ECO/641
Creat cánachais d’eintitis an gheilleagair shóisialta
TUAIRIM
An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
Creat cánachais d’eintitis an gheilleagair shóisialta
(tuairim féintionscnaimh)
Rapóirtéir: Giuseppe GUERINI
|
Comhairleoir
|
Samuel CORNELLA (thar ceann an rapóirtéara)
|
|
|
|
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
18/1/2024
|
|
Bunús dlí
|
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta
|
|
|
(tuairim féintionscnaimh)
|
|
|
|
|
An rannóg atá freagrach
|
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
27/6/2024
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
74/0/0
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
D/M/BBBB
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Cuireann CESE chun suntais a riachtanaí atá sé nach gcuirfidh córais chánach na mBallstát isteach ar fhorbairt an gheilleagair shóisialta agus is díol sásaimh dó cuspóir an Choimisiúin Eorpaigh tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit trí threoirlínte a fhoilsiú faoi chreataí cánachais ábhartha is infheidhme maidir le heintitis an gheilleagair shóisialta, bunaithe ar anailís agus ionchur a bheidh curtha ar fáil ag údaráis na mBallstát agus ag geallsealbhóirí an gheilleagair shóisialta.
1.2Tugann CESE dá aire go bhféadfadh an t-eolas i dtaobh na modhanna cur chuige sna Ballstáit éagsúla a bheith ina thúsphointe tábhachtach maidir leis an gcreat cánachais foriomlán a bhaineann le heintitis an gheilleagair shóisialta ar an margadh inmheánach a dhoimhniú agus a fheabhsú.
1.3Cé go dtuigeann CESE na deacrachtaí móra atá i gceist leis an riachtanas riail na haontoilíochta a chur i bhfeidhm sa Chomhairle, tá súil aige, d’fhonn an margadh inmheánach a chomhdhlúthú, go mbeifear in ann comhchuibhiú a dhéanamh ar na cineálacha cur chuige maidir le cáin a ghearradh ar eintitis an gheilleagair shóisialta sna blianta atá amach romhainn. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí dianmhachnamh ar na bealaí éagsúla ina bhféadfaí creat cánachais an gheilleagair shóisialta a comhchuibhiú san Aontas sna blianta atá le teacht.
1.4Tacaíonn CESE, go háirithe, le bearta fioscacha náisiúnta atá dírithe ar chóireáil cánach ar leith a thairiscint i gcás brabús a athinfheistítear chun cuspóirí reachtúla a bhaint amach nó a choinnítear i gcúlchiste nach féidir a dháileadh, agus meabhraíonn sé gur minic nach féidir na cúlchistí sin a dháileadh ar na scairshealbhóirí le linn shaolré na cuideachta nó fiú tar éis a díscaoilte. D’fhonn eintitis an gheilleagair shóisialta a chaipitliú, tá ríthábhacht le brabús a athinfheistiú nó a choinneáil i gcúlchiste nach féidir a dháileadh.
1.5Is díol sásaimh do CESE go bhfuil eintitis an gheilleagair shóisialta faoi réir rátaí sonracha CBL (5 % agus 10 %) i roinnt Ballstát, rátaí atá comhoiriúnach do chreat rialála CBL an Aontais, agus molann sé don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit a machnamh a dhéanamh freisin ar rátaí áirithe CBL le haghaidh gníomhaíochtaí leasa phoiblí arna ndéanamh ag eintitis an gheilleagair shóisialta agus le haghaidh seirbhísí sóisialta, go háirithe i réimsí an chúraim shóisialta agus na sláinte do dhaoine scothaosta, sin agus i réimsí na seirbhísí pearsanta, an chúraim fhadtéarmaigh agus an oideachais.
1.6Meabhraíonn CESE gurbh fhiú smaoineamh ar shainmhíniú ar an rud is ‘eintiteas de chuid an gheilleagair shóisialta’ ann a thabhairt isteach sa Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine i réimse na státchabhrach, agus gur cheart sásraí iomchuí a fhorbairt freisin chun maoiniú eintitis an gheilleagair shóisialta tríd an gcánachas a dhíolmhú ón gcreat státchabhrach.
1.7I dtreo nach mbeidh saobhadh agus iompar faille nó seachantach ann, molann CESE gur cheart cláir phoiblí inrochtana thrédhearcacha a bheith ag na Ballstáit uile ar a gclárófaí na heintitis sin de chuid an gheilleagair shóisialta a fhaigheann síntiúis. Ba cheart foráil a dhéanamh sna cláir sin maidir le ráitis airgeadais agus ráitis mhisin a chur isteach, ráitis ina sainaithnítear go soiléir na gníomhaíochtaí leasa ghinearálta a dhéanann na heintitis i gceist a bhuí sin le síntiúis, fóirdheontais agus ranníocaíochtaí poiblí nó síntiúis phríobháideacha.
2.Cúlra
2.1Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Building an economy that works for people: an action plan for the social economy [Geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta], aithnítear an ghné shainiúil atá i gceist leis an ngeilleagar sóisialta, agus mínítear an difríocht idir eintitis an gheilleagair shóisialta agus na fiontair thraidisiúnta. Aithnítear freisin go gcuireann an geilleagar sóisialta leis an gcomhtháthú sóisialta sa mhargadh inmheánach agus leis an gcothroime i gcóras eacnamaíoch na hEorpa.
2.2Luaitear sa Teachtaireacht sin go bhfuil an cánachas ina cheist thábhachtach don gheilleagar sóisialta, agus gur beag tír ag a bhfuil creat cánachais sonrach comhsheasmhach le haghaidh na bhfiontar sóisialta. Tugtar le fios, áfach, go bhfuil dreasachtaí á dtabhairt ag a lán tíortha, e.g. díolúintí ó cháin chorparáide ar thuilleamh coinnithe, rátaí CBL díolmhaithe nó laghdaithe, costais árachais shóisialta laghdaithe nó fóirdheonaithe, agus laghduithe cánach do dheontóirí príobháideacha agus institiúideacha.
2.3Tugtar faoi deara sa Teachtaireacht chéanna, fiú sna Ballstáit a bhfuil bearta sonracha fioscacha acu, go mbíonn sé casta uaireanta na dreasachtaí sin a fháil agus nach leor i gcónaí an comhordú a dhéantar ar na gníomhaíochtaí éagsúla. I ndáil leis sin, tugtar le fios go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach an fhoghlaim fhrithpháirteach a chothú agus treoir agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit trí threoirlínte a fhoilsiú maidir le creataí cánachais ábhartha is infheidhme maidir le heintitis an gheilleagair shóisialta, bunaithe ar anailís agus ionchur a bheidh curtha ar fáil ag údaráis na mBallstát agus ag geallsealbhóirí an gheilleagair shóisialta.
2.4Sa Mholadh ón gComhairle an 27 Samhain 2023 maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt, athdhearbhaítear go bhfuil ‘ról nach beag ag beartas cánach freisin chun an geilleagar sóisialta a chothú, chun a áirithiú go bhfuil eintitis an gheilleagair shóisialta in ann a bheith ag oibriú taobh le gnólachtaí príomhshrutha agus chun timpeallacht ghnó níos cothroime a chruthú agus, ag an am céanna, a bheith ag rannchuidiú le cuimsiú sóisialta agus rochtain níos fearr ar fhostaíocht’.
2.5Tá dhá staidéar chuimsitheacha ann a ghabhann leis an Moladh sin, mar atá, Relevant taxation frameworks for Social Economy Entities – SWD(2023) 211 final – agus Non-discriminatory taxation of charitable organisations and their donors: principles drawn from EU case-law – SWD(2023) 212 final – atá dírithe, faoi seach, ar an reachtaíocht éagsúil i réimse na cánach atá i bhfeidhm sna Ballstáit maidir le creat cánachais an gheilleagair shóisialta agus ar na prionsabail a baineadh as cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás síntiúis trasteorann a thugtar d’eagraíochtaí carthanachta.
2.6Ar imeall na Comhdhála a bhí ag na hAirí Eorpacha ar a bhfuil cúram an gheilleagair shóisialta, comhdháil arna tionól ag Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 12 Feabhra 2024 in Liège, foilsíodh an dearbhú dar teideal Liège Roadmap for Social Economy in the European Union, ina n-iarrtar ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a áirithiú, i measc rudaí eile, nach gcuirfidh na córais fhioscacha bac ar fhorbairt an gheilleagair shóisialta agus go ndéanfar measúnú le féachaint an leor mar a spreagann na córais fhioscacha forbairt an gheilleagair shóisialta. Leis an tuairim seo, tá CESE ag iarraidh ar na comhreachtóirí Eorpacha a bheidh ann amach anseo agus ar na Ballstáit, ós amhlaidh atá inniúlacht reachtach acu i réimse an chánachais, na tograí sin a chur chun feidhme.
2.7Tá CESE i bhfách leis an sainmhíniú
ar an rud is ‘geilleagar sóisialta’ ann atá leagtha amach sa Mholadh ón gComhairle an 27 Samhain 2023, rud atá i gcomhréir leis na sainmhínithe a ghlac institiúidí idirnáisiúnta eile, ina measc (i) an Rún maidir le hobair chuibhiúil agus an geilleagar dlúthpháirtíochta sóisialta arna ghlacadh ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS); (ii) Moladh na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir leis an nGeilleagar Dlúthpháirtíochta Sóisialta agus an Nuálaíocht Shóisialta; agus (iii) Rún na Náisiún Aontaithe maidir leis an nGeilleagar Dlúthpháirtíochta Sóisialta don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun cinn.
3.Barúlacha ginearálta agus barúlacha sonracha
3.1Ní inniu ná inné a tuigeadh an tábhacht a bhaineann le creat dlíthiúil eintitis an gheilleagair shóisialta a chomhchuibhiú ar an leibhéal Eorpach; is leor tagairt a dhéanamh don Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach a foilsíodh in 1989 Businesses in the ‘Economie Sociale’ sector: Europe’s frontier-free market [Fiontair an gheilleagair shóisialta: margadh Eorpach gan teorainneacha] nó don staidéar a d’fhoilsigh CESE in 2016 Recent Evolutions of the Social Economy in the European Union [Forbairt a tharla le déanaí maidir leis an nGeilleagar Sóisialta san Aontas Eorpach] ina ndearnadh tagairt freisin don Teachtaireacht sin
.
3.2De réir na loighce céanna, ba thábhachtach an ní é machnamh a dhéanamh freisin ar bhealaí éagsúla ina bhféadfaí an creat cánachais is infheidhme maidir le heintitis an gheilleagair shóisialta a chomhchuibhiú, ainneoin go dtuigtear na deacrachtaí a bhaineann leis sin. Trí aitheantas a thabhairt, mar is ceart, do na cineálacha éagsúla gnó atá ann, is féidir dálaí iomaíochta a chruthú a ligfidh d’eintitis an gheilleagair shóisialta dul san iomaíocht leis na fiontair thraidisiúnta faoi dhálaí coibhéiseacha, agus oibleagáidí dlíthiúla sonracha agus socruithe oibríochtúla an gheilleagair shóisialta á gcur san áireamh, mar shampla barrachais a athinfheistiú chun cuspóirí reachtúla a bhaint amach, srianta dlíthiúla a bheith ann maidir le huasteorainn a chur le pá, srian dlíthiúil a chur ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí leasa ghinearálta, sin agus rialachas daonlathach agus rannpháirteach a áirithiú ina bhfuil geallsealbhóirí rannpháirteach.
3.3Tá nasc idir na coinníollacha sin, coinníollacha atá i bhfeidhm in go leor creataí reachtacha a aithníonn go ndéanann eintitis an gheilleagair shóisialta gníomhaíochtaí leasa ghinearálta agus leasa phoiblí, agus an ról tábhachtach atá ag na heintitis sin maidir le pobail áitiúla a fhorbairt agus maidir leis an daonlathas, an saorthionscnamh agus rannpháirtíocht na saoránach a chothú.
3.4Chun críocha na tuairime seo, bainfear leas as an sainmhíniú atá leagtha síos sa Mholadh ón gComhairle an 27 Samhain 2023, áit a dtagraítear do ‘tacar eintiteas dlí phríobháidigh a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí dá gcomhaltaí nó don tsochaí, lena gcuimsítear cineálacha eagraíochtúla mar shampla comharchumainn, cumainn fhrithpháirteacha, comhlachais (lena n‑áirítear carthanais), fondúireachtaí nó fiontair shóisialta, chomh maith le foirmeacha dlíthiúla eile, a oibríonn i gcomhréir leis na príomhphrionsabail agus na príomhghnéithe seo a leanas: (i) tosaíocht na ndaoine chomh maith le cuspóir sóisialta nó comhshaoil ar bhrabús; (ii) na brabúis agus na barrachais uile nó an chuid is mó díobh a infheistiú chun leanúint dá gcuspóirí sóisialta nó comhshaoil a shaothrú agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ar mhaithe le leas a gcomhaltaí/a n‑úsáideoirí (‘leas comhchoiteann’) nó na sochaí i gcoitinne (‘leas ginearálta’); agus (iii) rialachas daonlathach nó rannpháirteach’. Is mian le CESE a chur i bhfáth, i gcoitinne, gur gá a áirithiú nach gcuirfidh córais chánach na mBallstát bac ar fhorbairt an gheilleagair shóisialta, ach go gcruthóidh siad na dálaí a theastaíonn le go bhféadfaidh eintitis an gheilleagair shóisialta tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh san Eoraip, rud a chinnteoidh go mbeidh a n-ionchur sainiúil féin san áireamh sa phróiseas le geilleagar sóisialta margaidh a bhaint amach mar a fhoráiltear sna Conarthaí bunaidh.
3.5Is díol sásaimh do CESE, ina leith sin, an cuspóir atá ag an gCoimisiún Eorpach an fhoghlaim fhrithpháirteach a chothú agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit trí threoirlínte a fhoilsiú faoi chreataí cánachais ábhartha is infheidhme maidir le heintitis an gheilleagair shóisialta, bunaithe ar anailís agus ionchur a bheidh curtha ar fáil ag údaráis na mBallstát agus ag geallsealbhóirí an gheilleagair shóisialta.
3.6Tugann CESE dá aire, i ndáil leis sin, go bhféadfadh an t-eolas i dtaobh na modhanna cur chuige sna Ballstáit éagsúla a bheith ina thúsphointe tábhachtach maidir leis an gcreat cánachais foriomlán a bhaineann le heintitis an gheilleagair shóisialta ar an margadh inmheánach a fheabhsú. Cé go dtuigeann CESE na deacrachtaí móra atá i gceist leis an riachtanas riail na haontoilíochta a chur i bhfeidhm sa Chomhairle, tá súil aige go ndéanfar iarrachtaí chun creat cánachais eintitis an gheilleagair shóisialta a fheabhsú agus a chomhchuibhiú de réir a chéile d’fhonn an margadh inmheánach a chomhdhlúthú.
3.7Tugann CESE dá aire go léiríonn an t-athbhreithniú a rinne an Coimisiún ar an dlí fioscach sna Ballstáit éagsúla go mbíonn feidhm ag dreasachtaí sonracha cánach agus cóireáil cánach áirithe i ndáil le heintitis shóisialta: (i) maidir le hioncam an eintitis; (ii) maidir leis an mbrabús a choinnítear i gcúlchiste; (ii) maidir leis na cánacha indíreacha, e.g. CBL. Cúis mhór amháin leis an ilroinnt atá ann go bhfuil roinnt Ballstát ann a bhunaíonn na rialacha sonracha cánach ar fhoirm dhlíthiúil an eintitis i gceist, go bhfuil Ballstáit eile ann a bhunaíonn iad ar an gcineál gnó a dhéantar agus go bhfuill tuilleadh Ballstát fós ann a bhunaíonn iad ar shaintréithe sonracha an chomhlachta nó an eintitis.
3.8Is ábhar casta atá sa chánachas i réimse an gheilleagair shóisialta mar gheall ar na difríochtaí móra idir na creataí dlíthiúla náisiúnta agus ar na comhthéacsanna éagsúla atá ann ina mbíonn tionchar ag an gcánachas ar eintitis an gheilleagair shóisialta. Cé nach bhfuil aon cheist faoin difear idir an chaoi a gcaitear le heintitis nach mbíonn ag feidhmiú ach lasmuigh de chomhthéacs an mhargaidh agus an chaoi a gcaitear le heintitis nach mbíonn ag feidhmiú ach ar bhonn tráchtála, is deacair fós réimse leathan eintiteas eile a aicmiú agus a rialú, lena n-áirítear chun críoch cánach, nuair a bhíonn na heintitis sin ag feidhmiú de réir critéir eacnamaíocha thráchtála ach go bhfuil sé d’aidhm acu, amach ón mbrabús gnó a dhéanamh, na spriocanna sóisialta nó comhshaoil atá leagtha síos i reachtanna eintitis an gheilleagair shóisialta a bhaint amach agus go mbíonn a gcuid gníomhaíochtaí ar siúl acu ar mhaithe lena gcomhaltaí/úsáideoirí nó ar mhaithe leis an leas ginearálta. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás na gcomharchumann, na gcumann frithpháirteach, na bhfondúireachtaí agus na bhfiontar sóisialta.
3.9Tacaíonn CESE, go háirithe, le bearta fioscacha náisiúnta atá dírithe ar chóireáil cánach ar leith a thairiscint i gcás barrachas a athinfheistítear chun cuspóirí reachtúla a bhaint amach nó a choinnítear i gcúlchiste nach féidir a dháileadh, agus meabhraíonn sé gur minic nach féidir na cúlchistí sin a dháileadh ar na scairshealbhóirí le linn shaolré na cuideachta nó fiú tar éis a díscaoilte. D’fhonn eintitis an gheilleagair shóisialta a chaipitliú, tá ríthábhacht le barrachas a athinfheistiú nó a choinneáil i gcúlchiste nach féidir a dháileadh, toisc go mbíonn na deacrachtaí céanna ag a lán de na heintitis sin agus a bhíonn ag FBManna creidmheas a fháil agus nach n‑éiríonn leo i gcónaí ach an oiread rochtain a fháil ar na margaí airgeadais mar gheall ar an bhfoirm eagrúcháin shonrach atá acu.
3.10Is díol sásaimh do CESE go bhfuil eintitis an gheilleagair shóisialta faoi réir rátaí fabhracha CBL (5 % agus 10 %) i roinnt Ballstát, rátaí atá comhoiriúnach do chreat rialála CBL an Aontais, agus tacaíonn sé leis na bearta sin go háirithe i réimsí an chúraim shóisialta agus na sláinte atá dírithe ar dhaoine scothaosta, sin agus i réimsí na seirbhísí pearsanta agus an chúraim fhadtéarmaigh.
3.11I dtuairimí eile uaidh roimhe seo, d’áitigh CESE gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an gcóras CBL le haghaidh gníomhaíochtaí sóisialta, oideachais, leasa agus sláinte, go háirithe nuair is eintitis de chuid an gheilleagair shóisialta a dhéanann na gníomhaíochtaí sin.
3.12Thar aon ní eile, áitíonn CESE, a fhad a bhaineann le rátaí fabhracha, gur fearr i gcónaí réitigh lena ndéantar foráil do CBL laghdaithe nó speisialta seachas do dhíolúintí, go háirithe má tá na heintitis ag obair i gcomhthéacsanna a bhfuil tábhacht eacnamaíoch leo. Is fíor go bhféadfaí cásanna a chruthú lena ngearrfaí pionós ar eintitis an gheilleagair shóisialta, ós rud é go bhfágfadh díolúine ó CBL, nuair a bhíonn feidhm aici maidir le gníomhaíochtaí a dhéanann gnáthghnólachtaí, buntáiste iomaíoch ag na gnáthghnólachtaí sin thar eintitis de chuid an gheilleagair shóisialta a dhéanann a ngníomhaíochtaí uile lasmuigh de raon feidhme CBL agus atá i riocht an ‘tomhaltóra deiridh’ dá dheasca.
3.13Tarlaíonn leithcheal nach é i leith na cóireála i gcásanna ina gcuireann údaráis áitiúla an córas praghsála le haghaidh seirbhísí cúraim, sláinte nó oideachais ar bun mar chóras ‘CBL san áireamh’. Is amhlaidh atá san Iodáil, mar shampla, a mhéid a bhaineann le CBL a chuirtear i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí sóisialta agus sláinte a dhéanann comharchumainn shóisialta, ós rud é go bhfuil cosc orthu an scéim díolúine a roghnú, scéim a dheonaítear do ghnáthghnólachtaí i ndáil le haon seirbhís sláinte a chuireann siad ar fáil. I gcásanna den sórt sin, nuair a bhíonn an tseirbhís chéanna á soláthar ag comharchumainn shóisialta agus ag gnáthghnólachtaí araon, is mó an costas a chuirtear ar chomharchumainn shóisialta dá bharr ós amhlaidh a chuirtear iallach orthu, de thoradh na scéime muirearúcháin le haghaidh seirbhísí, costas an CBL a sheasamh, rud is costas táirgthe breise orthu, agus rud as a n-eascraíonn iomaíocht éagórach i bhfabhar na ngnólachtaí a gceadaítear dóibh an scéim díolúine a roghnú.
3.14Tacaíonn CESE leis na dreasachtaí agus na hasbhaintí cánach a thugtar i bhformhór na mBallstát do dhaoine aonair a thugann síntiúis d’eintitis an gheilleagair shóisialta, agus ciall leo, dar leis, ach cuireann sé i bhfios go mór a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfuil na síntiúis sin agus na dreasachtaí comhfhreagracha dírithe go cinnte ar eintitis de chuid an gheilleagair shóisialta atá i mbun gnó agus ag gabháil i ndáiríre do ghníomhaíochtaí leasa ghinearálta, rud a sheachnódh aon saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ann. Chun gur féidir na gníomhaíochtaí faireachais sin a fheidhmiú go cuí, ba thábhachtach go mbeadh cláir phoiblí inrochtana thrédhearcacha ag na Ballstáit uile ar a gclárófaí na heintitis sin de chuid an gheilleagair shóisialta a fhaigheann síntiúis. Ba thábhachtach freisin go n-áireofaí sna cláir sin na ráitis airgeadais agus ráitis mhisin ina sainaithnítear go soiléir na gníomhaíochtaí leasa ghinearálta a dhéanann na heintitis i gceist a bhuí sin le síntiúis, fóirdheontais agus ranníocaíochtaí poiblí nó síntiúis phríobháideacha.
3.15Tugann CESE dá aire go bhfuil easpa dreasachtaí cánach ann chun infheisteoirí a spreagadh le tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’eintitis an gheilleagair shóisialta. I ndáil leis sin, meabhraíonn CESE go bhféadfaí cur go mór leis an rochtain a bhíonn ag eintitis an gheilleagair shóisialta ar acmhainní airgeadais ach dreasachtaí cánach a thabhairt dóibh siúd a d’fhéadfadh infheistiú sna heintitis.
3.16Tá sé curtha in iúl ag CESE i dtuairimí eile dá chuid roimhe seo go meastar i reachtaíocht an Aontais maidir le státchabhair gur fochatagóir iad na seirbhísí sláinte agus sóisialta a bhfuil saintréithe uathrialacha acu de na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, sin mar gheall ar shaintréithe sonracha na seirbhísí réamhráite agus a gcuspóirí sonracha, arb ionann iad go minic agus cuspóirí eintitis an gheilleagair shóisialta a chuireann seirbhísí ar fáil.
3.17Le go bhféadfar foirmeacha sonracha maoiniúcháin a thabhairt isteach don gheilleagar sóisialta, b’fhiú smaoineamh ar shainmhíniú ar an rud is ‘fiontar sóisialta’ ann a thabhairt isteach sa Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine i réimse na státchabhrach, agus gur cheart sásraí iomchuí a fhorbairt chun maoiniú eintitis an gheilleagair shóisialta a dhíolmhú ón gcreat státchabhrach.
3.18I ndáil leis sin, cuireann CESE in iúl maidir leis an gcás Paint Graphos, is é sin cásanna uamtha C-78/08 agus C-80/08, gurbh é rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 8 Meán Fómhair 2011 maidir le córas fioscach na hIodáile, córas ina dtugtar díolúine ó cháin chorparáide do na comharchumainn, nach ionann cás na gcomharchumann agus cás na gcuideachtaí tráchtála, díreach mar gheall ar na saintréithe a bhaineann leo. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí an chóireáil cánach a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na heintitis sin faoi dhlí na hIodáile a mheas i gcónaí mar státchabhair roghnaitheach.
3.19Meabhraíonn CESE nach mór saincheist na ndreasachtaí cánach atá dírithe ar an gcaipitliú a chuimsiú freisin faoi chóireáil cánach eintitis an gheilleagair shóisialta. In Airteagal 3(6) de Threoir DEBRA is é an sainmhíniú a thugtar ar chistí dílse ‘suim an chaipitil láníoctha, na gcuntas scairbhisigh, an chúlchiste athluachála agus cúlchistí agus brabús nó caillteanas eile arna dtabhairt ar aghaidh de chuid an cháiníocóra’, ar bhonn Threoir 2013/34/AE maidir leis an gcuntasaíocht. Is minic nach réitíonn an sainmhíniú sin, sainmhíniú atá róshriantach, le foirm eagrúcháin na n-eintiteas frithpháirteach, agus go bhféadfaí iad a chur faoi mhíbhuntáiste, dá bhrí sin.
3.20Is mian le CESE a mheabhrú do na hinstitiúidí Eorpacha agus do na Ballstáit gur tugadh le fios i staidéir éagsúla, agus i dtuairim SOC/611 An Daonchairdeas san Eoraip: acmhainneacht neamhshaothraithe (2019), go mbíonn fadhbanna ag na fondúireachtaí i gcónaí maidir leis an gcóireáil cánach a chuirtear i bhfeidhm ar na síntiúis trasteorann a thugtar d’eagraíochtaí leasa ghinearálta i mBallstáit eile. Tá súil ag CESE go n-urramófar prionsabal na saorghluaiseachta caipitil ar an margadh inmheánach, maille le prionsabail an chomhionannais agus an neamh‑idirdhealaithe, maidir le síntiúis trasteorann, mar a leagtar amach i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
3.21Mar fhocal scoir, ba cheart a chur san áireamh sa mhachnamh ar chreat cánachais an gheilleagair shóisialta go dtugann roinnt Ballstát an deis dá saoránaigh sciar réamhshainithe dá gcánacha a leithdháileadh ar thionscadail agus ar thionscnaimh arna ndéanamh ag eintitis an gheilleagair shóisialta nó ag eintitis neamhbhrabúsacha eile, mar a tharla i gcás an bhirt 5 per 1000 san Iodáil, lena gceadaítear do shaoránaigh na hIodáile acmhainní a dhíriú ar chuspóir sóisialta. Tá sé de bhuntáiste ag na bearta sin go gcuireann siad le roghanna agus saoirse na gcáiníocóirí, agus, lena chois sin, gur spreagadh iad d’eintitis an gheilleagair shóisialta le córais tuairiscithe thrédhearcacha agus éifeachtacha a fhorbairt.
An Bhruiséil, 27 Meitheamh 2024
Ioannis VARDAKASTANIS
Cathaoirleach na Rannóige um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
_____________