EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 41bf6c62-305d-11ee-9e98-01aa75ed71a1
Commission Regulation (EU) 2022/2473 of 14 December 2022 declaring certain categories of aid to undertakings active in the production, processing and marketing of fishery and aquaculture products compatible with the internal market in application of Articles 107 and 108 of the Treaty on the Functioning of the European Union
Consolidated text: Rialachán (AE) 2022/2473 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Rialachán (AE) 2022/2473 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
02022R2473 — GA — 01.07.2023 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2022/2473 ÓN gCOIMISIÚN an 14 Nollaig 2022 (IO L 327 21.12.2022, lch. 82) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
L 167 |
1 |
30.6.2023 |
RIALACHÁN (AE) 2022/2473 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Nollaig 2022
lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CAIBIDIL I
Forálacha Coiteanna
Airteagal 1
Raon Feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a dheonófar
do mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (FBManna) atá gníomhach i dtáirgeadh, próiseáil nó margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe;
do bhardais faoi Airteagal 54 agus 55; agus
do chalafoirt iascaireachta, láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír, hallaí ceantála agus foscadáin faoi Airteagal 29.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le cabhair a dheonófar d’aon ghnóthas atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil nó i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe, go neamhspleách ar mhéid an ghnóthais a thairbhíonn den chabhair, chun aon cheann de na críocha seo a leanas:
chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú;
chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú;
chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú; agus
chun nuálaíocht a dhéanamh in iascaigh agus sa dobharshaothrú.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
cabhair a bheidh a méid socraithe ar bhonn phraghas nó chainníocht na dtáirgí a chuirtear ar an margadh;
cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú i dtreo tríú tíortha nó i dtreo Ballstát, is é sin cabhair a bhaineann go díreach leis an gcainníocht a dhéantar a onnmhairiú, le bunú agus oibriú gréasáin dáileacháin nó le costais reatha nasctha leis an ngníomhaíocht onnmhairiúcháin;
cabhair a bheidh ag brath ar úsáid táirgí intíre de rogha ar tháirgí allmhairithe;
cabhair ad hoc i bhfabhar gnóthas dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo;
cabhair a dheonófar d’oibríochtaí nó caiteachas:
a mhéadóidh acmhainn iascaireachta soithigh iascaireachta;
le haghaidh trealamh a fháil a mhéadaíonn cumas an tsoithigh iascaireachta éisc a aimsiú;
le haghaidh soithí iascaireachta a thógáil, a fháil nó a allmhairiú, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 20;
le haghaidh soithí iascaireachta a aistriú go tríú tíortha nó go clár loingseoireachta tríú tíortha, lena n-áirítear trí chomhfhiontair a chruthú le comhpháirtithe tríú tíortha;
le haghaidh scor sealadach nó buan gníomhaíochtaí iascaireachta;
le haghaidh iascaireacht thaiscéalaíoch;
le haghaidh úinéireacht gnólachta a aistriú mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 20;
le haghaidh na hathstocála dírí, seachas an athstocáil trialach;
le haghaidh calafoirt nua nó hallaí ceantála nua a thógáil;
le haghaidh sásraí idirghabhála margaidh arb é is aidhm dóibh táirgí iascaigh nó táirgí dobharshaothraithe a tharraingt siar ón margadh go sealadach nó go buan d’fhonn an soláthar a laghdú ionas nach dtitfeadh praghsanna nó chun praghsanna a ardú;
le haghaidh infheistíochtaí ar bord soithí iascaireachta atá riachtanach chun na ceanglais faoi dhlí an Aontais atá i bhfeidhm tráth tíolactha an iarratais ar chabhair a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais faoi oibleagáidí an Aontais i gcomhthéacs eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna);
le haghaidh infheistíochtaí ar bord soithí iascaireachta a rinne gníomhaíochtaí iascaireachta ar feadh níos lú ná 60 lá le linn an 2 bhliain féilire roimh bhliain tíolactha an iarratais ar chabhair;
le haghaidh príomh-inneall nó inneall coimhdeach soithigh iascaireachta a ionadú nó a nuachóiriú.
cabhair a dheonófar do ghnóthas:
a bhí páirteach in oibriú, i mbainistiú nó in úinéireacht soithigh iascaireachta atá ar áireamh i liosta soithí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe an Aontais a leagtar amach in Airteagal 40, pointe (3), de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, nó soithigh a bhfuil bratach tíortha a shainaithnítear mar thríú tíortha neamh-chomhoibritheacha a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán sin, ar foluain aige; nó
a bhfuil aon cheann de na cionta comhshaoil a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 de Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) déanta aige, i gcás ina ndéantar an t-iarratas ar thacaíocht a thíolacadh faoi Airteagail 32 go 39 den Rialachán seo.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair le haghaidh gnóthais atá i gcruachás, cé is moite de chabhair a dheonófar:
do ghnóthais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD nó a thairbhíonn díobh;
chun cúiteamh a dhéanamh as na costais a bhaineann le galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú;
do scéimeanna cabhrach chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú; nó
sna cásanna seo a leanas, ar choinníoll gur caillteanais nó damáistí a tharla de dheasca an teagmhais i gceist an chúis leis an ngnóthas a bheith ina ghnóthas atá i gcruachás:
chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú; nó
chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le scéimeanna cabhrach nach n-eisiatar go sainráite leo cabhair aonair a íoc i bhfabhar gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis Cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach, cé is moite de cheann amháin de na scéimeanna seo a leanas:
scéimeanna cabhrach chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú; nó
scéimeanna cabhrach le haghaidh costais a thabhaíonn FBManna atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD agus cabhair le haghaidh gnóthais atá rannpháirteach i CLLD, nó a thairbhíonn de, i gcomhréir le hAirteagail 54 agus 55.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le bearta státchabhrach atá ina sárú neamh-inscartha ar dhlí an Aontais iontu féin, de thoradh na gcoinníollacha a ghabhann leo nó de thoradh a modh maoinithe, go háirithe:
cabhair i gcás ina mbeidh deonú na cabhrach faoi réir na hoibleagáide ceanncheathrú an ghnóthais is tairbhí a bheith sa Bhallstát ábhartha nó é a bheith bunaithe den chuid is mó sa Bhallstát sin. Ina ainneoin sin, ceadaítear an ceanglas bunaíocht nó brainse a bheith sa Bhallstát a dheonaíonn an chabhair ag an am a dhéantar an chabhair a íoc;
cabhair i gcás ina mbeidh deonú na cabhrach faoi réir na hoibleagáide go n-úsáidfidh an gnóthas is tairbhí earraí a tháirgtear sa náisiún nó seirbhísí náisiúnta; nó
cabhair lena gcuirfear srian leis an bhféidearthacht go ndéanfaidh an gnóthas is tairbhí na torthaí taighde, forbartha agus nuálaíochta a shaothrú i mBallstáit eile;
an Treoir maidir le Gnáthóga, an Treoir maidir le hÉin, an Treoir maidir le Truailliú ó Longa agus forálacha a bhaineann le bainistiú dramhaíola.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
cabhair dá bhforáiltear i scéimeanna státchabhrach faoi Airteagail 20, 21, 24, 26 go 30, 33, 43, 46, 48, 50 agus 52 má chomhlíonann sí coinníollacha Airteagal 12, ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh;
aon athrú ar na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (a) seachas modhnuithe nach féidir leo difear a dhéanamh do chomhoiriúnacht na scéime cabhraí faoin Rialachán seo nó nach féidir leo difear suntasach a dhéanamh d’ábhar an phlean meastóireachta fhormheasta.
Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go leanfaidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige ar feadh tréimhse níos faide maidir le haon cheann de na cineálacha cabhrach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo tar éis measúnú a dhéanamh ar an bplean meastóireachta ábhartha ar thug an Ballstát fógra ina leith don Choimisiún.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “cabhair ad hoc” cabhair nach ndeonaítear ar bhonn scéim cabhrach;
ciallaíonn “teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha” dálaí aimsire neamhfhabhracha amhail sioc, stoirmeacha agus clocha sneachta, oighear, báisteach throm nó sheasta nó triomaigh dhiana lena laghdaítear faoi bhreis agus 30 % an meántáirgeadh a ríomhtar ar bhonn ceann amháin de na modhanna seo a leanas:
an tréimhse trí bliana roimhe sin;
meántréimhse 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimhe sin, cé is moite den iontráil is airde agus is ísle;
ciallaíonn “cabhair” aon bheart lena gcomhlíontar na critéir uile a leagtar síos in Airteagal 107(1) CFAE;
ciallaíonn “déine cabhrach” méid comhláin na cabhrach a léirítear mar chéatadán de na costais incháilithe, sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile;
ciallaíonn “scéim cabhrach” aon ghníomh ar a bhonn ar féidir deonú aonair cabhrach a dhéanamh, gan tuilleadh bearta cur chun feidhme a bheith de dhíth, do ghnóthais a shainítear sa ghníomh ar bhealach ginearálta agus ar bhealach teibí agus aon ghníomh ar féidir, ar a bhonn, cabhair nach bhfuil nasctha le haon tionscadal ar leith a dheonú do ghnóthas amháin nó do roinnt gnóthas ar feadh tréimhse éiginnte nó agus/nó le haghaidh méid éiginnte;
ciallaíonn “bithshlándáil” bearta bainistíochta agus fisiciúla a cheaptar chun an riosca maidir le tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar go dtí, ó, agus laistigh den mhéid seo a leanas a laghdú: (a) daonra ainmhithe, nó (b) bunaíocht, crios, deighleog, modh iompair nó aon saoráid, áitreabh nó láthair eile;
ciallaíonn “bearta rialaithe agus díothúcháin” bearta maidir le galair ainmhithe a bhfuil údarás inniúil tar éis ráig a shainaithint go foirmiúil ina leith, nó maidir le lotnaidí plandaí nó speicis choimhthíocha ionracha a bhfuil údarás inniúil tar éis a admháil go foirmiúil go bhfuil siad ann;
ciallaíonn “dáta deonaithe na cabhrach” an dáta a thugtar an ceart dlíthiúil don ghnóthas is tairbhí an chabhair a fháil faoin gcóras náisiúnta dlíthiúil is infheidhme;
ciallaíonn “foghail” creach a bheith á dhéanamh ag ainmhithe cosanta amhail rónta, dobhráin mhara agus éin mhara ar éisc a ghabhtar i líonta nó a choimeádtar i locháin;
ciallaíonn “plean meastóireachta” doiciméad lena gcumhdaítear scéim cabhrach amháin nó níos mó agus ina bhfuil na gnéithe seo a leanas ar a laghad: na cuspóirí a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu, na ceisteanna meastóireachta, na táscairí toraidh, an modh beartaithe chun an mheastóireacht a dhéanamh, na ceanglais maidir le bailiú sonraí, uainiú beartaithe na meastóireachta lena n-áirítear an dáta a chuirfear na tuarascálacha eatramhacha agus na tuarascálacha deiridh meastóireachta isteach, an tuairisc ar an gcomhlacht neamhspleách a dhéanfaidh an mheastóireacht nó na critéir a úsáidfear chun í a roghnú agus na rialacha mionsonraithe chun an mheastóireacht a chur ar fáil go poiblí;
ciallaíonn “scéim comharbachta fhioscach” scéim i bhfoirm buntáistí cánach ar leagan leasaithe í de scéim a bhí ann roimhe sin i bhfoirm buntáistí cánach agus ar scéim í a chuirtear in ionad na scéime sin;
ciallaíonn “iascaire” aon duine nádúrtha ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála, mar a aithníonn an Ballstát lena mbaineann;
ciallaíonn “táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe” na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
ciallaíonn “earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe” an earnáil den gheilleagar ina gcuimsítear gach gníomhaíocht táirgthe, phróiseála agus mhargaíochta a bhaineann le táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe;
ciallaíonn “acmhainn iascaireachta” tonnáiste soithigh in OT (Olltonnáiste) agus a chumhacht in kW (Cileavatanna) mar a shainítear in Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) 2017/1130 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) iad;
ciallaíonn “calafort iascaireachta” limistéar mara nó intíre talún agus uisce a aithníonn Ballstát go hoifigiúil agus atá comhdhéanta de bhonneagar agus de threalamh den chineál sin a cheadaíonn, go príomha, glacadh le soithí iascaireachta, a ngabhálacha a luchtú agus a dhíluchtú, na gabhálacha sin a stóráil, a ghlacadh agus a sheachadadh agus iascairí a bhordáil agus a dhíbhordáil;
ciallaíonn “coibhéis deontais chomhláin” an méid cabhrach dá soláthrófaí í i bhfoirm deontais don ghnóthais is tairbhí, sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile;
ciallaíonn “cabhair aonair” cabhair ad hoc agus dámhachtainí cabhrach do thairbhithe aonair ar bhonn scéim cabhrach;
ciallaíonn “iascaireacht intíre” gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí nó feistí eile, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear le haghaidh iascaireacht oighir, chun críoch tráchtála in uiscí intíre;
ciallaíonn “speiceas coimhthíoch ionrach” speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas agus speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní do Bhallstát mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) agus 3(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) (“Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014”);
ciallaíonn “tubaistí nádúrtha” creathanna talún, maidhmeanna sléibhe, sciorrthaí talún, tuillte, tornádónna, spéirlingí, brúchtaí bolcánacha agus falscaithe de thionscnamh nádúrtha;
ciallaíonn “réigiúin is forimeallaí” na réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE;
ciallaíonn “ainmhí cosanta” aon ainmhí seachas éisc a chosnaítear le reachtaíocht an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta;
ciallaíonn “airleacan inaisíoctha” iasacht le haghaidh tionscadail a íoctar i dtráthchuid amháin nó i dtráthchodanna a mbraitheann coinníollacha aisíoctha na hiasachta ar thoradh an tionscadail;
ciallaíonn “FBM” nó “micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide” gnóthais a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
ciallaíonn “iascaireacht chósta ar mhionscála” gníomhaíochtaí iascaireachta ag: (a) soithí iascaireachta muirí agus intíre ar lú ná 12 méadar a bhfad iomlán agus nach n-úsáideann trealamh iascaireachta tarraingthe mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle ( 7 ); nó (b) iascairí de chois, lena n-áirítear bailitheoirí sliogéisc;
ciallaíonn “tús oibre” tús na hoibre tógála a bhaineann leis an infheistíocht nó an chéad ghealltanas ceangailteach ó thaobh dlí de chun trealamh a ordú nó aon ghealltanas eile a bhfuil sé mar thoradh air go mbeidh an infheistíocht dochúlaithe, cibé acu sin is luaithe. Ní mheastar gur tús oibre é talamh a cheannach ná obair réamhullmhúcháin amhail ceadúnais a fháil agus staidéir féidearthachta a dhéanamh. Maidir le táthcheangail, ciallaíonn “tús oibre” an nóiméad a fhaightear sócmhainní a bhaineann go díreach leis an mbunaíochta arna fáil;
ciallaíonn “seirbhísí fóirdheonaithe” foirm cabhrach i gcás ina ndeonaítear an chabhair don ghnóthas deiridh is tairbhí go hindíreach, ar cabhair chomhchineáil í, agus ina n-íoctar an chabhair le soláthraí na seirbhíse nó na gníomhaíochta atá i gceist;
ciallaíonn “gnóthas atá i gcruachás” gnóthas a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (18) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún ( 8 ).
Airteagal 3
Tairseach fógartha
Airteagal 4
Coinníollacha maidir le díolúine
Airteagal 5
Trédhearcacht na cabhrach
Measfar go bhfuil na catagóirí seo cabhrach trédhearcach:
cabhair ar deontais, fóirdheontais ráta úis agus seirbhísí fóirdheonaithe í;
cabhair arb iasachtaí í ina ríomhtar an choibhéis deontais chomhláin ar bhonn an ráta tagartha atá i bhfeidhm tráth an deontais;
cabhair ar ráthaíochtaí í:
i gcás ina ríomhtar an choibhéis deontais chomhláin ar bhonn préimheanna cuanta sábháilte a leagtar síos i bhfógra ón gCoimisiún; nó
i gcás ina nglactar, sula gcuirtear an beart chun feidhme, leis an modheolaíocht chun coibhéis deontais chomhláin na ráthaíochta a ríomh ar bhonn an fhógra ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 87 agus 88 de Chonradh AE maidir le státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí, nó ar bhonn aon fhógra ina dhiaidh sin, tar éis an fógra faoin modheolaíocht sin a bheith tugtha don Choimisiún i gcomhréir le haon rialachán arna ghlacadh ag an gCoimisiún i réimse na státchabhrach is infheidhme ag an am sin, agus sa chás ina sonraítear go sainráite sa mhodheolaíocht cheadaithe cineál na ráthaíochta agus cineál an idirbhirt fholuitigh atá i gceist i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo;
cabhair i bhfoirm buntáistí cánach, i gcás ina ndéantar foráil sa bheart maidir le huasteorainn lena n-áirithítear nach sáraítear an tairseach is infheidhme;
cabhair i bhfoirm roimh-íocanna inaisíoctha, mura dtéann méid ainmniúil iomlán an airleacain inaisíoctha thar na tairseacha is infheidhme faoin Rialachán seo nó má ghlactar, sula gcuirtear an beart chun feidhme, leis an modheolaíocht chun coibhéis deontais chomhláin an airleacain inaisíoctha a ríomh i ndiaidh an fógra mar gheall air a bheith tugtha don Choimisiún.
Chun críocha an Rialacháin seo, ní mheasfar go bhfuil na catagóirí seo cabhrach trédhearcach:
cabhair arb instealltaí caipitil í;
cabhair ar bearta maoiniúcháin riosca í.
Airteagal 6
Éifeacht dreasachta
Measfar go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair má tá iarratas i scríbhinn don chabhair curtha isteach ag an ngnóthas is tairbhí chuig an mBallstát lena mbaineann sula gcuirtear tús leis an obair ar an tionscadal nó leis an ngníomhaíocht. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair:
ainm agus méid an ghnóthais;
tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear an dáta tosaithe agus an dáta críochnaithe;
suíomh an tionscadail nó na gníomhaíochta;
liosta na gcostas incháilithe; agus
cineál na cabhrach, (deontas, iasacht, ráthaíocht, airleacan inaisíoctha nó eile) agus an méid caiteachais phoiblí atá de dhíth don tionscadal nó don ghníomhaíocht.
Cabhair ad hoc a dheonófar d’fhiontair mhóra, measfar go bhfuil éifeacht dreasachta aici más rud é, mar aon lena áirithiú go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos i mír 2, go bhfíoraíonn an Ballstát, roimh an gcabhair ad hoc lena mbaineann a dheonú, go suitear leis an doiciméadacht a ullmhaíonn an gnóthas is tairbhí go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas mar thoradh ar an gcabhair:
méadú suntasach ar raon feidhme an tionscadail nó na gníomhaíochta;
méadú suntasach ar an méid iomlán a chaith an gnóthas is tairbhí ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht;
méadú suntasach ar luas chur i gcrích an tionscadail nó na gníomhaíochta lena mbaineann;
i gcás cabhair ad hoc infheistíochta, nach ndéanfaí an tionscadal nó an ghníomhaíocht amhlaidh sa limistéar lena mbaineann nó nach mbeadh sé nó sí sách brabúsach don ghnóthas is tairbhí sa limistéar lena mbaineann d’uireasa na cabhrach.
Measfar éifeacht dreasachta a bheith ag bearta i bhfoirm buntáistí cánach, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
leis an mbeart, bunaítear ceart chun cabhrach i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus gan rogha an Bhallstáit a fheidhmiú a thuilleadh; agus
glacadh leis an mbeart agus tá sé i bhfeidhm sular thosaigh obair ar an tionscadal nó an ghníomhaíocht chuidithe. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha, ar choinníoll gur cumhdaíodh an ghníomhaíocht cheana leis na scéimeanna a bhí ann roimhe sin i bhfoirm buntáistí cánach.
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ní gá éifeacht dreasachta a bheith ag na cineálacha seo cabhrach nó measfar go bhfuil éifeacht dreasachta acu:
cabhair mar chúiteamh ar na costais a bhaineann le galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 42, 49, 51 agus 53;
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a chúiteamh, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 42, 49, 51 agus 53;
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú;
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a chúiteamh, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 42, 49, 51 agus 53;
cabhair i bhfoirm díolúintí nó laghduithe cánach arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 15(1), pointe (f) agus Airteagal 15(3) de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 56 den Rialachán seo;
cabhair le haghaidh FBManna atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD nó a thairbhíonn díobh, má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha in Airteagail 54 agus 55;
cabhair le haghaidh bearta margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 45(1)(b)(vii) má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha in Airteagal 45;
cabhair le haghaidh comhpháirtíocht idir eolaithe agus iascairí má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha in Airteagal 17;
cabhair chun caipiteal daonna, cruthú post agus idirphlé sóisialta a chur chun cinn má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha in Airteagal 18.
Airteagal 7
Déine cabhrach agus costais incháilithe
Airteagal 8
Carnadh
Féadfar cabhair arna díolmhú faoin Rialachán seo a charnadh le ceann amháin de na nithe seo a leanas:
le haon chabhair eile, fad a bhaineann na bearta sin le costais incháilithe in-sainaitheanta éagsúla;
le haon chabhair eile, i ndáil leis na costais incháilithe chéanna, bídís ag forluí go páirteach nó go hiomlán ar a chéile, ach amháin mura ndéantar an uasdéine cabhrach nó an méid cabhrach is airde is infheidhme maidir leis an gcabhair faoin Rialachán seo a shárú de dheasca an charntha sin, agus sa chás sin amháin.
Airteagal 9
Foilsiú agus faisnéis
Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfoilseofar an méid seo a leanas ar mhodúl an Choimisiúin maidir le trédhearcacht dámhachtana nó ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:
an fhaisnéis achomair dá dtagraítear in Airteagal 11 san fhormáid chaighdeánaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II nó nasc lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis sin;
téacs iomlán gach birt cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 11 nó nasc lena dtugtar rochtain iomlán ar an téacs iomlán;
an fhaisnéis maidir le gach deonú cabhrach aonair ar fiú níos mó ná EUR 10 000 é.
Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) i gcomhréir le hIarscríbhinn III.
Maidir le scéimeanna i bhfoirm buntáistí cánach, measfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointe (c) a bheith comhlíonta má fhoilsíonn na Ballstáit an fhaisnéis atá de dhíth maidir le méideanna cabhrach aonair sna réimsí seo (in EUR milliúin):
0,01-0,2;
0,2-0,4;
0,4-0,6;
0,6-0,8;
0,8-1.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin:
na naisc chuig na suíomhanna gréasáin maidir le státchabhair, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;
an fhaisnéis achomair dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
CAIBIDIL II
Ceanglais Nóis Imeachta
Airteagal 10
Tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar
I gcás ina ndeonaíonn Ballstát cabhair a líomhnaítear a bheith díolmhaithe ón gceanglas fógra faoin Rialachán seo gan na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidlí I, II agus III de a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó an deis a thabhairt don Bhallstát a thuairimí a chur in iúl, cinneadh a ghlacadh ina sonrófar go bhfuil fógra le cur chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE, maidir leis na bearta cabhrach ar fad nó le cuid de na bearta cabhrach a ghlacfaidh an Ballstát lena mbaineann amach anseo, ar bearta iad lena gcomhlíonfaí ceanglais an Rialacháin seo seachas sin. Féadfar na bearta a bhfuil fógra le tabhairt mar gheall orthu a bheith teoranta do bhearta lena ndeonaítear cineálacha áirithe cabhrach, bearta i bhfabhar tairbhithe áirithe nó bearta arna nglacadh ag údaráis áirithe de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.
Airteagal 11
Tuairisciú
Airteagal 12
Meastóireacht
Maidir le scéimeanna cabhrach atá faoi réir an cheanglais maidir le meastóireacht de bhun mhír 1, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi dhréachtphlean meastóireachta mar a leanas:
laistigh de 20 lá oibre ó theacht i bhfeidhm na scéime cabhraí, más rud é go bhfuil buiséad na scéime cabhraí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain faoi leith nó EUR 750 milliún thar a tréimhse iomlán;
laistigh de 30 lá oibre tar éis athrú suntasach a mhéadaíonn buiséad na scéime cabhraí go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain faoi leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime cabhraí;
laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas de bhreis agus EUR 150 milliún faoin scéim cabhrach in aon bhliain ar leith a taifeadadh i gcuntais oifigiúla.
Airteagal 13
Faireachán
Coimeádfaidh na Ballstáit taifid mhionsonraithe ina mbeidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht tacaíochta is gá lena léiriú go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Coinneofar taifid den sórt sin ar feadh 10 mbliana ó dháta deonaithe na cabhrach ad hoc nó ó dháta deonaithe na cabhrach deireanaí faoin scéim. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de thréimhse 20 lá oibre nó tréimhse níos faide den sórt sin de réir mar a leagfar síos san iarraidh, an fhaisnéis agus an doiciméadacht tacaíochta go léir a thabhairt don Choimisiún a mheasann an Coimisiún gur gá chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
CAIBIDIL III
Forálacha Sonracha le hAghaidh Catagóirí Difriúla Cabhrach
Airteagal 14
Coinníollacha ginearálta
Comhlíonfaidh an chabhair faoin Roinn seo na coinníollacha ginearálta uile seo a leanas:
i gcás ina ndeonófar cabhair i dtaca le soitheach iascaireachta ón Aontas, ní aistreofar an soitheach sin ná ní aistreofar go clár loingseoireachta eile é lasmuigh den Aontas le linn na 5 bliana ar a laghad tar éis na híocaíochta deiridh i leith na hoibríochta dá dtabharfar tacaíocht. I gcás ina n-aistreofaí soitheach nó ina n-aistreofaí go clár loingseoireachta eile é laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an Ballstát na suimeanna a íocadh go míchuí i leith na hoibríochta a aisghabháil ar mhéid atá comhréireach leis an tréimhse nár comhlíonadh an coinníoll a leagtar amach sa chéad abairt den mhír seo;
ní bheidh costais oibriúcháin incháilithe mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite sa Roinn seo.
Airteagal 15
Cabhair le haghaidh nuálaíochta in iascaigh
D’fhéadfadh na rudaí seo a leanas a bheith ina gcostais incháilithe:
costais foirne dhíreacha i ndáil le taighdeoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta eile a mhéid a fhostaítear don tionscadal iad;
costais ionstraimí agus trealaimh a mhéid a úsáidtear do na hoibríochtaí iad agus fad a úsáidtear dóibh sin iad; i gcás nach n-úsáidtear na hionstraimí agus an trealamh sin le haghaidh a saolré iomlán le haghaidh na n-oibríochtaí, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré na n-oibríochtaí, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;
costas na bhfoirgneamh agus na talún, a mhéid a úsáidtear do na hoibríochtaí iad agus fad a úsáidtear dóibh sin iad agus faoi na coinníollacha seo a leanas:
maidir le foirgnimh, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré na n-oibríochtaí, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;
maidir le talamh, is costais incháilithe iad costais a bhaineann le haistriú tráchtála nó costais chaipitil a thabhaítear iarbhír;
costais a bhaineann le taighde conarthach, le heolas agus le paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon le costais a bhaineann le seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach do na hoibríochtaí; nó
forchostais bhreise agus speansais oibriúcháin eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthairtí agus táirgí cosúla eile a thabhaítear go díreach mar thoradh ar na hoibríochtaí.
Airteagal 16
Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha
Beidh cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go ndéanfaidh an chabhair feidhmíocht agus iomaíochas foriomlán na ngnóthas a fheabhsú agus iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn;
go mbeidh rochtain ag na gnóthais incháilithe uile sa limistéar lena mbaineann ar an gcabhair, bunaithe ar choinníollacha a shainmhínítear go hoibiachtúil; agus
go mbeidh an tseirbhís comhairle i gceann de na foirmeacha seo a leanas:
staidéir indéantachta agus seirbhísí comhairleacha a dhéanann measúnú ar inmharthanacht bearta a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do thacaíocht faoi Theideal II, Caibidil II de Rialachán (AE) 2021/1139;
soláthair comhairle gairmiúla faoin inbhuanaitheacht chomhshaoil, comhairle lena ndírítear ar thionchar diúltach na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhara, chósta, talún agus fionnuisce a laghdú agus, i gcás inarb indéanta, ar dheireadh a chur leis an tionchar sin;
soláthair comhairle gairmiúla faoi straitéisí gnó agus margaíochta.
Airteagal 17
Cabhair le haghaidh comhpháirtíocht idir eolaithe agus iascairí
Beidh cabhair le haghaidh comhpháirtíocht idir eolaithe agus iascairí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
gurb é is aidhm don chabhair an t-aistriú eolais idir eolaithe agus iascairí a chothú;
go dtacóidh an chabhair leis an méid seo a leanas:
líonraí, comhaontuithe comhpháirtíochta nó comhpháirtíochtaí a chruthú idir comhlacht eolaíoch neamhspleách amháin, nó níos mó, agus iascairí nó eagraíocht iascairí amháin nó níos mó, ina bhféadfaidh comhlachtaí teicniúla a bheith rannpháirteach;
na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú na líonraí, na gcomhaontuithe comhpháirtíochta, nó faoi chuimsiú na gcomhpháirtíochtaí dá dtagraítear i bpointe (i). Féadfaidh na gníomhaíochtaí sin gníomhaíochtaí bailithe sonraí agus gníomhaíochtaí bainistíochta, staidéir, treoirthionscadail, scaipeadh eolais agus torthaí taighde, seimineáir agus dea-chleachtais a chumhdach.
Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe seo a leanas a thabhófar go díreach mar thoradh ar an tionscadal dá dtabharfar tacaíocht:
costais tuarastail dhíreacha;
táillí rannpháirtíochta;
costais taistil;
costais foilseachán;
seirbhísí bailithe sonraí, staidéir, tionscadail phíolótacha a cheannaítear;
áitribh agus seastáin taispeántais a fháil ar cíos agus na costais a bhaineann lena suiteáil agus lena ndíchóimeáil;
costais a bhaineann le heolas eolaíoch agus faisnéis fhíorasach a scaipeadh.
Airteagal 18
Cabhair chun caipiteal daonna agus idirphlé sóisialta a chur chun cinn
Beidh cabhair chun caipiteal daonna agus idirphlé sóisialta a chur chun cinn a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go dtacóidh an chabhair leis an méid seo a leanas:
oiliúint ghairmiúil, foghlaim ar feadh an tsaoil, tionscadail chomhpháirtíochta, eolas de chineál eacnamaíoch, teicniúil, rialála nó eolaíoch agus cleachtais nuálacha a scaipeadh agus scileanna nua gairmiúla a shealbhú go háirithe na cinn sin a bhaineann le bainistíocht inbhuanaithe in éiceachórais na mara, le sláinteachas, le sláinte, le sábháilteacht, le gníomhaíochtaí san earnáil mhuirí, le nuálaíocht agus le fiontraíocht;
líonrú agus malartú taithí agus dea-chleachtais idir geallsealbhóirí, lena n-áirítear i measc eagraíochtaí a chuireann comhdheiseanna idir fir agus mná chun cinn, agus ról na mban sna pobail iascaireachta a chur chun cinn agus grúpaí faoi ghann-ionadaíocht a mbíonn iascaireacht chósta ar mhionscála nó iascaireacht de chois ar siúl acu a chur chun cinn; nó
an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ina mbíonn iascairí, páirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile rannpháirteach.
Airteagal 19
Cabhair chun éagsúlú agus cineálacha nua ioncaim a éascú
Beidh cabhair chun éagsúlú agus cineálacha nua ioncaim a éascú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
gurb é is aidhm don chabhair tacú le hinfheistíochtaí lena gcuideofar le hioncam na n-iascairí a éagsúlú trí ghníomhaíochtaí comhlántacha a fhorbairt, lena n-áirítear infheistíocht ar bord, turasóireacht na slatiascaireachta, bialanna, seirbhísí comhshaoil iascaireachta agus gníomhaíochtaí oideachais maidir leis an iascaireacht;
go dtacóidh an chabhair le hiascairí:
a chuireann plean gnó isteach maidir le forbairt a ngníomhaíochtaí nua; agus
a bhfuil scileanna gairmiúla leordhóthanacha acu nó a fhaigheann iad trí oibríochtaí a fhéadfar a mhaoiniú faoi Airteagal 18(1), pointe (a).
Airteagal 20
Cabhair chun an chéad soitheach iascaireachta a fháil
Beidh cabhair chun an chéad soitheach iascaireachta a fháil nó chun an chéad úinéireacht pháirteach a fháil a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go gcuirfidh an chabhair le gníomhaíochtaí iascaireachta atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de a neartú agus go mbeidh faisnéis infhíoraithe agus plean gnó curtha ar fáil ag an ngnóthas is tairbhí lena bhfianaítear an méid sin; agus
go dtacóidh an chabhair leis an gcéad soitheach iascaireachta a fháil ag duine nádúrtha nach bhfuil os cionn 40 bliain d’aois ar an dáta a chuirtear isteach an t-iarratas ar chabhair agus a d’oibrigh 5 bliana ar a laghad mar iascaire nó a bhfuil cáilíochtaí leormhaithe bainte amach aige.
Ní dheonófar cabhair ach amháin i leith soitheach iascaireachta a chomhlíonann na ceanglais uile seo a leanas:
go mbainfidh sé le roinn chabhlaigh ar léiríodh ina leith sa tuarascáil is déanaí maidir le hacmhainn iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go raibh cothromaíocht ann maidir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin;
go mbeidh sé feistithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta;
nach faide ná 24 mhéadar a fhad foriomlán;
go raibh sé cláraithe i gclár cabhlaigh an Aontais do 3 bliana féilire, ar a laghad, roimh an mbliain a tíolacfar an t-iarratas ar chabhair i gcás soitheach iascaireachta cósta ar mhionscála, agus ar feadh 5 bliana féilire ar a laghad i gcás cineál eile soithigh; agus
go raibh sé cláraithe i gclár cabhlaigh an Aontais do 30 bliain féilire, ar a mhéad, roimh an mbliain a tíolacfar an t-iarratas ar chabhair.
Airteagal 21
Cabhair chun sláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre na n-iascairí a fheabhsú
Beidh cabhair chun sláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre na n-iascairí a fheabhsú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
nach ndeonófar an chabhair ach amháin i leith infheistíochtaí ar bord nó i dtrealamh aonair agus go rachaidh na hinfheistíochtaí sin thar na caighdeáin a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta; agus
nach dtacóidh an chabhair le hoibríochtaí a chuireann méadú ar olltonnáiste soitheach iascaireachta.
Maidir le hoibríochtaí lena ndíreofar ar shábháilteacht na n-iascairí a fheabhsú, beidh ceannach agus, más infheidhme, suiteáil na nithe seo a leanas incháilithe do thacaíocht:
raftaí tarrthála;
aonaid scaoilte hidreastatacha le haghaidh raftaí tarrthála;
rabhcháin aimsiúcháin phearsanta amhail gairis Rabhcháin Raidió lena Léirítear Suíomh Éigeandála (“EPIRB”), a bhféadfar iad a chomhtháthú i seaicéid tarrthála agus in éadaí oibre na n-iascairí;
Gairis Snámhachta Phearsanta (“PFD”), go háirithe cultacha cosantacha nó cultacha frithnochta, baoithe tarrthála agus seaicéid;
bladhmanna guaise;
fearais caitheamh líne;
córais tarrthála duine i bhfarraige (“MOB”);
fearas comhraicthe dóiteáin, amhail múchtóirí dóiteáin, pluideanna dóiteáin, brathadóirí dóiteáin agus deataigh, fearas anála;
doirse cosanta dóiteáin;
comhlaí stoptha umar breosla;
brathadóirí gáis agus córais aláraim gáis;
caidéil ruma agus aláraim;
trealamh le haghaidh cumarsáid raidió agus satailíte;
haistí agus doirse uiscedhíonacha;
cosaintí ar an innealra, amhail castainní nó drumaí eangacha;
geataí bordála agus dréimirí rochtana;
soilsiú cuardaigh, deice nó éigeandála;
scaoilteán sábháilteachta le haghaidh cásanna ina dtéann trealamh iascaireachta i bhfostú i mbaic faoi uisce;
ceamaraí agus monatóirí sábháilteachta;
an trealamh agus na gnéithe is gá chun feabhas a chur ar an tsábháilteacht deice.
Maidir leis na hoibríochtaí nó an soláthar trealaimh lena ndíreofar ar dhálaí sláinte na n-iascairí a fheabhsú, beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe do thacaíocht:
ceannach agus suiteáil fearais garchabhrach;
ceannach leighis agus gairis le haghaidh cóir leighis phráinneach;
soláthar teilileighis, lena n-áirítear ríomhtheicneolaíochtaí, trealamh agus íomhánna leighis a chuirtear i bhfeidhm ar chianchomhairliúchán ó na soithí;
soláthar treoirleabhar agus lámhleabhar chun feabhas a chur ar an tsláinte;
feachtais faisnéise chun feabhas a chur ar an tsláinte.
Maidir leis na hoibríochtaí nó an soláthar trealaimh lena ndíreofar ar dhálaí sláinteachais na n-iascairí a fheabhsú, beidh ceannach agus, más infheidhme, suiteáil na nithe seo a leanas incháilithe do thacaíocht:
saoráidí sláintíochta, amhail saoráidí leithris agus níocháin;
saoráidí cistine agus trealamh chun soláthairtí bia a stóráil;
gairis íonaithe uisce le haghaidh uisce inólta;
trealamh nó córais aerála, glantacháin nó díghalraithe chun dálaí sláintíochta leordhóthanacha a choinneáil ar bun ar bord;
treoirleabhair agus lámhleabhair maidir le feabhas a chur ar an sláinteachas ar bord, lena n-áirítear uirlisí bogearraí.
Maidir leis na hoibríochtaí nó an soláthar trealaimh lena ndíreofar ar dhálaí oibre ar bord soithí iascaireachta a fheabhsú, beidh ceannach agus, más infheidhme, suiteáil na nithe seo a leanas incháilithe do thacaíocht:
ráillí deice;
struchtúir boird fothana agus nuachóiriú cábán d’fhonn cosaint a thabhairt ar theagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha;
nithe a bhaineann le feabhas a chur ar shábháilteacht cábáin agus le spásanna comhroinnte le haghaidh an chriú a sholáthar;
trealamh chun ardú láimhe trom a laghdú, seachas meaisíní a bhaineann go díreach leis na hoibríochtaí iascaireachta amhail castainní;
péint fhrithshleamhnánach agus mataí rubair;
trealamh inslithe in aghaidh torainn, teasa nó fuachta, agus trealamh chun feabhas a chur ar an aeráil;
éadaí oibre agus trealamh sábháilteachta amhail buataisí sábháilteachta uiscedhíonacha, cosaint súile agus anála, lámhainní agus clogaid, nó trealamh cosanta in aghaidh titime;
comharthaí rabhaidh éigeandála agus sábháilteachta;
anailís riosca agus measúnaithe chun na rioscaí le haghaidh iascairí i gcalafort agus ar muir araon a shainaithint chun bearta a dhéanamh chun rioscaí a chosc nó a laghdú;
treoirleabhair agus lámhleabhair maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre ar bord;
comhfheithiclí le haghaidh iompar ó chriosanna sliogéisc go dtí áiteanna céad díola;
saoráidí ar tír d’iascairí de chois a chuireann feabhas ar dhálaí oibre, amhail seomraí feistis, seomraí folctha agus saoráidí sláintíochta eile, go háirithe iad siúd a spreagann agus a chuireann chun cinn iontráil na mban i margadh an tsaothair.
Airteagal 22
Cabhair chun préimheanna árachais a íoc agus chun ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh leis na cistí frithpháirteacha
Beidh cabhair chun préimheanna árachais a íoc agus chun ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh leis na cistí frithpháirteacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
gurb é is aidhm don chabhair ranníocaíocht a dhéanamh le préimheanna árachais nó cistí frithpháirteacha a íocann cúiteamh airgeadais le hiascairí as caillteanais eacnamaíocha a tharlaíonn de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta, géarchéimeanna sláinte poiblí, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha nó teagmhais chomhshaoil nó as na costais tarrthála i gcás iascairí nó soithí iascaireachta ar éirigh timpistí dóibh ar muir le linn a ngníomhaíochtaí iascaireachta;
nach mbeidh róchúiteamh níos mó ná an caillteanas eacnamaíoch arna thabhú mar thoradh ar an meascán de chúiteamh airgeadais arna íoc ag cistí frithpháirteacha faoin Airteagal seo le hionstraimí an Aontais nó le hionstraimí náisiúnta eile nó le scéimeanna árachais;
nach n-éileoidh ná nach sonróidh an t-árachas cineál ná méid na táirgeachta sa todhchaí agus nach bhfuil an chabhair teoranta d’árachas arna sholáthar ag cuideachta árachais ar leith nó ag grúpa cuideachtaí ar leith; agus
go mbeidh an ciste frithpháirteach creidiúnaithe ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta.
Chun críocha an Airteagail seo:
is iad na géarchéimeanna sláinte poiblí, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, na teagmhais chomhshaoil nó na timpistí ar muir dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) na cinn sin a aithníonn údarás inniúil an Bhallstáit go foirmiúil a tharla;
tuigfear gurb é is ciall do “ciste frithpháirteach” scéim arna creidiúnú ag an mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta le haghaidh iascairí cleamhnaithe chun iad féin a chur faoi árachas, trína ndéantar íocaíochtaí cúitimh le hiascairí cleamhnaithe le haghaidh caillteanais eacnamaíocha arb iad na teagmhais a liostaítear i mír 1, pointe (a) is cúis leo. Beidh bearta trédhearcacha i leith íocaíochtaí isteach sa chiste agus aistarraingtí amach as an gciste frithpháirteach agus beidh rialacha soiléire ina leith lena leagtar síos freagrachtaí as aon fhiach a thabhaítear.
Beidh an uasdéine cabhrach teoranta do:
50 % de na suimeanna arna n-íoc ag an gciste frithpháirteach mar chúiteamh airgeadais le hiascairí;
100 % de na costais riaracháin a bhaineann leis an gciste frithpháirteach a bhunú;
70 % de chostais na préimhe árachais;
50 % de chaipitliú tosaigh an chiste.
Airteagal 23
Cabhair chun tacú le córais lena leithdháiltear deiseanna iascaireachta
Beidh cabhair chun tacú le córais lena leithdháiltear deiseanna iascaireachta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
gurb é is aidhm don chabhair tacaíocht a thabhairt maidir leis na córais lena leithdháiltear na deiseanna iascaireachta idir na Ballstáit a dhearadh, a fhorbairt, a mheas, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu, i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun na gníomhaíochtaí iascaireachta a oiriúnú do na deiseanna iascaireachta; agus
go ndeonófar an chabhair do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha nó d’eagraíochtaí iascairí a aithníonn an Ballstát, lena n-áirítear eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí a bhaineann le comhbhainistíocht a dhéanamh ar na córais lena leithdháiltear na deiseanna iascaireachta.
Ní fhéadfar ach na costais incháilithe seo a leanas a chumhdach leis an gcabhair:
costais tuarastail dhíreacha;
ceannach nó léasú sócmhainní inláimhsithe nó doláimhsithe suas le luach margaidh na sócmhainne;
costais foilseachán; nó
ceannach seirbhísí nó staidéar um dhearadh agus forbairt.
Airteagal 24
Cabhair chun tionchar na hiascaireachta ar an gcomhshaol a theorannú agus an iascaireacht a chur in oiriúint do chosaint speiceas
Tacóidh an chabhair leis na nithe seo a leanas:
infheistíochtaí i dtrealamh chun feabhas a chur ar roghnaíocht méide nó ar roghnaíocht speiceas an trealaimh iascaireachta;
infheistíochtaí ar bord nó i dtrealamh lena gcuirtear deireadh leis an aischur trí ghabhálacha stoc tráchtála de thaisme a sheachaint agus a laghdú nó trí dhéileáil le gabhálacha nach bhfuil de dhíth i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
infheistíochtaí i dtrealamh chun tionchair fhisiceacha agus bhitheolaíocha na hiascaireachta ar an éiceachóras nó ar ghrinneall na farraige a theorannú agus, i gcás inarb indéanta, deireadh a chur leis; nó
infheistíochtaí i dtrealamh lena gcosnaítear fearais iascaireachta agus gabhálacha ar mhamaigh agus ar éin atá faoi chosaint Threoir 92/43/CEE ón gComhairle ( 12 ) nó atá faoi chosaint Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ), ar choinníoll nach mbaintear an bonn den roghnaíocht maidir leis an bhfearas iascaireachta agus go dtugtar isteach na bearta uile is iomchuí chun damáiste fisiciúil do na creachadóirí a sheachaint.
Deonófar an chabhair:
d’úinéirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar cláraíodh a soithí mar shoithí gníomhacha agus a rinne gníomhaíocht iascaireachta inar caitheadh 60 lá ar a laghad ar muir le linn an 2 bhliain féilire roimh dháta tíolactha an iarratais ar chabhair;
d’iascairí ar leo an fearas atá le hathsholáthar agus a d’oibrigh ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais ar feadh 60 lá ar a laghad le linn an 2 bhliain féilire roimh dháta tíolactha an iarratais ar chabhair;
d’eagraíochtaí iascairí atá aitheanta ag an mBallstát.
Airteagal 25
Cabhair le haghaidh nuálaíocht atá nasctha le caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara
Beidh cabhair le haghaidh nuálaíocht atá nasctha le caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go ndíreoidh an chabhair ar rannchuidiú le deireadh a chur de réir a chéile leis na hábhair aischurtha agus le foghabhálacha agus ar an aistriú chuig saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a éascú agus ar thionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht agus ar ainmhithe cosanta a laghdú;
go dtacóidh an chabhair le hoibríochtaí lena ndíreofar ar eolas teicniúil nó eagraíochtúil nua a fhorbairt nó a thabhairt isteach lena laghdófar tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar an gcomhshaol, lena n-áirítear teicnící iascaireachta agus roghnaíocht fearas níos fearr, nó le hoibríochtaí lena ndíreofar ar úsáid níos inbhuanaithe a bhaint as acmhainní bitheolaíocha na mara agus ar an gcomhaireachtáil le hainmhithe cosanta;
go ndéanfar oibríochtaí dá dtabharfar tacaíocht i gcomhar le comhlacht eolaíoch nó teicniúil atá aitheanta ag an mBallstát a dhéanfaidh torthaí na n-oibríochtaí sin a bhailíochtú, nó go ndéanfaidh comhlacht eolaíoch nó teicniúil atá aitheanta ag an mBallstát uaidh féin iad; agus
go mbeidh torthaí na n-oibríochtaí dá dtabharfar tacaíocht faoi réir poiblíocht leordhóthanach ag an mBallstát.
Ní fhéadfadh ach na rudaí seo a leanas a bheith ina gcostais incháilithe:
costais foirne dhíreacha i ndáil le taighdeoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta eile a mhéid a fhostaítear don tionscadal iad;
costais ionstraimí agus trealaimh a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad; i gcás nach n-úsáidtear na hionstraimí agus an trealamh sin le haghaidh a saolré iomlán le haghaidh an tionscadail, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;
costas na bhfoirgneamh agus na talún, a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad agus faoi na coinníollacha seo a leanas:
maidir le foirgnimh, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;
maidir le talamh, is iad costais a bhaineann le haistriú tráchtála nó costais chaipitil a thabhaítear iarbhír, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;
costais a bhaineann le taighde conarthach, le heolas agus le paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon le costais a bhaineann le seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach don tionscadal; nó
forchostais bhreise agus speansais oibriúcháin eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthairtí agus táirgí comhchosúla a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal.
Airteagal 26
Cabhair chun bithéagsúlacht agus éiceachórais agus córais na mara a chosaint agus a athbhunú faoi chuimsiú gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe
Leis an gcabhair faoin Airteagal seo, tacófar leis na hoibríochtaí seo a leanas:
bailiú dramhaíola ón muir ag an iascaire amhail trealamh iascaireachta a cailleadh agus bruscar muirí a bhailiú go héighníomhach; níl ach na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe do thacaíocht:
trealamh iascaireachta a bhaint ón bhfarraige, go háirithe chun dul i ngleic leis an trealamh sí;
ceannach agus, más infheidhme, suiteáil trealamh ar bord chun bruscar a bhailiú agus a stóráil;
cruthú scéimeanna bailithe dramhaíola le haghaidh iascairí rannpháirteacha, lena n-áirítear dreasachtaí airgeadais;
ceannach agus, más infheidhme, suiteáil trealamh atá bunaithe i saoráidí i gcalafoirt iascaireachta chun bruscar a stóráil agus a athchúrsáil;
cumarsáid, faisnéis, feachtais múscailte feasachta, chun iascairí agus páirtithe leasmhara eile a spreagadh a bheith rannpháirteach i dtionscadail chun trealamh iascaireachta a cailleadh a bhaint; nó
oiliúint le haghaidh iascairí agus gníomhairí calafoirt.
tógáil, suiteáil nó nuachóiriú saoráidí buana nó sochorraithe atá beartaithe chun fauna agus flora muirí a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear iad a ullmhú go heolaíoch agus meastóireacht a dhéanamh orthu; níl ach na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe do thacaíocht:
ceannach agus, más infheidhme, suiteáil saoráidí chun limistéir mhuirí a chosaint ar an trálaeireacht;
ceannach agus, más infheidhme, suiteáil saoráidí chun éiceachórais mhuirí dhíghrádaithe a athbhunú; nó
na costais a bhaineann le réamhobair amhail sirtheoireacht, staidéir eolaíocha nó meastóireachtaí.
Ní bheidh éadáil soitheach atá le dul faoi uisce agus a úsáidtear mar sceir shaorga incháilithe.
cur le bainistiú nó caomhnú níos fearr a dhéanamh i dtaca le hacmhainní bitheolaíocha muirí trí na nithe seo a leanas a shuiteáil nó na gníomhaíochtaí agus na tionscadail seo a leanas a dhéanamh:
crúcaí ciorclacha;
feistí fuaimchiaptha;
feistí eisiatóra turtar (“TEDanna”);
línte scanraithe éan;
uirlisí nó feistí eile atá cruthaithe a bheith éifeachtúil ó thaobh gabhálacha de thaisme de speicis chosanta a chosc;
oiliúint le haghaidh iascairí maidir le bainistiú nó caomhnú níos fearr a dhéanamh i dtaca le hacmhainní bitheolaíocha muirí;
tionscadail lena ndírítear ar ghnáthóga cósta tábhachtacha le haghaidh éisc, éin agus orgánaigh eile;
tionscadail lena ndírítear ar limistéir thábhachtacha le haghaidh atáirgeadh éisc, amhail bogaigh chósta; nó
trealamh iascaireachta ísealtionchair a chur in ionad trealamh iascaireachta atá ann cheana, na costais a bhaineann le potaí éisc agus gaistí éisc, jigeáil agus línte láimhe a dhéanamh;
rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí eile atá dírithe ar chothabháil agus ar fheabhsú seirbhísí bithéagsúlachta agus seirbhísí éiceachórais, amhail gnáthóga muirí nó cósta ar leith a athbhunú chun tacú le stoic éisc inbhuanaithe lena n-áirítear iad a ullmhú go heolaíoch agus meastóireacht a dhéanamh; tá na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe do thacaíocht:
scéimeanna chun teicnící faireacháin nua a thástáil, agus go háirithe:
dreasachtaí airgeadais chun gairis taifeadta uathoibríocha a shuiteáil ar bord chun faireachán agus taifead a dhéanamh ar shonraí aigéaneolaíochta amhail teocht, salandacht, planctón, blásanna algach nó moirtiúlacht;
bearta lena laghdaítear an truailliú fisiceach agus ceimiceach;
bearta lena laghdaítear brúnna fisiceacha eile, lena n-áirítear torann antrapaigineach faoi uisce a dhéanann dochar don bhithéagsúlacht;
bearta caomhnaithe dearfacha chun flóra agus fána a chosaint agus a chaomhnú, lena n-áirítear speicis dhúchasacha a thabhairt isteach an athuair nó a stocáil, agus prionsabail an Bhonneagair Ghlais dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an mBonneagar Glas ( 14 ) a chur i bhfeidhm; nó
bearta chun IAS a chosc, a rialú nó a dhíothú.
Airteagal 27
Cabhair chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú
Leis an gcabhair a dheonófar faoin Airteagal seo, ní fhéadfar ach na bearta seo a leanas a chumhdach:
infheistíochtaí i dtrealamh nó ar bord atá dírithe ar astú na dtruailleán a laghdú nó ar gháis cheaptha teasa a laghdú agus ar éifeachtúlacht fuinnimh na soithí iascaireachta a mhéadú. Tá infheistíochtaí i dtrealamh iascaireachta incháilithe freisin ar an gcoinníoll nach ndéanfaí an bonn a bhaint de roghnaíocht an trealaimh iascaireachta sin;
iniúchtaí agus scéimeanna um éifeachtúlacht fuinnimh; nó
staidéir chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú na gcóras malartach tiomána agus dearaí malartacha na gcabhlacha le héifeachtúlacht soithí iascaireachta.
Is iad na costais incháilithe na costais bhreise dhíreacha a thabhaítear mar thoradh ar oibríochtaí lena mbaineann. Chun críocha phointe (a) i mír 2, costais incháilithe a bhaineann leis na rudaí seo a leanas:
bearta lena ndíreofar ar fheabhas a chur ar hidridinimic chabhail an tsoithigh, ní fhéadfar a chumhdach leo ach na rudaí seo a leanas:
bearta lena ndíreofar ar fheabhas a chur ar chóras tiomána an tsoithigh, ní fhéadfar a chumhdach leo ach costais a bhaineann le ceannach, agus más gá, le suiteáil na nithe seo a leanas:
infheistíochtaí i dtrealamh iascaireachta agus i bhfaireas iascaireachta, ní fhéadfar a chumhdach leo ach costais a bhaineann leis na bearta seo a leanas:
infheistíochtaí lena ndíreofar ar an leictreachas nó ar an bhfuinneamh teirmeach a laghdú, ní fhéadfar a chumhdach leo ach na hinfheistíochtaí seo a leanas:
Ní bheidh na costais a bhaineann le cothabháil bhunúsach cabhlach incháilithe chun cabhair a fháil faoi phointe (a) i mír 2.
Airteagal 28
Cabhair do bhreisluach, cáilíocht táirge agus úsáid gabhálacha de thaisme
Beidh cabhair do bhreisluach, do cháilíocht táirgí agus d’úsáid na ngabhálacha de thaisme a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go ndíreofar leis an gcabhair ar fheabhas a chur ar bhreisluach nó ar chaighdeán na n-iasc a ghabhtar;
nach gcumhdófar ach na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:
infheistíochtaí chun luach a chur le táirgí iascaigh, go háirithe trí cheadú d’iascairí a ngabhálacha féin a phróiseáil, a mhargú agus a dhíol go díreach; nó
infheistíochtaí nuálacha ar bord lena gcuirtear feabhas ar chaighdeán na dtáirgí iascaigh.
Airteagal 29
Cabhair do chalafoirt iascaireachta, láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír, hallaí ceantála agus foscadáin
Beidh cabhair do chalafoirt iascaireachta, láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír, hallaí ceantála agus foscadáin a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go ndíreofar leis an gcabhair ar cháilíocht, rialú agus inrianaitheacht an táirge a chuirtear i dtír a fheabhsú, ar éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, agus ar chur le cosaint an chomhshaoil agus le sábháilteacht agus dálaí oibre a fheabhsú;
go gcumhdófar leis an gcabhair na costais incháilithe a dhéanann na rudaí seo a leanas:
feabhas a chur ar bhonneagar na gcalafoirt iascaireachta, na hallaí ceantála, na láithreán ag a dtugtar iasc i dtír agus foscadáin, lena n-áirítear infheistíochtaí i saoráidí glactha leordhóthanacha le haghaidh trealamh iascaireachta a cailleadh agus bruscar muirí arna bhailiú ón bhfarraige;
comhlíonadh na hoibleagáide a éascú maidir leis na gabhálacha go léir a thabhairt i dtír de bhun Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus le hAirteagal 8(2), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 nó lena gcuirtear luach le codanna tearcúsáidte den ghabháil; nó
feabhas a chur ar shábháilteacht iascairí trí bhíthin foscadáin a thógáil nó a nuachóiriú.
Airteagal 30
Cabhair le haghaidh iascaireacht intíre agus fauna agus flora uisceach intíre
Beidh cabhair le haghaidh iascaireacht intíre agus fauna agus flora uisceach intíre a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll gurb é is aidhm don chabhair:
tionchar na hiascaireachta intíre ar an gcomhshaol a laghdú;
an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú;
luach nó cáilíocht na n-iasc a ghabhtar a fheabhsú; nó
an tsláinte, an tsábháilteacht, dálaí oibre, an caipiteal daonna agus an oiliúint a fheabhsú.
Leis an gcabhair faoin Airteagal seo, ní fhéadfar tacú ach leis na costais incháilithe seo a leanas:
infheistíochtaí i gcur chun cinn an chaipitil dhaonna, cruthú post agus idirphlé sóisialta dá dtagraítear in Airteagal 18 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin;
infheistíochtaí ar bord nó i dtrealamh aonair dá dtagraítear in Airteagal 21 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin;
infheistíochtaí i dtrealamh dá dtagraítear in Airteagal 24 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin;
infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus maolú éifeachtaí an athraithe aeráide dá dtagraítear in Airteagal 27 agus faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach san Airteagal sin;
infheistíochtaí lena gcuirtear feabhas ar bhreisluach nó ar chaighdeán na n-iasc a ghabhtar dá dtagraítear in Airteagal 28 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin;
infheistíochtaí i gcalafoirt iascaireachta, foscadáin agus láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír dá dtagraítear in Airteagal 29 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin; nó
infheistíochtaí i líonta nó trealamh iascaireachta eile atá faoi réir níos mó caithimh agus cuimilte de dheasca damáiste a dhéanann ainmhithe seachas éisc, lena n-áirítear speicis ionracha, agus i dtrealamh gaolmhar.
Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo:
tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagail 21, 24, 27 agus 28 do shoithí iascaireachta tagairtí do shoithí a oibríonn in uiscí intíre amháin;
tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagal 24 don mhuirthimpeallacht tagairt don timpeallacht ina n-oibríonn an soitheach iascaireachta intíre;
coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 21, 24 agus 27 a bhaineann go sonrach le soithigh iascaireachta muirí, ní leathnófar iad chun an iascaireacht intíre a chumhdach.
Chun fauna agus flora uisceach a chosaint agus a fhorbairt, leis an gcabhair, ní fhéadfar tacú ach leis an méid seo a leanas:
bainistiú, athbhunú agus faireachán láithreáin NATURA 2000 a bhfuil tionchar ag gníomhaíochtaí iascaireachta orthu agus le hathshlánú na n-uiscí intíre i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ), lena n-áirítear láithreacha sceite agus bealaí imirce do speicis imirceacha, gan dochar d’Airteagal 26(2), pointe (d), den Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, in éineacht le rannpháirtíocht iascairí intíre;
tógáil, suiteáil nó nuachóiriú saoráidí buana nó sochorraithe atá beartaithe chun fauna agus flora uisceach a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear iad a ullmhú go heolaíoch agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu.
Airteagal 31
Coinníollacha ginearálta
Comhlíonfaidh cabhair a dheonófar faoin Roinn seo na coinníollacha ginearálta seo a leanas:
beidh an chabhair teoranta do ghnóthais dobharshaothraithe mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo;
i gcás ina mbeidh sna hoibríochtaí infheistíochtaí i dtrealamh nó i mbonneagar, lena n-áiritheofar comhlíonadh na gceanglas faoi dhlí an Aontais maidir leis an gcomhshaol, le sláinte an duine nó le sláinte ainmhithe, le sláinteachas ainmhithe nó le leas ainmhithe, féadfar tacaíocht a dheonú go dtí an dáta a thiocfaidh na caighdeáin chun bheith éigeantach do na gnóthais;
ní dheonófar í do shaothrú orgánach géinmhodhnaithe;
ní dheonófar í d’oibríochtaí an dobharshaothraithe i limistéir mhuirí faoi chosaint, má chinn údarás inniúil an Bhallstáit, ar bhonn measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol, go mbeadh drochthionchar suntasach ar an gcomhshaol nach bhféadfaí a mhaolú go leordhóthanach, mar thoradh ar an oibríocht.
Airteagal 32
Cabhair le haghaidh nuálaíocht sa dobharshaothrú
Beidh cabhair le haghaidh nuálaíocht sa dobharshaothrú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go spreagfar nuálaíocht sa dobharshaothrú leis an gcabhair;
go ndíreofar leis an gcabhair ar an méid seo a leanas a bhaint amach:
eolas teicniúil, eolaíoch nó eagraíochtúil i bhfeirmeacha dobharshaothraithe a fhorbairt, lena ndéantar go háirithe an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, an spleáchas ar mhin éisc agus ar ola éisc a laghdú, úsáid inbhuanaithe acmhainní a chothú, leas ainmhithe a fheabhsú nó modhanna nua inbhuanaithe táirgthe a éascú;
speicis nua dobharshaothraithe lena mbaineann cumas margaidh, táirgí nua nó táirgí atá feabhsaithe go mór, próisis nua nó próisis atá feabhsaithe go mór, córais bhainistíochta nó eagrúcháin nua nó atá feabhsaithe a fhorbairt nó a thabhairt isteach sa mhargadh;
indéantacht theicniúil nó eacnamaíoch táirgí nó próiseas atá nuálach a fhiosrú.
D’fhéadfadh na rudaí seo a leanas a bheith ina gcostais incháilithe:
costais foirne dhíreacha i ndáil le taighdeoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta eile a mhéid a fhostaítear don tionscadal iad;
costais ionstraimí agus trealaimh a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad;
costais foirgneamh, a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad agus faoi na coinníollacha seo a leanas:
maidir le foirgnimh, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;
maidir le talamh, is costais incháilithe iad costais a bhaineann le haistriú tráchtála nó costais chaipitil a thabhaítear iarbhír;
costais a bhaineann le taighde conarthach, le heolas agus le paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon le costais a bhaineann le seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach don tionscadal; nó
forchostais bhreise agus speansais oibriúcháin eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthairtí agus táirgí comhchosúla a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal.
Chun críocha phointe (b), i gcás nach n-úsáidtear na hionstraimí agus an trealamh sin le haghaidh a saolré iomlán le haghaidh an tionscadail, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe.
Airteagal 33
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena ndéantar táirgiúlacht a mhéadú nó lena mbeidh tionchar dearfach ar an gcomhshaol sa dobharshaothrú
Beidh cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena ndéantar táirgiúlacht a mhéadú nó lena mbeidh tionchar dearfach ar an gcomhshaol sa dobharshaothrú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go dtacaíonn an chabhair leis an méid seo a leanas:
infheistíochtaí táirgiúla i ndobharshaothrú;
éagsúlú na táirgeachta dobharshaothraithe agus na speiceas saothraithe;
aonaid dobharshaothraithe a nuachóiriú lena n-áirítear feabhas ar dhálaí oibre agus sábháilteachta oibrithe in earnáil an dobharshaothraithe;
feabhas agus nuachóiriú i sláinte agus leas ainmhithe lena n-áirítear trealamh a cheannach lena ndírítear ar fheirmeacha a chosaint ó chreachadóirí fiáine;
tionchar diúltach a laghdú nó éifeachtaí dearfacha a mhéadú maidir leis an gcomhshaol agus éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú;
infheistíochtaí i gcaighdeán na dtáirgí dobharshaothraithe a fheabhsú nó i gcur leo;
infheistíochtaí lena ndéantar locháin nó muirligh dhobharshaothraithe atá ann cheana féin a athbhunú trí shíolta a bhaint, nó infheistíochtaí atá dírithe ar shil-leagan a chosc;
ioncam na ngnóthas dobharshaothraithe a éagsúlú trí ghníomhaíochtaí comhlántacha a fhorbairt;
infheistíochtaí lena ndéantar laghdú suntasach ar thionchar na ngnóthas dobharshaothraithe ar úsáid agus ar cháilíocht an uisce, go háirithe trí laghdú a dhéanamh ar mhéid an uisce, na gceimiceán, na n-antaibheathach agus na gcógas eile a úsáidtear, nó trí cháilíocht an uisce aschurtha a fheabhsú, lena n-áirítear trí fheidhm a bhaint as córais iltrófacha dobharshaothraithe;
córais dhúnta dobharshaothraithe a chur chun cinn ina ndéantar táirgí dobharshaothraithe a shaothrú i gcórais dhúnta athshruthúcháin, lena n-úsáidtear an méid is lú uisce is féidir; nó
infheistíochtaí lena méadaítear éifeachtúlacht fuinnimh agus lena ndéantar tiontú gnóthas dobharshaothraithe go foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn.
Airteagal 34
Cabhair le haghaidh seirbhísí bainistíochta, faoisimh agus comhairleacha le haghaidh feirmeacha dobharshaothraithe
Beidh cabhair le haghaidh seirbhísí bainistíochta, faoisimh agus comhairleacha le haghaidh feirmeacha dobharshaothraithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go gcuirfear feabhas ar fheidhmíocht fhoriomlán agus ar iomaíochas na bhfeirmeacha dobharshaothraithe leis an gcabhair;
go laghdófar tionchar comhshaoil diúltach na bhfeirmeacha dobharshaothraithe leis an gcabhair; agus
go dtacóidh an chabhair le seirbhísí comhairleacha feirme teicniúla, eolaíocha, dlíthiúla, comhshaoil nó eacnamaíocha a cheannach.
Chun críocha phointe (c), ní dheonófar cabhair ach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide i réimse an dobharshaothraithe nó d’eagraíochtaí dobharshaothraithe lena n-áirítear eagraíochtaí táirgeoirí i réimse an dobharshaothraithe agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí i réimse an dobharshaothraithe.
Cumhdófar na nithe seo a leanas sna seirbhísí comhairleacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (c):
na riachtanais bhainistíochta atá de dhíth chun go gcomhlíonfaidh an dobharshaothrú reachtaíocht náisiúnta agus an Aontais um chosaint an chomhshaoil mar aon le ceanglais na pleanála spásúlachta muirí;
measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol dá dtagraítear i dTreoir 2011/92/AE agus i dTreoir 92/43/CEE;
na riachtanais bhainistíochta atá de dhíth chun go gcomhlíonfaidh an dobharshaothrú reachtaíocht náisiúnta agus Aontais maidir le sláinte agus leas ainmhithe uisceacha nó reachtaíocht maidir leis an tsláinte phoiblí;
caighdeáin bunaithe ar reachtaíocht an Aontais agus ar an reachtaíocht náisiúnta;
straitéisí margaíochta agus gnó; nó
staidéir indéantachta agus seirbhísí comhairleacha ina ndéantar measúnú ar inmharthanacht bearta a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do thacaíocht faoi Theideal II, Caibidil III de Rialachán (AE) 2021/1139.
Airteagal 35
Cabhair chun caipiteal daonna agus líonrú a chur chun cinn sa dobharshaothrú
Beidh cabhair chun caipiteal daonna agus líonrú a chur chun cinn sa dobharshaothrú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go dtacóidh an chabhair leis an méid seo a leanas:
oiliúint ghairmiúil, foghlaim ar feadh an tsaoil, eolas eolaíoch agus teicniúil agus cleachtais nuálacha a scaipeadh, scileanna gairmiúla nua a ghnóthú sa dobharshaothrú agus tionchar oibríochtaí dobharshaothraithe ar an gcomhshaol a laghdú;
coinníollacha oibre a fheabhsú agus sábháilteacht gairme a chur chun cinn; agus
líonrú agus malartú taithí agus dea-chleachtais i measc gnóthais dobharshaothraithe nó eagraíochtaí gairmiúla agus páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear comhlachtaí eolaíocha agus teicniúla nó na comhlachtaí sin a chuireann comhdheiseanna idir fir agus mná chun cinn.
Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe seo a leanas a thabhófar go díreach mar thoradh ar an tionscadal dá dtabharfar tacaíocht:
costais tuarastail dhíreacha;
táillí rannpháirtíochta;
costais taistil;
costais foilseachán;
seirbhísí bailithe sonraí, staidéir, tionscadail phíolótacha a cheannaítear;
áitribh agus seastáin taispeántais a fháil ar cíos agus na costais a bhaineann lena suiteáil agus lena ndíchóimeáil; nó
costais a bhaineann le heolas eolaíoch agus faisnéis fhíorasach a scaipeadh.
Airteagal 36
Cabhair chun acmhainneacht na láithreán dobharshaothraithe a mhéadú
Beidh cabhair chun acmhainneacht na láithreán dobharshaothraithe a mhéadú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go gcuirfidh an chabhair le forbairt na láithreán agus na mbonneagar dobharshaothraithe agus go laghdófar tionchar diúltach na n-oibríochtaí ar an gcomhshaol léi;
go dtacóidh an chabhair leis an méid seo a leanas:
na limistéir is oiriúnaí d’fhorbairt an dobharshaothraithe a shainaithint agus a mhapáil agus, i gcás inarb iomchuí, próisis pleanála spásúla a chur san áireamh, agus na limistéar inar cheart an dobharshaothrú a eisiamh a shainaithint agus a mhapáil d’fhonn ról na limistéar sin i bhfeidhmiú an éiceachórais a choinneáil ar bun;
áiseanna tacaíochta agus bonneagair a fheabhsú agus a fhorbairt, ar áiseanna iad atá riachtanach chun acmhainneacht na limistéar dobharshaothraithe a mhéadú agus tionchar diúltach an dobharshaothraithe ar an gcomhshaol a laghdú, lena n-áirítear trí infheistíochtaí i gcomhdhlúthú talún, i soláthar fuinnimh nó i mbainistiú uisce;
gníomhaíocht arna glacadh agus arna cur chun feidhme ag na húdaráis inniúla faoi Airteagal 9(1) de Threoir 2009/147/CE nó Airteagal 16(1) de Threoir 92/43/CEE a bhfuil sé mar aidhm aici damáistí tromchúiseacha don dobharshaothrú a chosc; nó
Chun críocha phointe (b)(iv), ní dheonófar cabhair ach chun glacadh pleananna gníomhaíochta maidir le sliogiasc a chumhdach, arb é is aidhm dóibh cosaint, athbhunú agus bainistiú, lena n-áirítear tacaíocht do tháirgeoirí sliogéisc chun bainc nádúrtha sliogéisc agus limistéir ghabhála a choinneáil ar bun.
Féadfar na costais seo a leanas a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal a bheith i gceist leis na costais incháilithe:
na costais a bhaineann le hinfheistíocht i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe;
costais tuarastail dhíreacha; nó
na costais a bhaineann le comhairleoireacht, taighde conarthach, agus seirbhísí tacaíochta a sholáthraíonn sainchomhairleoirí seachtracha.
Airteagal 37
Cabhair chun fiontraithe nua dobharshaothraithe inbhuanaithe a spreagadh
Beidh cabhair chun fiontraithe nua dobharshaothraithe inbhuanaithe a spreagadh a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go ndéanfar fiontraíocht sa dobharshaothrú a chothú leis an gcabhair; agus
go dtacófar le fiontraithe nua gnóthais inbhuanaithe dobharshaothraithe a chur ar bun leis an gcabhair.
Deonófar an chabhair d’fiontraithe dobharshaothraithe ag tosú amach san earnáil ar na coinníollacha seo a leanas:
go mbeidh scileanna gairmiúla leordhóthanacha agus inniúlacht ghairmiúil leordhóthanach acu;
go mbeidh FBManna dobharshaothraithe á bhunú acu, agus iad i gceannas ar an ngnóthas sin, den chéad uair; agus
go gcuirfidh siad plean gnó isteach maidir le forbairt a ngníomhaíochtaí dobharshaothraithe.
Féadfar na costais seo a leanas a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal a bheith i gceist leis na costais incháilithe:
costais tuarastail;
forchostais bhreise agus costais eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthairtí;
costais trealaimh; nó
na costais infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe.
Airteagal 38
Cabhair chun athrú chuig scéimeanna um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil agus dobharshaothrú orgánach
Beidh cabhair chun athrú chuig scéimeanna um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil agus dobharshaothrú orgánach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go ndéanfar forbairt an dobharshaothraithe orgánaigh nó an dobharshaothraithe atá tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn leis an gcabhair;
go dtacóidh an chabhair le ceann amháin de na rudaí seo a leanas:
rannpháirtíocht i scéimeanna um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) an Aontais i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle ( 21 ).
Is i bhfoirm cúitimh a bheidh an chabhair ar feadh uastréimhse 3 bliana le linn na tréimhse ina bhfuil an gnóthas ag athrú go táirgeadh orgánach nó le linn an ullmhúcháin do rannpháirtíocht i EMAS. Déanfaidh na Ballstáit an cúiteamh sin a ríomh ar bhonn ceann amháin de na rudaí seo a leanas:
caillteanas ioncaim arna thabhú nó na costais bhreise arna dtabhú le linn na tréimhse aistrithe ón táirgeadh traidisiúnta go dtí an táirgeadh orgánach i gcás oibríochtaí atá incháilithe faoi mhír 1, pointe (b)(i);
na costais bhreise a eascraíonn ón iarratas agus ón ullmhúchán do rannpháirtíocht in EMAS i gcás oibríochtaí atá incháilithe faoi mhír 1, pointe (b)(ii).
Airteagal 39
Cabhair le haghaidh seirbhísí comhshaoil
Beidh cabhair le haghaidh gnóthais atá gníomhach san earnáil dobharshaothraithe a sholáthraíonn seirbhísí comhshaoil a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go gcothófar forbairt na hearnála dobharshaothraithe a sholáthraíonn seirbhísí comhshaoil leis an gcabhair; agus
go dtacóidh an chabhair le ceann amháin de na bearta seo a leanas:
modhanna dobharshaothraithe atá comhoiriúnach le riachtanais chomhshaoil shonracha agus faoi réir ceanglais bhainistíochta shonracha a eascraíonn ó ainmniú limistéir NATURA 2000 i gcomhréir le Treoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE;
rannpháirtíocht, i dtéarmaí na gcostas a bhaineann go díreach léi, i gcaomhnú agus atáirgeadh ex-situ ainmhithe uisceacha, faoi chuimsiú cláir caomhnaithe agus athbhunaithe bithéagsúlachta arna bhforbairt ag údaráis phoiblí, nó faoina maoirseacht;
oibríochtaí dobharshaothraithe lena n-áirítear caomhnú agus feabhsú an chomhshaoil, bithéagsúlacht, agus bainistiú an tírdhreacha agus na ngnéithe traidisiúnta de chriosanna dobharshaothraithe.
Airteagal 40
Cabhair le haghaidh bearta sláinte poiblí
Cabhair dá dtagraítear i mír 1, ní fhéadfar í a dheonú ach i gcás ina mbeidh dúnadh an limistéir táirgthe nó athsheachadta aicmithe, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún ( 22 ), de bharr an iomadaithe planctón ginte tocsain nó de bharr planctón a bheith ann ina bhfuil bith-thocsainí a sháraíonn na teorainneacha a bhunaítear in Iarscríbhinn III, Roinn VII, Caibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 23 ), agus ar choinníoll:
go mairfidh an t-éilliú tréimhse atá níos faide ná ceithre mhí as a chéile; nó
go mbeidh an caillteanas a eascraíonn as cur ar fionraí na buainte níos mó ná 25 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais lena mbaineann, arna ríomh ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sin sna trí bliana roimh an mbliain inar cuireadh an bhuaint ar fionraí;
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit rialacha speisialta ríomha a leagan síos a bheidh le húsáid i ndáil le cuideachtaí atá i mbun gníomhaíochta níos lú ná 3 bliana.
Airteagal 41
Cabhair le haghaidh bearta um shláinte agus leas ainmhithe
Beidh cabhair le haghaidh bearta um shláinte agus leas ainmhithe i ngnóthais dobharshaothraithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
gurb é is aidhm don chabhair sláinte agus leas ainmhithe a chothú i ngnóthais dobharshaothraithe, inter alia, maidir le cosc agus bithshlándáil; agus
nach bhféadfar a chumhdach leis an gcabhair ach ceann amháin de na bearta seo a leanas:
dea-chleachtais ghinearálta agus dea-chleachtais a bhaineann go sonrach le speiceas ar leith nó cóid iompair maidir le bithshlándáil nó riachtanais sláinte agus leasa ainmhithe sa dobharshaothrú a fhorbairt;
tionscnaimh lena ndírítear ar an méid a bhraitheann an dobharshaothrú ar chógais tréidliachta a laghdú;
staidéir tréidliachta nó chógaisíochta agus scaipeadh agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas maidir le galair thréidliachta sa dobharshaothrú, a bhfuil sé d’aidhm acu úsáid iomchuí na gcógas tréidliachta a chur chun cinn;
grúpaí cosanta sláinte a bhunú agus a eagrú san earnáil dobharshaothraithe mar atá aitheanta ag na Ballstáit; nó
cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí moileasc as a ngníomhaíochtaí a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach mar gheall ar ollbhásmhaireacht eisceachtúil, nuair a théann an ráta básmhaireachta bliantúil os cionn 20 % nó nuair atá an caillteanas a eascraíonn as cur ar fionraí na gníomhaíochta níos mó ná 30 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais sin, arna ríomh ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sna 3 bliana roimh an mbliain inar cuireadh na gníomhaíochtaí ar fionraí.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh na Ballstáit rialacha speisialta ríomha a bhunú a bheidh le húsáid i ndáil le cuideachtaí atá i mbun gníomhaíochta níos lú ná 3 bliana.
Ní chumhdófar ceannach cógas tréidliachta sa chabhair dá dtagraítear i bpointe (b)(iii).
Déanfaidh an Ballstát tuairisciú agus poiblíocht leormhaith ar thorthaí na staidéar arna maoiniú faoi phointe (b)(iii).
Airteagal 42
Cabhair chun galair a chosc, a rialú agus a dhíothú
Beidh cabhair chun galair a chosc, a rialú agus a dhíothú i ngnóthais dobharshaothraithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go dtacóidh an chabhair leis na costais a bhaineann leis na nithe seo a leanas a chosc, a rialú agus a dhíothú:
na galair sa dobharshaothrú a liostaítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/429, nó atá ar an liosta de ghalair ainmhithe i gCód Shláinte um Ainmhithe Uisceacha na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe, lena n-áirítear na costais oibríochtúla is gá chun na hoibleagáidí i bplean díothaithe a chomhlíonadh;
galair atá ag teacht chun cinn a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2016/429;
zónóisí na n-ainmhithe uisceacha a liostaítear in Iarscríbhinn III, pointe 2, a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 24 ); nó
galair seachas galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2016/429 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 226 den Rialachán sin.
Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe seo a leanas chun críocha an choisc, an rialaithe agus an díothaithe:
seiceálacha sláinte, anailísí, tástálacha, agus bearta eile maidir le scagadh;
feabhas a chur ar bhearta bithshlándála;
ceannach, stóráil, riar nó dáileadh vacsaíní, cógas, agus substaintí le haghaidh cóireáil ainmhithe;
marú, ciondíothú agus scrios ainmhithe;
scrios táirgí ainmhithe agus táirgí atá nasctha leo;
ní, dífhabhtú nó dímhíolú an ghabháltais agus an trealaimh; nó
an damáiste a thabhaítear de dheasca marú, ciondíothú agus scrios ainmhithe, táirgí ainmhithe, agus táirgí nasctha leo.
Airteagal 43
Cabhair le haghaidh infheistíochta chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca galair ainmhithe a chosc agus a mhaolú
Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe atá díreach agus sonrach le haghaidh bearta coisctheacha. Ní fhéadfar ach na costais a bhaineann leis na rudaí seo a leanas a áireamh leis na costais:
maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear léasú nó feabhsú; nó
innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne.
Airteagal 44
Cabhair le haghaidh árachas do stoic dhobharshaothraithe
Beidh cabhair le haghaidh árachas do stoic dobharshaothraithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go gcuirfear chun cinn leis an gcabhair ioncam na dtáirgeoirí dobharshaothraithe a chosaint; agus
go gcuirfidh an chabhair le hárachas do stoic dobharshaothraithe lena gcumhdófar caillteanais eacnamaíocha a tharlaíonn de bharr ceann amháin, ar a laghad, de na nithe seo a leanas:
tubaistí nádúrtha;
teagmhais dhíobhálacha aeráide;
athruithe tobanna ar cháilíocht agus ar chainníocht an uisce nach bhfuil an t-oibreoir freagrach astu;
galair dobharshaothraithe, teip nó scriosadh na saoráidí táirgthe nach bhfuil an t-oibreoir freagrach astu;
géarchéimeanna sláinte poiblí;
caillteanas táirgthe mar gheall ar ionsaí ag ainmhithe cosanta nó ag ainmhithe creachacha;
nach n-éileoidh nó nach sonróidh an t-árachas cineál nó méid na táirgeachta sa todhchaí agus nach mbeidh an chabhair teoranta d’árachas arna sholáthar ag cuideachta árachais ar leith nó ag grúpa cuideachtaí ar leith.
Airteagal 45
Cabhair le haghaidh bearta margaíochta
Beidh cabhair le haghaidh bearta margaíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go dtacóidh an chabhair le bearta margaíochta maidir le táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe; agus
go ndíreofar leis an gcabhair ar an méid seo a leanas:
eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó eagraíochtaí idirchraoibhe a bhunú atá le haithint i gcomhréir le Caibidil II, Roinn II, de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;
margaí nua a aimsiú agus feabhas a chur ar na coinníollacha faoina gcuirtear táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe ar an margadh, lena n-áirítear:
an cháilíocht agus an breisluach a chur chun cinn trí na nithe seo a leanas a éascú:
rannchuidiú le trédhearcacht an táirgthe agus na margaí agus suirbhéanna margaidh agus staidéir a dhéanamh ar an méid a bhraitheann an tAontas ar allmhairí;
rannchuidiú le hinrianaitheacht táirgí iascaigh nó táirgí dobharshaothraithe agus, i gcás inarb ábhartha, le héicilipéad ar fud an Aontais a fhorbairt do tháirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;
conarthaí caighdeánacha a luíonn le dlí an Aontais a dhréachtú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide;
feachtais fógraíochta agus cumarsáide réigiúnacha, náisiúnta nó thrasnáisiúnta a stiúradh chun cur leis an bhfeasacht i leith táirgí inbhuanaithe iascaigh agus táirgí inbhuanaithe dobharshaothraithe.
Ní fhéadfar ach na costais incháilithe seo a leanas a chumhdach leis an gcabhair:
costais tuarastail dhíreacha;
táillí rannpháirtíochta;
costais taistil;
costais foilseachán;
staidéir a cheannaítear;
áitribh agus seastáin taispeántais a fháil ar cíos agus na costais a bhaineann lena suiteáil agus lena ndíchóimeáil; nó
costais a bhaineann le heolas eolaíoch agus faisnéis fhíorasach a scaipeadh maidir le táirgí iascaigh cineálacha agus a dtairbhí cothaitheacha agus úsáidí molta dóibh.
Airteagal 46
Cabhair chun táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a phróiseáil
Beidh cabhair chun táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a phróiseáil a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll go dtacóidh an chabhair le hinfheistíochtaí i bpróiseáil na dtáirgí iascaigh agus na dtáirgí dobharshaothraithe agus gurb é is aidhm don chabhair tacú le bearta a dhéanfaidh an méid seo a leanas:
a rannchuideoidh le fuinneamh a choigilt nó le tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, lena n-áirítear cóireáil dramhaíola;
a chuirfidh feabhas ar choinníollacha sábháilteachta, sláinteachais, sláinte, agus oibre;
a thacóidh le próiseáil gabhálacha iasc tráchtála nach mbeidh le caitheamh ag an duine;
a bhainfidh le próiseáil fotháirgí a d’eascair ó phríomhghníomhaíochtaí próiseála;
a bhainfidh le próiseáil táirgí orgánacha dobharshaothraithe de bhun Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2018/848;
a mbeidh táirgí nua nó feabhsaithe, próisis nua nó fheabhsaithe, nó córais bainistíochta nó eagrúcháin nua nó fheabhsaithe mar thoradh orthu;
a chomhlíonfaidh na coinníollacha a bhaineann le costais na ngalar dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (a) a chosc, a rialú agus a dhíothú; nó
a chomhlíonfaidh na coinníollacha a bhaineann le hinfheistíochtaí a chosc agus a mhaolú faoi choinníoll Airteagal 43.
Airteagal 47
Cabhair chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú, a úsáid agus a phróiseáil
Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na bearta seo a leanas:
bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí ar mhaithe le hanailís eolaíoch agus le cur chun feidhme CBI;
cláir shamplála náisiúnta, thrasnáisiúnta agus fonáisiúnta ilbhliantúla ar chuntar go ndéanfaidh siad tagairt do na stoic a chumhdaítear le CBI;
faireachán ar muir a dhéanamh ar iascach tráchtála agus áineasa, lena n-áirítear faireachán ar fhoghabháil orgánach muirí amhail mamaigh farraige agus éin na mara;
suirbhéanna taighde ar muir; nó
feabhas a chur ar chórais bailithe sonraí agus ar chórais bainistithe sonraí agus treoirstaidéir a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar na córais atá ann cheana i dtaca le sonraí a bhailiú agus a bhainistiú.
Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe seo a leanas a thabhófar go díreach mar thoradh ar na bearta dá dtabharfar tacaíocht:
costais tuarastail dhíreacha;
táillí rannpháirtíochta;
costais taistil;
costais foilseachán;
infheistíochtaí i gcórais bailithe sonraí agus bainistithe sonraí;
seirbhísí bailithe sonraí a cheannaítear.
Airteagal 48
Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a chosc agus a mhaolú
Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe atá díreach agus sonrach le haghaidh bearta coisctheacha. Ní fhéadfar ach na costais seo a leanas a áireamh leis na costais:
maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear léasú nó feabhsú;
innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne.
Airteagal 49
Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú
Beidh cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(2), pointe (b), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go mbeidh aitheantas foirmiúil tugtha ag údarás inniúil an Bhallstáit go bhfuil an imeacht ina thubaiste nádúrtha; agus
go mbeidh nasc cúisíoch díreach idir an tubaiste nádúrtha agus an damáiste a dhéantar don ghnóthas.
D’fhéadfadh a bheith i gceist leis na costais incháilithe costais an damáiste a tharlaíonn mar thoradh díreach ar an tubaiste nádúrtha, de réir measúnú arna dhéanamh ag údarás poiblí inniúil, saineolaí neamhspleách atá aitheanta ag an údarás deonúcháin nó gnóthas árachais. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh leis an damáiste sin:
damáiste ábhartha ar shócmhainní amhail foirgnimh, trealamh, innealra, stoic agus modhanna táirgthe; nó
caillteanas ioncaim mar gheall ar an iascach nó an táirgeacht dobharshaothraithe nó modhanna táirgeachta den sórt sin a scriosadh go foriomlán nó go páirteach go ceann tréimhse nach faide ná 6 mí ó tharla an tubaiste.
Ríomhfar an caillteanas ioncaim le dealú an méid seo a leanas:
an toradh a fhaightear nuair a iolraítear an chainníocht táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a tháirgtear le linn bhliain na tubaiste nádúrtha, nó i ngach bliain ina dhiaidh sin atá buailte ag scrios iomlán nó páirtscrios na modhanna táirgthe, faoin meánphraghas díola le linn na bliana sin; ón méid seo a leanas:
an toradh a fhaightear nuair a iolraítear an mheánchainníocht bhliantúil táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a táirgeadh le linn na tréimhse 3 bliana sular tharla an tubaiste nádúrtha, nó an meán thar 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana sular tharla an tubaiste nádúrtha, seachas an iontráil is airde agus an iontráil is ísle, faoin meánphraghas díola a fuarthas.
Airteagal 50
Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a chosc agus a mhaolú
Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe atá díreach agus sonrach le haghaidh bearta coisctheacha. Féadfar na costais le haghaidh ceann amháin de na rudaí seo a leanas a áireamh leis na costais:
maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear léasú nó feabhsú;
innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne.
Airteagal 51
Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú
Comhlíonfaidh an chabhair na coinníollacha seo a leanas:
d’aithin údarás inniúil an Bhallstáit go foirmiúil go bhfuil tréithe ag roinnt leis an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha; agus
beidh nasc cúisíoch díreach ann idir an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha agus an damáiste a rinneadh don ghnóthas.
D’fhéadfadh a bheith i gceist leis na costais incháilithe costais an damáiste a thabhaítear mar thoradh díreach ar an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, de réir measúnú arna dhéanamh ag údarás poiblí, saineolaí neamhspleách atá aitheanta ag an údarás deonúcháin nó gnóthas árachais. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh leis an damáiste sin:
damáiste ábhartha ar shócmhainní amhail foirgnimh, trealamh, innealra, stoic agus modhanna táirgthe; nó
caillteanas ioncaim mar gheall ar an iascach nó an táirgeacht dobharshaothraithe nó modhanna táirgeachta den sórt sin a scriosadh go foriomlán nó go páirteach go ceann tréimhse nach faide ná 6 mí ó tharla an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha.
Ríomhfar an caillteanas ioncaim le dealú an méid seo a leanas:
an toradh a fhaightear nuair a iolraítear an chainníocht táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a tháirgtear le linn bhliain an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha, nó i ngach bliain ina dhiaidh sin atá buailte ag scrios iomlán nó páirtscrios na modhanna táirgthe, faoin meánphraghas díola le linn na bliana sin; ón méid seo a leanas:
an toradh atá ar mheánchainníocht bhliantúil na dtáirgí iascaigh agus na dtáirgí dobharshaothraithe a táirgeadh sa tréimhse 3 bliana roimh na teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, nó ar mheán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimh na teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, cé is moite den iontráil is airde agus is ísle, a iolrú faoin meánphraghas díola a fuarthas.
Airteagal 52
Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a chosc agus a mhaolú
Beidh cabhair le haghaidh infheistíochtaí chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe a shlánú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go mbeidh sé de phríomhaidhm ag an infheistíocht damáiste a tharlaíonn de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta a chosc nó a mhaolú;
maidir le hiascaigh, gurb é is cuspóir don infheistíocht an fhoghail a chosc agus a mhaolú agus damáiste do threalamh iascaireachta nó d’ábhar eile oibríochta a tharlaíonn de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta a chosc agus a mhaolú.
Ní fhéadfar a chumhdach leis an gcabhair ach na costais incháilithe atá díreach agus sonrach le haghaidh bearta coisctheacha. Féadfar ceann amháin de na costais a leanas a áireamh leis na costais:
maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear léasú nó feabhsú;
innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne.
Airteagal 53
Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú
Beidh cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe a shlánú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de ar choinníoll:
go mbeidh nasc cúise díreach ann idir an damáiste a dhéantar agus iompraíocht na n-ainmhithe cosanta;
gurb éard a bheidh sna costais incháilithe costais an damáiste a tharlaíonn mar thoradh díreach ar an teagmhas ba chúis leis an damáiste, de réir measúnú arna dhéanamh ag údarás poiblí, saineolaí neamhspleách atá aitheanta ag an údarás deonúcháin nó gnóthas árachais; agus
i gcás iascaigh, go mbeidh cabhair maidir le damáiste i gcás ainmhithe teoranta do dhamáiste do ghabhálacha.
Féadfar an méid seo a leanas a áireamh leis an damáiste atá le slánú:
damáiste as ainmhithe sa dobharshaothrú: bunaítear na costais incháilithe ar mhargadhluach an ainmhí a ndearna na hainmhithe cosanta damáiste dó nó a mharaigh é;
damáiste do ghabhálacha san earnáil iascaigh de dheasca ainmhithe cosanta; nó
an damáiste ábhartha do na sócmhainní seo a leanas: trealamh, innealra, maoin.
Airteagal 54
Cabhair le haghaidh tionscadail CLLD
Beidh na costais seo a leanas incháilithe maidir le tionscadail CLLD:
na costais a bhaineann le tacaíocht ullmhúcháin, fothú acmhainneachta, oiliúint agus líonrú d’fhonn straitéis CLLD dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 27 ) a ullmhú agus a chur chun feidhme;
na costais a bhaineann le cur chun feidhme na n-oibríochtaí formheasta;
na costais a bhaineann le hullmhú agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí comhair an ghrúpa;
costais oibriúcháin atá nasctha le cur chun feidhme na straitéise CLLD a bhainistiú; nó
na costais a bhaineann le cur i bhfeidhm na straitéise CLLD chun malartú idir páirtithe leasmhara a éascú ar mhaithe le faisnéis a sholáthar agus an straitéis agus na tionscadail a chur chun cinn, agus chun tacú le tairbhithe féideartha d’fhonn oibríochtaí a fhorbairt agus iarratais a ullmhú.
Na costais a thabhaíonn bardais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD, dá dtagraítear i mír 1, ní fhéadfaidh siad a bheith incháilithe do chabhair faoin Airteagal seo ach ar choinníoll go saothrófar iad i gceann amháin de na réimsí seo a leanas:
taighde, forbairt agus nuálaíocht;
an comhshaol;
fostaíocht agus oiliúint;
cultúr agus caomhnú oidhreachta;
caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara agus fionnuisce;
cur chun cinn táirgí bia nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE;
spóirt.
Airteagal 55
Méideanna teoranta cabhrach do thionscadail CLLD
Na costais a thabhaíonn bardais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh siad a bheith incháilithe do chabhair faoin Airteagal seo ach ar choinníoll go saothrófar iad i gceann amháin de na réimsí seo a leanas:
taighde, forbairt agus nuálaíocht;
an comhshaol;
fostaíocht agus oiliúint;
cultúr agus caomhnú oidhreachta;
caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara agus fionnuisce;
cur chun cinn táirgí bia nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE;
spóirt.
Airteagal 56
Díolúintí agus laghduithe cánach i gcomhréir le Treoir 2003/96/CE
CAIBIDIL IV
Idirthréimhseacha agus Críochnaitheacha Forálacha
Airteagal 57
Cur i bhfeidhm leanúnach Rialachán (AE) Uimh. 1388/2014
In Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1388/2014 ón gCoimisiún ( 28 ), sonraítear go mbeidh feidhm ag an Rialachán sin go dtí an 31 Nollaig 2022. Cuirfear an Rialachán seo in ionad Rialachán (AE) Uimh. 1388/2014 ar dhul in éag dó.
Airteagal 58
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 59
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2029.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)
1. Fiontar
Meastar gur fiontar atá in aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma cén fhoirm dlíthiúil atá aige. Áirítear leis sin, go háirithe, daoine féinfhostaithe agus gnólachtaí teaghlaigh a ghabhann do ghníomhaíochtaí ceirde nó do ghníomhaíochtaí eile, agus comhpháirtíochtaí nó comhlachais a ghabhann do ghníomhaíocht eacnamaíoch rialta.
2. Líon foirne agus tairseacha airgeadais agus catagóirí fiontair á gcinneadh
2.1. I gcatagóir na bhfiontar beag, meánmhéide agus na micrifhiontar (“FBManna”) tá fiontair a bhfuil níos lú ná 250 duine fostaithe acu agus ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 50 milliún, agus/nó clár comhordaithe bliantúil iomlán nach mó ná EUR 43 mhilliún.
2.2. Laistigh den chatagóir FBM, sainmhínítear fiontar beag mar fhiontar a fhostaíonn líon is lú ná 50 duine agus nach sáraíonn a láimhdeachas bliantúil agus/nó a chlár comhardaithe bliantúil EUR 10 milliún.
2.3. Laistigh den chatagóir FMB, sainmhínítear micrifhiontar mar fhiontar a fhostaíonn níos lú ná 10 duine agus ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil agus/nó clár comhordaithe bliantúil iomláin nach mó ná EUR 2 mhilliún.
3. Cineálacha fiontar a chuirtear san áireamh agus líon foirne agus méideanna airgeadais á ríomh
3.1. Is éard is “fiontar uathrialaitheach” ann aon fhiontar nach n-aicmítear mar fhiontar comhpháirtíochta de réir bhrí phointe 3.2 ná mar fhiontar nasctha de réir bhrí phointe 3.3.
3.2. Is éard is “fiontair chomhpháirtíochta” ann na fiontair uile nach n-aicmítear mar fhiontair nasctha de réir bhrí phointe 3.3 agus a bhfuil an caidreamh seo a leanas eatarthu: fiontar (fiontar réamhtheachtach) ag a bhfuil, is é sin, go haonarach nó i gcomhpháirt le fiontar nasctha amháin nó níos mó de réir bhrí phointe 3.3, 25 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála de chuid fiontar eile (fiontar iartheachtach).
Mar sin féin, féadfar fiontar a rangú mar fhiontar uathrialaitheach, agus mar fhiontar nach bhfuil aon fhiontar comhpháirtíochta aige, dá bhrí sin, fiú amháin má bhaineann na hinfheisteoirí seo a leanas an tairseach 25 % sin amach nó má sháraíonn siad í, de réir bhrí mhír 3, is é sin, ina n-aonar nó i gcomhpháirt leis an bhfiontar i gceist:
corparáidí infheistíochta poiblí, cuideachtaí caipitil fiontair, daoine aonair nó grúpaí daoine aonair a bhfuil gníomhaíocht tráthrialta maidir le hinfheistíocht caipitil fiontair acu agus a infheistíonn caipiteal cothromais i ngnólachtaí neamhluaite (“aingil ghnó”), ar choinníoll go bhfuil infheistíocht iomlán na n-aingeal gnó sin san fhiontar céanna níos lú ná EUR 1 250 000 ;
ollscoileanna nó ionaid taighde neamhbhrabúis;
infheisteoirí institiúideacha, lena n-áirítear cistí forbraíochta réigiúnaí;
údaráis áitiúla féinrialaitheacha ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir.
3.3. Is éard is “fiontair nasctha” ann fiontair a bhfuil aon cheann de na caidrimh seo a leanas eatarthu:
tá formhór de chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí i bhfiontar eile ag fiontar;
tá sé de cheart ag fiontar formhór de na comhaltaí den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid fiontar eile a cheapadh nó a chur as oifig;
tá sé de cheart ag fiontar tionchar ceannasach a imirt ar fhiontar eile de bhun conradh a dhéantar leis an bhfiontar sin nó de bhun foráil ina mheabhrán nó ina airteagail chomhlachais;
déanann fiontar, ar scairshealbhóir nó comhalta fiontair eile é, rialú ina aonar, de bhun comhaontú le scairshealbhóirí nó comhaltaí eile de chuid an fhiontair sin, ar fhormhór de chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí san fhiontar sin.
Tá toimhde ann nach ann do thionchar ceannasach mura bhfuil baint dhíreach ná indíreach ag na hinfheisteoirí a liostaítear sa dara fomhír de phointe 3.2 le bainistiú an fhiontair i gceist, gan dochar dá gcearta mar scairshealbhóirí.
Fiontair ag a bhfuil aon cheann de na caidrimh a bhfuil tuairisc orthu sa chéad fhomhír trí fhiontar amháin eile nó níos mó, nó trí aon cheann de na hinfheisteoirí dá dtagraítear i bpointe 3.2, meastar iad a bheith nasctha freisin.
Fiontair ag a bhfuil ceann amháin nó ceann eile de na caidrimh den chineál sin le duine nádúrtha nó grúpa de dhaoine nádúrtha ag gníomhú i gcomhpháirt, meastar gur fiontair nasctha iad chomh maith má thugann siad faoina ngníomhaíocht nó faoi chuid dá ngníomhaíocht sa mhargadh ábhartha céanna nó i margaí cóngaracha.
Meastar gur “margadh cóngarach” é an margadh do tháirge nó do sheirbhís atá go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach ón margadh iomchuí.
3.4. Ach amháin sna cásanna a leagtar amach sa dara fomhír de phointe 3.2, ní féidir a mheas gur FBM é fiontar má tá 25 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála faoi rialú díreach nó indíreach ag comhlacht poiblí amháin nó níos mó ná sin, i gcomhpháirt nó go haonarach.
3.5. Féadfaidh fiontair dearbhú stádais mar fhiontar uathrialaitheach, fiontar comhpháirtíochta, nó fiontar nasctha a dhéanamh, agus na sonraí maidir leis na tairseacha a leagtar amach i bpointe 2 á gcur san áireamh. Féadfar an dearbhú a dhéanamh fiú amháin má scaiptear an caipiteal ar bhealach a fhágann nach féidir an sealbhóir a chinneadh go beacht, agus sa chás sin féadfaidh an fiontar a dhearbhú de mheon macánta gur féidir leis a thoimhdiú go dlisteanach nach bhfuil 25 % nó níos mó ná sin de faoi úinéireacht ag fiontar amháin nó ag fiontair nasctha i gcomhpháirt. Déantar dearbhuithe den sórt sin gan dochar do na seiceálacha agus do na himscrúduithe dá bhforáiltear i rialacha náisiúnta nó i rialacha an Aontais.
4. Sonraí a úsáidtear don líon foirne agus do na méideanna airgeadais agus don tréimhse thagartha
4.1. Is iad na sonraí nach mór a chur i bhfeidhm maidir leis an líon foirne agus leis na méideanna airgeadais na sonraí i ndáil leis an tréimhse cuntasaíochta fhormheasta is déanaí a ríomhtar ar bhonn bliantúil. Cuirtear san áireamh ón dáta a dhúntar na cuntais iad. Ríomhtar an méid a roghnaítear don láimhdeachas gan cáin bhreisluacha (CBL) ná cánacha indíreacha eile a chur san áireamh.
4.2. Sa chás, ar an dáta a dhúntar na cuntais, go bhfaigheann fiontar amach gur sháraigh sé nó gur thit sé, ar bhonn bliantúil, faoin líon foirne nó faoi na tairseacha airgeadais a luaitear i bpointe 2, ní bheidh caillteanas nó gnóthú stádais mar fhiontar meánmhéide, fiontar beag nó micrifhiontar mar thoradh air sin, ach amháin má sháraítear na tairseacha sin le linn dhá thréimhse cuntasaíochta leanúnacha.
4.3. I gcás fiontair nuabhunaithe nach bhfuil cuntais faofa acu go fóill, bainfear úsáid as meastachán bona fide a rinneadh le linn na bliana airgeadais.
5. Líon foirne
Comhfhreagraíonn an líon foirne do líon na n-aonad oibrithe bliantúla (AOB), i.e. an líon daoine a d’oibrigh go lánaimseartha laistigh den fhiontar i gceist nó thar a cheann le linn na bliana tagartha iomláine atá á meas. Cuirtear obair daoine nár oibrigh go lánaimseartha le linn na bliana iomláine, obair iad siúd a d’oibrigh go páirtaimseartha, gan beann ar an bhfad, agus obair oibrithe séasúracha san áireamh mar chodáin AOB. Ar an bhfoireann áirítear:
fostaithe;
daoine atá ag obair don fhiontar, atá faoina réir agus a mheastar a bheith ina bhfostaithe faoin dlí náisiúnta;
bainisteoirí ar úinéirí iad;
comhpháirtithe a ghabhann do ghníomhaíocht tráthrialta san fhiontar agus a bhaineann tairbhe as buntáistí airgeadais ón bhfiontar.
Ní dhéantar printísigh ná mic léinn a ghabhann do ghairmoiliúint a bhfuil conradh printíseachta nó gairmoiliúna acu a áireamh mar dhaoine den fhoireann. Ní chuirtear tréimhsí saoire máithreachais ná tuismitheoireachta san áireamh.
6. Na sonraí a bhaineann le fiontar a bhunú
6.1. I gcás fiontar uathrialaitheach, cinntear na sonraí, lena n-áirítear an líon foirne, ar bhonn chuntais an fhiontair sin agus orthu sin amháin.
6.2. Cinntear na sonraí, an líon foirne san áireamh, a bhaineann le fiontar ag a bhfuil fiontair chomhpháirtíochta nó fiontair nasctha ar bhonn na gcuntas agus sonraí eile de chuid an fhiontair nó, sa chás gurb ann dóibh, ar bhonn cuntais chomhdhlúite an fhiontair, nó ar bhonn na gcuntas comhdhlúite ina bhfuil an fiontar páirteach de bharr comhdhlúthú.
Leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirtear na sonraí a bhaineann le haon fhiontar comhpháirtíochta de chuid an fhiontair i gceist agus atá go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach uaidh. Is i gcomhréir leis an gcéatadán úis sa chaipiteal nó sna cearta vótála (cibé acu is mó) a dhéantar comhiomlánú. I gcás tras-sealúchas, tá feidhm ag an gcéatadán is airde.
Leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír cuirtear 100 % de na sonraí a bhaineann le haon fhiontar atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an bhfiontar i gceist, sa chás nár cuireadh na sonraí san áireamh cheana féin i gcomhdhlúthú na gcuntas.
6.3. Chun pointe 6.2 a chur i bhfeidhm:
díorthaítear sonraí fhiontair chomhpháirtíochta an fhiontair i gceist óna gcuntais agus óna gcuid sonraí eile, cinn chomhdhlúite más ann dóibh. Cuirtear leis sin 100 % de shonraí na bhfiontar atá nasctha leis na fiontair chomhpháirtíochta sin, ach amháin sa chás gur cuireadh a sonraí cuntas san áireamh cheana féin mar gheall ar chomhdhlúthú;
Ní mór sonraí na bhfiontar atá nasctha leis an bhfiontar i gceist a dhíorthú óna gcuntais agus óna sonraí eile, cuntais agus sonraí comhdhlúite más ann dóibh. Leis sin cuirtear, pro rata, sonraí aon fhiontair comhpháirtíochta féideartha eile de chuid an fhiontair nasctha sin, ar fiontar go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach é, ach amháin sa chás gur cuireadh san áireamh cheana féin é sna cuntais chomhdhlúite agus céatadán leis atá i gcomhréir ar a laghad leis an gcéatadán a d’aithníodh faoin dara fomhír de phointe 6.2.
6.4. I gcás nach dtaispeántar aon sonra foirne le haghaidh fiontar ar leith sna cuntais chomhdhlúite, ríomhtar figiúirí foirne leis na sonraí óna fhiontair chomhpháirtíochta a chomhiomlánú go comhréireach agus leis na sonraí ó na fiontair lena bhfuil an fiontar i gceist nasctha a chur leo.
IARSCRÍBHINN II
Faisnéis maidir le státchabhair a dhíolmhaítear faoi choinníollacha an Rialacháin seo
CUID I
le soláthar trí chóras fógartha leictreonach bunaithe an Choimisiúin mar a leagtar síos in Airteagal 11
Tagairt na cabhrach |
(le comhlánú ag an gCoimisiún) |
|||||
Ballstát |
|
|||||
Uimhir thagartha an Bhallstáit |
|
|||||
Réigiún |
Ainm an Réigiúin/na Réigiún (NUTS (1)) ……………………… |
|
||||
Údarás deonúcháin |
Ainm |
|
||||
Seoladh poist |
|
|||||
Seoladh gréasáin |
|
|||||
Teideal an bhirt cabhrach |
|
|||||
Bunús dlí náisiúnta (Tagairt don fhoilseachán oifigiúil náisiúnta ábhartha) |
|
|||||
Nasc gréasáin chuig téacs iomlán an bhirt cabhrach |
|
|||||
An cineál birt |
|
|
||||
|
Ainm an tairbhí agus an ghrúpa (2) lena mbaineann sé |
|
||||
|
||||||
Leasú ar scéim cabhrach nó ar chabhair ad hoc atá ann cheana |
|
Tagairt chabhrach an Choimisiúin |
||||
|
|
|||||
|
|
|||||
Fad (3) |
|
ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb |
||||
An dáta deonúcháin |
|
ll/mm/bbbb |
||||
An earnáil nó na hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann |
|
|
||||
|
|
|||||
An cineál tairbhí |
|
|
||||
|
|
|||||
Buiséad |
Méid iomlán bliantúil an bhuiséid atá beartaithe faoin scéim (5) |
Airgeadra náisiúnta ………………….. (méideanna iomlána) |
||||
Méid foriomlán na cabhrach ad hoc a deonaíodh don ghnóthas (6) |
Airgeadra náisiúnta ………………….. (méideanna iomlána) |
|||||
|
Airgeadra náisiúnta ………………….. (méideanna iomlána) |
|||||
An ionstraim cabhrach |
|
|||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
Sonraigh an chatagóir ghinearálta thíos ab oiriúnaí i dtéarmaí na héifeachta/feidhme:
|
||||||
Más cómhaoiniú ciste nó cistí de chuid an Aontais atá ann |
Ainm an chiste nó na gcistí de chuid an Aontais: |
Méid an chistiúcháin (de réir chiste an Aontais) |
Airgeadra náisiúnta . (méideanna iomlána) |
|||
|
|
|
||||
(1)
NUTS – Ainmníocht na nAonad Críche maidir le Staidreamh. De ghnáth, sonraítear an réigiún ar leibhéal 2.
(2)
Chun críocha na rialacha iomaíochta a leagtar síos sa Chonradh agus chun críocha an Rialacháin seo is éard is gnóthas ann aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma cén stádas dlíthiúil atá aige ná cén bealach a mhaoinítear é. Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais gur cheart eintitis atá á rialú ag an eintiteas céanna (ar bhonn dlíthiúil nó de facto) a mheas mar aon ghnóthas amháin
(3)
An tréimhse ar féidir leis an údarás deonúcháin gealltanas a thabhairt an chabhair a dheonú.
(4)
NACE Rev. 2 — Aicmiú Staidrimh Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha san Aontas Eorpach. De ghnáth, sonrófar an earnáil ag leibhéal grúpa.
(5)
I gcás scéim cabhrach: Sonraigh méid foriomlán bliantúil an bhuiséid atá beartaithe faoin scéim nó an caillteanas cánach measta in aghaidh na bliana le haghaidh na n-ionstraimí cabhrach uile atá sa scéim.
(6)
I gcás dámhachtain cabhrach ad hoc: Sonraigh méid foriomlán na cabhrach / an chaillteanais cánach.
(7)
Le haghaidh ráthaíochtaí, sonraigh méid (uasta) na n-iasachtaí ráthaithe.
(8)
I gcás inarb iomchuí, tagairt don chinneadh ón gCoimisiún lena bhfaomhtar an mhodheolaíocht chun an choibhéis deontais chomhláin a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(c). |
CUID II
le soláthar trí chóras fógartha leictreonach bunaithe an Choimisiúin mar a leagtar síos in Airteagal 11
Cuir in iúl cé acu foráil de FIBER faoina gcuirtear an beart cabhrach chun feidhme.
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
An cineál tubaiste nádúrtha: |
Sonraigh: …. |
||
Dáta na tubaiste nádúrtha |
ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb |
|||
|
||||
|
An cineál imeachta: |
Sonraigh: ……. |
||
Dáta an imeachta: |
ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb |
|||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
|
||||
Spreagadh |
Sonraigh an fáth ar bunaíodh Scéim státchabhrach nó ar deonaíodh cabhair ad-hoc, in áit cúnamh ón gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID):
Sonraigh: …….……. |
IARSCRÍBHINN III
Forálacha maidir le foilsiú na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 9(1)
Eagróidh na Ballstáit a suíomhanna gréasáin cuimsitheacha maidir le státchabhair, ar a mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(1) le foilsiú, ar bhealach lena gceadófar rochtain éasca ar an bhfaisnéis.
Foilseofar faisnéis i bhformáid scarbhileoige sonraí, lenar féidir sonraí a chuardach, a asbhaint agus a fhoilsiú go héasca ar an Idirlíon, i bhformáid CSV nó XML cuir i gcás. Beidh rochtain ag aon pháirtí leasmhar ar an suíomh gréasáin gan srian. Ní theastóidh aon chlárú úsáideora roimh ré chun rochtain ar an suíomh gréasáin a fháil.
Foilseofar an fhaisnéis seo a leanas maidir le dámhachtain cabhrach aonair dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c) ( 29 ):
IARSCRÍBHINN IV
Na huasrátaí sonracha déine cabhrach
Ró |
Catagóir shonrach oibríochta |
An tuasráta déine cabhrach |
|
|
|
1 |
Na hoibríochtaí seo a leanas lena rannchuidítear le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 — oibríochtaí lena gcuirtear feabhas ar roghnaíocht méideanna nó roghnaíocht speiceas an trealaimh iascaireachta; — oibríochtaí lena gcuirtear feabhas ar bhonneagar na gcalafort iascaireachta, na hallaí ceantála, na láithreán ag a dtugtar iasc i dtír, agus foscadáin, chun tabhairt i dtír agus stóráil na ngabhálacha de thaisme a éascú; — oibríochtaí lena n-éascaítear margú na ngabhálacha de thaisme a thugtar i dtír ó stoic thráchtála i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013. |
100 % 75 % 75 % |
2 |
Oibríochtaí lena ndíreofar ar fheabhas a chur ar shláinte, ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre ar bord soithí iascaireachta |
75 % |
3 |
Oibríochtaí atá lonnaithe sna réigiúin is forimeallaí |
85 % |
4 |
Oibríochtaí atá lonnaithe ar oileáin na Gréige atá iargúlta de réir an dlí náisiúnta agus ar oileáin Dugi Otok, Vis, Mljet agus Lastovo sa Chróit |
85 % |
5 |
Oibríochtaí a bhaineann le hiascaireacht chósta ar mhionscála |
100 % |
6 |
Oibríochtaí a chomhlíonann gach ceann de na critéir a leanas: (i) baineann leas comhchoiteann leo; (ii) tá tairbhí comhchoiteann acu; (iii) baineann saintréithe nuálacha leo agus áirithítear go bhfuil rochtain ag an bpobal ar a dtorthaí |
100 % |
7 |
Oibríochtaí arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais d'eagraíochtaí táirgeoirí nó d'eagraíochtaí idirchraoibheacha |
75 % |
8 |
Oibríochtaí a thacaíonn leis an dobharshaothrú inbhuanaithe a chur chun cinn |
60 % |
9 |
Oibríochtaí a thacaíonn le táirgí, próisis nó trealaimh nuálacha san iascach, sa dobharshaothrú agus sa phróiseáil bunaithe ar Airteagal 15, Airteagal 25, Airteagal 28, Airteagal 30, Airteagal 32, Airteagal 33 agus Airteagal 36. |
75 % |
10 |
Oibríochtaí arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí iascairí nó tairbhithe comhchoiteanna eile |
60 % |
11 |
Ionstraimí airgeadais |
100 % |
( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999. (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006. (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
( 3 ) Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).
( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).
( 5 ) Rialachán (AE) 2017/1130 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 lena sainmhínítear saintréithe soithí iascaireachta. (IO L 169, 30.6.2017, lgh. 1).
( 6 ) Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).
( 7 ) Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).
( 8 ) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
( 9 ) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
( 10 ) Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1).
( 11 ) Commission staff working document, Common methodology for State aid evaluation [Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin, Modheolaíocht choiteann chun meastóireacht a dhéanamh ar státchabhair], (28.5.2014, SWD(2014) 179 final).
( 12 ) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
( 13 ) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
( 14 ) Teachtaireacht ón gCoimisiún, Green Infrastructure (GI) — Enhancing Europe’s Natural Capital [Bonneagar Glas (GI) — Caipiteal Nádúrtha na hEorpa a Mhéadú], (COM/2013) 249 final, 6.5.2013.
( 15 ) Treoir 60/2000/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
( 16 ) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
( 17 ) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).
( 18 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha d’fhaireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair do ghalair áirithe atá liostaithe agus ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).
( 19 ) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
( 20 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1165 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2021 lena n-údaraítear táirgí agus substaintí áirithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach agus lena mbunaítear a liostaí (IO L 253, 16.7.2021, lch. 13).
( 21 ) Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).
( 22 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún maidir le rialuithe oifigiúla (IO L 131, 17.5.2019, lch. 51).
( 23 ) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).
( 24 ) Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).
( 25 ) Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
( 26 ) Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lch. 1).
( 27 ) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
( 28 ) Rialachán (AE) Uimh. 1388/2014 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach don mhargadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 369, 24.12.2014, lch. 37).
( 29 ) I bhfianaise an leasa dhlisteanaigh i dtrédhearcacht maidir le faisnéis a chur ar fáil don phobal, agus tar éis measúnú a dhéanamh ar na riachtanais trédhearcachta leis na cearta faoi na rialacha cosanta sonraí, cinneann an Coimisiún go bhfuil údar le hainm thairbhí na cabhrach a fhoilsiú nuair is duine nádúrtha nó duine dlítheanach é tairbhí na cabhrach (féach C-92/09, Volker und Markus Schecke agus Eifert, mír 53), agus Airteagal 49(1)(g) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin á gcur san áireamh, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE. Is é is aidhm do rialacha trédhearcachta comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus, ar deireadh, caiteachas poiblí níos éifeachtaí a bhaint amach. Beidh forlámhas ag an aidhm sin ar chearta cosanta sonraí daoine nádúrtha a fhaigheann tacaíocht phoiblí
( 30 ) NUTS – Ainmníocht na nAonad Críche maidir le Staidreamh. De ghnáth, sonraítear an réigiún ar leibhéal 2.
( 31 ) Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1990 maidir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (IO L 293, 24.10.1990, lch. 1).
( 32 ) Olldeontas coibhéiseach. I gcás scéimeanna fioscacha, is féidir an méid seo a sholáthar leis na raonta a leagtar amach in Airteagal 9(2).
( 33 ) I gcás ina ndeonaítear an chabhair le níos mó ná ionstraim cabhrach amháin, soláthrófar an méid cabhrach le hionstraim.
( 34 ) Arna soláthar ag an gCoimisiún faoin nós imeachta leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo