EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document E2022P0009

Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Landsréttur dar dáta an 9 Meitheamh 2022 i gcás Verkfræðingafélag Íslands, Stéttarfélag tölvunarfræðinga og Lyfjafræðingafélag Íslands v Stát na Íoslainne (Cás E-9/22) 2022/C 385/06

PUB/2022/771

OJ C 385, 6.10.2022, p. 24–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

6.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 385/24


Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Landsréttur dar dáta an 9 Meitheamh 2022 i gcás Verkfræðingafélag Íslands, Stéttarfélag tölvunarfræðinga og Lyfjafræðingafélag Íslands v Stát na Íoslainne

(Cás E-9/22)

(2022/C 385/06)

Tá iarraidh déanta do Chúirt CSTE, dara dáta an 9 Meitheamh 2022, ó Landsréttur (an Chúirt Achomhairc), a fuarthas ag Clárlann na Cúirte an 9 Meitheamh 2022, le haghaidh Tuairim Chomhairleach i gcás Verkfræðingafélag Íslands) (Cumann na nInnealtóirí Cairte san Íoslainn), Stéttarfélag tölvunarfræðinga (Aontas na nEolaithe Ríomhaireachta) agus Lyfjafræðingafélag Íslands (Cumann Íocshláinte na hÍoslainne) in éadan Stát na hÍoslainne, maidir leis na ceisteanna a leanas:

1.

An dtagann sé as Airteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59/CE ón gComhairle, agus as prionsabal na héifeachtachta freisin, maidir le fostóir ag a bhfuil sé beartaithe conarthaí le grúpa oibreoirí a chumhdaíonn ragobair sheasta a fhoirceannadh, go gceanglaítear air na rialacha nós imeachta a leagtar síos sa Treoir a urramú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le dul i gcomhairle le hionadaithe oibrithe faoi Airteagal 2 den Treoir agus fógra a thabhairt don údarás inniúil poiblí faoi Airteagal 3 den Treoir?

2.

Más deimhneach freagra na chéad cheiste, an scoireann oibleagáid an fhostóra de bheith infheidhme mura mbíonn foirceannadh iomlán chonarthaí fostaíochta na n-oibreoirí mar thoradh ar fhoirceannadh na gconarthaí a chumhdaíonn ragobair sheasta?

3.

Maidir le freagra na chéad dá cheiste, an bhfuil sé tábhachtach, maidir le conarthaí a chumhdaíonn ragobair sheasta a ndéanann an fostóir iad a fhoirceannadh, cibé acu a rinneadh na conarthaí sin go sonrach i gconarthaí neamhspleácha a bhí sa bhreis ar chonarthaí fostaíochta na n-oibreoirí nó nach ndearnadh?


Top