This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document E2024P0011
Action brought on 8 May 2024 by the EFTA Surveillance Authority against Iceland (Case E-11/24)
Caingean arna tabhairt an 8 Bealtaine 2024 ag Údarás Faireacháin CSTE i gcoinne na hÍoslainne (Cás E-11/24)
Caingean arna tabhairt an 8 Bealtaine 2024 ag Údarás Faireacháin CSTE i gcoinne na hÍoslainne (Cás E-11/24)
IO C, C/2024/4351, 4.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4351/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4351 |
4.7.2024 |
Caingean arna tabhairt an 8 Bealtaine 2024 ag Údarás Faireacháin CSTE i gcoinne na hÍoslainne
(Cás E-11/24)
(C/2024/4351)
Thug Údarás Faireacháin CSTE caingean i gcoinne na hÍoslainne os comhair Chúirt CSTE an 8 Bealtaine 2024, agus ionadaíocht á déanamh don Údarás sin ag Hildur Hjörvar, Sigrún Ingibjörg Gísladóttir, agus Melpo-Menie Joséphidès, ag gníomhú dóibh mar Ghníomhairí Údarás Faireacháin CSTE, Avenue des Arts 19H, 1000 Bruxelles/Brussel, Belgique/België.
Iarrann Údarás Faireacháin CSTE ar Chúirt CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
1. |
A dhearbhú gur mhainnigh an Íoslainn a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE, toisc nach ndearna sí cuid dá dlíchóras inmheánach den Ghníomh dá dtagraítear ag pointe 56z d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE (Rialachán 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE, agus |
|
2. |
Ordú a thabhairt don Íoslainn costais na n-imeachtaí sin a iompar. |
An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a thugtar ar aird chun tacú leis an méid sin:
|
— |
Leis an iarratas seo, iarrann Údarás Faireacháin CSTE ar an gCúirt a dhearbhú gur mhainnigh an Íoslainn na bearta is gá a ghlacadh chun cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh den Ghníomh dá dtagraítear ag pointe 56z de Chaibidil V d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú sin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 7 LEE. |
|
— |
I bhfreagra dar dáta an 25 Meán Fómhair 2023 ar litir fógra fhoirmiúil ó Údarás Faireacháin CSTE an 4 Iúil 2023, chuir an Íoslainn Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas nach raibh na bearta is gá déanta aici go fóill chun an Gníomh a chur chun feidhme. |
|
— |
Thug Údarás Faireacháin CSTE a thuairim réasúnaithe uaidh an 22 Samhain 2023 agus é fós den tuairim nach ndearnadh cuid de dhlíchóras inmheánach na hÍoslainne den Ghníomh. Níor thug an Íoslainn freagra ar an tuairim réasúnaithe. |
|
— |
Faoin tráth a chuaigh an spriocdháta a leagadh síos sa tuairim réasúnaithe in éag, ní raibh Údarás Faireacháin CSTE curtha ar an eolas ag an Íoslainn faoi aon bheart a ghlac sí chun cuid dá dlíchóras inmheánach a dhéanamh den Ghníomh, ná ní raibh aon fhaisnéis eile ag Údarás Faireacháin CSTE a thug le fios go ndearnadh cuid de dhlíchóras inmheánach na hÍoslainne den Ghníomh. |
|
— |
Tugann Údarás Faireacháin CSTE dá aire, agus an t-iarratas seo á thaisceadh, nach ndearna an Íoslainn cuid dá dlíchóras inmheánach den Ghníomh, agus nár chuir sí Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas faoi. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4351/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)