|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIGH AN PHLEAN EORPAIGH UM THITHÍOCHT INACMHAINNE (gan measúnú tionchair) |
|
|
Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus na páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin. Iarraimid ar na grúpaí sin a dtuairimí a chur in iúl faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt dúinn. |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
An Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne |
|
Príomh-AS – an t‑aonad atá freagrach |
An Tascfhórsa um Thithíocht, AS ENER.TFH.01 |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Teachtaireacht ón gCoimisiún |
|
Amchlár táscach |
R1 2026 |
|
Eolas breise |
https://housing.ec.europa.eu/ |
|
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh. |
|
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
D’fhógair an tUachtarán von der Leyen sna Treoirlínte Polaitiúla 2024-2029 go gcuirfidh an Coimisiún Eorpach nua an chéad Phlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne chun cinn. Tabharfar aghaidh ann ar an ngéarchéim tithíochta phráinneach atá ag bagairt ar na mílte teaghlach agus daoine óga ar fud an Aontais Eorpaigh, nach féidir leo tithíocht chuí a fháil ar phraghas inacmhainne. Cé go dtagann beartas tithíochta faoi dhlínse thíortha an Aontais Eorpaigh, bhí a lán glaonna ann 1 ar fhreagairt chomhordaithe ón Aontas chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas tithíochta oiriúnaí inacmhainne agus ar na costais atá ag dul i méid ar fud thíortha an Aontais. Freagrófar do na glaonna sin sa Phlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne agus sna tionscnaimh bheartais agus sna gníomhartha lena mbaineann, ag féachaint le tacaíocht a thabhairt do thíortha an Aontais agus rialtais réigiúnacha agus áitiúla agus iad ag féachaint le tithíocht inacmhainne inbhuanaithe a chur ar fáil. Léireofar meas sa phlean ar phrionsabal na coimhdeachta sa tithíocht agus cuirfear spéiseanna éagsúla na bpáirtithe leasmhara san áireamh ann. Ina theannta sin, cuirfear le tosaíochtaí beartais eile sa Phlean, mar shampla ár spriocanna fuinnimh agus aeráide a bhaint amach agus comhtháthú sóisialta a chothú. Tógfar sineirgí leis le tionscnaimh bheartais eile, mar shampla an straitéis Eorpach i gcoinne na bochtaineachta atá ar na bacáin agus an Bauhaus Eorpach Nua. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Chuaigh inacmhainneacht tithíochta in olcas le blianta beaga anuas. Thosaigh sí ag dul in olcas le linn ghéarchéim airgeadais 2008 agus leanadh de sin le linn thréimhse na rátaí ísle úis ina dhiaidh sin, nuair a tháinig méadú ar phraghsanna tithe. Le déanaí, chuaigh an tsaincheist in olcas arís mar gheall ar phaindéim COVID, an ghéarchéim fuinnimh agus cogadh leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Tá ganntanas criticiúil tithíochta i bhformhór de thíortha an Aontais anois, go háirithe i gcathracha móra agus poil fáis eile. Tháinig méadú mór ar chostas tithíochta i gcoibhneas le hioncam, ar dúshlán mór sóisialta é do theaghlaigh ina bhfuil leanaí, do dhaoine óga agus do na grúpaí is íogaire inár sochaí agus ar ualach mór sóisialta é orthu. Bíonn tionchar aige seo freisin ar iomaíochas an Aontais, toisc go gcuirtear teorainn le soghluaisteacht an lucht saothair agus rochtain ar phoist, go háirithe maidir le príomhoibrithe sa tsochaí (e.g. oibrithe a sholáthraíonn seirbhísí sláinte, oideachais agus eile). Tá na dúshláin tithíochta níos measa fós i gceantair uirbeacha, áit a bhfuil cónaí ar thrí cheathrú de dhaonra an Aontais. Bíonn tionchar ag dúshláin tithíochta ar cheantair thuaithe freisin agus bíonn ró-éileamh iontu uaireanta nó titeann praghsanna go tubaisteach mar gheall ar laghdú daonra. De dheasca ganntanas tithíochta inacmhainne bíonn roghanna nach bhfuil maith go leor ann agus neamhréireanna féideartha maidir le roghanna ardoideachais mac léinn agus an tsoghluaisteacht, a chuireann neamhionannas réigiúnach agus socheacnamaíoch in olcas, agus a dhéanann dochar do shoghluaisteacht mac léinn ar fud an Aontais. Thairis sin, is mó seans go mbeidh bochtaineacht fuinnimh agus bacainní eile maidir le rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha roimh theaghlaigh leochaileacha a mbíonn costais tithíochta ró-ualaigh orthu. Tá roinnt cúiseanna ann leis an méadú ar phraghsanna tithe agus cíosanna, go háirithe an éagothroime idir soláthar agus éileamh de dheasca, i measc nithe eile, neamhréir suímh; treochtaí déimeagrafacha; imirce réigiúnach, agus formhór an daonra lonnaithe i gcathracha agus i gceantair chósta; níos mó daoine aonair ina gcónaí leo féin; agus/nó brú ó thithe a ligean ar cíos go gearrthéarmach i gceantair thurasóireachta. Ar chúiseanna éagsúla, níor freastalaíodh go cuí leis an soláthar tithíochta ar an bhfás sin ar éileamh atá comhchruinnithe go geografach. Tá réimse cúinsí ag cur bac ar thógáil tithe. Ina measc siúd tá easpa talún ar fáil, costais atá ag méadú as éadan le haghaidh tógáil nua agus athchóirithe, ceanglais cheadaithe agus ualaí riaracháin eile, easpa lucht oibre, costais níos mó ar ábhar tógála agus táirgiúlacht íseal nó mharbhánta, agus, go páirteach, acmhainní airgeadais teoranta le haghaidh tógáil shóisialta nó inacmhainne. Bíonn srian ar fhoirgnimh nua a thógáil agus athchóiriú stoc foirgneamh atá ann cheana mar gheall ar chúinsí rialála agus riaracháin (a dtugtar saincheisteanna ‘ceadúnais’ orthu). Téann na fadhbanna sin in olcas go minic mar gheall ar easpa saineolas teicniúil agus acmhainn oibríochtúil a theastaíonn chun tionscadail a dhearadh agus a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil. Tá saincheisteanna ann freisin a bhaineann leis an iompar agus pleanáil úsáide talún. Is féidir leo sin tionchar a imirt ar infhaighteacht agus inrochtaineacht tithíochta inacmhainne, atá nasctha leis an mbochtaineacht iompair. Ní mór don bheart ar leibhéal an Aontais a bheith spriocdhírithe go cúramach agus bunaithe ar fhianaise agus eolas breise, chun tacú le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus iad ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin. Caithfear an fhianaise agus an t‑eolas sin a bhailiú agus, nuair is féidir, a bhriseadh síos de réir na tíre de chuid an Aontais agus an cháis réigiúnaigh agus áitiúil ábhartha (féach an roinn thiomnaithe thíos). |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Bunús dlí |
|
Níl aon bhunús dlí amháin ann le go ngníomhódh an tAontas ar son na tithíochta go sonrach. É sin ráite, tá roinnt bunúis dlí éagsúla sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena dtugtar cumhachtaí don Aontas a mbeidh impleachtaí díreacha acu ar an tithíocht. Is iad seo a leanas na hAirteagail ábhartha de chuid CFAE: Airteagal 114 (an margadh inmheánach), Airteagal 194 (fuinneamh), Airteagail 191 go 193 (an aeráid agus an comhshaol), Airteagal 153 (beartas sóisialta), agus Airteagal 174 (neartú chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais). Caithfear an beartas tithíochta a dhearadh agus a chur chun feidhme agus urraim iomlán á tabhairt do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Tá an phríomhinniúlacht agus freagracht le haghaidh na tithíochta ar thíortha an Aontais, agus ar rialtais réigiúnacha agus áitiúla. Is é is aidhm don phlean tithíochta cur leis an luach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh trí bheartais agus gníomhartha éifeachtacha a leagan síos. Tabharfar aghaidh leo sin ar chúiseanna struchtúrtha na géarchéime tithíochta agus cuirfear infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha ar fáil le haghaidh na tithíochta inacmhainne inbhuanaithe maithe. Ar an mbealach sin, is féidir aghaidh a thabhairt ar cheisteanna tábhachtacha, mar shampla an easpa dídine agus inrochtaineacht ar fud an Aontais. |
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
|
Tá údar le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, is é sin cuspóirí sáraitheacha an Aontais an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú, agus gan tuilleadh srian a chur ar an gcomhtháthú sóisialta agus ar iomaíochas an Aontais. Cuireann sé le, agus déanfar é i ndlúthchomhar le, tíortha an Aontais ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, a mbeidh an phríomhfhreagracht orthu as an mbeartas tithíochta. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag tionscnaimh bheartais reatha maidir leis an tithíocht agus réimse leathan reachtaíochta de chuid an Aontais ar bheartais tithíochta cheana féin, nó d’fhéadfaidís tuilleadh tionchair a imirt orthu. Tá gá le tionchair na reachtaíochta reatha de chuid an Aontais a scaradh amach, lena n‑áirítear na tionchair dhíreacha nó neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag beartais eile ar an tithíocht, ó thionchar na n‑údarás i dtíortha an Aontais ‘ag rórialáil’ na reachtaíochta reatha de chuid an Aontais agus beartais á gcur chun feidhme acu. Spreagadh gníomhaíocht chomhlántach ar leibhéal an Aontais le costas méadaithe na neamhghníomhaíochta, le haghaidh daoine aonair agus rialtas araon. Tá an baol ann go ndéanfaidh an ghéarchéim thithíochta atá ann faoi láthair difear d’ioncam indiúscartha teaghlach, rud a d’fhéadfadh níos lú fáis eacnamaíoch agus ioncaim ó cháin agus caiteachas poiblí níos airde a bheith mar thoradh fadtéarmach air. Bíonn tionchar aige ar dhaoine óga agus ar theaghlaigh agus ar a roghanna saoil. Is féidir leis difear a dhéanamh freisin do shoghluaisteacht daoine agus rannchuidiú le ganntanais scileanna. Tá an baol ann freisin, mar gheall ar an ngéarchéim, go gcuirfear leis an easpa dídine agus le heisiamh tithíochta agus sóisialta, agus le háitíocht neamhdhleathach, chomh maith le tionchair dhiúltacha ar an gcaighdeán saoil agus ar an gcomhshaol, ar bheartais mhaolúcháin agus oiriúnúcháin maidir leis an aeráid agus ar an inbhuanaitheacht. Is féidir le cistiú ón Aontas, lena n‑áirítear maoiniú measctha agus ionstraimí airgeadais, a bheith ina mhodh cistithe breise comhlántach. Bíonn níos mó ná foinsí cistithe náisiúnta i gceist leis an gcineál sin cistithe, agus d’fhéadfaí tuilleadh infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a spreagadh dá bharr. |
|
B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í |
|
Is é is aidhm fhoriomlán don tionscnamh réitigh de chuid an Aontais a chur ar fáil chun cabhrú le gach gníomhaí san earnáil tithíochta tuilleadh tithíocht inacmhainne inbhuanaithe a sholáthar, agus an chothroime shóisialta agus an cuimsiú, chomh maith leis an iomaíochas, á n‑áirithiú dá bharr sin. Go sonrach, is iad seo a leanas na cuspóirí: infheistíocht a spreagadh sa soláthar tithíochta ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach; é a dhéanamh níos éasca ar na daoine is mó atá i ngátar, chomh maith le teaghlaigh agus daoine óga, rochtain a fháil ar thithíocht inacmhainne mhaith inbhuanaithe; agus constaicí ar an soláthar tithíochta a bhaint agus a áirithiú go bhfuil an soláthar agus éileamh ag teacht lena chéile ar bhealach níos fearr. Sa chomhthéacs sin, tabharfar aghaidh sa Phlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne ar ghníomhaíochtaí beartais i réimsí amhail cistiú agus infheistíocht, soláthar tithíochta agus inacmhainneacht tithíochta, rochtain ar mhaoiniú, agus riachtanais na ndaoine is soghonta á gcur san áireamh. Fiosrófar ann bealaí chun infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a chothú agus a dhreasú, próisis a dhigitiú a thuilleadh agus dlús a chur le ceadú agus soláthar poiblí chomh maith le feabhas a chur ar fheidhmiú margaí cíosa. Comhtháthófar leis freisin cur chuige cuimsitheach i leith na tógála, lena n‑áirítear aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna, feabhas a chur ar dhálaí oibre agus soláthar seirbhísí tógála a éascú. Caithfear ceisteanna sóisialta, eacnamaíocha, airgeadais agus comhshaoil, lena n‑áirítear gealltanais fuinnimh agus aeráide, a chur san áireamh sna roghanna beartais atá dírithe ar dhul i ngleic leis an ngá le tithíocht inacmhainne, agus díriú ar an ualach rialála a theorannú agus ar an gcóireáil chothrom a áirithiú idir réigiúin, idir réigiúin uirbeacha agus thuaithe agus idir glúine agus grúpaí sochaíocha san am céanna. Caithfear aird shonrach a thabhairt ar na daoine is soghonta sa tsochaí agus ar dhaoine faoi mhíchumas. Caithfimid leas a bhaint as sineirgí freisin idir beartais dhifriúla, agus aon chomhbhabhtáil fhéideartha a mheas agus a bhainistiú go cúramach san am céanna. Ba cheart tacaíocht theicniúil a fhorbairt freisin nuair is gá, chun an toilleadh ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta a neartú, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh chun tacú le tionscnaimh tithíochta sóisialta agus tithíochta comhair. Áiritheofar leis sin gur féidir straitéisí agus roghanna beartais a forbraíodh le tacaíocht ón Aontas a chomhtháthú go rathúil le hathchóirithe agus infheistíochtaí náisiúnta. I bhfianaise rialachas il-leibhéil an bheartais tithíochta, tá gá le cur chuige comhoibríoch. Beidh baint ag gach leibhéal rialtais agus gach páirtí leasmhar ábhartha leis sin, lena n‑áirítear an earnáil phríobháideach. Ba cheart gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a bheith dírithe ar thacaíocht dhea-cheaptha do gach gníomhaí ábhartha, le taobh mhalartú na ndea-chleachtas. Ba cheart í a chur in oiriúint freisin do na saincheisteanna coitianta i dtíortha agus réigiúin éagsúla an Aontais. Ba cheart an ghníomhaíocht a bheith éifeachtach comhréireach, bunaithe ar chomhaontú leathan faoin mbreisluach, lena n‑áirítear comhaontú ar leibhéal polaitiúil. |
|
Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Beidh gá le tuilleadh anailíse agus measúnaithe a dhéanamh ar na tionchair is dócha a bheidh ag an tionscnamh, ag baint leas as torthaí an chomhairliúcháin. Bheadh na saincheisteanna atá leagtha amach thíos sa mheasúnú ar na tionchair is dócha a bheidh ann. ·Beidh sé d’aidhm ag an tionscnamh cur le leibhéil infheistíochta agus gníomhaíocht tógála (lena n‑áirítear é sin a dhéanamh le haghaidh athchóirithe chomh maith le foirgnimh nua), agus tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne go háirithe i gcomhair teaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim. Laghdófar leis impleachtaí diúltacha na gcostas tithíochta, ar costais iad atá ag dul i méid, ar an tsochaí i gcoitinne agus ar fhás eacnamaíoch agus iomaíochas. Cuirfidh sé le laghdú an tomhaltais fuinnimh i bhfoirgnimh, agus laghdófar billí fuinnimh tomhaltóirí freisin dá réir sin. Cabhróidh an tionscnamh seo le cumas eacnamaíoch agus iomaíochais na hearnála tógála a bhaint amach. Tá 3.2 milliún gnólacht san earnáil (ar gnólachtaí beaga agus meánmhéide iad 99.9 % díobh agus ar micrifhiontair iad 90 % díobh), a chuireann 23 mhilliún post ar fáil agus arb í is cúis le 10 % d’ollbhreisluach an Aontais. ·Cé dóibh a dhéanfadh sé difear agus conas: daoine soghonta, mar shampla, grúpaí ísealioncaim, daoine gan dídean agus daoine atá ag maireachtáil i ndálaí forbhásacha; teaghlaigh mheánioncaim nach féidir leo tithíocht mhaith a fháil ar phraghsanna an mhargaidh; teaghlaigh, daoine óga, oibrithe bunriachtanacha, mar shampla oibrithe a sholáthraíonn seirbhísí sláinte, oideachais agus eile, nach féidir leo cónaí san áit ina bhfuil siad ag obair, mic léinn ardoideachais atá i mbun staidéir taobh amuigh dá gceantar dúchais; infheisteoirí príobháideacha sa tithíocht agus gairmithe tógála ·Dáileadh spásúil na dtionchar ar fud codanna éagsúla den Aontas: tá tionchar ag an ngéarchéim tithíochta ar gach tír san Aontas, go háirithe ceantair uirbeacha ardéilimh, ach tá iarmhairtí ann do cheantair thuaithe freisin. Na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFInna) ábhartha ar dócha go ndéanfaidh an tionscnamh difear dóibh: díothú na bochtaineachta, neamh-idirdhealú, dálaí maireachtála maithe, rochtain ar uisce agus sláintíocht, sláinte, ceartas sóisialta, cathracha agus pobail inbhuanaithe, gníomhú ar son na haeráide agus slándáil fuinnimh. |
|
An faireachán a dhéanfar amach anseo |
|
Ba cheart na torthaí a mheas agus faireachán a dhéanamh orthu bunaithe ar na táscairí ó Eurostat atá ar fáil agus sonraí comhlántacha (de réir mar is gá) maidir le saintréithe agus feidhmiú na margaí tithíochta agus a bhforbairt le himeacht aimsire agus fiosrófar an gá atá le faireachán breise ar leibhéal an Aontais. Is é an cuspóir úsáid a bhaint as próisis faireacháin atá ann cheana, mar shampla an Seimeastar Eorpach agus an Scórchlár Sóisialta. |
|
C. Rialáil níos fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Ní thacófar leis an bPlean um Thithíocht Inacmhainne le measúnú tionchair, ach déanfar tuarascáil anailíseach a tharraingt suas. Má bhíonn gá le measúnú tionchair a dhéanamh ar aon cheann de na gníomhaíochtaí a dtugtar achoimre orthu sa phlean gníomhaíochta, déanfar é sin mar chuid de na hullmhúcháin le haghaidh gníomhaíocht leantach den chineál sin. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Seoladh an comhairliúchán ag imeacht i bParlaimint na hEorpa ar an 24 Márta, i ndiaidh sraith imeachtaí comhairliúcháin a raibh téama acu, arna óstáil ag an gCoimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus institiúidí eile den Aontas Eorpach. Ina theannta sin, beidh comhairliúchán poiblí cuimsitheach ar siúl ar feadh 12 sheachtain agus roinnt comhairliúcháin spriocdhírithe idirghníomhacha le príomhpháirtithe leasmhara i réimsí mar shampla, cistiú agus maoiniú, gníomhaíocht rialaitheach, sonraí, dea-chleachtais agus eolas. Tabharfar aird shonrach ar dhul i gcomhairle le daoine óga, sa chomhairliúchán poiblí agus san Idirphlé Beartais leis an Aos Óg araon agus i gcomhairliúcháin thiomnaithe eile. Beidh an comhairliúchán poiblí ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar leathanach lárnach comhairliúcháin phoiblí an Choimisiúin, an tairseach ‘Cloisimis Uait’. Foilseofar tuarascáil achomair fhíorasach ar an leathanach comhairliúcháin laistigh de 8 seachtaine tar éis deireadh teacht leis an gcomhairliúchán poiblí. Déanfar tuarascáil achoimre freisin, ina dtabharfar achoimre ar gach gníomhaíocht chomhairliúcháin. Cuirfear na comhairliúcháin chun cinn trí phreasráitis, suíomhanna gréasáin an Choimisiúin agus cuntais ar na meáin shóisialta. Rachfar i gcomhairle le gnólachtaí beaga agus meánmhéide i ndlúthchomhar le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún. Déanfar an comhairliúchán ar bhealach níos ginearálta i ndlúthchomhar le hinstitiúidí eile an Aontais lena n‑áirítear Parlaimint na hEorpa. I gcomhréir le beartas an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Rialáil Níos Fearr chun tionscnaimh a fhorbairt atá bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil, iarraimid freisin ar na páirtithe seo a leanas aighneachtaí a dhéanamh: taighdeoirí eolaíocha, eagraíochtaí acadúla agus comhlachais eolaíocha a bhfuil saineolas acu sna réimsí teicniúla agus beartais a bhaineann leis an tionscnamh. D’fhéadfadh taighde eolaíoch, anailísí agus sonraí ábhartha foilsithe agus réamhchlóite a bheith i measc na n‑aighneachtaí sin. Tá suim ar leith againn in aighneachtaí ina ndéantar staid reatha an eolais i réimsí ábhartha a tharraingt le chéile. Sheol an Coimisiún suirbhéanna comhlántacha cheana féin, ina lorgaítear aiseolas na bpáirtithe leasmhara maidir le soláthar na seirbhísí tógála agus suiteála sa Mhargadh Aonair agus maidir le hacmhainneacht mhargaidh na tógála lasmuigh den láthair le haghaidh soláthar tithíochta. |
|
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
|
Is é is cuspóir don chomhairliúchán poiblí seo (in éineacht le comhairliúcháin spriocdhírithe dhifriúla agus plé le réimse leathan páirtithe leasmhara) éascaíocht a dhéanamh ar bhailiú fianaise agus eolais breise a chabhródh leis an gCoimisiún Eorpach gníomhaíochtaí beartais a shainaithint le haghaidh an Phlean um Thithíocht Inacmhainne. Ba cheart go gcuirfear leis an luach ar leibhéal an Aontais leis na gníomhaíochtaí sin, agus go gcuirfear in oiriúint iad, nuair is gá, don leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. |
|
An spriocphobal |
|
Tá suim ag an gCoimisiún i dtuairimí na bpríomhpháirtithe leasmhara i margaí tithíochta an Aontais, mar shampla: soláthraithe tithíochta sóisialta, eagraíochtaí úinéirí agus tionóntaí, agus an earnáil réadmhaoine; na tionscail tógála agus athchóirithe agus miondíoltóirí, agus táirgeoirí ábhar agus fearas tógála agus athchóirithe; comhpháirtithe sóisialta; eagraíochtaí na sochaí sibhialta; institiúidí agus gníomhaithe airgeadais; lucht taighde agus lucht léinn; institiúidí oiliúna; pleanálaithe agus ailtirí; an pobal i gcoitinne, lena n‑áirítear daoine óga; eagraíochtaí a thacaíonn le daoine gan dídean agus le daoine soghonta eile, agus a dhéanann ionadaíocht do spéiseanna daoine óga agus teaghlach; comhpháirtíochtaí sláinte, turasóireachta agus soghluaisteachta. |