This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C/2026/01130
Recruitment Notice PE/343/2026/S – Director (function group AD, grade 14) – Directorate-General for Security and Safety – Directorate for Resources
Fógra Earcaíochta PE/343/2026/S — Stiúrthóir (Grúpa Feidhme AD, grád 14) — An Ard-Stiúrthóireacht um Shlándáil agus Sábháilteacht, an Stiúrthóireacht um Acmhainní
Fógra Earcaíochta PE/343/2026/S — Stiúrthóir (Grúpa Feidhme AD, grád 14) — An Ard-Stiúrthóireacht um Shlándáil agus Sábháilteacht, an Stiúrthóireacht um Acmhainní
IO C, C/2026/1130, 23.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1130/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1130 |
23.2.2026 |
Fógra Earcaíochta PE/343/2026/S
Stiúrthóir
(Grúpa Feidhme AD, grád 14)
An Ard-Stiúrthóireacht um Shlándáil agus Sábháilteacht, an Stiúrthóireacht um Acmhainní
(C/2026/1130)
1. Folúntas
Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an nós imeachta a oscailt maidir le post stiúrthóra (AD, grád 14) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Shlándáil agus Sábháilteacht, an Stiúrthóireacht um Acmhainní, ar bhonn Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1) (dá ngairtear ‘na Rialacháin Foirne’ anseo feasta).
Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.
Leagtar síos luach saothair agus coinníollacha fostaíochta sna Rialacháin Foirne. Is ar ghrád AD 14 a dhéanfar an earcaíocht (2). I dteannta an bhuntuarastail, atá faoi réir cáin a théann chun sochair an Aontais agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.
Tarraingítear aird na n-iarrthóirí ar an oibleagáid a fhorchuirtear leis na Rialacháin Foirne ar gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh 9 mí a chur i gcrích go rathúil agus ar an bhfíoras go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.
Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh den Pharlaimint agus lasmuigh di, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir turais ghnó a dhéanamh go minic ar áiteanna oibre éagsúla Pharlaimint na hEorpa.
2. Ionad Fostaíochta
An Bhruiséil. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann d’ionaid eile oibre Pharlaimint na hEorpa.
3. Comhionannas deiseanna
Cuireann Parlaimint na hEorpa beartas comhionannais deiseanna i bhfeidhm agus tugann sí an aird is mó ar na hiarratais go léir gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
4. Cúraimí an phoist
Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (3):
|
— |
dea-fheidhmiú roinne móire den Ardrúnaíocht a áirithiú, ar roinn í ina bhfuil aonaid éagsúla a chumhdaíonn réimsí freagrachta na Stiúrthóireachta, i gcomhréir le beartais na hinstitiúide; |
|
— |
foirne de ghníomhairí a bhainistiú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní na roinne agus caighdeán cáilíochta na seirbhíse (eagrú, bainistiú acmhainní daonna agus buiséid, nuálaíocht, etc.) a áirithiú sna réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta (sainmhíniú cuspóirí agus straitéisí) a phleanáil, na cinntí is gá a ghlacadh chun na cuspóirí a leagfar síos a ghnóthú, measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na seirbhísí chun a gcáilíocht a ráthú; |
|
— |
comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ardrúnaí agus ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ard-Rúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche; |
|
— |
feidhm oifigigh údarúcháin fho-tharmligthe a fheidhmiú. |
5. Coinníollacha incháilitheachta
Tá an nós imeachta roghnúcháin seo oscailte d’iarrthóirí a mbeidh na coinníollacha seo a leanas chun iarratas a chur isteach á gcomhlíonadh acu faoin dáta deiridh:
(a) Coinníollacha ginearálta
I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór duit:
|
— |
a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (4); |
|
— |
do chearta iomlána mar shaoránaigh a bheith á dteachtadh agat; |
|
— |
do dhualgais a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí; |
|
— |
na teistiméireachtaí carachtair a bheith agat is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh. |
(b) Coinníollacha sonracha
(i)
|
— |
Nuair is ceithre bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, ar céim í a aithnítear go hoifigiúil i gceann amháin de Bhallstáit an Aontais; nó |
|
— |
nuair is trí bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh (5), ar céim í a aithnítear go hoifigiúil i gceann amháin de Bhallstáit an Aontais, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí d’aon bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime. Maidir leis na céimeanna, cibé acu i mBallstát nó i dtír eile a bhronntar iad, ní mór dóibh a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail Aireacht Oideachais Ballstáit. Na hiarrthóirí a bhfuil céimeanna acu a bhronn Ballstát nach Ballstát den Aontas Eorpach é (6), ní mór dóibh coibhéis Eorpach a gcuid céimeanna a cheangal lena n-iarratas. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le haitheantas do cháilíochtaí a fuarthas i dtríú tír faoi chuimsiú líonraí ENIC-NARIC, téigh chuig an suíomh: https://www.enic-naric.net/. |
(ii)
Taithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a bhaint amach:
|
— |
dhá bhliain déag, agus cuid di ar a laghad déanta i réimsí freagrachta na Stiúrthóireachta, agus lena gcuimsítear an méid seo a leanas:
|
(iii)
Sáreolas (leibhéal C1 ar a laghad) ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (7) agus eolas an-mhaith (leibhéal B2 ar a laghad) ar cheann eile ar a laghad de na teangacha sin.
Tá an t-eolas seo sainmhínithe sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha. Is féidir é a fháil ar an suíomh:
https://europa.eu/europass/common-european-framework-reference-language-skills.
Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.
6. Trialacha
Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta na n-iarrthóirí a dhréachtú agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinneadh. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Biúró éisteachtaí na n-iarrthóirí a stiúradh.
Beidh na hagallaimh bunaithe ar an gcur síos ar chúraimí an phoist, mar a shonraítear faoi phointe 4 den fhógra seo iad, agus ar na hinniúlachtaí seo a leanas:
|
— |
tuiscint na straitéise; |
|
— |
cumas bainistíochta; |
|
— |
cumas ionchasaithe; |
|
— |
cumas freagartha; |
|
— |
cruinneas; |
|
— |
cumas cumarsáide. |
7. Iarratais a chur isteach
Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná
Dé hAoine 6 Márta 2026, meán lae, am na Bruiséile.
Iarrtar ar iarrthóirí litir inspreagtha a sheoladh i bhfoirm ríomhphoist amháin, i bhformáid PDF agus i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (8) (le cur faoi bhráid Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa, fógra earcaíochta Uimh. PE/343/2026/S) agus curriculum vitae a sheoladh i bhformáid Europass (9), ina léirítear tagairt an fhógra (PE/343/2026/S) in ábhar na teachtaireachta chuig an seoladh seo a leanas:
PERS-EPSeniorManagement@ep.europa.eu.
agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.
Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.
Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin (10) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.
Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), go sonrach a mhéid a bhaineann le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.
(1) Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
(2) Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.
(3) Féach an Iarscríbhinn le haghaidh na bpríomhchúraimí.
(4) Is iad Ballstáit an Aontais Eorpaigh ná: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, Lucsamburg, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, Málta, an Rómáin, an tSeiceach, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Ísiltír agus an Ungáir.
(5) Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí i gcuntas agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.
(6) Glactar le cáilíochtaí/dioplómaí na Ríochta Aontaithe a fuarthas go dtí an 31 Nollaig 2020 gan a thuilleadh aitheantais. I gcás céimeanna a fuarthas tar éis an dáta sin, tá aitheantas NARIC ag teastáil. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin, i gcás céimeanna de chuid na Breataine a eisíodh ón 1 Eanáir 2021, nach mór doiciméad coibhéiseach, arna eisiúint ag údarás inniúil Ballstáit reatha de chuid an Aontais Eorpaigh, a bheith ag gabháil leo.
(7) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ná: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
(8) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ná: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
(9) https://europa.eu/europass/.
(10) Ní bhaineann sé seo leis na hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais. Is faoi na hiarrthóirí atá sé a áirithiú go mbeidh an comhad iomlán a chomhfhreagraíonn dá n-iarratas againn (i gcás doiciméid ábhartha gan bheith ar fáil ar an tairseach HRM (Streamline)).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
IARSCRÍBHINN
AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM SHLÁNDÁIL AGUS SÁBHÁILTEACHT AN STIÚRTHÓIREACHT UM ACMHAINNÍ
PRÍOMHCHÚRAIMÍ
|
— |
Treoir, comhordú agus ceannaireacht a sholáthar d’aonaid na stiúrthóireachta, chomh maith le bainistiú pearsanra agus eagrú ginearálta na stiúrthóireachta; |
|
— |
beartas bainistíochta acmhainní daonna straitéiseach agus nuálach a shaimhíniú agus a chun feidhme, atá oiriúnaithe do riachtanais na hArd-Stiúrthóireachta um Shlándáil agus Sábháilteacht. A chinntiú go mbaintear an leas is fearr as acmhainní daonna de réir earnála gníomhaíochta agus sna trí shuíomh agus ag an am céanna rannchuidiú le leathnú ionchais ghairme agus cur i bhfeidhm dálaí oibre iomchuí. Pleanáil bhliantúil na n-oifigeach slándála agus coisctheach a chinntiú, chomh maith le bainistiú lóistíochta acmhainní; |
|
— |
straitéisí oiliúna sábháilteachta agus slándála spriocdhírithe a shainmhíniú agus a chur chun feidhme do gach catagóir pearsanra. Riachtanais oiliúna a shainaithint agus plean bliantúil a bhunú chun sábháilteacht, slándáil agus timpeallacht oibre chuimsitheach a chinntiú. Dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe, lena n-áirítear na soláthraithe seachtracha, agus na cumais inmheánacha i bhfeasacht na slándála a neartú; |
|
— |
bainistiú buiséadach agus airgeadais conarthaí chomh maith le cláreagrú margaí a chinntiú, lena n-áirítear cur i gcrích éifeachtach agus éifeachtúil na pleanála tairisceana bliantúla. Comhairle agus cúnamh a thabhairt do gach roinn le linn ullmhú agus cur i gcrích an bhuiséid, chomh maith le cláreagrú agus faireachán ar oifigigh údarúcháin, i gcomhréir le tionscadail straitéiseacha agus cuspóirí sainmhínithe; |
|
— |
oibriú agus cothabháil córas TF a chinntiú agus chun tacú le húsáideoirí atá bainteach le hoibríochtaí slándála trí réitigh TF nuashonraithe a fhorbairt a chomhlíonann riachtanais shonracha. A chinntiú go ndéanfar pleanáil chun cinn agus faireachán réamhghníomhach ar thíolacadh agus ar chur i gcrích tionscadal TF faoi chuimsiú chlár TF Pharlaimint na hEorpa; |
|
— |
oibríochtaí a chomhordú agus a áirithiú go rithfidh siad go réidh sa Stiúrthóireacht um Acmhainní agus Tionscadail Chothrománacha, agus bainistiú acmhainní is fearr á dhéanamh i gcomhréir le riachtanais Pharlaimint na hEorpa ag an am céanna; |
|
— |
cumhachtaí an údaráis ceapacháin agus oifigigh údarúcháin fho-tharmligthe a fheidhmiú. |
AN tAONAD OILIÚNA
|
— |
Cúrsaí oiliúna sonracha i sábháilteacht agus i gcosc a eagrú; |
|
— |
an plean oiliúna a bhunú don Ard-Stiúrthóireacht um Shlándáil agus Sábháilteacht agus a chinntiú go gcuirfear i gcrích i gceart é chun cuspóirí oiliúna a bhaint amach; |
|
— |
clár oiliúna a fhorbairt do gach ball foirne den lucht bainistíochta ginearálta chun a gairmiúlacht agus a héifeachtúlacht a choinneáil; |
|
— |
riachtanais oiliúna na bainistíochta ginearálta a shainmhíniú chun a chinntiú go bhfaightear agus go gcothabháiltear na scileanna agus na teicnící slándála is gá chun freastal ar riachtanais shlándála Pharlaimint na hEorpa; |
|
— |
páirt a ghlacadh i dtionscnaimh chumarsáide, oiliúna agus feasachta do chónaitheoirí foirgneamh na hinstitiúide maidir le cultúr sábháilteachta agus slándála. |
AN tAONAD UM ACMHAINNÍ DAONNA
|
— |
BainistIú éifeachtach agus straitéiseach acmhainní daonna a chinntiú don lucht bainistíochta sinsearach: bainistiú gairmeacha na státseirbhíseach agus na ngníomhairí eile (comórtais, earcaíocht, meastóireacht, soghluaisteacht, gníomhaíochtaí seachtracha, éirí as oifig, liúntais, srl.), dálaí oibre, poist sa chairt eagraíochtúil (athluacháil post, gluaiseachtaí Ringbook, etc.) chomh maith le clúdaigh bhuiséid (misin, gníomhairí conarthacha, oibrithe sealadacha); |
|
— |
eagrú oibríochtúil bliantúil beagnach 760 comhghleacaí ón Ard-Stiúrthóireacht um Shlándáil agus Sábháilteacht sa Bhruiséil, in Strasbourg agus i Lucsamburg a chomhdhlúthú, i sineirgíocht le seirbhísí oibríochtúla, d’fhonn riachtanais slándála na hinstitiúide a chumhdach de réir na gníomhaíochta parlaimintí agus chun réiteach idir saol príobháideach agus gairmiúil na ngníomhairí a ráthú. Aon riachtanais fhéideartha i gcás athbhreithniú ar uirlisí TF agus ar mhodheolaíochtaí pleanála chun freastal ar riachtanais na hinstitiúide a aithint; |
|
— |
sócmhainní fardail (GBI), trealamh agus seachadadh bliantúil éadaí seirbhíse agus cosanta do bheagnach 760 gníomhaire agus comhordaitheoir a bhainistiú. na dálaí oibre is fearr is féidir a sholáthar don fhoireann, agus go háirithe do ghníomhairí oibríochtúla, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; |
|
— |
rannchuidiú le cleachtaí tuairiscithe trasfheidhmeacha amhail an clár oibre bliantúil, an tuarascáil ar ghníomhaíochtaí bliantúla agus an tuarascáil ar ghníomhaíochtaí tréimhsiúla, bainistíocht riosca, an plean leanúnachais gnó foriomlán, agus ceisteanna comhionannais agus éagsúlachta, etc. |
AN tAONAD BUISÉID
|
— |
Comhordú agus tacú le húsáideoirí FMS agus WebContract; comhairle agus cúnamh a thabhairt do ranna oibríochtúla in ullmhú agus i gcur i gcrích an bhuiséid. Faireachán buiséid, rialú ar fhorghníomhú conarthaí, tionscnamh gníomhartha buiséadacha (gealltanais, íocaíochtaí, orduithe aisghabhála agus aisíocaíochta) agus gníomhartha conarthacha, ullmhú orduithe ceannaigh agus conarthaí sonracha, chomh maith le bainistíocht ioncaim leithdháilte a chinntiú; |
|
— |
an clár margaidh bliantúil a bhunú agus go ndéanfar faireachán réamhghníomhach air. Cúnamh agus comhairle a thabhairt d’aonaid oibríochtúla ó dhréachtú doiciméad margaidh, nósanna imeachta a sheoladh, meastóireacht agus dámhachtain, go dtí síniú conarthaí. Comhairle agus tacaíocht a thabhairt do gach roinn oibríochtúil agus iad ag déileáil le ceisteanna dlí a bhaineann le forghníomhú conarthaí (leasuithe, réiteach díospóidí, pionóis, etc.); |
|
— |
rialú ex-ante ar nósanna imeachta soláthair agus ar gach gníomh forghníomhaithe buiséid (gealltanais airgeadais agus dlíthiúla) a áirithiú, cothabháil chuí an fhardail airgeadais chomh maith le caomhnú gach gníomh buiséid, doiciméad tacaíochta agus doiciméad a bhaineann le nósanna imeachta soláthair; |
|
— |
tuarascálacha tréimhsiúla a ullmhú agus cur le tuarascálacha gníomhaíochta bliantúla agus leis an gclár oibre; páirt a ghlacadh in ullmhú freagraí ar rúin bhuiséadacha, ceisteanna ó sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa (e.g. BUDG agus CONT), ó na Feisirí, agus ó iarratais ó chomhlachtaí rialaithe (iniúchóir inmheánach, an Chúirt Iniúchóirí); |
|
— |
cloí leis na híoschaighdeáin rialaithe inmheánaigh agus measúnú a dhéanamh ar leibhéal a gcur chun feidhme trí ghníomhartha ad hoc (e.g. suirbhéanna foirne tréimhsiúla); |
|
— |
ionadaíocht a dhéanamh ar an Ard-Stiúrthóireacht um Shlándáil agus Sábháilteacht in eintitis éagsúla agus ina bhfoghrúpaí, lena n-áirítear an Grúpa Stiúrtha Idir-AS Airgeadais, an Fóram Soláthair Phoiblí, an Grúpa um Beartas Foirgníochta, an Grúpa Oibre um Rialú Inmheánach agus cruinnithe úsáideoirí príomhúla FMS. |
AN tAONAD UM AN mBEARTAS TF
|
— |
Bonneagar, sócmhainní TF, agus rochtain a bhainistiú: bonneagar TF, lena n-áirítear crua-earraí, bogearraí, comhpháirteanna líonra agus bainistíocht rochtana úsáideoirí, a phleanáil, a sholáthar, a chothabháil agus faireachán a dhéanamh air, chun fáil, iontaofacht agus slándáil acmhainní TF a chinntiú; |
|
— |
tacaíocht a thabhairt d’úsáideoirí deiridh: tacaíocht d’úsáideoirí a sholáthar, teagmhais theicniúla a bhaineann le córais ríomhaireachta a réiteach, fadhbanna crua-earraí agus bogearraí a fhabhtcheartú agus comhairle chuí a sholáthar; |
|
— |
feidhmchláir atá in úsáid faoi láthair a bhainistiú: bainistíocht shaolré feidhmchlár na mbogearraí saincheaptha nó speisialaithe a áirithiú, lena n-áirítear cothabháil éabhlóideach, oiliúint agus tacaíocht, chomh maith le feidhmíocht tástálacha atá dírithe ar a bhfeidhmiúlacht agus a slándáil a ráthú; |
|
— |
slándáil TF agus na faisnéise a bhainistiú: cineálacha cur chuige agus bearta a shainmhíniú agus a chur chun feidhme atá ceaptha chun córais ríomhaireachta, sócmhainní sonraí agus faisnéise na heagraíochta a chosaint ar bhagairtí agus leochaileachtaí; ailtireachtaí TF slána a dhearadh, leochaileachtaí a aithint, tástálacha slándála a dhéanamh agus feasacht a chur chun cinn ar dhea-chleachtais chibearshlándála, chomh maith le bearta cosanta iomchuí a chur chun feidhme; |
|
— |
tionscadail TF a bhainistiú: tionscadail a phleanáil, a fhorghníomhú agus a mhaoirsiú d’fhonn cuspóirí sonracha a bhaint amach i srianta sainithe raon feidhme, ama, buiséid agus cáilíochta; pleanáil, cur chun feidhme, leithdháileadh acmhainní, bainistiú riosca agus cumarsáid le geallsealbhóirí a chinntiú; |
|
— |
maoirseacht a dhéanamh ar anailís an ghnó agus í a chomhordú: riachtanais agus cuspóirí gnó a thuiscint agus iad a aistriú mar réitigh oiriúnacha TF; a chinntiú go mbailítear agus go ndéantar anailís ar riachtanais, chun cumarsáid idir geallsealbhóirí a éascú agus moltaí a cheapadh i gcás réitigh theicneolaíocha éifeachtacha. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1130/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)