This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024TN0344
Case T-344/24: Action brought on 8 July 2024 – Petrov v Council
Cás T-344/24: Caingean arna tabhairt an 8 Iúil 2024 – Petrov v an Chomhairle
Cás T-344/24: Caingean arna tabhairt an 8 Iúil 2024 – Petrov v an Chomhairle
IO C, C/2024/4979, 19.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4979/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/4979 |
19.8.2024 |
Caingean arna tabhairt an 8 Iúil 2024 – Petrov v an Chomhairle
(Cás T-344/24)
(C/2024/4979)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Victor Petrov (Comrat, an Mholdóiv) (ionadaithe: T. Bontinck, L. Marchal, Dlíodóirí, agus C. Zatschler, Abhcóide Sinsearach)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú go bhfuil Cinneadh (CBES) 2023/891 agus Rialachán (AE) 2023/888 neamhdhleathach agus nach bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin i leith an iarratasóra; |
— |
Cinneadh (CBES) 2024/1242 (1) ón gComhairle an 26 Aibreán 2024, a mhéid a choimeádtar leis an t-iarratasóir faoi Uimh. 11 d’Iarscríbhinn 1 de Chinneadh (CBES) 2023/891, a chur ar neamhní; |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1243 (2) an 26 Aibreán 2024, a mhéid a choimeádtar leis an t-iarratasóir faoi Uimh. 11 d’Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/888, a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Chomhairle méid EUR 100 000 a íoc, ar bhonn sealadach, mar chúiteamh ar an damáiste neamhábhartha a bhain don iarratasóir; |
— |
a ordú don Chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí atá, go bunúsach, mar an gcéanna nó cosúil leis na cinn a bhí á n-agairt sa Chás T-343/24 Albot v an Chomhairle.
(1) Cinneadh (CBES) 2024/1242 ón gComhairle an 26 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/891 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (IO L, 2024/1242).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1243 ón gComhairle an 26 Aibreán 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (IO L, 2024/1243).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4979/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)