EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CN0017

Cás C-17/24, CeramTec: Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 11 Eanáir 2024 – CeramTec GmbH v Coorstek Bioceramics LLC

IO C, C/2024/2288, 2.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2288/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2288/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2288

2.4.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 11 Eanáir 2024 – CeramTec GmbH v Coorstek Bioceramics LLC

(Cás C-17/24, CeramTec)

(C/2024/2288)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CeramTec GmbH

Cosantóir: CoorsTek Bioceramics LLC

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

An bhfuil Airteagal 52 de Rialachán Uimh. 207/2009 an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail (1) le léiriú sa chaoi go bhfuil na forais neamhbhailíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(a) uathrialach agus gan an meon mímhacánta dá dtagraítear i mír 1(b) den Rialachán sin a áireamh?

2)

Má tá freagra diúltach ar an gcéad cheist, an féidir meon mímhacánta an iarratasóra a mheasúnú i bhfianaise na ndearbhfhoras le clárú a dhiúltú a leagtar síos in Airteagal 7(1)(e)(ii) de Rialachán Uimh. 207/2009, agus i bhfianaise na ndearbhfhoras sin amháin, gan a fháil amach gurb é atá sa chomhartha a ndéantar iarratas air mar thrádmharc ná cruth earraí amháin atá riachtanach chun toradh teicniúil a fháil?

3)

An bhfuil Airteagal 52(1) (b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 le léiriú sa chaoi go gcuirtear as an áireamh meon mímhacánta iarratasóra a bhfuil iarratas ar chlárú trádmhairc curtha isteach aige d’fhonn réiteach teicniúil a chosaint i gcás inar thángthas air, tar éis an iarratais sin, nach raibh aon nasc idir an réiteach teicniúil atá i gceist agus na comharthaí arb iad an trádmharc a ndearnadh iarratas air?


(1)   IO 2009 L 78, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2288/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top