EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2010/083/

Nóta don léitheoir (Féach an dara leathanach den chlúdach)

OJ C 83, 30.3.2010, p. s002–s002 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.3.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/s2


COMHAIRLE DON LÉITHEOIR

Is éard atá san fhoilseachán seo na leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar aon leis na Prótacail a chuirtear i gceangal leis na Conarthaí sin agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis na Conarthaí sin, amhail mar atá siad tar éis na leasuithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin arna shíniú i Liospóin an 13 Nollaig 2007, ar conradh é a thainig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Tá na dearbhuithe ann freisin a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin.

Faoi mar a fógraíodh sa Chomhairle don Léitheoir san eagrán roimhe seo de na Conarthaí Comhdhlúite (IO C 115, 9.5.2008, leathanach 1), rinneadh na ceartúcháin a glacadh idir an dá linn a ionchorprú san fhoilseachán seo.

Gheofar san fhoilseachán seo freisin Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a d'fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún in Strasbourg an 12 Nollaig 2007 (IO C 303, 14.12.2007, leathanach 1). Leis an téacs seo, déantar an Chairt a fógraíodh an 7 Nollaig 2000 a atáirgeadh, agus leasú á déanamh uirthi, agus déantar ionad na Cairte a ghabháil ón 1 Nollaig 2009, an dáta ar tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm. De bhun na chéad fhomhíre d'Airteagal 6 (1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tá an stádas dlí céanna ag an gCairt a fógraíodh sa bhliain 2007 agus atá ag na Conarthaí.

Is áis dhoiciméadach é an téacs seo nach gcuireann aon dliteanas ar institiúidí an Aontais Eorpaigh.


Top