Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 439cf237-389b-11ef-b441-01aa75ed71a1

    Consolidated text: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/423 ón gCoimisiún an 14 Márta 2022 lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    02022R0423 — GA — 25.06.2024 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/423 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Márta 2022

    lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (IO L 087 15.3.2022, lch. 9)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1570 ÓN gCOIMISIÚN  an 4 Meitheamh 2024

      L 1570

    1

    5.6.2024




    ▼B

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/423 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Márta 2022

    lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle



    Airteagal 1

    Sonraíochtaí teicniúla an chórais TF dhíláraithe

    Na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2020/1784, is san Iarscríbhinn a leagfar amach iad.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.




    IARSCRÍBHINN

    Sonraíochtaí teicniúla, bearta agus ceanglais eile maidir leis an gcóras tf díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 1

    ▼M1

    1.    Réamhrá

    An córas TF díláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784, is córas é atá bunaithe ar e-CODEX lenar féidir doiciméid agus sonraí a mhalartú, ar doiciméid agus sonraí iad a bhaineann le doiciméid a sheirbheáil idir na Ballstáit éagsúla i gcomhréir leis an Rialachán sin. Déanfar pointí rochtana údaraithe e-CODEX an chórais TF dhíláraithe a rialú leis an gcreat dlíthiúil a bhunaítear le Rialachán (AE) 2022/850.

    Na Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2020/1784 ach a bhfuil feidhm ag forálacha an Rialacháin sin maidir leo faoi chomhaontú idirnáisiúnta idir an Ballstát sin agus an tAontas maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil in ábhair shibhialta nó thráchtála, ceadófar dóibh a bheith rannpháirteach sa chóras TF díláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 a mhéid is gá chun forálacha an Rialacháin sin a chur i bhfeidhm.

    A mhéid nach bhfuil na Ballstáit sin faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2022/850, déanfaidh siad ábhar Airteagail 8 agus 9, Airteagal 11(3), (4) agus (6), Airteagail 12 agus 14, Airteagal 15(1) agus (3) agus Airteagal 20 den Rialachán sin a chur chun feidhme ina ndlí náisiúnta, ionas go mbeidh na coimircí is gá le haghaidh oibriú cuí an chórais TF dhíláraithe i bhfeidhm. A luaithe a bheidh fógra tugtha ag an mBallstát lena mbaineann don Choimisiún i gcomhréir leis an gcomhaontú idirnáisiúnta is infheidhme maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil go bhfuil na forálacha sin curtha chun feidhme aige ina dhlí náisiúnta, caithfear leis ar an mbealach céanna agus a chaitear leis na Ballstáit eile go heisiach chun an córas TF díláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 a oibriú.

    ▼B

    2.    Sainmhínithe

    2.1. ciallaíonn “Prótacal Slánaistrithe Hipirtéacs” nó “HTTPS” cumarsáid chriptithe agus cainéil nasctha shlána;

    2.2. ciallaíonn “tairseach” an réiteach Cur Chun Feidhme Tagartha nó an réiteach cúil náisiúnta atá nasctha leis an gcóras TF díláraithe;

    2.3. ciallaíonn “neamhshéanadh tionscnaimh” na bearta lena soláthraítear cruthúnas shláine na sonraí agus cruthúnas thionscnamh na sonraí trí mhodhanna amhail deimhniú digiteach, bonneagar eochrach poiblí, agus sínithe digiteacha;

    2.4. ciallaíonn “neamhshéanadh fála” na bearta lena soláthraítear cruthúnas go bhfuair an faighteoir beartaithe na sonraí ón tionscnóir trí mhodhanna amhail deimhniú digiteach, bonneagar eochrach poiblí, agus sínithe digiteacha;

    2.5. ciallaíonn “SOAP”, de réir chaighdeáin Chuibhreannas an Ghréasáin Dhomhanda, sonraíocht prótacail cur teachtaireachtaí chun faisnéis struchtúrtha a mhalartú agus seirbhísí gréasáin á gcur chun feidhme i líonraí ríomhaireachta;

    2.6. ciallaíonn “seirbhís gréasáin” córas bogearraí atá ceaptha chun tacú le hidirghníomhú idir-inoibritheach meaisín-go-meaisín thar líonra. tá comhéadan aici a bhfuil tuairisc air i bhformáid mheaisín-inphróiseáilte;

    2.7. ciallaíonn “malartú sonraí” teachtaireachtaí agus doiciméid a mhalartú tríd an gcóras TF díláraithe.

    3.    Modhanna cumarsáide trí mheán leictreonach

    Leis an gcóras malartaithe um dhoiciméid a sheirbheáil, bainfear úsáid as modhanna cumarsáide atá bunaithe ar sheirbhísí, amhail Seirbhísí Gréasáin nó Bonneagair Seirbhísí Digiteacha in-athúsáidte eile chun teachtaireachtaí agus doiciméid a mhalartú.

    Go sonrach, úsáidfidh sé an bonneagar e-CODEX, rud atá comhdhéanta de dhá chomhpháirt mhóra, an Nascóir agus an Geata.

    Tá an Nascóir freagrach as cumarsáid leis an réiteach Cur Chun Feidhme Tagartha a láimhseáil nó as an gcur chun feidhme náisiúnta a láimhseáil. Is féidir leis malartú teachtaireachtaí a phróiseáil leis an nGeata sa dá threo, teachtaireachtaí a rianú agus iad a aithint trí úsáid a bhaint as caighdeáin ar nós fianaise ETSI-REM, sínithe doiciméad gnólachtaí a bhailíochtú, dearbhán a chruthú ina bhfuil toradh an bhailíochtaithe i bhformáid PDF agus XML agus árthach a chruthú trí úsáid a bhaint as caighdeáin amhail ASIC-S i gcás ina bhfuil inneachar gnólachta teachtaireachta pacáilte agus sínithe.

    Tá an Geata freagrach as teachtaireachtaí a mhalartú agus tá sé il-oiriúnach maidir le hinneachar na teachtaireachta. Is féidir leis teachtaireachtaí a sheoladh chuig agus ón nascóir agus teachtaireachtaí a fháil uaidh, faisnéis cheanntáisc a bhailíochtú, an modh próiseála ceart a aithint, teachtaireachtaí a shíniú agus a chriptiú agus teachtaireachtaí a aistriú chuig Geataí eile.

    4.    Prótacail chumarsáide

    Leis an gCóras malartaithe um dhoiciméid a sheirbheáil, úsáidfear prótacail chumarsáide shlána, amhail HTTPS i gcás chumarsáid chomhpháirteanna na tairsí agus an chórais TF dhíláraithe, agus na prótacail chumarsáide chaighdeánacha, amhail SOAP, i gcás tarchur sonraí struchtúrtha agus meiteashonraí.

    Go sonrach, soláthraíonn e-CODEX slándáil faisnéise láidir trí leas a bhaint as an gcóras fíordheimhniúcháin úrscothach agus as an bprótacal cripteagrafach ilsraitheanna.

    5.    Caighdeáin slándála

    I dtaca le cumarsáid agus dáileadh faisnéise tríd an gcóras malartaithe um dhoiciméid a sheirbheáil, beidh na nithe seo a leanas san áireamh sna bearta teicniúla chun íoschaighdeáin slándála teicneolaíochta faisnéise a áirithiú:

    (a) 

    bearta chun rúndacht faisnéise a áirithiú, lena n-áirítear trí chainéil shlána (HTTPS) a úsáid;

    (b) 

    bearta chun sláine na sonraí a áirithiú agus iad á malartú;

    (c) 

    bearta chun neamhshéanadh thionscnamh an tseoltóra faisnéise a áirithiú laistigh den chóras malartaithe um dhoiciméid a sheirbheáil agus an neamhshéanadh fála faisnéise a áirithiú;

    (d) 

    bearta chun logáil na dteagmhas slándála a áirithiú i gcomhréir le moltaí a aithnítear go hidirnáisiúnta le haghaidh caighdeán slándála teicneolaíochta faisnéise;

    (e) 

    bearta chun fíordheimhniúchán agus údarú aon úsáideora chláraithe a áirithiú agus bearta chun céannacht na gcóras atá nasctha leis an gcóras malartaithe um dhoiciméid a sheirbheáil a fhíorú.

    (f) 

    forbrófar an córas malartaithe um dhoiciméid a sheirbheáil i gcomhréir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú.

    6.    Infhaighteacht seirbhísí

    6.1. Beidh creat ama na seirbhíse 24 uair an chloig, 7 lá in aghaidh na seachtaine, agus ráta infhaighteachta teicniúla an chórais de 98 % ar a laghad gan cothabháil sceidealta a chur san áireamh.

    6.2. Tabharfaidh na Ballstát fógra don Choimisiún maidir le gníomhaíochtaí cothabhála mar a leanas:

    (a) 

    5 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 4 uair an chloig;

    (b) 

    10 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 12 uair an chloig;

    (c) 

    30 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála, cothabháil a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 6 lá in aghaidh na bliana.

    6.3. A mhéid is féidir, le linn laethanta oibre, déanfar oibríochtaí cothabhála a phleanáil idir 20:00u agus 7:00u Am Lár na hEorpa.

    6.4. I gcás ina mbeidh tréimhsí seirbhíse socraithe seachtainiúla ag na Ballstáit, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi am agus lá na seachtaine ina mbeidh na tréimhsí socraithe seachtainiúla sin pleanáilte. Gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 6.2, má bhíonn córais Ballstát neamh-infhaighte le linn tréimhse shocraithe den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh gan fógra a thabhairt don Choimisiún gach uair.

    6.5. I gcás cliseadh teicniúil gan choinne i gcórais na mBallstát, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi neamh-infhaighteacht a gcóras, agus faoin am atá sé tuartha go n-atosófar an córas, más eol dó é sin.

    6.6. I gcás chliseadh bhunachar sonraí na nÚdarás Inniúil gan choinne, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas gan mhoill faoin neamh-infhaighteacht, agus faoin am atá sé tuartha go n-atosófar an tseirbhís, más eol dó é sin.

    Top