Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document e71839b0-2d76-11ef-a61b-01aa75ed71a1

Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)

02009R0810 — GA — 11.06.2024 — 008.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (CE) UIMH. 810/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2009

lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí

(Cód Víosaí)

(IO L 243 15.9.2009, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

COMMISSION REGULATION (EU) No 977/2011 of 3 October 2011  (*)

  L 258

9

4.10.2011

 M2

RIALACHÁN (AE) Uimh. 154/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 15 Feabhra 2012

  L 58

3

29.2.2012

►M3

RIALACHÁN (AE) Uimh. 610/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 26 Meitheamh 2013

  L 182

1

29.6.2013

►M4

RIALACHÁN (AE) 2016/399 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 9 Márta 2016

  L 77

1

23.3.2016

►M5

RIALACHÁN (AE) 2019/1155 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 20 Meitheamh 2019

  L 188

25

12.7.2019

►M6

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1415 ÓN gCOIMISIÚN  an 14 Márta 2024

  L 1415

1

22.5.2024


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 284, 12.11.2018, lch.  38 (810/2009)

►C2

Ceartúchán, IO L 020, 24.1.2020, lch.  25 (2019/1155)



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (CE) UIMH. 810/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2009

lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí

(Cód Víosaí)



TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

▼M5

1.  
Leis an Rialachán seo, bunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí a eisiúint le haghaidh tréimhsí fanachta atá beartaithe ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

▼B

2.  

Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le haon náisiúnach tríú tír nach mór víosa a bheith aige ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dó de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin ( 1 ) gan dochar don mhéid seo leanas:

(a) 

na cearta saorghluaiseachta atá ag náisiúnaigh tríú tíortha ar daoine de theaghlaigh shaoránaigh an Aontais iad,

(b) 

na cearta coibhéiseacha a theachtann náisiúnaigh tríú tíortha agus daoine dá dteaghlaigh, a bhfuil cearta saorghluaiseachta acu atá coibhéiseach le cearta shaoránaigh an Aontais agus daoine dá dteaghlaigh faoi chomhaontuithe idir an Comhphobal agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus idir an Comhphobal agus na tríú tíortha sin, ar an taobh eile.

3.  
Leis an Rialachán seo, liostaítear freisin na tríú tíortha a gceanglaítear ar a náisiúnaigh víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh acu mar eisceacht ó phrionsabal an tsaor-idirthurais a leagtar síos in Iarscríbhinn 9 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus bunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí a eisiúint chun críche idirthurais trí na limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfoirt na mBallstát.

▼M5

4.  
Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit a gcuid cúraimí a chomhall agus dlí an Aontais á chomhlíonadh go hiomlán acu, lena n-áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, déanfar cinntí maidir le hiarratais ar bhonn aonair faoin Rialachán seo.

▼B

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1. 

ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é, de réir bhrí Airteagal 17(1) den Chonradh;

2. 

ciallaíonn ‘víosa’ údarú arna eisiúint ag Ballstát d’fhonn:

▼M5

(a) 

tréimhse fanachta atá beartaithe a chaitheamh ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá; nó

▼B

(b) 

go ndéanfaí idirthuras trí na limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfoirt na mBallstát.

3. 

ciallaíonn ‘víosa aonfhoirmeach’ víosa atá bailí do chríoch iomlán na mBallstát;

4. 

ciallaíonn ‘víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige’ víosa atá bailí do chríoch Ballstáit amháin nó do chríoch níos mó ná Ballstáit amháin ach nach bhfuil bailí do chríoch na mBallstát go léir;

5. 

ciallaíonn ‘víosa idirthurais aerfoirt’ víosa atá bailí le haghaidh idirthurais trí na limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfort amháin nó níos mó d’aerfoirt na mBallstát;

6. 

ciallaíonn ‘greamán víosa’ an fhormáid aonfhoirmeach do víosaí faoi mar a shainmhínítear í i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 an 29 Bealtaine 1995 ag leagan síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh víosaí ( 2 );

▼M5

7. 

ciallaíonn ‘doiciméad taistil aitheanta’ doiciméad taistil a aithníonn Ballstát amháin nó níos mó chun críche teorainneacha seachtracha a thrasnú agus víosaí a ghreamú de, de bhun Chinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

▼B

8. 

ciallaíonn ‘leathán ar leith le haghaidh víosa a ghreamú de’ an fhormáid aonfhoirmeach do na foirmeacha a ngreamaítear an víosa díobh arna n-eisiúint ag na Ballstáit chuig daoine a bhfuil doiciméid taistil ar seilbh acu ar doiciméid iad nach n-aithníonn an Ballstát a tharraingíonn suas an fhoirm a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le formáid aonfhoirmeach d’fhoirmeacha chun víosa a ghreamú arna eisiúint ag Ballstát chuig daoine atá i seilbh doiciméad taistil nach n-aithníonn an Ballstát a tharraing suas an fhoirm ( 4 );

9. 

ciallaíonn ‘consalacht’ misean taidhleoireachta Ballstáit nó post consalach Ballstáit atá údaraithe chun víosaí a eisiúint agus atá faoi cheannas oifigigh chonsalachta ghairmiúil faoi mar a shainmhínítear é i gCoinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Consalachta an 24 Aibreán 1963;

10. 

ciallaíonn ‘iarratas’ iarratas ar víosa;

11. 

ciallaíonn ‘idirghabhálaí tráchtála’ gníomhaireacht riaracháin phríobháideach, cuideachta iompair nó gníomhaireacht taistil (tionscnóir turas nó miondioltóir);

▼M5

12. 

ciallaíonn ‘maraí’ aon duine atá fostaithe, atá fruilithe nó atá ag obair i gcáil ar bith ar bord long atá ag gabháil don loingseoireacht mhuirí nó ar bord long atá ag loingsiú in uiscí intíre idirnáisiúnta;

13. 

ciallaíonn ‘ríomhshíniú’ ríomhshíniú mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ).

▼B

TEIDEAL II

VÍOSA IDIRTHURAIS AERFOIRT

Airteagal 3

Náisiúnaigh tríú tíortha a gceanglaítear orthu víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh acu

1.  
Ceanglófar ar náisiúnaigh de chuid na dtríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn IV víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh acu agus iad ar a mbealach trí limistéir idirthurais idirnáisiúnta aerfort atá suite ar chríoch na mBallstát.
2.  
I gcásanna práinneacha ina mbeidh insreabhadh mór d’inimircigh neamhdhleathacha isteach sa tír, féadfaidh Ballstáit aonair a cheangal ar náisiúnaigh tríú tíortha is náisiúnaigh de thríú tíortha iad seachas na tíortha dá dtagraítear i mír 1, víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh acu ar a mbealach trí limistéir idirthurais idirnáisiúnta aerfort atá suite ar a gcríoch. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na cinntí sin sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm agus faoi tharraingt siar cheanglais den sórt sin i dtaca le víosa idirthurais aerfoirt.
3.  
Laistigh de chreat an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 52(1), déanfar athbhreithniú ar na fógraí sin ar bhonn bliantúil d’fhonn an tríú tír lena mbaineann a aistriú chuig an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
4.  
Mura n-aistrítear an tríú tír chuig an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an ceanglas i dtaca le víosa idirthurais aerfoirt a choimeád ar bun nó a tharraingt siar, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá i mír 2.
5.  

Díolmhaítear na catagóirí daoine seo a leanas ón gceanglas dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 maidir le víosa idirthurais aerfoirt a shealbhú:

(a) 

sealbhóirí víosa bailí aonfhoirmí, víosa fadfhanachta náisiúnta nó ceada chónaithe arna heisiúint nó arna eisiúint ag Ballstát;

▼M5

(b) 

náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cead cónaithe bailí ar seilbh acu arna eisiúint ag Ballstát nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo nó Ballstát nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill, nó náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe bailí a liostaítear in Iarscríbhinn V ar seilbh acu arna eisiúint ag Andóra, ag Ceanada, ag an tSeapáin, ag San Mairíne nó ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, lena ráthaítear athligean isteach an tsealbhóra gan choinníoll, nó a bhfuil cead cónaithe bailí ar seilbh acu do cheann amháin nó níos mó de thíortha agus críocha thar lear Ríocht na hÍsiltíre (Aruba, Curaçao, Sint Maarten, Bonaire, Sint Eustatius agus Saba);

▼C2

(c) 

náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil víosa bailí ar seilbh acu do Bhallstát nach bhfuil rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, nó do Bhallstát nach gcuireann forálacha acquis Schengen i bhfeidhm ina n‐iomláine go fóill, nó do Cheanada, don tSeapáin nó do Stáit Aontaithe Mheiriceá nó sealbhóirí víosa bailí do cheann amháin nó níos mó de thíortha agus críocha thar lear Ríocht na hÍsiltíre (Aruba, Curaçao, Sint Maarten, Bonaire, Sint Eustatius agus Saba), nuair a thaistealaíonn siad chuig an tír eisiúna nó chuig aon tríú tír eile, nó nuair a fhilleann siad ón tír eisiúna tar éis an víosa a úsáid;

▼B

(d) 

daoine de theaghlaigh shaoránaigh an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a);

(e) 

sealbhóirí pasanna taidhleoireachta;

(f) 

criú eitilte ar náisiúnaigh iad de Pháirtí conarthach i gCoinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta.

TEIDEAL III

NÓSANNA IMEACHTA AGUS COINNÍOLLACHA MAIDIR LE VÍOSAÍ A EISIÚINT

CAIBIDIL I

Na húdaráis a ghlacfaidh páirt sna nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais

Airteagal 4

Na húdaráis atá inniúil chun páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais

1.  
Scrúdóidh consalachtaí iarratais agus déanfaidh siad cinntí fúthu.

▼M5

1a.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gurb iad na húdaráis lárnacha a dhéanfaidh scrúdú ar iarratais agus a dhéanfaidh cinneadh fúthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a ndóthain eolais ag na húdaráis sin faoi chúinsí áitiúla na tíre ina dtaiscfear an t-iarratas ionas gur féidir leo na rioscaí imirce agus slándála a mheas, agus go mbeidh a ndóthain eolais acu ar an teanga le go bhféadfaidh siad anailís a dhéanamh ar dhoiciméid, agus go mbeidh consalachtaí rannpháirteach, i gcás inar gá, chun tuilleadh scrúduithe agus agallaimh a dhéanamh.

▼B

2.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis atá freagrach as seiceálacha ar dhaoine iarratais a scrúdú agus a chinneadh fúthu ag teorainneacha seachtracha na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 35 agus le hAirteagal 36.
3.  
I gcríocha thar lear neamh–Eorpacha na mBallstát, féadfaidh na húdaráis a bheidh ainmnithe ag an mBallstát lena mbaineann na hiarratais a scrúdú agus cinntí a dhéanamh fúthu.
4.  
Féadfaidh Ballstát a cheangal go mbeadh údaráis eile rannpháirteach, seachas na húdaráis atá ainmnithe i mír 1 agus i mír 2, i scrúdú agus i gcinneadh iarratas.
5.  
Féadfaidh Ballstát a cheangal go rachaidh Ballstát eile i gcomhairle leis nó go gcuirfidh Ballstát eile ar an eolas é i gcomhréir le hAirteagal 22 agus le hAirteagal 31.

Airteagal 5

Ballstát atá inniúil ar iarratas a scrúdú agus a chinneadh

1.  

Is é seo an Ballstát a bheidh inniúil ar iarratas ar víosa aonfhoirmeach a scrúdú agus a chinneadh:

(a) 

an Ballstát arb ionann a chríoch agus ceann scríbe aonair na cuairte nó na gcuairteanna, nó

▼M5

(b) 

má chuimsíonn an chuairt níos mó ná ceann scríbe amháin, nó má tá roinnt cuairteanna ar leith le déanamh laistigh de thréimhse 2 mhí, an Ballstát arb ionann a chríoch agus príomhcheann scríbe na cuairte nó na gcuairteanna maidir le fad, arna chomhaireamh i laethanta, nó le cuspóir an fhanachta,

▼B

(c) 

mura féidir an príomhcheann scríbe a chinneadh, an Ballstát a bhfuil sé ar intinn ag an iarratasóir a theorainn sheachtrach a thrasnú chun dul isteach ar chríoch na mBallstát.

2.  

Is é an Ballstát atá inniúil ar iarratas ar víosa aonfhoirmeach idirthurais a scrúdú agus a chinneadh:

(a) 

i gcás idirthurais trí Bhallstát amháin, an Ballstát lena mbaineann, nó

(b) 

i gcás idirthurais trí níos mó ná Ballstát amháin, an Ballstát a bhfuil sé ar intinn ag an iarratasóir a theorainn sheachtrach a thrasnú le tús a chur leis an idirthuras.

3.  

Is é an Ballstát atá inniúil ar iarratas ar víosa idirthurais aerfoirt a scrúdú agus a chinneadh:

(a) 

i gcás idirthurais aerfoirt amháin, an Ballstát ar ina chríoch atá an t-aerfort idirthurais, nó

(b) 

i gcás idirthuras dhá aerfort nó idirthurais ilaerfoirt, an Ballstát ar ina chríoch atá an chéad aerfort idirthurais.

4.  
Rachaidh na Ballstáit i gcomhar lena chéile chun nach dtarlóidh sé nach ndéanfar iarratas a scrúdú agus a chinneadh toisc nach bhfuil an Ballstát atá inniúil, i gcomhréir le mír 1 go mír 3, i láthair sa tríú tír ina ndéanann an t-iarratasóir iarratas ar víosa a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 6, nó toisc nach bhfuil ionadaíocht aige inti.

Airteagal 6

Inniúlacht chríochach chonsalach

1.  
Déanfaidh consalacht an Bhallstáit inniúil, ar ina dhlínse a bhfuil cónaí ar an iarratasóir go dleathach, iarratas a scrúdú agus a chinneadh.
2.  
Scrúdóidh agus cinnfidh consalacht an Bhallstáit inniúil iarratas arna thaisceadh ag náisiúnach tríú tír a bheidh i láthair go dleathach ina dhlínse ach nach mbeidh cónaí air ann, má thugann an t-iarratasóir údar maith leis an iarratas a thaisceadh ag an gconsalacht sin.

Airteagal 7

Inniúlacht maidir le víosaí a eisiúint chuig náisiúnaigh tríú tír a bheidh i láthair go dleathach laistigh de chríoch Ballstáit

Déanfaidh náisiúnaigh tríú tír a bheidh i láthair go dleathach ar chríoch Bhallstáit agus a gceanglófar orthu víosa a bheith ar seilbh acu chun dul isteach ar chríoch Bhallstáit amháin eile nó níos mó iarratas ar víosa ag consalacht an Bhallstáit atá inniúil i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2).

Airteagal 8

Socruithe maidir le hionadaíocht

▼M5

1.  
Féadfaidh Ballstát aontú go ndéanfaidh sé ionadaíocht ar Bhallstát eile a bheidh inniúil i gcomhréir le hAirteagal 5 chun críche iarratais a scrúdú agus cinntí a dhéanamh fúthu thar ceann an Bhallstáit sin. Féadfaidh Ballstát ionadaíocht a dhéanamh ar Bhallstát eile freisin ar bhealach teoranta chun iarratais a bhailiú agus chun aitheantóirí bithmhéadracha a chlárú, agus chun na gcríoch sin amháin.

▼M5 —————

▼M5

3.  
I gcás ina bhfuil an ionadaíocht teoranta i gcomhréir leis an dara habairt de mhír 1, is i gcomhréir leis na rialacha ábhartha cosanta sonraí agus slándála sonraí a dhéanfar bailiú agus tarchur na sonraí chuig an mBallstát a bhfuil ionadaíocht á déanamh air.
4.  

Déanfar socrú déthaobhach idir an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige agus an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air. Maidir leis an socrú sin:

(a) 

sonrófar ann fad na hionadaíochta, mura bhfuil inti ach ionadaíocht shealadach, agus na nósanna imeachta maidir lena foirceannadh;

(b) 

féadfar a fhoráil leis, go háirithe i gcás ina bhfuil consalacht sa tríú tír lena mbaineann ag an mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air, go soláthróidh an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air áitreabh, foireann agus íocaíochtaí.

▼B

5.  
Féachfaidh Ballstáit nach bhfuil a gconsalacht féin acu i dtríú tír le socruithe maidir le hionadaíocht a thabhairt i gcrích le Ballstáit a bhfuil consalachtaí acu sa tír sin.
6.  
D’fhonn a áirithiú nach gcuirfidh drochbhonneagar iompair nó achair fhada i réigiún áirithe nó i limistéar geografach áirithe dua díréireach ar iarratasóirí ó thaobh rochtain a fháil ar chonsalacht, féachfaidh Ballstáit nach mbeidh a gconsalacht féin acu sa réigiún nó sa limistéar sin le socruithe maidir le hionadaíocht a thabhairt chun críche le Ballstáit a mbeidh consalachtaí acu sa réigiún nó sa limistéar sin.

▼M5

7.  
Tabharfaidh an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air fógra don Choimisiún faoi na socruithe maidir le hionadaíocht, nó faoi fhoirceannadh na socruithe sin, 20 lá féilire ar a dhéanaí sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm nó sula bhfoirceannfar iad, ach amháin i gcásanna force majeure.
8.  
Cuirfidh consalacht an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige, an tráth céanna a dtabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 7, consalachtaí na mBallstát eile agus toscaireacht an Aontais sa dlínse lena mbaineann ar an eolas faoi na socruithe maidir le hionadaíocht nó faoi fhoirceannadh socruithe den sórt sin.

▼B

9.  
Má chinneann consalacht an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige dul i gcomhar le soláthraí seirbhíse seachtrach, i gcomhréir le hAirteagal 43 nó le hidirghabhálaithe creidiúnaithe tráchtála dá bhforáiltear in Airteagal 45, cuimseoidh an comhar sin iarratais a chumhdaítear le socruithe maidir le hionadaíocht. Cuirfear téarmaí an chomhair sin in iúl roimh ré d’údaráis láir an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh air.

▼M5

10.  
Más rud é nach bhfuil Ballstát i láthair ná mura bhfuil ionadaíocht á déanamh air sa tríú tír ina ndéanfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas a thaisceadh, féachfaidh an Ballstát sin le dul i gcomhar le soláthraí seirbhíse seachtrach, i gcomhréir le hAirteagal 43, sa tríú trí sin.
11.  
I gcás ina bhfuil force majeure fada teicniúil i gconsalacht de chuid Ballstáit i láthair áirithe, lorgóidh an Ballstát sin ionadaíocht shealadach ó Bhallstát eile sa láthair sin i gcás gach iarratasóra nó i gcás roinnt catagóirí iarratasóra.

▼B

CAIBIDIL II

Iarratas

Airteagal 9

Modhanna praiticiúla chun iarratas a thaisceadh

▼M5

1.  
Déanfar iarratais a thaisceadh tráth nach túisce ná sé mhí, agus i gcás maraithe atá i mbun a ndualgas, tráth nach túisce ná 9 mí, roimh thosach na cuairte atá beartaithe agus, mar riail, tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh thosach na cuairte atá beartaithe. I gcásanna aonair práinne a mbeidh bonn cirt leo, féadfaidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha a cheadú go ndéanfaí iarratais a thaisceadh tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh thosach na cuairte atá beartaithe.

▼B

2.  
Féadfar a cheangal ar iarratasóirí coinne a shocrú chun iarratas a thaisceadh. De ghnáth, beidh an coinne ann laistigh de thréimhse dhá sheachtain ón dáta ar iarradh an coinne.
3.  
I gcásanna práinne a mbeidh bonn cirt leo, féadfaidh an chonsalacht a cheadú d’iarratasóirí a n-iarratas a thaisceadh gan coinne a bheith acu nó tabharfar coinne dóibh láithreach.

▼M5

4.  

Gan dochar d'Airteagal 13, féadfaidh siad seo a leanas iarratais a thaisceadh:

(a) 

an t-iarratasóir;

(b) 

idirghabhálaí tráchtála creidiúnaithe;

(c) 

comhlachas nó institiúid gairme, cultúir, spóirt nó oideachais thar ceann a gcomhaltaí.

▼M5

5.  
Ní chuirfear de cheangal ar iarratasóir teacht i láthair é féin ag níos mó ná suíomh amháin chun iarratas a thaisceadh.

▼B

Airteagal 10

Rialacha ginearálta chun iarratas a thaisceadh

▼M5

1.  
Tiocfaidh na hiarratasóirí i láthair iad féin tráth a dtaiscfidh siad iarratas d'fhonn méarloirg a bhailiú, i gcomhréir le hAirteagal 13(2) agus (3) agus pointe (b) d'Airteagal 13(7). Gan dochar don chéad abairt den mhír seo agus d'Airteagal 45, féadfaidh na hiarratasóirí a n-iarratais a thaisceadh go leictreonach, i gcás inar féidir é sin a dhéanamh.

▼M5 —————

▼B

3.  

Déanfaidh an t-iarratasóir, tráth a mbeidh an t-iarratas á thaisceadh aige:

(a) 

foirm iarratais a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 11;

(b) 

doiciméad taistil a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 12;

(c) 

grianghraf a thíolacadh i gcomhréir leis na caighdeáin atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 nó, i gcás ina mbeidh feidhm leis an VIS de bhun Airteagal 48 de Rialachán VIS, i gcomhréir leis na caighdeáin atá leagtha amach in Airteagal 13 den Rialachán seo;

(d) 

bailiú a shonraí bithmhéadracha nó a sonraí bithmhéadracha a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 13(2), i gcás inarb infheidhme;

(e) 

an táille ar víosa a íoc i gcomhréir le hAirteagal 16;

(f) 

doiciméid tacaíochta a chur ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hIarscríbhinn II;

(g) 

más infheidhme, tabharfaidh an t-iarratasóir cruthúnas go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach aige i gcomhréir le hAirteagal 15.

Airteagal 11

Foirm iarratais

►M5  1.  
Déanfaidh gach iarratasóir foirm a chur isteach atá comhlánaithe de láimh nó go leictreonach, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Beidh an fhoirm iarratais sínithe. Féadfar é a shíniú de láimh nó, i gcás ina n-aithníonn an Ballstát atá inniúil ar iarratais a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina leith ríomhshíniú, féadfar é a shíniú go leictreonach. ◄ Déanfaidh daoine a áirítear i ndoiciméad taistil an iarratasóra foirm iarratais ar leithligh a thíolacadh. Tíolacfaidh mionaoisigh foirm iarratais a bheidh sínithe ag duine a fheidhmíonn údarás tuismitheora buan nó sealadach nó caomhnóireacht dhleathach.

▼M5

1a.  
I gcás ina síníonn an t-iarratasóir an fhoirm iarratais go leictreonach, beidh an ríomhshíniú ina ríomhshíniú cáilithe de réir bhrí phointe (12) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.
1b.  
Is de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a bheidh an t-ábhar atá i leagan leictreonach na foirme iarratais, más infheidhme.

▼B

2.  
Cuirfidh na consalachtaí an fhoirm iarratais ar fáil saor in aisce agus go forleathan d’iarratasóirí agus beidh rochtain éasca acu uirthi.

▼M5

3.  

Beidh an fhoirm ar fáil sna teangacha seo a leanas ar a laghad:

(a) 

teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil víosa á hiarraidh ina leith nó teanga an Bhallstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige; agus

(b) 

teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla na tíre óstaí.

I dteannta na teanga nó na dteangacha dá dtagraítear i bpointe (a), féadfar an fhoirm a chur ar fáil in aon teanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais.

4.  
Más rud é nach mbeidh teanga oifigiúil ná teangacha oifigiúla na tíre óstaí á comhtháthú nó á gcomhtháthú san fhoirm, cuirfear aistriúchán sa teanga nó sna teangacha sin ar fáil d'iarratasóirí.

▼B

5.  
Cuirfear aistriúchán den fhoirm iarratais ar fáil i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na tíre óstaí faoi shocruithe i dtaca le comhar áitiúil Schengen, dá bhforáiltear in Airteagal 48.
6.  
Cuirfidh an chonsalacht an teanga nó na teangacha a fhéadfar a úsáid chun an fhoirm iarratais a chomhlánú in iúl d’iarratasóirí.

Airteagal 12

An doiciméad taistil

Tíolacfaidh an t-iarratasóir doiciméad bailí taistil a chomhlíonfaidh na critéir seo a leanas:

(a) 

mairfidh a thréimhse bailíochta trí mhí ar a laghad tar éis an dáta imeachta atá beartaithe ó chríoch na mBallstát nó, i gcás roinnt cuairteanna éagsúla, tar éis an dáta imeachta deiridh atá beartaithe ó chríoch na mBallstát. Ar a shon sin, féadfar an oibleagáid seo a tharscaoileadh i gcásanna éigeandála a mbeidh bonn cirt leo;

(b) 

beidh ar a laghad dhá leathanach fholmha ann;

(c) 

beidh sé arna eisiúint laistigh de na deich mbliana roimhe sin.

Airteagal 13

Aitheantóirí bithmhéadracha

1.  
Baileoidh na Ballstáit aitheantóirí bithmhéadracha de chuid an iarratasóra arb éard a bheidh iontu grianghraf agus na deich gcinn de mhéarloirg an iarratasóra i gcomhréir leis na cosaintí a leagtar síos i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.
2.  

Ceanglófar ar an iarratasóir a bheith i láthair go pearsanta an tráth a mbeidh an chéad iarratas á chur isteach. An tráth sin, baileofar na haitheantóirí bithmhéadracha seo a leanas de chuid an iarratasóra:

— 
grianghraf a scanadh nó a tógadh tráth an iarratais, agus
— 
na deich gcinn dá mhéarloirg a tógadh agus na méara leata agus a bailíodh go digiteach.
3.  
Más rud é gur cuireadh méarloirg a tógadh ón iarratasóir mar chuid d’iarratas níos túisce isteach den chéad uair sa Chóras Faisnéise Víosa (VIS) tráth is lú ná 59 mí roimh dháta an iarratais nua, déanfar iad a chóipeáil isteach san iarratas a dhéanfar ina dhiaidh sin.

I gcás ina mbeadh amhras réasúnta ann, áfach, maidir le céannacht an iarratasóra, déanfaidh an chonsalacht na méarloirg a bhailiú laistigh den tréimhse a shonraítear sa chéad fhomhír.

Thairis sin, más rud é, an tráth a dtaiscfear an t-iarratas ar víosa, nach féidir a dheimhniú láithreach gur bailíodh na méarloirg laistigh den tréimhse ama a shonraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-iarratasóir a iarraidh go mbaileofaí iad.

4.  
I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán VIS, cuirfear isteach sa VIS an grianghraf a bheidh i gceangal le gach iarratas. Ní chuirfear de cheangal ar an iarratasóir a bheith i láthair go pearsanta chun na críche sin.

Beidh na ceanglais theicniúla don ghrianghraf i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta faoi mar a leagtar amach iad i ndoiciméad 9303, cuid 1, an 6ú heagrán, de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta ICAO.

5.  
Glacfar na méarloirg i gcomhréir le caighdeáin ICAO agus i gcomhréir le Cinneadh 2006/648/CE an 22 Meán Fómhair 2006 ón gCoimisiún lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla maidir le caighdeáin do ghnéithe bithmheádracha a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí a fhorbairt ( 6 )
6.  
Is iad foireann cháilithe, chuí-údaraithe na n-údarás, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), (2) agus (3) a bheidh inniúil chun na haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú. Faoi mhaoirseacht na gconsalachtaí, féadfaidh foireann cháilithe, chuí-údaraithe chonsail oinigh, dá dtagraítear in Airteagal 42, nó soláthraí seirbhíse seachtrach, dá dtagraítear in Airteagal 43, na haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú freisin. Forálfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann, i gcás ina mbeadh aon amhras orthu, go bhféadfar méarloirg a fhíorú ag an gconsalacht, ar méarloirg iad a ghlac an soláthraí seirbhíse seachtrach.
7.  

Beidh na hiarratasóirí seo a leanas díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt:

(a) 

leanaí faoi bhun 12 bliana d’aois;

(b) 

daoine a bhfuil sé dodhéanta go fisiciúil méarlorgú a dhéanamh orthu. Más féidir an méarlorgú a dhéanamh ar níos lú ná deich gcinn de mhéara, tógfar an líon uasta méarlorg. I gcás áfach, go mbeadh sé dodhéanta go sealadach é a dhéanamh, ceanglófar ar an iarratasóir na méarloirg a thabhairt tráth a mbeidh an chéad iarratas eile á dhéanamh. Beidh na húdaráis a bheidh inniúil i gcomhréir le hAirteagal 4(1), (2) agus (3) i dteideal soiléiriú breise a iarraidh i ndáil lena bheith dodhéanta go sealadach méarlorgú a dhéanamh. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta iomchuí bunaithe chun go ráthófar dínit an iarratasóra i gcás ina mbeidh deacrachtaí clárúcháin ann.

(c) 

ceannairí Stáit nó rialtais agus comhaltaí de rialtas náisiúnta leis na céilí a bheidh á dtionlacan, agus comhaltaí dá dtoscaireachtaí oifigiúla nuair a thabharfaidh rialtais Bhallstát nó eagraíochtaí idirnáisiúnta cuireadh dóibh chun críoch oifigiúil;

(d) 

flatha agus daoine sinsearacha eile de theaghlach ríoga, nuair a thabharfaidh rialtais Ballstát nó eagraíochtaí idirnáisiúnta cuireadh dóibh chun críoch oifigiúil.

8.  
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 7, cuirfear an focal ‘neamh-infheidhme’ isteach sa VIS i gcomhréir le hAirteagal 8(5) den Rialachán VIS.

Airteagal 14

Doiciméid tacaíochta

1.  

Nuair a bheidh iarratas á dhéanamh ar víosa aonfhoirmeach ag an iarratasóir, tíolacfaidh an t-iarratasóir na nithe seo a leanas:

(a) 

doiciméid lena léirítear cuspóir an turais;

(b) 

doiciméid maidir le cóiríocht, nó cruthúnas go bhfuil cóir leordhóthanach aige chun a chóiríocht nó a cóiríocht a chumhdach;

(c) 

doiciméid lena gcuirtear in iúl go bhfuil cóir leordhóthanach mhaireachtála ag an iarratasóir don ré fanachta atá beartaithe aige agus dá thuras abhaile chuig a thír thionscnaimh nó chuig an tír a bhfuil cónaí aige ann, nó d’idirthuras chuig triú tír ar deimhin go ligfear isteach ann é, nó go bhfuil sé i riocht an chóir sin a fháil go dlíthiúil, i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(c) agus (3) de Chód Teorainneacha Schengen;

(d) 

faisnéis lena bhféadfar measúnú a dhéanamh ar rún an iarratasóra críoch na mBallstát a fhágáil sula rachaidh an víosa a mbeidh iarratas á dhéanamh air in éag.

2.  

Nuair a bheidh iarratas á dhéanamh ar víosa idirthurais aerfoirt ag an iarratasóir, tíolacfaidh an t-iarratasóir na nithe seo a leanas:

(a) 

doiciméid maidir leis an turas ar aghaidh chuig an gceann scríbe deireanach i ndiaidh an idirthurais aerfoirt atá beartaithe;

(b) 

faisnéis lena bhféadfar measúnú a dhéanamh ar rún an iarratasóra gan dul isteach ar chríoch na mBallstát.

▼M5

3.  
Leagtar amach in Iarscríbhinn II liosta neamhchuimsitheach de dhoiciméid tacaíochta a fhéadfar a iarraidh ar an iarratasóir d'fhonn comhlíonadh na gcoinníollacha a liostaítear i míreanna 1 agus 2 a fhíorú.
4.  

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na hiarratasóirí cruthúnas ar urraíocht nó cruthúnas ar chóiríocht phríobháideach, nó ar an dá rud, a léiriú trí fhoirm arna cur i dtoll a chéile ag gach Ballstát a líonadh. Sonrófar an méid seo a leanas, go háirithe, ar an bhfoirm sin:

(a) 

cibé acu an cruthúnas ar urraíocht nó cruthúnas ar chóiríocht phríobháideach é a cuspóir, nó ar an dá rud;

(b) 

cibé acu an duine aonair, cuideachta nó eagraíocht é an t-urraitheoir nó an duine atá ag tabhairt cuiridh;

(c) 

aitheantas agus sonraí teagmhála an urraitheora nó an duine atá ag tabhairt cuiridh;

(d) 

sonraí aitheantais (céadainm agus sloinne, dáta breithe, áit bhreithe agus náisiúntacht) an iarratasóra nó na n-iarratasóirí;

(e) 

seoladh an iostais;

(f) 

fad agus cuspóir an fhanachta;

(g) 

aon nasc teaghlaigh atá ag an iarratasóir leis an urraitheoir nó an duine atá ag tabhairt cuiridh;

(h) 

an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 37(1) de Rialachán VIS.

De bhreis ar theanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit, déanfar an fhoirm a tharaingt suas i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais. Cuirfear cóip shamplach den fhoirm chuig an gCoimisiún.

5.  
Déanfaidh na consalachtaí, laistigh de chomhar áitiúil Schengen, cur chun feidhme na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1 a mheas, chun na cúinsí áitiúla a chur san áireamh, mar aon le rioscaí imirce agus slándála.

▼M5

5a.  
I gcás inar gá chun cúinsí áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 48 a chur san áireamh, glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme liosta comhchuibhithe de dhoiciméid tacaíochta atá le húsáid i ngach dlínse. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

▼M5

6.  
Féadfar ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a tharscaoileadh i gcás inarb eol don chonsalacht nó do na húdaráis lárnacha go bhfuil iarratasóir ionraic agus iontaofa, go háirithe i ndáil le húsáid dhleathach víosaí roimhe sin, mura mbeidh aon amhras ann go gcomhlíonfaidh an té sin ceanglais Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) tráth a mbeidh teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú ag an té sin.

▼B

Airteagal 15

Árachas liachta taistil

1.  
Cruthóidh iarratasóirí ar víosaí aonfhoirmeacha chun dul isteach uair amháin nó chun dul isteach faoi dhó go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach, bailí acu chun aon chostais a chumhdach a d’fhéadfadh eascairt i dtaca le haisdúichiú ar chúiseanna liachta, nó i dtaca le cóir liachta phráinneach agus/nó i dtaca le cóireáil éigeandála in ospidéal nó i gcás báis, le linn a bhfanachta ar chríoch na mBallstát.

▼M5

2.  
Cruthóidh iarratasóirí ar víosa dul isteach iolrach go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach agus bailí acu lena gcumhdófar tréimhse na chéad chuairte atá beartaithe acu.

▼B

Chomh maith leis sin, déanfaidh na hiarratasóirí sin an ráiteas, a leagtar amach san fhoirm iarratais, a shíniú lena ndearbhaíonn siad go bhfuil a fhios acu gur gá árachas liachta taistil a bheith acu le haghaidh cuairteanna ina dhiaidh sin.

3.  
Beidh an t-árachas bailí ar fud chríoch na mBallstát agus cumhdóidh sé tréimhse iomlán fanachta bheartaithe nó idirthurais bheartaithe an duine. Is EUR 30 000 an t-íosmhéid cumhdaigh a bheidh i gceist.

Nuair a eiseofar víosa a mbeidh bailíocht chríochach theoranta aige a chumhdóidh críoch níos mó ná Ballstáit amháin, beidh an cumhdach árachais bailí ar a laghad sna Ballstáit lena mbaineann.

4.  
Déanfaidh iarratasóirí, i bprionsabal, árachas a fháil dóibh féin sa tír ina bhfuil cónaí orthu. I gcás nach mbeidh sé seo indéanta, déanfaidh siad iarracht árachas a fháil dóibh féin i dtír éigin eile.

Nuair a fhaigheann duine eile árachas in ainm an iarratasóra, beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach i mír 3.

5.  
Agus measúnú á dhéanamh ar cibé acu an bhfuil an cumhdach árachais leordhóthanach, fionnfaidh consalachtaí cibé acu an mbeadh éilimh i gcoinne na cuideachta árachais inghnóthaithe i mBallstát.
6.  
Féadfar a mheas gur comhlíonadh an ceanglas maidir le hárachas i gcás ina suífear go bhféadfar a thoimhdiú go bhfuil leibhéal leordhóthanach árachais ann i bhfianaise staid ghairmiúil an iarratasóra. Féadfaidh sé go mbainfidh an díolúine ó chruthúnas a thíolacadh i leith árachais liachta taistil le grúpaí gairmiúla áirithe, amhail maraithe, atá cumhdaithe cheana féin leis an árachas liachta taistil mar thoradh ar a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla.
7.  
Beidh sealbhóirí pasanna taidhleoireachta díolmhaithe ón gceanglas árachas liachta taistil leordhóthanach a shealbhú.

Airteagal 16

Táille víosa

▼M6

1.  
Íocfaidh iarratasóirí táille víosa EUR 90.
2.  
Íocfaidh leanaí atá sé bliana d’aois nó os a chionn ach atá faoi bhun 12 bhliain d’aois táille víosa EUR 45.
2a.  
Beidh feidhm ag táille víosa EUR 135 nó EUR 180 má ghlacann an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme faoi Airteagal 25a(5), pointe (b). Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois.

▼M5 —————

▼B

4.  

Déanfar an táille víosa a tharscaoileadh i gcás iarratasóirí a bhaineann le ceann de na catagóirí seo a leanas:

(a) 

leanaí atá faoi bhun sé bliana d’aois;

(b) 

daltaí scoile, mic léinn, mic léinn iarchéime agus múinteoirí a bheidh á dtionlacan agus iad ag fanacht in áit chun críoch staidéir nó chun críoch oiliúna oideachais;

▼M5

(c) 

taighdeoirí, mar a shainmhínítear iad i bpointe (2) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ), atá ag taisteal chun taighde eolaíoch a dhéanamh nó atá ag glacadh páirt i seimineár nó i gcomhdháil eolaíoch;

▼B

(d) 

ionadaithe eagraíochtaí neamhbhrabúis atá 25 bliana d’aois nó faoina bhun agus atá rannpháirteach i seimineáir, i gcomhdhálacha, i spórt, in imeachtaí cultúrtha nó oideachais, arna n-eagrú ag eagraíochtaí neamhbhrabúis.

▼M5

5.  

Féadfar an táille víosa a tharscaoileadh:

(a) 

i gcás leanaí atá os cionn 6 bliana d'aois ach atá faoi bhun 18 mbliana d'aois;

(b) 

i gcás sealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus pasanna seirbhíse;

(c) 

i gcás rannpháirtithe i seimineáir, i gcomhdhálacha, i spórt, in imeachtaí cultúrtha nó oideachais a eagraítear ag eagraíochtaí neamhbhrabúis, atá 25 bliana d'aois nó faoina bhun.

6.  
I gcásanna aonair, féadfar tarscaoileadh nó laghdú a dhéanamh ar mhéid na táille víosa a mhuirearófar nuair a fhónann déanamh amhlaidh chun leasanna cultúrtha nó spóirt, leasanna i réimse an bheartais eachtraigh, an bheartais forbartha agus i réimsí eile a bhfuil leas poiblí bunriachtanach ag gabháil leo a chur chun cinn, nó ar chúiseanna daonchairdiúla nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta.

▼B

7.  
Is in euro, in airgeadra náisiúnta an tríú tír, nó san airgeadra a úsáidtear de ghnáth sa tríú tír ina mbeidh an t-iarratas á thaisceadh a dhéanfar an táille a mhuirearú, agus ní bheidh sí inaisíoctha ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus in Airteagal 19(3).

▼M5

Nuair a mhuirearófar méid na táille víosa in airgeadra eile seachas an euro, déanfar méid na táille víosa a mhuirearófar san airgeadra sin a chinneadh agus a athbhreithniú go tráthrialta i bhfeidhmiú an ráta tagartha malairte coigríche euro arna leagan síos ag an mBanc Ceannais Eorpach. Féadfar an méid a mhuirearaítear a shlánú suas agus áiritheofar go muirearófar táillí comhchosúla faoi chomhar áitiúil Schengen.

▼B

8.  
Tabharfar admháil don iarratasóir ar an táille víosa a íocadh.

▼M5

9.  
Gach 3 bliana, déanfaidh an Coimisiún measúnú faoin ngá athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid na dtáillí víosa a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 2a den Airteagal seo, ag cur critéir oibiachtúla san áireamh, amhail an ráta boilscithe ginearálta ar fud an Aontais arna fhoilsiú ag Eurostat, agus meán ualaithe thuarastail státseirbhísigh na mBallstát. Ar bhonn na measúnuithe sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 51a a bhaineann le leasú an Rialacháin seo i ndáil le méid na dtáillí víosa.

▼B

Airteagal 17

Táille seirbhíse

►M5  1.  
Féadfaidh soláthraí seirbhíse seachtrach, dá dtagraítear in Airteagal 43, táille seirbhíse a ghearradh. ◄ Beidh an táille seirbhíse i gcomhréir leis na costais a thabhaíonn an soláthraí seirbhíse seachtrach agus é i mbun ceann nó níos mó ná ceann amháin de na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43(6).
2.  
Déanfar an táille seirbhíse a shonrú san ionstraim dlí dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

▼M5 —————

▼B

4.  
Ní mó ná leath de mhéid tháille an víosa a leagtar amach in Airteagal 16(1) a bheidh sa táille seirbhíse, gan féachaint d’aon laghduithe nó díolúintí ón táille víosa a fhéadfaidh a bheith ann agus dá bhforáiltear in Airteagal 16(2), (4), (5) agus (6).

▼M5

4a.  
De mhaolú ar mhír 4, i gcás nach bhfuil consalacht ag an mBallstát inniúil i dtríú tíortha chun críche iarratais a bhailiú agus nach bhfuil ionadaíocht á déanamh ag Ballstát eile air, ní rachaidh an táille seirbhíse, i bprionsabal, thar EUR 80.
4b.  
In imthosca eisceachtúla nach leor an méid dá dtagraítear i mír 4a chun seirbhís iomlán a chur ar fáil, féadfar táille seirbhíse níos airde de suas le huasmhéid EUR 120 a mhuirearú. I gcás den sórt sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún á cur in iúl go mbeartaíonn sé táille seirbhíse níos airde a mhuirearú, 3 mhí ar a dhéanaí roimh thús a cur chun feidhme. Sonrófar san fhógra na forais maidir le leibhéal na táille seirbhíse a chinneadh, go háirithe na costais mhionsonraithe ar dá réir a chinntear méid níos airde.

▼M5

5.  
Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chinneadh go gcoimeádfar an fhéidearthacht leis na hiarratasóirí uile a n-iarratais a thaisceadh go díreach ina chonsalachtaí nó ag consalacht an Bhallstáit a bhfuil socrú ionadaíochta aige leis, i gcomhréir le hAirteagal 8.

▼B

CAIBIDIL III

Iarratas a scrúdú agus a chinneadh

Airteagal 18

Inniúlacht chonsalachta a fhíorú

1.  
Nuair a thaiscfear iarratas, fíoróidh an chonsalacht cibé an bhfuil sí inniúil ar an iarratas a scrúdú agus a chinneadh i gcomhréir le forálacha Airteagal 5 agus Airteagal 6.
2.  
Mura mbeidh an chonsalacht inniúil, seolfaidh sí an fhoirm iarratais agus aon doiciméad a thíolaic an t-iarratasóir ar ais gan mhoill, mar aon leis an táille víosa a aisíoc, agus tabharfaidh sí le fios cad í an chonsalacht atá inniúil.

Airteagal 19

Inghlacacht

▼M5

1.  

Fíoróidh consalacht inniúil nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil an méid seo a leanas:

▼B

— 
cibé acu ar taisceadh an t-iarratas laistigh den tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 9(1),
— 
cibé acu an bhfuil na nithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 10(3) san iarratas,
— 
cibé acu ar bailíodh sonraí bithmhéadracha an iarratasóra, agus
— 
cibé acu ar bailíodh an táille víosa.

▼M5

2.  

I gcás ina gcinnfidh consalacht inniúil nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, beidh an t-iarratas inghlactha agus déanfaidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha an méid seo a leanas:

— 
—na nósanna imeachta mar a thuairiscítear in Airteagal 8 de Rialachán VIS a leanúint, agus
— 
—an t-iarratas a scrúdú tuilleadh.

▼C1

I gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 6, le hAirteagal 7 agus le pointí (5) agus (6) d’Airteagal 9 den Rialachán VIS, is daoine cuí-údaraithe den fhoireann chonsalach, agus na daoine sin amháin, a iontrálfaidh sonraí sa VIS.

▼M5

3.  

I gcás ina gcinnfidh consalacht inniúil nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil nár comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, beidh an t-iarratas neamh-inghlactha agus déanfaidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha an méid seo a leanas gan mhoill:

— 
an fhoirm iarratais agus aon doiciméad a thíolaic an t-iarratasóir a chur ar ais,
— 
na sonraí bithmhéadracha a bailíodh a scriosadh,
— 
an táille víosa a aisíoc, agus
— 
an t-iarratas a fhágáil gan scrúdú.
4.  
De mhaolú ar mhír 3, féadfar a mheas go bhfuil iarratas nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1 inghlactha ar chúiseanna daonchairdiúla, ar chúiseanna leasa náisiúnta nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta.

▼B

Airteagal 20

Stampa lena léirítear go bhfuil iarratas inghlactha

1.  
Nuair a bheidh iarratas inghlactha, stampálfaidh an chonsalacht inniúil doiciméad taistil an iarratasóra. Is mar atá leagtha amach san eiseamláir atá in Iarscríbhinn III a bheidh an stampa agus greamófar i gcomhréir le forálacha na hIarscríbhinne sin é.
2.  
Ní stampálfar pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse/oifigiúla agus pasanna speisialta.
3.  
Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le consalachtaí na mBallstát go dtí an dáta a mbeidh an VIS ag feidhmiú go hiomlán i ngach réigiún, i gcomhréir le hAirteagal 48 den Rialachán VIS.

Airteagal 21

Coinníollacha iontrála a fhíorú agus measúnú riosca

1.  
I scrúdú iarratais ar víosa aonfhoirmeach, fionnfar an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha iontrála atá leagtha amach in Airteagal 5(1), (a), (c), (d) agus (e) de Chód Teorainneacha Schengen, agus tabharfar aird ar leith ar mheasúnú a dhéanamh ar cibé acu an bhfuil baol na hinimirce neamhdhlíthiúla nó baol do shlándáil na mBallstát ag roinnt leis an iarratasóir agus an bhfuil sé ar intinn ag an iarratasóir críoch na mBallstát a fhágáil sula rachaidh an víosa a mbeidh iarratas á dhéanamh air in éag.
2.  
Déanfar an VIS a cheadú i ndáil le gach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus le hAirteagal 15 de Rialachán VIS. Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear lánúsáid as na critéir chuardaigh uile faoi Airteagal 15 den Rialachán VIS d’fhonn diúltú bréagach agus céannú bréagach a sheachaint.

▼M5

3.  

Agus seiceáil á déanamh ar cibé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha maidir le dul isteach, fíoróidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha an méid seo a leanas:

▼B

(a) 

nach bhfuil an doiciméad a tíolacadh bréagach, góchumtha nó brionnaithe;

(b) 

bonn cirt an iarratasóra maidir le cuspóir agus coinníollacha an fhanachta bheartaithe, agus go bhfuil cóir leordhóthanach mhaireachtála aige do ré an fhanachta bheartaithe agus chun filleadh ar a thír thionscnaimh nó ar a thír chónaithe, nó don idirthuras chuig tríú tír inar cinnte go scaoilfear isteach é, nó go bhfuil sé i riocht an chóir sin a fháil go dleathach;

(c) 

cibé an duine é ar eisíodh foláireamh ina leith i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) chun cead dul isteach a dhiúltú dó;

(d) 

nach meastar gur bagairt é an t-iarratasóir do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach nó do shláinte phoiblí faoi mar a shainítear í in Airteagal 2(19) de Chód Teorainneacha Schengen nó do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, go háirithe i gcás nár eisíodh foláireamh i mbunachair sonraí náisiúnta na mBallstát chun críche cead dul isteach a dhiúltú ar na forais chéanna;

▼M5

(e) 

go bhfuil árachas liachta taistil leordhóthanach agus bailí ag an iarratasóir, más infheidhme, lena gcumhdaítear tréimhse an fhanachta atá beartaithe nó, má táthar ag déanamh iarratas ar víosa dul isteach iolrach, tréimhse na chéad chuairte atá beartaithe.

4.  
Déanfaidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha, más infheidhme, fad na dtréimhsí fanachta roimhe sin agus fad na dtréimhsí fanachta atá beartaithe a fhíorú chun a fhíorú nach bhfuil fad uasta aon fhanachta a údaraíodh ar chríoch na mBallstát sáraithe ag an iarratasóir, gan beann ar aon tréimhsí fanachta arna n-údarú faoi víosa fadfhanachta náisiúnta nó faoi chead cónaithe.

▼B

5.  
Déanfar measúnú ar chóir mhaireachtála don fhanacht atá beartaithe i gcomhréir le ré agus cuspóir an fhanachta agus faoi threoir meánphraghsanna cothaithe agus iostais i gcóiríocht bheagchostais sa Bhallstát/sna Ballstáit lena mbaineann, arna méadú faoi líon na laethanta a fhanfar, ar bhonn na méideanna tagartha arna socrú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 34(1)(c) de Chód Teorainneacha Schengen. Féadfaidh sé gur fianaise ar chóir leordhóthanach mhaireachtála é cruthúnas ar urraíocht agus/nó ar chóiríocht phríobháideach.

▼M5

6.  

Le linn iarratas ar víosa idirthurais aerfoirt a scrúdú, fíoróidh an chonsalacht nó na húdaráis lárnacha an méid seo a leanas go háirithe:

▼B

(a) 

nach bhfuil an doiciméad a tíolacadh bréagach, góchumtha nó brionnaithe,

(b) 

pointí imeachta agus cinn scríbe an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann agus comhchuibheas an chúrsa taistil agus an idirthurais aerfoirt atá beartaithe;

(c) 

cruthúnas ar an turas ar aghaidh chuig an gceann scríbe deireanach.

7.  
Beidh scrúdú an iarratais bunaithe go sonrach ar bharántúlacht agus ar iontaofacht na ndoiciméad a thíolacfar agus ar fhírinneacht agus ar iontaofacht na ráiteas a dhéanfaidh an t-iarratasóir.

▼M5

8.  
Le linn dóibh iarratas a scrúdú, féadfaidh consalachtaí nó na húdaráis lárnacha, i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, agallamh a dhéanamh leis an iarratasóir agus doiciméid bhreise a iarraidh.

▼B

9.  
Ní leanfaidh diúltú uathoibríoch iarratais nua as diúltú víosa roimhe sin. Déanfar measúnú ar iarratas nua ar bhonn na faisnéise uile a bheidh ar fáil.

Airteagal 22

Comhairliúchán roimh ré le húdaráis láir Ballstát eile

▼M5

1.  
Ar fhoras gur bagairt é do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach, don chaidreamh idirnáisiúnta nó do shláinte phoiblí, féadfaidh Ballstát a cheangal ar údaráis lárnacha Ballstát eile dul i gcomhairle lena n-údaráis lárnacha le linn scrúdú a bheith á dhéanamh ar iarratais a thaisceann náisiúnaigh tríú tíortha sonracha nó catagóirí sonracha de na náisiúnaigh sin. Ní bheidh feidhm ag comhairliúchán den sórt sin maidir le hiarratais ar víosaí idirthurais aerfoirt.
2.  
Tabharfaidh na húdaráis lárnacha a rachfar i gcomhairle leo freagra cinntitheach a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 7 lá féilire ón lá a rachfar i gcomhairle leo. Mura bhfaighfear freagra faoin spriocdháta sin, ciallóidh sé sin nach bhfuil aon fhoras acu agóid a dhéanamh i leith an víosa a eisiúint.
3.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gceanglas maidir le comhairliúchán roimh ré a thabhairt isteach nó a tharraingt siar, mar riail, 25 lá féilire ar a dhéanaí sula dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme. Tabharfar an fhaisnéis sin freisin faoi chomhar áitiúil Schengen sa dlínse lena mbaineann.

▼B

4.  
Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na fógraí sin.

▼M5 —————

▼B

Airteagal 23

An t-iarratas a chinneadh

1.  
Déanfar iarratais a chinneadh laistigh de 15 lá féilire ón dáta a dtaiscfear iarratas atá inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 19.

▼M5

2.  
Féadfar síneadh 45 lá féilire ar a mhéid a chur leis an tréimse sin i gcásanna ar leith, go háirithe nuair a bheidh gá le grinnscrúdú breise ar an iarratas.

▼M5

2a.  
Déanfar cinneadh faoi iarratais gan mhoill i gcásanna aonair práinne a bhfuil bonn cirt leo.

▼M5 —————

▼B

4.  

Mura mbeidh an t-iarratas tarraingthe siar, cinnfidh an chonsalacht an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

víosa aonfhoirmeach a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 24,

(b) 

víosa a eisiúint a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige i gcomhréir le hAirteagal 25,

▼M5

(ba) 

víosa idirthurais aerfoirt a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 26, nó

▼M5

(c) 

diúltú víosa a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 32.

▼M5 —————

▼B

Nuair a bheidh sé dodhéanta go fisiciúil méarlorgú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 13(7)(b), ní bheidh tionchar aige sin ar víosa a eisiúint nó a dhiúltú.

CAIBIDIL IV

Víosa a eisiúint

Airteagal 24

Víosa aonfhoirmeach a eisiúint

1.  
Beidh tréimhse bailíochta víosa agus fad an fhanachta a údarófar bunaithe ar an scrúdú a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 21.

Féadfar víosa a eisiúint do dhul isteach uair amháin, do dhul isteach faoi dhó nó do dhul isteach iolrach. Ní rachaidh an tréimhse bailíochta thar chúig bliana.

▼M5 —————

▼M5

Gan dochar do phointe (a) d'Airteagal 12, áireofar i dtréimhse bhailíochta le haghaidh víosa chun dul isteach uair amháin “tréimhse chairde” 15 lá féilire.

▼B

Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan tréimhse cairde den sórt sin a dheonú ar chúiseanna an bheartais phoiblí nó mar gheall ar chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit.

▼M5

2.  

Ar choinníoll go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointí (c) go (e) d'Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399, déanfar víosaí dul isteach iolrach a mbeidh bailíocht fhada acu a eisiúint do na tréimhsí bailíochta seo a leanas, ach amháin dá mbeadh bailíocht na víosa níos faide ná bailíocht an doiciméid taistil:

(a) 

tréimhse bhailíochta 1 bhliana amháin, ar choinníoll go ndearna an t-iarratasóir trí víosa a fháil agus a úsáid go dleathach laistigh den 2 bhliain roimhe sin;

(b) 

tréimhse bhailíochta 2 bhliain, ar choinníoll go ndearna an t-iarratasóir víosa dul isteach iolrach a bhí bailí ar feadh bliain amháin a fháil agus a úsáid go dleathach laistigh den 2 bhliain roimhe sin;

(c) 

tréimhse bhailíochta 5 bliana, ar choinníoll go ndearna an t-iarratasóir víosa dul isteach iolrach a bhí bailí ar feadh 2 bhliain a fháil agus a úsáid go dleathach laistigh den 3 bliana roimhe sin.

Ní chuirfear víosaí idirthurais aerfoirt ná víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 25(1) san áireamh agus víosaí dul isteach iolrach á n-eisiúint.

▼M5

2a.  
De mhaolú ar mhír 2, féadfar tréimhse bhailíochta na víosa a eisíodh a ghiorrú i gcásanna ar leith ina bhfuil amhras réasúnta ann nach gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le dul isteach don tréimhse iomlán.
2b.  
De mhaolú ar mhír 2, déanfaidh consalachtaí, laistigh de chomhar áitiúil Schengen, a mheas an gá na rialacha maidir le heisiúint víosaí dul isteach iolrach a leagtar amach i mír 2 a oiriúnú chun cúinsí áitiúla a chur san áireamh, mar aon le rioscaí imirce agus slándála, i bhfianaise rialacha níos fabhraí nó níos sriantaí a ghlacadh i gcomhréir le mír 2d.
2c.  
Gan dochar do mhír 2, féadfar víosa dul isteach iolrach a bheidh bailí suas le 5 bliana a eisiúint d'iarratasóirí a chruthóidh gur gá dóibh taisteal go minic nó go rialta nó a léireoidh go bhfuil údar lena n-intinn é sin a dhéanamh, ar chuntar go gcruthóidh siad a n-ionracas agus a n-iontaofacht, go háirithe úsáid dhleathach víosaí roimhe sin, a staid eacnamaíoch sa tír thionscnaimh agus a n-intinn dhílis críoch na mBallstát a fhágáil roimh dhul in éag an víosa a bhfuil iarratas déanta acu uirthi.
2d.  
I gcás inar gá, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2b den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha a ghlacadh maidir leis na coinníollacha ar a n-eiseofar víosaí dul isteach iolrach a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo atá le cur i bhfeidhm i ngach dlínse chun cúinsí áitiúla, rioscaí imirce agus slándála, agus caidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír atá i gceist a chur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

▼B

3.  
Déanfar na sonraí atá leagtha amach in Airteagal 10(1) de Rialachán VIS a iontráil sa VIS nuair a ghlacfar cinneadh maidir le víosa den sórt sin a eisiúint.

Airteagal 25

Víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige a eisiúint

1.  

Eiseofar víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige sna cásanna eisceachtúla seo a leanas:

(a) 

nuair a mheasann an Ballstát lena mbaineann gur gá, ar chúiseanna daonchairdiúla, ar chúiseanna leasa náisiúnta nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta,

(i) 

maolú a dhéanamh ar an bprionsabal nach mór na coinníollacha iontrála a leagtar síos in Airteagal 5(1)(a), (c), (d) agus (e) de Chód Teorainneacha Schengen a chomhlíonadh;

(ii) 

víosa a eisiúint d’ainneoin agóid ón mBallstát a rachfar i gcomhairle leis i gcomhréir le hAirteagal 22 i leith víosa aonfhoirmeach a eisiúint; nó

(iii) 

víosa a eisiúint ar chúiseanna práinne, cé nach ndearnadh an comhairliúchán roimh ré i gcomhréir le hAirteagal.

▼M3

(b) 

nuair, ar chúiseanna a measfaidh an chonsalacht bonn cirt a bheith leo, a eisítear víosa nua le haghaidh fanachta i rith na tréimhse céanna 180 lá chuig iarratasóir a bhain úsáid cheana, le linn na tréimhse 180 lá seo, as víosa aonfhoirmeach nó as víosa a raibh bailíocht chríochach theoranta aige a cheadaigh fanacht ar feadh 90 lá.

▼B

2.  
Beidh víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige bailí do chríoch an Bhallstáit eisiúna. Féadfaidh sé a bheith bailí, go heisceachtúil, do chríoch níos mó ná Ballstáit amháin, faoi réir thoiliú gach ceann de na Ballstáit sin.
3.  
Má bhíonn doiciméad taistil ar seilbh ag an iarratasóir agus nach dtabharfaidh Ballstát amháin nó níos mó aitheantas dó, ach go dtabharfaidh roinnt Ballstát aitheantas dó, eiseofar víosa a bheidh bailí do chríoch na mBallstát a thabharfaidh aitheantas don doiciméad. Mura dtabharfaidh an Ballstát eisiúna aitheantas do dhoiciméad taistil an iarratasóra, is don Bhallstát sin amháin a bheidh an víosa bailí.
4.  
Nuair a eiseofar víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige sna cásanna a dtugtar tuairisc orthu i mír 1(a), déanfaidh údaráis láir an Bhallstáit eisiúna an fhaisnéis ábhartha a scaipeadh gan mhoill ar údaráis láir na mBallstát eile, tríd an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán VIS.
5.  
Déanfar na sonraí atá leagtha amach in Airteagal 10(1) de Rialachán VIS a iontráil sa VIS nuair a ghlacfar cinneadh maidir le víosa den sórt sin a eisiúint.

▼M5

Airteagal 25a

Comhar maidir le hathligean isteach

1.  
Ag brath ar leibhéal comhair tríú tír leis na Ballstáit maidir le hathligean isteach imirceach neamhrialta, comhar a mheastar ar bhonn sonraí ábhartha oibiachtúla, ní bheidh feidhm ag Airteagal 14 (6), Airteagal 16(1), pointe (b) d'Airteagal 16(5), Airteagal 23(1), ná Airteagal 24(2) agus (2c) maidir le hiarratasóirí nó catagóirí iarratasóirí, ar náisiúnaigh iad de thríú tír nach meastar a bheith ag comhoibriú go hiomchuí, i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2.  

Déanfaidh an Coimisiún go tráthrialta, ar a laghad uair amháin sa bhliain, measúnú ar chomhar na dtríú tíortha maidir le hathligean isteach, ag cur na dtáscairí seo a leanas san áireamh, go háirithe:

(a) 

líon na gcinntí um fhilleadh arna n-eisiúint chuig daoine ón tríú tír i gceist a bhí ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát;

(b) 

líon na bhfillteacha éigeantacha iarbhír ar dhaoine ar eisíodh cinntí um fhilleadh chucu, mar chéatadán de líon na gcinntí um fhilleadh arna n-eisiúint chuig náisiúnaigh an tríú tír i gceist lena n-áirítear, más iomchuí, ar bhonn comhaontuithe de chuid an Aontais nó comhaontuithe déthaobhacha um athligean isteach, líon na náisiúnach tríú tír a rinne idirthuras trí chríoch an tríú tír i gceist;

(c) 

líon na n-iarrataí ar athligean isteach in aghaidh an Bhallstáit ar ghlac an tríú tír leo mar chéatadán de líon na n-iarrataí den sórt sin a cuireadh faoina bráid;

(d) 

leibhéal an chomhair phraiticiúil maidir leis an bhfilleadh ag céimeanna áirithe den nós imeachta um fhilleadh, amhail:

(i) 

cúnamh a chuirtear ar fáil chun daoine atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát a shainaithint agus chun doiciméid taistil a eisiúint go tráthúil;

(ii) 

glacadh le doiciméad taistil Eorpach i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh nó laissez-passer;

(iii) 

glacadh le hathligean isteach daoine atá le filleadh ar a dtír féin go dleathach;

(iv) 

glacadh le heitiltí agus oibríochtaí fillte.

Beidh measúnú den sórt sin bunaithe ar an úsáid a bhaintear as sonraí iontaofa arna soláthar ag Ballstáit, mar aon le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún go tráthrialta, ar a laghad uair amháin sa bhliain, tuarascáil don Chomhairle ar a mheasúnú.

3.  
Féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún freisin má bhíonn fadhbanna substaintiúla leanúnacha aige le comhar tríú tír maidir le hathligean isteach imircigh neamhrialta ar bhonn na dtáscairí céanna a liostaítear i mír 2. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach faoin bhfógra.
4.  
Scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra a thabharfar de bhun mhír 3 laistigh de thréimhse míosa. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall ar thorthaí a scrúdaithe.
5.  

I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn na hanailíse dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4, agus aird á tabhairt ar na céimeanna a ghlac an Coimisiún chun feabhas a chur ar leibhéal comhair an tríú tír lena mbaineann i réimse an athligean isteach agus ar chaidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír sin, lena n-áirítear i réimse na himirce, nach bhfuil tír ag comhoibriú go hiomchuí agus gur gá gníomhaíocht a dhéanamh, dá bhrí sin, nó, i gcás, laistigh de 12 mhí, ina dtabharfaidh tromlach beag na mBallstát fógra don Choimisiúni gcomhréir le mír 3, cuirfidh an Coimisiún, agus é ag leanúint lena iarrachtaí feabhas a chur ar an gcomhar leis an tríú tír lena mbaineann, togra faoi bhráid na Comhairle chun an méid a leanas a ghlacadh:

(a) 

cinneadh cur chun feidhme lena gcuirfear ar fionraí go sealadach cur i bhfeidhm aon cheann amháin nó níos mó d'Airteagal 14(6), pointe (b) d'Airteagal 16(5), Airteagal 23(1), nó Airteagal 24(2) agus (2c),, maidir le náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann nó maidir le catagóirí áirithe díobh;

(b) 

i gcás ina measfar, tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, nach mbeidh na bearta a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo éifeachtach, cinneadh cur chun feidhme lena gcuirfear i bhfeidhm, de réir a chéile, ceann de na táillí víosa a leagtar amach in Airteagal 16(2a) maidir le náisiúnaigh uile an tríú tír lena mbaineann nó maidir le catagóirí áirithe díobh.

6.  
Measfaidh agus tuairisceoidh an Coimisiún go leanúnach ar bhonn na dtáscairí a leagtar amach i mír 2 an féidir a léiriú go bhfuil feabhas suntasach agus inbhuanaithe curtha ar chomhoibriú leis an tríú tír lena mbaineann maidir le hathligean isteach imircigh neamhrialta agus, ag cur chaidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír sin san áireamh, féadfaidh sé togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun na cinntí cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 a aisghairm nó a leasú.
7.  
Ar a dhéanaí sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na gcinntí cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le comhar an tríú tír sin maidir le hathligean isteach.
8.  

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn na hanailíse dá dtagraítear i mír 2 agus caidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír lena mbaineann á chur san áireamh aige, go háirithe ó thaobh an chomhair i réimse an athligean isteach, go bhfuil an tríú tír lena mbaineann ag comhoibriú go hiomchuí, féadfaidh sé togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann le hiarratasóirí nó le catagóirí iarratasóirí, ar náisiúnaigh den tríú tír sin iad agus a chuireann isteach ar víosa ar chríoch an tríú tír sin, lena bhforáiltear do cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) 

an táille víosa dá dtagraítear in Airteagal 16(1) a laghdú go dtí EUR 60;

(b) 

an tréimhse ina bhfuil cinntí maidir le hiarratas le déanamh dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a laghdú go dtí 10 lá;

(c) 

tréimhse bhailíochta víosaí dul isteach iolrach faoi Airteagal 24(2) a mhéadú.

Beidh feidhm ag an gcinneadh cur chun feidhme sin ar feadh bliain amháin ar a mhéad. Féadfar é a athnuachan.

▼B

Airteagal 26

Víosa idirthurais aerfoirt a eisiúint

1.  
Beidh víosa idirthurais aerfoirt bailí d’idirthuras trí na limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfoirt atá suite ar chríoch na mBallstát.
2.  
Gan dochar d’Airteagal 12(a), cuimseoidh tréimhse bailíochta an víosa ‘tréimhse cairde’ 15 lá.

Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan tréimhse cairde den sórt sin a dheonú ar chúiseanna an bheartais phoiblí nó mar gheall ar chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit.

3.  
Gan dochar d’Airteagal 12(a), féadfar víosaí idirthurais ilaerfoirt a mbeidh uastréimhse bailíochta sé mhí acu a eisiúint.
4.  

Tá na critéir seo a leanas ábhartha go háirithe maidir leis an gcinneadh víosaí idirthurais ilaerfoirt a eisiúint:

(a) 

riachtanas an iarratasóra taisteal go minic agus/nó go rialta, agus

(b) 

ionracas agus iontaofacht an iarratasóra, go háirithe úsáid dhleathach víosaí aonfhoirmeacha roimhe sin, víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu nó víosaí idirthurais aerfoirt, a staid eacnamaíoch ina thír thionscnaimh agus an rún atá aige, dáiríre, leanúint lena thuras ar aghaidh.

5.  
Má cheanglaítear ar an iarratasóir víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh aige i gcomhréir le forálacha Airteagal 3(2), ní bheidh an víosa idirthurais aerfoirt bailí ach amháin d’idirthuras trí limistéir idirthurais idirnáisiúnta aerfort atá suite ar chríoch an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann.
6.  
Déanfar na sonraí a leagtar amach in Airteagal 10(1) den Rialachán VIS a iontráil sa VIS nuair a ghlacfar cinneadh maidir le víosa den sórt sin a eisiúint.

Airteagal 27

Greamán víosa a líonadh isteach

▼M5

1.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha a ghlacadh chun an greamán víosa a líonadh isteach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).
2.  
Féadfaidh na Ballstáit iontrálacha náisiúnta a chur leis an roinn dar teideal “barúlacha” den ghreamán víosa. Sna hiontrálacha sin, ní dhéanfar dúbláil ar na hiontrálacha éigeantacha arna leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1.

▼B

3.  
Déanfar na hiontrálacha go léir ar an ngreamán víosa a phriontáil agus ní dhéanfar aon athrú de láimh ar ghreamán víosa clóbhuailte.

▼M5

4.  
Ní fhéadfar greamán víosa le haghaidh víosa chun dul isteach uair amháin a chomhlánú de láimh ach amháin i gcás force majeure teicniúil. Ní dhéanfar aon athrú ar ghreamán víosa a líontar isteach de láimh.

▼B

5.  
Nuair a bheidh greamán víosa comhlánaithe i gcomhréir le mír 4 den Rialachán seo, déanfar an fhaisnéis sin a chur isteach sa VIS i gcomhréir le hAirteagal 10(1)(k) den Rialachán VIS.

Airteagal 28

Greamáin víosa comhlánaithe a chur ó bhail

1.  
Má aimsítear earráid ar ghreamán víosa nár greamaíodh den doiciméad taistil go fóill, déanfar an greamán víosa a chur ó bhail
2.  
Má aimsítear earráid tar éis an greamán víosa a ghreamú den doiciméad taistil, déanfar an greamán víosa a chur ó bhail trí chros i ndúch doscriosta a tharraingt ar an ngreamán víosa agus greamófar greamán víosa nua ar leathanach eile.
3.  
Má aimsítear earráid tar éis na sonraí ábhartha a bheith curtha isteach san VIS i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Rialachán VIS, ceartófar an earráid i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Rialachán sin.

Airteagal 29

Greamán víosa a ghreamú

▼M5

1.  
Greamófar an greamán víosa den doiciméad taistil.

▼M5

1a.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun an greamán víosa a ghreamú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

▼B

2.  
I gcás nach dtabharfaidh an Ballstát a d’eisigh an víosa aitheantas do dhoiciméad taistil an iarratasóra, is é an leathán ar leithligh le haghaidh víosaí a ghreamú de a úsáidfear.
3.  
Nuair a bheidh greamán víosa greamaithe den leathán ar leithligh le haghaidh víosaí a ghreamú de, cuirfear an fhaisnéis sin isteach san VIS i gcomhréir le hAirteagal 10(1)(j) den Rialachán VIS.
4.  
Maidir le víosaí aonair a eiseofar do dhaoine a bheidh luaite freisin ar dhoiciméad taistil an iarratasóra, greamófar den doiciméad taistil sin iad.
5.  
I gcás nach dtabharfaidh an Ballstát eisiúna aitheantas don doiciméad taistil a mbeidh na daoine sin luaite air, greamófar na greamáin víosa aonair de na leatháin ar leithligh le haghaidh víosa a ghreamú díobh.

Airteagal 30

Cearta a dhíorthaítear ó víosa a eisíodh

Ní thabharfar ceart chead isteach uathoibríoch do dhuine go díreach toisc víosa aonfhoirmeach nó víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige a bheith ina sheilbh aige.

Airteagal 31

Udaráis láir na mBallstát eile a chur ar an eolas

▼M5

1.  
Féadfaidh Ballstát a cheangal go gcuirfear a údaráis lárnacha ar an eolas maidir le víosaí a eiseoidh Ballstáit eile chuig náisiúnaigh tríú tíortha sonracha nó chuig catagóirí sonracha de na náisiúnaigh sin, seachas i gcás víosaí idirthurais aerfoirt.
2.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gceanglas maidir leis an bhfaisnéis sin a thabhairt isteach nó a tharraingt siar 25 lá féilire ar a dhéanaí sula dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme. Tabharfar an fhaisnéis sin freisin faoi chomhar áitiúil Schengen sa dlínse lena mbaineann.

▼B

3.  
Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na fógraí sin.

▼M5 —————

▼B

Airteagal 32

Víosa a dhiúltú

1.  

Gan dochar d’Airteagal 25(1), diúltófar víosa a eisiúint:

(a) 

más amhlaidh maidir leis an iarratasóir:

(i) 

go dtíolacann sé doiciméad atá bréagach, góchumtha nó brionnaithe;

(ii) 

nach dtugann sé bonn cirt maidir le cuspóir agus maidir le coinníollacha an fhanachta atá beartaithe;

▼M5

(iia) 

nach dtugann sé bonn cirt le cuspóir nó le coinníollacha an idirthurais aerfoirt atá beartaithe;

▼B

(iii) 

nach gcuireann sé ar fáil fianaise i dtaca le cóir leordhóthanach mhaireachtála a bheith aige don ré fanachta atá beartaithe aige agus don turas abhaile chuig a thír thionscnaimh nó chuig an tír a bhfuil cónaí air ann, nó don idirthuras chuig triú tír a bhfuiltear deimhin de go ligfear isteach ann é, nó nach bhfuil sé i riocht an chóir mhaireachtála sin a fháil go dlíthiúil;

▼M3

(iv) 

gur fhan sé 90 lá cheana féin i rith na tréimhse reatha 180 lá ar chríoch na mBallstát ar bhonn víosa aonfhoirmigh nó ar bhonn víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige;

▼B

(v) 

gur duine é ar eisíodh foláireamh ina leith san SIS chun críche cead dul isteach a dhiúltú;

(vi) 

go meastar gur bagairt é do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach nó do shláinte phoiblí faoi mar a shainítear í in Airteagal 2(19) de Chód Teorainneacha Schengen nó do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, go háirithe i gcás inar eisíodh foláireamh i mbunachair sonraí náisiúnta na mBallstát chun críche cead dul isteach a dhiúltú ar na forais chéanna;

(vii) 

nach gcuireann sé nó sí cruthúnas ar fáil go bhfuil árachais liachta taistil leordhóthanach agus bailí aige, i gcás inarb infheidhme;

(b) 

má bhíonn amhras réasúnach ann faoi bharántúlacht na ndoiciméad tacaíochta a thíolacfaidh an t-iarratasóir nó faoi fhírinneacht na faisnéise a bheidh iontu, faoi iontaofacht na ráiteas a dhéanfaidh an t-iarratasóir nó faoi rún a bheith aige críoch na mBallstát a fhágáil sula rachaidh an víosa a mbeidh iarratas á dhéanamh air in éag.

▼M5

2.  
Tabharfar fógra don iarratasóir faoi chinneadh maidir leis an diúltú agus faoi na cúiseanna ar a mbeidh sé bunaithe trí bhíthin na foirme caighdeánaí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI i dteanga an Bhallstáit a rinneadh an cinneadh deiridh maidir leis an iarratas agus i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais.

▼B

3.  
Beidh ceart achomhairc ag na hiarratasóirí a ndiúltófar víosa dóibh. Seolfar na hachomhairc in aghaidh an Bhallstáit a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil d’iarratasóirí maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás achomharc a bheith ann, faoi mar a shonraítear in Iarscríbhinn VI.

▼M5 —————

▼B

5.  
Déanfar faisnéis faoi víosa a diúltaíodh a iontráil san VIS i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán VIS.

CAIBIDIL V

Víosa a eisíodh a mhodhnú

Airteagal 33

Fadú

1.  
Fadófar tréimhse bailíochta agus/nó ré fanachta víosa a eisíodh i gcás ina measfaidh údarás inniúil Ballstáit go mbeidh cruthúnas tugtha ag sealbhóir víosa ar force majeure nó ar chúiseanna daonchairdiúla a chuirfidh cosc leis críoch an Bhallstáit a fhágáil sula rachaidh tréimhse bailíochta an víosa nó ré an fhanachta a údaraítear leis an víosa in éag. Deonfar fadú den sórt sin a dheonú saor in aisce.
2.  
Féadfar tréimhse bailíochta agus/nó ré fanachta víosa a eisíodh a fhadú má chuireann sealbhóir an víosa cruthúnas ar fáil i dtaobh cúiseanna pearsanta tromchúiseacha a thabharfaidh bonn cirt don tréimhse bailíochta nó don ré fanachta. Gearrfar táille EUR 30 ar fhadú den sórt sin.
3.  
Mura gcinnfidh an t-údarás a fhadóidh an víosa a mhalairt, beidh an bhailíocht chríochach chéanna ag an víosa fadaithe agus a bhí ag an víosa bunaidh.
4.  
Is é an t-údarás a bheidh inniúil ar víosa a fhadú údarás an Bhallstáit a mbeidh náisiúnach an tríú tír i láthair ar a chríoch tráth a mbeidh iarratas ar fhadú á dhéanamh aige.
5.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na húdaráis a bheidh inniúil ar víosaí a fhadú.
6.  
Is i bhfoirm greamáin víosa a bheidh fadú víosaí.
7.  
Iontrálfar faisnéis faoi víosa a fadaíodh sa VIS i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán VIS.

Airteagal 34

Neamhniú agus cúlghairm

1.  
Déanfar víosa a neamhniú sa chás go dtiocfaidh sé chun solais nár comhlíonadh na coinníollacha maidir leis an víosa a eisiúint an tráth ar eisíodh an víosa sin, go háirithe má bhíonn cúiseanna dáiríre ann lena chreidiúint go bhfuarthas an víosa go calaoiseach. I bprionsabal, is iad údaráis inniúla an Bhallstáit a d’eisigh an víosa a dhéanfaidh víosa a neamhniú. Féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit eile víosa a neamhniú, agus sa chás sin cuirfear údaráis an Bhallstáit a d’eisigh an víosa ar an eolas faoin neamhniú sin.
2.  
Déanfar víosa a chúlghairm i gcás ina dtiocfaidh sé chun solais nach bhfuil na coinníollacha chun í a eisiúint á gcomhlíonadh a thuilleadh. I bprionsabal, is iad údaráis inniúla an Bhallstáit a d’eisigh an víosa a dhéanfaidh í a chúlghairm. Féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit eile víosa a chúlghairm, agus sa chás sin cuirfear údaráis an Bhallstáit a d’eisigh an víosa ar an eolas faoin gcúlghairm sin.
3.  
Féadfar víosa a chúlghairm má iarrann an sealbhóir víosa é. Cuirfear údaráis inniúla na mBallstát a d’eisigh an víosa ar an eolas faoi chúlghairm den sórt sin.
4.  
Má mhainníonn an sealbhóir víosa ceann amháin nó níos mó de na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(3) a thabhairt ar aird ag an teorainn, ní hionann sin agus go leanfaidh cinneadh an víosa a neamhniú nó a chúlghairm go huathoibríoch as.
5.  
Sa chás go ndéantar víosa a neamhniú nó a chúlghairm, greamófar stampa leis an bhfocal ‘NEAMHNITHE’ nó „CÚLGHAIRTHE“air agus déanfar neamhbhailíocht ar an ngné athrathais optúil den ghreamán víosa, ar an ngné slándála ‘éifeacht na híomhá folaigh’ chomh maith leis an téarma ‘víosa’ trína scriosadh amach.
6.  
Cuirfear cinneadh maidir le neamhniú nó cúlghairm víosa agus na cúiseanna a mbeidh an cinneadh sin bunaithe air in iúl don iarratasóir trí bhíthin na foirme caighdeánaí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
7.  
Beidh sé de cheart ag sealbhóir víosa, a ndearnadh a víosa a neamhniú nó a chúlghairm, achomharc a dhéanamh, mura i ndán agus gur ar iarratas uaidh a cúlghaireadh an víosa i gcomhréir le mír 3. Seolfar achomhairc in aghaidh an Bhallstáit a ghlacfaidh an cinneadh críochnaitheach maidir leis an neamhniú nó maidir leis an gcúlghairm agus déanfar é sin i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil d’iarratasóirí maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás achomharc a bheith ann.
8.  
Iontrálfar san VIS faisnéis faoi víosaí a neamhníodh nó a cúlghaireadh, i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán VIS.

CAIBIDIL VI

Víosaí a eisítear ag teorainneacha seachtracha

Airteagal 35

Víosaí a ndéantar iarratais orthu ag an teorainn sheachtrach

1.  

I gcásanna eisceachtúla, féadfar víosaí a eisiúint ag pointí trasnaithe teorann, má bhíonn na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a) 

go mbeidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5(1)(a), (c), (d) agus (e) de Chód Teorainneacha Schengen á gcomhlíonadh ag an iarratasóir,

(b) 

nach raibh an t-iarratasóir in ann cur isteach ar iarratas roimh ré agus go dtíolacfaidh sé doiciméid tacaíochta, má iarrtar é sin air, a thugann bunús le cúiseanna práinneacha maidir le cead dul isteach, cúiseanna nárbh fhéidir a thuar, agus

(c) 

go meastar gur cinnte go bhfillfidh an t-iarratasóir ar a thír thionscnaimh nó ar a thír nó ar a tír chónaithe nó ar a thír nó ar a tír idirthurais trí Stáit seachas Ballstáit a bhfuil acquis Schengen á chur chun feidhme go hiomlán acu.

2.  
I gcás ina gcuirfear isteach ar víosa ag an teorainn sheachtrach, féadfar an ceanglas gur cheart don iarratasóir árachas liachta taistil a bheith ina sheilbh aige a tharscaoileadh nuair nach mbeidh an t-árachas liachta taistil sin ar fáil ag an bpointe trasnaithe teorann sin nó ar chúiseanna daonchairdiúla.
3.  
Maidir le víosa a eiseofar ag an teorainn sheachtrach, is víosa aonfhoirmeach a bheidh ann lena gceadófar don sealbhóir fanacht ar feadh ré nach faide ná 15 lá, ag brath ar chuspóir agus ar choinníollacha an fhanachta a bheidh beartaithe. I gcás idirthurais, freagróidh fad an fhanachta a údarófar don am is gá chun críoch an idirthurais.
4.  
I gcás nach mbeidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5(1)(a), (c), (d) agus (e) de Chód Teorainneacha Schengen á gcomhlíonadh, féadfaidh na húdaráis a bheidh freagrach as an víosa a eisiúint ag an teorainn, víosa a eisiúint a mbeidh bailíocht chríochach theoranta aige, i gcomhréir le hAirteagal 25(1)(a) den Rialachán seo, do chríoch an Bhallstáit eisiúna amháin.
5.  
I bprionsabal, ní eiseofar víosa ag an teorainn sheachtrach do náisiúnach tríú tír is náisiúnach de chatagóir daoine a gceanglaítear réamhchomhairliúchán a bheith ann maidir leo, i gcomhréir le hAirteagal 22.

I gcásanna eisceachtúla, áfach, féadfar víosa, a mbeidh bailíocht chríochach theoranta aige do chríoch an Bhallstáit eisiúna, a eisiúint chuig na daoine sin ag an teorainn sheachtrach i gcomhréir le hAirteagal 25(1)(a).

6.  
I dteannta na cúiseanna maidir le víosa a dhiúltú dá bhforáiltear in Airteagal 32(1), diúltófar víosa ag an bpointe trasnaithe teorann, mura gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1(b) den Airteagal seo.
7.  
Beidh feidhm ag na forálacha maidir le bonn cirt agus maidir le fógra a thabhairt faoi dhiúltuithe agus maidir leis an gceart achomharc a dhéanamh a leagtar amach in Airteagal 32(3) agus in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 36

Víosaí arna n-eisiúint chuig maraithe idirthurais ag an teorainn sheachtrach

1.  

Féadfar víosa chun críche idirthurais a eisiúint chuig maraí a gceanglaítear air víosa a bheith ina sheilbh agus é ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás ina gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 35(1), agus

(b) 

i gcás ina mbeidh sé ag dul trasna na teorann a bheidh i gceist chun dul ar bord loinge, chun dul ar bord loinge an athuair nó chun teacht i dtír ó long a mbeidh sé ag obair uirthi mar mharaí nó a raibh sé ag obair uirthi mar mharaí.

▼M5 —————

▼M5

2a.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, treoracha oibríochtúla a ghlacadh chun víosaí a eisiúint ag an teorainn chuig maraithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítêar in Airteagal 52(2).

▼B

3.  
Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d’Airteagal 35(3), (4) agus (5).

TEIDEAL IV

BAINISTÍOCHT RIARACHÁIN AGUS EAGRÚ RIARACHÁIN

Airteagal 37

Eagrú na rannán víosaí

1.  
Beidh na Ballstáit freagrach as rannáin víosaí a gcuid consalachtaí a eagrú.

Ionas nach dtiocfaidh meath ar leibhéal an fhorairdill agus ionas nach gcuirfear brú ar leibhéal áitiúil ar an bhfoireann, bunófar scéimeanna uainíochta do chomhaltaí foirne a bheidh ag déileáil go díreach le hiarratasóirí, i gcás inarb iomchuí. Tabharfar aird ar leith ar struchtúir shoiléire oibre a bheith ann agus ar fhreagrachtaí a leithdháileadh/a roinnt go glan maidir le cinntí críochnaitheacha a dhéanamh faoi iarratais. Ní bheidh rochtain ar an VIS agus ar an SIS agus ar fhaisnéis eile a bheidh faoi rún ach ag líon teoranta cuí-údaraithe den fhoireann. Glacfar bearta cuí chun rochtain neamhúdaraithe ar na bunachair sonraí sin a chosc.

▼M5

2.  
Beidh stóráil agus láimhseáil na ngreamán víosa faoi réir bearta leordhóthanacha slándála chun an chalaois nó an caillteanas a sheachaint. Coimeádfaidh gach consalacht cuntas ar an stoc greamán víosa atá aici agus déanfaidh sí clárú ar an gcaoi ar úsáideadh gach greamán víosa. Má chaillfear méid suntasach greamán bán víosa, déanfar sin a thuairisciú don Choimisiún.
3.  
Coimeádfaidh consalachtaí nó údaráis lárnacha cartlann iarratas i bhformáid páipéir nó leictreonach. Beidh i ngach comhad ar leith an fhaisnéis ábhartha lenar féidir, más gá, cúlra an chinnidh a rinneadh i dtaobh an iarratais a léiriú arís.

Coimeádfar na comhaid iarratais aonair ar feadh 1 bhliain amháin ar a laghad ón dáta a ndéanfar an cinneadh ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 23(1) nó, i gcás achomhairc, go dtí deireadh an nós imeachta achomhairc, pé acu is faide. Más infheidhme, coimeádfar na comhaid iarratais leictreonacha aonair ar feadh tréimhse bailíochta na víosa a eisíodh.

▼B

Airteagal 38

▼M5

Acmhainní chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais agus chun faireachán a dhéanamh ar nósanna imeachta maidir le víosaí

1.  
Cuirfidh na Ballstáit líon leordhóthanach comhaltaí foirne iomchuí ar fáil sna consalachtaí chun na cúraimí a dhéanamh a bhaineann le scrúdú a dhéanamh ar iarratais, ar chaoi agus go n-áiritheofar caighdeán seirbhíse don phobal a bheidh réasúnta agus comhchuibhithe.

▼M5

1a.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhaltaí foirne easaoránacha faireachán ar an nós imeachta maidir le víosaí ina iomláine i gconsalachtaí, lena n-áirítear iarratais a thaisceadh agus a láimhseáil, greamáin víosa a phriontáil agus an comhar praiticiúil le soláthraithe seirbhíse seachtracha, chun sláine gach céime den nós imeachta a áirithiú.

▼B

2.  
Déanfaidh áitreabh riachtanais fheidhmiúla iomchuí na leordhóthanachta a chomhlíonadh agus bearta slándála iomchuí a cheadú.

▼M5

3.  
Cuirfidh údaráis lárnacha na mBallstát oiliúint leordhóthanach ar na comhaltaí foirne easaoránacha agus ar na comhaltaí foirne a bheidh fostaithe go háitiúil agus beidh siad freagrach as faisnéis iomlán, bheacht, a bheidh cothrom le dáta a chur ar fáil maidir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta.

▼M5

3a.  
I gcás ina scrúdóidh údaráis lárnacha iarratais agus ina ndéanfaidh siad cinneadh fúthu amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(1a), cuirfidh na Ballstáit oiliúint shonrach ar fáil chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain eolais thír-shonraigh, a bheidh cothrom le dáta, faoi chúinsí áitiúla socheacnamaíocha, agus faisnéis iomlán, bheacht, a bheidh cothrom le dáta maidir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta, ag foireann na n-údarás lárnach sin.
3b.  
Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh oiliúint leordhóthanach ar an bhfoireann sna consalachtaí chun cuidiú leis na húdaráis lárnacha agus scrúdú agus cinneadh á ndéanamh acu maidir le hiarratais, go háirithe trí bheith rannpháirteach i gcruinnithe comhair áitiúil Schengen, faisnéis a mhalartú le consalachtaí eile agus leis na húdaráis áitiúla, faisnéis áitiúil ábhartha a bhailiú maidir le riosca imirce agus cleachtais chalaoiseacha, agus agallaimh agus scrúduithe breise a dhéanamh.

▼B

4.  
Cinnteoidh údaráis láir na mBallstát go ndéanfar monatóireacht rialta agus leordhóthanach ar an gcaoi a scrúdófar na hiarratais agus glacfaidh siad bearta ceartaitheacha nuair a bhraitear aon neamhrialtachtaí maidir le forálacha an Rialacháin seo.

▼M5

5.  

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nós imeachta ann lenar féidir le hiarratasóirí gearáin a thíolacadh maidir leis an méid a leanas:

(a) 

iompar na gcomhaltaí foirne sna consalachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, iompar na soláthróirí seirbhíse seachtracha; nó

(b) 

an próiseas iarratais.

Coimeádfaidh consalachtaí nó údaráis lárnacha taifead de na gearáin agus den obair leantach a rinneadh.

Cuirfidh na Ballstáit faisnéis faoin nós imeachta dá bhforáiltear sa mhír seo ar fáil don phobal.

▼B

Airteagal 39

Iompar na foirne

1.  
Áiritheoidh consalachtaí na mBallstát go gcuirfear fáilte chúirtéiseach roimh na hiarratasóirí.

▼M5

2.  
Agus iad i mbun a ndualgais, déanfaidh an fhoireann chonsalach agus foireann na n-údarás lárnach dínit an duine a urramú. Beidh aon bheart a ghlacfar i gcomhréir leis na cuspóirí a bheidh á saothrú leis na bearta sin.
3.  
Fad a bheidh a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, ní dhéanfaidh an fhoireann chonsalach ná foireann na n-údarás lárnach idirdhealú in aghaidh daoine ar fhorais gnéis, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta.

Airteagal 40

Eagrú agus comhar consalachta

1.  
Beidh gach Ballstát freagrach as na nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais a eagrú.
2.  

Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

a gconsalachtaí agus a n-údaráis atá freagrach as víosaí a eisiúint ag na teorainneacha a fheistiú leis an ábhar cuí chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, agus oifigí a gconsal oinigh a fheistiú chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, i gcás ina mbainfidh siad úsáid astu, i gcomhréir le hAirteagal 42;

(b) 

dul i gcomhar le Ballstát amháin nó níos mó de réir socruithe ionadaíochta nó de réir comhar consalach d'aon chineál eile.

3.  
Féadfaidh Ballstát dul i gcomhar freisin le soláthraí seirbhíse seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 43.
4.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina n-eagrú agus faoina gcomhar consalachta ar gach láthair chonsalachta.
5.  
I gcás fhoirceannadh an chomhair le Ballstáit eile, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall lena áirithiú go leanfar de sheirbhís iomlán a chur ar fáil.

▼M5 —————

▼B

Airteagal 42

Leas a bhaint as consail oinigh

1.  
Féadfar a údarú freisin do chonsail oinigh cuid de na cúraimí nó na cúraimí uile dá bhforáiltear in Airteagal 43(6) a fheidhmiú. Glacfar bearta leordhóthanacha chun slándáil sonraí agus cosaint sonraí a áirithiú.
2.  
I gcás nach státseirbhíseach de chuid Ballstáit é an consal oinigh, comhlíonfaidh feidhmiú na gcúraimí sin na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn X, seachas na forálacha i bpointe D(c) den Iarscríbhinn sin.
3.  
I gcás inar státseirbhíseach de chuid Ballstáit é an consal oinigh, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go gcuirfear i bhfeidhm ceanglais atá inchomparáide leis na ceanglais a bheadh i bhfeidhm dá bhfeidhmeodh consalacht na cúraimí sin.

Airteagal 43

An comhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha

1.  
Féachfaidh na Ballstáit le dul i gcomhar le soláthraí seirbhíse seachtrach agus le Ballstát amháin nó níos mó gan dochar do rialacha soláthair phoiblí agus iomaíochta.
2.  
Beidh an comhar le soláthraí seirbhíse seachtrach bunaithe ar ionstraim dlí a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn X.

▼M5 —————

▼B

4.  
Is é an chonsalacht amháin a dhéanfaidh an scrúdú ar iarratais, na hagallaimh (i gcás inarb iomchuí), an cinneadh maidir le hiarratais agus greamáin víosaí a phriontáil agus a ghreamú.

▼M5

5.  
Ní bheidh rochtain ag na soláthraithe seirbhíse seachtracha ar VIS in imthosca ar bith. Forchoimeádfar rochtain ar VIS go heisiach d'fhoirne cuí-údaraithe na gconsalachtaí nó d'fhoirne na n-údarás lárnach.

▼B

6.  

Féadfar an cúram a thabhairt do sholáthraí seirbhíse seachtrach ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas a fheidhmiú:

▼M5

(a) 

faisnéis ghinearálta a chur ar fáil faoi cheanglais víosaí, i gcomhréir le pointí (a) go (c) d'Airteagal 47(1), agus faoi fhoirmeacha iarratais;

▼B

(b) 

an t-iarratasóir a chur ar an eolas maidir leis na doiciméid tacaíochta atá riachtanach, ar bhonn seicliosta;

▼M5

(c) 

sonraí agus iarratais a bhailiú (lena n-áirítear bailiú aitheantóirí bithmhéadracha) agus an t-iarratas a tharchur chuig an gconsalacht nó chuig na húdaráis lárnacha;

▼B

(d) 

an táille víosa a bhailiú;

▼M5

(e) 

bainistiú a dhéanamh ar choinní an iarratasóra, i gcás inarb infheidhme, ag an gconsalacht nó ag áitreabh an tsoláthraí seirbhíse sheachtraigh;

(f) 

na doiciméid taistil a bhailiú, lena n-áirítear fógra maidir le diúltú más infheidhme, ón gconsalacht nó ó na húdaráis lárnacha agus iad a thabhairt ar ais don iarratasóir.

7.  
Agus soláthraí seirbhíse seachtrach á roghnú aige, measfaidh an Ballstát lena mbaineann iontaofacht agus sócmhainneacht na heagraíochta nó na cuideachta agus áiritheoidh sé nach ann d'aon choinbhleacht leasa. Áireofar sa mheasúnú, de réir mar is iomchuí, grinnscrúdú ar na ceadúnais riachtanacha, ar an gclárú tráchtála, ar reachtanna agus ar chonarthaí bainc.

▼B

8.  
Áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go gcomhlíonfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach a roghnaítear, na téarmaí agus na coinníollacha a shanntar dó san ionstraim dlí dá dtagraítear i mír 2.

▼M5

9.  
Beidh na Ballstáit freagrach as comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus áiritheoidh siad go bhfuil an soláthraí seirbhíse seachtrach faoi réir fhaireachán na n-údarás maoirseachta um chosaint sonraí de bhun Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ).

▼B

10.  
Cuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann oiliúint ar fáil don soláthraí seirbhíse seachtrach a fhreagraíonn don eolas is gá chun seirbhís iomchuí agus faisnéis leordhóthanach a thairiscint d’iarratasóirí.
11.  

Déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann dian-fhaireachán ar chur chun feidhme na hionstraime dlí dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear:

▼M5

(a) 

an fhaisnéis ghinearálta maidir leis na critéir, na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar víosa, mar a leagtar amach i bpointí (a) go (c) d'Airteagal 47, agus ábhar na bhfoirmeacha iarratais a chuireann an soláthraí seirbhíse seachtrach ar fáil do na hiarratasóirí;

(b) 

na bearta slándála uile is gá, idir theicniúil agus eagraíochtúil, chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh, bíodh sé trí thaisme nó neamhdhleathach, ar chailliúint trí thaisme, ar athrú, ar nochtadh gan údarás nó ar rochtain gan údarás, go háirithe i gcás ina mbainfidh an comhar le tarchur comhad agus sonraí chuig consalacht nó chuig údaráis lárnacha an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun iad a chosaint ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí pearsanta de gach cineál eile;

▼B

(c) 

bailiú agus tarchur na n-aitheantóirí bithmhéadracha;

(d) 

na bearta a ghlactar chun a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha maidir le cosaint sonraí.

▼M5

Chun na críche sin, déanfaidh consalacht nó consalachtaí nó údaráis lárnacha an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, go tráthrialta agus gach 9 mí ar a laghad, seiceálacha ar an láthair ar áitreabh an tsoláthraí seirbhíse sheachtraigh. Féadfaidh na Ballstáit comhaontú a dhéanamh ualach an fhaireacháin thráthrialta sin a chomhroinnt.

▼M5

11a.  
Faoin 1 Feabhra gach bliain, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir lena gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha ar fud an domhain, agus maidir leis an bhfaireachán a rinne siad ar na soláthraithe sin dá dtagraítear i bpointe C d'Iarscríbhinn X.

▼B

12.  
I gcás ina ndéanfar foirceannadh ar an gcomhar le soláthraí seirbhíse seachtrach d’aon chineál, áiritheoidh na Ballstáit go leanfar de sheirbhís iomlán a chur ar fáil.
13.  
Cuirfidh na Ballstáit cóip den ionstraim dlí dá dtagraítear i mír 2 ar fáil don Choimisiún

▼M5

Airteagal 44

Criptiú agus aistriú slán sonraí

1.  
I gcás comhair idir na Ballstáit agus comhair le soláthraí seirbhíse seachtrach agus úsáid consal oinigh, áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go bhfuil na sonraí go hiomlán criptithe, is cuma má aistrítear go leictreonach nó go fisiciúil ar mheán leictreonach stórála iad.
2.  
I dtríú tíortha a chuireann toirmeasc ar shonraí criptithe atá le haistriú go leictreonach, ní cheadóidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann sonraí a aistriú go leictreonach.

I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfaidh oifigeach consalach de chuid Ballstáit na sonraí leictreonacha a aistriú go fisiciúil i bhfoirm lánchriptithe ar mheán leictreonach stórála nó, i gcás ina gcaithfí bearta díréireacha nó bearta míréasúnacha a dhéanamh leis an aistriú sin a chur i gcrích, áiritheoidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfar iad a aistriú ar bhealach eile atá slán agus sábháilte, amhail trí oibreoirí seanbhunaithe a bhfuil taithí acu ar dhoiciméid íogaire agus ar shonraí íogaire a iompar sa tríú tír lena mbaineann a úsáid.

3.  
I ngach cás, déanfar leibhéal na slándála don aistriú a oiriúnú de réir íogaireacht na sonraí.

▼B

Airteagal 45

Comhar idir na Ballstáit agus idirghabhálaithe tráchtála

1.  
Féadfaidh na Ballstáit dul i gcomhar le hidirghabhálaithe tráchtála, le haghaidh iarratais a thaisceadh, seachas i gcomhair aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú.
2.  

Beidh an comhar sin bunaithe ar chreidiúnú a bheith á dheonú ag údaráis ábhartha na mBallstát. Beidh an creidiúnú, go háirithe, bunaithe ar fhíorú na ngnéithe seo a leanas:

(a) 

stádas reatha an idirghabhálaí tráchtála: ceadúnas reatha, an clár tráchtála, conarthaí le bainc;

(b) 

na conarthaí reatha atá acu le comhpháirtithe tráchtála atá bunaithe sna Ballstáit agus a thairgeann cóiríocht agus seirbhísí eile ar cuid de thurais láneagraithe iad;

(c) 

conarthaí a bheith acu le cuideachtaí taistil, ar conarthaí iad a gcaithfidh turas amach, chomh maith le turas fillte socraithe agus ráthaithe a bheith iontu.

▼M5

3.  
Déanfar faireachán go tráthrialta ar idirghabhálaithe tráchtála creidiúnaithe trí sheiceálacha ar an láthair a chuimseoidh agallaimh duine le duine nó agallaimh teileafóin leis na hiarratasóirí, fíorú na dturas agus an iostais, agus má mheasfar gur gá é, fíorú na ndoiciméad a bhaineann le filleadh an ghrúpa.

▼B

4.  
Laistigh de chomhar áitiúil Schengen, malartófar faisnéis faoi fheidhmíocht na n-idirghabhálaithe tráchtála creidiúnaithe maidir le mírialtachtaí a braitheadh, maidir le diúltú iarratas a thíolaic idirghabhálaithe tráchtála, agus maidir le cineálacha calaoise a braitheadh a bhain le doiciméid taistil agus maidir le mainneachtain maidir le turais sceidealta a dhéanamh.
5.  
Laistigh de chomhar áitiúil Schengen, malartófar liostaí d’idirghabhálaithe tráchtála ar thug gach consalacht creidiúnú dóibh agus ar baineadh creidiúnú díobh, mar aon leis na cúiseanna ar baineadh an creidiúnú díobh.

▼M5

Áiritheoidh gach consalacht agus na húdaráis lárnacha go mbeidh an pobal ar an eolas faoin liosta idirghabhálaithe tráchtála creidiúnaithe a mbeidh siad i gcomhar leo, i gcás inarb ábhartha.

▼B

Airteagal 46

Tiomsú staidrimh

Tiomsóidh na Ballstáit staidreamh bliantúil maidir le víosaí, i gcomhréir leis an tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn XII. Tíolacfar an staidreamh sin faoin 1 Márta gach bliain don bhliain roimhe sin.

Airteagal 47

Faisnéis don phobal i gcoitinne

1.  

Cuirfidh údaráis láir na mBallstát agus a gconsalachtaí gach faisnéis ábhartha ar fáil don phobal i gcoitinne maidir le hiarratas ar víosa a dhéanamh, go háirithe:

(a) 

na critéir, na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar víosa;

▼M5

(aa) 

na critéir lena measfar go mbeidh iarratas inghlactha, dá bhforáiltear in Airteagal 19(1);

(ab) 

go mbaileofar, i bprionsabal, sonraí bithmhéadracha gach 59 mí, ag tosú ar an dáta a bhaileofar iad den chéad uair;

▼B

(b) 

an modh chun coinne a fháil, más iomchuí;

▼M5

(c) 

an áit a bhféadfar an t-iarratas a thíolacadh (an chonsalacht inniúil nó an soláthraí seirbhíse seachtrach);

▼B

(d) 

idirghabhálaithe tráchtála creidiúnaithe;

(e) 

maidir leis an stampa, dá bhforáiltear le hAirteagal 20, a bheith gan aon impleachtaí dlíthiúla;

(f) 

na teorainneacha ama maidir le hiarratais a scrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 23(1), (2) agus (3);

(g) 

na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh nó catagóirí sonracha dá náisiúnaigh faoi réir réamhchomhairliúcháin nó faisnéise.

(h) 

nach mór fógra a thabhairt don iarratasóir faoi chinntí diúltacha maidir le hiarratais, nach mór sna cinntí sin na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua agus go bhfuil sé de cheart ag na hiarratasóirí ar diúltaíodh a n-iarratas achomharc a dhéanamh, mar aon le faisnéis faoin nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás achomhairc lena n-áirítear an t -údarás inniúil, chomh maith leis an teorainn ama chun achomharc a thaisceadh;

(i) 

nach dtugtar cead isteach do dhuine díreach toisc víosa a bheith ina sheilbh aige agus go n-iarrfar ar shealbhóirí víosa cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach ag an teorainn sheachtrach, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Chód Teorainneacha Schengen, á gcomhlíonadh acu;

▼M5

(j) 

faisnéis faoin nós imeachta gearán dá bhforáiltear in Airteagal 38(5).

▼B

2.  
Cuirfidh an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige agus an Ballstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh air, an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi aon socruithe a dhéanfar maidir le hionadaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8 sula dtiocfaidh na socruithe sin i bhfeidhm.

TEIDEAL V

COMHAR ÁITIÚIL SCHENGEN

Airteagal 48

Comhar áitiúil Schengen idir consalachtaí na mBallstát

▼M5

1.  
Oibreoidh consalachtaí agus toscaireachtaí an Aontais i gcomhar le chéile i ngach dlínse chun a áirithiú go gcuirfear an comhbheartas víosa i bhfeidhm go comhchuibhithe, agus cúinsí áitiúla á gcur san áireamh.

Chuige sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Chinneadh 2010/427/AE ( 10 ) ón gComhairle, tabharfaidh an Coimisiún treoracha do thoscaireachtaí an Aontais na cúraimí comhordúcháin ábhartha a dhéanamh dá bhforáiltear san Airteagal seo.

I gcás ina ndéanann údaráis lárnacha scrúdú ar iarratais arna dtaisceadh sa dlínse lena mbaineann agus ina ndeánann siad cinntí ina leith amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(1a), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis lárnacha sin rannpháirteach i mbealach gníomhach i gcomhar áitiúil Schengen. Beidh oiliúint leordhóthanach ar na comhaltaí foirne a bheidh ag rannchuidiú le comhar áitiúil Schengen agus beidh baint acu leis na hiarratais sa dlínse lena mbaineann a scrúdú.

▼M5

1a.  

Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún i gcomhar le chéile, go háirithe, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

liosta comhchuibhithe a ullmhú de na doiciméid tacaíochta a bheidh le tíolacadh ag iarratasóirí, agus Airteagal 14 á chur san áireamh;

(b) 

cur chun feidhme áitiúil Airteagal 24(2) a ullmhú maidir le heisiúint víosaí dul isteach iolrach;

(c) 

aistriúchán coiteann den fhoirm iarratais a áirithiú, i gcás inarb ábhartha;

(d) 

liosta na ndoiciméad taistil a eisíonn an tír óstach a bhunú agus é a thabhairt cothrom le dáta go rialta;

(e) 

bileog faisnéise choiteann ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 47(1) a tharraingt suas;

(f) 

faireachán a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, ar chur chun feidhme Airteagal 25a(5) agus (6).

▼M5 —————

▼M5

3.  

Malartóidh na Ballstáit faoi chomhar áitiúil Schengen an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

staidreamh ráithiúil maidir leis na víosaí aonfhoirmeacha, na víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu, agus na víosaí idirthurais aerfoirt a ndearnadh iarratas orthu, a eisíodh agus a diúltaíodh;

(b) 

faisnéis i dtaca le measúnú rioscaí imirce agus slándála, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

struchtúr socheacnamaíoch na tíre óstaí;

(ii) 

foinsí faisnéise ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear an tslándáil shóisialta, árachas sláinte, cláir fhioscacha agus clárú ar dhul isteach agus ar imeacht;

(iii) 

úsáid doiciméad bréige, góchumtha nó brionnaithe;

(iv) 

bealaí inimirce neamhrialta;

(v) 

treochtaí maidir le hiompraíocht chalaoiseach;

(vi) 

treochtaí maidir le diúltú;

(c) 

faisnéis faoin gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha agus le cuideachtaí iompair;

(d) 

faisnéis faoi na cuideachtaí árachais a sholáthraíonn árachas liachta taistil leordhóthanach, lena n-áirítear an cineál cumhdaigh a fhíorú agus méid an bharrachais a d'fhéadfadh a bheith ann.

▼B

4.  
Eagrófar cruinnithe comhair áitiúil Schengen idir na Ballstáit agus an Coimisiún ar bhonn rialta chun déileáil go sonrach le saincheisteanna oibríochtúla maidir le cur i bhfeidhm an chomhbheartais víosa. Is é laistigh de dhlínse an Choimisiúin a thionólfar na cruinnithe seo, mura socrófar a mhalairt ar iarratas ón gCoimisiún.

Féadfar cruinnithe faoi aon ábhar amháin a eagrú agus fo-ghrúpaí a bhunú chun staidéar a dhéanamh ar shaincheisteanna laistigh de chomhar áitiúil Schengen.

5.  
Tarraingeofar suas tuarascálacha faoi chruinnithe comhair áitiúil Schengen ar bhonn córasach agus scaipfear go háitiúil iad. Féadfaidh an Coimisiún tarraingt suas na dtuarascálacha a tharmligean chuig Ballstát. Seolfaidh consalachtaí gach Ballstáit na tuarascálacha chuig a n-údaráis láir.

▼M5 —————

▼B

6.  
Féadfar cuireadh a thabhairt, ar bhonn ad hoc, d’ionadaithe chonsalachtaí na mBallstát nach bhfuil acquis an Chomhphobail maidir le víosaí á chur i bhfeidhm acu, nó d’ionadaithe tríú tíortha, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe chun faisnéis a mhalartú faoi ábhair shonracha a bhaineann le víosaí.

▼M5

7.  
Tarraingeofar suas tuarascáil bhliantúil i ngach dlínse faoin 31 Nollaig gach bliain. Ar bhonn na dtuarascálacha sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil ar staid chomhar áitiúil Schengen a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

▼B

TEIDEAL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 49

Socruithe i ndáil leis na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Parailimpeacha

Cuirfidh na Ballstáit a bhfuil óstáil á déanamh acu ar na Cluichí Oilimpeacha agus ar na Cluichí Para-Oilimpeacha i bhfeidhm na nósanna imeachta sonracha agus na coinníollacha lena n-éascaítear víosaí a eisiúint a leagtar amach in Iarscríbhinn XI.

▼M5 —————

▼M5

Airteagal 51

Treoracha maidir le cur i bhfeidhm phraiticiúil an Rialacháin seo

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na treoracha oibríochtúla a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil fhorálacha an Rialacháin seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

▼M5

Airteagal 51a

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 1 Lúnasa 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(9) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr ( 11 ).
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼M5

Airteagal 52

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh coiste (an “Coiste Víosaí”) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ).
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

▼B

Airteagal 53

Fógra

1.  

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na nithe seo a leanas:

(a) 

na socruithe maidir le hionadaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8;

(b) 

tríú tíortha a gceanglaíonn Ballstáit aonair ar a náisiúnaigh víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh acu agus iad ar a mbealach trí limistéir idirthurais idirnáisiúnta aerfort atá suite ar a gcríoch, dá dtagraítear in Airteagal 3.

(c) 

an fhoirm náisiúnta do chruthúnas ar urraíocht agus/nó ar chóiríocht phríobháideach dá dtagraítear in Airteagal 14(4) más infheidhme;

(d) 

liosta de na tríú tíortha a gceanglaítear réamhchomhairliúchán, dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a leanúint ina leith;

(e) 

liosta de na tríú tíortha a gceanglaítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31(1) a thabhairt ina leith;

(f) 

na hiontrálacha breise náisiúnta a chuirtear sa mhír ‘barúlacha’ den ghreamán víosa dá dtagraítear in Airteagal 27(2);

(g) 

na húdaráis a bheidh inniúil as víosaí a fhadú, dá dtagraítear in Airteagal 33(5);

(h) 

na cineálacha comhair a roghnófar dá dtagraítear in Airteagal 40;

(i) 

staidreamh a thiomsófar i gcomhréir le hAirteagal 46 agus le hIarscríbhinn XII.

2.  
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a dtugtar fógra fúithi in iúl de bhun mhír 1 ar fáil do na Ballstáit agus don phobal trí fhoilseachán leictreonach a thabharfar cothrom le dáta go leanúnach.

Airteagal 54

Leasuithe ar Rialachán (CE) 767/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

1. 

leasaítear Airteagal 4(1) mar seo a leanas:

(a) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) 

“víosa aonfhoirmeach” faoi mar a shainítear é in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear cód Comhphobail maidir le Víosaí (“Cód Víosaí”) ( *1 );

(b) 

scriosfar pointe (b);

(c) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c) 

“víosa idirthurais aerfoirt” faoi mar a shainítear é in Airteagal 2(5) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009’.

(d) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) 

“víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige” faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009’

(e) 

scriosfar pointe (e);

2. 

In Airteagal 8(1), cuirfear:

‘Nuair a bheidh an t-iarratas inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 in ionad ar iarratas a fháil’;.

3. 

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas

(a) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

‘Sonraí le cur isteach ar iarratas’;

(b) 

▼C1

leasaítear pointe (4) mar a leanas:

▼B

(i) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) 

sloinne (ainm teaghlaigh), sloinne breithe, (sloinne/sloinnte roimhe sin) céadainm/céadainmeacha; (ainm tugtha nó ainmneacha tugtha); dáta breithe, áit bhreithe, tír bhreithe, inscne;’.

(ii) 

scriosfar pointe (e);

(iii) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g) 

Ballstát nó Ballstáit chinn scríbe agus ré an fhanachta bheartaithe nó an idirthurais;’

(iv) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

‘(h) 

príomhchuspóir nó príomhchuspóirí an turais;’;

(v) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i) 

an dáta atá beartaithe teacht isteach i limistéar Schengen agus an dáta atá beartaithe imeacht as limistéar Schengen;’

(vi) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

‘(j) 

Ballstát na chéad iontrála;’

(vii) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

‘(k) 

seoladh baile an iarratasóra’;

(viii) 

i bpointe (l), cuirfear ‘an bhunachais oideachais’ in ionad ‘na scoile’;

(ix) 

i bpointe (m) cuirfear na focail ‘athair agus máthair’ in ionad ‘údarás tuismitheora nó caomhnóir dleathach’

4. 

Cuirfear an pointe seo a leanas le hAirteagal 10(1):

‘(k) 

más infheidhme, an fhaisnéis lena léirítear gur comhlánaíodh an greamán víosa de láimh.’

5. 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre thosaigh in Airteagal 11

‘I gcúinsí ina scoirfidh an t-údarás víosaí a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige ar Bhallstát den iarratas a scrúdú, cuirfidh sé na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais:’.

6. 

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a) 

i mír 1, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) 

faisnéis stádais lena léirítear gur diúltaíodh an víosa agus cibé acu ar dhiúltaigh an t-údarás sin é thar ceann Ballstáit eile;’.

(b) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.  

Cuirfear in iúl sa chomhad iarratais an foras nó na forais ar diúltaíodh an víosa, ar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheidh ann:

(a) 

Maidir leis an iarratasóir:

(i) 

go dtíolacann sé nó sí doiciméad atá bréagach, góchumtha nó brionnaithe;

(ii) 

nach dtugann sé bonn cirt maidir le cuspóir agus maidir le coinníollacha an fhanachta atá beartaithe;

(iii) 

nach gcuireann sé ar fáil fianaise ar chóir leordhóthanach mhaireachtála a bheith aige don ré fanachta atá beartaithe aige agus don turas abhaile chuig a thír thionscnaimh nó chuig a tír thionscnaimh nó chuig an tír a bhfuil cónaí air nó uirthi ann, nó don idirthuras chuig triú tír a bhfuil sé nó sí deimhin go ligfear isteach ann é, nó nach bhfuil sé i riocht an chóir mhaireachtála sin a fháil go dlíthiúil;

(iv) 

gur fhan sé nó sí cheana féin ar feadh sé mhí i rith na tréimhse sé mhí reatha ar chríoch na mBallstát ar bhonn víosa aonfhoirmeach nó víosa a raibh bailíocht chríochach theoranta aige;

(v) 

gur duine é ar eisíodh foláireamh ina leith sa SIS chun críche cead dul isteach a dhiúltú;

(vi) 

go meastar gur bagairt é do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach nó do shláinte phoiblí a shainítear in Airteagal 2(19) de Chód Theorainneacha Schengen nó do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, go háirithe i gcás inar eisíodh foláireamh i mbunachair sonraí náisiúnta na mBallstát chun críche cead dul isteach a dhiúltú ar na forais chéanna.

(vii) 

nach gcuireann sé nó sí cruthúnas ar fáil go bhfuil árachais liachta taistil leordhóthanach agus bailí aige, i gcás inarb infheidhme;

(b) 

ní raibh an fhaisnéis a tíolacadh, maidir le bonn cirt an chuspóra agus maidir le coinníollacha an fhanachta a bhí beartaithe iontaofa

(c) 

nach bhféadfaí a fhionnadh go raibh rún ag an iarratasóir críoch na mBallstát a fhágáil sula rachadh an víosa in éag;

(d) 

nár cuireadh ar fáil an fhianaise leordhóthanach nach raibh an t-iarratasóir i riocht cur isteach ar víosa roimh ré, rud a thabharfadh bonn cirt maidir le hiarratas a dhéanamh ag an teorainn;’

7. 

Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Sonraí atá le cur leis an gcomhad do víosa a neamhníodh nó a cúlghaireadh

1.  

I gcás ina ndearnadh cinneadh víosa a neamhniú nó a chúlghairm, cuirfidh an t-údarás a rinne an cinneadh na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais:

(a) 

faisnéis stádais lena léirítear go ndearnadh an víosa a neamhniú nó a chúlghairm;

(b) 

an t-údarás a rinne an víosa a neamhniú nó a chúlghairm, agus an áit a bhfuil sé lonnaithe;

(c) 

an dáta a ndearnadh an cinneadh, agus an áit ina ndearnadh é.

2.  

Cuirfear in iúl freisin sa chomhad iarratais an foras nó na forais a bheidh le neamhniú nó le cúlghairm, arb éard a bheidh iontu:

(a) 

ceann amháin nó níos mó de na forais a liostaítear in Airteagal 12(2);

(b) 

an iarraidh ón sealbhóir víosa an víosa a chúlghairm.’

8. 

Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a) 

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre tosaigh:

‘1.  
I gcás ina ndearnadh cinneadh síneadh a chur leis an tréimhse bailíochta agus/nó tréimhse fanachta víosa atá eisithe, cuirfidh an t-údarás víosa a chuir síneadh leis an víosa an fhaisnéis seo a leanas leis an gcomhad iarratais:‘;
(ii) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d) 

uimhir ghreamán víosa an víosa a bheidh á fhadú;’;

(iii) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g) 

an chríoch a bhfuil an sealbhóir víosa i dteideal taisteal ann, má tá bailíocht chríochach an víosa a bheidh á fhadú éagsúil le bailíocht an víosa bhunaidh;’;

(b) 

scriosfar pointe (c) i mír 2;

9. 

In Airteagal 15(1), cuirfear ‘nó an víosa a fhadú’ in ionad ‘tréimhse bailíochta an víosa a fhadú nó a ghiorrú’.

10. 

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

‘4. 

Ballstát na chéad iontrála;’;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):

‘6. 

an cineál víosa a eisíodh;’;

(c) 

cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:

‘11. 

príomhchuspóir(í) an turais;’;

11. 

In Airteagal 18(4)(c), Airteagal 19(2)(c), Airteagal 20(2)(d), Airteagal 22(2)(d), scriosfar ‘nó giorraithe’.

12. 

In Airteagal 23(1) d, scriosfar an focal ‘giorraithe’.

▼M4 —————

▼B

Airteagal 56

Aisghairmeacha

1.  
Déanfar Airteagal 9 go hAirteagal 17 den Choinbhinsiún maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a aisghairm.
2.  

Aisghairtear an méid seo a leanas:

(a) 

Cinneadh Choiste Feidhmiúcháin Schengen an 28 Aibreán 1999 maidir le leaganacha críochnaitheacha den Lámhleabhar Coiteann agus de na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha SCH/Com-ex (99) 13, (na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha, lena n-áirítear na hIarscríbhinní);

(b) 

Cinntí Choiste Feidhmiúcháin Schengen an 14 Nollaig 1993 lena ndéantar síneadh a chur leis an víosa aonfhoirmeach (SCH/Com-ex (93) 21) agus maidir leis na prionsabail choiteanna i ndáil leis an víosa aonfhoirmach a chealú, a chúlghairm nó maidir le tréimhse bailíochta na víosa sin a ghiorrú, (SCH/Com-ex (93) 24), Cinneadh Choiste Feidhmiúcháin Schengen an 22 Nollaig 1994 maidir le faisnéis staidrimh i ndáil le heisiúint víosaí aonfhoirmeacha (SCH/Com-ex (94) 25) Cinneadh Choiste Feidhmiúcháin Schengen an 21 Aibreán 1998 maidir le staidreamh i ndáil le heisiúint víosaí a mhalartú (SCH/Com-ex (98) 12) agus foirm chomhchuibhithe a thabhairt isteach agus Cinneadh Choiste Feidhmiúcháin Schengen an 16 Nollaig 1998 maidir le foirm chomhchuibhithe a thabhairt isteach chun cruthúnas a thabhairt ar chuireadh, ar urraíocht agus ar chóiríocht (SCH/Com-ex (98) 57);

(c) 

Gníomhaíocht chomhpháirteach 96/197/JHA an 4 Márta 1996 maidir le socruithe i dtaobh idirthurais aerfoirt ( 13 );

(d) 

Rialachán (CE) Uimh 789/2001 an 24 Aibreán 2001 lena bhforcoimeádtar don Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil le forálacha sonracha áirithe agus nósanna imeachta praiticiúla chun iarratais ar víosaí a scrúdú ( 14 );

(e) 

Rialachán (CE) Uimh. 1091/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le saoirse gluaiseachta le víosa fadfhanachta ( 15 );

(f) 

Rialachán (CE) Uimh. 415/2003 ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le víosaí a eisiúint ag an teorainn, lena n-airítear víosaí den sórt sin a eisiúint chuig maraithe ar idirthuras ( 16 );

(g) 

Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 390/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha maidir le víosaí do mhisin taidhleoireachta agus do phoist chonsalacha i ndáil leis an mbithmhéadracht a thabhairt isteach lena n-áirítear forálacha faoi eagrúchán ghlacadh agus faoi phróiseáil na n-iarratas ar víosaí ( 17 ).

3.  
Déanfar tagairtí do na hionstraimí a aisghaireadh a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XIII iad.

Airteagal 57

Faireachán agus meastóireacht

1.  
Dhá bhliain tar éis d’fhorálacha uile an Rialacháin seo teacht chun bheith infheidhme, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar a chur i bhfeidhm ar fáil. Cuimseofar sa mheastóireacht fhoriomlán seo scrúdú ar na torthaí a baineadh amach maidir leis na cuspóirí agus maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo gan dochar do na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3.
2.  
Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ar bhonn na meastóireachta sin. tíolacfaidh an Coimisiún, más gá, tograí cuí chun an Rialachán seo a leasú.
3.  
Trí bliana tar éis an dáta a ndéanfar an VIS i a thabhairt i bhfeidhm, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme Airteagail 13, 17, 40 go 44 den Rialachán seo, lena n-áirítear bailiú agus úsáid aitheantóirí bithmhéadracha a chur chun feidhme, cé chomh hoiriúnach atá an caighdeán ICAO a roghnaíodh, comhlíonadh na rialacha cosanta sonraí, an taithí le soláthraithe seirbhíse seachtracha agus tagairt shonrach á déanamh do bhailiú sonraí bithmhéadracha, cur chun feidhme an riail 59-mí do chóipeáil méarlorg agus eagrú na nósanna imeachta a bhaineann leis na hiarratais. Áireofar sa tuarascáil freisin, ar bhonn Airteagal 17(12), (13) agus (14) agus Airteagal 50(4) den Rialachán VIS, na cásanna nárbh fhéidir na méarloirg a sholáthar go hiarbhír nó nár ceanglaíodh iad a sholáthar ar chúiseanna dlí, i gcomparáid le líon na gcásanna inar tógadh méarloirg. Áireofar sa tuarascáil faisnéis maidir le cásanna inar diúltaíodh víosa do dhuine nach raibh in ann méarloirg a sholáthar go hiarbhír. Beidh tograí iomchuí chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil i gcás inar gá.
4.  
Sa cheád cheann de na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, tabharfar aghaidh freisin ar an tsaincheist faoi leordhóthanacht iontaofacht na méarlorg chun críocha sainaithint agus fíorú, i gcás linbh atá faoi bhun 12 bhliain d’aois agus, go háirithe, ar an gcaoi a dtagann éabhlóid ar mhéarloirg agus daoine ag dul in aois, ar bhonn staidéir a cuireadh i gcrích faoi fhreagracht an Choimisiúin.

Airteagal 58

Teacht i bhfeidhm

1.  
Tiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Irisleabhar Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.  
Beidh feidhm aige ón 5 Aibreán 2010.
3.  
Beidh feidhm ag Airteagal 52 agus ag Airteagal 53(1)(a) go (h) agus (2) ón 5 Deireadh Fómhair 2009.
4.  
A mhéid a bhaineann le Líonra Comhairliúcháin Schengen (Sonraíochtaí Teicniúla), beidh feidhm ag Airteagal 56(2)(d) ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 46 den Rialachán VIS.
5.  
Beidh feidhm ag Airteagal 32(2) agus (3), ag Airteagal 34(6) agus (7) agus ag Airteagal 35(7) ón 5 Aibreán 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

▼M5




IARSCRÍBHINN I

Foirm iarratais chomhchuibhithe

IARRATAS AR VÍOSA SCHENGEN

Tá an fhoirm iarratais seo saor in aisce

image  ( 18 )

Ní líonfaidh baill teaghlaigh saoránach de chuid AE, de chuid LEE ná de chuid CH fearainn 21, 22, 30, 31 agus 32 (marcáilte le *).

Líonfar fearainn 1-3 de réir na sonraí sa doiciméad taistil.



1.  Sloinne (Ainm teaghlaigh):

ÚSÁID OIFIGIÚIL AMHÁIN

Dáta an iarratais:

Uimhir an iarratais:

2.  Sloinne breithe (Ainm / ainmneacha teaghlaigh roimhe seo):

3.  Céadainm / céadainmneacha (Ainm baiste / ainmneacha baiste):

4.  Dáta breithe (lá-mí-bliain):

5.  Áit bhreithe:

6.  Tír bhreithe:

7.  Náisiúntacht faoi láthair:

Náisiúntacht tráth breithe, murab ionann í:

Náisiúntachtaí eile:

Áit ar taisceadh an t-iarratas:

□  Ambasáid/consalacht

□  Soláthraí seirbhíse

□  Idirghabhálaí tráchtála

8.  Gnéas:

□Fireann □Baineann

9.  Stádas sibhialta:

□Singil □Pósta □Páirtnéireacht chláraithe □Scartha □Colscartha □Baintreach mná nó fir □Eile (sonraigh, le do thoil):

□  Teorainn (Ainm):

□  Eile:

10.  Údarás tuismitheora (i gcás mionaoiseach) / caomhnóir dleathach (sloinne, céadainm, seoladh murab é seoladh an iarratasóra é, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist, agus náisiúntacht):

Comhad á láimhseáil ag:

11.  Uimhir aitheantais náisiúnta, i gcás inarb infheidhme:

Doiciméid tacaíochta:

□  Doiciméad taistil

□  Cóir mhaireachtála

□  Árachas liachta taistil

12.  Cén cineál doiciméid taistil atá agat:

Gnáthphas □Pas taidhleoireachta □Pas seirbhíse □Pas oifigiúil □Pas speisialta

□Doiciméad taistil eile (sonraigh, le do thoil):

13.  Uimhir an doiciméid taistil:

14.  Dáta eisiúna:

15.  Bailí go dtí an:

16.  Arna eisiúint ag (an tír):

□  Cuireadh

□  Modh iompair

□  Eile:

Cinneadh maidir leis an víosa:

□  Víosa diúltaithe

□  Víosa eisithe:

□  A

□  C

□  Víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta

□  Bailí:

Ón:

Go dtí an:

17.  Sonraí pearsanta an bhaill teaghlaigh ar saoránach de chuid AE, de chuid LEE nó de chuid CH é más infheidhme

Sloinne (Ainm teaghlaigh):

Céadainm / céadainmneacha (Ainm baiste / ainmneacha baiste):

Dáta breithe (lá-mí-bliain):

Náisiúntacht:

Uimhir an doiciméid taistil nó an chárta aitheantais:

18.  Gaol teaghlaigh le saoránach de chuid AE, de chuid LEE nó de chuid CH más infheidhme:

□céile □leanbh □garpháiste □sinsear cleithiúnach

□páirtnéireacht chláraithe □eile:

19.  Seoladh baile agus seoladh ríomhphoist an iarratasóra:

Uimh theileafóin:

20.  An bhfuil cónaí ort i dtír nach í tír na náisiúntachta atá agat i láthair na huaire í:

□Níl

□Tá. Cead cónaithe nó a choibhéis … Uimh. … Bailí go dtí an …

*21.  Slí bheatha faoi láthair:

Líon na n-uaireanta is féidir dul isteach:

□1 □2 □Iolrach

Líon na laethanta:

* 22.  Fostóir, seoladh agus uimhir theileafóin an fhostóra. I gcás mac léinn, ainm agus seoladh na hinstitiúide oideachais:

23.  Cuspóir nó cuspóirí an turais:

□Turasóireacht □Gnó □Cuairt ar mhuintir nó ar chairde □Cultúr □Spórt □Cuairt oifigiúil □Cúiseanna leighis □Staidéar □Idirthuras aerfoirt □Eile (sonraigh, le do thoil):

24.  Faisnéis bhreise faoi chuspóir na cuairte:

25.  Ballstát is príomhcheann scríbe (agus Ballstáit eile is cinn scríbe eile, más infheidhme):

26.  Ballstát an chéad dul isteach:

27.  An líon uaireanta a n-iarrtar dul isteach:

□Dul isteach aonuaire □Dul isteach faoi dhó □Dul isteach iolrach

Dáta beartaithe teacht isteach na chéad tréimhse fanachta atá beartaithe i limistéar Schengen:

28.  Méarloirg a bailíodh cheana chun críocha iarratas a dhéanamh ar víosa Schengen: □ Níor bailíodh □ Bailíodh.

Dáta, más eol …. Uimhir an ghreamáin víosa, más eol …

29.  Cead dul isteach don tír dheireanach is ceann scríbe, i gcás inarb infheidhme:

Arna eisiúint ag … Bailí ó … go dtí …

* 30.  Sloinne agus céadainm an duine nó na ndaoine sa Bhallstát nó sna Ballstáit a thug an cuireadh. Murab infheidhme, tabhair ainm an óstáin nó na n-óstán nó an t-iostas sealadach sa Bhallstát nó sna Ballstáit:

Seoladh agus seoladh ríomhphoist an duine nó na ndaoine a thug an cuireadh / an óstáin nó na n-óstán / an lóistín shealadaigh nó na lóistíní sealadacha:

Uimh. theileafón:

*31.  Ainm agus seoladh na cuideachta / na heagraíochta a thug cuireadh duit:

Sloinne, céadainm, seoladh, uimhir theileafóin, agus seoladh ríomhphoist an teagmhálaithe sa chuideachta nó san eagraíocht:

Uimh. theileafóin na cuideachta / na heagraíochta:

*32.  Cé a íocfaidh na costais taistil agus maireachtála i rith chuairt an iarratasóra?

□  an t-iarratasóir féin

Cóir chothaithe:

□  Airgead tirim

□  Seiceanna taistil

□  Cárta creidmheasa

□  Cóiríocht réamhíoctha

□  Iompar réamhíoctha

□  Eile (sonraigh, le do thoil):

□  urraitheoir (óstach, cuideachta, eagraíocht), sonraigh le do thoil:

…□ dá dtagraítear i bhfearann 30 nó 31

…□ eile (sonraigh, le do thoil):

Cóir chothaithe:

□  Airgead tirim

□  Cóiríocht curtha ar fáil

□  Na costais uile i rith na tréimhse fanachta á gclúdach

□  Iompar réamhíoctha

□  Eile (sonraigh, le do thoil):

 

Tuigim nach n-aisíocfar an táille ar an víosa má dhiúltaítear an t-iarratas ar víosa.

 

Beidh an méid thíos infheidhme i gcás ina ndéanfar iarratas ar víosa dul isteach iolrach:

Tuigim gur gá dom árachas liachta taistil leordhóthanach a bheith agam le haghaidh mo chéad chuairte agus aon chuairteanna ina dhiaidh sin ar chríoch na mBallstát.

 

Is eol dom an méid seo a leanas agus glacaim leis: tá bailiú na sonraí is gá a thabhairt san fhoirm iarratais seo agus glacadh mo ghrianghraif agus, más infheidhme, glacadh méarlorg ina gcuid éigeantach den scrúdú ar an iarratas; agus déanfar aon sonraí pearsanta a bhaineann liom atá le feiceáil ar an bhfoirm iarratais, chomh maith le mo mhéarloirg agus mo ghrianghraf, a chur ar fáil d'údaráis ábhartha na mBallstát agus próiseálfaidh na húdaráis sin iad chun cinneadh a dhéanamh maidir le m'iarratas.

Déanfar na sonraí sin chomh maith le sonraí maidir leis an gcinneadh a ghlacfar faoi m'iarratas, nó maidir le cinneadh faoi cibé acu víosa a eisíodh a neamhniú, a chúlghairm nó a fhadú a chur isteach sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus a stóráil ann go ceann uastréimhse 5 bliana agus, lena linn sin, beidh rochtain orthu ag na húdaráis víosa atá inniúil ar sheiceálacha ar víosaí a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha agus laistigh de na Ballstáit, agus ag na húdaráis inimirce agus tearmainn sna Ballstáit chun a fhíorú an bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach dleathach ar chríoch na mBallstát, d'fhanacht agus do chónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh, chun daoine a shainaithint nach gcomhlíonann na coinníollacha seo nó nach gcomhlíonann a thuilleadh iad, agus chun iarratas ar thearmann a scrúdú agus chun an fhreagracht as an scrúdú sin a chinneadh. Faoi choinníollacha áirithe, beidh fáil ag údaráis ainmnithe sna Ballstáit agus ag Europol ar na sonraí freisin chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Seo a leanas údarás an Bhallstáit atá freagrach as na sonraí a phróiseáil: [(…)].

Is eol dom go bhfuil sé de cheart agam go gcuirfí ar an eolas mé, in aon cheann de na Ballstáit, faoi na sonraí a bhaineann liom atá ar taifead in VIS agus faoin mBallstát a tharchuir na sonraí sin, agus iarraidh a dhéanamh go gceartófaí sonraí a bhaineann liom nach bhfuil cruinn agus go scriosfaí sonraí a taifeadadh go neamhdhleathach. Ar iarraidh shainráite uaim, cuirfidh an t-údarás a bhfuil m'iarratas á scrúdú aige in iúl dom an bealach a bhféadfaidh mé an ceart atá agam a fheidhmiú chun na sonraí pearsanta a bhaineann liom a sheiceáil agus chun iad a fháil ceartaithe nó scriosta, lena n-áirítear na réitigh ghaolmhara atá ann i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Tabharfaidh údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit sin [sonraí teagmhála: …] éisteacht d'éilimh a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Dearbhaím go bhfuil na sonraí uile atá tugtha agam cruinn agus iomlán a mhéid is eol dom. Tuigim go mbeidh sé de thoradh ar aon ráiteas bréagach go ndiúltófar m'iarratas nó go neamhneofar víosa a eisíodh cheana agus go bhféadfaí mé a ionchúiseamh faoi dhlí an Bhallstáit atá ag déileáil leis an iarratas.

Geallaim go bhfágfaidh mé críoch na mBallstát sula rachaidh an víosa in éag, má thugtar dom í. Cuireadh in iúl dom nach bhfuil i víosa a bheith agam ach ceann amháin de na réamhriachtanais le haghaidh dul isteach i gcríoch Eorpach na mBallstát. Ní hionann víosa a bheith faighte agam agus mé a bheith i dteideal cúitimh mura gcomhlíonfaidh mé forálacha ábhartha Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen) agus go ndiúltófar cead isteach dom dá réir sin. Déanfar na réamhriachtanais le haghaidh dul isteach a sheiceáil arís tráth an dul isteach i gcríoch Eorpach na mBallstát.

 

Áit agus dáta:

Síniú:

(síniú an údaráis tuismitheora / an chaomhnóra dhleathaigh, más infheidhme):

▼B




IARSCRÍBHINN II

Liosta neamhchuimsitheach de dhoiciméid tacaíochta

Féadfaidh na doiciméid seo a leanas a bheith i measc na ndoiciméad tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 14 agus a bheidh le tíolacadh ag iarratasóirí ar víosa:

A. 

DOICIMÉID A BHAINEANN LE CUSPÓIR AN TURAIS

(1) 

do thurais gnó:

(a) 

cuireadh ó ghnólacht nó ó údarás chun freastal ar chruinnithe, ar chomhdhálacha nó ar imeachtaí a bhaineann le trádáil, le tionscail nó leis an obair;

(b) 

doiciméid eile a léiríonn gurb ann do chaidreamh trádála nó do chaidreamh chun críocha oibre;

(c) 

ticéid iontrála d’aontaí agus do chomhdhálacha, más iomchuí;

(d) 

doiciméid a chruthaíonn gníomhaíochtaí gnó na cuideachta;

(e) 

doiciméid lena gcruthaítear stádas fostaíochta an iarratasóra sa chuideachta.

(2) 

do thurais a dtugtar fúthu chun críocha eile seachas chun críocha an staidéir nó cineálacha eile oiliúna:

(a) 

deimhniú go bhfuil an t-iarratasóir ar an rolla i mbunachas oideachais chun freastal ar chúrsaí gairme nó ar chúrsaí teoiriciúla faoi chuimsiú na bunoiliúna agus na breisoiliúna;

(b) 

cártaí mic léinn nó teastais i leith na gcúrsaí a bhfreastalófar orthu;

(3) 

do thurais ar tugadh fúthu chun críocha eile seachas chun críocha turasóireachta nó ar chúiseanna príobháideacha:

(a) 

doiciméid a bhaineann le cóiríocht:

— 
cuireadh ón óstach má táthar le fanacht le hóstach;
— 
doiciméad ón mbunachas atá le cóiríocht a chur ar fáil nó aon doiciméad eile a chuireann in iúl an chóiríocht atá beartaithe;
(b) 

doiciméid a bhaineann leis an gcúrsa taistil:

— 
dearbhú gur cuireadh an turas eagraithe in áirithe nó aon doiciméad eile a chuireann in iúl na pleananna taistil atá beartaithe;
— 
i gcás idirthurais: víosa nó cead eile dul isteach don tríú tír is ceann scríbe; ticéid don chéad chuid eile den turas;
(4) 

i gcás turas a dtugtar fúthu chun críocha imeachtaí polaitiúla, eolaíochta, cultúrtha, spóirt nó creidimh nó ar chúiseanna eile:

— 
ticéid iontrála ar cuireadh, cláruithe nó cláir ina luaitear, aon uair is féidir é, ainm na heagraíochta óstaí agus fad an fhanachta nó aon doiciméad iomchuí eile a léiríonn cuspóir an turais;
(5) 

i gcás turas de chuid toscaireachtaí oifigiúla a mbeidh páirt á glacadh acu, de bhonn cuiridh oifigiúil, i gcruinnithe, i gcomhairliúcháin, in idirbheartaíocht nó i gcláir um malartú, nó in imeachtaí a reachtálfaidh eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch Ballstáit:

— 
litir arna heisiúint ag údarás de chuid an tríú tír lena mbaineann, lena ndearbhaítear gur comhalta é an t-iarratasóir de chuid na toscaireachta oifigiúla atá ag taisteal chuig Ballstát chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí thuasluaite, maille le cóip den chuireadh oifigiúil;
(6) 

i gcás turas a dtugtar fúthu ar chúiseanna leighis:

— 
doiciméad oifigiúil de chuid na hinstitiúide leighis lena ndearbhaítear an gá atá ann le cóir leighis san institiúid sin agus cruthúnas go bhfuil cóir airgeadais leordhóthanach ann chun íoc as an gcóir leighis sin.
B. 

DOICIMÉADACHT LENAR FÉIDIR MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR AN RÚN ATÁ AG AN IARRATASÓIR IMEACHT AS CRÍOCH NA mBALLSTÁT

(1) 

áirithint de thicéad fillte nó de thicéid turais iomlán;

(2) 

cruthúnas go bhfuil an chóir airgeadais ag an iarratasóir sa tír ina bhfuil cónaí air;

(3) 

cruthúnas ar fhostaíocht: ráitis bainc;

(4) 

cruthúnas ar mhaoin eastáit réadaigh;

(5) 

cruthúnas go bhfuil an t-iarratasóir imeasctha sa tír ina bhfuil sé ina chónaí: gaol muintearais; stádas gairmiúil.

C. 

DOICIMÉADACHT MAIDIR LE STAID TEAGHLAIGH AN IARRATASÓRA

(1) 

toiliú tuismitheora nó caomhnóra dhlíthiúil (nuair nach lena thuismitheoirí nó lena chaomhnóirí a bheidh mionaoiseach ag taisteal);

(2) 

cruthúnas go bhfuil gaol muintearais aige leis an óstach/an té a bhfuil an cuireadh á thabhairt aige.




IARSCRÍBHINN III

FORMÁID AONFHOIRMEACH AGUS ÚSÁID AN STAMPA A LÉIRÍONN GO bhFUIL AN tIARRATAS AR VÍOSA INGHLACTHA



… víosa …… (1)

 

xx/xx/xxxx (2)

… (3)

Sampla:

 

Víosa C FR

 

22.4.2009

Consulat de France

Djibouti

 

(1)   

Cód an Bhallstáit a bhfuil an t-iarratas á scrúdú aige. Úsáidtear na cóid mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII, pointe 1.1.

(2)   

An dáta iarratais (ocht ndigit: xx lá, xx mí, xxxx bliain).

(3)   

An tÚdarás a scrúdóidh an t-iarratas ar víosa.

Cuirfear an stampa ar an gcéad leathanach a bheidh ar fáil sa doiciméad taistil nach mbeidh aon iontrálacha ná aon stampaí air.




IARSCRÍBHINN IV

Liosta comhchoiteann de thriú tíortha a liostaítear in iarscríbhinn i a ghabhann le rialachán (CE) uimh 539/2001, a bhfuil sé de cheanglas ar a náisiúnaigh víosa idirthurais aerfoirt a bheith ina seilbh acu agus iad ag dul trí limistéar idirthurais idirnáisiúnta aerfort atá lonnaithe ar chríoch na mballstát

AN AFGANASTÁIN
AN BHANGLAIDÉIS
CONGÓ (POBLACHT DHAONLATHACH AN CHONGÓ)
AN EIRITRÉ
AN AETÓIP
GÁNA
AN IARÁIN
AN IARÁIC
AN NIGÉIR
AN PHACASTÁIN
AN tSOMÁIL
SRÍ LANCA

▼M5




IARSCRÍBHINN V

LIOSTA DE CHEADANNA CÓNAITHE A THUGANN TEIDEAL DO NA SEALBHÓIRÍ IDIRTHURAS A DHÉANAMH TRÍ AERFOIRT NA mBALLSTÁT GAN É A BHEITH DE CHEANGAL ORTHU VÍOSA IDIRTHURAIS AERFOIRT A BHEITH INA SEILBH

ANDÓRA:

— 
autorització temporal (cead inimirce sealadach uaine),
— 
autorització temporal per a treballadors d'empreses estrangeres (cead inimirce sealadach d'fhostaithe fiontar ón gcoigríoch — uaine),
— 
autorització residència i treball (cead cónaithe agus oibre — uaine),
— 
autorització residència i treball del personal d'ensenyament (cead cónaithe agus oibre d'fhoireann teagaisc — uaine),
— 
autorització temporal per estudis o per recerca (cead inimirce sealadach chun críocha staidéir nó taighde— uaine),
— 
autorització temporal en pràctiques formatives (cead inimirce sealadach chun críocha intéirneachtaí agus tréimhsí oiliúna — uaine),
— 
autorització residència (cead cónaithe — uaine),

CEANADA:

— 
cárta buanchónaitheora (PR),
— 
doiciméad taistil buanchónaitheora (PRTD).

AN tSEAPÁIN:

— 
cárta cónaithe.

SAN MAIRÍNE:

— 
permesso di soggiorno ordinario (bailí ar feadh bliana, féadfar é a athnuachan ar an dáta éaga),
— 
ceadanna cónaithe speisialta ar na cúiseanna seo a leanas (bailí ar feadh bliana, féadfar é a athnuachan ar an dáta éaga): freastal ar ollscoil, spórt, cúram sláinte, cúiseanna creidimh, daoine atá ag obair mar altraí in ospidéil phoiblí, feidhmeanna taidhleoireachta, aontíos céileachais, cead do mhionaoisigh, cúiseanna daonnúla, cead tuismitheora,
— 
ceadanna séasúracha agus sealadacha (bailí ar feadh 11 mhí, féadfar iad a athnuachan ar an dáta éaga),
— 
cárta aitheantais a eisítear do dhaoine a bhfuil áit chónaithe oifigiúil “residenza” acu i San Mairíne (bailí go ceann 5 bliana).

STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ:

— 
víosa inimirce bhailí nach bhfuil imithe in éag, féadfar í a fhormhuiniú ag calafort an teacht isteach mar fhianaise shealadach cónaithe, a fhad is atáthar ag feitheamh ar sholáthar chárta I-551,
— 
foirm I-551 bhailí nach bhfuil imithe in éag (Cárta buanchónaitheora); féadfaidh sé a bheith bailí ar feadh tréimhse suas le 2 bhliain nó 10 mbliana, ag brath ar aicme an ligean isteach; mura bhfuil aon dáta éagtha ar an gcárta, tá an cárta bailí don taisteal,
— 
foirm I-327 bhailí nach bhfuil imithe in éag (Cead dul isteach an athuair),
— 
—foirm I-571 bhailí nach bhfuil imithe in éag (Doiciméad taistil dídeanaí a formhuiníodh mar “Bhuanchónaitheoir Eachtrannach”).




IARSCRÍBHINN VI

image  ( 19 )

FOIRM CHAIGHDEÁNACH CHUN FÓGRA A THABHAIRT FAOI NA CÚISEANNA AR A BHFUIL VÍOSA Á DIÚLTÚ, Á NEAMHNIÚ NÓ Á CÚLGHAIRM

DIÚLTÚ / NEAMHNIÚ / CÚLGHAIRM VÍOSA

A …, a chara,

 Tá ambasáid / ard-chonsalacht / consalacht [nó údarás inniúil eile] (na) … i / in / sa … [thar ceann (ainm an Bhallstáit a bhfuil ionadaíocht á déanamh air)];

 Tá [údarás inniúil eile] (an/na) …;

 Tá na húdaráis atá freagrach as seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine ag …

tar éis

 scrúdú a dhéanamh ar d'iarratas;

 scrúdú a dhéanamh ar do víosa, darb uimhir: …, a eisíodh: … [dáta/mí/bliain].



□  Rinneadh an víosa a dhiúltú

□  Rinneadh an víosa a neamhniú

□  Rinneadh an víosa a chúlghairm

Is ar an gcúis nó ar na cúiseanna seo a leanas a rinneadh an cinneadh:

1. 
□ 

cuireadh isteach doiciméad bréagach / góchumtha / brionnaithe

2. 
□ 

níor tugadh bonn cirt le cuspóir nó coinníollacha na tréimhse fanachta atá beartaithe

3. 
□ 

níor chuir tú cruthúnas ar fáil go mbeadh cóir mhaireachtála leordhóthanach agat i rith na tréimhse fanachta atá beartaithe nó don turas abhaile chuig do thír thionscnaimh nó chuig an tír ina bhfuil cónaí ort, nó don idirthuras chuig tríú tír a bhfuil sé deimhnitheach go ligfear isteach tú

4. 
□ 

níor chuir tú cruthúnas ar fáil go bhfuil tú in ann cóir mhaireachtála leordhóthanach a fháil go dleathach don tréimhse fanachta atá beartaithe nó don turas abhaile chuig do thír thionscnaimh nó chuig an tír ina bhfuil cónaí ort, nó don idirthuras chuig tríú tír a bhfuil sé deimhnitheach go ligfear isteach tú

5. 
□ 

tá tú tar éis fanacht 90 lá cheana féin i rith na tréimhse reatha 180 lá ar chríoch na mBallstát ar bhonn víosa aonfhoirmeach nó ar bhonn víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici

6. 
□ 

tá foláireamh eisithe i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) chun cead isteach a dhiúltú ag … (sonraigh an Ballstát)

7. 
□ 

measann Ballstát amháin nó níos gur bagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach thú

8. 
□ 

measann Ballstát amháin nó níos mó gur bagairt don tsláinte phoiblí mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen) thú

9. 
□ 

measann Ballstát amháin nó níos gur bagairt dá gcaidrimh idirnáisiúnta thú

10. 
□ 

ní raibh an fhaisnéis a tíolacadh maidir leis an mbonn cirt le cuspóir agus coinníollacha na tréimhse fanachta atá beartaithe iontaofa

11. 
□ 

tá amhras réasúnach ann i dtaobh a iontaofa atá na ráitis arna ndéanamh maidir le … (sonraigh, le do thoil)

12. 
□ 

tá amhras réasúnach ann i dtaobh a iontaofa atá na doiciméid tacaíochta a tíolacadh, i dtaobh a bharántúla atá siad nó i dtaobh fhírinneacht an ábhair atá iontu

13. 
□ 

tá amhras réasúnach ann i dtaobh an raibh sé de rún agat críoch na mBallstát a fhágáil sula rachaidh an víosa in éag

14. 
□ 

níor cuireadh cruthúnas leordhóthanach ar fáil nach raibh sé ar do chumas iarratas a dhéanamh ar víosa roimh ré, rud a thabharfadh údar maith le d'iarratas ar víosa a dhéanamh ag an teorainn

15. 
□ 

níor tugadh bonn cirt le cuspóir nó coinníollacha an idirthurais aerfoirt atá beartaithe

16. 
□ 

níor chuir tú cruthúnas ar fáil ar árachas liachta taistil bailí leordhóthanach a bheith agat

17. 
□ 

d'iarr sealbhóir na víosa go ndéanfaí í a chúlghairm ( 20 ).

Barúlacha breise:

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh víosa a dhiúltú / a neamhniú / a chúlghairm.

Leagtar amach na rialacha maidir le hachomharc in aghaidh víosa a dhiúltú / a neamhniú / a chúlghairm in (tagairt don dlí náisiúnta):

An t-údarás inniúil ar féidir achomharc a thaisceadh leis (sonraí teagmhála):

Tá faisnéis faoin nós imeachta atá le leanúint ar fáil ag (sonraí teagmhála):

Ní mór achomharc a thaisceadh laistigh de (sonraigh an teorainn ama):

Dáta agus stampa na hambasáide / na hard-chonsalachta / na consalachta / na n-údarás atá freagrach as seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine / ar na húdaráis inniúla eile:

Síniú an duine lena mbaineann ( 21 ): …

▼M5 —————

▼M5




IARSCRÍBHINN X

LIOSTA DE NA CEANGLAIS ÍOSTA A ÁIREOFAR SAN IONSTRAIM DLÍ I gCÁS COMHOIBRIÚ LE SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSE SEACHTRACHA

A. 

Déanfar an méid seo a leanas leis an ionstraim dlí:

(a) 

na tascanna atá le déanamh ag an soláthraí seirbhíse seachtrach a liostú, i gcomhréir le hAirteagal 43(6) den Rialachán seo;

(b) 

na suíomhanna a chur in iúl ina bhfuil an soláthraí seirbhíse seachtrach le feidhmiú chomh maith leis an gconsalacht lena mbaineann an t-ionad iarratais aonair;

(c) 

na seirbhísí a chumhdaítear leis an táille éigeantach seirbhíse a liostú;

(d) 

treoir a thabhairt don soláthraí seirbhíse seachtrach é a chur in iúl don phobal go gcumhdaítear seirbhísí roghnacha le táillí eile.

B. 

Maidir le feidhmiú a ghníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas maidir le cosaint sonraí:

(a) 

áiritheoidh sé nach ndéanfar sonraí a léamh, a chóipeáil, a mhodhnú ná a scriosadh go neamhúdaraithe aon tráth agus, go háirithe, le linn do na sonraí sin a bheith á dtarchur chuig consalacht an Bhallstáit nó na mBallstát atá inniúil i leith phróiseáil an iarratais;

(b) 

i gcomhréir leis na treoracha a gheofar ón mBallstát nó ó na Ballstáit lena mbaineann, tarchuirfidh sé na sonraí:

— 
go leictreonach, i bhfoirm chriptithe, nó
— 
go fisiciúil, i slí dhaingnithe;
(c) 

tarchuirfidh sé na sonraí a luaithe agus is féidir:

— 
i gcás sonraí a tharchuirfear go fisiciúil, ar a laghad uair amháin sa tseachtain,
— 
i gcás sonraí criptithe a tharchuirfear go leictreonach, faoi dheireadh an lae a bhailítear iad, ar a dhéanaí,
(d) 

áiritheoidh sé modh iomchuí le comhaid iarratais aonair a rianú chuig an gconsalacht agus uaithi;

(e) 

scriosfaidh sé na sonraí ar a dhéanaí 7 lá tar éis iad a bheith tarchurtha agus áiritheoidh sé nach bhféadfar aon sonraí a choinneáil seachas ainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra chun críocha coinní a shocrú, mar aon le huimhir an phas, go dtí go dtabharfar an pas ar ais don iarratasóir, agus go scriosfar na sonraí sin 5 lá ina dhiaidh sin;

(f) 

áiritheoidh sé go nglacfar gach beart slándála is gá, idir bhearta teicniúla agus eagraíochtúla, chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh, bíodh sé neamhdhleathach nó de thaisme, nó ar chailliúint de thaisme, ar athrú, ar nochtadh gan údarás nó ar rochtain gan údarás, go háirithe i gcás ina mbainfidh an comhar le tarchur comhad agus sonraí chuig consalacht an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun iad a chosaint ar phróiseáil neamhdhleathach de gach cineál eile;

(g) 

próiseálfaidh sé na sonraí chun sonraí pearsanta iarratasóirí ar víosaí a phróiseáil thar ceann an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus chun na críche sin amháin;

(h) 

cuirfidh sé i bhfeidhm caighdeáin um chosaint sonraí a bheidh ar a laghad coibhéiseach leis na cinn a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679;

(i) 

déanfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 37 de Rialachán VIS a chur ar fáil d'iarratasóirí.

C. 

Maidir le feidhmiú a ghníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas maidir le hiompar na foirne:

(a) 

áiritheoidh sé go bhfuil an fhoireann oilte mar is iomchuí;

(b) 

áiritheoidh sé go ndéanfaidh na comhaltaí foirne na nithe seo a leanas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu:

— 
cuirfidh siad fáilte chúirtéiseach roimh iarratasóirí,
— 
urramóidh siad dínit agus sláine na n-iarratasóirí, ní dhéanfaidh siad idirdhealú in aghaidh daoine ar fhorais gnéis, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiúin nó creidimh, aoise nó gnéaschlaonta, agus
— 
urramóidh siad na rialacha rúndachta; beidh feidhm ag na rialacha sin freisin nuair a fhágfaidh na comhaltaí foirne a bpost agus tar éis don ionstraim dlí a bheith curtha ar fionraí nó tar éis di a bheith foirceanta;
(c) 

soláthróidh sé i gcónaí sonraí aitheantais na mball foirne a bheidh ag obair don soláthraí seirbhíse seachtrach;

(d) 

cruthóidh sé nach bhfuil taifid choiriúla ag aon duine den fhoireann agus go bhfuil an saineolas is gá acu.

D. 

Maidir le fíorú a dhéanamh ar fheidhmiú a ghníomhaíochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas:

(a) 

gan fógra a bheith faighte roimh ré, tabharfaidh sé cead isteach ar a áitreabh i gcónaí do chomhaltaí foirne a bhfuil cead rochtana tugtha dóibh ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann, go háirithe chun críocha cigireachta;

(b) 

áiritheoidh sé go bhféadfar cianrochtain a fháil ar a chóras coinní, chun críocha cigireachta;

(c) 

áiritheoidh sé go n-úsáidfear na modhanna ábhartha faireacháin (mar shampla iarratasóirí tástála, ceamara gréasáin);

(d) 

áiritheoidh sé go mbeidh rochtain ag údarás maoirseachta náisiúnta cosanta sonraí an Bhallstáit ar chruthúnas maidir le comhlíonadh na rialacha um chosaint sonraí, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le tuairisciú, iniúchtaí seachtracha agus seiceálacha ar an láthair tráthrialta;

(e) 

cuirfidh sé tuarascáil i scríbhinn chuig an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann gan mhoill faoi aon sárú ar shlándáil nó faoi aon ghearáin ó iarratasóirí maidir le mí-úsáid sonraí nó rochtain neamhúdaraithe, agus oibreoidh sé i gcomhar leis an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann chun teacht ar réiteach, agus tabharfaidh sé freagairt mhínitheach gan mhoill ar na hiarratasóirí a dhéanfaidh gearán.

E. 

Maidir leis na ceanglais ghinearálta, déanfaidh an soláthraí seirbhíse seachtrach an méid seo a leanas:

(a) 

gníomhóidh sé faoi threoracha an Bhallstáit nó na mBallstát atá inniúil ar an iarratas a phróiseáil;

(b) 

glacfaidh sé bearta iomchuí frith-éillithe (e.g. íocaíocht leordhóthanach foirne; comhar maidir le roghnú na mball foirne le haghaidh an chúraim; riail na beirte; prionsabal na uainíochta);

(c) 

urramóidh sé go huile agus go hiomlán forálacha na hionstraime dlí, a mbeidh clásal fionraí nó clásal maidir le foirceannadh inti, go háirithe má sháraítear na rialacha atá leagtha síos, mar aon le clásal maidir le hathbhreithniú d'fhonn a áirithiú gur léiriú ar an dea-chleachtas é an ionstraim dlí.

▼B




IARSCRÍBHINN XI

NÓSANNA IMEACHTA AGUS COINNÍOLLACHA SONRACHA LENA nÉASCAÍTEAR EISIÚINT VÍOSAÍ DO DHAOINE DEN TEAGHLACH OILIMPEACH ATÁ AG GLACADH PÁIRTE SNA CLUICHÍ OILIMPEACHA AGUS SNA CLUICHÍ PARA-OILIMPEACHA

CAIBIDIL I

Cuspóir agus Sainmhínithe

Airteagal 1

Cuspóir

Éascaíonn na nósanna imeachta agus na coinníollacha sonracha seo a leanas iarratais ar víosaí agus eisiúint víosaí do dhaoine den teaghlach Oilimpeach ar feadh ré na gCluichí Oilimpeacha agus na gCluichí Para-Oilimpeacha a eagraíonn Ballstát.

Chomh maith leis sin, beidh feidhm ag forálacha ábhartha acquis an Chomhphobail maidir le nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar víosaí víosaí a eisiúint.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1. 

Baineann ‘eagraíochtaí atá freagrach’ le bearta chun na nósanna imeachta a éascú chun iarratais ar víosaí a dhéanamh thar ceann duine den teaghlach Oilimpeach ar feadh ré na gCluichí Oilimpeacha agus na gCluichí Para-Oilimpeacha agus chun víosaí a eisiúint dóibh, agus ciallaíonn siad na heagraíochtaí oifigiúla, i dtéarmaí na Cairte Oilimpí, atá i dteideal liostaí de dhaoine den teaghlach Oilimpeach a chur faoi bhráid Choiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus na gCluichí Para-Oilimpeacha chun go ndéanfaí cártaí creidiúnaithe a eisiúint do na Cluichí;

2. 

Ciallaíonn ‘ball den teaghlach Oilimpeach’ aon duine ar comhalta é den Choiste Idirnáisiúnta Oilimpeach, den Choiste Idirnáisiúnta Para-Oilimpeach, de Chónaidhmeanna Idirnáisiúnta, de na Coistí Náisiúnta Oilimpeacha agus Para-Oilimpeacha agus de Choistí Eagrúcháin na gCluichí Oilimpeacha agus de na cumainn náisiúnta, amhail lúthchleasaithe, moltóirí/réiteoirí, traenálaithe agus teicneoirí spóirt eile, pearsanra míochaine a ghabhann le foirne nó fir nó mná spóirt aonair agus tuairisceoirí atá creidiúnaithe ag na meáin, feidhmeannaigh shinsearacha, deontóirí, urraitheoirí nó daoine eile ar tugadh cuireadh oifigiúil dóibh agus a thoilíonn a bheith faoi threoir na Cairte Oilimpí, a ghníomhaíonn faoi rialú agus faoi údarás an Choiste Idirnáisiúnta Oilimpigh, a chuirtear san áireamh ar na liostaí de na heagraíochtaí atá freagrach agus a bhfuil creidiúnú tugtha dóibh ag Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Para-Oilimpeacha a eagrú mar rannpháirtithe i gCluichí Oilimpeacha agus/nó i gCluichí Para-Oilimpeacha [bliain];

3. 

déanann ‘cártaí creidiúnaithe Oilimpeacha’ a eisíonn Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Para-Oilimpeacha i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta ceann amháin de dhá dhoiciméad shlána, ceann amháin do na Cluichí Oilimpeacha agus ceann amháin do na Cluichí Para-Oilimpeacha agus grianghraf den sealbhóir ar gach ceann díobh, lena ndéantar céannacht an duine den teaghlach Oilimpeach a chinneadh agus lena n-údaraítear rochtain ar na saoráidí a reáchtáiltear na comórtais agus na himeachtaí sceidealta eile iontu ar feadh ré na gCluichí;

4. 

Ciallaíonn ‘Ré na gCluichí Oilimpeacha agus na gCluichí Para-Oilimpeacha’ an tréimhse ina mbíonn na Cluichí Oilimpeacha ar siúl agus an tréimhse ina mbíonn na Cluichí Para-Oilimpeacha ar siúl;

5. 

Ciallaíonn ‘Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha’ an Coiste arna bhunú ag an mBallstát atá ina óstach i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta chun na Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha a eagrú, arb é an Coiste a dhéanann cinneadh faoi chreidiúnú a thabhairt do dhaoine den teaghlach Oilimpeach a mbeidh páirt á glacadh sna Cluichí sin acu;

6. 

Ciallaíonn ‘seirbhísí atá freagrach as víosaí a eisiúint’ na seirbhísí arna n-ainmniú ag Ballstát atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Para-Oilimpeacha chun na hiarratais a scrúdú agus chun víosaí a eisiúint chuig daoine den teaghlach Oilimpeach.

CAIBIDIL II

Víosaí a eisiúint

Airteagal 3

Coinníollacha

Ní fhéadfar víosa a eisiúint de bhun an Rialacháin seo ach amháin i gcás:

(a) 

ina mbeidh an duine lena mbaineann ainmnithe ag ceann amháin de na heagraíochtaí atá freagrach agus é creidiúnaithe ag Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha mar rannpháirtí sna Cluichí Oilimpeacha agus/nó sna Cluichí Para-Oilimpeacha;

(b) 

ina mbeidh ar seilbh an duine lena mbaineann doiciméad bailí taistil a údaraíonn dó teorainneacha seachtracha a thrasnú, dá dtagraítear in Airteagal 5 de Chód Teorainneacha Schengen;

(c) 

nach duine é an duine lena mbaineann ar eisíodh foláireamh ina leith chun críocha cead isteach a dhiúltú;

(d) 

nach measfar gur bagairt é do bheartas poiblí, do shlándáil náisiúnta nó do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit.

Airteagal 4

An t-iarratas a chur isteach

1.  
I gcás ina ndéanfaidh eagraíocht atá freagrach liosta de na daoine atá roghnaithe chun páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha agus/nó sna Cluichí Para-Oilimpeacha, féadfaidh sí, i dteannta le hiarratas ar chárta creidiúnaithe Oilimpeach a eisiúint do na daoine atá roghnaithe, iarratas tiomsaitheach a chur isteach ar víosaí do na daoine sin atá roghnaithe agus a bhfuil de cheangal orthu víosa a bheith ar a seilbh acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, ach amháin i gcás ina bhfuil cead cónaithe arna eisiúint ag Ballstát ar a seilbh acu, nó cead cónaithe arna eisiúint ag an Ríocht Aontaithe nó ag Éirinn, i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus daoine dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát ( 22 ).
2.  
Seolfar iarratas tiomsaitheach ar víosaí do na daoine lena mbaineann chuig Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha ag an tráth céanna a sheolfar iarratais ar chárta creidiúnaithe Oilimpigh i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunóidh an Coiste sin.
3.  
Tíolacfar iarratais víosa indibhidiúla do gach duine a ghlacann páirt sna Cluichí Oilimpeacha agus/nó sna Cluichí Para-Oilimpeacha.
4.  
Seolfaidh Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit atá ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha chuig na seirbhísí atá freagrach as víosaí a eisiúint, iarratas tiomsaitheach ar víosaí a luaithe is féidir, mar aon le cóipeanna d’iarratais ar chárta creidiúnaithe Oilimpigh do na daoine uile lena mbaineann, ar a mbeidh a n-ainm iomlán, a náisiúntacht, a ngnéas, dáta agus áit a mbreithe agus uimhir, cineál agus dáta éaga an doiciméid taistil.

Airteagal 5

Scrúdú a dhéanamh ar an iarratas tiomsaitheach ar víosaí agus an cineál víosa a eiseofar

1.  
Is iad na seirbhísí atá freagrach as víosaí a eisiúint a eiseoidh an víosa, tar éis scrúdú a dhéanamh lena áirithiú go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 á gcomhlíonadh.

▼M3

2.  
An víosa a eiseofar, is víosa aonfhoirmeach do dhul isteach iolrach a bheidh ann, lena n-údarófar fanacht nach faide ná 90 lá ar feadh ré na gCluichí Oilimpeacha agus/nó na gCluichí Para-Oilimpeacha.

▼B

3.  
I gcás nach gcomhlíonfaidh ball den teaghlach Oilimpeach lena mbaineann na coinníollacha a shonraítear i bpointe (c) nó i bpointe (d) d’Airteagal 3, féadfaidh na seirbhísí a bheidh freagrach as víosaí a eisiúint víosa a eisiúint a mbeidh bailíocht chríochach theoranta aige i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán seo.

Airteagal 6

Foirm na víosa

1.  
Dhá uimhir a iontrálfar ar an gcárta creidiúnaithe Oilimpeacha a bheidh sa víosa. An chéad uimhir is uimhir na víosa í. I gcás víosa aonfhoirmí, beidh seacht (7) gcarachtar san uimhir sin, sé (6) dhigit agus an litir ‘C’ rompu. I gcás víosa a mbeidh bailíocht chríochach theoranta aici, beidh ocht (8) gcarachtar san uimhir sin, (6) dhigit agus na litreacha ‘XX’ ( 23 ) rompu. Uimhir dhoiciméad taistil an duine lena mbaineann a bheidh sa dara huimhir.
2.  
Seolfaidh na seirbhísí atá freagrach as víosaí a eisiúint na huimhreacha víosa ar aghaidh chuig Coiste Eagrúcháin an Bhallstáit a bheidh ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Para-Oilimpeacha chun críocha cártaí creidiúnaithe Oilimpeacha a eisiúint.

Airteagal 7

Táillí a tharscaoileadh

Ní dhéanfaidh na seirbhísí a bheidh freagrach as víosaí a eisiúint aon táillí a ghearradh as scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais ar víosaí ná as na víosaí a eisiúint.

CAIBIDIL III

Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha

Airteagal 8

Víosa a chealú

I gcás ina leasófar liosta na ndaoine a bheidh ina rannpháirtithe sna Cluichí Oilimpeacha agus Para-Oilimpeacha sula gcuirfear tús leis na Cluichí, cuirfidh na heagraíochtaí atá freagrach é sin in iúl gan aon mhoill do Choiste Eagrúcháin an Bhallstáit a bheidh ina óstach ar na Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha, ionas gur féidir cártaí creidiúnaithe Oilimpeacha na ndaoine a baineadh den liosta a chúlghairm. Cuirfidh an Coiste Eagrúcháin é sin in iúl i bhfógra do na seirbhísí atá freagrach as víosaí a eisiúint agus cuirfidh sé líon na víosaí atá i gceist in iúl freisin.

Cealóidh na seirbhísí atá freagrach as víosaí a eisiúint víosaí na ndaoine lena mbaineann. Cuirfidh siad é sin in iúl láithreach do na húdaráis atá freagrach as seiceálacha teorann agus cuirfidh na húdaráis sin an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig údaráis inniúla na mBallstát eile.

Airteagal 9

Seiceálacha ag na teorainneacha seachtracha

1.  
Ní dhéanfar de sheiceáil ar theacht isteach dóibh ar dhaoine den teaghlach Oilimpeach ar eisíodh víosaí dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nuair a thrasnóidh siad teorainneacha seachtracha na mBallstát, ach a sheiceáil go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3.
2.  

Ar feadh ré na gCluichí Oilimpeacha agus/nó na gCluichí Para-Oilimpeacha:

(a) 

greamófar stampaí dul isteach agus stampaí imeachta den chéad leathanach glan de dhoiciméad taistil na mball sin den teaghlach Oilimpeach dá bhfuil sé sin riachtanach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Chód Teorainneacha Schengen. Ar dhul isteach den chéad uair, sonrófar uimhir na víosa ar an leathanach céanna;

(b) 

measfar go mbeidh na coinníollacha maidir le dul isteach agus dá bhforáiltear in Airteagal 5(1)(c) de Chód Teorainneacha Schengen comhlíonta a luaithe a chreidiúnófar go cuí ball den teaghlach Oilimpeach.

3.  
Beidh feidhm ag mír 2 maidir le daoine den teaghlach Oilimpeach ar náisiúnaigh tríú tíortha iad, cibé acu an mbeidh siad faoi réir an cheanglais víosa faoi Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 nó nach mbeidh.




IARSCRÍBHINN XII

STAIDREAMH BLIANTÚIL MAIDIR LEIS NA VÍOSAÍ AONFHOIRMEACHA, NA VÍOSAÍ A BHFUIL BAILÍOCHT CHRÍOCHACH THEORANTA ACU AGUS VÍOSAÍ IDIRTHURAIS AERFOIRT

Sonraí a bheidh le cur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le gach suíomh i gcás ina n-eiseoidh Ballstáit aonair víosaí laistigh den spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 46:

— 
Líon iomlán na víosaí A a ndearnadh iarratas ina leith (lena n-áirítear víosaí iolracha A),
— 
Líon iomlán na víosaí A a eisíodh (lena n-áirítear víosaí iolracha A),
— 
Líon iomlán na víosaí iolracha A a eisíodh,
— 
Líon iomlán na víosaí A nár eisíodh (lena n-áirítear víosaí iolracha A),
— 
Líon iomlán na víosaí C a ndearnadh iarratas ina leith (lena n-áirítear víosaí dul isteach iolrach C),
— 
Líon iomlán na víosaí C a eisíodh (lena n-áirítear víosaí dul isteach iolrach C),
— 
Líon iomlán na víosaí dul isteach iolrach C a eisíodh,
— 
Líon iomlán na víosaí C nár eisíodh (lena n-áirítear víosaí dul isteach iolrach C),
— 
Líon iomlán na víosaí LTV a eisíodh.

Rialacha ginearálta maidir le sonraí a chur isteach:

— 
Tiomsófar na sonraí don bhliain iomlán roimhe sin in aon chomhad aonair amháin,
— 
Soláthrófar na sonraí agus an teimpléad coiteann (arna sholáthar ag an gCoimisiún) á úsáid,
— 
Beidh na sonraí ar fáil maidir leis na suímh aonair ina n-eisíonn an Ballstát lena mbaineann víosaí, agus na sonraí á ngrúpáil de réir tríú tír,
— 
Leis na focail ‘níor eisíodh’, cumhdaítear sonraí ar víosaí a diúltaíodh agus ar iarratais inar scoireadh den scrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 8(2).

I gcás nach mbeidh sonraí ar fáil agus nach mbeidh na sonraí sin ábhartha maidir le catagóir faoi leith agus tríú tír, fágfaidh na Ballstáit an chill folamh (gan ‘0’ (neamhní), ‘N.I (níl sé infheidhme) ná aon luach eile a chur isteach).




IARSCRÍBHINN XIII



TÁBLA COMHGHAOIL

Foráil an Rialacháin seo

An fhoráil de Choinbhinsiún Schengen (CSA), de na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha (CCI) nó de Choiste Feidhmiúcháin Schengen (SCH/COM-ex) a ngabhtar a hionad

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

CCI, Cuid I.1. Raon Feidhme (CSA Airteagal 9 agus Airteagal 10)

Airteagal 2

Sainmhínithe

(1)-(4)

CCI, Cuid I.2. Sainmhínithe agus cineálacha víosaí

CCI, Cuid IV ‘Bunús Dlí’

CSA, Airteagal 11(2), Airteagal 14(1), Airteagal 15, Airteagal 16

TEIDEAL II

VÍOSA IDIRTHURAIS AERFOIRT

Airteagal 3

Náisiúnaigh tríú tíortha a gceanglaítear orthu víosa idirthurais aerfoirt a bheith ar seilbh acu

Comhghníomhaíocht 96/197/CGB, Cuid I. 2.1.1

TEIDEAL III

NÓSANNA IMEACHTA AGUS COINNÍOLLACHA MAIDIR LE VÍOSAÍ A EISIÚINT

CAIBIDIL I

Na húdaráis a ghlacfaidh páirt sna nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais

Airteagal 4

Na húdaráis atá inniúil chun páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais

CCI, Cuid II 4., CSA, Airteagal 12(1) Rialachán 415/2003

Airteagal 5

An Ballstát atá inniúil ar iarratas a scrúdú agus a chinneadh

CCI, Cuid II.1. 1(a)(b), CSA Airteagal 12(2)

Airteagal 6

Inniúlacht chonsalach

CCI, Cuid II, 1.1 agus 3

Airteagal 7

Inniúlacht ar víosaí a eisiúint chuig náisiúnaigh tríú tír a bheidh i láthair go dleathach laistigh de chríoch Ballstáit

Airteagal 8

Comhaontuithe maidir le hionadaíocht

CCI, Cuid II, 1.2

CAIBIDIL II

An tIarratas

Airteagal 9

Modhanna praiticiúla chun iarratas a thaisceadh

CCI, Iarscríbhinn 13, nóta (Airteagal 10(1))

Airteagal 10

Rialacha ginearálta chun iarratas a thaisceadh

Airteagal 11

Foirm iarratais

CCI, Cuid III 1.1.

Airteagal 12

Doiciméad taistil

CCI, Cuid III 2. (a), CSA, Airteagal 13(1) agus (2)

Airteagal 13

Aitheantóirí bithmhéadracha

CCI, Cuid III 1.2 (a) agus (b)

Airteagal 14

Doiciméid tacaíochta

CCI, Cuid II.2 (b) agus Cuid V.1.4, Com-ex (98) 57

Airteagal 15

Árachas liachta taistil

CCI, Cuid V, 1.4

Airteagal 16

Táille víosa

CCI, Cuid VII 4. agus Iarscríbhinn 12

Airteagal 17

Táille seirbhíse

CCI, Cuid VII, 1.7

CAIBIDIL III

Iarratas a scrúdú agus a chinneadh

Airteagal 18

Inniúlacht chonsalach a fhíorú

Airteagal 19

Inghlacthacht

Airteagal 20

Stampa lena léirítear go bhfuil iarratas inghlactha

CCI, Cuid VIII, 2

Airteagal 21

Coinníollacha maidir le teacht isteach a fhíorú agus measúnú riosca

CCI, Cuid III.4 agus Cuid V.1

Airteagal 22

Comhairliúchán roimh ré le húdaráis láir Ballstát eile

CCI, Cuid II, 2.3 agus Cuid V, 2.3(a)-(d)

Airteagal 23

Cinneadh maidir le hiarratas

CCI,Cuid V, 2.1 (an dara fleasc), 2.2, CCI

CAIBIDIL IV

An víosa a eisiúint

Airteagal 24

Víosa aonfhoirmeach a eisiúint

CCI, Cuid V, 2.1

Airteagal 25

Víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici a eisiúint

CCI, Cuid V, 3 Iarscríbhinn 14, CSA 11(2), 14(1) agus 16

Airteagal 26

Víosa idirthurais aerfoirt a eisiúint

CCI, Cuid I, 2.1.1 – Comhghníomhaíocht 96/197/CGB,

Airteagal 27

Greamán víosa a chomhlánú

CCI, Cuid VI. 1-2-3-4

Airteagal 28

Greamán víosa comhlánaithe a chur ó bhail

CCI, Cuid VI, 5.2

Airteagal 29

Greamán víosa a ghreamú

CCI, Cuid VI, 5.3

Airteagal 30

Cearta a dhíorthaítear ó víosa a eisíodh

CCI, Cuid I, 2.1, an abairt dheireanach

Airteagal 31

Údaráis láir na mBallstát eile a chur ar an eolas

Airteagal 32

Víosa a dhiúltú

CAIBIDIL V

Víosa a eisíodh a mhodhnú

Airteagal 33

Fadú

Com-ex 93 (21)

Airteagal 34

Neamhniú agus cúlghairm

Com-ex 93 (24) agus Iarscríbhinn 14 a ghabhann leis an CCI

CAIBIDIL VI

Víosaí arna n-eisiúint ag teorainneacha seachtracha

Airteagal 35

Víosaí a ndearnadh iarratas orthu ag teorainn sheachtrach

Rialachán (CE) Uimh. 415/2003

Airteagal 36

Víosaí arna n-eisiúint chuig maraithe idirthurais ag an teorainn sheachtrach

TEIDEAL IV

BAINISTÍOCHT RIARACHÁIN AGUS EAGRÚ RIARACHÁIN

Airteagal 37

Eagrú na rannán víosaí

CCI, VII, 1 - 2 - 3

Airteagal 38

Acmhainní chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais agus chun monatóireacht a dhéanamh ar chonsalachtaí

 

CCI, Cuid VII, 1A

Airteagal 39

Iompar na foirne

CCI, Cuid III. 5

Airteagal 40

Cineálacha comhair

CCI, Cuid VII, 1AA

Airteagal 41

An comhar idir Ballstáit

Airteagal 42

Leas a bhaint as consail oinigh

CCI, Cuid VII, AB

Airteagal 43

An comhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha

CCI, Cuid VII, 1B

Airteagal 44

Criptiú agus aistriú slán sonraí

CCI, Cuid II, 1.2. CUID VII, 1.6, an 6ú, an 7ú, an 8ú agus an 9ú fomhír

Airteagal 45

Comhar na mBallstát le hidirghabhálaithe tráchtála

CCI, VIII, 5.2

Airteagal 46

Tiomsú staidrimh

SCH Com-ex 94 (25) agus (98) 12

Airteagal 47

Faisnéis don phobal i gcoitinne

TEIDEAL V

COMHAR ÁITIÚIL SCHENGEN

Airteagal 48

Comhar consalach áitiúil Schengen idir chonsalachtaí na mBallstát

CCI, VIII, 1 -3 -4

TEIDEAL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 49

Socruithe i ndáil leis na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Para-Oilimpeacha

Airteagal 50

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Airteagal 51

Treoracha maidir leis an gCód Víosaí a chur i bhfeidhm go praiticiúil

Airteagal 52

An nós imeachta coiste

Airteagal 53

Fógra a thabhairt

Airteagal 54

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Airteagal 55

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh 562/2006

Airteagal 56

Aisghairmeacha

Airteagal 57

Faireachán agus meastóireacht

Airteagal 58

Teacht i bhfeidhm




IARSCRÍBHINNÍ



Iarscríbhinn I

An fhoirm iarratais chomhchuibhithe

CCI, Iarscríbhinn 16

Iarscríbhinn II

Liosta neamhchuimsitheach de dhoiciméid tacaíochta:

Cuid de CCI, V, 1.4.

Iarscríbhinn III:

Formáid aonfhoirmeach agus úsáid stampa lena léirítear go bhfuil iarratas inghlactha

CCI, VIII, 2

Iarscríbhinn IV:

Liosta coiteann de thriú tíortha, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán 539/2001, a bhfuil de cheanglas ar a gcuid náisiúnach víosa idirthurais aerfoirt a bheith acu agus iad ar a mbealach trí limistéir idirthurais idirnáisiúnta aerfort atá suite ar chríoch na mBallstát

CCI, Iarscríbhinn 3, Cuid I

Iarscríbhinn V

Liosta de na ceadanna cónaithe a thugann teideal dá sealbhóirí idirthuras a dhéanamh trí aerfoirt na mBallstát gan é a bheith de cheangal orthu víosa idirthurais aerfoirt a bheith ina seilbh acu

CCI, Iarscríbhinn 3, Cuid III

Iarscríbhinn VI:

Foirm chomhchuibhithe chun fógra a thabhairt maidir le diúltú, cealú nó cúlghairm víosa, agus chun na cúiseanna a bhí leis an méid sin a thabhairt

Iarscríbhinn VII

An greamán víosa a chomhlánú

CCI, Cuid VI, 1-4, Iarscríbhinn 10

Iarscríbhinn VIII:

An greamán víosa a ghreamú

CCI, Cuid VI, 5.3.

Iarscríbhinn IX

Rialacha maidir le víosaí a eisiúint ag an teorainn chuig maraithe atá faoi réir cheanglais víosa

Rialachán (CE) Uimh. 415/2003, Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn X

Liosta de na ceanglais íosta a áireofar san ionstraim dlí sa chás go rachfar i gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha.

CCI, Iarscríbhinn 19

Iarscríbhinn XI

Nósanna imeachta agus coinníollacha sonracha lena n-éascaítear eisiúint víosaí do dhaoine den teaghlach Oilimpeach atá ag glacadh páirte sna cluichí Oilimpeacha agus sna cluichí Para-Oilimpeacha

Iarscríbhinn XII

Staidreamh bliantúil maidir leis na víosaí aonfhoirmeacha, na víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu agus na víosaí idirthurais aerfoirt



( 1 )  IO L 81, 21.3.2001, lch 1.

( 2 )  IO L 164, 14.7.1995, lch. 1.

( 3 ) Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le liosta na ndoiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra á bhunú chun an liosta sin a shocrú (IO L 287, 4.11.2011, lch. 9).

( 4 )  IO L 53, 23.2.2002, lch 4.

( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

( 6 )  IO L 267, 27.9.2006, lch. 41.

( 7 ) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

( 8 ) Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha i ndáil le dul isteach agus cónaí na náisiúnach tríú tír chun críocha taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó cláir oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).

( 9 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

( 10 ) Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrú agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

( 11 )  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

( 12 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

( *1 )  OJ L 243, 15.9.2009, p. 1.’;

( 13 )  IO L 63, 13.3.1996, lch. 8.

( 14 )  IO L 116, 26.4.2001, lch. 2.

( 15 )  IO L 150, 6.6.2001, lch. 4.

( 16 )  IO L 64, 7.3.2003, lch. 1.

( 17 )  IO L 131, 28.5.2009, lch. 1.

( 18 ) Ní gá lógó i gcás na hIorua, na hÍoslainne, Lichtinstéin ná na hEilvéise.

( 19 ) Ní gá lógó i gcás na hIorua, na hÍoslainne, Lichtinstéin ná na hEilvéise.

( 20 ) Ní ghabhann ceart achomhairc le cúlghairm víosa atá bunaithe ar an gcúis seo.

( 21 ) Má cheanglaítear é sin faoin dlí náisiúnta.

( 22 )  IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.

( 23 ) Tagairt do chód ISO an Bhallstáit eagrúcháin.

Top