SOC/769
Tionchar an oideachais ar phá agus ar tháirgiúlacht saothair
TUAIRIM
An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
Tionchar an oideachais ar phá agus ar tháirgiúlacht saothair
(tuairim féintionscnaimh)
Rapóirtéir: Linda ROMELE
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
25/1/2023
|
|
Bunús dlí
|
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta
|
|
|
Tuairim féintionscnaimh
|
|
|
|
|
An rannóg atá freagrach
|
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
04/10/2023
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
80/0/4
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
.../.../...
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do CESE Bliain Eorpach na Scileanna, arb é is aidhm di borradh a chur faoin iomaíochas, faoin rannpháirtíocht agus faoin tallann agus meaitseáil scileanna a chothú. Aontaíonn CESE go mbeidh deiseanna fostaíochta níos fearr ag oibrithe oilte agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí. Cuireann leibhéil oideachais, agus go háirithe an t‑ardoideachas, deiseanna fostaíochta níos fearr ar fáil do dhaoine aonair. Tá nasc láidir idir leibhéil oideachais agus rannpháirtíocht sa mhargadh saothair cibé an ndéantar é a thomhas de réir rátaí fostaíochta, dífhostaíochta nó neamhghníomhaíochta.
1.2Tacaíonn CESE go hiomlán leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht agus iarrann sé go mbeadh plean gníomhaíochta ann chun é a chur chun feidhme go cuí. I ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh do CESE Dearbhú Porto a ghlac na Cinn Stáit in 2020, agus a dearbhaíodh tráth a chomórtha in 2023, agus an tiomantas an t‑oideachas agus na scileanna a chur i gcroílár na mbeartas uile.
1.3Aontaíonn CESE gurb iad scileanna, go háirithe scileanna digiteacha, glasa agus trasnaí, príomhspreagadh an fháis eacnamaíoch inbhuanaithe i gcomhthéacs an dá aistriú. Creideann CESE go mbeidh gá le hiarrachtaí polaitiúla suntasacha agus athchóirithe sistéamacha san oideachas agus san oiliúint agus le hinfheistíochtaí cliste i gcaipiteal daonna ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le scileanna. Tá rath an scéil ag brath ar thiomantas an‑chuid gníomhaithe: na rialtais náisiúnta, na réigiúin, na húdaráis áitiúla, na gnólachtaí, na fostóirí, na hoibrithe agus na daoine iad féin.
1.4Tá sé á iarraidh an athuair ag CESE ar na Ballstáit na tionscnaimh maidir le cuntais foghlama aonair agus micridhintiúir a nascadh le cur chun feidhme
an mholta ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 Upskilling Pathways: New Opportunities for Adults [Conairí Breisoiliúna: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta]
. Ní mór do chuntais foghlama aonair agus do chórais airgeadais den chineál céanna tacú le rochtain ar chúrsaí oiliúna aitheanta agus bailíochtaithe agus cur ar chumas na n‑oibrithe páirt a ghlacadh i bpróisis chun a gcuid scileanna agus taithí oibre a bhailíochtú.
1.5Dar le CESE, i bhfianaise thionchar an oideachais ar phá agus ar tháirgiúlacht, tá trí bhunchritéar thábhachtacha nach mór a chur san áireamh: cáilíocht an oideachais atá ar fáil, rochtain ar oideachas agus an ráta infhostaitheachta. Chuige sin, tá gá le hinfheistíochtaí leordhóthanacha chun freastal ar riachtanais scileanna. Tá neart uirlisí agus cuid mhaith dea‑chleachtas ar fud na hEorpa (de réir an dlí nó trí chomhaontuithe comhchoiteanna), leithéidí saoire staidéir/oiliúna, cuntais oiliúna pearsanta nó cistí oiliúna (ar leibhéal trastionscail nó ar leibhéal na hearnála), dearbháin, céatadán áirithe den tuarastal a leithdháileadh ar oiliúint, etc., a bhfuil cuspóirí sonracha agus spriocghrúpaí acu ar fad. D’fhéadfaí na samplaí sin a áireamh i liosta na mbeart nach mór do na Ballstáit, arna tharraingt suas i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an Moladh maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú. Léireofaí leis sin samplaí den iliomad scéimeanna maoiniúcháin féideartha chun tacú le hoideachas agus le hoiliúint do chách. Ní mór dreasachtaí d’fhostóirí a chur san áireamh chomh maith, mar shampla creidmheasanna cánach do chuideachtaí a chuireann oiliúint ar fáil. Is gá feabhas a chur ar thionscnaimh an Aontais agus na mBallstát, le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, maidir le hoiliúint fostaithe san ionad oibre, lena gcruthófar na dreasachtaí iomchuí d’fhostóirí chun leanúint d’infheistíocht a dhéanamh in oiliúint a lucht saothair, agus neamhspleáchas an idirphlé shóisialta agus na gcomhaontuithe comhchoiteanna ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal earnála agus ar leibhéal na gcuideachtaí á n‑urramú ag an am céanna.
1.6Ní mór do na comhpháirtithe sóisialta, do sholáthraithe oideachais agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta oibriú le chéile níos mó chun straitéisí scileanna a dhearadh a fhreagraíonn ar an mbealach is fearr do riachtanais shaol na hoibre agus na sochaí i gcoitinne ar bhonn níos leithne. Ba cheart rannpháirtíocht agus ról gach páirtí a shainiú go cruinn. Ag an am céanna, ba cheart a áirithiú go mbeidh rochtain níos éasca ag FBManna ar chistiú, ós rud é gur sna fiontair sin a bhíonn formhór na bhfostaithe ag obair.
1.7Cé go mbaineann an plé agus tomhas na dtorthaí leis an oideachas treasach go príomha, tá ról lárnach ag an oideachas tosaigh. Ní mór an bealach a réiteach do thodhchaí an oideachais trí bhonn láidir a leagan inniu. Dá bhrí sin, ní mór oideachas tosaigh ar ardchaighdeán a áirithiú, agus tacú leis an oideachas sin trí threoraíocht oideachais níos fearr a chur ar fáil chun cuidiú le foghlaimeoirí agus iad a ullmhú don aistriú chuig saol na hoibre, agus úsáid á baint as déchórais foghlama, i gcás inarb iomchuí. Tá sé tábhachtach leanúint de ról agus próifíl an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a neartú chun déchórais a fhorbairt tuilleadh mar bhealach chun oiliúint a chur ar dhaoine i mbunscileanna, scileanna trasnaí agus scileanna eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (STEM).
1.8Molann CESE go léireofaí an pharaidím nua d’fhorbairt scileanna san Eoraip go soiléir sna beartais maidir leis an éagsúlacht, an comhionannas inscne, an óige agus míchumais.
1.9Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí beartas an Aontais maidir leis an imirce dhleathach a fhorbairt ina shamhail a bheidh bunaithe ar chomhordú na mbeartas náisiúnta inimirce. Chuirfeadh cur chuige den sórt sin ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt ar na riachtanais éagsúla atá acu maidir le hoibrithe imirceacha oilte agus é sin a dhéanamh ar bhealach a chomhordófaí go ginearálta ar leibhéal an Aontais.
2.Barúlacha ginearálta
2.1D’ainneoin thuairim na coitiantachta, tá iomaíocht ann sa mhargadh fostaíochta, go háirithe i measc oibrithe ardoilte. Ina theannta sin, tá poist nua á gcruthú sa mhargadh, go háirithe poist a bhaineann leis an intleacht shaorga, rud a éilíonn ardleibhéil scileanna digiteacha le haghaidh samhlacha nua gnó. In ainneoin na treochta sin, tá neamhréir ard scileanna ann freisin, go háirithe i réimse an chomhshaoil agus an digitithe. Tá tionchar ag an neamhréir sin ar an iomaíocht agus ar thuilleamh i gcás daoine atá ardcháilithe agus ardoilte, i gcomparáid le daoine ar bheagán oiliúna.
2.2Tugann CESE dá aire go bhfuil éileamh ard i measc grúpaí ardoilte. Tugadh faoi deara go mbíonn baint níos mó ag na daoine sin a bhfuil cáilíochtaí agus scileanna ardleibhéil acu le hoideachas agus le hoiliúint níos faide anonn. Feictear ón gcomhghaol seo dá fhad a fhanann daoine aonair san oideachas, is mó an seans go nglacfaidh siad páirt i gcineálacha eile oideachais leanúnaigh agus gníomhaíochtaí foghlama ar feadh an tsaoil, rud a mhéadaíonn an seans go mbeidh tuarastal ard acu. Mar sin féin, is léir ó shonraí atá ar fáil go bhfuil na daoine a bhfuil leas á bhaint acu as an oiliúint cáilithe cheana féin agus nach ndéantar teagmháil leo siúd nach bhfuil i mbun oideachais ná fostaíochta, ná le hoibrithe neamhcháilithe. Is uirlis agus plean cúig bliana é an Clár Oibre Scileanna don Eoraip lena gcabhraítear le cuideachtaí agus le daoine aonair níos mó scileanna agus scileanna níos fearr a fhorbairt. Leis an gclár sin, ba cheart an t‑iomaíochas a neartú agus an chothroime shóisialta a áirithiú.
2.3Creideann CESE nach oibrithe ardoilte amháin atá in easnamh sa lucht saothair ach oibrithe ar bheagán oiliúna chomh maith, ar oibrithe ríthábhachtacha iad freisin. Leagtar béim go soiléir sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an gClár Oibre Nua Scileanna don Eoraip air go mbeidh gá le hiarrachtaí suntasacha polaitiúla agus le hathchóirithe sistéamacha san oideachas agus san oiliúint chun dul i ngleic leis na dúshláin scileanna. Beidh gá le hinfheistíochtaí cliste i gcaipiteal daonna ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha araon. Tá rath an scéil ag brath ar thiomantas an‑chuid gníomhaithe: na rialtais náisiúnta, na réigiúin, na húdaráis áitiúla, na gnólachtaí, na fostóirí, na hoibrithe agus na daoine iad féin. San Aontas, tá éagsúlacht mhór ann maidir leis na hinfheistíochtaí a dhéanann na fostóirí in oiliúint na bhfostaithe ó Bhallstát go chéile. I roinnt tíortha, ní leor infheistíocht na bhfostóirí in oiliúint na bhfostaithe. I roinnt tíortha eile, áfach, is mór an pháirt a ghlacann na fostóirí san oiliúint a bhaineann leis an obair, agus tacaíonn siad go hiomlán leis an aidhm athsciliú agus uas-sciliú a dhéanamh chun freagairt don dá aistriú agus don neamhréir scileanna. Is iad cuideachtaí agus oibrithe is fearr a thuigeann conas a athraíonn cúraimí oibrithe.
2.4Tá méadú ag teacht gach bliain ar sciar an daonra atá 25‑64 bliana d’aois a bhfuil ardoideachas bainte amach acu. Cuireann sé seo isteach ar an margadh saothair freisin trí iomaíocht a mhéadú do phoist a dteastaíonn cáilíochtaí gairmiúla lena n‑aghaidh. Mar sin féin, is éagsúil sciar na ndaoine fostaithe a bhfuil ardoideachas bainte amach acu ó thír go chéile agus ó earnáil go chéile. Is léir nach bhfuil an soláthar ag teacht leis an éileamh i ngach earnáil.
2.5Iad siúd nach bhfuil ach oideachas meánscoile sinsearach nó oideachas iar‑mheánscoile neamhthreasach bainte amach acu, tuileann siad thart ar aon trian níos lú ná na daoine a bhfuil oideachas treasach bainte amach acu. D’fhéadfadh an fhéidearthacht níos mó a thuilleamh thar a ngairmeacha beatha a bheith ina dhreasacht thábhachtach do dhaoine aonair tabhairt faoin mbreisoideachas agus faoin oiliúint. Tá éagsúlacht mhór idir na buntáistí tuillimh a bhaineann leis an oideachas treasach, ag brath ar an leibhéal oideachais threasaigh a bhaintear amach sna tionscail éagsúla san Eoraip. D’fhéadfadh ráta ard toraidh maidir leis an ardoideachas a bheith ina léiriú ar dhifríochtaí suntasacha ó thaobh tuillimh de.
2.6Léirítear le taighde go seasann an meánráta príobháideach toraidh maidir leis an oideachas do bhliain bhreise amháin oideachais ag thart ar 9 % agus gur ráta é a d’fhan cobhsaí thar na blianta. Tá méadú tagtha ar an ráta príobháideach toraidh maidir leis an ardoideachas le himeacht amach, rud a d’ardaigh saincheisteanna maidir le maoiniú agus cothromas. Tá an ráta toraidh sóisialta maidir leis an oideachas ard go fóill, ráta atá os cionn 10 % i gcás leibhéal an mheánoideachais agus an ardoideachais
.
2.7Ní féidir na difríochtaí sa phá a mhíniú le leibhéil oideachais amháin. Tá tionchar suntasach ag an neamhionannas inscne agus aoise freisin, neamhionannas a dtagann laghdú air de réir mar a mhéadaíonn an leibhéal oideachas a bhaintear amach. Tá tionchar mór ag difríochtaí idir tíortha ar éagsúlachtaí sa phá, fiú laistigh den Eoraip: íoctar tuarastail níos ísle i limistéir i ndeisceart agus in oirthear na hEorpa don leibhéal céanna oideachais.
3.Scileanna mar spreagadh don iomaíochas, don chothroime agus don athléimneacht
3.1Dar leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (CEDEFOP), tá comharthaí ann a léiríonn go bhfuil an neamhréir scileanna san Eoraip ag dul i méid mar thoradh ar phaindéim COVID‑19. Tuairiscíonn 77 % de chuideachtaí san Aontas go bhfuil deacrachtaí acu oibrithe a bhfuil na scileanna riachtanacha acu a aimsiú. De réir na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), tá 15.3 % den lucht saothair rócháilithe agus níl 16.8 % dó cáilithe go leor, ar an meán san Aontas. Is rud é sin a dhéanann difear d’fhás agus d’iomaíochas an Aontais. Creideann CEDEFOP gur cheart breathnú ní hamháin ar an ioncam a fhaightear ach ar dhálaí oibre freisin; tá saoire oiliúna íoctha a bhaineann leis an obair thar a bheith tábhachtach a mhéid a bhaineann le cuntais foghlama aonair agus micridhintiúir. D’fhéadfadh saoire oiliúna trasnáisiúnta íoctha a bhaineann leis an obair a bheith indéanta chun deiseanna oiliúna a chur ar fáil dóibh siúd a chónaíonn in aice le teorainneacha tíortha comharsanachta. Mar sin féin, níor cuireadh an rannpháirtíocht i gcúrsaí oiliúna ar líne in oiriúint go fóill. Ba cheart an bhéim a leagan go príomha air gur cheart do na Ballstáit na cineálacha cur chuige atá á nglacadh acu cheana maidir leis an oiliúint a neartú tuilleadh, lena n‑áirítear ról na gcistí oiliúna nó réitigh náisiúnta tosaíochta eile.
3.2De réir CEDEFOP, in 2019 san Aontas, bhí 25 % de chéimithe óga a raibh oideachas treasach bainte amach acu rócháilithe. Sa bhliain chéanna, i gcás 45 % d’oibrithe san Aontas, ní raibh a gcuid scileanna ag teacht lena bpróifíl poist. B’ionann an caillteanas táirgiúlachta do gheilleagar an Aontais i ngeall ar neamhréir scileanna in 2019 agus 2 %
.
3.3Tionscnamh eile is ea Compás Digiteach 2030 lena leagtar amach gur cheart bunscileanna digiteacha a bheith ag 80 % de dhaoine fásta ar a laghad agus gur cheart 20 milliún saineolaí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a bheith fostaithe san Aontas. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh sin gnólachtaí agus daoine a chumhachtú i dtodhchaí digiteach atá dírithe ar an duine, inbhuanaithe agus níos rathúla. Creidtear go gcuireann sé sin le forbairt scileanna, ach i measc oibrithe cáilithe den chuid is mó.
3.4De réir Eurostat, tá difríocht shuntasach ó thaobh pá agus fostaíochta de idir na daoine a bhfuil ardoideachas bainte amach acu agus iad siúd nach bhfuil ach oideachas meánscoile bainte amach acu. Ba cheart don bheartas oideachais agus don Chlár Oibre Scileanna a bheith in ann leas a bhaint as dul chun cinn na teicneolaíochta. Dá réir sin, braitheann fás gach Ballstáit san Aontas ar an gcumas beartas scileanna a chruthú a fhreastalaíonn ar riachtanais an gheilleagair náisiúnta agus ar chumas na n‑oibrithe an beartas scileanna sin a chur chun feidhme.
3.5Aithnítear sa Rún ón gComhairle maidir le clár oibre Eorpach nua don fhoghlaim aosach 2021-2030 (dá ngairtear ‘an Rún ón gComhairle’ anseo feasta) gur cheart béim a leagan i gcultúr foghlama nua ar ábharthacht na mbunscileanna do chách agus ar eolas, scileanna agus inniúlachtaí ábhartha a shealbhú go leanúnach
.
3.6Luaitear sa Rún ón gComhairle gur féidir leis an bhfoghlaim aosach cur leis an táirgiúlacht, an cuimsiú sóisialta, an comhionannas inscne, an chruthaitheacht, an nuálaíocht agus an fhiontraíocht. Mar sin féin, cé go leagtar béim sa Rún ón gComhairle ar chomhar na mBallstát leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir le haosaigh i spriocghrúpaí sonracha atá scoite amach a spreagadh chun filleadh ar an bhfoghlaim, ní dhéantar tagairt shainráite do na comhpháirtithe sóisialta agus ní neartaítear ról ná freagracht na gcomhpháirtithe sóisialta san oideachas aosach. Chuirfeadh sé sin cultúr na foghlama ar feadh an tsaoil chun cinn freisin, mar aon le rannpháirtíocht daoine fásta san oideachas agus neartófaí ról agus freagracht na gcomhpháirtithe sóisialta i rialachas na gcóras oideachais agus oiliúna, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le curaclaim a thabhairt cothrom le dáta ionas go mbeidh siad níos freagrúla do riachtanais athraitheacha an mhargaidh saothair, agus na cleachtais náisiúnta atá ann cheana á gcur san áireamh.
3.7Ní mór riachtanais ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha na sochaí a chur san áireamh i gcultúr na foghlama ar feadh an tsaoil. Mar shampla, d’fhéadfadh tionscnaimh rialtais náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna an ceart a thabhairt d’fhostaithe lá íoctha amháin nó níos mó in aghaidh na bliana a ghlacadh chun páirt a ghlacadh in oiliúint ghairmiúil. Ar mhaithe leis an nuálaíocht a spreagadh, tá tacaíocht éifeachtach de dhíth ar chuideachtaí chun a straitéisí maidir le huas‑sciliú agus athsciliú an lucht saothair a neartú agus a mhaoiniú. Tá sé beartaithe ag na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha tionscadal a sheoladh maidir le meaitseáil scileanna mar chuid dá gclár oibre do 2022‑2024.
3.8Tugann Hanushek (2016)
le fios go bhfuil cáilíocht na mbunscileanna ríthábhachtach agus nach féidir leas a bhaint as ardoideachas breise mura bhfuil bunscileanna maithe ag gabháil leis an oideachas sin. Ní bhíonn éifeacht chomh mór céanna ag blianta breise san ardoideachas is a bhíonn ag blianta breise sa bhunoideachas.
3.9Cé go n‑áirítear líon na mblianta scolaíochta ar cheann de na modhanna chun cáilíocht oideachais a thomhas, le blianta beaga anuas tá cáilíocht an oideachais agus an ráta infhostaitheachta níos tábhachtaí ná líon na mblianta scolaíochta toisc go mbíonn éagsúlachtaí ann maidir le córais scoile agus cáilíocht an oideachais ní hamháin idir tíortha, ach laistigh den tír chéanna freisin.
3.10Tá súil ag CESE go rannchuideoidh cuntais foghlama aonair ar bhonn dearfach le cumas na bhfostaithe a fhorbairt, i.e. i gcomhréir le riachtanais an mhargaidh saothair agus scileanna na bhfostaithe. Níor cheart dearmad a dhéanamh ar mhianta, ar riachtanais ná ar fhreagracht na ndaoine aonair féin. D’fhéadfadh fás pearsanta an fhostaí cur le sásamh agus le táirgiúlacht an fhostaí chéanna.
3.11Infheistíocht bhunúsach ar féidir le fostóirí éagsúla a dhéanamh is ea infheistíocht a dhéanamh i gcaipiteal daonna. A bhuí le cuntais foghlama aonair, tabharfar níos mó deiseanna do dhaoine fásta páirt a ghlacadh in oiliúint, agus cuirfear deis ar fáil freisin taifead tinrimh agus taifead ar ábhar na hoiliúna a choinneáil. D’fhéadfadh fostóirí éagsúla úsáid a bhaint as na cuntais sin. Is í an Fhrainc an t‑aon Bhallstát ina gcruthaítear cuntais oiliúna den sórt sin agus ina n‑oibrítear iad bunaithe ar chomhar idir na fostóirí agus na ceardchumainn. Ní leor, áfach, cuntais foghlama den sórt sin a bheith ann. Ní mór faisnéis faoi dheis den sórt sin, conas rochtain a fháil uirthi agus comhairle a chur ar fáil freisin. Thairis sin, i dtaca le cuntais oiliúna, tá dúshláin ann freisin maidir le conas an oiliúint a thabhairt níos gaire do riachtanais an mhargaidh saothair, ar dúshláin iad nach mór a chur san áireamh.
3.12Tá an fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus forbairt scileanna ríthábhachtach don fhás eacnamaíoch agus don chomhtháthú sóisialta. D’fhéadfadh an fhoghlaim tarlú i dtimpeallachtaí éagsúla (e.g. an fhoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil, nó neamhfhoirmiúil). Baineann an tábhacht chéanna leis na timpeallachtaí uile sin agus bíonn tionchar dearfach acu ar dhaoine aonair. Tá sé tábhachtach, áfach, idirdhealú a dhéanamh idir scileanna idirdhisciplíneacha agus scileanna sonracha a bhaineann leis an obair nó scileanna teicniúla. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach leanúint de ról agus próifíl an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a neartú chun déchórais a fhorbairt tuilleadh chun oiliúint a chur ar dhaoine i scileanna bunúsacha, idirdhisciplíneacha agus STEM. Cé go bhfuil scileanna sonracha a bhaineann leis an obair riachtanach don mhargadh saothair, d’fhéadfadh scileanna ginearálta cur le spreagadh agus le féinmhuinín duine ar leith ar bhealach a imríonn tionchar indíreach ar thorthaí agus ar rannchuidiú eacnamaíoch obair an duine sin. Comhlánaíonn an dá chineál scileanna sin a chéile agus cuireann siad le forbairt fhoriomlán an duine aonair.
3.13Tá rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta ríthábhachtach chun rannpháirtíocht daoine fásta a chur chun cinn san oideachas agus san oiliúint, mar shampla trí chuntais foghlama aonair sa Fhrainc, cistí scileanna sa Danmhairg, nó saoire oideachais sa Bheilg. Mar sin féin, is féidir leis na comhpháirtithe sóisialta tagairt a dhéanamh do cheart an fhostaí oiliúint a fháil ar leibhéal na cuideachta sa chaibidlíocht maidir le comhaontuithe comhchoiteanna. Tá na comhpháirtithe sóisialta an‑tábhachtach. Ar an drochuair, áfach, tá easpa idirphlé sóisialta struchtúrtha ann, go háirithe san oideachas seachfhoirmiúil. I roinnt tíortha, is oibrithe féinfhostaithe den chuid is mó iad na hoideoirí agus i gcásanna áirithe, níl dálaí oibre cuí acu ná an deis ar fáil dóibh dul isteach i gceardchumann. Is saincheist í seo a bhaineann ní hamháin le conas feabhas a chur ar dhálaí oibre na soláthraithe oiliúna agus a bhfoirne, ach le conas an cháilíocht a chuireann siad ar fáil a fheabhsú chomh maith. Tá baint aici freisin le maoiniú, toisc go bhfuil an t‑oideachas i roinnt tíortha bunaithe ar thionscadail den chuid is mó. Ní chuirtear sochair shóisialta ná an bonneagar is gá ar fáil, áfach.
3.14Tá ról suntasach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le hoideachas seachfhoirmiúil a chur ar fáil. Ina theannta sin, tá ról ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ní hamháin i gcur chun feidhme an oideachais sheachfhoirmiúil, ach freisin maidir leis an gcineál oideachais sin a chur chun cinn, go háirithe i measc eagraíochtaí don óige, agus chun teagmháil a dhéanamh le daoine atá scoite amach agus ar deacair teagmháil a dhéanamh leo. Sa lá atá inniu ann, tá an t‑oideachas agus an oiliúint sheachfhoirmiúil ag éirí níos coitianta, go háirithe i measc daoine óga. Ba é an chéad rogha oideachais é do dhaoine fásta a raibh drochthaithí acu ar an oideachas foirmiúil. Dá bhrí sin, ba cheart aitheantas an oideachais sheachfhoirmiúil a chur chun cinn, go háirithe do dhaoine óga.
3.15Is geallsealbhóirí tábhachtacha iad na húdaráis áitiúla agus na soláthraithe oiliúna uile freisin. Is léir go mbíonn rath ar an oideachas nuair a oibríonn na geallsealbhóirí go léir le chéile, i.e. na húdaráis áitiúla, na seirbhísí sóisialta, na seirbhísí tithíochta, na fostóirí agus eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta. Bíonn na geallsealbhóirí sin ar an eolas faoi cé a dteastaíonn oiliúint uathu. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh ionaid phoiblí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a bheith ina n‑ionstraim thairbheach. Tá ionaid den chineál sin ann cheana féin i roinnt Ballstát agus ba cheart iad a chur chun cinn agus a mhaoiniú ar fud na hEorpa, trí úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais an Aontais agus náisiúnta atá ar fáil. Sampla maith eile is ea na ‘cités des métiers’, ar comhpháirtíochtaí poiblí‑príobháideacha il‑leibhéil ar an leibhéal áitiúil iad a thacaíonn le huas‑sciliú agus le hathsciliú an lucht saothair.
3.16Iarrann CESE go dtabharfaí aird ar chuideachtaí beaga agus meánmhéide, mar go bhfuil níos lú deiseanna acu oideachas a chur ar a gcuid fostaithe. Níl an scéal soiléir, áfach, toisc go dtugtar tacaíocht do chuideachtaí beaga agus meánmhéide trí chomhlachais a chruthaíonn cláir oideachais speisialta le tacaíocht ó chistí struchtúracha an Aontais. Ní mór na deiseanna sin a phríomhshruthú níos fearr ar fud na hEorpa, iad a chur in iúl níos fearr do FBManna agus leas níos fearr a bhaint astu.
4.Toradh ar infheistíocht agus ar tháirgiúlacht
4.1Ós rud é go mbreathnaítear ar an oideachas níos mó agus níos mó mar infheistíocht do dhaoine, is loighciúil an rud é go bhfuil fonn ann an toradh ar infheistíocht a thomhas go heimpíreach. Dá bhrí sin, ba cheart infheistíochtaí i gcaipiteal daonna a chur chun cinn do na páirtithe uile lena mbaineann – an stát, fostóirí agus daoine fásta iad féin. Ba cheart don infheistíocht phoiblí an táirgiúlacht saothair a mhéadú, agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail an déimeagrafaíocht.
4.2Tuilleann daoine atá ag obair san earnáil teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide beagnach 37 % níos mó ná iad siúd atá ag obair in earnáil an oideachais. Cé go bhféadfadh an infheistíocht i ndeiseanna foghlama a bheith coibhéiseach, agus go gcuirfí san áireamh paraiméadair amhail an t‑am a infheistítear san fhoghlaim, ioncam nár tuilleadh le linn staidéir, costais staidéir, préimheanna pá le linn phaindéim COVID‑19, etc., tá an toradh ar infheistíocht sa chéad chás, arna ríomh in aghaidh an euro, i bhfad níos airde ná sa dara cás.
4.3Ach breathnú ar an miondealú de réir gnéis, is léir go bhfuil an ráta fostaíochta níos comhbhrúite ná an ráta pá, i.e. tá an ráta pá do dhaoine a bhfuil oideachas meánscoile agus ardoideachas bainte amach acu beagán os cionn 32 % ar an meán san Aontas Eorpach, rud a léiríonn éagothroime an‑ard idir mná agus fir. In ainneoin go bhfuil ardoideachas bainte amach ag 5.4 % níos mó ban ná fir, is ionann pá na mban ar an meán san Aontas Eorpach agus 79 % de phá na bhfear .
4.4Cailleann geilleagar na hEorpa níos mó ná 2 % de tháirgiúlacht in aghaidh na bliana mar gheall ar neamhréir scileanna, de réir staidéar a choimisiúnaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le déanaí. Ciallaíonn sé sin go gcailltear 80 cent in aghaidh gach uair an chloig oibre. Éireoidh an scéal níos measa fós amach anseo mar gheall ar threochtaí déimeagrafacha agus ar fhorbairtí leanúnacha teicneolaíochta, mura ndéantar aon athchóirithe
. Is í cáilíocht na n‑acmhainní daonna a chinneann rath na forbartha tionsclaíche agus an fháis. Léirítear i staidéir go bhfuil tionchar díreach ag an oideachas ar tháirgiúlacht saothair, rud a chruthaíonn imoibriú slabhrúil, i.e. bíonn tionchar ag an méadú ar tháirgiúlacht saothair ar fheidhmíocht fhoriomlán tionscail. Ó thaobh an mhargaidh saothair de, ba cheart na hinfheistíochtaí san oideachas a dhíriú ar na hearnálacha a thugann na torthaí is airde.
4.5Spreagann pá níos airde daoine óga chun ardoideachas a bhaint amach agus tabhairt faoin mbreisoiliúint. De réir ECFE, tá méadú tagtha ar an mbearna phá le himeacht ama, rud a bhfuil tionchar ag forbairtí teicneolaíochta agus an domhandú air freisin.
4.6Is féidir iomaíochas inbhuanaithe a bhaint amach trí infheistíocht a dhéanamh i ndaoine; in 2020 chaith fostóirí thart ar 1.5 % de chostais saothair iomlána na bhfiontar go léir ar an oideachas agus ar an oiliúint, méid a bhí 0.2 % níos lú ná an bhliain taighde roimhe sin (2015). Ba cheart an Ísiltír (2.4 %), an Fhrainc (2.1 %) agus Éire (1.9 %) a lua mar cheannairí, i gcomparáid leis an nGréig (0.3 %), an Laitvia, an Pholainn agus an Rómáin (0.6 %). Sa Rún ón gComhairle thuasluaite, iarrtar ar na Ballstáit an caidreamh leis na haireachtaí ábhartha agus leis na geallsealbhóirí a fheabhsú agus a dhéanamh níos éifeachtaí, lena n-áirítear an caidreamh leis na comhpháirtithe sóisialta, gnólachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa lucht saothair, d’fhonn iomaíochas a chur chun cinn, ar mhaithe le comhleanúnachas idir beartais maidir le foghlaim aosach a fheabhsú agus beartais shocheacnamaíocha níos leithne a chruthú. Is féidir le cineálacha cur chuige maoiniúcháin atá bunaithe ar fhreagracht chomhroinnte na ngeallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha cuidiú le hacmhainní a threisiú.
4.7Leagtar amach mar thosaíocht sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip an t‑iomaíochas inbhuanaithe a neartú. Tá scileanna agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil ríthábhachtach don fhás fadtéarmach agus inbhuanaithe, don táirgiúlacht agus don nuálaíocht agus léirítear le taighde go mbíonn tionchar níos láidre ag dintiúir oideachais ar tháirgiúlacht ná ar chostais phá. Tuigtear ó thorthaí taighde go dtiocfaidh méadú 6.2 % ar an meán ar bhrabúis in aghaidh na huaire san fhadtéarma (3.4 % sa ghearrthéarma), má thagann méadú 10 % ar sciar na n‑oibrithe ardoilte laistigh de ghnólacht (agus má dhéantar an méadú sin a chúiteamh le laghdú comhréireach i sciar na n‑oibrithe ar bheagán cáilíochtaí)
.
4.8Tráth a bhfuil an teicneolaíocht ag athrú go tapa, is é an bealach is fearr chun coinneáil suas leis an saol ná eolas a fháil san ionad oibre. Ba cheart fostóirí a spreagadh chun straitéisí scileanna cuideachta a fhorbairt nó a fheabhsú tuilleadh chun suim, freagracht agus spreagadh na bhfostaithe uile a chothú maidir le bheith rannpháirteach in uas‑sciliú nó in athsciliú.
4.9Measann ECFE gur féidir tuairim is 30 % de na héagsúlachtaí idir tíortha maidir le táirgiúlacht chomhiomlán saothair a mhíniú trí leibhéal na scileanna a úsáideann oibrithe san obair. I ngeall air sin, is gnéithe fíorthábhachtacha don táirgiúlacht iad inniúlacht níos láidre agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na scileanna sin.
4.10De réir torthaí a fuarthas sa Spáinn, mar thoradh ar mhéadú 10 % ar an oideachas meánscoile, tagann méadú 1.5 % ar an bhfás eacnamaíoch, agus tagann méadú 0.9 % ar an bhfás eacnamaíoch mar gheall ar mhéadú 10 % ar an oideachas treasach, mura dtagann athrú ar na tosca eile go léir
.
4.11De réir fhoilseachán ECFE Going for Growth ó 2019, bhain an sciar is airde de thosaíochtaí athchóirithe (16.9 %) de réir réimse beartais i dtíortha ECFE le caipiteal daonna, rud a d’fhág chun deiridh tosaíochtaí amhail rialáil an mhargaidh táirgí, an iomaíocht, an oscailteacht i leith na trádála agus infheistíochtaí díreacha coigríche (14.9 %), an struchtúr cánach agus an éifeachtúlacht (10.4 %).
4.12Cé go measann eacnamaithe le fada gurb iad na scileanna a thionscnaíonn an fás táirgiúlachta agus a thiomáineann an fás eacnamaíoch chun cinn, creideann CESE go bhfuil gá le tuilleadh taighde a dhéanamh maidir leis an gcaoi ar féidir fás níos mó a bhaint amach ar fud na dtionscal bunaithe ar infheistíochtaí i scileanna agus san eolas.
4.13Creideann CESE go bhféadfadh comhpháirtíochtaí láidre idir na rialtais, na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, na soláthraithe oideachais agus oiliúna, na cuideachtaí, na comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus seirbhísí poiblí fostaíochta agus sóisialta an bonn a leagan síos do na scileanna atá ag teastáil sa mhargadh saothair. I bhfianaise an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht, molann CESE plean gníomhaíochta a chruthú ionas go gcuirfear chun feidhme go cuí na 12 ghníomhaíocht atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na príomhréitigh is gá chun freagairt do na dúshláin atá ann faoi láthair.
An Bhruiséil, 04 Deireadh Fómhair 2023
Cinzia DEL RIO
Cathaoirleach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
_____________