EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2017/341A/01

Fógra comórtas oscailte — Saineolaithe sna meáin chumarsáide agus sa chumarsáid dhigiteach — EPSO/AD/347/17 — RIARTHÓIRÍ (AD 6) — 1. Speisialtóir Cumarsáide — EPSO/AST/143/17 — CÚNTÓIRÍ (AST 3) — 1. Stiúrthóir Gréasáin — 2. Cúntóir Cumarsáide — 3. Cúntóir Amharc-Chumarsáide

OJ C 341A, 12.10.2017, p. 1–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

12.10.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE

SAINEOLAITHE SNA MEÁIN CHUMARSÁIDE AGUS SA CHUMARSÁID DHIGITEACH

EPSO/AD/347/17 — RIARTHÓIRÍ (AD 6) — 1. Speisialtóir Cumarsáide — EPSO/AST/143/17 — CÚNTÓIRÍ (AST 3) — 1. Stiúrthóir Gréasáin — 2. Cúntóir Cumarsáide — 3. Cúntóir Amharc-Chumarsáide

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 14 Samhain 2017 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET).

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú dhá chomórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a bhféadfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus go príomha Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach, an Chomhairle Eorpach agus an Chúirt Bhreithiúnais baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “riarthóirí” agus mar “chúntóirí” (grúpaí feidhme AD agus AST faoi seach).

Is iad an fógra comórtas seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach na bpróiseas roghnúcháin seo.

Tá na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte le fáil in IARSCRÍBHINN III.

An líon iarrthóirí atá á lorg don dá chomórtas agus do gach próifíl:

EPSO/AD/347/17

 

1.

Speisialtóir Cumarsáide

— 55


EPSO/AST/143/17

 

1.

Stiúrthóir Gréasáin

— 13

2.

Cúntóir Cumarsáide

— 30

3.

Cúntóir Amharc-Chumarsáide

— 34

Baineann an fógra seo le dhá chomórtas agus tá roinnt próifílí i gceann amháin de na comórtais sin. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar aon phróifíl amháin in aghaidh an chomórtais. Ní mór duit an comórtas agus an phróifíl a roghnú tráth an chlárúcháin ar líne agus ní fhéadfaidh tú an rogha sin a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú.

Is sa Bhruiséil a bheidh formhór na poist a thairgfear. Tabhair do d’aire, áfach, gur i Lucsamburg atá na poist don Chúirt Bhreithiúnais agus féadfaidh sé gur sna hOifigí Faisnéise a bheidh cuid de na poist a bheidh á dtairiscint ag Parlaimint na hEorpa. Tá na hOifigí Faisnéise lonnaithe i bpríomhchathracha na mBallstát, i 6 bhrainse réigiúnacha (München, Milano, Barcelona, Dún Éideann, Wrocław agus Marseille) agus in ionad na Parlaiminte in Strasbourg. Bíonn ról an-tábhachtach ag na hOifigí Faisnéise i bhfeasacht a ardú sna meáin, sa phobal i gcoitinne agus i lucht múnlaithe tuairimí ar an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal réigiúnach faoi na cinntí a dhéanann Parlaimint na hEorpa.

DUALGAIS AN PHOIST

EPSO/AD/347/17

1.

Speisialtóir Cumarsáide

Bíonn réimse mór freagrachtaí ar speisialtóirí cumarsáide, mar atá:

straitéisí agus feachtais chumarsáide a cheapadh, a phleanáil agus a chur chun feidhme;

bheith i bhfeighil cumarsáid le saoránaigh, le páirtithe leasmhara, le cuairteoirí, leis na meáin, le hiolróirí tuairimí, leis an tsochaí shibhialta, le scoileanna agus le hollscoileanna;

inneachar digiteach don ghréasán agus d’ardáin sna meáin shóisialta a chur ar fáil agus a chomhordú agus teagmháil a dhéanamh lena leantóirí ar líne;

comhdhálacha agus agallaimh phreasa a eagrú, scéalta a chur faoi bhráid na meán agus monatóireacht a dhéanamh ar chlúdach na meán ar an eagraíocht;

bheith ag obair le meáin chlosamhairc agus meáin nua, eolas cuimsitheach a bheith acu ar thírdhreacha na meán agus bheith in ann straitéisí a cheapadh i dtaca leis na meáin;

riachtanais gnólachtaí agus úsáideoirí a anailísiú maidir le tionscadail dhigiteacha, cásdoiciméid ghnó agus doiciméid sonraíochta teicniúla a chur ar fáil;

tionscadail dhigiteacha a bhainistiú agus a chur i gcrích;

anailísiú agus tuairisciú a dhéanamh ar scálaí tomhais digiteacha agus ar phríomhtháscairí feidhmíochta;

straitéisí maidir le heispéiris úsáideoirí a shainiú agus a chur chun feidhme agus bheith in ann iompar leantóirí ábhartha a aithint agus a rianú, agus cuidiú a thabhairt comhéadain tascbhunaithe dírithe ar an úsáideoir a dhearadh.

EPSO/AST/143/17

1.   Stiúrthóir Gréasáin

Is éard a dhéanann stiúrthóirí gréasáin suíomh gréasáin na hinstitiúide a dhearadh, a fhorbairt agus a chothabháil agus is iad atá freagrach as na feidhmchláir gréasáin. Cinntíonn siad go leantar de bheith ag cur feabhas ar an gcainéal gréasáin agus ar uirlisí gaolmhara i rith an ama agus cuidíonn siad chun tionscadail dhigiteacha a shainiú, a phleanáil, a sheachadadh agus chun monatóireacht a dhéanamh orthu. Tugann siad cuidiú freisin tuiscint a fháil ar na riachtanais dhigiteacha agus chun a chinntiú go ndéanfar an teicneolaíocht is gá a fháil agus a fhorbairt.

2.   Cúntóir Cumarsáide

Tacaíonn cúntóirí cumarsáide le speisialtóirí cumarsáide chun straitéisí agus feachtais chumarsáide a chur chun feidhme. Déanann siad cuardach doiciméad, déanann siad teagmháil leis na páirtithe leasmhara uile agus cothaíonn siad an teagmháil sin, cabhraíonn siad chun ábhair faisnéise a ullmhú, tugann siad freagra ar iarrataí ar fhaisnéis agus cuireann siad tacaíocht theicniúil agus riaracháin ar fáil.

3.   Cúntóir Amharc-Chumarsáide

Cruthaíonn cúntóirí amharc-chumarsáide amhairc-choincheapa chun tuairimí a chur in iúl a thabharfaidh eolas agus inspioráid don spriocphobal. Bíonn cúntóir amharc-chumarsáide ag obair ar réimse táirgí, amhail sainaitheantas físeach le haghaidh pacáistí cumarsáide, inneachar suíomhanna gréasáin, fógraíochta, foilseachán, nuachtlitreacha, póstaer agus meirgí, taispeántas agus léirithe, tuarascálacha corparáideacha, físeán agus grafaicí faisnéise.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha seo UILE a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:

1)    Coinníollacha ginearálta:

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh

Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh

2)    Coinníollacha sonracha — teangacha:

Ní mór eolas a bheith acu ar 2 cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh , leibhéal C1 (máistreacht ar an teanga) ar a laghad i gceann acu agus leibhéal B2 (eolas sásúil) ar a laghad sa cheann eile.

Tabhair do d’aire nach mór na híosléibhéil thuasluaite a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha: https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr.

San fhógra comórtas seo is mar seo a thagraítear do na teangacha:

Teanga 1: an teanga atá le húsáid sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire.

Teanga 2: an teanga atá le húsáid san fhoirm iarratais, san ionad measúnaithe agus sa chumarsáid idir EPSO agus na hiarrthóirí a rinne iarratas bailí. An teanga a roghnófar mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin.

Ní mór an Béarla nó an Fhraincis a roghnú mar theanga 2.

Ós rud é gur i mBéarla nó i bhFraincis amháin a bhíonn na huirlisí éagsúla ríomhaireachta a bhíonn in úsáid ag an bhfoireann a bhaineann leis na próifílí sin, agus ós rud é gur sa dá theanga sin amháin a thugtar oiliúint d’fhostaithe nua, ní mór an Béarla nó an Fhraincis a roghnú mar theanga 2.

Ina theannta sin, ní foláir do na hiarrthóirí a earcófar i réimse na Meán Cumarsáide agus na Cumarsáide Digití eolas maith a bheith acu ar an mBéarla agus/nó ar an bhFraincis agus caithfidh siad bheith in ann cumarsáid a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt do na baill foirne atá cheana féin sna hinstitiúidí a bhfuil gníomhaíochtaí cumarsáide (cumarsáid tríd an inlíon, na meáin shóisialta, an comhfhreagras, etc.), tionscadail agus imeachtaí ar bun acu cheana i gceann den dá theanga sin.

3)    Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre

Maidir le EPSO/AD/347/17:

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad sa staidéar ar an gcumarsáid (e.g. an staidéar ar na meáin, an iriseoireacht, an caidreamh poiblí, an mhargaíocht agus an chumarsáid) agus ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann go díreach le dualgais an phoist

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad agus céim bainte amach ag a dheireadh nach ionann í agus an chéim thuasluaite, agus taithí oibre 6 bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin i gceann de na réimsí seo: gníomhaireacht phreasa, craoltóireacht teilifíse, gníomhaireacht caidrimh phoiblí, cuideachta ghréasáin, iriseoireacht, comhairleacht chumarsáide, cumarsáid ghréasáin agus/nó cumarsáid sheachtrach in eagraíochtaí poiblí nó príobháideacha, bainistiú tionscadal.

EPSO/AST/143/17:

1.   Stiúrthóir Gréasáin

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán iar-mheánscoile 3 bliana ar a laghad sna teicneolaíochtaí faisnéise (e.g. cumarsáid ghréasáin nó bainistiú tionscadal ilmheán nó a leithéidí) agus ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann go díreach le dualgais an phoist

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán meánscoile, ar baineadh dioplóma amach dá bharr, lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann go díreach le dualgais an phoist.

2.   Cúntóir Cumarsáide

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán iar-mheánscoile 3 bliana ar a laghad i réimse na cumarsáide, an staidéir ar na meáin, na hiriseoireachta nó an chaidrimh phoiblí agus ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann go díreach le dualgais an phoist

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán meánscoile, ar baineadh dioplóma amach dá bharr, lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann go díreach le dualgais an phoist.

3.   Cúntóir Amharc-Chumarsáide

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán iar-mheánscoile 3 bliana ar a laghad i réimse na hamharc-chumarsáide agus an dearaidh (e.g. dearadh grafach, dearadh táirgí nó a leithéidí) agus ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann go díreach le dualgais an phoist

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán meánscoile, ar baineadh dioplóma amach dá bharr lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann go díreach le dualgais an phoist.

Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN IV.

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ

1)    Iarratas a dhéanamh

Ní mór duit an fhoirm iarratais a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 (féach an roinn “Coinníollacha sonracha — teangacha”).

Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat, iarrfar ort a dheimhniú go bhfuil tú incháilithe don chomórtas agus eolas breise a thabhairt a bhaineann leis an gcomórtas a roghnaigh tú (mar shampla: dioplómaí, taithí oibre agus freagraí ar cheisteanna a bhaineann go sonrach leis an réimse, Talent Screener (an scagthóir buanna)). Lena chois sin, beidh ort teanga a roghnú mar theanga 1 (aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh) agus mar theanga 2 (an Béarla nó an Fhraincis).

Is ionann an t-iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d’fhocal go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”. A luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Fútsa atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am.

2)    Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Má sháraíonn an líon iarrthóirí tairseach áirithe , arna socrú do gach comórtas agus do gach próifíl ag stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin, tabharfar cuireadh do gach iarrthóir a bhailíochtaigh an fhoirm iarratais faoin sprioc-am sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh, de réir na dtreoracha a gheobhaidh tú ó EPSO. Is é is dóichí go dtairgfear roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú iad a dhéanamh. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.

Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí , is san ionad measúnaithe a bheidh na trialacha sin (pointe 5) ar siúl.

Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:

Trialacha

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Marcáil

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

Marcálfar an triail seo as 20 pointe

10/20

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

Marcálfar an triail seo as 10 bpointe

An réasúnaíocht uimhriúil agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 10/20

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

10 gceist

10 nóiméad

Marcálfar an triail seo as 10 bpointe

Trialacha díbeartha is ea na trialacha thuasluaite agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar sna trialacha san ionad measúnaithe.

3)    Seiceálacha incháilitheachta

Déanfar na coinníollacha incháilitheachta atá leagtha síos sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas a sheiceáil i dtaca leis na sonraí a thug na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne. Is é EPSO a sheiceálfaidh an gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus is é an bord roghnúcháin a sheiceálfaidh an gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta sonracha.

Tá dhá chás is féidir a bheith ann:

Má bhíonn na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí a bhain na pasmharcanna uile amach, in ord íslitheach na marcanna a ghnóthaigh siad sna trialacha sin, go dtí go sroichfear an tairseach a leag stiúrthóir EPSO síos, ina cháil mar údarás ceapacháin, roimh na trialacha do gach comórtas agus gach próifíl. Ní sheiceálfar na comhaid eile.

Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad a bhailíochtaigh a bhfoirm iarratais faoin sprioc-am.

4)    Roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener)

Chun gur féidir leis an mBord Roghnúcháin measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar bhuanna gach iarrthóra ar dhóigh struchtúrtha, ní mór do na hiarrthóirí uile a roghnaigh an comórtas céanna agus an phróifíl chéanna aon tacar amháin ceisteanna a fhreagairt sa Talent Screener san fhoirm iarratais. Is ar na hiarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe amháin a dhéanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí agus déanfar é ar an gcaoi a bhfuil cur síos uirthi thuas i bpointe 3, agus is ar bhonn na bhfreagraí a thug na hiarrthóirí ar cheisteanna an Talent Screener, agus ar a bhonn sin amháin , a dhéanfar an measúnú. Dá bhrí sin, ba cheart duit gach eolas a bhaineann le hábhar a thabhairt i do fhreagraí sa Talent Screener, fiú amháin má tá sé luaite cheana i gcodanna eile den fhoirm iarratais. Beidh na ceisteanna bunaithe ar na critéir roghnúcháin atá leagtha amach san fhógra seo.

Tá an liosta critéar do gach próifíl in IARSCRÍBHINN II.

Chun an roghnú ar bhonn cáilíochtaí a dhéanamh, sa chéad dul síos, tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach critéar roghnúcháin , a léiríonn tábhacht an chritéir sin le hais na gcritéar eile agus tabharfar idir 0 agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir. Iolrófar na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeofar iad lena fháil amach cé na hiarrthóirí is mó atá in oiriúint do dhualgais an phoist.

Is iad na hiarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna foriomlána is airde sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, agus na hiarrthóirí sin amháin, a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

5)    An tIonad Measúnaithe

Trí oiread, ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus do gach próifíl, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun na céime seo dóibh. Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar cheann de n a marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an chéim sin ar siúl.

Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 2 ar siúl roimh ré , is san ionad measúnaithe a dhéanfaidh tú iad. Trialacha díbeartha is ea na trialacha seo agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar sna trialacha san ionad measúnaithe chun do mharc foriomlán deiridh a ríomh.

Ach amháin má deirtear a mhalairt, ba cheart duit do chuid doiciméad tacaíochta a thabhairt leat (na bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe díobh) go dtí an t-ionad measúnaithe. Scanfaidh EPSO na doiciméid agus tú ag déanamh thrialacha an ionaid measúnaithe agus tabharfar ar ais duit iad an lá céanna.

Déanfar 7 gcinn d’inniúlachtaí ginearálta, sa chomórtas AST, agus 8 gcinn d’inniúlachtaí ginearálta, sa chomórtas AD, mar aon le hinniúlachtaí sonracha gach comórtais agus gach próifíle a mheas san ionad measúnaithe, agus déanfar sin le 5 thriail (agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta, agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha, cleachtadh i ngrúpa, cás-staidéar agus triail a bhaineann le réimse ar leith), a bhfuil cur síos orthu sna táblaí seo:

Inniúlacht

Trialacha

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cleachtadh i ngrúpa

Cás-staidéar

2.

Cumarsáid

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

3.

Cáilíocht agus torthaí

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

4.

Foghlaim agus forbairt

Cleachtadh i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Cleachtadh i ngrúpa

Cás-staidéar

6.

Buanseasmhacht

Cleachtadh i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

7.

Obair bhuíne

Cleachtadh i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

8.

Cumas ceannaireachta (ní dhéantar seo a mheas ach le haghaidh EPSO/AD/347/17)

Cleachtadh i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta


Pasmharcanna EPSO/AST/143/17

3/10 i ngach inniúlacht agus 35/70 san iomlán

Pasmharcanna EPSO/AD/347/17

3/10 i ngach inniúlacht agus 40/80 san iomlán


Inniúlacht

Trialacha

Inniúlachtaí sonracha

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha

Pasmharc

25/50

Inniúlachtaí sonracha

Nóta a bhaineann leis na dualgais i dtrácht a dhréachtú

Pasmharc

25/50

6)    An painéal

I ndiaidh dó an tseiceáil a dhéanamh ar incháilitheacht na n-iarrthóirí ar bhonn a gcuid doiciméad tacaíochta, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal do gach comórtas agus do gach próifíl de na hiarrthóirí incháilithe sin a ghnóthaigh an pasmharc i ngach triail agus a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

Cuirfear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, chun críocha earcaíochta agus forbairt gairme sa todhchaí, na painéil d’iarrthóirí ar éirigh leo mar aon lena bpas inniúlachtaí, rud ina mbeidh aiseolas cáilíochtúil ón mbord roghnúcháin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus aon cheart ar phost ná ráthaíocht go bhfaighidh sé post .

Cíorfaidh na hinstitiúidí próifílí na n-iarrthóirí ar éirigh leo chun teacht ar na daoine is mó a oireann dá bhfuil á lorg acu. Tráth an earcaithe, is féidir go mbeidh eolas ar theangacha sonracha ina bhuntáiste do na hinstitiúidí, de réir riachtanais teanga a seirbhísí. Sa chomhthéacs sin, is mó an tsuim atá ag Parlaimint na hEorpa sna hiarrthóirí ar éirigh leo ag a bhfuil eolas ar cheann de na teangacha seo: an Bhulgáiris, an Chróitis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Ghaeilge, an Ghréigis, an Liotuáinis, an Mháltais, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSualainnis nó an Ungáiris

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu, faoin sprioc-am seo:

14 Samhain 2017 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)


IARSCRÍBHINN I

DUALGAIS

EPSO/AD/347/17

Speisialtóir Cumarsáide

Ag seo na cúraimí is féidir a bheidh le déanamh:

cuidiú a thabhairt straitéisí cumarsáide a shainiú agus a chur chun feidhme agus bainistiú gníomhaíochtaí cumarsáide a chomhordú;

ceapadh agus comhordú inneachair cumarsáide ar shaincheisteanna agus beartas a bhaineann leis an Aontas, sa phríomhtheanga agus/nó sa Bhéarla agus/nó sa Fhraincis agus ceapadh agus comhordú gníomhaíochtaí de chineálacha éagsúla don suíomh gréasáin, do na meáin sóisialta, do na meáin chlosamhairc, don ríomhphost agus d’fhoilseacháin eile i scríbhinn, i gcomhréir leis na treoirlínte eagarthóireachta;

caidreamh a dhéanamh agus a chothú le hiriseoirí i dtaobh gníomhaíochtaí polaitiúla agus reachtacha institiúidí an Aontais, scéalta suimiúla a chur faoi bhráid na meán;

a chinntiú go mbeidh an t-inneachar ar fad dírithe ar an úsáideoir, go mbeidh sé cruinn ábhartha agus go mbeidh sé i gcomhréir le ceanglais bharrfheabhsúcháin inneall cuardaigh;

tionscadail chumarsáide digití a phleanáil, a bhainistiú agus a chur i gcrích;

inneachar a chur chun cinn trí bhíthin feachtais mhargaíochta dhigiteacha ar an iomad cainéal (e.g. na meáin shóisialta, ríomhphost, barrfheabhsú inneall cuardaigh/margaíocht inneall cuardaigh);

monatóireacht a dhéanamh ar láithreacht an Aontais Eorpaigh ar ardáin agus meáin ar líne, foláirimh a thabhairt i dtaobh na láithreachta agus í a mheas d’fhonn pleanáil níos fearr a chinntiú ó thaobh na heagarthóireachta de trí straitéisí a fhorbairt chun an tairbhe ó mhargaíocht saor in aisce sna meáin a mhéadú (sna meáin ar líne, sna meáin shóisialta, sa phreas, ar an teilifís, in aon mheáin eile);

tionscadail ghréasáin ar mórscála a bhainistiú i gcomhar leis na ranna ríomhaireachta amhail suíomhanna gréasáin, craoladh, ascnamh córais bainistíochta inneachair, córais seachadta agus uirlisí ábhartha eile; tionscadail nua a fhorbairt agus a dhearadh atá ceaptha go príomha chun an teicneolaíocht ghréasáin agus an teicneolaíocht faisnéise a chur chun feidhme;

treochtaí digiteacha agus nuashonruithe ar an ardán a anailísiú agus uirlisí anailísíochta do shuíomhanna gréasáin a úsáid;

feidhmíocht inneachair a mheas agus a thomhas i dtaca le táscairí feidhmíochta agus spriocanna gnó;

nósanna imeachta soláthair phoiblí a sheoladh agus a bhainistiú a bhaineann le gníomhaíochtaí i réimse na cumarsáide amhail sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú agus a bhailíochtú;

bainistiú a dhéanamh ar an mbuiséad le haghaidh tionscadail, uirlisí agus seirbhísí comhairleachta i réimse na cumarsáide;

táirgí insoláthartha le haghaidh taighde úsáideoirí a cheapadh (personae, mapaí do thurais úsáideoirí, sreangshamhlacha, tuarascálacha inúsáidteachta);

treochtaí taithí úsáideoirí a anailísiú trí mhodhanna agus uirlisí taighde úsáideoirí a úsáid;

trialacha inúsáidteachta a eagrú agus sonraí taighde úsáideoirí a bhailiú as foinsí éagsúla.

EPSO/AST/143/17

1.   Stiúrthóir Gréasáin

Ag seo na cúraimí is féidir a bheidh le déanamh:

suíomhanna agus foshuíomhanna gréasáin na hinstitiúide a cheapadh, a bhainistiú, a nuashonrú agus monatóireacht a dhéanamh orthu trí inneachar agus eilimintí ilmheáin a bhailiú, a oiriúnú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu, lena n-áirítear léaráidí atá bunaithe ar oibiachtaí, deilbhíní, grafaicí faisnéise idirghníomhacha agus oibiachtaí fuaime agus físe;

riachtanais ghnó a thiontú ina gceanglais theicniúla le haghaidh forbróirí agus doiciméid sonraíochta a chur ar fáil;

seirbhísí teicniúla a bhainistiú amhail ardáin seolta ríomhphost agus córais bainistíochta inneachair;

timthriallacha eisiúna a phleanáil maidir le gnéithe nua, athruithe ar an ardán agus deisiú fabhtanna agus chun a chinntiú go ndéanfar iad a sheachadadh in am;

eolas ar mhodh Agile a chur i bhfeidhm ar thionscadail forbartha gréasáin;

tuarascálacha anailísíochta gréasáin cruinne a chur ar fáil agus a chinntiú go ndéanfar an trácht ghréasáin a rianú;

a chinntiú go ndéanfar monatóireacht ar fhorbairtí teicneolaíochta sa réimse lena mbaineann.

2.   Cúntóir Cumarsáide

Ag seo na cúraimí is féidir a bheidh le déanamh:

cuidiú a thabhairt gníomhaíochtaí cumarsáide a bhainistiú agus ábhair faisnéise na hinstitiúide a ullmhú agus a scaipeadh;

monatóireacht a dhéanamh ar na meáin agus ar na meáin shóisialta, lena chinntiú go gcuirfear aon fhiosrúchán ar aghaidh chuig an bhfoireann chuí. Mar chuid den chúram tabharfar foláireamh do na riarthóirí nuair is gá freagairt go gasta;

láithreacht na hinstitiúide ar ghréasáin shóisialta a bhainistiú agus a chothabháil;

imeachtaí agus/nó taispeántais a eagrú do na meáin agus don phobal i gcoitinne;

cuardach le haghaidh doiciméad a dhéanamh, freagraí a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis, faisnéis a chatalógú agus a innéacsú, comhaid agus imeachtaí éifeachtacha cur i láthair a ullmhú;

monatóireacht a dhéanamh ar ghréasáin comhfhreagraithe sa tsochaí shibhialta; a chinntiú go ndáiltear na liostaí go rialta;

faisnéis a roghnú nó a tharraingt siar de réir bheartais an Aontais Eorpaigh agus an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta ar pháipéar agus ar líne;

teagmhálacha leis na meáin a bhunú agus a chothabháil sna nuachtáin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, in earnáil na teilifíse agus an raidió, agus ar shuíomhanna gréasáin, agus a chinntiú go mbeidh na liostaí dáileacháin cothrom le dáta.

3.   Cúntóir Amharc-Chumarsáide

Ag seo na cúraimí is féidir a bheidh le déanamh:

cúnamh a thabhairt straitéisí cumarsáide agus tionscadail speisialta institiúidí an Aontais Eorpaigh a bhaineann le mórócáidí polaitiúla agus corparáideacha a chur chun feidhme;

cuidiú a thabhairt gníomhaíochtaí cumarsáide a bhainistiú agus ábhair faisnéise na hinstitiúide a ullmhú agus a scaipeadh;

dearadh grafach foilseachán a chinntiú trí chlúdaigh, lógónna, sainaitheantais fhíseacha le haghaidh pacáistí cumarsáide, íomhánna grafacha agus íomhánna eile a cheapadh mar is gá;

na treoracha maidir le sainaitheantais fhíseacha atá i bhfeidhm sna hinstitiúidí cheana a chur i bhfeidhm agus a chinntiú go bhfuiltear á gcur i bhfeidhm i gceart in áiteanna eile;

sonraí grafacha agus teicniúla foilseachán a shainiú, leagan amach bróisiúr, póstaer, etc. a athbhreithniú agus a cheartú agus bainistiú agus obair leantach ar an bpróiseas priontála a chinntiú;

a chinntiú go ndéanfar monatóireacht ar fhorbairtí teicneolaíochta sa réimse lena mbaineann;

grafaicí sonraí agus grafaicí faisnéise a cheapadh don ghréasán agus do na meáin chlóite;

sonraí casta a iompú ina ngraif shoiléire bheachta, ina mapaí agus ina bhformáid léirshamhlúcháin eile;

léaráidí atá bunaithe ar oibiachtaí agus deilbhíní a cheapadh;

grafaicí faisnéise agus fréamhshamhlacha idirghníomhacha a cheapadh trí HTML5/CSS3 a úsáid;

próisis táirgthe ilchainéal a úsáid chun íomhánna, grafaicí faisnéise agus leaganacha amach a ullmhú i réimse fhairsing cainéal, meán agus teangacha;

cuidiú a thabhairt i dtaca le faisnéis a roinnt go hinmheánach agus le cúntóirí amharc-chumarsáide a phroifisiúnú a thuilleadh.

Is gá eolas maith ar Adobe Creative Suite Cloud, go háirithe Adobe Illustrator, Photoshop agus InDesign CC agus/nó ar uirlisí anailísíochta do shuíomhanna gréasáin (e.g. Google Analytics) chun na cúraimí sin a dhéanamh.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN II

CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN

Déanfaidh an bord roghnúchán na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:

EPSO/AD/347/17

1.   Speisialtóir Cumarsáide

1.

Taithí oibre ar straitéisí cumarsáide a cheapadh, a chur chun feidhme, a chomhordú agus ar mheastóireacht a dhéanamh orthu don earnáil phríobháideach nó phoiblí.

2.

Taithí oibre ar fheachtais chumarsáide a cheapadh, a chur chun feidhme agus ar mhonatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh orthu don earnáil phríobháideach, nó phoiblí, feachtais cur chun cinn dhigiteacha san áireamh.

3.

Taithí oibre mar iriseoir (iriseoireacht scríofa, chlosamhairc nó ghréasáin) nó mar urlabhraí/preasoifigeach.

4.

Taithí oibre ar eagarthóireacht a dhéanamh ar inneachar, ar chóipscríbhneoireacht agus ar tháirgeadh inneachair (inneachar gréasáin, closamhairc, scríofa agus grafaicí faisnéise) le haghaidh ardáin éagsúla agus spriocphobail éagsúla.

5.

Taithí oibre ar chaidreamh poiblí, fógraíocht agus bainistiú imeachtaí.

6.

Taithí oibre ar thionscadail chumarsáide agus ar uirlisí cur chun feidhme na dtionscadal sin a bhainistiú.

7.

Taithí oibre ar láithreacht eagraíochta sna meáin shóisialta a eagrú agus a chur chun feidhme agus ar rannpháirtíocht an phobail a chur chun cinn.

8.

Taithí oibre ar mheastacháin ar an mbuiséad a leagan síos, ar an mbuiséad a leithdháileadh agus ar obair leantach a dhéanamh air do sheirbhísí cumarsáide, d’uirlisí cumarsáide agus do cheannacháin meán.

9.

Taithí oibre ar úsáid córas bainistithe inneachair (CMS) amhail inneachar a iontráil, eagarthóireacht, sreabha oibre agus foilsitheoireacht.

10.

Taithí oibre ar cheanglais theicniúla a dhréachtú (e.g. anailís fheidhmiúil agus sonraíochtaí) le haghaidh ascnamh suíomhanna gréasáin le cois rudaí eile.

11.

Taithí oibre ar thaighde a dhéanamh ar an spriocphobal ábhartha, ar a sainaithint agus a rianú trí thaighde úsáideoirí cáilíochtúil agus cainníochtúil agus ar anailísíocht na meán sóisialta (scálaí tomhais) a anailísiú agus a thuairisciú.

12.

Taithí oibre ar tháirgí insoláthartha le haghaidh taighde úsáideoirí a cheapadh (personae, mapaí do thurais úsáideoirí, sreangshamhlacha, tuarascálacha inúsáidteachta) chun táirgí atá dírithe ar an úsáideoir a fhorbairt.

EPSO/AST/143/17

1.   Stiúrthóir Gréasáin

1.

Taithí oibre ar bhainistiú inneachair agus suíomhanna gréasáin (úsáid an chórais bainistithe inneachair agus ardán ríomhphost).

2.

Taithí oibre ar dhoiciméid maidir le ceanglais theicniúla a dhréachtú (sreangshamhlacha agus sonraíochtaí).

3.

Taithí oibre ar uirlisí anailísíochta a úsáid amhail Google Analytics.

4.

Taithí oibre ar sheisiúin oiliúna a eagrú sa réimse sin (e.g. oiliúint a chur ar úsáideoirí maidir le huirlisí cúil).

5.

Taithí oibre le foirne ildisciplíneacha (eagarthóirí, forbróirí cúil agus tosaigh) i dtimpeallacht Agile.

6.

Taithí oibre ar inúsáideacht an ghréasáin.

7.

Taithí oibre ar optamú inneall cuardaigh.

8.

Taithí oibre ar na ceanglais inrochtaineachta is gá le haghaidh suíomhanna gréasáin eagraíochtaí poiblí.

2.   Cúntóir Cumarsáide

1.

Taithí oibre a fuarthas i bpreasoifig/gníomhaireacht cumarsáide nó caidrimh phoiblí.

2.

Taithí oibre ar aon chineál ócáide poiblí a eagrú do pháirtithe leasmhara, don phobal i gcoitinne nó do dhaoine óga.

3.

Taithí oibre ar chumarsáid agus ar imeachtaí éifeachtacha cur i láthair a ullmhú.

4.

Taithí oibre ar sheirbhísí faisnéise leictreonacha agus duine le duine.

5.

Taithí oibre ar bheith ag plé le cliaint agus ar gach gné de na seirbhísí faisnéise a dhéanamh, idir chuardach agus chatalógú agus innéacsú na faisnéise.

6.

Taithí oibre ar na meáin shóisialta a úsáid chun inneachar agus scéalta nuachta a chur chun cinn.

7.

Taithí oibre ar theagmhálacha leis na meáin a bhunú agus a chothabháil.

3.   Cúntóir Amharc-Chumarsáide

1.

Taithí oibre ar anailísiú sonraí, saineolas ar chlársceidealú agus uirlisí grafaice agus teicneolaíochta a úsáid chun sonraí a chur i láthair ar bhealach inrochtana mealltach idirghníomhach, amhail graif, mapaí, grafaicí faisnéise agus formáidí léirshamhlúcháin eile le haghaidh an ghréasáin agus lena bpriontáil.

2.

Taithí oibre ar obair le Adobe Creative Cloud, go háirithe Illustrator, Photoshop agus InDesign.

3.

Taithí oibre ar léaráidí atá bunaithe ar oibiachtaí agus deilbhíní a cheapadh.

4.

Taithí oibre ar ghrafaicí faisnéise agus fréamhshamhlacha idirghníomhacha nó beochana a cheapadh.

5.

Taithí oibre ar phróisis táirgthe ilchainéal chun íomhánna, grafaicí faisnéise agus cineálacha leagan amach a ullmhú i réimse fhairsing cainéal.

6.

Taithí ghairmiúil ar inúsáideacht agus inrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus/nó feidhmchlár gréasáin a chinntiú, agus ar chaighdeáin aitheanta a chomhlíonadh (e.g. HTML, CSS).

7.

Taithí oibre ar fhoilseacháin, bróisiúir agus bileoga eolais a dhearadh agus ar an bpróiseas réamhphreasa (foilseacháin chlóite agus foilseacháin ar líne).

8.

Taithí oibre ar íomhánna a cheapadh do na meáin shóisialta.

9.

Taithí oibre ar mheirgí inchorntha, cúlraí (e.g. d’fhístaifid) agus póstaeir a dhearadh.

10.

Taithí oibre ar shainaitheantais fhíseacha a bhrandáil agus a chruthú.

Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN III

NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine d’aon inscne eile atáthar freisin.

Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc, tabharfar cuireadh chun an chéad chéim eile den chomórtas dó.

Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal iad.

1.   NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH

1.1.   Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha

Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), tá siad luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”.

Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin), eolas a bhaineann le dualgais an phoist , de réir an méid atá ráite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas.

(a)

Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais.

Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann.

(b)

Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:

gur fíorobair éifeachtach a bhí inti;

gur obair ar íocaíocht a bhí inti;

go raibh caidreamh íochtaránachta nó soláthar seirbhíse i gceist léi; agus

faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

obair dheonach: más obair ar íocaíocht a bhí inti agus go raibh na huaireanta oibre sa tseachtain agus an fad a mhair an phost ar nós uaireanta oibre agus fad gnáthphoist;

tréimhsí oiliúna: más tréimhsí oiliúna ar íocaíocht a bhí iontu;

seirbhís mhíleata éigeantach: is cuma cé acu sular baineadh an dioplóma amach nó ina dhiaidh a rinneadh an tseirbhís mhíleata, agus ní chuirfear san áireamh tréimhse seirbhíse níos faide ná an tréimhse atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit i gceist;

saoire mháithreachais/atharthachta/altramais: má bhí an tsaoire leagtha síos sa chonradh fostaíochta;

dochtúireacht: trí bliana ar a mhéad a chuirfear san áireamh, ar choinníoll gur baineadh amach an dochtúireacht, agus is cuma cé acu obair ar íocaíocht nó obair gan íocaíocht a bhí sa dochtúireacht; agus

obair pháirtaimseartha: is ar bhonn pro rata a ríomhfar obair pháirtaimseartha, ar bhonn an lín uaireanta an chloig a oibríodh, e.g. mheasfaí gur 3 mhí oibre ab ea obair leathama a mhair 6 mhí.

1.2.   Doiciméid tacaíochta

Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).

Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:

doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó

conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh;

(i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar;

(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad, agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála.

Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.

Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.

1.3.   Comhdheiseanna agus socruithe speisialta

Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh an sprioc-ama le hiarratais a dhéanamh, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.

Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:

trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu);

facs (+ 32 2 299 80 81); nó

tríd an bpost:

European Personnel Selection Office (EPSO)

EPSO accessibility

Avenue de Cortenbergh/Kortenberglaan 25

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

2.   CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?

Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.

Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.

Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Má dhéanann iarrthóir aon chumarsáid dhíreach nó indíreach ar aon dóigh eile seachas an dóigh sin, is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas é.

Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach 4.4).

Foilsítear ainmneacha baill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh thosach an Ionaid Measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.

3.   CUMARSÁID

3.1.   Cumarsáid a dhéanamh le EPSO

Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach ar cheann de na dóigheanna seo:

tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) (an dóigh a mholtar a úsáid). nó

glao a chur ar Europe Direct (00 800 67 89 10 11); nó

tríd an bpost:

European Personnel Selection Office (EPSO)

Avenue de Cortenbergh/Kortenberglaan 25

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.

I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.

Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (https://ec.europa.eu/info/about-european-union/principles-and-values/ethics-and-integrity/code-conduct-eu-staff_ga). Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).

3.2.   Rochtain ar fhaisnéis

Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.

Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.

Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon chearta ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta a luaitear sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.

3.2.1.   Faisnéis a nochtar go huathoibríoch

Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:

na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna;

incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh;

Talent screener (an scagthóir buanna): do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán;

na réamhthrialacha: do thorthaí;

na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh;

an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe.

Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:

go bhfuil na trialacha thart;

go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad; agus

nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile.

3.2.2.   Faisnéis a iarraidh

Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.

Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.

Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.

Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.

4.   GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ

4.1.   Deacrachtaí teicniúla

Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh láithreach sa chaoi is go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn:

tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) (an dóigh a mholtar a úsáid). nó

tríd an bpost:

European Personnel Selection Office (EPSO)

Avenue de Cortenbergh/Kortenberglaan 25

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.

I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1) agus mínigh go haicearrach cad í an fhadhb.

I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:

na feitheoirí a chur ar an eolas ar dtús agus ansin iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn; agus

teagmháil a dhéanamh le EPSO tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) agus míniú aicearrach a thabhairt ar an bhfadhb.

4.2.   Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach

4.2.1.   Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.

Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).

Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.

Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1) tríd an bhfoirm theagmhála ar líne, agus tríd an bhfoirm sin amháin.

teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist;

sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire;

faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann.

Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó iarrataí nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.

Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.

4.2.2.   Iarrataí ar athbhreithniú

Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.

Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:

míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais; agus/nó

an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh.

Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.

Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1);

teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist;

sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid;

faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide.

Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.

Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.

Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú, is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.

4.3.   Modhanna eile le conspóid a dhéanamh

4.3.1.   Gearáin riaracháin

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.

Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).

Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1);

teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist;

sprioc-am: laistigh de 3 mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe;

faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide.

Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.

4.3.2.   Achomhairc bhreithiúnacha

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta.

Más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinne EPSO, ní mór duit gearán riaracháin a dhéanamh i dtosach (féach roinn 4.3.1).

Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:

gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/).

4.3.3.   An tOmbudsman Eorpach

Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.

Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1–4.3).

Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.

Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:

gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/).

4.4.   Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin

Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:

gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin;

go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe;

nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad;

go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis;

nach ndearna tú coinne chun na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú na trialacha iad féin;

go ndearna tú séitéireacht i dtriail;

nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais an teanga, nó ceann de na teangacha, nach mór a roghnú mar theanga 2, nó nár dhearbhaigh tú an t-íosleibhéal a theastaíonn i dteanga 2;

gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe;

nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin;

gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais a líon tú isteach d’iarratas (cuirfear san áireamh go bhféadfadh na cásanna ina bhféadfadh údar a bheith le teanga eile a úsáid, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíocht agus in ainmneacha/teidil dioplómaí); agus/nó

go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla.

Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile ina dhiaidh sin.

Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN IV

SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ, DE RÉIR TÍRE AGUS GRÁID, A FHREAGRAÍONN, I bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAS

Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí uait

 

AST-SC 1 go AST-SC 6

AST 1 go AST 7

AST 3 go AST 11

AD 5 go AD 16

TÍR

Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile)

Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile 2 bhliain ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (3 bliana ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (ceithre bliana nó níos mó)

Belgique — België — Belgien

Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs

Diplôme d’aptitude à accéder à l’enseignement supérieur (DAES)/

Getuigschrift van hoger secundair onderwijs

Diplôme d’enseignement professionnel

Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

Candidature — Kandidaat

Graduat — Gegradueerde

Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor

Bachelor académique (180 crédits)

Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS)

Licence/Licentiaat

Master

Diplôme d’études approfondies (DEA)

Diplôme d’études spécialisées (DES)

Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS)

Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)

Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)

Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

Agrégation/Aggregaat

Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur

Doctorat/Doctoraal diploma

България

Диплома за завършено средно образование

Специалист по …

 

Диплома за висше образование

Бакалавър

Магистър

Česká republika

Vysvědčení o maturitní zkoušce

Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

Diplom o ukončení

bakalářského studia (Bakalář)

Diplom o ukončení vysokoškolského studia

Magistr

Doktor

Danmark

Bevis for:

Studentereksamen

Højere Forberedelseseksamen (HF)

Højere Handelseksamen (HHX)

Højere Afgangseksamen (HA)

Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

Videregående uddannelser

= Bevis for = Eksamensbevis som (erhversakademiuddannelse AK)

Bachelorgrad (BA or BS)

Professionsbachelorgrad

Diplomingeniør

Kandidatgrad/Candidatus

Master/Magistergrad (mag.art)

Licenciatgrad

ph.d.-grad

Deutschland

Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife

Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife

 

Fachhochschulabschluss

Bachelor

Hochschulabschluss/ Fachhochschulabschluss/ Master

Magister Artium/Magistra Artium

Staatsexamen/Diplom

Erstes Juristisches Staatsexamen

Doktorgrad

Eesti

Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)

Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

Rakenduskõrghariduse diplom

Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)

Magistrikraad

Arstikraad

Hambaarstikraad

Loomaarstikraad

Filosoofiadoktor

Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

Éire/Ireland

Ardteistiméireacht, Grád D3, i 5 ábhar

Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects

Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)

Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

Teastas Náisiúnta

National Certificate

Gnáthchéim bhaitsiléara

Ordinary bachelor degree

Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.)

National diploma (ND, Dip.)

Ardteastas (120 ECTS)

Higher Certificate (120 ECTS)

Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)

Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS)

Céim ollscoile

University degree

Céim mháistir (60-120 ECTS)

Master’s degree (60-120 ECTS)

Dochtúireacht

Doctorate

Ελλάδα

Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου

Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (ΙΕΚ)

 

Πτυχίο ΑΕΙ (πανεπιστημίου,

πολυτεχνείου, ΤΕΙ)

Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης

(2ος κύκλος)

Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

España

Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU)

Bachillerato

BUP

Diploma de Técnico especialista

FP grado superior (Técnico superior)

Diplomado/ Ingeniero técnico

Licenciatura

Máster

Ingeniero

Título de Doctor

France

Baccalauréat

Diplôme d’accès aux études universitaires (DAEU)

Brevet de technicien

Diplôme d’études universitaires générales (DEUG)

Brevet de technicien supérieur (BTS)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Diplôme d’études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

Licence

Maîtrise

Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d’études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT),

diplôme d’études supérieures

spécialisées (DESS), diplôme

d’études approfondies (DEA),

master 1, master 2 professionnel,

master 2 recherche

Diplôme des grandes écoles

Diplôme d’ingénieur

Doctorat

Italia

Diploma di maturità (vecchio ordinamento)

Perito ragioniere

Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore

Diploma universitario (DU)

Certificato di specializzazione tecnica superiore/

Attestato di competenza (4 semestri)

Diploma di laurea – L (breve)

Diploma di laurea (DL)

Laurea specialistica (LS)

Master di I livello

Dottorato di ricerca (DR)

Κύπρος

Απολυτήριο

Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory)

Higher Diploma

 

Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor

Master

Doctorat

Latvija

Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

Diploms par profesionālo vidējo izglītību

Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu)

Bakalaura diploms (160 kredītpunktu)

Profesionālā bakalaura diploms

Maģistra diploms

Profesionālā maģistra diploms

Doktora grāds

Lietuva

Brandos atestatas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštesniojo mokslo diplomas

Profesinio bakalauro diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Bakalauro diplomas

Magistro diplomas

Daktaro diplomas

Meno licenciato diplomas

Luxembourg

Diplôme de fin d’études secondaires et techniques

BTS

Brevet de maîtrise

Brevet de technicien supérieur

Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Bachelor

Diplôme d’ingénieur technicien

Master

Diplôme d’ingénieur industriel

DESS en droit européen

Magyarország

Gimnáziumi érettségi bizonyítvány

Szakközépiskolai érettségi – képesítő bizonyítvány

Felsőfokú szakképesítést

igazoló bizonyítvány (Higher

Vocational Programme)

Főiskolai oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits)

Egyetemi oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits)

Mesterfokozat (Master degree)

(Osztatlan mesterképzés)

Doktori fokozat

Malta

Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher)

Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5

2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

MCAST diplomas/certificates

Higher National Diploma

Bachelor’s degree

Bachelor’s degree

Master of Arts

Doctorate

Nederland

Diploma VWO

Diploma staatsexamen (2 diploma’s)

Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs

(Diploma staatsexamen VWO)

Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

Kandidaatsexamen

Associate degree (AD)

Bachelor (WO)

HBO bachelor degree

Baccalaureus of “Ingenieur”

HBO/WO Master’s degree

Doctoraal examen/Doctoraat

Österreich

Matura/Reifeprüfung

Reife- und Diplomprüfung

Berufsreifeprüfung

Kollegdiplom/ Akademiediplom

Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea

Universitätsdiplom/ Fachhochschuldiplom/

Magister/Magistra

Master

Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur

Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis

Doktortitel

Polska

Świadectwo dojrzałości

Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego

Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

Licencjat/Inżynier

Magister/Magister inżynier

Dyplom doktora

Portugal

Diploma de Ensino Secundário/

Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

 

Bacharel Licenciado

Licenciado

Mestre

Doutorado

Republika Hrvatska

Svjedodžba o državnoj maturi

Svjedodžba o završnom ispitu

Stručni pristupnik/pristupnica

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Stručni specijalist

Magistar struke

Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing)

Doktor struke

Doktor umjetnosti

România

Diplomă de bacalaureat

Diplomă de absolvire

(Colegiu universitar)

învățământ preuniversitar

Diplomă de licenţă

Diplomă de licenţă

Diplomă de inginer

Diplomă de urbanist

Diplomă de master

Certificat de atestare (studii academice

postuniversitare)

Diplomă de doctor

Slovenija

Maturitetno spričevalo

(spričevalo o poklicni maturi)

(spričevalo o zaključnem izpitu)

Diploma višje strokovne šole

Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

Univerzitetna diploma/magisterij/specializacija/doktorat

Slovensko

Vysvedčenie o maturitnej skúške

Absolventský diplom

Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár)

Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia

Bakalár (Bc.)

Magister

Magister/Inžinier

ArtD.

Suomi/Finland

Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus — Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning

(Betyg över avlagd yrkesexamen på andra stadiet)

Todistus yhdistelmäopinnoista

(Betyg över kombinationsstudier)

Ammatillinen opistoasteen tutkinto — Yrkesexamen på institutnivå

Kandidaatin tutkinto — Kandidatexamen/ Ammattikorkeakoulututkinto —

Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa — studieveckor)

Maisterin tutkinto — Magisterexamen/

Ammattikorkeakoulututkinto —

Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa — studieveckor)

Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen — antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen

Lisensiaatti/Licentiat

Sverige

Slutbetyg från gymnasieskolan

(3-årig gymnasial utbildning)

Högskoleexamen (80 poäng)

Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Yrkeshögskoleexamen/

Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år

Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

Meriter på grundnivå:

Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)

Licentiatexamen

Doktorsexamen

Meriter på avancerad nivå:

Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng

Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Meriter på forskarnivå:

Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

United Kingdom

General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

BTEC National Diploma

General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level)

Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

Diploma of Higher Education (DipHE)

National Vocational Qualifications (NVQ)

Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4

(Honours) Bachelor degree

NB: Master’s degree in Scotland

Honours Bachelor degree

Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)

Doctorate

Deireadh IARSCRÍBHINN IV. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


Top