|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH MEASÚNÚ TIONCHAIR |
|
|
Is é is aidhm don doiciméad seo eolas a thabhairt don phobal agus do pháirtithe leasmhara faoin obair reachtach a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo chun go mbeidh siad in ann aiseolas a thabhairt faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt dúinn, eolas ar thionchair fhéideartha na roghanna éagsúla san áireamh. |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
An Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht |
|
Príomh-AS (an taonad atá freagrach) |
RTD.A5 – Beartas Nuálaíochta agus Rochtain ar Mhaoiniú |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Reachtach – Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
|
Amchlár táscach |
R1 2026 |
|
Tuilleadh eolais |
- |
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
I dTreoirlínte Polaitiúla an Choimisiúin 2024-2029 ón Uachtarán von der Leyen, leagadh síos tosaíochtaí chun taighde agus nuálaíocht a chur i gcroílár ár ngeilleagair, chun an creat rialála a shimpliú agus chun deireadh a chur leis an rómhaorlathas do chuideachtaí nuálacha, agus chun a chinntiú gur féidir le gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha rochtain a fháil ar an gcaipiteal a theastaíonn uathu chun iad a mhéadú san Eoraip seachas iallach a bheith orthu athlonnú thar lear. Iarradh sa litir mhisin chuig an gCoimisinéir um ghnólachtaí nuathionscanta agus um thaighde agus nuálaíocht go bhforbrófaí Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht chun ár gcreat rialála a chuíchóiriú, chun rochtain ar chaipiteal fiontair a éascú do ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí nuálacha Eorpacha atá i mbun fáis, chun tacú leo tástáil a dhéanamh, le ‘boscaí gainimh’ mar shampla, agus chun réitigh agus teicneolaíochtaí nua a chur ar an margadh. Sa Chompás Iomaíochais don Aontas Eorpach, sainaithníodh an Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht mar cheann de na príomhthionscnaimh chun an bhearna nuálaíochta idir an tAontas agus a iomaitheoirí domhanda a dhúnadh – ceann de na trí riachtanas chlaochlaitheacha chun iomaíochas na hEorpa a neartú. Luadh ann go gcuirfear chun cinn freisin leis an Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht rochtain cuideachtaí nuálacha ar bhonneagair thaighde agus theicneolaíochta Eorpacha agus ar shócmhainní intleachtúla arna nginiúint ag Taighde agus Nuálaíocht a chistítear go poiblí. Tá an tionscnamh seo comhlántach le tionscnaimh nua eile de chuid an Aontais a glacadh le déanaí, agus tá dlúthbhaint aige leo, lena n‑áirítear Straitéis an Aontais Eorpaigh um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, an Straitéis maidir le Margadh Aonair, Aontas na Scileanna, agus an Teachtaireacht maidir leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta Eorpach, chomh maith leis na tionscnaimh atá le teacht: an Gníomh um an Limistéar Eorpach Taighde, an 28ú córas le haghaidh cuideachtaí, an t‑athbhreithniú ar threoracha an Aontais maidir le soláthar poiblí agus rialachán an Aontais um chaighdeánú. Cuireann an Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht le tionscnaimh a bhí ann roimhe seo freisin arbh é is aidhm dóibh tírdhreach na nuálaíochta san Eoraip a neartú, is é sin le rá Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht 2022. Freagraíonn sé freisin do Chonclúidí 2024 ón gComhairle Eorpach chun soláthar nuálaíochta a fhréamhú i mbeartais taighde agus nuálaíochta. Ar deireadh, freagraíonn an Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht do ghlaonna leanúnacha cheannairí an Aontais Eorpaigh freisin e.g. Dearbhú Bhúdaipeist 2024 i ndáil leis an gComhaontú Nua maidir le hIomaíochas chun leas a bhaint as acmhainneacht Mhargadh Aonair an Aontais. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Is é is aidhm don Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin atá os comhair na gcuideachtaí nuálacha uile san Aontas, idir chuideachtaí móra agus chuideachtaí beaga. Áireofar inti freisin roinnt bearta sonracha do na cuideachtaí beaga, do na gnólachtaí nuathionscanta agus do na gnólachtaí atá ag méadú, toisc go bhfuil roinnt constaicí breise rompu a fhágann go mbíonn sé níos deacra dóibh fás agus rochtain a fháil ar an margadh. Áirítear an méid seo a leanas ar na fadhbanna a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu leis an Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht: ·Ilroinnt rialála: Trí 27 gcóras rialála éagsúla a bheith ann san Aontas, cruthaítear timpeallacht chasta rialála chun oibriú agus infheistíocht a dhéanamh thar theorainneacha laistigh de Mhargadh Aonair an Aontais. ·An gá atá le creataí rialála atá níos fabhraí don nuálaíocht: Tá sé d’acmhainn ag an rialáil an nuálaíocht a spreagadh nuair atá an rialáil dea-dheartha. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach ndéanfadh lucht ceaptha beartas measúnú leordhóthanach i gcónaí ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an reachtaíocht atá ar na bacáin ar an nuálaíocht, rud a d’fhéadfadh ualach rialála iomarcach a bheith mar thoradh air. ·Deiseanna neamhleora chun réitigh nuálacha a thástáil: Cé go n‑úsáidtear binsí tástála agus saotharlanna beo go forleathan san Eoraip cheana féin chun réitigh nuálacha a thástáil mar chuid de ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha níos leithne, níl boscaí gainimh rialála chomh forleathan céanna ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Níl a acmhainneacht iomlán bainte amach go fóill ag an gcomhar idir údaráis rialála inniúla agus nuálaithe, comhar arb é is aidhm dó tairbhe a bhaint as foghlaim fhrithpháirteach faoin tionchar rialála a d’fhéadfadh a bheith ag teicneolaíochtaí nuálacha. ·Rochtain theoranta ar mhaoiniú: Is deacair do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú san Aontas a gcearta maoine intleachtúla (CMInna) a úsáid mar chomhthaobhacht chun maoiniú a fháil ó infheisteoirí airgeadais. Tá rochtain ar chistí náisiúnta agus ar chistí an Aontais fós teoranta freisin toisc nár leithdháileadh dóthain cistiúcháin phoiblí chun tacú le tráchtálú nuálaíochtaí agus le gnólachtaí nuathionscanta nuálacha a uas-scálú. Ina theannta sin, ní leor na samhlacha maoiniúcháin phoiblí atá bunaithe ar dheontais nó atá dírithe ar fhiachas chun freastal ar riachtanais maoinithe fáis cuideachtaí nuálacha. ·Saothrú tráchtála neamhleor: Tá acmhainneacht neamhshaothraithe ann eolas/CMI a chruthaítear i dtaighde agus nuálaíocht a chistítear go poiblí a thráchtálú. Is é is cúis leis an acmhainneacht neamhshaothraithe sin bacainní agus ilroinnt maidir le beartais CMI, caighdeánú, deimhniú agus ceadanna a fháil le haghaidh réitigh nuálacha ar fud Bhallstáit an Aontais. Cuireann na bacainní agus an ilroinnt sin bac ar thráchtálú torthaí taighde acadúil agus ar an gcomhar idir an earnáil tionsclaíochta, an saol acadúil agus an earnáil phoiblí sa chiall is leithne. ·Rochtain theoranta ar bhonneagair thaighde agus theicneolaíochta: Cé gur minic a bhíonn sé sin ríthábhachtach chun réitigh nuálacha a fhorbairt agus a thástáil, is minic nach mbíonn na hacmhainní ag cuideachtaí beaga nuálacha chun saoráidí den sórt sin a thógáil nó trealamh costasach a cheannach iad féin. Is minic a bhíonn sé anásta ó thaobh riaracháin de rochtain den sórt sin a fháil, nó is minic a chuireann úinéirí bonneagair srianta i bhfeidhm, rud a chuireann teorainn le rochtain cuideachtaí príobháideacha. ·Soláthar nuálaíochta tearcúsáidte: Cuireann soláthar nuálaíochta poiblí agus príobháideach deis ar fáil do chuideachtaí nuálacha a gcéad orduithe móra a fháil agus a ngnó a fhás. Mar sin féin, tá tearcúsáid á baint as soláthar nuálaíochta san Aontas agus tá bacainní roimh chuideachtaí nuálacha maidir lena nuálaíochtaí a thabhairt chuig an margadh soláthair phoiblí agus phríobháidigh ar fud an Aontais. ·Tallann a mhealladh agus a choinneáil: D’fhéadfadh tírdhreach casta de noirm, rialacháin agus rialacha cánach éagsúla ar fud Bhallstáit an Aontais bac a chur ar scéimeanna úinéireachta fostaithe, amhail scair-roghanna, a úsáid ar bhonn níos forleithne, cé gur féidir leo a bheith ina ndreasacht thábhachtach do chuideachtaí nuálacha chun an tallann a theastaíonn uathu a mhealladh agus a choinneáil. ·Easpa comhordaithe maidir le beartais nuálaíochta: Tá beartais nuálaíochta fós neamhchomhordaithe den chuid is mó i measc na mBallstát agus laistigh den Aontas toisc nach bhfuil aon sásra foirmiúil ann faoi láthair chun beartais nuálaíochta náisiúnta agus beartais nuálaíochta an Aontais a chomhordú go héifeachtach. |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Bunús dlí |
|
Ag brath ar an gcaoi a leagtar síos cuspóirí ginearálta agus sonracha Ionstraime Eorpaí um Nuálaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann, d’fhéadfaí roinnt bunúis dlí a mheas. Áirítear orthu sin (i) Airteagal 114 CFAE maidir le bearta a ghlacadh chun bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chinntiú, (ii) Airteagal 173(3) CFAE chun tacú le gníomhaíochtaí arna ndéanamh sna Ballstáit chun na dálaí is gá a chinntiú ar mhaithe le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta an Aontais agus chun oiriúnú a hearnála tionsclaíochta d’athruithe struchtúracha i ngeall ar thimthriallta nuálaíochta tapa a chinntiú, chomh maith le (iii) Airteagal 182(5) CFAE maidir leis na bearta is gá a ghlacadh chun an limistéar Eorpach taighde a chur chun feidhme. Féadfar breithniú a dhéanamh ar bhunúis dlí eile, ag brath ar raon feidhme deiridh an tionscnaimh seo. |
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
|
Is é is aidhm don Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna atá roimh ghníomhaithe éagsúla san éiceachóras nuálaíochta, saincheisteanna a bhaineann, i measc nithe eile, le rochtain ar mhaoiniú, ar thallann nó ar bhonneagair agus ar mhargaí. Leis an Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht rachfar i ngleic freisin leis na bacainní agus na laigí atá ag cur bac ar an Eoraip maidir le hiomaíochas tionsclaíoch a athbhunú agus fás a chothú. Eascraíonn go leor de na saincheisteanna sin go díreach nó go hindíreach as ilroinnt Mhargadh Aonair an Aontais, ina measc an ilroinnt a bhaineann le gluaiseacht caipitil, oibrithe, chomh maith le hearraí agus seirbhísí. Ina theannta sin, baineann cuid de na saincheisteanna atá roimh chuideachtaí nuálacha leis an rómhaorlathas a chruthaítear le rialacháin ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon. Eascraíonn saincheisteanna eile as bacainní a laghdaíonn an fhéidearthacht taighde acadúil agus réitigh nuálacha a eascraíonn as an gcomhar idir an earnáil tionsclaíochta, an saol acadúil agus an earnáil phoiblí a thráchtálú. Dá bhrí sin, leis na bearta a d’fhéadfadh a bheith mar chuid den Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht, ní bhainfí leas iomlán as Margadh Aonair an Aontais chun ligean do chuideachtaí nuálacha fás ach amháin dá molfaí ar leibhéal an Aontais iad. Ar an gcaoi chéanna, ní dhéanfaí sásraí comhordaithe éifeachtacha a bhunú idir an tAontas agus a Bhallstáit ach amháin trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. |
|
B. Na cuspóirí agus na roghanna beartais |
|
Is é is cuspóir don Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht cur in úsáid agus scaipeadh na nuálaíochta a chur chun cinn agus dlús a chur leis an gcur in úsáid agus leis an scaipeadh sin, agus cothrom iomaíochta atá fabhrach don nuálaíocht a chruthú ionas go mbeidh cuideachtaí nuálacha, lena n‑áirítear FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, in ann fás laistigh de Mhargadh Aonair an Aontais. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tá na réimsí idirghabhála seo a leanas á mbreithniú: ·An creat rialála atá ann cheana a shimpliú agus a dhéanamh níos fabhraí don nuálaíocht chun an t‑ualach riaracháin agus rialála atá ar chuideachtaí nuálacha a laghdú. ·Rochtain ar mhaoiniú a éascú trí leas a bhaint as an acmhainneacht a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a úsáid mar chomhthaobhacht chun maoiniú a fháil do chuideachtaí nuálacha, agus ar an gcaoi sin rochtain bhreise ar bhearta airgeadais faoin Aontas Coigiltis agus Infheistíochta a chomhlánú. ·Tacú le rochtain cuideachtaí nuálacha ar chistí an Aontais agus ar chistí náisiúnta. ·Is céimeanna tábhachtacha iad i dtreo táirgí nuálacha a chur ar an margadh go sábháilte tacú le cuideachtaí nuálacha a nuálaíochtaí a fhorbairt agus a thástáil maidir le bonneagair thaighde agus theicneolaíocha úrscothacha, agus ar an gcaoi sin bearta sa Ghníomh um an Limistéar Eorpach Taighde a chomhlánú, agus maidir le dálaí an mhargaidh, mar shampla trí bhoscaí gainimh rialála. ·Cur in úsáid agus scaipeadh nuálaíochtaí sa mhargadh a éascú, lena n‑áirítear trí sholáthar poiblí agus príobháideach a dhéanamh níos fabhraí don nuálaíocht, agus ar an gcaoi sin na bearta atá beartaithe faoin athbhreithniú ar threoracha soláthair phoiblí an Aontais a chomhlánú. ·Cuideachtaí nuálacha a chumasú chun tallann a mhealladh agus a choinneáil ar bhealach níos fearr, lena n‑áirítear déanamh amhlaidh trí scéimeanna tarraingteacha úinéireachta fostaithe, agus ar an gcaoi sin an 28ú córas do chuideachtaí agus Aontas na Scileanna a chomhlánú. ·Feabhas a chur ar thráchtálú torthaí acadúla Taighde agus Nuálaíochta a chistítear go poiblí trí fheabhas a chur ar shaothrú ceart maoine intleachtúla, ar chaighdeánú agus ar dheimhniú, agus ar an gcaoi sin bearta sa Ghníomh um an Limistéar Eorpach Taighde agus sa Straitéis maidir le Margadh Aonair a chomhlánú. ·Creat a bhunú lena n‑éascaítear comhordú beartas nuálaíochta i measc na mBallstát, agus idir na Ballstáit agus an tAontas Eorpach chomh maith. Ba cheart don Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht sraith creatdálaí cothrománacha a chruthú a chuideoidh le nuálaíochtaí a thabhairt chuig an margadh i ngach earnáil seachas tionscnaimh nuálaíochta earnáilsonracha a thabhairt isteach. I gcomhthéacs an mheasúnaithe tionchair, breithneoidh an Coimisiún raon beart beartais a d’fhéadfadh a bheith ann, chun na cuspóirí a liostaítear thuas a bhaint amach. D’fhéadfadh bearta neamhreachtacha a bheith i bhfoirm sásraí tacaíochta éagsúla amhail cúnamh, treoirdhoiciméid agus moltaí do na Ballstáit. Déanfar bearta atá ceangailteach ó thaobh dlí de a mheas freisin. D’fhéadfaí a áireamh leo, mar shampla, sainmhíniú comhchoiteann a bhunú ar leibhéal an Aontais ar ghnólachtaí nuathionscanta, ar ghnólachtaí atá ag méadú agus ar chuideachtaí nuálacha chun é a dhéanamh níos éasca bearta rialála a chur in oiriúint do na cineálacha cuideachtaí sin. Thairis sin, d’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin freisin bunphrionsabail dhlíthiúla a bhunú faoi dhlí an Aontais a bhaineann le tráchtálú sócmhainní intleachtúla a eascraíonn as Taighde agus Nuálaíocht a chistítear go poiblí, bunphrionsabail dhlíthiúla choiteanna a bhunú a bhaineann le boscaí gainimh rialála, forálacha dlíthiúla a thabhairt isteach lena mbaintear bacainní a chuireann bac ar chuideachtaí nuálacha rochtain a fháil ar sholáthar poiblí agus príobháideach, agus bearta eile. Déanfar measúnú sa mheasúnú tionchair ar na costais a bhfuil coinne leo agus ar éifeachtaí dearfacha na mbeart i gcomparáid leis an mbonnlíne i.e. leanúint den status quo (an staid reatha). Déanfar bearta beartais a chuachadh ina roghanna beartais. Déanfar na bearta agus na roghanna beartais a bheachtú a thuilleadh, agus féadfar bearta breise a bhunú le linn an mheasúnaithe tionchair agus ar bhonn fianaise, lena n‑áirítear fianaise ó chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara. Ag brath ar na bearta sa rogha ab fhearr a eascraíonn as an measúnú tionchair, d’fhéadfadh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a bheith i bhfoirm bearta reachtacha agus neamhreachtacha. |
|
C. Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Is dócha go bhfeabhsóidh an tionscnamh na dálaí ina n‑oibríonn cuideachtaí nuálacha san Eoraip, rud a chinnteoidh a bhfás eacnamaíoch níos tapúla laistigh den Mhargadh Aonair agus a chruthóidh poist do shaoránaigh na hEorpa an tráth céanna. Trí bhunú agus fás cuideachtaí nuálacha san Eoraip a spreagadh, tá coinne leis go gcuideoidh an tionscnamh le feabhas a chur ar éiceachóras gnó agus tionsclaíoch na hEorpa ina iomláine. Tá an nuálaíocht ríthábhachtach chun dul i ngleic leis na dúshláin shochaíocha atá ann cheana, agus is príomhchumasóirí iad réitigh nuálacha d’aistriú glas agus digiteach gheilleagar na hEorpa. Trí nuálaíocht a spreagadh, cuideoidh an tionscnamh leis an mbearna nuálaíochta idir an Eoraip agus a hiomaitheoirí domhanda a dhúnadh agus le hiomaíochas na hEorpa a mhéadú. Trí ghlacadh réiteach nuálach ar fud an Mhargaidh Aonair a éascú agus trí fheabhas a chur ar an gcomhordú idir na Ballstáit agus an tAontas Eorpach maidir le beartas nuálaíochta, beidh tionchar dearfach ag an tionscnamh ar scaipeadh táirgí nuálacha agus réiteach nuálach san Aontas. Ina theannta sin, trí bhorradh a chur faoi dheiseanna chun cuideachtaí nuálacha san Aontas a uas-scálú, rud a chuirfidh cosc orthu athlonnú chuig áiteanna eile ar domhan, neartófar bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch an Aontais. Cuireann sé sin le ceannasacht theicneolaíoch agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais, rud a chuidíonn le leas shochaí an Aontais. |
|
D. Ionstraimí maidir le Rialáil Níos Fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Reáchtálfar measúnú tionchair chun tacú le hullmhú an tionscnaimh seo agus chun bonn eolais a chur faoi mholadh an Choimisiúin. Déanfar an measúnú tionchair sa dara leath de 2025. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle ar bhealach chomh forleathan agus is féidir chun ionchur bunriachtanach a bhailiú agus chun a chinntiú go gcuirfear tuairimí an phobail i gcoitinne agus leas an Aontais san áireamh agus an tionscnamh seo á dhearadh. Tá comhairliúcháin spriocdhírithe le páirtithe leasmhara agus comhairliúchán poiblí beartaithe le haghaidh an tionscnaimh seo. Leis an gcomhairliúchán poiblí, in éineacht leis an nGlao ar Fhianaise seo, tugtar deis do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a roinnt agus fianaise ábhartha a chur isteach. Mairfidh an comhairliúchán 12 sheachtain agus tá sé le fáil ar an tairseach ‘Cloisimis uait’ i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Mar chuid den mheasúnú tionchair, díreofar comhairliúcháin spriocdhírithe ar (i) údaráis na mBallstát agus údaráis réigiúnacha, (ii) ionadaithe tionscail, (iii) ionadaithe FBManna nuálacha, (iv) ionadaithe an phobail gnólachtaí nuathionscanta, (v) ionadaithe ó réimse an ardoideachais agus taighde, ina measc gorlanna ollscoile agus luasairí gnó, agus (vi) ionadaithe ón earnáil airgeadais agus ó na hearnálacha rialála, caighdeánaithe, deimhniúcháin agus soláthair. Úsáidfear na comhairliúcháin spriocdhírithe chun tuairimí agus fianaise a bhailiú maidir leis an tionchar a mheastar a bheidh ag bearta féideartha. Bainfear leas sa mheasúnú tionchair freisin as torthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin le páirtithe leasmhara arna ndéanamh ag an gCoimisiún i gcomhthéacs Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú. Déanfar an comhairliúchán a chur chun cinn ar shuíomh gréasáin AS RTD, foilseofar an tuarascáil fhíorasach achomair ar an gcomhairliúchán poiblí ar leathanach an chomhairliúcháin 8 seachtaine tar éis dhúnadh an chomhairliúcháin phoiblí agus ullmhófar tuarascáil achoimre ina dtabharfar achoimre ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin uile in éineacht leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair. |
|
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
|
I gcomhthéacs an Ghlao ar Fhianaise, tabharfaidh an comhairliúchán deis do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a roinnt, go háirithe maidir le bearta féideartha agus leis an gcaoi ar féidir leis an tionscnamh cabhrú le bunú agus fás cuideachtaí nuálacha san Aontas Eorpach a éascú agus scaipeadh na nuálaíochta ar fud Mhargadh Aonair an Aontais a fheabhsú. |
|
An spriocphobal |
|
Dírítear sa chomhairliúchán ar dhaoine aonair agus ar chuideachtaí, ar ionadaithe tionscail, ar ionadaithe FBManna, ar ionadaithe an phobail gnólachtaí nuathionscanta, ar dhaoine den saol acadúil agus ó institiúidí taighde, ar ionadaithe ón earnáil airgeadais, ar chomhlachtaí poiblí, lena n‑áirítear ceannaitheoirí poiblí, ar ionadaithe bonneagair taighde agus teicneolaíochta, agus ar pháirtithe leasmhara eile. |