Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document Ares(2024)799125

Commission Recommendation and guidance to Member States on design elements of renewable energy auctions

GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair)

Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin.

Iarraimid ar na grúpaí sin a dtuairimí a chur in iúl faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt dúinn.

TEIDEAL AN TIONSCNAIMH

Moladh agus treoir ón gCoimisiún maidir le gnéithe dearaidh de cheantanna fuinnimh in-athnuaite

PRÍOMH-AS – AN tAONAD ATÁ FREAGRACH

AS ENER – Aonad C1

AN CINEÁL TIONSCNAIMH IS DÓCHA A BHEIDH ANN

Moladh ón gCoimisiún a mbeidh treoir ag gabháil leis

AMCHLÁR TÁSCACH

R2-2024

FAISNÉIS BHREISE

https://energy.ec.europa.eu/topics/renewable-energy/financing/support-schemes-renewable-energy_en 

Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh.

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Tá an tionscnamh seo mar chuid den Phlean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe (COM (2023) 669 final) a thíolaic an Coimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 chun tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí san Aontas san earnáil gaoithe agus chun feabhas a chur ar a n‑iomaíochas. Le Gníomhaíocht 4 an Phlean iarrtar ar na Ballstáit critéir agus bearta a bheidh cáilíochtúil, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a áireamh ina gcuid cuspóirí ceant chun ráta fhorfheidhmiú na dtionscadal a uasmhéadú, le tacaíocht ón moladh agus ón treoir ón gCoimisiún.

Tá an tionscnamh seo ábhartha freisin i gcomhthéacs an togra le haghaidh an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta (COM/2023/161 final), ina bhfuil forálacha maidir le critéir neamhphraghais i gceantanna chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur in úsáid.

An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

Is geal iad na hionchais d’úsáid fuinnimh gaoithe san Aontas agus ar fud an domhain, agus aird á tabhairt go háirithe ar sprioc an Aontais go mbeadh 42,5 % ar a laghad d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite faoi 2030 (a meastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar acmhainneachtaí suiteáilte ina leith faoi 2030). Mar sin féin, bhí deacrachtaí ag tionscal gaoithe an Aontais, go háirithe monaróirí trealaimh, a ghnó a fheidhmiú le déanaí. Dá bhrí sin, thíolaic an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Gaoithe chun tacú le cuideachtaí an Aontais in earnáil na gaoithe agus chun feabhas a chur ar a n‑iomaíochas chun a áirithiú gur féidir le tionscal gaoithe an Aontais leanúint de ról lárnach a bheith aige san aistriú glas.

Ceann de na príomhchúiseanna is cúis leis na deacrachtaí a bhaineann le slabhra soláthair an fhuinnimh gaoithe is ea nach dtugann dearadh na dtairiscintí náisiúnta chun fuinneamh in-athnuaite a fhorbairt luach saothair iomchuí do chaighdeáin arda chomhshaoil agus shóisialta tháirgí an Aontais ná nach gcuirtear san áireamh an gá atá le hathléimneacht sa slabhra soláthair, ar an ábhar gur ar phraghas amháin nó ar phraghas den chuid is mó a bhunaítear na tairiscintí sin (cé gur thosaigh roinnt Ballstát ar chritéir neamhphraghais a thabhairt isteach). Ina theannta sin, d’fhéadfadh imthairiscintí an-ard ó oibreoirí a bheith mar thoradh ar thairiscintí áirithe maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, amhail iad siúd a eagraítear ar bhonn ‘tairiscint dhiúltach neamh‑chaidhpeáilte’, rud a d’fhéadfadh a fhágáil gur lú an chinnteacht go ndéanfaí tionscadal a chur i gcrích ina iomláine ar bhonn tráthúil, nuair nach leor dreasachtaí, e.g. pionóis neamh-fhorghníomhaithe, chun cur i gcrích a áirithiú. D’fhéadfadh sé sin baint amach sprioc 2030 an Aontais maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur i mbaol. Thairis sin, tá éagsúlacht mhór i ndearadh na gceantanna ar fud an Aontais. Ar an iomlán, fágann staid den sórt sin go mbíonn pleanáil infheistíochta na monaróirí níos casta, díchobhsaítear línte táirgeachta agus laghdaítear barainneachtaí scála.

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

Bunús dlí

Is iad Airteagail 292 agus 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais an bunús dlí atá leis an tionscnamh seo.

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Is é is aidhm don Mholadh agus don Treoir ón gCoimisiún feabhas a chur ar dhearadh ceantanna le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, ráta forghníomhaithe na dtionscadal a mhéadú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach. Bheadh sé ina aidhm acu freisin a áirithiú go bhfuil na critéir a úsáidtear sna ceantanna neamh-idirdhealaitheach, oibiachtúil agus trédhearcach. Dá ndéanfaí prionsabail deartha cheant na mBallstát a chomhchuibhiú a thuilleadh, d’fhéadfaí costais idirbheart a laghdú agus d’fhéadfadh sé cuidiú go mór lena áirithiú go mbeidh ceantanna oiriúnach dá bhfeidhm agus go dtógfaidís ar shamplaí taithí agus dea-chleachtais atá ann cheana, agus san am céanna deis leordhóthanach a fhágáil le haghaidh solúbthacht agus nuálaíocht ar leibhéal na mBallstát.

B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í?

Tá sé i gceist leis an Moladh ón gCoimisiún agus leis an Treoir ón gCoimisiún dearadh ceantanna fuinnimh in-athnuaite a fheabhsú agus a shimpliú, go háirithe i gcás fuinneamh gaoithe, agus comhsheasmhacht a chur leis an dearadh sin ar fud na mBallstát, chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le moilleanna ar chur chun feidhme tionscadal agus le tionscadail a thréigean. Mholfaidís eilimintí ceantála caighdeánacha (i gcomhlántacht iomlán leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta), agus chuideodh siad le dearadh ceant a dhéanamh níos aonfhoirmí agus níos éifeachtúla.

Is gníomh neamhcheangailteach é an Moladh ón gCoimisiún a bhfuil sé i gceist ag an Aontas Eorpach é a úsáid chun críocha áirithe a bhaint amach gan creat dlíthiúil éigeantach a fhorchur. Beidh an Treoir ag gabháil leis i bhfoirm Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin.

Dhíreodh an Moladh agus an Treoir ón gCoimisiún ar ghnéithe a bhaineann le ceantanna fuinnimh in-athnuaite amhail:

1. critéir réamhcháiliúcháin a bhaineann leis an gcibearshlándáil (comhlíonadh NIS 1 agus NIS 2) agus aistriú idirnáisiúnta sonraí, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta, chomh maith le critéir eile amhail inbhuanaitheacht / comhshaoil / imchuacha farraige a chosaint, agus an cumas beart a dhéanamh;

2. critéir dhámhachtana neamhphraghais atá ríthábhachtach chun luach a shannadh maidir le inbhuanaitheachta, nuálaíocht, comhtháthú an chórais fuinnimh, táirgí ardcháilíochta, agus rannchuidiú le slabhra soláthair athléimneach
3. bearta chun cur i gcrích iomlán tráthúil an tionscadail a
dhreasú, amhail pionóis as neamh-fhorghníomhú tionscadal agus innéacsú praghsanna chun cabhrú leis an tionscal déileáil níos fearr le hathruithe costais, go háirithe le linn thógáil an tionscadail;
4. measúnú a dhéanamh ar iarmhairtí tairiscintí diúltacha agus réitigh a shaothrú chun tionchar diúltach ar luas agus ar scála an
imscartha agus ar an slabhra luacha a sheachaint.
5. breithnithe maidir le huasteorainneacha tairisceana a shocrú agus an tionchar ar thearc-shuibscríobh i gceantanna.

Na tionchair is dócha a bheidh ann

Meastar go rannchuideoidh an tionscnamh seo le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtúla, go háirithe cumhacht ghaoithe, i mBallstáit an Aontais, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Tabharfaidh an Moladh aghaidh ar údaráis phoiblí atá freagrach as ceantanna fuinnimh in-athnuaite. Dá gcuirfí chun feidhme é, chuideodh sé le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 7 (fuinneamh inacmhainne agus glan), 8 (obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch), 9 (tionscal, nuálaíocht agus bonneagar), 12 (táirgeadh agus tomhaltas freagrach), chomh maith le 13 (gníomhú ar son na haeráide), 14 (saol faoi uisce) agus 15 (beathra ar talamh) a bhaint amach.

Féadtar tacaíocht níos fearr a thabhairt do thionscal monaraíochta gaoithe nuálach agus iomaíoch le critéir dhámhachtana réamhcháiliúcháin neamhphraghais atá dea-dheartha, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach trína sanntar luach do tháirgí a bhfuil breisluach níos mó acu agus a chabhraíonn le huas‑scálú tionsclaíoch a chur chun cinn. Má dheartar go maith iad, is féidir le critéir amhail saolré níos faide suiteálacha, ábhar carbóin agus bearta geilleagair chiorclaigh cuidiú le lorg comhshaoil feirmeacha gaoithe a laghdú. Trí aghaidh a thabhairt ar an riosca maidir le moilleanna ar thionscadail nó gan iad a chur i gcrích, méadaítear intuarthacht agus cinnteacht do chuideachtaí agus d’infheisteoirí.

An faireachán a dhéanfar amach anseo

Déanfar faireachán ar na torthaí trí mhalartuithe breise le páirtithe leasmhara.

C. Rialáil níos fearr

Measúnú tionchair

Níl aon ghá le measúnú tionchair toisc go leagtar amach sa Mholadh agus sa treoir cur chuige ginearálta beartais, go ndírítear ar léiriú dea-chleachtas sna Ballstáit agus nach bhfuil tograí beartais ná gealltanais i leith gníomhaíochtaí iontu.

An straitéis chomhairliúcháin

Is é is aidhm don chomhairliúchán fianaise a bhailiú maidir le tionchar na ngnéithe deartha thuasluaite i gceantanna fuinnimh in-athnuaite. Chun na críche sin, is cosúil gurb iad rialtais na mBallstát, forbróirí agus oibreoirí tionscadal fuinnimh in-athnuaite, monaróirí agus soláthraithe teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, saineolaithe ó institiúidí taighde agus acadúla, meithleacha machnaimh agus eagraíochtaí neamhrialtasacha na páirtithe leasmhara is ábhartha. Tá an t‑ábhar sách teicniúil agus cúng, mar sin ní mheastar go bhfuil gá le comhairliúchán poiblí iomlán. I dteannta an ghlao sin ar fhianaise, eagraíodh dhá cheardlann an 13 Samhain agus an 1 Nollaig 2023 leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile (cuideachtaí giniúna fuinnimh, monaróirí agus soláthraithe teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí gnó). Ullmhófar tuarascáil achomair ar thorthaí an chomhairliúcháin.

Top