Choisissez les fonctionnalités expérimentales que vous souhaitez essayer

Ce document est extrait du site web EUR-Lex

Document fc377a81-5662-11eb-b59f-01aa75ed71a1

Texte consolidé: Rialachán (AE) 2020/1706 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 lena n‐osclaítear agus lena bhforáiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021–2023

02020R1706 — GA — 17.11.2020 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2020/1706 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Samhain 2020

lena n‐osclaítear agus lena bhforáiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021–2023

(IO L 385 17.11.2020, lch. 3)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 424, 15.12.2020, lch.  60 (2020/1706)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2020/1706 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Samhain 2020

lena n‐osclaítear agus lena bhforáiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021–2023



Airteagal 1

Déanfar dleachtanna allmhairiúcháin ar na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn a chur ar fionraí nó a laghdú chun go dtiocfaidh siad faoi na taraif-chuótaí ag na rátaí, le linn na dtréimhsí agus suas go dtí na méideanna a shonraítear iontu.

Airteagal 2

Bainisteofar na taraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

Airteagal 3

Beidh na taraif-chuótaí faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ).

Airteagal 4

1.  
Maidir le cur ar fionraí nó laghdú dleachtanna allmhairiúcháin, beidh feidhm acu maidir le táirgí atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine agus maidir leis sin amháin.
2.  
Ní bheidh na taraif-chuótaí ar fáil le haghaidh táirgí a dhéantar a phróiseáil ar an leibhéal miondíola nó lónadóireachta.
3.  

Ní bheidh na taraif-chuótaí ar fáil le haghaidh táirgí nach bhfuil ceaptha ach le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas:

(a) 

glanadh, dí-inniú, an t‐eireaball a bhaint agus dícheannadh;

(b) 

gearradh;

(c) 

filléid mhear-reoite go leithleach atá reoite a athphacáil;

(d) 

sampláil agus sórtáil;

(e) 

lipéadú;

(f) 

pacáil;

(g) 

fuarú;

(h) 

reo;

(i) 

íosreo;

(j) 

díreo

(k) 

glónrú;

(l) 

leá; agus

(m) 

deighilt.

4.  

D’ainneoin mhír 3, beidh na taraif-chuótaí ar fáil le haghaidh táirgí atá ceaptha le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas:

(a) 

dísliú;

(b) 

fáinní a ghearradh de agus stiallacha a ghearradh de le haghaidh ábhar faoi chóid CN 0307 43 91 , 0307 43 92 agus 0307 43 99 ;

(c) 

filléadú;

(d) 

flapaí a tháirgeadh;

(e) 

bloic reoite a ghearradh;

(f) 

bloic reoite d’fhilléid idirdhuillithe a scoilteadh chun filléid aonair a fháil;

(g) 

sliseadh le haghaidh ábhair faoi chóid CN ex 0303 66 11 , ex 0303 66 12 , ex 0303 66 13 , ex 0303 66 19 , ex 0303 89 70 agus ex 0303 89 90 ;

(h) 

cóireáil le gáis phacáistíochta mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ( 2 ) le haghaidh táirgí faoi chóid CN 0306 16 99 (foroinn TARIC 20 agus 30), 0306 17 92 (foroinn TARIC 20), 0306 17 99 (foroinn TARIC 10), 0306 35 90 (foranna TARIC 12, 14, 92 agus 93), 0306 36 90 (foranna TARIC 20 agus 30), 1605 21 90 (foranna TARIC 45, 55 agus 62) agus 1605 29 00 (foranna TARIC 50, 55 agus 60); agus

(i) 

an táirge reoite a roinnt nó an táirge reoite a chur faoi réir teaschóireála ionas gur féidir dramhábhar inmheánach a bhaint le haghaidh ábhar faoi chóid CN 0306 11 10 (foroinn TARIC 10), 0306 11 90 (foroinn TARIC 20) and 0306 31 00 (foroinn TARIC 10).

Airteagal 5

Oibreoidh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhainistiú agus a rialú go cuí.

Airteagal 6

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN



Uimh. an ordaithe

Cód CN

Cód TARIC

Tuairisc

Méid bliantúil an chuóta (tonnaí) (1)

Dleacht an chuóta

Tréimhse an chuóta

09.2503

ex 0303 39 85

80

Éisc leathógacha (Limanda aspera, Lepidopsetta bilineata, Pleuronectes quadrituberculatus, Limanda ferruginea, Lepidopsetta polyxystra), reoite, le haghaidh próiseála

7 500

0 %

1.1.2021–31.12.2023

09.2504

0302 11 20

 

Bric den speiceas Oncorhynchus mykiss, agus an ceann agus na geolbhaigh orthu, glanta, ar mó ná 1,2 kg meáchan gach ceann díobh, nó gan an ceann orthu, geolbhaithe agus glanta, ar mó ná 1 kg meáchan gach ceann díobh

10 000

5 %

1.1.2021–31.12.2023

09.2505

ex 0303 54 10

95

Ronnaigh Sheapánacha (Scomber japonicus), iomlán, filléid agus flapaí orthu, le haghaidh próiseála

5 000

7,5 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0304 89 49

20

ex 0304 99 99

12

09.2746

ex 0302 89 90

30

Sclamhairí dearga deisceartacha (Lutjanus purpureus), iad úr, fuaraithe, le haghaidh próiseála

1 500

0 %

1.1.2021–31.12.2023

09.2748

ex 0302 91 00

96

Eochraí éisc, iad úr, fuaraithe nó reoite, saillte nó faoi sháile, le haghaidh próiseála

5 700

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0303 91 90

96

ex 0305 20 00

41

09.2750

ex 0305 20 00

35

Eochraí éisc, iad nite, na horgáin ghreamaitheacha glanta agus iad saillte go simplí nó faoi sháile, chun ionadaigh caibheáir a mhonarú

1 200

0 %

1.1.2021–31.12.2023

09.2754

ex 0303 59 10

10

Ainseabhaithe (Engraulis anchoita agus Engraulis capensis), reoite, le haghaidh próiseála

500

0 %

1.1.2021–31.12.2023

09.2759

ex 0302 51 10

20

Troisc (Gadus morhua, Gadus ogac, Gadus macrocephalus) agus éisc den speiceas Boreogadus saida, seachas aenna agus eochraí, iad úr, fuaraithe nó reoite le haghaidh próiseála

110 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0302 51 90

10

ex 0302 59 10

10

ex 0303 63 10

10

ex 0303 63 30

10

ex 0303 63 90

10

ex 0303 69 10

10

09.2760

ex 0303 66 11

10

Colmóirí (Merluccius spp. seachas Merluccius merluccius, Urophycis spp.) agus tusceascanna bándearga (Genypterus blacodes agus Genypterus capensis), iad reoite, le haghaidh próiseála

10 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0303 66 12

10

ex 0303 66 13

10

ex 0303 66 19

11

91

ex 0303 89 70

10

ex 0303 89 90

30

09.2761

ex 0304 79 50

10

Gránádóirí gorma (Macruronus spp.), filléid reoite agus feoil eile atá reoite, le haghaidh próiseála

17 500

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0304 79 90

11

 

200

0 %

1.1.2021–31.12.2023

17

ex 0304 95 90

11

17

09.2762

ex 0306 11 10

10

Gliomaigh charraige dhearga agus piardóga farraige eile (Palinurus spp., Panulirus spp., Jasus spp.), iad beo, fuaraithe, reoite, le haghaidh próiseála

200

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0306 11 90

20

ex 0306 31 00

10

09.2765

ex 0305 62 00

20

Troisc (Gadus morhua, Gadus ogac, Gadus macrocephalus) agus éisc den speiceas Boreogadus saida, saillte nó faoi sháile, ach gan iad triomaithe nó deataithe, le haghaidh próiseála

2 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

25

29

ex 0305 69 10

10

09.2770

ex 0305 63 00

10

Ainseabhaithe (Engraulis anchoita), saillte nó faoi sháile, ach gan iad a bheith triomaithe nó deataithe, le haghaidh próiseála

1 500

0 %

1.1.2021–31.12.2023

09.2772

ex 0304 93 10

10

Suiréime, reoite, le haghaidh próiseála

60 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0304 94 10

10

ex 0304 95 10

10

ex 0304 99 10

10

09.2774

ex 0304 74 15

10

Colmóirí an Aigéin Chiúin (Merluccius productus) agus colmóirí na hAirgintíne (colmóirí an Atlantaigh Thiar Theas) (Merluccius hubbsi), filléid reoite agus feoil eile, le haghaidh próiseála

40 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0304 74 19

10

ex 0304 95 50

10

20

09.2776

ex 0304 95 10

10

Troisc (Gadus morhua, Gadus macrocephalus), filléid reoite agus feoil reoite, le haghaidh próiseála

50 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0304 71 90

10

ex 0304 95 21

10

ex 0304 95 25

10

09.2777

ex 0303 67 00

10

Mangaigh Alascacha (Theragra chalcogramma), iad reoite, filléid reoite agus feoil reoite eile le haghaidh próiseála

340 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0304 75 00

10

ex 0304 94 90

10

10

09.2778

ex 0304 83 90

21

Éisc leathógacha (Limanda aspera, Lepidopsetta bilineata, Pleuronectes quadrituberculatus, Limanda ferruginea, Lepidopsetta polyxystra), filléid reoite agus feoil eile éisc, le haghaidh próiseála

10 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0304 99 99

65

09.2785

ex 0307 43 91

10

Ráth (2) scuideanna (Ommastrephes spp. – seachas Todarodes sagittatus (comhchiallach Ommastrephes sagittatus) -, Nototodarus spp., Sepioteuthis spp.) agus Illex spp., iad reoite, agus craiceann agus eití orthu, le haghaidh próiseála

20 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0307 43 92

10

ex 0307 43 99

21

09.2786

ex 0307 43 91

20

Scuideanna (Ommastrephes spp. – seachas Todarodes sagittatus (comhchiallach Ommastrephes sagittatus) -, Nototodarus spp., Sepioteuthis spp.) agus Illex spp., reoite, iomlán nó braiteoga agus eití orthu, le haghaidh próiseála

5 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0307 43 92

20

ex 0307 43 99

29

09.2788

ex 0302 41 00

10

Scadáin (Clupea harengus, Clupea pallasii), de mheáchan is mó ná 100 g in aghaidh na coda nó flapaí de mheáchan is mó ná 80 g in aghaidh na coda, seachas aenna agus eochraí, le haghaidh próiseála

10 000

0 %

1.10.2021–

14.02.2022

1.10.2022–

14.02.2023

1.10.2023–31.12.2023

ex 0303 51 00

10

ex 0304 59 50

10

ex 0304 99 23

10

09.2790

ex 1604 14 26

10

Filléid ar a dtugtar “luanta” tuinníní agus tuinníní aigéanacha, le haghaidh próiseála

35 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 1604 14 36

10

ex 1604 14 46

11

21

92

94

09.2792

ex 1604 12 99

16

Scadáin, spíosraithe agus/nó fínéagarleasaithe, faoi sháile, atá leasaithe i mbairillí 70 kg ar a laghad glanmheáchan agus iad díscithe, le haghaidh próiseála

5 000

10 %

1.1.2021–31.12.2023

09.2794

ex 1605 21 90

45

Séaclaí agus cloicheáin den speiceas Pandalus borealis, agus Pandalus montagui, cócaráilte agus scafa, le haghaidh próiseála

4 500

0 %

1.1.2021–31.12.2023

62

ex 1605 29 00

50

55

▼C1

09.2798

ex 0306 16 99

20

Séaclaí agus cloicheáin den speiceas Pandalus borealis agus Pandalus montagui, iad sa bhlaosc, úr, fuaraithe nó reoite le haghaidh próiseála

2 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

30

ex 0306 35 90

12

14

92

93

09.2800

ex 1605 21 90

55

Séaclaí agus cloicheáin den speiceas Pandalus jordani, iad cócaráilte agus scafa, le haghaidh próiseála

2 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 1605 29 00

60

09.2802

ex 0306 17 92

20

Séaclaí agus cloicheáin den speiceas Penaeus vannamei agus Penaeus monodon, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh, iad úr, fuaraithe nó reoite, gan iad a bheith cócaráilte, le haghaidh próiseála

48 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0306 36 90

30

09.2804

ex 1605 40 00

40

Eireabaill chráifisceanna den speiceas Procambarus clarkii, cócaráilte, le haghaidh próiseála

2 500

0 %

1.1.2021–31.12.2023

09.2821

0307 43 33

 

Scuideanna den speiceas Loligo pealei, reoite

1 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

09.2822

ex 0303 11 00

20

Bradáin an Aigéin Chiúin den speiceas Oncorhynchus nerka (bradán dearg) agus Oncorhynchus kisutch, Oncorhynchus keta agus Oncorhynchus tschawytscha, iad dícheannta agus dí-innithe, agus i bhfoirm filléad, reoite, speice le haghaidh próiseála

10 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0303 12 00

20

ex 0304 81 00

20

09.2823

ex 0303 81 15

10

Fíogaigh ghobacha (Squalus acanthias), iomlán, filléid agus feoil eile éisc, reoite, le haghaidh próiseála

2 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0304 88 11

10

ex 0304 96 10

10

09.2824

ex 0302 52 00

10

Cadóga (Melanogrammus aeglefinus), iad úr, fuaraithe nó reoite agus iad dícheannta, geolbhaithe agus dí-innithe, le haghaidh próiseála

3 500

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0303 64 00

09.2826

ex 0306 17 99

10

Séaclaí agus cloicheáin den speiceas Pleoticus muelleri, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad úr, fuaraithe nó reoite, le haghaidh próiseála

8 000

0 %

1.1.2021–31.12.2023

ex 0306 36 90

(1)   

Arna sloinneadh i nglanmheáchan, mura sonraítear a mhalairt.

(2)   

Corp ceifileapód nó scuideanna gan cheann agus gan bhraiteoga, a bhfuil craiceann agus eití orthu.



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

Haut