Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CN0120

Cás C-120/24, Unigames: Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 15 Feabhra 2024  – ‘Unigames’ UAB v Lošimų priežiūros tarnyba prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos

IO C, C/2024/3156, 21.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3156/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3156/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3156

21.5.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 15 Feabhra 2024 – ‘ Unigames’ UAB v Lošimų priežiūros tarnyba prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos

(Cás C-120/24, Unigames)

(C/2024/3156)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ‘Unigames’ UAB

Cosantóir: Lošimų priežiūros tarnyba prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An ionann foráil náisiúnta, amhail an fhoráil a leagtar síos in Airteagal 10(19) den Lietuvos Respublikos azartinių lošimų įstatymas (Dlí Phoblacht na Liotuáine maidir le cearrbhachas), agus ‘rialachán teicniúil’ de réir bhrí Airteagal 1(1)(f) de Threoir (AE) 2015/1535 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise, a mhéid a bhaineann sé le faisnéis a bhaineann le cearrbhachas a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin an oibreora cearrbhachais?

2.

An gcaithfear Treoir (AE) 2015/1535 a léiriú sa chaoi go gcuireann sé bail neamh-infhorfheidhmithe ar fhoráil de reachtaíocht náisiúnta, amhail Dlí Phoblacht na Liotuáine maidir le cearrbhachas, nach mór fógra a thabhairt faoina forálacha de bhun Airteagal 5(1) de Threoir (AE)2015/1535, i gcás ina meastar iad a bheith ina “rialacháin teicniúla” de réir bhrí Airteagal 1(1)(f) den Treoir sin, i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha in imeachtaí chun dliteanas a bhunú i leith cionta riaracháin i gcás nach dtugtar fógra faoi na leasuithe a rinneadh ar an bhforáil, a mheastar a bheith ina rialachán teicniúil, ach gur tugadh fógra faoin téacs dlí arna ghlacadh roimhe sin?


(1)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta d’fhonn faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO 2015 L 241, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3156/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top