GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH MEASTÓIREACHT AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR A REACHTÁLFAR GO COMHTHREOMHAR |
|
Is é is aidhm don doiciméad seo eolas a thabhairt don phobal agus do pháirtithe leasmhara faoin obair reachtach a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo chun go mbeidh siad in ann aiseolas a thabhairt faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt dúinn, eolas ar thionchair fhéideartha na roghanna éagsúla san áireamh. |
|
Teideal an tionscnaimh |
Allmhairí inbhuanaithe táirgí iascaigh faoi Rialachán an Aontais maidir le Taraif-chuótaí Uathrialaitheacha |
Príomh‑AS (an t‑aonad atá freagrach) |
AS MARE, B.3 |
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Tionscnamh reachtach/neamhreachtach |
Amchlár táscach |
R1 2026 |
Eolas breise |
Trádáil - An Coimisiún Eorpach (europa.eu) |
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air anseo, an t‑amchlár san áireamh. |
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
An comhthéacs polaitiúil |
Le taraif-chuótaí uathrialaitheacha, is féidir dleachtanna custaim ar allmhairí táirgí roghnaithe a laghdú nó a chur ar fionraí. Is é an aidhm atá ann rochtain a éascú do thionscal an Aontais ar amhábhair nach bhfuil ar fáil san Aontas i gcainníochtaí leordhóthanacha agus/nó ar phraghsanna iomaíocha. Cuirtear i bhfeidhm iad in earnálacha éagsúla, lena n‑áirítear earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe. In earnáil an iascaigh, déantar foráil faoi láthair maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha i Rialachán 2023/2720 ón gComhairle le haghaidh na tréimhse 2024-2026. Leis an Rialachán, osclaítear 31 chuóta lena gcumhdaítear táirgí iascaigh neamhphróiseáilte agus leathphróiseáilte a bhfuil gá leo le haghaidh earnáil próiseála bia an Aontais. I gcás fhormhór na dtáirgí, socraítear ag nialas an taraif laistigh den chuóta. Cuidíonn sé sin le costas amhábhar a laghdú agus, dá bhrí sin, cuireann sé slándáil bia agus praghsanna iomaíocha chun cinn le haghaidh thomhaltóirí an Aontais. Tá feidhm ag rochtain saor ó tharaifí ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce maidir le cainníochtaí sonracha táirgí iascaigh, gan aon choinníoll inbhuanaitheachta ag gabháil leo. Ardaíonn sé sin ceisteanna maidir leis na héifeachtaí ar chaomhnú agus ar bhainistiú na stoc éisc lena mbaineann, maidir le cúrsaí sóisialta agus trádála, chomh maith le hiomaíochas earnáil iascaireachta an Aontais. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag féachaint ar an raon feidhme chun an córas um tharaif-chuótaí uathrialaitheacha a choigeartú tar éis 2026 chun dul i ngleic le hinbhuanaitheacht táirgí iascaigh allmhairithe. Níl aon chinneadh déanta go fóill maidir leis an gcaoi a mbainfear an cuspóir sin amach. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar na hiarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bheadh ag athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha chun critéir inbhuanaitheachta a thabhairt isteach le haghaidh tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais. Foilsítear an glao seo ar fhianaise chun go mbeidh na grúpaí uile páirtithe leasmhara in ann a dtuairimí a chur in iúl, rud a chuirfidh le próiseas an mheasúnaithe tionchair sin. |
Meastóireacht |
Déanfar an measúnú tionchair i gcomhthráth le meastóireacht shiarghabhálach ar an Rialacháin atá ann faoi láthair agus an Rialachán a bhí ann roimhe seo maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha, ós rud é nár ghabh critéir inbhuanaitheachta leo riamh. Cuirfidh sé sin ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcothaítear inbhuanaitheacht leis an gcóras allmhairiúcháin um tharaif-chuótaí uathrialaitheacha atá ann faoi láthair, ar an gcaoi a gcothaítear inbhuanaitheacht leis, agus ar an bhfuil gá le feabhsuithe. Cuideoidh an anailís sin leis an machnamh ar an athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha a mhúnlú. Cumhdófar sa mheastóireacht chúlghabhálach an Rialachán atá ann faoi láthair agus an Rialachán a bhí ann roimhe seo maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha (2020/1706) ó 2021 go deireadh 2024. Beidh staidéar a rinne comhairleoir neamhspleách in 2022 ina bhonn eolais don mheasúnú tionchair agus don staidéar meastóireachta araon, agus d’fhéadfadh staidéar comhlántach breise a bheith ag gabháil leis freisin, mar aon le staidéar EUMOFA arna thabhairt cothrom le dáta maidir leis an mbreisluach a cruthaíodh leis na taraif-chuótaí uathrialaitheacha. Cuirtear na Rialacháin maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha i bhfeidhm ar fud an Aontais toisc gur inniúlacht eisiach de chuid an Aontais é an t‑aontas custaim. Dá bhrí sin, cumhdófar na Ballstáit uile leis an measúnú tionchair agus leis an meastóireacht shiarghabhálach. |
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
Slándáil bia agus an gá atá le slabhraí luacha inbhuanaithe le haghaidh táirgí iascaigh. I gcomhthéacs an mhéadaithe ar an éileamh ar tháirgí iascaigh ar fud an Aontais, ní mór d’aon ionstraim nua a d’fhéadfadh a bheith ann freastal ar an ngá atá ag an Aontais le slándáil bia, agus a áirithiú, an tráth céanna, gur féidir le tomhaltóirí an Aontais rochtain a bheith acu ar tháirgí a ndéantar iascaireacht inbhuanaithe orthu. Faoin Rialachán atá ann faoi láthair, ní cheanglaítear aon choinníoll inbhuanaitheachta le haghaidh allmhairí iascaigh, agus leis sin d’fhéadfaí an bonn a bhaint de sheasamh an Aontais mar cheannaire domhanda i saothrú acmhainní muirí atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de. Ba cheart na taraif-chuótaí uathrialaitheacha leanúint de bheith ina n‑uirlis bhunúsach chun soláthar seasta táirgí iascaigh nach bhfuil ar fáil san Aontas i gcainníochtaí leordhóthanacha agus/nó ar phraghsanna iomaíocha a chur ar fáil do mhargadh an Aontais.
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
An bunús dlí |
Beidh an tionscnamh bunaithe ar Airteagal 31 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an gComhtharaif Chustaim. Faoi Airteagal 3.1 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas maidir le hacmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú faoin gComhbheartas Iascaigh, agus le haghaidh an aontais custaim. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta. |
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
Tá misean AS MARE maidir le bainistiú inbhuanaithe acmhainní muirí ag teacht le spriocanna inbhuanaitheachta níos leithne an Choimisiúin Eorpaigh, a shaothraítear go príomha tríd an gComhaontú Glas. Tá brú méadaithe ar an Aontas amhábhair nach bhfuil ar fáil san Aontas a fhoinsiú ar bhealach inbhuanaithe, rud a fhágann gur gá measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú na dtaraif-chuótaí uathrialaitheacha. Leis an tionscnamh seo, chomhlánófaí a thuilleadh ionstraimí eile arna gcur chun cinn ag an Aontas chun allmhairí agus slabhraí luacha inbhuanaithe a áirithiú, amhail an Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus an Rialachán maidir le táirgí gan dífhoraoisiú. |
B. Na cuspóirí agus na roghanna beartais |
Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh a áirithiú go ndéanfar táirgí a allmhairítear faoin gcóras um tharaif-chuótaí uathrialaitheacha a allmhairiú ar bhealach inbhuanaithe. Is iad seo a leanas na trí phríomhchuspóir níos sonraí: ·a áirithiú go gcomhlíonann táirgí iascaigh a allmhairítear isteach san Aontas caighdeáin inbhuanaitheachta comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha; ·maolú a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíocha a eascraíonn as aon athrú ar an gcóras allmhairiúcháin d’earnáil próiseála an Aontais; ·caighdeáin inbhuanaitheachta allmhairiúcháin an Aontais a ailíniú leis na caighdeáin a úsáidtear sa mhargadh inmheánach. D’fhéadfadh na roghanna beartais seo a leanas a bheith i gceist: 1.Cás bunlíne – leanúint de na taraif-chuótaí uathrialaitheacha atá ann faoi láthair i bhfoirm gan athrú. Sa chás sin, cuirtear síneadh leis na taraif-chuótaí uathrialaitheacha a shainmhínítear i Rialachán 2023/2720 (i gcás nach bhfuil úsáid taraif-chuótaí uathrialaitheacha ag brath ar aon choinníoll inbhuanaitheachta) tar éis 2026. 2.I gcás nach ann do chás taraif-chuótaí uathrialaitheacha. Sa chás sin, thiocfadh deireadh leis an gcóras allmhairiúcháin um tharaif-chuótaí uathrialaitheacha nuair a rachadh an tréimhse a chumhdaítear leis an Rialachán maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha atá i bhfeidhm faoi láthair in éag. Ó 2027 ar aghaidh, aon allmhairiú táirgí a chumhdaítear faoi láthair leis an Rialachán maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha de thionscnamh tíortha nach bhfuil aon chomhaontú saorthrádála acu leis an Aontas nó nach dtairbhíonn den chóras ginearálaithe um fhabhair, bheadh sé faoi réir rátaí dleachta custaim an náisiúin barrfhabhair. 3.Scéim nua ATQ lena ngabhann critéir inbhuanaitheachta. Dhéanfaí cineál beacht aon chritéar inbhuanaitheachta nua (i bhfoirm coinníollacha) a fhorbairt ar bhealach níos mionsonraithe sa mheasúnú tionchair agus sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Féachfaidh AS MARE ar roghanna éagsúla, lena n‑áirítear allmhairiú táirgí iascaigh faoin gcóras um tharaif-chuótaí uathrialaitheacha a dhéanamh coinníollach ar dhaingniú roinnt coinbhinsiún comhshaoil agus/nó saothair atá mar bhonn taca faoi fheidhmiú an chomhaontaithe saorthrádála agus scéimeanna na bhfabhar ginearálaithe taraife. Ní mór aon athrú a dhéanfar ar an ionstraim maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha a bheith i gcomhréir le hoibleagáidí na hEagraíochta Domhanda Trádála/an Chomhaonaithe Ghinearálta um Tharaifí agus Trádáil an Aontais. |
C. Na tionchair is dócha a bheidh ann |
Áiritheofar leis an measúnú go mbeidh aon ghníomhaíocht a dhéanfar amach anseo eolasach agus bunaithe ar fhíricí. Is éard a bheidh i gceist leis anailís a dhéanamh ar thionchair eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta na roghanna beartais uile a leagtar amach thuas maidir leis an gcóras um allmhairí iascaigh chuig margadh an Aontais. Leis an anailís, ríomhfar éifeachtaí (ar allmhairí, ioncam, leas agus ar an margadh) na gcásanna athraithe éagsúla i gcomparáid leis an staid atá ann faoi láthair. Déanfar measúnú inti freisin ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na roghanna sin ar inbhuanaitheacht na gcleachtas iascaireachta. Ba cheart an measúnú tionchair a bheith ina chreat le haghaidh bhealach chun cinn an Choimisiúin i gcomhréir lena thosaíochtaí, go háirithe maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, geilleagar a fhóireann do na daoine, Eoraip níos láidre sa domhan agus an dóigh bheatha Eorpach. Déanfar scrúdú ar na hábhair seo a leanas, i measc nithe eile: Tionchair comhshaoil: -éifeachtaí na roghanna beartais ar a mhéid a chomhlíonfadh amhábhair caighdeáin inbhuanaitheachta idirnáisiúnta; -na héifeachtaí a bheadh ann dá n‑aistreofaí foinsiú amhábhar agus ionchur eile chuig tíortha a chomhlíonfadh caighdeáin inbhuanaitheachta idirnáisiúnta ar bhealach níos fearr ná na tíortha onnmhairiúcháin atá ann faoi láthair. Tionchair eacnamaíocha: -éifeachtaí na n‑athruithe a d’fhéadfadh a bheith ar phatrúin allmhairiúcháin ar iomaíochas agus ar chothroime iomaíochta thionscal próiseála agus earnáil táirgthe an Aontais; -iarmhairtí eacnamaíocha a eascraíonn as laghdú a d’fhéadfaí a bheith ar allmhairí táirgí ATQ; -éifeachtaí leasa a bhaineann le barrachas tomhaltóirí (leas comhcheangailte phróiseálaithe bia an Aontais agus a gcliant/a dtomhaltóirí); -tionchar ar thrádáil sheachtrach (lena n‑áirítear ar chomhaontú saorthrádála agus tairbhithe an chórais ghinearálaithe um fhabhair); -acmhainneacht airgeadais agus riaracháin an Aontais agus na riarachán náisiúnta chun na bearta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú; -iarmhairtí gach rogha beartais ar mhargadh an Aontais, go háirithe ar phraghsanna agus ar dhinimic soláthair/éilimh. Tionchair shóisialta: -iarmhairtí gach rogha beartais ar dhálaí fostaíochta agus sóisialta a bhaineann le foinsiú amhábhar; -éifeachtaí ar thomhaltóirí, go háirithe ar éileamh, inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí iascaigh. |
D. Ionstraimí maidir le Rialáil Níos Fearr |
Measúnú tionchair |
I gcomhréir le beartas an Choimisiúin Eorpaigh maidir le rialáil níos fearr, tá measúnú tionchair agus comhairliúchán poiblí á ndéanamh chun tacú leis an obair chun ullmhú d’aon athrú dlíthiúil nua chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht allmhairí iascaigh. Cuireadh tús le próiseas an mheasúnaithe tionchair sa tríú ráithe deiridh de 2024. I bhfianaise chastacht an mheasúnaithe agus go bhféadfadh sé nach mbeadh catagóirí áirithe sonraí ar fáil go héasca, is dócha go dtógfaidh an measúnú 12 mhí ar a laghad. |
An straitéis chomhairliúcháin |
Is é is aidhm don chomhairliúchán modh eolasach, rannpháirteach agus trédhearcach a bhaint amach chun an Rialachán maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha a bheidh ann amach anseo a mhúnlú. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le caomhnú acmhainní muirí agus le foinsiú inbhuanaithe (e.g. eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le deimhniú deonach inbhuanaitheachta), na páirtithe leasmhara a bhfuil leas eacnamaíoch acu san Aontas agus i dtríú tíortha (e.g. an earnáil táirgthe éisc, an earnáil próiseála éisc agus tionscal an bhia, Comhairlí Comhairleacha faoi Chomhbheartas Iascaigh an Aontais, go háirithe an Chomhairle Chomhairleach Fadraoin agus an Chomhairle Chomhairle Chomhairleach um Margaí), riaracháin ghaolmhara (lena n‑áirítear údaráis chustaim), ceardchumainn, lucht acadúil, eagraíochtaí tomhaltóirí agus aon chomhlacht eile atá toilteanach a dtuairimí agus a n‑eolas a chur ar fáil. Sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin, beidh an glao seo ar fhianaise agus comhairliúchán poiblí ar líne a bheidh oscailte do na páirtithe leasmhara uile laistigh den Aontas agus lasmuigh de ar feadh 12 sheachtain. Beidh an ceistneoir ar fáil ar thairseach comhairliúchán poiblí an Aontais ‘Cloisimis Uait’ i dteangacha uile an Aontais. Is féidir le freagróirí freagra a thabhairt in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil achomair fhíriciúil ar an leathanach comhairliúcháin laistigh de 8 seachtaine i ndiaidh an comhairliúchán poiblí a dhúnadh. Foilseoidh sé tuarascáil achoimre freisin ina mbeidh achoimre ar thorthaí uile an chomhairliúcháin. |
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
Is é an aidhm atá ann modh eolasach, rannpháirteach agus trédhearcach a bhaint amach chun ionstraim nua maidir le taraif-chuótaí uathrialaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a mhúnlú. Tá barúlacha agus saineolas á lorg ag an gCoimisiún chun cuidiú le mionmheasúnú a dhéanamh ar na glantairbhí inbhuanaitheachta, chomh maith leis na costais agus deiseanna eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le margaíocht agus leis an gcosc trádála ar eití scaoilte siorcanna. Leis an bhfianaise a sholáthraítear, ba cheart cuidiú chun aon bhealach malartach a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint freisin chun a áirithiú go mbeidh allmhairí inbhuanaithe agus chun aon éifeacht dhlíthiúil ar chothroime iomaíochta thionscal an Aontais a íoslaghdú. |
An spriocphobal |
Tá an comhairliúchán dírithe ar pháirtithe leasmhara laistigh den Aontas agus lasmuigh de, a bhfuil baint acu le caomhnú acmhainní muirí agus le foinsiú inbhuanaithe (e.g. eagraíochtaí neamhrialtasacha agus údaráis fhreagracha), nó a bhfuil leas eacnamaíoch gaolmhar acu (e.g. an earnáil táirgthe éisc, an earnáil próiseála éisc, ceardchumainn, Comhairlí Comhairleacha an Aontais, údaráis chustaim), ar an lucht acadúil – lena n‑áirítear taighdeoirí a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta, lena n‑áirítear sláinte phoiblí, ceisteanna – nó ar eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhlachtaí eile atá toilteanach a dtuairimí agus a n‑eolas a chur ar fáil. |