EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C2019/085A/01
Notice of open competitions — Administrators (AD 5/AD 7) Specialising in Legal Research — EPSO/AD/365/19 — Lawyers — Cypriot (CY) law — EPSO/AD/366/19 — Lawyers — Greek (EL) law — EPSO/AD/367/19 — Lawyers — Hungarian (HU) law — EPSO/AD/368/19 — Lawyers — Italian (IT) law — EPSO/AD/369/19 — Lawyers — Latvian (LV) law — EPSO/AD/370/19 — Lawyers — Polish (PL) law
Fógra comórtas oscailte — Riarthóirí (AD5/AD7) a bhfuil speisialtóireacht acu sa taighde dlí — EPSO/AD/365/19 — Dlíodóirí — dlí na Cipire (CY) — EPSO/AD/366/19 — Dlíodóirí — dlí na Gréige (EL) — EPSO/AD/367/19 — Dlíodóirí — dlí na hUngáire (HU) — EPSO/AD/368/19 — Dlíodóirí — dlí na hIodáile (IT) — EPSO/AD/369/19 — Dlíodóirí — dlí na Laitvia (LV) — EPSO/AD/370/19 — Dlíodóirí — dlí na Polainne (PL)
Fógra comórtas oscailte — Riarthóirí (AD5/AD7) a bhfuil speisialtóireacht acu sa taighde dlí — EPSO/AD/365/19 — Dlíodóirí — dlí na Cipire (CY) — EPSO/AD/366/19 — Dlíodóirí — dlí na Gréige (EL) — EPSO/AD/367/19 — Dlíodóirí — dlí na hUngáire (HU) — EPSO/AD/368/19 — Dlíodóirí — dlí na hIodáile (IT) — EPSO/AD/369/19 — Dlíodóirí — dlí na Laitvia (LV) — EPSO/AD/370/19 — Dlíodóirí — dlí na Polainne (PL)
OJ C 85A, 7.3.2019, p. 1–28
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
7.3.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE
RIARTHÓIRÍ (AD5/AD7) A BHFUIL SPEISIALTÓIREACHT ACU SA TAIGHDE DLÍ
EPSO/AD/365/19 — Dlíodóirí — dlí na Cipire (CY)
EPSO/AD/366/19 — Dlíodóirí — dlí na Gréige (EL)
EPSO/AD/367/19 — Dlíodóirí — dlí na hUngáire (HU)
EPSO/AD/368/19 — Dlíodóirí — dlí na hIodáile (IT)
EPSO/AD/369/19 — Dlíodóirí — dlí na Laitvia (LV)
EPSO/AD/370/19 — Dlíodóirí — dlí na Polainne (PL)
Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 9 Aibreán 2019 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais i Lucsamburg, go háirithe an Stiúrthóireacht um Thaighde agus Doiciméadú, baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “riarthóirí” (grúpa feidhme AD).
Is iad an fógra comórtas seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach na bpróiseas roghnúcháin seo.
Tá na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte in IARSCRÍBHINN III.
An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal:
EPSO/AD/365/19 — CY |
AD5 = 3 |
AD7 = 3 |
EPSO/AD/366/19 — EL |
AD5 = 3 |
AD7 = 3 |
EPSO/AD/367/19 — HU |
AD5 = 3 |
AD7 = 3 |
EPSO/AD/368/19 — IT |
AD5 = 4 |
AD7 = 4 |
EPSO/AD/369/19 — LV |
AD5 = 3 |
AD7 = 3 |
EPSO/AD/370/19 — PL |
AD5 = 4 |
AD7 = 3 |
Baineann an fógra seo le sé chomórtas, agus tá dhá ghrád ag dul le gach ceann de na comórtais sin. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar aon chomórtas amháin agus ar aon ghrád amháin. Ní mór duit an comórtas a roghnú tráth an chlárúcháin ar líne agus ní fhéadfaidh tú an rogha sin a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú. Mar sin féin, faoi choinníollacha áirithe a bhfuil cur síos orthu i bpointe 2) den roinn CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ, féadfaidh an bord roghnúcháin d’iarratas ar ghrád AD 7 a aistriú chuig grád AD 5.
DUALGAIS AN PHOIST
Na dlíodóirí a earcófar, cuideoidh siad leis an gCúirt Bhreithiúnais agus leis an gCúirt Ghinearálta a gcuid cúraimí breithiúnacha a dhéanamh agus cuideoidh siad cásdlí an Aontais Eorpaigh a chraobhscaoileadh.
Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.
NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA
Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór d’iarrthóirí GACH CEANN de na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
1) Coinníollacha ginearálta
— |
A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh. |
— |
Aon oibleagáid i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh. |
— |
Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh. |
2) Coinníollacha sonracha — teangacha
Ní mór eolas a bheith agat ar 2 cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh . Ní mór eolas a bheith agat ar theanga an chomórtais ar leibhéal C1 (eolas cuimsitheach) ar a laghad agus ar an bh Fraincis ar leibhéal B2 (eolas sásúil) ar a laghad.
Tabhair do d’aire nach mór na híosleibhéil thuasluaite a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr).
San fhógra comórtas seo is mar seo a thagraítear do na teangacha sin:
— |
Teanga 1: an teanga a roghnaíodh don chomórtas. An teanga atá le húsáid sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire san ionad measúnaithe. |
— |
Teanga 2 ( Fraincis ): an teanga atá le húsáid sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener (an scagthóir buanna)), sa triail scríofa sa réimse sin, i dtrialacha eile an ionaid measúnaithe agus sa chumarsáid a dhéanann EPSO leis na hiarrthóirí a bhfuil iarratas bailí déanta acu. |
Ós comórtais shonracha iad na comórtais seo, de mhaolú ar phointí 4.2.1, 4.2.2 agus 4.3.1 de na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte (in Iarscríbhinn III den fhógra seo), féadfaidh iarrthóirí iarrataí agus gearáin a dhéanamh i dteanga 1 nó i dteanga 2, ach is i dteanga 2 (Fraincis) a fhreagróidh EPSO.
Ní mór an Fhraincis a roghnú mar theanga 2.
Institiúid ilteangach is ea í an Chúirt Bhreithiúnais agus tá na rialacha teanga a ndéanann sí a cuid oibre i gcomhréir leo leagtha síos ina Rialacha Nós Imeachta. An rogha teangacha do na trialacha, is léiriú í ar riachtanais na seirbhíse.
I gcás theanga 1, chun dualgais an phoist a dhéanamh, caithfidh eolas domhain, leathan agus úr ar an dlí náisiúnta lena mbaineann an comórtas a bheith ag an dlíodóir. Ní féidir an t-eolas sin a bheith ag duine gan eolas cuimsitheach a bheith aige ar an teanga oifigiúil de chuid an Aontais atá ag an mBallstáit i gceist.
Maidir le teanga 2 (i.e. an Fhraincis) tá sé tábhachtach a thuiscint gur i bhFraincis, bunús an ama, a dhéantar na cúraimí anailísithe agus taighde a bhfuil cur síos orthu in Iarscríbhinn I, agus gurb í an Fhraincis teanga oibre na seirbhíse, agus dá bhrí sin go dteastaíonn cumas sásúil gníomhach agus éighníomhach i labhairt agus i scríobh na teanga sin.
3) Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre
Grád AD 5:
— |
Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh amach an dioplóma sa dlí den chineál atá luaite thíos dá bharr. Níl aon taithí oibre ag teastáil. |
Grád AD 7:
— |
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh amach an dioplóma sa dlí den chineál atá luaite thíos dá bharr, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le dualgais an phoist. Maidir le taithí ar thaighde dlí a fuarthas agus dochtúireacht á déanamh, is féidir a mheas gur taithí oibre í, ach ní féidir níos mó 2 bhliain di a chur san áireamh, agus sin ar choinníoll gur baineadh an dochtúireacht amach. |
Caithfidh an dioplóma sin sa dlí a bheith ina dhioplóma a bhaineann le córas dlí an chomórtais a roghnaíodh (féach thíos).
EPSO/AD/365/19 — CY
Dioplóma sa dlí, a fuarthas sa Chipir nó i mBallstát eile, agus scrúdú an bharra a bheith bainte amach sa Chipir:
Céim ollscoile a baineadh amach i ndiaidh cúrsa iomlán dlí, mar aon le cruthúnas go bhfuarthas pas sna scrúduithe is gá a dhéanamh don ghlaoch chun an bharra sa Chipir.
Πανεπιστημιακό πτυχίο που να πιστοποιεί πλήρη νομική κατάρτιση, καθώς και απόδειξη επιτυχούς συμμετοχής στις εξετάσεις που απαιτούνται για την εγγραφή σε δικηγορικό σύλλογο στην Κύπρο
Ós rud é nach bhféadtaí, go dtí le déanaí, céim dlí a dhéanamh sa Chipir a d’aithneodh an stát sin, agus go bhféadfadh sé, dá bhrí sin, go bhfuil céim, ó Bhallstáit eile a aithnítear sa Chipir, ag dlíodóirí na Cipire atá ag cleachtadh dhlí na Cipire — céim a aithníonn an Chomhairle Dlí, mar shampla — agus i bhfianaise nach gceadaítear ach do bhaill de Chumann Barra na Cipire a bheith ag obair mar abhcóidí faoi dhlíthe ábhartha na Cipire, dá n-iarrfaí céim i ndlí na Cipire chuirfí as an áireamh iarrthóirí a bhfuil cead acu dlí na Cipire a chleachtadh sa Chipir ar bhonn dioplóma a bhain siad amach i mBallstát eile. Dá bhrí sin, i bhfianaise na gcoinníollacha speisialta a bhaineann le dlíodóirí a chleachtann dlí sa Chipir, seachas dlíodóirí atá incháilithe do na comórtais eile a chumhdaítear san Fhógra Comórtas seo, na hiarrthóirí ar mian leo a bheith páirteach sa chomórtas do dhlíodóirí do dhlí na Cipire, is gá scrúdú an bharra a bheith bainte amach acu sa Chipir.
EPSO/AD/366/19 — EL
Dioplóma i ndlí na Gréige:
Πτυχίο νομικής
EPSO/AD/367/19 — HU
Dioplóma i ndlí na hUngáire:
Állam- és jogtudományi diploma
EPSO/AD/368/19 — IT
Dioplóma i ndlí na hIodáile:
Un livello di studi corrispondente a una formazione universitaria completa certificata da uno dei seguenti diplomi in diritto italiano:
Formazione universitaria completa in diritto italiano sancita da uno dei seguenti diplomi:
— |
Laurea quadriennale in giurisprudenza (vecchio ordinamento) |
— |
Laurea specialistica in giurisprudenza (classe 22/S) |
— |
Laurea magistrale in giurisprudenza (LMG-01) |
EPSO/AD/369/19 — LV
Dioplóma i ndlí na Laitvia:
— |
profesionālās augstākās izglītības diploms tiesību zinātnē/augstākās profesionālās kvalifikācijas diploms tiesību zinātnē; |
— |
profesionālā bakalaura diploms tiesību zinātnē; |
— |
profesionālā maģistra diploms tiesību zinātnē; |
— |
doktora diploms tiesību zinātnē. |
EPSO/AD/370/19 — PL
Dioplóma i ndlí na Polainne:
Kandydaci muszą legitymować się wykształceniem odpowiadającym ukończonym studiom prawniczym na poziomie uniwersyteckim w Polsce (magister prawa) lub równoważnym.
Chun a dhéanamh amach ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm an tráth a gnóthaíodh an dioplóma na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.
Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN IV.
CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ
1) Iarratas a dhéanamh
Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat iarrfar ort teanga 1 agus teanga 2 a roghnú. Ní mór duit teanga an chomórtais a roghnú mar theanga 1, agus an Fhraincis a roghnú mar theanga 2. Iarrfar ort freisin a dheimhniú go bhfuil tú incháilithe don chomórtas agus eolas breise a thabhairt a bhaineann leis an gcomórtas atá roghnaithe agat (mar shampla: dioplómaí, taithí oibre, agus freagraí ar cheisteanna réimse-shonracha (Talent Screener)).
Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat, beidh tú in ann aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh a roghnú, seachas don Talent Screener , rud nach mór a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 (Fraincis), ar na cúiseanna seo a leanas: déanann an bord roghnúcháin measúnú comparáideach ar na freagraí a thugtar sa Talent Screener, úsáideann an bord roghnúcháin mar dhoiciméad tagartha le linn an agallaimh réimse-shonraigh san ionad measúnaithe é, agus úsáidtear chun críocha earcaíochta é i gcás iarrthóirí ar éirigh leo. Is chun leas na seirbhíse agus na n-iarrthóirí atá sé, dá bhrí sin, an Talent Screener a dhéanamh i dteanga 2.
Tabhair do d’aire go mbeidh an bord roghnúcháin (le linn an chomórtais) agus seirbhísí acmhainní daonna institiúidí na Cúirte Breithiúnais (i gcás earcú iarrthóirí ar éirigh leo) ag rochtain na foirme iarratais ina hiomláine.
Má éiríonn an comórtas leat agus go gcuirfear d’ainm ar an bpainéal, iarrfar ort aistriúchán ar an bhfoirm iarratais go Fraincis a sholáthar do na seirbhísí earcaíochta má líon tú isteach an fhoirm iarratais i dteanga eile.
Is ionann an t-iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d’fhocal go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” A luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Fútsa atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am .
2) Seiceálacha incháilitheachta
Déanfar na coinníollacha incháilitheachta atá leagtha síos sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” a sheiceáil i gcomparáid leis na sonraí a thug na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne. Is é EPSO a sheiceálfaidh an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus is é an bord roghnúcháin a sheiceálfaidh an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha incháilitheachta sonracha sna ranna “Oideachas agus Oiliúint”, “Taithí Oibre” agus “Scileanna Teanga” den iarratas ar líne.
Iarrthóirí ar ghrád AD7: le linn na seiceála incháilitheachta, féadfaidh an bord roghnúcháin d’iarratas a aistriú chuig grád AD5 sna cásanna seo a leanas:
— |
de réir an eolais atá i d’iarratas, ní chomhlíonann tú coinníollacha incháilitheachta ghrád AD7, ach comhlíonann tú coinníollacha incháilitheachta ghrád AD5, agus |
— |
thoiligh tú le haistriú d’iarratais chuig AD5, tráth a rinne tú d’iarratas. |
Sa chás sin, measfar gur iarrthóir ar ghrád AD5 thú don chuid eile den nós imeachta roghnúcháin. Déanfar an t-aistriú sin sula gcuirfear tús leis an roghnú ar bhonn cáilíochtaí agus is ar bhonn an eolais a thug tú san iarratas ar líne a dhéanfar é.
3) Roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener)
Chun gur féidir leis an mbord roghnúcháin measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar bhuanna gach iarrthóra ar dhóigh struchtúrtha, ní mór do na hiarrthóirí uile sna comórtais seo aon tacar amháin ceisteanna a fhreagairt sa Talent Screener san fhoirm iarratais. Is ar na hiarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe agus orthu sin amháin a dhéanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí agus déanfar é ar an gcaoi a bhfuil cur síos uirthi thuas i bpointe 2, agus is ar bhonn na bhfreagraí a thug na hiarrthóirí ar cheisteanna an Talent Screener, agus ar a bhonn sin amháin , a dhéanfar an measúnú. Dá bhrí sin, ba cheart duit gach eolas a bhaineann le hábhar a thabhairt i sna freagraí ar cheisteanna an Talent Screener, fiú amháin má tá sé luaite cheana i gcodanna eile den fhoirm iarratais. Beidh na ceisteanna bunaithe ar na critéir roghnúcháin atá leagtha amach san fhógra seo.
Tá an liosta critéar in IARSCRÍBHINN II.
Chun an roghnú ar bhonn cáilíochtaí a dhéanamh, sa chéad dul síos, tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach critéar roghnúcháin , a léiríonn tábhacht an chritéir sin le hais na gcritéar eile agus tabharfar idir 0 agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir. Iolrófar na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeofar iad lena fháil amach cé na hiarrthóirí is mó atá in oiriúint do dhualgais an phoist.
Is iad na hiarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna foriomlána is airde sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, agus na hiarrthóirí sin amháin, a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
4) Réamhthriail — Triail scríofa sa réimse lena mbaineann
Tuairim agus 8,5 n-oiread nó 9 n-oiread ar a mhéad, an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus i ngach grád, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chuig an gcéim seo dóibh. Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthóidh tú sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar cheann de na marcanna foriomlána is airde, tabharfar cuireadh duit triail scríofa sa réimse atá i gceist a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 (Fraincis).
Le linn na trialach scríofa, iarrfar ort nóta a dhréachtú ar ghné éigin de dhlí an Aontais Eorpaigh agus anailís a dhéanamh ar shaincheisteanna dlíthiúla a bhaineann leis an dlí náisiúnta lena mbaineann an comórtas (mar atá luaite i dteideal an chomórtais) go háirithe. Déanfar do chumas scríofa sa Fhraincis a mheasúnú le linn na trialach scríofa freisin.
Is sa triail scríofa agus san agallamh réimse-shonrach san ionad measúnuithe, i gcás na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chuig an gcéim seo dóibh, a dhéanfar do chuid inniúlachtaí réimse-shonracha i réimse an dlí a mheasúnú i bhfianaise na ndualgas agus na gcritéar roghnúcháin a bhfuil cur síos orthu san fhógra seo.
As 40 a mharcálfar an triail scríofa, agus is é 20 an pasmharc.
As 10 a mharcálfar do chumas scríofa sa Fhraincis sa triail scríofa, agus is é 7 an pasmharc.
Triail díbeartha is ea gné na n-inniúlachtaí réimse-shonracha den triail scríofa, agus cuirfear an marc a gheofar sa triail sin le marcanna thrialacha eile an ionaid measúnaithe mar chuid den mharc deiridh.
Triail díbeartha is ea gné an chumais scríofa sa Fhraincis den triail scríofa, ach ní chuirfear an marc a gheofar sa triail sin leis an marc deiridh.
Mura ngnóthóidh tú pas sa chumarsáid scríofa sa Fhraincis, ní dhéanfar do chuid inniúlachtaí réimse-shonracha a mheasúnú.
5) An tIonad Measúnaithe
Trí oiread, ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus i ngach grád, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chuig an gcéim seo dóibh. Má bhíonn an marc a ghnóthóidh tú sa triail scríofa ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh 1 lá amháin nó 2 lá agus trialacha a dhéanamh sna teangacha a roghnaigh tú mar theanga 1 agus teanga 2 . Is é is dóichí gur i Lucsamburg a bheidh an chéim sin ar siúl.
Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ba cheart duit do chuid doiciméad tacaíochta a thabhairt leat (na bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe díobh) go dtí an t-ionad measúnaithe. Scanfaidh EPSO na doiciméid agus tú ag déanamh thrialacha an ionaid measúnaithe agus tabharfar ar ais duit iad an lá céanna.
Is éard atá san ionad measúnaithe sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire agus de thrialacha inniúlachtaí faoi mar atá léirithe thíos:
Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
Trialacha |
Líon ceisteanna |
Fad ama |
Pasmharc |
Teanga |
Réasúnaíocht bhriathartha |
20 ceist |
35 nóiméad |
Níl aon phasmharc ann |
Teanga 1 |
Réasúnaíocht uimhriúil |
10 gceist |
20 nóiméad |
Teanga 1 |
|
Réasúnaíocht theibí |
10 gceist |
10 nóiméad |
Teanga 1 |
Aon phointe amháin a bheidh ag dul le gach ceist agus is as 40 a dhéanfar na trialacha uile le chéile a mharcáil. Beidh na marcanna a ghnóthófar sna trialacha ina gcuid den mharc deiridh foriomlán.
Ag céim an ionaid measúnaithe, déanfar measúnú ar ocht n-inniúlacht ghinearálta agus ar inniúlachtaí réimse-shonracha an chomórtais seo. Déanfar sin le 4 thriail (cleachtadh i ngrúpa, cás-staidéar, agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta agus agallamh réimse-shonrach), faoi mar atá léirithe sa tábla thíos.
Is i bh Fraincis a bheidh na trialacha inniúlachtaí thíos.
Inniúlacht |
Trialacha |
|||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Cás-staidéar |
||
|
Cás-staidéar |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cás-staidéar |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Cás-staidéar |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
Pasmharc: 3/10 do gach inniúlacht agus 40/80 don mharc foriomlán
Inniúlacht |
Triail |
Pasmharc |
Inniúlachtaí réimse-shonracha |
Agallamh réimse-shonrach |
20/40 |
Labhairt na Fraincise |
7/10 |
Cuirfear an marc a gnóthófar sa triail scríofa (féach pointe 4 thuas) leis an marc a gnóthaíodh san agallamh réimse-shonrach. Pasmharc: marc iomlán 40 as 80.
Tabhair do d’aire go ndéanfar do chumas labhartha sa Fhraincis a mheasúnú le linn an agallaimh réimse-shonraigh. Is trialacha díbeartha iad sin, ach ní chuirfear an marc a ghnóthófar ann leis na marcanna foriomlána i ndiaidh an ionaid measúnaithe.
6) An Painéal
I ndiaidh dó an tseiceáil a dhéanamh ar incháilitheacht na n-iarrthóirí ar bhonn a gcuid doiciméad tacaíochta, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal do gach comórtas agus do gach grád, de na hiarrthóirí incháilithe sin a ghnóthaigh an pasmharc i ngach triail agus a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.
Cuirfear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, chun críocha earcaíochta agus forbairt gairme sa todhchaí, an painéal d’iarrthóirí ar éirigh leo mar aon lena bpas inniúlachtaí, rud ina mbeidh aiseolas cáilíochtúil ón mbord roghnúcháin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus aon cheart ar phost ná ráthaíocht go bhfaighidh sé post.
COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE SPEISIALTA
Déanann EPSO a dhícheall a chinntiú go bhfuil comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile, go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí.
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort.
Tá tuilleadh eolais faoin mbeartas comhdheiseanna sin agus faoin nós imeachta maidir le socruithe speisialta le fáil ar ár suíomh gréasáin (https://epso.europa.eu/how-to-apply/equal-opportunities_ga ) agus sna Rialacha Ginearálta atá i gceangal leis an bhfógra seo (faoi phointe 1.3 Comhdheiseanna agus socruithe speisialta).
CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH
Chun iarratas a dhéanamh is é an chéad rud nach mór duit a dhéanamh cuntas EPSO a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a bheith agat agus ní mór an cuntas sin a úsáid do gach iarratas.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu faoin sprioc-am seo:
9 Aibreán 2019 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)
IARSCRÍBHINN I
DUALGAIS
Tugann an Roinn Taighde agus Doiciméadachta, a bhfuil dlíodóirí as Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh ag obair inti, tugann sí cúnamh don Chúirt Bhreithiúnais agus don Chúirt Ghinearálta a gcuid cúraimí breithiúnacha a dhéanamh agus cuidíonn sí cásdlí an Aontais Eorpaigh a chraobhscaoileadh.
Tá sé de chúram ar an Roinn, go háirithe, cúraimí anailísithe tosaigh a dhéanamh ar chásanna nua, agus, ar iarratas ón gCúirt, nó ón gCúirt Ghinearálta, taighde a dhéanamh i leith cásanna a thagann faoina ndlínse. Is féidir baint a bheith ag an taighde sin le dlí an Aontais Eorpaigh nó le dlí Ballstáit amháin nó níos mó, nó le dlí tríú tír. Taighde comparáideach a bhíonn sa taighde sin.
Tá ról tábhachtach ag an Roinn i gcraobhscaoileadh chásdlí na Cúirte agus na Cúirte Ginearálta, agus déanann sí sin trí anailísiú córasach a dhéanamh ar na cinntí agus trí uirlisí taighde a cheapadh. Ina cheann sin, tá roinnt bunachair sonraí faoi chúram na Roinne.
Bíonn dlíodóirí na Roinne ag obair i ngach ceann de na réimsí thuasluaite, de réir mar a oireann dá ngrád.
Grád AD5:
— |
anailísiú ar bhreithiúnais chúirteanna an Aontais Eorpaigh; |
— |
anailísiú tosaigh ar chásanna nua; |
— |
obair thaighde, ar an dlí náisiúnta lena mbaineann an comórtas go háirithe; |
— |
monatóireacht dlí, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. |
Grád AD7:
— |
cúraimí comhordúcháin agus athbhreithniúcháin ardfhreagrachta maidir le:
|
— |
tionscadail dlí a stiúradh agus monatóireacht a dhéanamh ar mhórthionscadail ríomhaireachta, cúraimí a dteastaíonn ard-saineolas dlí lena n-aghaidh; |
— |
ceapadh nó foirfiú uirlisí taighde dlí agus uirlisí a úsáidtear chun an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais Eorpaigh agus an cásdlí a chraobhscaoileadh. |
Féach an dá ghné thábhachtacha seo d’obair na Roinne:
1. |
Chun dualgais an phoist a dhéanamh, caithfidh eolas fíormhaith ar dhlí an Aontais Eorpaigh a bheith ag an iarrthóir, agus caithfidh, go háirithe, eolas domhain, leathan agus úr ar an dlí náisiúnta lena mbaineann an comórtas (mar atá luaite i dteideal an chomórtais) a bheith aige. Caithfidh cumas sármhaith maidir le taighde dlí a bheith ann freisin. |
2. |
Ar chúiseanna praiticiúla, chun leasanna na seirbhíse, caithfidh eolas sásúil a bheith ag dlíodóirí na Roinne Taighde agus Doiciméadachta ar an bhFraincis. |
Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN II
CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN
Déanfaidh an bord roghnúchán na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:
1. |
An marc nó na torthaí a gnóthaíodh sa dioplóma lenarbh fhéidir don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas. |
2. |
Cáilíocht nó dioplóma amháin nó níos mó i ndlí an Aontais Eorpaigh, sa dlí comparáideach nó sa dlí idirnáisiúnta agus/nó i réimsí eile dlí seachas na cáilíochtaí agus dioplómaí a luaitear i bpointe 3) Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre . Cuirfear san áireamh an fad is gnách a bheith i gcúrsa staidéir a dhéantar chun na cáilíochtaí nó na dioplómaí i gceist a bhaint amach. Cuirfear torthaí na gcáilíochtaí nó na ndioplómaí san áireamh freisin. |
3. |
Taithí oibre a bhaineann le dualgais an phoist, go háirithe taithí ar thaighde ar an dlí náisiúnta, ar an dlí comparáideach, ar dhlí an Aontais Eorpaigh, chomh maith le taithí ar ghairm dlí a chleachtadh a raibh obair thaighde ina cuid di, mar shampla obair aturnae, abhcóide, dlíodóra nó breithimh i gcúirt nó in oifig ionchúisitheora. |
4. |
Foilseacháin i réimse an dlí. |
Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN III
Ba cheart na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte thíos a léamh i bhfianaise an mhaolaithe dá bhforáiltear faoi phointe 2) Coinníollacha sonracha — teangacha den Fhógra seo.
NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine d’aon inscne eile atáthar freisin.
Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis, tabharfar cuireadh chun na chéad chéime eile den phróiseas dó.
Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal é.
1. NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH
1.1. Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha
Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), tá siad luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”.
Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt, a bhaineann le dualgais an phoist , i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin) de réir an méid atá ráite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas.
(a) |
Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais. Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann. |
(b) |
Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:
|
1.2. Doiciméid tacaíochta
Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).
Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:
— |
doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó |
— |
conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh; |
— |
(i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar; |
— |
(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad, agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála. |
Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.
Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.
1.3. Comhdheiseanna agus socruithe speisialta
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh duit an t-iarratas a bhailíochtú, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.
Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:
— |
trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu); |
— |
facs (+ 32 22998081); nó |
— |
tríd an bpost:
|
2. CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?
Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.
Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.
Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Tá toirmeasc ar na hiarrthóirí aon chumarsáid dhíreach nó indíreach nach gcomhlíonann na nósanna imeachta sin a dhéanamh, agus is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas iad dá bharr
Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach Roinn 4.4).
Foilsítear ainmneacha baill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh thosach an Ionaid Measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.
3. CUMARSÁID
3.1. Cumarsáid a dhéanamh le EPSO
Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach agus tríd suíomh greasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga).
Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.
I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh https://ec.europa.eu/info/about-european-union/principles-and-values/ethics-and-integrity/code-conduct-eu-staff_ga. Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).
3.2. Rochtain ar fhaisnéis
Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.
Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.
Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon chearta ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta a luaitear sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.
3.2.1. Faisnéis a nochtar go huathoibríoch
Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:
— |
na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna; |
— |
incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh; |
— |
Talent Screener (an scagthóir buanna): do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán; |
— |
na réamhthrialacha: do thorthaí; |
— |
na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh; |
— |
an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe. |
Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:
— |
go bhfuil na trialacha thart; |
— |
go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad; agus |
— |
nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile. |
3.2.2. Faisnéis a iarraidh
Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.
Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.
Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.
Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.
4. GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ
4.1. Saincheisteanna teicniúla agus eagraíochtúla
Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh sa chaoi go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).
Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:
— |
na feitheoirí a chur ar an eolas láithreach sa chaoi gur féidir réiteach a aimsiú san ionad féin. I gcás ar bith, iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn; agus |
— |
teagmháil a dhéanamh le EPSO tráth nach déanaí ná 3 lá féilire i ndiaidh na trialach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga) agus cur síos gairid a thabhairt dóibh ar an bhfadhb. |
I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), lean na treoracha i do chuntas EPSO agus ar shuíomh gréasáin EPSO nó déan teagmháil le EPSO láithreach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).
I gcás fadhbanna a bhaineann le d’iarratas, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le EPSO láithreach agus go cinnte roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga). Má chuirtear ceist isteach níos lú ná 5 lá oibre roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, is féidir nach bhfreagrófar roimh an sprioc-am iad.
4.2. Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach
4.2.1. Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.
Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).
Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.
Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga); |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
— |
sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 3 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire; |
— |
faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó iarrataí nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.
Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.
Tá an nós imeachta athbhreithniúcháin céanna i bhfeidhm maidir le hearráidí sa chleachtadh inbhosca ríomhphoist.
4.2.2. Iarrataí ar athbhreithniú
Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.
Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:
— |
míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais, agus/nó |
— |
an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh. |
Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.
Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga); |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
— |
sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid; |
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.
Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú, is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.
4.3. Modhanna eile le conspóid a dhéanamh
4.3.1. Gearáin riaracháin
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.
Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).
Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga); |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
— |
sprioc-am: laistigh de 3 mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe; |
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
4.3.2. Achomhairc bhreithiúnacha
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.
Tabhair do d’aire nach mbeidh achomhairc i gcoinne cinntí a rinne EPSO seachas an bord roghnúcháin, nach mbeidh siad inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta mura ndearnadh achomharc riaracháin roimhe sin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach roinn 4.3.1). Go háirithe, is amhlaidh atá i gcás cinntí a bhaineann leis na critéir incháilitheachta ghinearálta, arb é EPSO a dhéanann iad seachas an bord roghnúcháin.
Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/). |
4.3.3. An tOmbudsman Eorpach
Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.
Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1–4.3).
Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.
Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/). |
4.4. Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin
Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:
— |
gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin; |
— |
go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe; |
— |
nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad; |
— |
go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis; |
— |
nach ndearna tú coinne chun ceann amháin nó níos mó de na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú ceann amháin nó níos mó de na trialacha féin; |
— |
go ndearna tú séitéireacht i dtriail; |
— |
nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais na teangacha nach mór a bheith agat i gcomhréir leis an bhFógra Comórtais seo, nó nár dhearbhaigh tú na híosleibhéil a theastaíonn sna teangacha sin; |
— |
gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe; |
— |
nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin; |
— |
gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais a líon tú isteach d’iarratas (féadfar teanga eile a úsáid i gcásanna áirithe, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíocht agus in ainmneacha/teidil dioplómaí); agus/nó |
— |
go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla. |
Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile ina dhiaidh sin.
Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN IV
SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ, DE RÉIR TÍRE AGUS GRÁID, A FHREAGRAÍONN, I bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAS
Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí uait
|
AST-SC 1 go AST-SC 6 AST 1 go AST 7 |
AST 3 go AST 11 |
AD 5 go AD 16 |
|||||||||||||
TÍR |
Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile) |
Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 3 bliana ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 4 bliana nó níos mó) |
||||||||||||
Belgique — België — Belgien |
Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs Diplôme d'aptitude à accéder à l'enseignement supérieur (DAES)/Getuigschrift van hoger secundair onderwijs Diplôme d'enseignement professionnel/Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs |
Candidature/Kandidaat Graduat/Gegradueerde Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor |
Bachelor académique (180 crédits) Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS) |
Licence/Licentiaat Master Diplôme d'études approfondies (DEA) Diplôme d'études spécialisées (DES) Diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS) Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS) Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS) Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS) Agrégation/Aggregaat Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur Doctorat/Doctoraal diploma |
||||||||||||
България |
Диплома за завършено средно образование |
Специалист по … |
|
Диплома за висше образование Бакалавър Магистър |
||||||||||||
Česká republika |
Vysvědčení o maturitní zkoušce |
Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.) |
Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář) |
Diplom o ukončení vysokoškolského studia Magistr Doktor |
||||||||||||
Danmark |
Bevis for: Studentereksamen Højere Forberedelseseksamen (HF) Højere Handelseksamen (HHX) Højere Afgangseksamen (HA) Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX) |
Videregående uddannelser = Bevis for = Eksamensbevis som (erhvervsakademiuddannelse AK) |
Bachelorgrad (BA or BS) Professionsbachelorgrad Diplomingeniør |
Kandidatgrad/Candidatus Master/Magistergrad (mag.art) Licenciatgrad ph.d.-grad |
||||||||||||
Deutschland |
Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife |
|
Fachhochschulabschluss Bachelor |
Hochschulabschluss/Fachhochschulabschluss/Master Magister Artium/Magistra Artium Staatsexamen/Diplom Erstes Juristisches Staatsexamen Doktorgrad |
||||||||||||
Eesti |
Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti) Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti) |
Rakenduskõrghariduse diplom Bakalaureusekraad (160 ainepunkti) Magistrikraad Arstikraad Hambaarstikraad Loomaarstikraad Filosoofiadoktor Doktorikraad (120–160 ainepunkti) |
||||||||||||
Éire/Ireland |
Ardteistiméireacht, Grád D3, I 5 ábhar/Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)/Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP) |
Teastas Náisiúnta/National Certificate Gnáthchéim bhaitsiléara/Ordinary bachelor degree Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.)/National diploma (ND, Dip.) Ardteastas (120 ECTS)/Higher Certificate (120 ECTS) |
Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)/Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) |
Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)/Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS) Céim ollscoile/University degree Céim mháistir (60-120 ECTS)/Master’s degree (60-120 ECTS) Dochtúireacht/Doctorate |
||||||||||||
Ελλάδα |
Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου |
Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (IΕΚ) |
|
Πτυχίο ΑΕI (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕI) Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος) Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος) |
||||||||||||
España |
Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU) Bachillerato BUP Diploma de Técnico especialista |
FP grado superior (Técnico superior) |
Diplomado/Ingeniero técnico |
Licenciatura Máster Ingeniero Título de Doctor |
||||||||||||
France |
Baccalauréat Diplôme d'accès aux études universitaires (DAEU) Brevet de technicien |
Diplôme d'études universitaires générales (DEUG) Brevet de technicien supérieur (BTS) Diplôme universitaire de technologie (DUT) Diplôme d'études universitaires scientifiques et techniques (DEUST) |
Licence |
Maîtrise Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d'études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d'études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche Diplôme des grandes écoles Diplôme d'ingénieur Doctorat |
||||||||||||
Hrvatska |
Svjedodžba o državnoj maturi Svjedodžba o završnom ispitu |
Stručni pristupnik/pristupnica |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) Stručni specijalist Magistar struke Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing) Doktor struke Doktor umjetnosti |
||||||||||||
Italia |
Diploma di maturità (vecchio ordinamento) Perito ragioniere Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore |
Diploma universitario (DU) Certificato di specializzazione tecnica superiore Attestato di competenza (4 semestri) |
Diploma di laurea — L (breve) |
Diploma di laurea (DL) Laurea specialistica (LS) Master di I livello Dottorato di ricerca (DR) |
||||||||||||
Κύπρος |
Απολυτήριο |
Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory) Higher Diploma |
|
Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor Master Doctorat |
||||||||||||
Latvija |
Atestāts par vispārējo vidējo izglītību Diploms par profesionālo vidējo izglītību |
Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību |
Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu) |
Bakalaura diploms (160 kredītpunktu) Profesionālā bakalaura diploms Maģistra diploms Profesionālā maģistra diploms Doktora grāds |
||||||||||||
Lietuva |
Brandos atestatas |
Aukštojo mokslo diplomas Aukštesniojo mokslo diplomas |
Profesinio bakalauro diplomas Aukštojo mokslo diplomas |
Aukštojo mokslo diplomas Bakalauro diplomas Magistro diplomas Daktaro diplomas Meno licenciato diplomas |
||||||||||||
Luxembourg |
Diplôme de fin d’études secondaires et techniques |
BTS Brevet de maîtrise Brevet de technicien supérieur Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU) Diplôme universitaire de technologie (DUT) |
Bachelor Diplôme d'ingénieur technicien |
Master Diplôme d'ingénieur industriel DESS en droit européen |
||||||||||||
Magyarország |
Gimnáziumi érettségi bizonyítvány Szakközépiskolai érettségi-képesítő bizonyítvány |
Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme) |
Főiskolai oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits) |
Egyetemi oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits) Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés) Doktori fokozat |
||||||||||||
Malta |
Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher) Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5 2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent |
MCAST diplomas/certificates Higher National Diploma |
Bachelor’s degree |
Bachelor’s degree Master of Arts Doctorate |
||||||||||||
Nederland |
Diploma VWO Diploma staatsexamen (2 diploma's) Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO) Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO) |
Kandidaatsexamen Associate degree (AD) |
Bachelor (WO) HBO bachelor degree Baccalaureus of ‘Ingenieur’ |
HBO/WO Master's degree Doctoraal examen/Doctoraat |
||||||||||||
Österreich |
Matura/Reifeprüfung Reife- und Diplomprüfung Berufsreifeprüfung |
Kollegdiplom/Akademiediplom |
Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea |
Universitätsdiplom Fachhochschuldiplom Magister/Magistra Master Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis Doktortitel |
||||||||||||
Polska |
Świadectwo dojrzałości Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego |
Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego Świadectwo ukończenia szkoły policealnej |
Licencjat/Inżynier |
Magister/Magister inżynier Dyplom doktora |
||||||||||||
Portugal |
Diploma de Ensino Secundário Certificado de Habilitações do Ensino Secundário |
|
Bacharel Licenciado |
Licenciado Mestre Doutorado |
||||||||||||
România |
Diplomă de bacalaureat |
Diplomă de absolvire (colegiu universitar) Învățământ preuniversitar |
Diplomă de licenţă |
Diplomă de licenţă Diplomă de inginer Diplomă de urbanist Diplomă de master Certificat de atestare (studii academice postuniversitare) Diplomă de doctor |
||||||||||||
Slovenija |
Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu) |
Diploma višje strokovne šole |
Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi |
Univerzitetna diploma Magisterij Specializacija Doktorat |
||||||||||||
Slovensko |
Vysvedčenie o maturitnej skúške |
Absolventský diplom |
Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár) |
Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia Bakalár (Bc.) Magister Magister/Inžinier ArtD. |
||||||||||||
Suomi/Finland |
Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus — Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier) |
Ammatillinen opistoasteen tutkinto — Yrkesexamen på institutnivå |
Kandidaatin tutkinto — Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa — studieveckor) |
Maisterin tutkinto — Magisterexamen/Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa — studieveckor) Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen — antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen Lisensiaatti/Licentiat |
||||||||||||
Sverige |
Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning) |
Högskoleexamen (80 poäng) Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år |
Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng) Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor) |
Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)
Meriter på avancerad nivå:
Meriter på forskarnivå:
|
||||||||||||
United Kingdom |
General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E) BTEC National Diploma General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level) |
Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC Diploma of Higher Education (DipHE) National Vocational Qualifications (NVQ) Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4 |
(Honours) Bachelor degree NB: Master’s degree in Scotland |
Honours Bachelor degree Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc) Doctorate |
Deireadh IARSCRÍBHINN IV. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.