Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CN0216

Cás C-216/24, Asociación Petón do Lobo: Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Superior de Justicia de Galicia (an Spáinn) a taisceadh an 20 Márta 2024 – Asociación Petón do Lobo v Dirección Xeral de Planificación Enerxética Recursos Naturais

IO C, C/2024/3896, 1.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3896/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3896/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3896

1.7.2024

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Superior de Justicia de Galicia (an Spáinn) a taisceadh an 20 Márta 2024 – Asociación Petón do Lobo v Dirección Xeral de Planificación Enerxética Recursos Naturais

(Cás C-216/24, Asociación Petón do Lobo)

(C/2024/3896)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de Galicia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Asociación Petón do Lobo

Cosantóir: Dirección Xeral de Planificación Enerxética e Recursos Naturais [de la Vicepresidencia Primeira e Consellería de Economía, Empresa e Innovación de la Comunidad Autónoma de Galicia]

Tríú páirtithe: Eurus Desarrollo Renovables, S.L.U., EGA- Asociación Eólica de Galicia

Na ceisteanna a tharchuirtear

(1)

Go soiléireofaí brí an natha ‘príomhthuarascálacha agus an chomhairle’ dá dtagraítear le hAirteagal 6(3) de Threoir 2011/92/AE. (1)

(2)

Go dtabharfaí le fios an iad na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 37(2) den Ley 21/2013 [Dlí 21/2013], atá le hiarraidh ag an gcomhlacht inniúil, na tuarascálacha a leagtar amach in Airteagal 6(3) de Threoir 2011/95/AE.

(3)

Go soiléireofaí an bhfuil Airteagail 36, 37 agus 38 den Ley estatal 21/2013 [Dlí Stáit 21/2013] agus Airteagail 33 agus 34 den Ley autonómica gallega 8/2009 [Dlí Phobal Féinrialaitheach na Gailíse 8/2009] ar neamhréir leis an gceanglas a fhorchuirtear le hAirteagal 6(3) de Threoir 2011/92/AE go n-áiritheofaí go gcuirfí ar fáil don phobal lena mbaineann na príomhthuarascálacha earnála arna n-eisiúint ar mhaithe le hinfheidhmeacht an chirt a thugtar le haithris 4 den fhoráil sin, ionas go bhféadfadh an chuid sin den phobal a gcuid argóintí a dhéanamh agus páirt a ghlacadh, laistigh de thréimhse nach lú ná 30 lá, sa phróiseas maidir le cinneadh a dhéanamh ar an iarratas ar údarú tionscadail, sula nglactar an cinneadh sin.


(1)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobhaideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 26, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3896/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top