EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2022/025A/01

Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh — Foilsiú folúntais le haghaidh fheidhm an Stiúrthóra “Sábháilteacht agus Slándáil Núicléach” (Grád AD 14) (Airteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne) — COM/2022/10411

PUB/2021/1001

OJ C 25A, 18.1.2022, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

18.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CA 25/1


AIRMHEÁN COMHPHÁIRTEACH TAIGHDE AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

Foilsiú folúntais le haghaidh fheidhm an Stiúrthóra “Sábháilteacht agus Slándáil Núicléach” (Grád AD 14)

(Airteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne)

COM/2022/10411

(2022/C 25 A/01)

 

Cé sinn féin?

Seirbhís eolaíochta agus eolais an Choimisiúin Eorpaigh is ea an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) arb é is misean dó fianaise neamhspleách a sholáthar mar thacaíocht do bheartais an Aontais ar feadh thimthriall iomlán na mbeartas. Tá JRC suite i gcúig Bhallstát (an Bheilg, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír agus an Spáinn). Tá tuilleadh eolais ar fáil ar https://ec.europa.eu/jrc.

Tugann obair eolaíoch JRC i réimse na sábháilteachta agus na slándála núicléiche aghaidh ar phríomhghnéithe eolaíocha agus teicneolaíocha a bhaineann leis na riachtanais agus na dúshláin atá ag an tsochaí sa lá atá inniu ann agus a bheidh aici amach anseo. Is ar na trí thoise thagartha i Straitéis 2030 JRC atá an obair sin bunaithe: an chothroime, an athléimneacht, agus an t-iomaíochas. Aithnítear go forleathan go mbaineann obair eolaíoch JRC sa réimse núicléach caighdeáin fhíor-arda amach, de thairbhe a chuid scileanna, a chuid inniúlachtaí agus a chuid saoráidí nach bhfuil a leithéidí áit ar bith eile sa domhan.

An tairiscint

Táimid ag tairiscint post Stiúrthóra a bheidh ina cheannaire ar Stiúrthóireacht Taighde agus Forbartha JRC – Stiúrthóireacht G Sábháilteacht agus Slándáil Núicléach. Is post suntasach é seo agus beidh sé ar chumas an té a cheapfar tionchar a imirt ar threo an taighde Euratom sna deacáidí atá romhainn.

Is é is príomh-mhisean do Stiúrthóireacht G-JRC an Clár Taighde agus Oiliúna Euratom JRC a chur chun feidhme agus na hinniúlachtaí núicléacha a choinneáil ar bun agus a scaipeadh san Eoraip chun tacú le Ballstáit uile an Aontais. Tá ábharthacht faoi leith ag comhar agus comhlántacht láidir le beartas taighde Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus na n-eagraíochtaí náisiúnta. Soláthraíonn Stiúrthóireacht G-JRC tacaíocht do sheirbhísí an Aontais maidir leis an mbeartas a bhaineann le cúrsaí núicléacha agus maidir le tionscnaimh taidhleoireachta eolaíche, trí bhainistíocht eolais agus saineolas teicniúil agus eolaíoch neamhspleách. Is príomhpháirtí gníomhach í Stiúrthóireacht G i líonraí idirnáisiúnta freisin, agus oibríonn sí i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le hollscoileanna iomráiteacha, le hinstitiúidí taighde agus le páirtithe leasmhara eile.

Tá Stiúrthóir G faoi mhaoirseacht dhíreach an Leas-Ard-Stiúrthóra (DDG.1). Tá naoi nAonad i Stiúrthóireacht G agus tá péire acu faoi mhaoirseacht dhíreach an Stiúrthóra; tá na seacht n-aonad eile eagraithe laistigh de dhá roinn théamacha (Sábháilteacht Núicléach agus Slándáil agus Coimircí Núicléacha). Tá ceithre láithreán éagsúla ag Stiúrthóireacht G, mar atá, Karlsruhe (DE), Ispra (IT), Petten (NL) agus Geel (BE).

Tá an Stiúrthóir freagrach as bainistíocht láithreán Karlsruhe freisin. Is eisean a fheidhmíonn ina shealbhóir ceadúnais núicléach agus ina fhostóir de réir an tsainmhínithe i ndlí na tíre óstaí. Glacann an Stiúrthóir Láithreáin na bearta uile is gá chun sábháilteacht na ndaoine agus na ngléasraí ar an láithreán a áirithiú, suíonn sé beartas comhchuibhithe le haghaidh shábháilteacht gach baill foirne ag an obair, agus feidhmíonn sé ina Stiúrthóir Éigeandála Láithreáin i dtaca le bainistíocht agus comhordú na n-éigeandálaí ar an láithreán. Tá Stiúrthóir JRC Karlsruhe freagrach as comhlíonadh na mbeart sábháilteachta agus slándála uile a bhaineann leis an gceadúnas núicléach. Spreagann an Stiúrthóir Láithreáin comhar idir Stiúrthóireachtaí i measc na seirbhísí uile atá ar an láithreán agus coinníonn sé caidreamh oscailte ar fónamh ar bun le hionadaíocht áitiúil na foirne. Déanann an Stiúrthóir Láithreáin ionadaíocht ar leasanna an Choimisiúin/JRC sna himeachtaí seachtracha agus inmheánacha. Cuirtear béim faoi leith ar an gcaidreamh leis na húdaráis áitiúla agus leis an Scoil Eorpach.

Soláthróidh an Stiúrthóir ceannaireacht láidir éifeachtach agus é á áirithiú aige go bhfuil foirne uile na Stiúrthóireachta tiomanta, táirgiúil, agus ailínithe le straitéis núicléach JRC chun clár oibre Euratom a chur chun feidhme le meon an chomhair. Ba cheart don Stiúrthóir páirt a ghlacadh freisin i bhforbairt na físe fadtéarmaí le haghaidh chúraimí na Stiúrthóireachta, rud a chuirfidh le cur i bhfeidhm foriomlán straitéis JRC.

Cad atá á lorg againn (critéir roghnúcháin)

Ba cheart do na hiarrthóirí na critéir roghnúcháin seo a leanas a chomhlíonadh:

Scileanna bainistíochta

Cumas cruthaithe acmhainní ábhartha airgeadais a bhainistiú i gcomhthéacs na seirbhíse poiblí.

Smaointeoireacht straitéiseach ar fónamh agus an cumas moltaí praiticiúla a bhaint aisti sin le haghaidh gníomhaíochta, agus tosaíochtaí agus cuspóirí a shocrú.

Cumas cruthaithe foirne a stiúradh, a spreagadh agus a fhorbairt chomh maith agus atá iontu, ar an láthair agus ó chian.

Is bua a bheadh ann a bheith ábalta foirne idirnáisiúnta agus/nó grúpaí saineolaithe a stiúradh i dtionscadail theicniúla nó i dtionscadail taighde fheidhmigh.

Sainscileanna agus saintaithí

Taithí ghairmiúil a bhaineann leis na réimsí a ndéanann an Stiúrthóireacht bainistíocht orthu, agus go háirithe an tSábháilteacht Núicléach, an tSlándáil Núicléach, agus na Coimircí Núicléacha.

Taithí laistigh d’institiúidí an Aontais agus de sheirbhísí an Choimisiún, nó taithí a bhaineann leo, go háirithe i réimse an chomhéadain idir an eolaíocht agus an beartas.

An cumas líonra gairmiúil a fhorbairt agus a chothú laistigh de phobail an taighde agus an bheartais núicléach.

An cumas cumarsáid agus idirghníomhú a dhéanamh le húdaráis náisiúnta/áitiúla na Gearmáine, de réir mar a éilíonn ról bhainistíocht an láithreáin.

Is bua a bheadh ann cúlra i réimse na hinnealtóireachta nó na heolaíochta núicléiche.

Buanna pearsanta

Cumas cruthaithe caidreamh iontaofa oibre a chothú le páirtithe leasmhara agus an ábaltacht ionadaíocht a dhéanamh ar an gCoimisiún i ngach teagmháil le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha, lena n-áirítear údaráis náisiúnta AE agus an pobal trí chéile.

Sárscileanna cumarsáide agus caibidlíochta.

Sárscileanna eagrúcháin agus an cumas fadhbanna coincheapúla agus oibríochtúla a réiteach le cur chuige atá dírithe ar thorthaí.

An cumas eolas a roinnt agus comhoibriú le piaraí agus le comhghleacaithe.

Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí (ceanglais incháilitheachta)

Is ar bhonn na gcritéar foirmiúil seo a leanas amháin, nach mór iad a bheith comhlíonta faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, a chuirfear na hiarrthóirí san áireamh nuair a bheidh an rogha á dhéanamh:

Náisiúntacht: ní mór d’iarrthóirí a bheith ina saoránaigh de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Céim nó dioplóma ollscoile: ní mór d’iarrthóirí:

leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 4 bliana nó níos mó;

nó leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr agus taithí ghairmiúil iomchuí bliana amháin ar a laghad i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 3 bliana ar a laghad (ní féidir an bhliain amháin sin de thaithí ghairmiúil a chur san áireamh sa taithí ghairmiúil iarchéime a iarrtar thíos).

Taithí ghairmiúil: ní mór d’iarrthóirí taithí ghairmiúil iarchéime 15 bliana ar a laghad (1) a bheith acu ar leibhéal ar féidir tosú air leis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas. Ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí ghairmiúil sin a bheith faighte i réimse a bhaineann leis an bpost seo.

Taithí bhainistíochta: ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí ghairmiúil iarchéime a bheith faighte i bhfeidhm bainistíochta ardleibhéil (2).

Teangacha: ní mór d’iarrthóirí eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (3) agus eolas sásúil ar cheann eile de na teangacha oifigiúla sin. Deimhneoidh na painéil roghnúcháin le linn na n-agallamh an gcomhlíonann iarrthóirí an ceanglas maidir le heolas sásúil ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfaí an t-agallamh nó cuid den agallamh a dhéanamh sa teanga eile sin mar chuid den tástáil sin.

Teorainn aoise: ní mór do na hiarrthóirí a bheith faoi bhun na gnáthaoise scoir, aois atá sainithe d’oifigigh an Aontais mar dheireadh na míosa inar shlánaigh an duine 66 bliana (féach Airteagal 52 (a) de na Rialacháin Foirne (4)).

Roghnú agus ceapadh

Is de réir nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta an Choimisiúin Eorpaigh a dhéanfar an roghnú agus an ceapachán (féach: An Doiciméad ar Bheartas Oifigeach Sinsearach (5)).

Mar chuid den phróiseas roghnúcháin seo, cuirfidh an Coimisiún Eorpach painéal réamhroghnúcháin ar bun. Déanfaidh an painéal sin anailísiú ar na hiarratais go léir, rachaidh sé ar aghaidh leis an gcéad fhíorú incháilitheachta agus sainaithneoidh sé na hiarrthóirí a bhfuil na próifílí is fearr acu i bhfianaise na gcritéar roghnúcháin a luaitear thuas, iarrthóirí a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh leis an bpainéal réamhroghnúcháin.

I ndiaidh na n-agallamh sin, tarraingeoidh an painéal réamhroghnúcháin suas a thuairimí agus molfaidh sé liosta iarrthóirí le haghaidh agallaimh eile le Coiste Comhairleach an Choimisiúin Eorpaigh um Cheapacháin (CCA). Cuirfidh CCA na tuairimí ón bpainéal réamhroghnúcháin san áireamh agus é ag cinneadh cé na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.

Glacfaidh na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh le CCA dóibh páirt in ionad measúnaithe bainistíochta a mhairfidh lá iomlán a reáchtálfaidh comhairleoirí earcaíochta seachtracha. Agus torthaí an agallaimh agus tuarascáil an ionaid measúnaithe á gcur san áireamh aige, tiomsóidh CCA gearrliosta d’iarrthóirí a mheasann sé a bheadh oiriúnach don fheidhm.

Is iad Comhalta nó Comhaltaí ábhartha an Choimisiúin, chomh maith le Comhaltaí Bhord Gobharnóirí JRC, a chuirfidh agallamh ar na hiarrthóirí a bheidh ar ghearrliosta CCA.

I ndiaidh na n-agallamh sin, déanfaidh an Coimisiún Eorpach an cinneadh ceapacháin.

Ní mór don iarrthóir a roghnófar aon oibleagáid dlí a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta aige, teistiméireachtaí carachtair cuí a chur ar fáil maidir lena oiriúnaí atá sé i dtaca lena chuid dualgas a dhéanamh, agus a bheith in ann ag dualgais an phoist ó thaobh folláine coirp de.

Ba cheart don iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí imréitigh slándála óna údarás náisiúnta slándála a bheith aige nó a bheith in ann an deimhniú sin a fháil. Is cinneadh riaracháin é an t-imréiteach slándála pearsanta a dhéantar i ndiaidh grinnfhiosrúchán slándála a chur i gcrích, grinnfhiosrúchán a rinne údarás náisiúnta slándála inniúil an iarrthóra i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta slándála is infheidhme, agus lena ndeimhnítear go bhféadfar cead a thabhairt do dhuine aonair rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnaicmithe suas le leibhéal áirithe. (Tabhair do d’aire gur ar iarraidh an fhostóra amháin is féidir tús a chur leis an nós imeachta is gá maidir le himréiteach slándála, agus ní ar iarraidh an iarrthóra).

Ní bheidh rochtain ag an iarrthóir ar fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) ar an leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin, agus ní fhreastalóidh an t-iarrthóir ar aon chruinniú ag a bpléifear FRAE den sórt sin, go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an t-imréiteach slándála pearsanra agus go gcuirfear an nós imeachta imréitigh i gcrích leis an seisiún faisnéise, a bhfuil ceangal dlí leis, ó Stiúrthóireacht Slándála an Choimisiúin.

Comhdheiseanna

I gcomhréir le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne, tá cuspóir straitéiseach á shaothrú ag an gCoimisiún an comhionannas inscne a bhaint amach ar gach leibhéal bainistíochta faoi dheireadh a shainordaithe reatha agus cuireann sé beartas comhdheiseanna i bhfeidhm lena spreagtar iarratais a d’fhéadfadh cur leis an éagsúlacht, leis an gcomhionannas inscne agus leis an gcothromaíocht gheografach fhoriomlán.

Coinníollacha fostaíochta

Tá na tuarastail agus na coinníollacha fostaíochta leagtha síos sna Rialacháin Foirne.

Is ina oifigeach ar ghrád AD 14 a earcófar an t-iarrthóir a n-éireoidh leis (6). Rangófar é i gcéim 1 nó i gcéim 2 laistigh den ghrád sin, de réir fhad na taithí gairmiúla a bheidh aige an tráth sin.

Ba chóir don iarrthóir a roghnófar a thabhairt dá aire go gceanglaítear faoi na Rialacháin Foirne nach mór do gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh 9 mí a chur i gcrích agus toradh sásúil uirthi.

Is in Karslruhe na Gearmáine, áit a bhfuil an Stiúrthóireacht suite, atá an t-ionad oibre.

Beidh an folúntas ann ón 1 Samhain 2022.

Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna

Sula rachaidh an t-iarrthóir a roghnófar i mbun a chuid dualgas, cuirfear de cheangal air dearbhú a thabhairt go bhfuil sé tiomanta a bheith ag gníomhú go neamhspleách ar mhaithe leis an bpobal, agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas a dhearbhú.

Nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh

Sula gcuirfidh an t-iarrthóir a iarratas isteach, ba cheart dó a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann sé gach ceann de na riachtanais incháilitheachta (“Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí”), go háirithe iad sin a bhaineann leis na cineálacha dioplóma, an taithí ghairmiúil ardleibhéil agus an acmhainn teangacha atá ag teastáil. Má tá aon cheann de na riachtanais incháilitheachta nach gcomhlíonann iarrthóir, eisiafar é go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.

Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú tríd an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo thíos agus na treoracha maidir le céimeanna éagsúla an phróisis a leanúint:

https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/

Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun do chlárú a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF, i bhformáid CV Europass más féidir é (7), agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas!

Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d’iarratais.

Má tá tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu

Dáta deiridh

Is é 12.00 meán lae, am na Bruiséile, an 15 Feabhra 2022, an dáta deiridh le clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.

Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeadh sé críochnaithe agat, rud a chuirfeadh iallach ort an próiseas clárúcháin a thosú athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlactar le clárúcháin dhéanacha.

Eolas tábhachtach d’iarrthóirí

Cuirtear i gcuimhne d’iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin. Tá cosc ar iarrthóirí dul i dteagmháil, bíodh sé díreach nó indíreach, le comhaltaí na bpainéal sin, agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Ní mór gach fiosrúchán a sheoladh chuig rúnaíocht an phainéil ábhartha.

Sonraí pearsanta a chosaint

Áiritheoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus le slándáil na sonraí sin.


(1)  Ní chuirtear taithí ghairmiúil san áireamh ach amháin más caidreamh oibre iarbhír atá i gceist léi, caidreamh atá sainmhínithe mar obair cheart a bhfuair an t-iarrthóir pá aisti mar fhostaí (ar aon chineál conartha) nó mar sholáthraí seirbhíse. Is ar bhonn pro rata a dhéanfar gníomhaíochtaí gairmiúla a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha a ríomh, de réir an chéatadáin dheimhnithe de na huaireanta lánaimseartha a d’obair an t-iarrthóir. Tá saoire mháithreachais/saoire tuismitheora/saoire páiste a uchtú san áireamh más faoi chuimsiú conradh oibre a glacadh an tsaoire sin. Is cuid den taithí ghairmiúil í céim dochtúra, fiú amháin nuair nach dochtúireacht ar pá í, ach uastréimhse 3 bliana amháin atá i gceist sa chás sin, agus ar choinníoll gur éirigh leis an iarrthóir an dochtúireacht a bhaint amach. Ní féidir tréimhse áirithe a áireamh ach uair amháin.

(2)  Maidir leis na blianta uile ina bhfuair na hiarrthóirí taithí bhainistíochta, ba cheart dóibh a léiriú go soiléir ina curriculum vitae: (1) teideal agus ról na bpost bainistíochta a bhí acu; (2) an líon ball foirne a ndearna siad maoirseacht orthu sna poist sin; (3) méid na mbuiséad a bhainistigh siad; (4) líon na sraitheanna ordlathais os a gcionn agus faoina mbun; agus (5) líon a bpiaraí.

(3)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01958R0001-20130701

(4)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20140701

(5)  https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/compilation-of-the-senior-official-policy-at-the-european-commission_en.pdf (is i mBéarla amháin atá an doiciméad ar fáil)

(6)  Tá an chomhéifeacht cheartúcháin is infheidhme do Karlsruhe maidir le luach saothair agus pinsin oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid an Aontais socraithe ag 98 % ón 1 Iúil 2020. Tá an chomhéifeacht sin faoi réir athbhreithniú bliantúil.

(7)  Tá eolas le fáil faoi conas CV Europass a chruthú ar líne ag: https://europa.eu/europass/en/create-europass-cv

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


Top