i saoráidí eile ina dhiaidh sin; agus
ullmhófar plean ar leith do gach saoráid athchúrsála long lena mbaineann, i bprionsabal, i gcás ina n-úsáidfear níos mó ná saoráid athchúrsála long amháin, agus sainaithneofar ord na húsáide ann chomh maith leis na gníomhaíochtaí a údaraíodh agus a dhéanfar sna saoráidí sin.
Beidh formheas sainráite ann nuair a sheolfaidh an t-údarás inniúil fógra i scríbhinn faoina chinneadh maidir leis an bplean athchúrsála long chuig oibreoir na saoráide athchúrsála long, chuig úinéir na loinge agus chuig an roinn riaracháin.
Féadfar glacadh leis go bhfuil formheas intuigthe ann mura dtabharfaidh an t-údarás inniúil fógra i scríbhinn faoi aon agóid in aghaidh an phlean athchúrsála long d’oibreoir na saoráide athchúrsála long, d’úinéir na loinge ná don roinn riaracháin laistigh de thréimhse athbhreithnithe a leagfar síos i gcomhréir le ceanglais an stáit ina bhfuil an tsaoráid athchúrsála long, i gcás inarb fheidhme, agus a dtabharfar an fógra faoi i gcomhréir le hAirteagal 15(2)(b).
Féadfaidh Ballstáit a cheangal ar a gcuid rann riaracháin an fhaisnéis a chuirfidh úinéir na loinge ar fáil de bhun Airteagal 6(1)(b) agus na sonraí seo a leanas a sheoladh chuig údarás inniúil an stáit ina bhfuil an tsaoráid athchúrsála long lonnaithe:
an dáta ar cláraíodh an long sa stát a bhfuil a bhratach ar foluain aici;
uimhir aitheantais na loinge (uimhir IMO);
an uimhir cabhlach i gcás ina ndéanfar long nua a sheachadadh;
ainm agus cineál na loinge;
an calafort lena bhfuil an long cláraithe;
ainm agus seoladh an úinéara long agus uimhir aitheantais IMO an úinéara chláraithe;
ainm agus seoladh na cuideachta;
ainm aon chomhlacht aicmiúcháin a bhfuil an long cláraithe leo;
príomhthréithe na loinge (Fad iomlán (LOA), Leithead (Múnlaithe), Doimhneacht (Múnlaithe), Tonnaí Toillíochta Éadroime (LDT), Olltonnáiste agus Glantonnáiste, agus cineál agus rátáil an innill).
Airteagal 8
Suirbhéanna
I gcás ina mbainfidh roinn riaracháin leas as eagraíochtaí aitheanta chun suirbhéanna a dhéanamh, mar a léirítear i mír 1 é, tabharfaidh sí an chumhacht d’eagraíochtaí aitheanta den sórt sin an méid seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:
Beidh longa faoi réir na suirbhéanna seo a leanas:
suirbhé tosaigh;
suirbhé athnuachana;
suirbhé breise;
suirbhé deiridh.
Fíorófar an méid seo a leanas leis an suirbhé sin:
go gcomhlíonann fardal na n-ábhar guaiseach ceanglais Airteagal 5;
gur léiriú ceart é an plean athchúrsála long ar an bhfaisnéis atá i bhfardal na n-ábhar guaiseach agus go gcomhlíonann sé ceanglais Airteagal 7;
go n-áirítear sa Liosta Eorpach an tsaoráid athchúrsála long ina bhfuil an long le hathchúrsáil.
Airteagal 9
Deimhnithe a eisiúint agus a fhormhuiniú
I gcás ina ndéanfar an suirbhé tosaigh agus an suirbhé deiridh ag an am céanna dá bhforáiltear in Airteagal 8(8), ní eiseofar ach an deimhniú ullmhachta chun athchúrsála, dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe chun formáid an deimhnithe fardail a bhunú d’fhonn a áirithiú go mbeidh sé i gcomhréir le hAguisín 3 a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25 den Rialachán seo.
Faoi réir mhír 4, déanfaidh roinn riaracháin nó an eagraíocht aitheanta a údaróidh sí, de réir mar is iomchuí, deimhniú fardail a eisiúint nó a fhormhuiniú, de réir mar is iomchuí, i gcás ina gcuirtear an suirbhé athnuachana i gcrích go rathúil:
laistigh den tréimhse trí mhí roimh dháta dhul in éag don deimhniú fardail atá ann cheana, agus beidh an deimhniú nua bailí ó dháta chur i gcrích an tsuirbhé athnuachana go dtí dáta nach déanaí ná cúig bliana ó dháta éaga an deimhnithe atá ann cheana;
tar éis dháta dhul in éag don deimhniú fardail atá ann cheana, agus beidh an deimhniú nua bailí ó dháta chur i gcrích an tsuirbhé athnuachana go dtí dáta nach déanaí ná cúig bliana ó dháta éaga an deimhnithe atá ann cheana;
níos mó ná trí mhí roimh dháta dhul in éag don deimhniú fardail atá ann cheana, agus beidh an deimhniú nua bailí ó dháta chur i gcrích an tsuirbhé athnuachana go dtí dáta nach déanaí ná cúig bliana ón dáta ar cuireadh an suirbhé athnuachana i gcrích.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe le go mbunófar formáid an deimhnithe ullmhachta chun athchúrsála d’fhonn a áirithiú go mbeidh sé i gcomhréir le hAguisín 4 a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25 den Rialachán seo. Glacfaidh na Ballstáit eile le deimhniú ullmhachta chun athchúrsála a eisítear tar éis suirbhé deiridh, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, agus measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go mbeidh sé ar aon bhailíocht le deimhniú ullmhachta chun athchúrsála a eiseoidh siad féin.
Airteagal 10
Fad agus bailíocht na ndeimhnithe
Scoirfidh deimhniú fardail a eiseofar nó a fhormhuineofar faoi Airteagal 9 den Rialachán seo de bheith bailí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
mura mbeidh an riocht ina bhfuil an long ag teacht, cuid mhaith, le sonraí an deimhnithe fardail, lena n-áirítear i gcás nach mbeidh Cuid I d’fhardal na n-ábhar guaiseach á choimeád mar is ceart ná á thabhairt cothrom le dáta mar is ceart, sa tslí go léireofar ann cibé athruithe a rinneadh ar struchtúr agus ar threalamh na loinge, agus treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh;
i gcás nach gcríochnófar an suirbhé athnuachana laistigh de na heatraimh a shonraítear in Airteagal 8(5).
Airteagal 11
Rialú Stát an chalafoirt
Féadfaidh an t-údarás iomchuí a mbaineann gníomhaíochtaí rialaithe Stát an chalafoirt leis mionchigireacht a dhéanamh, agus treoirlínte IMO lena mbaineann á gcur san áireamh aige, i gcás nach mbeidh deimhniú bailí ar bord nó go mbeidh cúiseanna soiléire ann le ceann den dá ní seo a leanas a chreidiúint:
nach bhfuil riocht nó trealamh na loinge ag teacht, cuid mhaith, le sonraí an deimhnithe, le Cuid I den fhardal ábhar guaiseach, nó an dá rud; nó
nach gcuirtear aon nós imeachta chun feidhme ar bord na loinge le Cuid I den fhardal ábhar guaiseach a choimeád ar bun.
Airteagal 12
Ceanglais le haghaidh long a bheidh faoi bhratach tríú tír
In ainneoin na chéad fhomhíre, is féidir go gceadóidh údarás ábhartha Ballstáit rochtain ar chalafort nó ar ancaireacht ar leith i gcás force majeure nó cúinsí sáraitheacha sábháilteachta, nó chun an baol truaillithe a mhaolú nó a íoslaghdú nó chun uireasaí a cheartú, ar an gcoinníoll go mbeidh bearta leordhóthanacha curtha chun feidhme ag an úinéir, ag an oibreoir nó ag an máistir loinge chun sástachta údaráis ábhartha an Bhallstáit sin d’fhonn dul isteach sábháilte a áirithiú.
Déanfar úsáid na n-ábhar guaiseach, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, ar longa a bheidh faoi bhratach tríú tír, a thoirmisc nó a shrianadh, agus iad i gcalafort nó ar ancaireacht de chuid Bhallstáit, de réir mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, gan dochar do na díolúintí ná do na socruithe idirthréimhseacha is infheidhme maidir leis na na hábhair sin faoin dlí idirnáisiúnta.
TEIDEAL III
SAORÁIDÍ ATHCHÚRSÁLA LONG
Airteagal 13
Ceanglais riachtanacha maidir le saoráidí athchúrsála long atá le háireamh ar Liosta Eorpach
Chun go n-áireofar í sa Liosta Eorpach, comhlíonfaidh saoráid athchúrsála long na ceanglais seo a leanas, i gcomhréir le forálacha ábhartha Choinbhinsiún Hong Cong agus treoirlínte ábhartha IMO, EIS, Choinbhinsiún Basel agus Choinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Bhuanmharthanacha agus treoirlínte idirnáisiúnta eile á gcur san áireamh:
tá údarás aici óna húdaráis inniúla a cuid oibríochtaí athchúrsála long a dhéanamh;
tá a dearadh, a tógáil agus a hoibriú sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol;
oibríonn sí ar struchtúir a tógadh;
bunaíonn sí córais bainistíochta agus faireacháin, nósanna imeachta agus teicnící a bhfuil sé mar aidhm acu na nithe seo a leanas a chosc, a mhaolú, a íoslaghdú agus, a mhéid is féidir, a dhíothú:
rioscaí do shláinte na n-oibrithe lena mbaineann agus don daonra atá i gcomharsanacht na saoráide athchúrsála long; agus
éifeachtaí díobhálacha ar an gcomshaol arb í an athchúrsáil long is cionsiocair leo;
déanann sí plean saoráide athchúrsála long a ullmhú;
déanann sí éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus an chomhshaoil a chosc, lena n-áirítear smachtú ar aon sceitheadh a d’fhéadfadh bheith ann, i limistéir idirthaoideacha go háirithe, a thaispeáint;
déanann sí a áirithiú go ndéanfar ábhair ghuaiseacha agus dramhaíl a bhainistiú ar bhealach sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, lena n-áirítear:
rialú a dhéanamh ar gach ábhar guaiseach a bheidh ar bord le linn phróiseas athchúrsála long tríd síos, d’fhonn aon scaoileadh de na hábhair sin isteach sa chomhshaol a sheachaint; agus, fairis sin, gan ábhair ghuaiseacha agus dramhaíl a bheith á láimhseáil le linn phróiseas athchúrsála long ach amháin ar urláir neamhscagacha ag a mbeidh córais éifeachtacha draenála;
féachaint chuige go ndéanfar cibé dramhaíl a thiocfaidh as gníomhaíocht athchúrsála long, agus a cainníochtaí, a dhoiciméadú agus gur chuig saoráidí bainistithe dramhaíola amháin a aistreofar í, saoráidí a údarófar chun í a chóireáil gan sláinte an duine a chur i mbaol agus ar bhealach a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol;
déanann sí plean ullmhachta agus freagartha le haghaidh cásanna práinne a bhunú agus a choinneáil ar bun; féachaint chuige go mbeidh rochtain ag trealamh práinnfhreagartha, amhail trealamh agus feithiclí comhraicthe dóiteáin, otharchairr agus crainn tógála, ar an long agus ar gach limistéar sa tsaoráid athchúrsála long;
déanann sí soláthar a dhéanamh maidir le sábháilteacht agus oiliúint oibrithe, lena n-áirítear féachaint chuige go n-úsáidfear trealamh cosanta pearsanta le linn oibríochtaí ina mbeidh an trealamh sin ag teastáil;
déanann sí taifid a choinneáil ar theagmhais, ar óspairtí, ar ghalair cheirde agus ar éifeachtaí ainsealacha, agus arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla, tuairisc a thabhairt ar aon teagmhais, aon óspairtí, aon ghalair cheirde nó aon éifeachtaí ainsealacha a chuirfeadh sábháilteacht oibrithe, sláinte an duine nó an comhshaol i mbaol, nó a d’fhéadfadh iad a chur i mbaol;
aontaíonn sí go ndéanfaidh sí ceanglais mhír 2 a chomlíonadh.
Déanfaidh oibreoir saoráide athchúrsala long na méid seo a leanas:
an plean athchúrsála long a sheachadadh, a luaithe a bheidh sé formheasta i gcomhréir le hAirteagal 7(3), chuig úinéir na loinge agus an roinn riaracháin nó chuig eagraíocht aitheanta a údaróidh sí;
tuairisciú don roinn riaracháin go bhfuil an tsaoráid athchúrsála long réidh ar gach uile bhealach chun tús a chur le hathchúrsáil na loinge;
nuair a bheidh athchúrsáil iomlán nó pháirteach na loinge críochnaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, laistigh de 14 lá ó dháta na hathchúrsála iomláine nó páirtí i gcomhréir leis an bplean athchúrsála long, dearbhú a sheoladh chuig an roinn riaracháin a d’eisigh an deimhniú ullmhachta chun athchúrsála lena ndearbhófar go bhfuil an athchúrsáil críochnaithe. Beidh ag gabháil leis an dearbhú sin maidir le críochnú, beidh tuairisc ar aon teagmhais agus ar aon tionóiscí a rinne dochar do shláinte an duine agus/nó don chomhshaol, dá mba ann dóibh.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar:
formáid na tuairisce a cheanglaítear le pointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo le háirithiú go bhfuil sí i gcomhréir le hAguisín 6 a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong; agus
formáid na tuairisce a cheanglaítear le pointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo le háirithiú go bhfuil sí i gcomhréir le hAguisín 7 a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong;
Glacfar na bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25 den Rialachán seo.
Airteagal 14
Saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i mBallstát a údarú
Ar choinníoll go gcloífear le ceanglais an Rialacháin seo, aon cheadúnas a thabharfar ar aird de bhun fhorálacha ábhartha dlí eile, náisiúnta nó de chuid an Aontais, is féidir é a úsáid in éineacht leis an údarú faoin Airteagal seo chun gurb é an t-aon cheadúnas amháin a bheidh ann, agus sheachnófaí mar sin aon dúbláil neamhriachtanach faisnéise nó dúbailt na hoibre d’oibreoir na saoráide athchúrsála long nó don chuideachta athchúrsála long nó don údarás inniúil. Sna cásanna sin, féadfar síneadh a chur leis an údarú i gcomhréir le córas na gceadúnas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ach sin ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana.
Airteagal 15
Saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír
Déanfaidh an chuideachta athchúrsála long an méid seo a leanas go háirithe:
an cead, an ceadúnas nó an t-údarú a thug a údaráis inniúla di longa a athchúrsáil a lua agus, i gcás inarb ábhartha, an cead, an ceadúnas nó an t-údarú a lua a thug na húdaráis inniúla dá cuid conraitheoirí agus fochonraitheoirí uile a mbeidh baint dhíreach acu leis an bpróiseas athchúrsála long agus sonróidh sí an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 16(2);
sonróidh sé cé acu trí mheán nós imeachta intuigthe nó nós imeachta shainráite a dhéanfaidh an t-údarás inniúil an plean athchúrsála long a fhormheas, agus an tréimhse athbhreithnithe á sonrú i ndáil le formheas intuigthe, i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta, i gcás inarb infheidhme;
deimhneoidh sé nach nglacfar ach le long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aici d’athchúrsáil i gcomhréir leis an Rialachán seo;
soláthróidh sé fianaise go bhfuil an tsaoráid athchúrsála long in ann na critéir sábháilte chun obair the a dhéanamh agus sábháilte chun dul isteach a bhunú, a choinneáil ar bun agus faireachán a dhéanamh orthu i rith an phróisis athchúrsála long;
léarscáil a chur i gceangal ina dtaispeánfar teorainn na saoráide athchúrsála long agus an áit a ndéanfar an athchúrsáil long;
i gcás gach ábhair guaisigh dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus i gcás gach ábhair ghuaisigh a d’fhéadfadh a bheith ina chuid de struchtúr na loinge, na nithe seo a leanas a shonrú:
cé acu atá nó nach bhfuil an tsaoráid athchúrsála long údaraithe an t-ábhar guaiseach a bhaint. Nuair a údaraítear sin, tabharfar le fios cé hiad an fhoireann ábhartha a bheidh údaraithe an t-ábhar guaiseach a bhaint agus soláthrófar fianaise dá n-inniúlacht sin;
an próiseas bainistithe dramhaíola a chuirfear i bhfeidhm laistigh nó lasmuigh den tsaoráid athchúrsála long, amhail loisceadh, líonadh talún, nó modh eile bainistithe dramhaíola, ainm agus seoladh na saoráide bainistithe dramhaíola má tá sí éagsúil leis an tsaoráid athchúrsála long í, agus fianaise a sholáthar go ndéanfar an próiséas a chur i bhfeidhm gan sláinte an duine a chur i mbaol agus ar bhealach a bheidh slán don chomhshaol;
deimhneoidh sí go bhfuil an chuideachta tar éis plean don tsaoráid athchúrsála long a ghlacadh, agus na treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh;
an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil chun an tsaoráid athchúrsála long a shainaithint.
Agus iarratas á chur isteach acu ar a bheith ar an liosta Eorpach, glacann cuideachtaí athchúrsála long leis go bhféadfadh an tsaoráid athchúrsála long lena mbaineann bheith faoi réir cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún, nó ag gníomhairí a bheadh ag gníomhú thar a cheann, sula gcuirfear ar an liosta Eorpach iad, nó ina dhiaidh sin, d’fhonn a fhíorú go bhuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13 á gcomhlíonadh acu. Comhoibreoidh an fíoraitheoir neamhspleách, an Coimisiún nó gníomhairí ag feidhmiú thar ceann an Choimisiúin le húdaráis inniúla an tríú tír ina mbeidh an tsaoráid athchúrsála long lonnaithe chun na cigireachtaí ar an láthair sin a chur i gcrích.
Féadfaidh an Coimisiún nótaí treorach teicniúla a eisiúint chun cabhrú leis an deimhniúchán sin.
Soláthróidh an chuideachta athchúrsála long fianaise cothrom le dáta gan mhoill i gcás ina mbeadh aon athrú san fhaisnéis a sholáthraítear don Choimisiún agus fógróidh sí, i gcónaí, trí mhí roimh dhul in éag do gach tréimhse cúig bliana de bheith áirithe sa Liosta Eorpach:
go bhfuil an fhianaise atá soláthraithe aici iomlán agus cothrom le dáta;
go bhfuil an tsaoráid athchúrsála long fós ag comhlíonadh ceanglais Airteagal 13 agus go leanfaidh sí de bheith á gcomhlíonadh.
Airteagal 16
An Liosta Eorpach a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar Liosta Eorpach na saoráidí athchúrsála long:
atá lonnaithe san Aontas agus ar thug na Ballstáit fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 14(3);
atá lonnaithe i dtríú tír agus atá ar an liosta ar bhonn mheasúnú na faisnéise agus na fianaise tacaíochta a soláthraíodh nó a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 15.
Glacfar na bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas uile maidir leis an tsaoráid athchúrsála long sa Liosta Eorpach:
an modh athchúrsála;
cineál agus toisí na long is féidir a athchúrsáil;
aon teorainn nó aon choinníollacha a bhaineann le hoibriú na saoráide athchúrsála long, lena n-áirítear maidir le bainistiú dramhaíola guaisí; agus
mionsonraí maidir leis an nós imeachta sainráite nó intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 7(3) chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an plean athchúrsála long a fhormheas;
an t-uas-aschur athchúrsála long bliantúil.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ar bhonn tráthrialta chun an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta:
chun saoráid athchúrsála long a chur sa Liosta Eorpach i gcás:
inar údaraíodh í a chur sa Liosta i gcomhréir le hAirteagal 14;
ina ndearnadh an cinneadh í a chur sa Liosta Eorpach i gcomhréir le mír 1(b) den Airteagal seo;
chun saoráid athchúrsála long a bhaint den Liosta Eorpach i gcás:
ina scoireann an tsaoráid athchúrsála long de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 13; nó
nach gcuirtear an fhianaise a tugadh cothrom le dáta ar fáil ar a laghad trí mhí roimh dhul in éag don tréimhse cúig bliana a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.
TEIDEAL IV
FORÁLACHA GINEARÁLTA RIARACHÁIN
Airteagal 17
Teanga
Airteagal 18
Údaráis inniúla agus ranna riaracháin a ainmniú
Airteagal 19
Daoine teagmhála a ainmniú
Airteagal 20
Cruinnithe idir daoine teagmhála
Déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstáit, nó i gcás ina measfaidh sé féin gur cuí sin, cruinnithe idir na daoine teagmhála a eagrú go rialta chun na ceisteanna a eascróidh ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a phlé. Tabharfar cuireadh do gheallsealbhóirí ábhartha freastal ar na cruinnithe sin, nó ar chodanna díobh, i gcás ina mbeidh na Ballstáit agus an Coimisiún ar aon aigne gurb iomchuí déanamh amhlaidh.
TEIDEAL V
TUAIRISCIÚ AGUS FORGHNÍOMHÚ
Airteagal 21
Tuarascálacha ó na Ballstáit
Cuirfidh gach Ballstát tuarascáil chuig an gCoimisiún ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:
liosta de na longa atá faoina bhratach agus ar eisíodh deimhniú ullmhachta chun athchúrsála dóibh, mar aon le hainm na cuideachta athchúrsála long agus an áit a bhfuil an tsaoráid athchúrsála long lonnaithe de réir mar atá sa deimhniú ullmhachta chun athchúrsála;
liosta de na longa atá faoina bhratach a bhfuarthas dearbhú maidir le críochnú uathu;
faisnéis maidir le hathchúrsáil mhídhleathach long, pionóis agus gníomhaíochtaí leantacha a rinne an Ballstát.
Cumhdófar sa chéad tuarascáil leictreonach an tréimhse 3 bliana a thosóidh le dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 32(1). I gcás ina n-údaraíonn Ballstát longa a athchúrsáil i saoráidí athchúrsála long a áirítear sa Liosta Eorpach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 26, cumhdófar sa chéad tuarascáil leictreonach ón mBallstát sin freisin an tréimhse ó dháta an údaraithe sin go dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis na tuarascálacha a fháil ó na Ballstáit.
Airteagal 22
Forfheidhmiú sna Ballstáit
Airteagal 23
Gníomhaíocht a iarraidh
An leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann chun cinn cosaint an chomhshaoil agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), measfar gur leas leordhóthanach é an leas sin chun críocha na chéad fhomhíre.
TEIDEAL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 24
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 25
Nós imeachta coiste
I gcás nach dtabharfaidh an coiste aon tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 26
Foráil idirthréimhseach
Amhail ó dháta foilsithe an Liosta Eorpaigh, féadfaidh na Ballstáit, roimh an dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm, athchúrsáil long a údarú i saoráidí athchúrsála long a áirítear sa Liosta Eorpach. Sna dálaí sin, ní bheidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.
Airteagal 27
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006
In Airteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
longa atá faoi bhratach Ballstáit a thig faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ).
Airteagal 28
Leasú ar Threoir 2009/16/CE
Cuirtear an pointe seo a leanas le hIarscríbhinn IV:
Deimhniú maidir le fardal na n-ábhar guaiseach nó ráiteas maidir le comhlíonadh de réir mar is infheidhme de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 ).
Airteagal 29
Dreasacht airgeadais
Faoin 31 Nollaig 2016, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoina indéanta a bheadh sé ionstraim airgeadais a bhunú lena n-éascófaí athchúrsáil shlán, fhónta long agus cuirfidh sé togra le haghaidh reachtaíochta ar aghaidh leis freisin, más iomchuí.
Airteagal 30
Athbhreithniú
Airteagal 31
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 32
Cur i bhfeidhm
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta is luaithe den dá dháta seo a leanas ach tráth nach túisce ná an 31 Nollaig 2015:
6 mhí tar éis an dáta arb ionann comh-uas-aschur bliantúil athchúrsála long na saoráidí athchúrsála long atá áirithe sa Liosta Eorpach agus 2,5 milliún tonna toillíochta éadroime (LDT) nó ar mó é ná sin. Ríomhtar aschur bhliantúil athchúrsála long de chuid saoráide athchúrsála long mar shuim mheáchan na long á sloinneadh i LDT a athchúrsáladh in aon bhliain ar leith sa tsaoráid sin. Cinntear an t-uas-aschur bliantúil athchúrsála long tríd an luach is airde dá raibh ann sa tréimhse 10 mbliana roimhe sin do gach saoráid athchúrsála long, nó, i gcás saoráide athchúrsála long nua-údaraithe, an luach bliaintúil is airde dá raibh ann sa tsaoráid sin; nó
an 31 Nollaig 2018.
Maidir leis na forálacha seo a leanas, áfach, beidh feidhm ag na dátaí cur chun feidhme seo a leanas:
Airteagal 2, an dara fomhír d’Airteagal 5(2), Airteagail 13, 14, 15, 16, 25 agus 26 ón 31 Nollaig 2014; agus
an chéad fhomhír agus an tríú fomhír d’Airteagal 5(2), agus Airteagal 12(1) agus (8) ón 31 Nollaig 2020.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.
IARSCRÍBHINN I
ÁBHAIR GHUAISEACHA A RIALÚ
|
Ábhar guaiseach |
Sainmhínithe |
Bearta rialaithe |
|
Aispeist |
Ábhair ina bhfuil aispeist |
I gcás gach loinge nua, beidh cosc ar ábhair a bhfuil aispeist iontu a shuiteáil. |
|
Substaintí a ídíonn an t-ózón |
Substaintí rialaithe a shainítear in Airteagal 1(4) de Phrótacal Montréal maidir le Substaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin, 1987, a liostaítear in Iarscríbhinní A, B, C, nó E a ghabhann leis an bPrótacal sin faoi mar a bheidh sé i bhfeidhm tráth a gcuirfear an Iarscríbhinn seo i bhfeidhm nó tráth a léireofar í. Substaintí a ídíonn an t-ózón agus a d’fhéadfadh a bheith ar bord loinge, lena n-áirítear, inter alia, iad seo a leanas: Halón 1211 Brómaclóradéfhluaraimeatán, Halón 1301 Brómaitrífhluaraimeatán Halón 2402 1,2-Débhrómai-1,1,2,2-teitreafluaireatán (ar a dtugtar Halon 114B2 freisin) CFC-11 Tríchlórafluaraimeatán CFC-12 Déchlóraidéfhluaraimeatán CFC-113 1,1,2-Tríchlóra-1,2,2-trífhluaireatán CFC-114 1,2-Déchlóra-1,1,2,2-teitreafluaireatán CFC-115 Clóraipeinteafluaireatán HCFC-22 Clóraipeinteafluaireatán |
Beidh cosc ar shuiteálacha nua a bhfuil substaintí a ídíonn an t-ózón iontu ar gach long. |
|
Défheinilí polaclóirínithe (PCB) |
Ciallaíonn “défheinilí polaclóirínithe” comhdhúile aramataca atá foirmithe ar dhóigh go bhféadfar suas le deich gcinn de hadaimh clóirín a chur in ionad na n-adamh hidrigine ar an móilín défheinil (dhá fháine beinséin atá nasctha le chéile le nasc amháin carbón-carbón) |
I gcás gach loinge nua, beidh cosc ar ábhair a bhfuil défheinil pholaclóirínithe iontu a shuiteáil. |
|
Aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS) (1) |
Ciallaíonn “aigéad sulfónach sárfhluarochtáin” (PFOS) aigéad sulfónach sárfhluarochtáin agus a dhíorthaigh |
Beidh cosc ar shuiteálacha nua a bhfuil aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS) agus a dhíorthaigh iontu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
Comhdhúile agus córais frithsmálaithe |
Comhdhúile agus córais frithsmálaithe a rialaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú, 2001 (Coinbhinsiún AFS) a bheidh i bhfeidhm tráth a léireofar an Iarscríbhinn seo. |
1. Ní fhéadfaidh aon long córais frithsmálaithe a fheidhmiú ina mbeidh comhdhúile orgánastáin mar bhithicídí nó aon chóras eile frithsmálaithe a bhfuil cosc ar a fheidhmiú ná ar a úsáid faoin gCoinbhinsiún AFS. 2. Ní fheidhmeofar ná ní úsáidfear comhdhúile nó córais frithsmálaithe ar aon long nua nó in aon suiteálacha nua ar bhealach nach mbeidh i gcomhréir le Coinbhinsiún AFS. |
|
(1)
Ní bheidh feidhm aige seo maidir le longa faoi bhratach tríú tír.
(2)
Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE, (IO L 158, 30.4.2004, lch. 7). |
||
IARSCRÍBHINN II
LIOSTA EARRAÍ LE hAGHAIDH FHARDAL NA nÁBHAR GUAISEACH
Aon ábhar guaiseach a liostaítear in Iarscríbhinn I
Caidmiam agus Comhdhúile Caidmiam
Cróimiam Heicsifhiúsach agus Comhdhúile Cróimiam Heicsifhiúsaigh
Luaidhe agus Comhdhúile Luaidhe
Mearcair agus Comhdhúile Mearcair
Défheinilí Polabróimínithe (PBBanna)
Éitir Dhéfheiníle Pholabróimínithe (PBDEnna)
Naftailéiní Polaclóirinithe (breis agus trí adamh clóirín)
Substaintí Radaighníomhacha
Pairifíní Clóirínithe Gearrshlabhra áirithe (Alcáin, C10-C13, clóra)
Lasairmhoilleoir Bróimínithe (HBCDD)
( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11).
( 2 ) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).
( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas in Ábhair Chomhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).
( *1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (IO L 330, 10.12.2013, lch. 1).”
( *2 ) Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (IO L 330, 10.12.2013, lch. 1).”