Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CN0193

Cás C-193/24 P: Achomharc arna thabhairt an 8 Márta 2024 agus Air France-KLM agus Société Air France i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra, an Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 20 Nollaig 2023 i gCás T-494/21, Ryanair agus Malta Air v an Coimisiún

IO C, C/2024/2752, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2752/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2752/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2752

29.4.2024

Achomharc arna thabhairt an 8 Márta 2024 agus Air France-KLM agus Société Air France i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra, an Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 20 Nollaig 2023 i gCás T-494/21, Ryanair agus Malta Air v an Coimisiún

(Cás C-193/24 P)

(C/2024/2752)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Air France-KLM, Société Air France (ionadaithe: J. Derenne, D. Vallindas, avocats, A. Álvarez Vidal, abogada)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Ryanair DAC, Malta Air ltd., an Coimisiún Eorpach, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Ríocht na hÍsiltíre

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

leas a bhaint as a chumhacht faoin dara habairt den chéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar agus chun an chaingean le haghaidh neamhniú arna taisceadh i gCás T-494/21 a dhíbhe;

de rogha air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun na pléadálacha nach ndearnadh measúnú orthu cheana a bhreithniú, agus

a ordú do Ryanair DAC agus Malta Air ltd costais na n-imeachtaí achomhairc agus na gcostas sin ar an gcéad chéim a íoc, má thugann sí breithiúnas críochnaitheach ar an ábhar, nó costais na n-imeachtaí reatha a fhorchoimeád, má tharchuireann sí an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

An chéad saincheist: Chuir an Chúirt Ghinearálta caighdeán mícheart i bhfeidhm chun tairbhí na cabhrach a chinneadh laistigh de ghrúpa corparáideach agus, dá bhrí sin, tháinig sí ar an gconclúid mhícheart nach bhféadfaí KLM a eisiamh ó thairbhí an bhirt cabhrach atá i gceist.

An dara saincheist: Chuir an Chúirt Ghinearálta a measúnú féin in ionad chinneadh thairbhí na cabhrach gan earráid fhollasach measúnaithe a shuíomh go leordhóthanach ar an gcinneadh (1) ón gCoimisiún Eorpach atá faoi chonspóid.

An tríú saincheist: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina léiriú ar choincheapa an bhuntáiste indírigh agus na n-éifeachtaí tánaisteacha i réimse na Státchabhrach.


(1)  Cinneadh C(2021) 2488 final ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2021 i gCás SA.59913 (2021/N) – An Fhrainc – COVID-19 – Athchaipitliú Air France agus Air France-KLM Holding.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2752/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top