EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2020/183A/01

Fógra Folúntais – EXT/20/24/AD 11/BOA Member

OJ C 183A, 3.6.2020, p. 1–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA FOLÚNTAIS

EXT/20/24/AD 11/BOA Member

Tá Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), “an Oifig”, ar lorg iarrthóirí chun trí phost mar chomhalta de Bhord Achomhairc na hOifige a líonadh.

Teideal an phoist

COMHALTA DE BHORD ACHOMHAIRC

Feidhmghrúpa/grád

AD 11

Cineál conartha

Gníomhaire Sealadach

Tagairt

EXT/20/42/AD 11/BOA Member

Spriocdháta le haghaidh iarratas

15 Iúil 2020 meán oíche – am Alicante (Am Lár na hEorpa)

Áit fostaíochta

Alicante, AN SPÁINN

An dáta a mheastar go rachfar i mbun dualgas air

Ón 1 Feabhra 2021

1.   CÚLRA

Cúlra stairiúil agus dlíthiúil

Bunaíodh an Oifig le Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 40/94 (1) (anois Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar ghníomhaireacht díláraithe den Aontas Eorpach (“AE”) chun cosaint cheart um maoin intleachtúil (IP) a thairiscint do ghnólachtaí agus do nuálaithe ar fud an AE agus níos faide i gcéin. Le Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 6/2002 (3) cruthaíodh an dearadh Comhphobail cláraithe atá faoi bhainistiú na hOifige freisin, agus níos moille, le Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), fágadh faoi chúram na hOifige an Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla.

Tá an Oifig lonnaithe in Alicante, an Spáinn, ó bunaíodh í thiar sa bhliain 1994, áit a mbainistíonn sí clárú thrádmharcanna AE agus an dearaidh Chomhphobail cláraithe, atá bailí ar fud an Aontais Eorpaigh. Leathnaíonn an obair ar an leibhéal AE freisin chuig cóineasú uirlisí agus cleachtas i gcomhar leis na comhpháirtithe in oifigí náisiúnta agus réigiúnacha IP ar fud an AE, le húsáideoirí agus le comhpháirtithe institiúideacha eile. Le chéile, is ionann na hoifigí seo agus Gréasán an Aontais Eorpaigh um Maoin Intleachtúil (EUIPN), ag comhoibriú d’fhonn eispéireas comhsheasmhach cláraithe a thairiscint d’úsáideoirí, cibé acu ar an leibhéal náisiúnta nó AE.

Is iad Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis teangacha na hOifige. Mar sin féin, féadfar imeachtaí áirithe a dhéanamh i dteangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Rialachas, bainistíocht agus struchtúr an EUIPO

Is éard atá i struchtúr rialachais an EUIPO ná an Bord Bainistíochta agus an Coiste Buiséid, an dá cheann comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát, beirt ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa. Tá neamhspleáchas dlíthiúil, riaracháin agus airgeadais ag an EUIPO.

Déanann an Chomhairle cinneadh maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin (na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin), agus Uachtarán agus Cathaoirligh na mBord Achomhairc a cheapadh ó liosta iarrthóirí arna mholadh ag an mBord Bainistíochta. Tá an Bord Bainistíochta i gceannas ar roghnú agus ceapadh Chomhaltaí na mBord Achomhairc.

Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil na hOifige agus atá freagrach as a bainistíocht, agus é/í freagrach don Bhord Bainistíochta agus don Choiste Buiséid. Tugann Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin amháin ar a laghad cúnamh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Is é thart ar EUR 464 milliún buiséad na hOifige don bhliain 2020 agus is é 925 líon na bpost sa phlean bunaíochta.

Tá EUIPO eagraithe i roinnt ranna feidhmiúla, agus gach ceann acu ag tuairisciú don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus/nó don Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Cé go bhfuil siad comhtháthaithe isteach i gcórais riaracháin agus bhainistíochta na hOifige, is faoi EUTMR a bunaíodh na Boird Achomhairc mar aonad ar leith laistigh den Oifig chun athbhreithniú neamhspleách ar chinntí na hOifige a sholáthar, agus achomhairc bhreise chuig na Cúirteanna AE i Lucsamburg a bheith ina bhféidearthachtaí.

Faoi láthair, tá na Boird Achomhairc comhdhéanta d’Uachtarán, ceithre Cathaoirleach agus cúig chomhalta déag. Faigheann siad cúnamh ó bhaill foirne dlí agus riaracháin. Cuirtear Uachtarán na mBord Achomhairc, na Cathaoirligh agus na comhaltaí faoi údarás Bhord Bainistíochta na hOifige. Oibríonn tuairim is 100 ball foirne sna Boird Achomhairc, lena n-áirítear an Chlárlann, an tSeirbhís Tacaíochta Eolais agus Faisnéise agus an tSeirbhís Malartach um Réiteach Díospóidí.

Sa bhliain 2019, rinneadh 2 988 achomharc a chomhdú agus eisíodh 2 507 cinneadh. Tá Uachtarán na mBord Achomhairc ina chathaoirleach ar Phraesaidiam na mBord Achomhairc, atá freagrach as na rialacha a leagan síos agus obair na mBord a eagrú, a chinntí a chur i bhfeidhm agus na cásanna a dháileadh chuig Bord. Tá Cathaoirleach ina chathaoirleach ar gach Bord Achomhairc. Tá Uachtarán na mBord Achomhairc ina chathaoirleach ar an Ard-Bhord freisin.

Féach an láithreán gréasáin seo a leanas le do thoil chun tuilleadh faisnéise a fháil:

https://euipo.europa.eu/ohimportal/en/home

2.   DUALGAIS

Beifear ag súil go ndéanfaidh comhalta Bhord Achomhairc EUIPO athbhreithniú ar chásanna agus cinntí a ullmhú ar achomhairc i gcoinne cinntí céadchéime na hOifige (scrúdú ar thrádmharcanna nó dearaí, cur i gcoinne, cealúchán agus neamhbhailíocht dearaí).

Is triúr comhaltaí a dhéanann cinntí na mBord Achomhairc, agus ní mór go bhfuil cáilíocht dlí ag beirt acu siúd ar a laghad. I gcásanna sonracha áirithe, is é an tArd-Bhord, atá faoi chathaoirleacht Uachtarán na mBord Achomhairc, nó comhalta aonair, nach mór dó/di bheith cáilithe ó thaobh dlí de, a dhéanann na cinntí. Beidh Uachtarán na mBord Achomhairc agus Cathaoirligh agus comhaltaí na mBord Achomhairc neamhspleách. Ní bheidh orthu cloí le haon treoracha agus cinntí á ndéanamh acu.

De bhun na gcinntí a dhéanann Praesaidiam na mBord Achomhairc, féadfar comhaltaí a cheapadh ar Bhord Achomhairc amháin nó ar roinnt Bord Achomhairc.

Faoi réir na rialacha arna leagan síos go bliantúil ag Praesaidiam na mBord Achomhairc maidir le hobair na mBord a eagrú, táthar ag súil go n-ullmhóidh gach comhalta de na Boird Achomhairc thart ar 130 dréachtchinneadh in aghaidh na bliana agus go mbeidh siad rannpháirteach mar thríú comhalta sa chinnteoireacht de thuairim is 200 cás breise.

D’fhonn a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh, faigheann comhalta tacaíocht ón bhfoireann dlí agus riaracháin.

Féadfar iarraidh ar chomhaltaí léachtaí a thabhairt, páirt a ghlacadh i gcomhdhálacha agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na Seirbhíse Malartaí um Réiteach Díospóidí.

3.   CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA

Chun go nglacfar iad isteach sa nós imeachta roghnúcháin seo, ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh faoin spriocdháta le hiarratais a chur isteach:

Coinníollacha ginearálta (5)

A bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus cearta iomlána a bheith aige nó aici mar shaoránach;

Aon oibleagáidí faoi na dlíthe a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu;

Na riachtanais charachtair a shásamh (6) maidir lena oiriúnaí atá siad do na dualgais lena mbaineann a chomhlíonadh;

Bheith corpacmhainneach chun na dualgais a chomhlíonadh;

Ní mór dó/dí bheith in ann sainordú iomlán 5 bliana a chomhlíonadh ón dáta ionchais le dualgais a ghlacadh, sula mbainfidh sé/sí aois scoir amach, i.e. deireadh na míosa sin ina mbainfidh an t-iarrthóir 66 bliain d’aois amach (7). Is é 1 Feabhra 2021 an dáta a bhfuiltear ag súil leis go gcuirfear tús le dualgais.

Oideachas

Leibhéal oideachais a chomhfhreagraíonn do staidéar críochnaithe ollscoile arna fhianú ag dioplóma a bheith aige/aici sa chás go maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile ceithre bliana nó níos mó;

Leibhéal oideachais a chomhfhreagraíonn do staidéar críochnaithe ollscoile arna fhianú ag dioplóma a bheith acu agus taithí ghairmiúil chuí aon bhliana ar a laghad a bheith acu sa chás go maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile trí bliana ar a laghad.

Taithí ghairmiúil (8)

Faoin spriocdháta le hiarratais a chur isteach íosmhéid de 15 bliana de thaithí ghairmiúil a bheith acu (16 bliana sa chás de chéim ollscoile thrí bliana a bheith acu), a fuarthas tar éis dáta na céime ábhartha.

Ar an taithí ghairmiúil 15 bliana seo, ní mór 10 mbliana ar a laghad a bheith gnóthaithe i réimse na maoine intleachtúla, agus ní mór 5 bliana ar a laghad acu sin a bheith gnóthaithe sa réimse trádmharcanna agus/nó dearaí.

Scileanna teanga

Eolas críochnúil a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (leibhéal C1 ar a laghad) – Teanga 1

Eolas sásúil a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla na hOifige (leibhéal B2 ar a laghad), a mhéid is gá chun na dualgais lena mbaineann a chomhlíonadh – Teanga 2 (9)

Is iad Béarla (EN), Fraincis (FR) Gearmáinis (DE), Iodáilis (IT) agus Spáinnis (ES) cúig theanga na hOifige. Freagraíonn na leibhéil do Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha.

4.   CRITÉIR/BUNTÁISTÍ ROGHNÚCHÁIN

D’fhonn na hiarrthóirí is mó cáilíocht a roghnú le haghaidh agallaimh, bainfear úsáid as na critéir seo a leanas:

a)

Eolas teicniúil agus taithí theicniúil, agus go háirithe:

Taithí ghairmiúil ar dhéileáil le cásanna dlí nó le gníomhaíochtaí den chineál céanna;

Taithí bhreithiúnach ghairmiúil nó taithí ar dhlíthíocht, ar chásanna cúirte a ullmhú agus/nó obair leantach a dhéanamh orthu;

Eolas an-mhaith ar reachtaíocht mhaoine intleachtúla agus ar chásdlí, go háirithe reachtaíocht trádmharcanna agus dearaí AE;

Eolas an-mhaith ar an timpeallacht Eorpach mhaoine intleachtúla, lena n-áirítear cúrsaí góchumtha agus sáraithe;

b)

Teangacha:

Taithí ghairmiúil ar a bheith ag oibriú i dteanga seachas máthairtheanga an iarrthóra;

Eolas críochnúil ar Bhéarla (leibhéal C1 ar a laghad), a d’fhéadfadh a bheith ar cheann de na teangacha a éilítear faoi na critéir incháilitheachta mar atá luaite faoi phointe 3;

Eolas críochnúil ar aon teanga(cha) eile de chuid na hOifige (FR, DE, IT, ES) (leibhéal C1 ar a laghad) seachas na teangacha atá luaite faoi phointe 3 den fhógra folúntais seo;

c)

Taithí agus eolas eile, go háirithe

Timpeallacht oibre: cumas léirithe chun oibriú i dtimpeallacht ilchultúrtha agus/nó idirnáisiúnta

d)

Oideachas:

Céim nó iarchéim sa dlí;

I dteannta na gcritéar thuas, déanfar iarrthóirí dá dtabharfar cuireadh chuig agallamh a mheasúnú i gcoinne na riachtanas seo a leanas:

e)

Inniúlachtaí, go háirithe:

Cumarsáid: cumarsáid a dhéanamh go soiléir agus go beacht ó bhéal agus i scríbhinn araon;

Anailís agus réiteach fadhbanna: na fíricí criticiúla i saincheisteanna casta a aithint agus réitigh chruthaitheacha agus phraiticiúla a fhorbairt ina leith;

Oibriú le daoine eile: oibriú i gcomhar le daoine eile i bhfoirne agus trasna teorainneacha eagrúcháin, agus urraim a léiriú do na difríochtaí atá ann idir daoine; meon dearfach foirne a chruthú trí chomhspriocanna agus malartú eolais agus taithí a spreagadh;

Foghlaim agus forbairt: scileanna pearsanta agus eolas ar an eagraíocht agus ar thimpeallacht na heagraíochta a fhorbairt agus a fheabhsú; gealladh oiliúint a chur ar dhaoine eile, eolas a chomhroinnt agus modhanna oibre a fheabhsú go córasach;

Tosaíochtaí agus eagrúchán: an cumas na cúraimí is tábhachtaí a chur in ord tosaíochta, oibriú ar bhealach solúbtha agus a n-ualach oibre féin agus ualach oibre dhaoine eile a eagrú go héifeachtúil;

Cáilíocht agus torthaí: freagracht phearsanta a ghlacadh as obair ar ardchaighdeán a chur i gcrích, as a stuaim féin agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos; díriú go soiléir ar an gcustaiméir (custaiméirí inmheánacha agus seachtracha araon); modhanna córasacha agus críochnúla a chur le tionscadail agus le hobair dá gcuid féin agus de chuid a bhfoirne féin;

Teacht aniar: a bheith in ann obair éifeachtach a dhéanamh faoi bhrú, a bheith solúbtha agus oiriúnú do thimpeallacht oibre a bhíonn ag athrú; spreagadh a thabhairt do dhaoine eile an méid sin a dhéanamh agus a gcur chuige féin agus cur chuige a bhfoirne a choigeartú chun déileáil le cúinsí a bhíonn ag athrú.

5.   NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN

Ginearálta

Déanfar an nós imeachta roghnúcháin faoi réir rialú Bhord Bainistíochta na hOifige.

Réamhobair

Déanfaidh Fochoiste Ullmhúcháin arna cheapadh ag an mBord Bainistíochta réamh-mheasúnú ar iarratais agus cuirfidh sé na hiarrthóirí is mó cáilíocht faoi agallamh.

I gcás iarrthóirí inghlactha a bhfuil na hiarratais uathu ina measc siúd is fearr atá cáilithe i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin atá sonraithe faoi phointe 4, féadfar dul i dteagmháil leo d’fhonn a gcuid scileanna teanga a fhíorú, mar aon le fianaise a fháil ar an taithí ghairmiúil atá acu agus/nó ar scileanna, eolas agus inniúlachtaí eile. Ní bheidh na hiarrthóirí a ndearnadh teagmháil leo le linn na céime réamh-roghnúcháin i dteideal cuiridh chuig agallamh trí riachtanas; féadfar teagmháil den sórt sin a úsáid mar cheann de na céimeanna ina roghnaítear na hiarrthóirí is oiriúnaí le cur faoi agallamh. Cuirfidh an Fochoiste Ullmhúcháin in iúl do na hiarrthóirí stádas an nós imeachta de réir an tsainordaithe a thug an Bord Bainistíochta.

Agallamh

Is in Alicante a bheidh na hagallaimh ar siúl. Cuirfear eolas ar na hiarrthóirí dá dtabharfar cuireadh chun agallaimh i bhfad roimh ré maidir le dáta agus am na n-agallamh. Déanfar an t-agallamh i gceann amháin de theangacha de chuid na hOifige (EN, FR, DE, IT, ES) seachas máthairtheanga an iarrthóra atá léirithe ar an bhfoirm iarratais.

Déanfar san agallamh tástáil ar eolas agus ar thaithí an iarrthóra ar ábhair a bhaineann leis na dualgais atá le cur i gcrích d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí atá sé/sí na cúraimí atá le cur i gcrích aige/aici a chomhlíonadh, agus ar a oiriúnaí atá sé/sí a bheith ag obair i dtimpeallacht idirnáisiúnta, i gcomhréir leis na gnéithe atá liostaithe san fhógra folúntais seo.

D’fhéadfadh go mbeadh ar iarrthóirí dul i mbun agallamh nó tástálacha breise, sa bhreis orthu siúd a luadh thuas.

Ceapadh

Déanfaidh an Fochoiste Ullmhúcháin tuarascáil a dhréachtú ar an obair ullmhúcháin don Bhord Bainistíochta, a cheapfaidh na hiarrthóirí rathúla ar na trí phost mar chomhalta na mBord Achomhairc atá ar fáil.

6.   COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA

Ceapfaidh Bord Bainistíochta na hOifige an t-iarrthóir rathúil ar feadh téarma 5 bliana. Maidir leis seo, tabhair do d’aire le do thoil gur gá don iarrthóir a bheith in ann an chéad shainordú iomlán 5 bliana a chomhlíonadh sula mbainfidh sé/sí aois scoir amach, i.e. deireadh na míosa sin ina mbainfidh sé/sí 66 bliain d’aois amach (10), ón dáta a moladh agus a comhaontaíodh chun dualgais a ghlacadh.

Tairgfear don iarrthóir/do na hiarrthóirí a ceapadh conradh mar bhall den fhoireann shealadach de bhun Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (“CEOS”) i gcatagóir AD, grád 11.

Is é EUR 10 244,12 an buntuarastal míosúil reatha a chomhfhreagraíonn don chéad chéim den ghrád seo. Tá gnéithe tuarastail breise ann a léiríonn stádas pósta agus leanaí cleithiúnacha. Ina theannta sin, soláthraítear liúntais éagsúla le haghaidh aistrithe agus taistil, chomh maith le hárachas timpiste agus sláinte agus scéim pinsin. Tá pá faoi réir cháin AE agus asbhaintí eile atá leagtha síos sa CEOS. Tá sé díolmhaithe, áfach, ó aon cháin náisiúnta. Is féidir le leanaí cleithiúnacha freastal ar an Scoil Eorpach in Alicante saor in aisce.

Féadfar téarma oifige chomhalta Bhord Achomhairc arna cheapadh mar thoradh ar an nós imeachta roghnúcháin seo a shíneadh go ceann tréimhsí breise 5 bliana i gcomhréir le Airteagal 166(5) EUTMR, nó go dtí aois scoir má bhaintear an aois sin amach le linn an téarma nua oifige tar éis don Bhord Bainistíochta meastóireacht dhearfach a dhéanamh ar a f(h)eidhmíocht roimhe sin agus tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na mBord Achomhairc.

Cuirfear deireadh le fostaíocht cibé acu ag deireadh an téarma nó ar iarratas ón iarrthóir a ceapadh, agus fógra trí mhí á thabhairt aige/aici.

Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna

Is neamhspleách a bheidh comhaltaí na mBord Achomhairc, de bhun Airteagal 166 EUTMR. Ní bheidh aon treoracha ina gceangal orthu agus cinntí á ndéanamh acu. Caithfidh comhaltaí a gcuid ama ar fad ag iarraidh a gcuid dualgas a chomhlíonadh agus ní threorófar iad le leas pearsanta ná náisiúnta ná le tionchar seachtrach de chineál ar bith. Ní chuirfear as oifig iad seachas sa chás go bhfuil cúiseanna tromchúiseacha ann lena gcur as oifig agus go ndéanann an Chúirt Bhreithiúnais cinneadh chuige sin de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 166(6) EUTMR.

Ceanglófar ar an gcomhalta a ceapadh, mar sin, dearbhú a thabhairt ar an tiomantas atá aige/aici gníomhú go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leasanna atá aige/aici a d’fhéadfaí a mheas mar dhochrach dá neamhspleáchas. Ní mór d’iarrthóirí a dheimhniú ina n-iarratas go bhfuil siad toilteanach déanamh amhlaidh.

Mar gheall ar nádúr áirithe na bhfeidhmeanna, ní mór d’iarrthóirí dá gcuirfear cuireadh chuig agallaimh dearbhú a shíniú a bhaineann lena leasanna atá acu faoi láthair nó sa todhchaí a d’fhéadfadh a bheith dochrach dá neamhspleáchas.

7.   CONAS IARRATAS A DHÉANAMH

Ní mór d’iarrthóirí an fhoirm iarratais a dhéanamh atá ar fáil ar láithreán gréasáin na hOifige:

https://euipo.europa.eu/ohimportal/en/vacancies

Cuirfear iarratais isteach, trí ríomhphost más féidir, chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas:

MBBCSecretariat@euipo.europa.eu.

Ba cheart iarratais a sheolfar le cúiréir a sheoladh chuig:

Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta

EUIPO – Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Avenida de Europa, 4

E-03008 Alicante

AN SPÁINN

Ní mór iarratais a bheith faighte roimh mheán oíche ar an 15 Iúil 2020.

Tabhair do d’aire go háirithe le do thoil nach mór gach cuid den fhoirm a bheith comhlánaithe. Ní chuirfear san áireamh aon fhoirm iarratais neamhiomlán (mar shampla, foirm iarratais ina dtugtar ráitis amhail “féach an CV nó an litir inspreagtha faoi iamh”).

Iarrfar ar iarrthóirí a dtugtar cuireadh chun agallaimh dóibh (féach pointe 5 “Nós Imeachta Roghnúcháin”) cruthúnas ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos san fhógra folúntais seo a chur ar fáil roimh an agallamh, mar aon le cáilíochtaí agus taithí eile arna ndearbhú ina n-iarratas:

Cóip de dhoiciméad aitheantais (amhail pas nó cárta aitheantais);

Cóipeanna de dhioplómaí;

Cóipeanna de theastais a bhaineann leis an taithí ghairmiúil a luaitear i bpointe 3.

Ní chuirfear doiciméid eile, agus curricula vitae go háirithe, san áireamh. Is gá a thabhairt faoi deara go dtabharfar neamhaird ar aon cháilíochtaí nó taithí ghairmiúil nach féidir a chruthú le fianaise dhoiciméadach, amhail cóipeanna de dhioplómaí nó de theastais fostaíochta, agus go bhféadfadh go ndiúltófaí don iarratas dá bharr.

8.   COMHDHEISEANNA

Cuireann an Oifig beartas comhdheiseanna i bhfeidhm agus glacann sí le hiarratais gan aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail inscne, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.

9.   SONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT

Mar an comhlacht atá freagrach as an nós imeachta roghnúcháin a eagrú, áirithíonn an Oifig go ndéantar sonraí pearsanta iarratasóirí a phróiseáil mar atá éilithe le Rialachán (CE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Baineann sé seo go sonrach le rúndacht agus le slándáil sonraí den chineál sin.

10.   ACHOMHARC

Má mheasann iarrthóir gur imir cinneadh ar leith drochthionchar air/uirthi, féadfaidh sé/sí gearán a dhéanamh de réir Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) ag an seoladh seo a leanas:

EUIPO – Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

An Rannóg Acmhainní Daonna

Avenida de Europa, 4

E-03008 Alicante

AN SPÁINN

Féadfaidh sé/sí achomharc breithiúnach a chur isteach freisin faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne chuig:

An Chúirt Ghinearálta

Rue du Fort Niedergrünewald

L–2925 Lucsamburg

LUCSAMBURG

Chun sonraí a fháil ar chonas achomharc a dhéanamh, féach le do thoil ar láithreán gréasáin na Cúirte Ginearálta: https://curia.europa.eu/jcms/jcms/Jo2_7033/en/

11.   TUILLEADH FAISNÉISE

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó:

Susana PÉREZ FERRERAS Uas.

Stiúrthóir na Rannóige Acmhainní Daonna

EUIPO – Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Office AA1-P5-A180

Avenida de Europa 4

E-03008 Alicante

AN SPÁINN

ríomhphost: Susana.PEREZ@euipo.europa.eu

Cuirtear i gcuimhne d’iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann an Fochoiste Ullmhúcháin. Tá cosc ar iarratasóirí dul i dteagmháil, bíodh sí díreach nó indíreach, le comhaltaí an choiste seo, agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann.

NÓTAÍ

Ní mór aon tagairt san fhógra seo do dhuine den inscne fireann a bheith measta freisin mar thagairt do dhuine den inscne baineann freisin.

Má tá neamhréireachtaí ann idir na leaganacha teanga difriúla, ba cheart glacadh leis gurb é an leagan Béarla an leagan ceart.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle an 20 Nollaig 1993 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (IO L 11, 14.1.1994, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (“EUTMR”) (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1)

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Chomhphobail (IO L 3, 5.1.2002, lch. 1)

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 maidir le cúraimí a bhaineann le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, lena n-áirítear ionadaithe thar ceann na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí a thionól mar Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla, a chur ar iontaoibh na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 129, 16.5.2012, lch. 1).

(5)  Féach ar Airteagal 12 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CEOS)

(6)  Go sonrach, níor cheart gur ciontaíodh an t-iarrthóir nó go bhfuarthas an t-iarrthóir ciontach i gcion coiriúil.

(7)  I gcomhréir le hAirteagal 47(a) CEOS

(8)  Áirítear taithí ghairmiúil ón dáta a bhaintear amach an dioplóma ábhartha lena dtugtar rochtain ar an bhfeidhmghrúpa.

(9)  Ní mór teanga 1 agus 2 a bheith difriúil.

(10)  I gcomhréir le hAirteagal 47(a) CEOS

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 ar chosaint dhaoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus ar shaorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lgh 39)


Top