This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024TN0122
Case T-122/24: Action brought on 28 February 2024 – Guangzhou Wanglaoji Grand Health v EUIPO – Multi Access (Device of three Chinese characters)
Cás T-122/24: Caingean arna tabhairt an 28 Feabhra 2024 – Guangzhou Wanglaoji Grand Health v EUIPO – Multi Access (Léiriú ar thrí charachtar Sínise)
Cás T-122/24: Caingean arna tabhairt an 28 Feabhra 2024 – Guangzhou Wanglaoji Grand Health v EUIPO – Multi Access (Léiriú ar thrí charachtar Sínise)
IO C, C/2024/2777, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2777/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/2777 |
29.4.2024 |
Caingean arna tabhairt an 28 Feabhra 2024 – Guangzhou Wanglaoji Grand Health v EUIPO – Multi Access (Léiriú ar thrí charachtar Sínise)
(Cás T-122/24)
(C/2024/2777)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Guangzhou Wanglaoji Grand Health Co. Ltd (Guangzhou, an tSín) (ionadaí: P. Groß, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Multi Access Ltd (Road Town, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (Léiriú ar thrí charachtar Sínise) – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 8 293 714
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Nollaig 2023 i gCás R 323/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a dhearbhú go bhfuil an marc atá faoi chonspóid neamhbhailí ar bhonn Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle; |
— |
a ordú do EUIPO agus do Multi Access Limited, i gcás ina gcinnfidh Multi Access Limited idiragairt a dhéanamh, a gcuid costais féin a íoc; |
— |
a ordú do EUIPO agus do Multi Access Limited, i gcás ina gcinnfidh Multi Access Limited idiragairt a dhéanamh, na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair an Bhoird Achomhairc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle anois). |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2777/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)