This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025CN0040
Case C-40/25, CRIF: Request for a preliminary ruling from the Oberlandesgericht Wien (Austria) lodged on 23 January 2025 – CRIF GmbH v YO
Cás C-40/25, CRIF: Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Wien (an Ostair) a taisceadh an 23 Eanáir 2025 – CRIF GmbH v YO
Cás C-40/25, CRIF: Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Wien (an Ostair) a taisceadh an 23 Eanáir 2025 – CRIF GmbH v YO
IO C, C/2025/1880, 7.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1880/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2025/1880 |
7.4.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Wien (an Ostair) a taisceadh an 23 Eanáir 2025 – CRIF GmbH v YO
(Cás C-40/25, CRIF)
(C/2025/1880)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberlandesgericht Wien
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Cosantóir agus achomharcóir: CRIF GmbH
Iarratasóir agus freagróir san achomharc: YO
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/679 (RGCS) (1) le léiriú sa chaoi go bhfuil ábhar sonraí a ndearna rialaitheoir a chuid sonraí pearsanta a nochtadh trí na sonraí sin a aistriú ar aghaidh i dteideal urghaire coisctheach a fháil i gcoinne an rialaitheora lena gcuirtear cosc ar na sonraí sin a aistriú ar aghaidh tuilleadh mura n-iarrann an t-ábhar sonraí ar an rialaitheoir na sonraí a léirscriosadh toisc nach féidir an t-ábhar sonraí a aimsiú ansin i mbunachar sonraí an rialaitheora, rud a d’fhéadfadh a fhágáil go mbeidh sé níos deacra nó dodhéanta fiú conradh a chur i gcrích má chuireann custaiméirí an rialaitheora a gcinntí gnó faoi réir an t-ábhar sonraí a aimsiú i mbunachar sonraí an rialaitheora?
(1) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1880/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)