This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C/2025/00596
New national side of euro coins intended for circulation
Aghaidh náisiúnta nua ar mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
Aghaidh náisiúnta nua ar mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
PUB/2025/15
IO C, C/2025/596, 22.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/596/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/596 |
22.1.2025 |
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
Aghaidh náisiúnta nua ar mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(C/2025/596)
Aghaidh náisiúnta an mhona chomórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an Liotuáin
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na monaí nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na monaí a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na monaí sin agus na saintréithe a bhíonn ag monaí 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.
Tír eisiúna: an Liotuáin
Ábhar an chomórtha: Traidisiún na Liotuáine de ghairdíní tuí atá inscríofa ar Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na Daonnachta
Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh léirítear gairdín tuí stílithe ina bhfuil cruthanna geoiméadracha ar mhéideanna éagsúla, a bhfuil barr amháin acu ag díriú suas (i dtreo na spéire) agus an barr eile ag díriú síos (faoin talamh). Tá an inscríbhinn ‘LIETUVA’ (an LIOTUÁIN), an bhliain eisiúna (2024) agus marc mionta Mhionta na Liotuáine ar an dearadh freisin. Is traidisiún cultúrtha Baltach iad gairdíní tuí a bhfuil tábhacht mhaisiúil agus searmanais leo agus a bhaineann leis an bhfolláine agus leis an spioradáltacht. Tomas Dragūnas a dhear taobh náisiúnta an mhona.
Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.
An líon measta monaí atá le heisiúint: 500 000
Dáta eisiúna: An ceathrú ráithe de 2024
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na monaí uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/596/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)