This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CN0047
Case C-47/24, Cofidis Magyarországi Fióktelepe: Request for a preliminary ruling from the Fővárosi Törvényszék (Hungary) lodged on 25 January 2024 – CN v Cofidis Magyarországi Fióktelepe
Cás C-47/24, Cofidis Magyarországi Fióktelepe: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 25 Eanáir 2024 – CN v Cofidis Magyarországi Fióktelepe
Cás C-47/24, Cofidis Magyarországi Fióktelepe: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 25 Eanáir 2024 – CN v Cofidis Magyarországi Fióktelepe
IO C, C/2024/2592, 22.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2592/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/2592 |
22.4.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 25 Eanáir 2024 – CN v Cofidis Magyarországi Fióktelepe
(Cás C-47/24, Cofidis Magyarországi Fióktelepe)
(C/2024/2592)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Fővárosi Törvényszék
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: CN
Cosantóir: Cofidis Magyarországi Fióktelepe
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
Chun na cuspóirí arna leagan amach i dTreoir 93/13/CE a chomhlíonadh ina n-iomláine, an gá, i gcomhthéacs ordú a thabhairt agus measúnú a dhéanamh air mar chuid d’imeachtaí forghníomhaithe, an gá don chúirt nó d’fhoirmíocht na cúirte, ar an gcéad dul síos, a dhearbhú, de réir na mbreithiúnas i gCásanna C-472/11 (1) agus C-397/11, (2) gurb éagórach go follasach na téarmaí conarthacha is bun leis an mbreithiúnas atá le forghníomhú, lena n-áirítear na téarmaí maidir le príomhábhar an chonartha, i gcás ina dtugann sí an méid sin faoi deara as a stuaim féin agus, ar an dara dul síos, ina gcuireann sí é sin in iúl don fhéichiúnaí (an tomhaltóir), agus ina n-iarrtar air ar mhian leis go ndéanfaí iarmhairtí dlí an téarma chonarthaigh éagóraigh a mheas agus, más mian, a iarraidh ar an iarratasóir ar fhorghníomhú méid an téarma chonarthaigh éagóraigh, ar faoina réir atá an tomhaltóir, a bhaint óna éileamh agus fógra a thabhairt d’fhorghníomhóir na cúirte ina leith sin? |
2. |
Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, chun na cuspóirí arna leagan amach i dTreoir 93/13/CE a chomhlíonadh, an gá a shoiléiriú chomh maith an féidir idirdhealú a dhéanamh idir imeachtaí forghníomhaithe de réir cé acu trí ordú forghníomhaithe faoi Airteagal 15(1) de Dhlí LIII na hUngáire nó leis an gclásal forghníomhaithe faoi Airteagal 23/C de a ordaítear an forghníomhú? |
3. |
I bhfianaise an mhéid mhóir imeachtaí forghníomhaithe den sórt seo atá ar feitheamh faoi láthair san Ungáir, an gá don reachtas idirghabháil a dhéanamh d’fhonn leasanna an tomhaltóra a chosaint ar dhochar agus d’fhonn iad a chúiteamh a luaithe agus a dhéantar an dochar dóibh trí théarmaí chonarthacha éagóracha, ionas nach bhfuil na tomhaltóirí, d’fhonn díolúine a bheith acu ó iarmhairtí a leithéide d’imeachtaí forghníomhaithe, ar iocht athbhreithniú breithiúnach féideartha ar bheart forghníomhaithe agus, dá dheasca sin, ag éagóracht téarma chonarthaigh? |
(1) Breithiúnas an 21 Feabhra 2013, Banif Plus Bank (C-472/11, EU:C:2013:88).
(2) Breithiúnas an 30 Bealtaine 2013, Jőrös (C-397/11, EU:C:2013:340).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2592/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)