Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CJ0188

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2026 Meitheamh 16.
WebGroup Czech Republic, a.s. e.a. v Ministre de la Culture e.a.
Tarchur chun réamhrialú – Tráchtáil leictreonach – Treoir 2000/31/CE – Seirbhísí na sochaí faisnéise – Airteagal 2(h) – Réimse comhordaithe – Airteagal 3 – Srian ar shaorghluaiseacht sheirbhísí na sochaí faisnéise ó Bhallstát eile – Maolú – Airteagal 14 – Óstáil – Airteagal 15 – Gan oibleagáid ghinearálta faireacháin – Seirbhís leictreonach chun rochtain a fháil ar ábhar pornagrafach – Reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear ábhar den sórt sin a sholáthar do mhionaoisigh agus lena gcuirtear d’oibleagáid ar an soláthraí córas fíoraithe aoise a bhunú – Airteagail 1 agus 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh – Reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear fáisnéis a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair a athchraoladh.
Cásanna uamtha C-188/24 agus C-190/24.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2026:492

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

16 Meitheamh 2026 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Tráchtáil leictreonach – Treoir 2000/31/CE – Seirbhísí na sochaí faisnéise – Airteagal 2(h) – Réimse comhordaithe – Airteagal 3 – Srian ar shaorghluaiseacht sheirbhísí na sochaí faisnéise ó Bhallstát eile – Maolú – Airteagal 14 – Óstáil – Airteagal 15 – Gan oibleagáid ghinearálta faireacháin – Seirbhís leictreonach chun rochtain a fháil ar ábhar pornagrafach – Reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear ábhar den sórt sin a sholáthar do mhionaoisigh agus lena gcuirtear d’oibleagáid ar an soláthraí córas fíoraithe aoise a bhunú – Airteagail 1 agus 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh – Reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear fáisnéis a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair a athchraoladh)

I gCásanna Uamtha C‑188/24 agus C‑190/24,

DHÁ IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc), trí bhreith an 6 Márta 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 7 Márta 2024, sna himeachtaí

WebGroup Czech Republic, a.s.,

NKL Associates s. r. o.

v

Ministre de la Culture,

Premier ministre,

idiragraí:

Osez le féminisme!,

Le mouvement du Nid,

Les effronté-E-S (C‑188/24),

agus

Coyote System

v

Ministre de l’Intérieur et des Outre-mer,

Premier ministre (C‑190/24),

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, T. von Danwitz (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán, C. Lycourgos, I. Jarukaitis, M. L. Arastey Sahún, I. Ziemele, J. Passer, O. Spineanu-Matei, M. Condinanzi agus F. Schalin, Uachtaráin Dlísheomra, N. Piçarra, A. Kumin, N. Jääskinen, Z. Csehi agus B. Smulders, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

Cláraitheoir: M. Siekierzyńska, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 24 Márta 2025,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

WebGroup Czech Republic, a.s. agus NKL Associates s. r. o., ag E. Piwnica, avocat,

Coyote System, ag G. Froger, avocat,

Les effronté-E-S, ag L. Questiaux, avocate,

Rialtas na Fraince, ag R. Bénard, B. Fodda agus M. Guiresse, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Seice, ag A. Edelmannová, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hIorua, ag K. H. Aarvik agus I. Collett, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag L. Armati, O. Gariazzo, P.-J. Loewenthal agus J. Szczodrowski, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 18 Meán Fómhair 2025,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann na hiarrataí ar réamhrialú le léiriú Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO 2000 L 178, lch. 1), agus Airteagail 1 agus 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

2

Rinneadh na hiarrataí seo in dhá sraith imeachtaí, a bhfuil an chéad cheann acu idir WebGroup Czech Republic, a.s., agus NKL Associates s. r. o., dhá fhoilsitheoir suíomhanna gréasáin a chraolann ábhar pornagrafach atá bunaithe i bPoblacht na Seice, agus an tAire Cultúir agus Príomh-Aire Phoblacht na Fraince, maidir le dlíthiúlacht foraithne lena sonraítear na rialacha mionsonraithe maidir le foráil dlí a chur chun feidhme lena gceanglaítear fógra foirmiúil a thabhairt do dhuine arb é a ghníomhaíocht seirbhís cumarsáide poiblí ar líne a fhoilsiú agus lena gceadaítear do mhionaoisigh rochtain a fháil ar ábhar pornagrafach de shárú ar an gCód Coiriúil. Tá an dara díospóid idir Coyote System agus an tAire Gnóthaí Baile agus Críocha Thar Lear agus Príomh-Aire Phoblacht na Fraince maidir le dlíthiúlacht foraithne lena dtoirmisctear soláthraithe seirbhísí leictreonacha cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh ó athchraoladh faisnéise a tharchuireann a n‑úsáideoirí a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair, ionas nach ndéanfar na seiceálacha sin a sheachaint.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

An Chairt

3

Foráiltear le hAirteagal 1 den Chairt, dar teideal ‘Dínit an duine’:

‘Tá dínit an duine dosháraithe. Ní mór an dínit sin a urramú agus a chosaint.’

4

Foráiltear in Airteagal 24 den Chairt, dar teideal ‘Cearta an linbh’:

‘1.   Beidh ag leanaí an ceart chun cibé cosaint agus cúram is gá ar mhaithe lena ndea-bhail. Féadfaidh siad a dtuairimí a nochtadh go saorálach. Cuirfear na tuairimí sin san áireamh i dtaca le hábhair a bhaineann leo i gcomhréir lena n‑aois agus lena n‑aibíocht.

2.   I ngach gníomh a bhaineann le leanaí, bíodh sé á ghlacadh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha, ní mór leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh.

[...]’

Treoir 2000/31

5

Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 8, 18, 22, 26, 42 agus 47 de Threoir 2000/31:

‘(8)

Is é is cuspóir don Treoir seo creat dlíthiúil a chruthú chun saorghluaiseacht sheirbhísí na sochaí faisnéise idir na Ballstáit a áirithiú agus gan réimse an dlí choiriúil ann féin a chomhchuibhiú.

[...]

(18)

Cuimsíonn seirbhísí na sochaí faisnéise raon leathan gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéantar ar líne. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist leis na gníomhaíochtaí sin ná earraí a dhíol ar líne go háirithe. Ní chumhdaítear gníomhaíochtaí amhail seachadadh earraí iontu féin ná soláthar seirbhísí as líne. [...]

[...]

(22)

Ba cheart maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí na sochaí faisnéise ag foinse na gníomhaíochta, chun cosaint éifeachtach chuspóirí leas an phobail a áirithiú; chuige sin, is gá a áirithiú go gcuirfidh an t‑údarás inniúil an chosaint sin ar fáil ní hamháin do shaoránaigh a thíre féin ach do shaoránaigh uile an Chomhphobail; chun muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a fheabhsú, tá sé fíor-riachtanach an fhreagracht sin a shonrú go soiléir ar thaobh an Bhallstáit tionscnaimh seirbhísí; thairis sin, chun saoirse chun seirbhísí a sholáthar agus deimhneacht dhlíthiúil a ráthú go héifeachtach do sholáthróirí agus d’fhaighteoirí seirbhísí, ba cheart seirbhísí na sochaí faisnéise sin a bheith i bprionsabal faoi réir dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe.

[...]

(26)

Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear leis an Treoir seo, a rialacha náisiúnta maidir leis an dlí coiriúil agus a nós imeachta coiriúil a chur i bhfeidhm chun gach beart imscrúdaitheach agus gach beart eile is gá a thionscnamh chun cionta coiriúla a bhrath agus a ionchúiseamh, gan gá a bheith le fógra a thabhairt don Choimisiún [Eorpach] faoi na bearta sin.

[...]

(42)

Ní chumhdaítear leis na maoluithe ar dhliteanas dá bhforáiltear leis an Treoir seo ach cásanna ina bhfuil gníomhaíocht an tsoláthraí seirbhísí i gcomhthéacs na sochaí faisnéise teoranta don phróiseas oibríochta teicniúil agus rochtain a thabhairt ar líonra cumarsáide ar a ndéantar faisnéis arna cur ar fáil ag tríú páirtithe a tharchur nó a stóráil go sealadach, chun an tarchur a dhéanamh níos éifeachtúla agus chun na críche sin amháin. Is de chineál teicniúil, uathoibríoch agus éighníomhach amháin atá sa ghníomhaíocht sin, rud a thugann le tuiscint nach bhfuil eolas ná smacht ag an soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise ar an bhfaisnéis a tharchuirtear nó a stóráiltear.

[...]

(47)

Ní chuirtear cosc ar na Ballstáit oibleagáid faireacháin a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse ach amháin i ndáil le hoibleagáidí de chineál ginearálta; ní bhaineann sé seo le hoibleagáidí faireacháin i gcás sonrach agus, go háirithe, ní dhéanann sé difear d’orduithe a thugann údaráis náisiúnta i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

De réir Airteagal 1 den Treoir sin, dar teideal ‘Cuspóir agus raon feidhme’:

‘1.   Féachtar leis an Treoir seo cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí shaorghluaiseacht sheirbhísí na Sochaí Faisnéise a áirithiú idir Ballstáit.

2.   Comhfhogasaítear leis an Treoir seo, a mhéid is gá chun an cuspóir atá leagtha amach i mír 1 a bhaint amach, forálacha náisiúnta áirithe maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise a bhaineann leis an margadh inmheánach, bunú na soláthraithe seirbhísí, cumarsáid tráchtála, conarthaí leictreonacha, dliteanas na n‑idirghabhálaithe, cóid iompair, socraíochtaí díospóide lasmuigh den chúirt, caingne cúirte agus comhar idir Ballstáit.

3.   Comhlánaíonn an Treoir seo dlí an Chomhphobail is infheidhme maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise gan dochar don leibhéal cosanta, go háirithe, don tsláinte phoiblí agus do leasanna tomhaltóirí, mar a bhunaítear le gníomhartha an Chomhphobail agus leis an reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme iad a mhéid nach gcuireann sé sin srian ar an tsaoirse chun seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar.

4.   Leis an Treoir seo, ní bhunaítear rialacha breise maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach agus ní dhéileáiltear le dlínse na gcúirteanna.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le:

(a)

réimse an chánachais;

(b)

ceisteanna a bhaineann le seirbhísí na sochaí faisnéise a chumhdaítear le [Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus saorghluaiseacht na sonraí sin (IO 1995 L 281, lch. 31)] agus [Treoir 97/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint in earnáil na teileachumarsáide (IO 1998 L 24, lch. 1)];

(c)

ceisteanna a bhaineann le comhaontuithe nó cleachtais arna rialú le dlí cairtéil;

(d)

na gníomhaíochtaí seo a leanas de chuid sheirbhísí na sochaí faisnéise:

gníomhaíochtaí nótairí nó gairmeacha comhionanna a mhéid a bhaineann siad le nasc díreach sonrach le feidhmiú údaráis phoiblí,

ionadaíocht do chliant agus a leasanna a chosaint os comhair na gcúirteanna,

gníomhaíochtaí cearrbhachais ina gcuirtear geall lena ngabhann luach airgeadúil i gcluichí áidh, lena n‑áirítear crannchuir agus idirbhearta gealltóireachta.

6.   Tá an Treoir seo gan dochar do bhearta arna ndéanamh ar leibhéal an Chomhphobail nó ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Chomhphobail, chun éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chur chun cinn agus chun cosaint an iolrachais a áirithiú.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 2 de Threoir 2000/31, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “seirbhísí na sochaí faisnéise”: na seirbhísí de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 98/34/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO 1998 L 204, lch. 37)], arna leasú le Treoir 98/48/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 1998 (IO 1998 L 217, lch. 18)];

[...]

(h)

ciallaíonn “réimse comhordaithe”: na ceanglais arna leagan síos i ndlíchórais na mBallstát is infheidhme maidir le soláthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise nó sheirbhísí na sochaí faisnéise, beag beann ar cibé acu de chineál ginearálta iad nó deartha go sonrach dóibh

(i)

Baineann an réimse comhordaithe le ceanglais nach mór don soláthraí seirbhíse a chomhlíonadh maidir leis an méid seo a leanas:

gabháil do ghníomhaíocht seirbhíse sochaí faisnéise, amhail ceanglais a bhaineann le cáilíochtaí, le húdarú nó le fógra a thabhairt;

gníomhaíocht seirbhíse sochaí faisnéise a shaothrú, amhail ceanglais a bhaineann le hiompar an tsoláthraí seirbhíse, ceanglais maidir le caighdeán nó ábhar na seirbhíse lena n‑áirítear na ceanglais sin is infheidhme maidir le fógraíocht agus conarthaí, nó ceanglais maidir le dliteanas an tsoláthraí seirbhíse.

(ii)

Ní chumhdaítear ceanglais amhail na nithe seo a leanas leis an réimse comhordaithe:

na ceanglais is infheidhme maidir le hearraí iontu féin,

na ceanglais is infheidhme maidir le seachadadh earraí,

na ceanglais maidir le seirbhísí nach soláthraítear go leictreonach.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 3 de Threoir 2000/31, dar teideal ‘Margadh inmheánach’:

‘1.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcomhlíonfaidh seirbhísí na sochaí faisnéise arna soláthar ag soláthraí seirbhíse atá bunaithe ar a chríoch na forálacha náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát sin a thagann faoin réimse comhordaithe.

2.   Ní fhéadfaidh Ballstáit, ar chúiseanna a thagann faoin réimse comhordaithe, srian a chur ar an tsaoirse chun seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar ó Bhallstát eile.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir leis na réimsí dá dtagraítear san Iarscríbhinn.

4.   Féadfaidh na Ballstáit bearta a dhéanamh de mhaolú ar mhír 2 i ndáil le seirbhís sochaí faisnéise ar leith má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh na bearta:

(i)

riachtanach ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

beartas poiblí, go háirithe cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, lena n‑áirítear mionaoisigh a chosaint agus an comhrac i gcoinne gríosú chun fuatha ar fhorais a bhaineann le cine, gnéas, reiligiún nó náisiúntacht agus i gcoinne ionsaithe ar dhínit an duine,

cosaint na sláinte poiblí;

an tslándáil phoiblí, lena n‑áirítear cosaint na slándála agus na cosanta náisiúnta;

cosaint tomhaltóirí, lena n‑áirítear infheisteoirí;

(ii)

arna ndéanamh in aghaidh seirbhís sochaí faisnéise ar leith a dhéanann dochar do na cuspóirí dá dtagraítear i mír (i) nó lena mbaineann riosca tromchúiseach mór go ndéanfaí dochar do na cuspóirí sin;

(iii)

comhréireach leis na cuspóirí sin;

(b)

roimh na bearta atá i gceist a dhéanamh agus gan dochar d’imeachtaí cúirte, lena n‑áirítear réamhimeachtaí agus gníomhartha a dhéantar faoi chuimsiú imscrúdú coiriúil, beidh an méid seo a leanas déanta ag an mBallstát:

beidh iarrtha aige ar an mBallstát dá dtagraítear i mír 1 bearta a dhéanamh agus ní bheidh na bearta sin déanta ag an mBallstát sin, nó níorbh leor a rinneadh,

beidh fógra tugtha aige don Choimisiún agus don Bhallstát dá dtagraítear i mír 1 go bhfuil sé ar intinn aige bearta den sórt sin a dhéanamh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcás práinne, maolú ó na coinníollacha a leagtar síos i mír 4(b). Sa chás sin, cuirfear na bearta a ghlactar in iúl chomh luath agus is féidir don Choimisiún agus don Bhallstát dá dtagraítear i mír 1 agus léireofar na cúiseanna lena measann an Ballstát práinn a bheith ann.

6.   Gan dochar do cheart an Bhallstáit na bearta atá i gceist a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm, ní mór don Choimisiún scrúdú a dhéanamh a luaithe is féidir ar chomhoiriúnacht na mbeart ar tugadh fógra ina leith le dlí an Chomhphobail; i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil an beart ag luí le dlí an Chomhphobail, iarrfaidh sé ar an mBallstát lena mbaineann staonadh ó na bearta atá beartaithe a dhéanamh nó deireadh a chur leis na bearta atá i gceist mar ábhar práinne.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

De réir Airteagal 14 de Threoir 2000/31, dar teideal ‘Óstáil’:

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise arb é atá i gceist léi stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nach mbeidh an soláthraí freagrach as an bhfaisnéis a stóráiltear arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse ar choinníoll:

(a)

nach bhfuil eolas iarbhír ag an soláthraí ar an ngníomhaíocht aindleathach ná ar an bhfaisnéis aindleathach agus, sa mhéid a bhaineann le héileamh ar dhamáistí, nach bhfuil sé ar an eolas faoi fhíorais nó imthosca óna leanann sé go bhfuil an ghníomhaíocht nó an fhaisnéis aindleathach

(b)

go ngníomhaíonn an soláthraí, a luaithe a fhaigheann sé an t‑eolas sin, go pras chun rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint nó a dhíchumasú.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás ina bhfuil faighteoir na seirbhíse ag gníomhú faoi údarás nó faoi rialú na soláthraithe.

3.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht atá ag cúirt nó údarás riaracháin, i gcomhréir le córais dlí na mBallstát, a cheangal ar an soláthraí deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc, ná ní dhéanfaidh sé difear ach oiread don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit nósanna imeachta a bhunú lena rialófar baint nó díchumasú rochtana ar fhaisnéis den sórt sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 15 den Treoir sin, dar teideal ‘Gan oibleagáid ghinearálta faireacháin’:

‘1.   Ní bheidh ar na Ballstáit oibleagáid ghinearálta a fhorchur ar na soláthraithe, don soláthar seirbhísí dá dtagraítear in Airteagail 12, 13 agus 14, chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis arna tarchur nó arna stóráil acu, nó oibleagáid ghinearálta chun bheith ag lorg fíorais nó cúinsí a thugann gníomhaíocht aindleathach le fios go gníomhach.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin, dar teideal ‘Maoluithe ar Airteagal 3’:

‘Mar a fhoráiltear in Airteagal 3(3), ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir le:

cóipcheart, cearta gaolmhara, cearta a chumhdaítear le Treoir 87/54/CEE [ón gComhairle an 16 Nollaig 1986 maidir le cosaint dhlíthiúil topagrafaíochtaí táirgí leathsheoltóra (IO 1987 L 24, lch. 36)] agus Treoir 96/9/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO 1996 L 77, lch. 20)] chomh maith le cearta maoine tionsclaíche,

eisiúint ríomh-airgid ag institiúidí a bhfuil ceann de na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) de Threoir 2000/46/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí ríomh-airgid, agus an gnó sin a shaothrú agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air (IO 2000 L 275, lch. 39)] curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit ina leith,

Airteagal 44(2) de Threoir 85/611/CEE [ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO 1985 L 375, lch. 3)],

Airteagal 30 agus Teideal IV de Threoir 92/49/CEE [ón gComhairle an 18 Meitheamh 1992 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach seachas árachas saoil agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE agus Treoir 88/357/CEE (tríú Treoir um árachas neamhshaoil) (IO 1992 L 228, lch. 1)], Teideal IV de Threoir 92/96/CEE [ón gComhairle an 10 Samhain 1992 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach saoil agus lena leasaítear Treoir 79/267/CEE agus Treoir 90/619/CEE (tríú Treoir um árachas saoil) (IO 1992 L 360, lch. 1)], Airteagail 7 agus 8 de Threoir 88/357/CEE [ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach seachas árachas saoil, lena leagtar síos forálacha chun feidhmiú éifeachtach saoirse chun seirbhísí a sholáthar a éascú agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE (IO 1988 L 172, lch. lch. 1)] agus Airteagal 4 [den Dara Treoir] 90/619/CEE [ón gComhairle an 8 Samhain 1990 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas saoil díreach, lena leagtar síos forálacha chun feidhmiú éifeachtach saoirse chun seirbhísí a sholáthar a éascú agus lena leasaítear Treoir 79/267/CEE (IO 1990 L 330, lch. 50)],

saoirse na bpáirtithe an dlí is infheidhme maidir lena gconradh a roghnú,

oibleagáidí conarthacha a bhaineann le conarthaí tomhaltóirí,

bailíocht fhoirmiúil conarthaí lena gcruthaítear nó lena n‑aistrítear cearta in eastát réadach i gcás ina bhfuil conarthaí den sórt sin faoi réir cheanglais fhoirmiúla éigeantacha dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an t‑eastát réadach lonnaithe,

inghlacthacht cumarsáide tráchtála gan iarraidh trí ríomhphost.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 2010/13/AE

12

Luaitear an méid seo a leanas in aithris 59 de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (an Treoir maidir le ‘Seirbhísí Meán Closamhairc’) (IO 2010 L 95 lch. 1), arna leasú le Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 (IO 2018 L 303 lch. 69) (‘Treoir 2010/13 ’):

‘Is údar imní leanúnach do reachtóirí, d’earnáil na meán agus do thuismitheoirí é ábhair dhíobhálacha a bheith ar fáil i seirbhísí meán closamhairc. Beidh dúshláin nua ann freisin, go háirithe i ndáil le hardáin agus táirgí nua. Is gá, dá bhrí sin, rialacha lena gcosnaítear forbairt coirp, mheabhrach agus mhorálta mionaoiseach chomh maith le dínit an duine i ngach seirbhís meán closamhairc, lena n‑áirítear cumarsáid tráchtála closamhairc.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 1 den Treoir sin:

‘1.   Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(aa)

ciallaíonn “seirbhís ardáin comhroinnte físeán”: seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagal 56 agus in Airteagal 57 [CFAE] i gcás ina bhfuil príomhchuspóir na seirbhíse nó cuid indealaithe di nó an fheidhmiúlacht fhíor-riachtanach atá ag an seirbhís tiomanta do chláir, físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí nó an dá rud a sholáthar don phobal i gcoitinne, nach bhfuil freagracht eagarthóireachta ar sholáthraí ardáin comhroinnte físeán maidir léi, d'fhonn eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil don phobal i gcoitinne trí líonraí cumarsáide leictreonaí de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 2002/21/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir Réime) (IO 2002 L 108, lch. 33)] agus cinneann soláthraí an ardáin comhroinnte físeán eagrú na gclár sin agus na bhfíseán sin arna nginiúint ag úsáideoirí, lena n‑áirítear trí mheáin uathoibríocha nó trí algartaim, go háirithe trí bhíthin léiriú, clibeáil agus seicheamhú;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 6a(1) de Threoir 2010/13:

‘Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú nach mbeidh seirbhísí meán closamhairc a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse meán closamhairc faoina ndlínse curtha ar fáil ach amháin ar bhealach nach bhfeicfidh nó nach gcloisfidh mionaoisigh iad de ghnáth. D’fhéadfaí a áireamh i mbearta den chineál sin am craolta, uirlisí fíoraithe aoise nó bearta teicniúla eile a roghnú. Beidh siad comhréireach le díobháil féideartha an chláir.

Beidh an [t-ábhar] is díobhálaí, amhail foréigean gan ghá agus pornagrafaíocht, faoi réir na mbeart is déine.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

15

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 28b den Treoir sin:

‘1.   Gan dochar d’Airteagal 12 go hAirteagal 15 de Threoir [2000/31], áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe ardáin comhroinnte físeán atá faoina ndlínse bearta iomchuí maidir leis an méid a leanas:

(a)

mionaoisigh a chosaint ar chláir, ar fhíseáin arna nginiúint ag úsáideoirí agus ar chumarsáid tráchtála chlosamhairc a d’fhéadfadh [dochar] a dhéanamh d’fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach i gcomhréir le hAirteagal 6a(1);

[...]

3.   Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, cinnfear na bearta iomchuí, i bhfianaise chineál an [ábhair] atá i gceist, na díobhála [féideartha], na saintréithe den chatagóir daoine atá le cosaint chomh maith leis na cearta agus leasanna dlisteanacha atá i gceist, lena n‑áirítear cearta agus leasanna na soláthraithe ardáin comhroinnte físeán agus na n‑úsáideoirí a chruthaigh an [t-ábhar] nó a d’uaslódáil an [t-ábhar] chomh maith le leasa phoiblí ghinearálta.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh gach soláthraí ardáin comhroinnte físeán faoina ndlínse bearta den sórt sin i bhfeidhm. Beidh na bearta sin indéanta, comhréireach, agus méid na seirbhíse ardáin comhroinnte físeán agus an cineál seirbhíse a sholáthraítear á gcur san áireamh. Ní bheidh mar thoradh ar na bearta sin aon bhearta rialaithe ex ante ná scagadh uaslódála [ábhair], nach gcomhlíonann Airteagal 15 de Threoir [2000/31]. Chun críocha mionaoisigh a chosaint, dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, beidh an [t-ábhar] is díobhálaí faoi réir na mbeart is déine rialaithe rochtana.

Is éard a bheidh sna bearta sin, de réir mar is iomchuí:

[...]

(f)

córais fíoraithe aoise a bhunú agus a fheidhmiú d’úsáideoirí ardáin comhroinnte físeán i ndáil le [hábhar] a d'fhéadfadh [dochar] a dhéanamh d’fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir (AE) 2015/1535

16

In Airteagal 1(1)(b) de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO 2015 L 241, lch. 1), sainmhínítear ‘seirbhís’ mar ‘aon seirbhís de chuid na Sochaí Faisnéise, is é sin le rá, aon seirbhís a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair, go cianda, trí mheán leictreonach agus ar iarraidh aonair ó fhaighteoir seirbhísí’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán (AE) 2024/1083

17

Luaitear an méid seo a leanas in aithris 45 de Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) (IO L, 2024/1083):

‘Mar gheall ar chineál uile-Eorpach na n‑ardán comhroinnte físeán, ní mór d’údaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta uirlis thiomnaithe a bheith acu chun úsáideoirí seirbhísí ardáin comhroinnte físeán a chosaint ar ábhar neamhdhleathach agus díobhálach áirithe, lena n‑áirítear cumarsáid tráchtála. Go háirithe, gan dochar do phrionsabal na tíre tionscnaimh, tá gá le sásra chun é a chur ar chumas aon údarás nó comhlacht rialála náisiúnta ábhartha a iarraidh ar a chontrapháirtí gníomhaíochtaí riachtanacha agus comhréireacha a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar na hoibleagáidí ar sholáthraithe ardáin comhroinnte físeán a fhorfheidhmiú faoi Airteagal 28b(1), (2) agus (3) de Threoir 2010/13/AE. Tá sé sin ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfar pobail mheáin, agus go háirithe mionaoisigh, a chosaint go héifeachtach ar fud an Aontais [Eorpaigh] agus rochtain á fáil acu ar an ábhar ar ardáin comhroinnte físeán agus gur féidir leo brath ar an leibhéal iomchuí trédhearcachta a mhéid a bhaineann le cumarsáid tráchtála ar líne. Cuideoidh idirghabháil arna soláthar ag an mBord agus tuairimí an Bhoird lena áirithiú go mbeidh torthaí a bheidh inghlactha go frithpháirteach agus sásúil ag na húdaráis nó comhlachtaí rialála náisiúnta lena mbaineann. I gcás nach mbeidh réiteach cairdiúil mar thoradh ar úsáid an tsásra sin, ní féidir srian a chur leis an tsaoirse chun seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar ó Bhallstát eile ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir [2000/31] agus má leantar an nós imeachta a leagtar amach ann.’

18

Foráiltear le hAirteagal 15 den Rialachán sin, dar teideal ‘Iarrataí ar fhorfheidhmiú oibleagáidí ar sholáthraithe ardáin comhroinnte físeán’

‘1.   Gan dochar d’Airteagal 3 de Threoir [2000/31], féadfaidh údarás iarrthach iarraidh a bhfuil údar cuí léi a chur faoi bhráid údarás iarrtha atá inniúil maidir le hábhair na hiarrata gníomhaíochtaí riachtanacha agus comhréireacha a dhéanamh chun na hoibleagáidí arna bhforchur ar sholáthraithe ardáin comhroinnte físeán faoi Airteagal 28b(1), (2) agus (3) de Threoir [2010/13] a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

2.   Cuirfidh an t‑údarás iarrtha an t‑údarás iarrthach ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi na gníomhaíochtaí atá déanta aige nó a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh, nó faoi na cúiseanna nach ndearnadh gníomhaíochtaí, de bhun iarraidh ar fhorfheidhmiú faoi mhír 1. Bunóidh an Bord na hamlínte chun na críche sin ina rialacha nós imeachta.

3.   I gcás ina mbeidh easaontú idir an t‑údarás iarrthach agus an t‑údarás iarrtha maidir le gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá beartaithe nó mainneachtain gníomhaíochtaí a dhéanamh tar éis iarraidh ar fhorfheidhmiú faoi mhír 1, féadfaidh ceachtar údarás an t‑ábhar a tharchur chuig an mBord le haghaidh idirghabhála chun teacht ar réiteach cairdiúil.

I gcás nach dtagtar ar aon réiteach cairdiúil tar éis idirghabháil ón mBord, féadfaidh an t‑údarás iarrthach nó an t‑údarás iarrtha a iarraidh ar an mBord tuairim a eisiúint maidir leis an ábhar. I dtuairim uaidh, déanfaidh an Bord measúnú ar ar tugadh aghaidh go leordhóthanach ar an iarraidh ar fhorfheidhmiú dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina mbreithníonn an Bord nár thug an t‑údarás iarrtha aghaidh go leordhóthanach ar an iarraidh sin, molfaidh an Bord gníomhaíochtaí chun go dtabharfar aghaidh ar an iarraidh ar fhorfheidhmiú. Eiseoidh an Bord a thuairim, i gcomhairle leis an gCoimisiún, gan moill mhíchuí.

4.   Tar éis dó an tuairim dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, a fháil, cuirfidh an t‑údarás iarrtha, gan moill mhíchuí agus laistigh de na hamlínte a bhunóidh an Bord ina rialacha nós imeachta, an Bord, an Coimisiún agus an t‑údarás iarrthach ar an eolas maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh i ndáil leis an tuairim.’

Dlí na Fraince

Cás C‑188/24

– An Cód Coiriúil

19

Foráiltear le hAirteagal 227-24 den code pénal (an Cód Coiriúil):

‘Beidh déanamh, iompar, craoladh ar aon mhodh agus ar aon mheán, teachtaireachta de chineál foréigneach, a ghríosann sceimhlitheoireacht, de chineál pornagrafach, lena n‑áirítear íomhánna pornagrafacha a bhaineann le hainmhí amháin nó níos mó, nó de chineál a fhágann go ndéantar dochar tromchúiseach do dhínit an duine nó go spreagtar mionaoisigh chun dul i mbun cluichí lena gcuirtear i mbaol iad go fisiciúil nó an trádáil i dteachtaireacht den sórt sin, inphionóis le príosúnacht 3 bliana agus le fíneáil EUR 75000 i gcás ina bhféadfadh mionaoiseach an teachtaireacht sin a fheiceáil nó a aireachtáil.

I gcás ina ndéantar na cionta dá dtagraítear san Airteagal seo tríd an bpreas i scríbhinn nó tríd an bpreas closamhairc nó trí chumarsáid ar líne leis an bpobal, beidh feidhm ag forálacha sonracha na ndlíthe lena rialaítear na hábhair sin maidir leis na daoine atá freagrach a chinneadh.

Déanfar na cionta dá dtagraítear san Airteagal seo fiú má tá rochtain ag mionaoiseach ar na teachtaireachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír mar thoradh ar dhearbhú simplí ón mionaoiseach go bhfuil sé nó sí 18 mbliana d’aois ar a laghad.’

– Dlí Uimh. 2020-936

20

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 23 de loi no 2020-936, du 30 juillet 2020, visant à protéger les victimes de violences conjugales (Dlí Uimh. 2020-936 an 30 Iúil 2020 maidir le híospartaigh foréigin baile a chosaint) (JORF an 31 Iúil 2020, téacs Uimh. 2), arna leasú le loi no 2021-1382, du 25 octobre 2021, relative à la régulation et à la protection de l’accès aux œuvres culturelles à l’ère numérique (Dlí Uimh. 2021-1382 an 25 Deireadh Fómhair 2021 maidir le rochtain ar shaothair chultúrtha sa ré dhigiteach a rialáil agus a chosaint) (JORF an 26 Deireadh Fómhair 2021, téacs Uimh. 2) (‘Dlí Uimh. 2020-936’):

‘I gcás ina gcinnfear go gceadaíonn duine arb é a ghníomhaíocht seirbhís cumarsáide poiblí ar líne a fhoilsiú do mhionaoisigh rochtain a fháil ar ábhar pornagrafach de shárú ar Airteagal 227-24 den Chód Coiriúil, eiseoidh Uachtarán Autorité de régulation de la communication audiovisuelle et numérique [an tÚdarás Rialála um Chumarsáid Chlosamhairc agus Dhigiteach, an Fhrainc (ARCOM)] fógra foirmiúil don duine sin, trí aon mhodh is iomchuí chun an dáta a fuarthas é a shuí, lena gceanglófar air aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh cosc a chur ar mhionaoisigh rochtain a fháil ar an ábhar atá i gceist. Beidh 15 lá ag an duine a n‑eiseofar an t‑ordú dó chun a bharúlacha a thíolacadh.

Ar dhul in éag na tréimhse sin, i gcás neamh-fhorghníomhú an ordaithe dá bhforáiltear sa chéad mhír den Airteagal seo agus má leanann an t‑ábhar de bheith inrochtana do mhionaoisigh, féadfaidh Uachtarán [ARCOM] an t‑ábhar a tharchur chuig Uachtarán tribunal judiciaire de Paris [Cúirt Pháras, an Fhrainc] le haghaidh ordú, i gcomhréir leis an nós imeachta brostaithe maidir le tuillteanais, go gcuirfidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(I) de loi no 2004-575 du 21 juin 2004 pour la confiance dans l’économie numérique [Dlí Uimh. 2004-575 an 21 Meitheamh 2004 maidir le hiontaoibh sa gheilleagar digiteach) (JORF an 22 Meitheamh 2004, téacs Uimh. 2)] deireadh le rochtain ar an tseirbhís sin. Cuirfear an cinneadh ó Uachtarán na cúirte in iúl don ionchúisitheoir poiblí.

Féadfaidh Uachtarán [ARCOM], ar iarratas, caingean a thabhairt os comhair Uachtarán tribunal judiciaire de Paris [Cúirt Pháras] chun na gcríoch céanna i gcás ina ndéantar an tseirbhís cumarsáide poiblí ar líne inrochtana ó sheoladh eile.

Féadfaidh Uachtarán [ARCOM] a iarraidh freisin ar Uachtarán tribunal judiciaire de Paris [Cúirt Pháras] ordú a thabhairt, faoin nós imeachta brostaithe maidir le tuillteanais, d’aon bheart arb é is aidhm dó deireadh a chur le tagairt a dhéanann inneall cuardaigh nó eolaire don tseirbhís cumarsáide ar líne.

Féadfaidh Uachtarán [ARCOM] gníomhú ex officio nó ar tharchur ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí nó ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas aige in imeachtaí a thionscnamh.

Sonrófar le foraithne na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.’

– Foraithne Uimh. 2021-1306

21

Foráiltear le hAirteagal 1 de décret no 2021-1306, du 7 octobre 2021, relatif aux modalités de mise en œuvre des mesures visant à protéger les mineurs contre l’accès à des sites diffusant un contenu pornographique (Foraithne Uimh. 2021-1306 an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis na nósanna imeachta chun bearta a chur chun feidhme chun mionaoisigh a chosaint ar rochtain a fháil ar shuíomhanna gréasáin a chraolann ábhar pornagrafach) (JORF an 8 Deireadh Fómhair 2021, téacs Uimh. 25):

‘Déanfar an fógra foirmiúil a d’eisigh Uachtarán conseil supérieur de l’audiovisuel [Ardchomhairle na hEarnála Closamhairc] sa chás dá bhforáiltear sa chéad mhír d’Airteagal 23 de Dhlí [Uimh. 2020-936] a fhógairt le litir i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 2(I) den Fhoraithne seo.

Leagfar amach san fhógra foirmiúil na fíorais a sainaithníodh agus an chaoi a sáraíonn siad Airteagal 227-24 den Chód Coiriúil.

Leis an litir chéanna, iarrfaidh Uachtarán Ardchomhairle na hEarnála Closamhairc ar an duine a n‑eisiatar an t‑ordú dó a bharúlacha i scríbhinn a thíolacadh laistigh den tréimhse a leagtar síos sa chéad mhír d’Airteagal 23 den Dlí thuasluaite an 30 Iúil 2020 i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 2(II) den Fhoraithne seo.’

22

De réir Airteagal 3 den Fhoraithne sin:

‘Chun measúnú a dhéanamh, de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 23 de Dhlí [Uimh. 2020-936], an gceadaíonn an duine arb é a ghníomhaíocht seirbhís cumarsáide poiblí ar líne do mhionaoisigh rochtain a fháil ar ábhar pornagrafach de shárú ar Airteagal 227-24 den Chód Coiriúil, cuirfidh Uachtarán [ARCOM] san áireamh leibhéal iontaofachta an phróisis theicniúil a chuir an duine sin i bhfeidhm chun a áirithiú gur daoine fásta iad na húsáideoirí ar mian leo rochtain a fháil ar an tseirbhís.’

23

De réir Airteagal 5 den Fhoraithne sin:

‘I gcás gur ordaíodh go scoirfí de rochtain ar sheirbhís cumarsáide poiblí ar líne a chur ar fáil le cinneadh cúirte faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 23 de Dhlí [Uimh. 2020-936], déanfaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 6(I)(1) de Dhlí [Uimh. 2004-575] é sin trí aon mhodh iomchuí, go háirithe tríd an bPrótacal Blocála Ainmneacha Fearainn (BAF) a úsáid.

Déanfar úsáideoirí seirbhísí cumarsáide poiblí ar líne a bhfuil cosc ar rochtain orthu a threorú chuig leathanach faisnéise [de chuid ARCOM] iad ina léireofar na cúiseanna atá leis an mbeart blocála. [...]’

Cás C‑190/24

– An Cód um Thrácht ar Bhóithre

24

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal L. 130-11 den code de la route (An Cód um Thrácht ar Bhóithre):

‘I. - I gcás ina ndéantar seiceáil cois bóthair lena mbaineann idircheapadh feithiclí ar bhóthar atá ar oscailt nó nach bhfuil ar oscailt do thrácht poiblí agus ina bhfuil sé beartaithe na hoibríochtaí dá bhforáiltear in Airteagail L. 234-9 nó L. 235-2 den Chód seo nó in Airteagail 78-2-2 nó 78-2-4 den code de procédure pénale [an Cód um Nós Imeachta Coiriúil] a dhéanamh, nó a fhíorú nach bhfuil tiománaithe nó paisinéirí faoi réir imscrúduithe arna n‑ordú ag na húdaráis bhreithiúnacha i leith coireanna nó cionta is inphionóis le príosúnacht 3 bliana ar a laghad nó nach bhfuil siad iontráilte sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 230-19 den Chód seo mar gheall ar an mbagairt a bhaineann leo don ord poiblí nó don tslándáil phoiblí nó toisc go bhfuil siad faoi réir cinneadh uathoibríoch iad a chur i mbunaíocht shíciatrach nó toisc gur éalaigh siad ó bhunaíocht den sórt sin, féadfaidh an t‑údarás riaracháin toirmeasc a chur ar aon oibreoir a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh aon teachtaireacht nó léiriú arna eisiúint ag úsáideoirí na seirbhíse sin a athchraoladh tríd an tseirbhís sin, ar choinníoll gur dócha go gcuirfidh an t‑athchraoladh sin ar chumas úsáideoirí eile an tseiceáil a sheachaint.

Is éard a bheidh sa toirmeasc ar athchraoladh dá dtagraítear sa chéad mhír den mhír seo aon oibreoir a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh, le haghaidh na rianta nó na gcodanna uile de rianta arna n‑ainmniú chuige ag an údarás inniúil, na teachtaireachtaí agus na léirithe go léir a dhéanfadh sé a athchraoladh d’úsáideoirí de ghnáth i ngnáthmhodh oibríochta na seirbhíse. Ní fhéadfaidh fad an toirmisc sin a bheith níos faide ná 2 uair an chloig má bhaineann an tseiceáil cois bóthair le hoibríocht dá bhforáiltear in Airteagail L. 234-9 nó L. 235-2 den Chód seo nó 12 uair má bhaineann sé le hoibríocht eile dá dtagraítear sa chéad mhír den I seo. Ní fhéadfaidh rianta nó stráicí rianta lena mbaineann dul thar gha 10 gciliméadar timpeall an phointe seiceálacha cois bóthair i gcás ina bhfuil an pointe sin suite lasmuigh de limistéir fhoirgnithe agus thar 2 chiliméadar timpeall an phointe seiceálacha cois bóthair ina bhfuil an pointe sin suite i limistéir fhoirgnithe.

II. - Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear in I den Airteagal seo maidir le himeachtaí nó imthosca dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 886/2013 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí agus nósanna imeachta chun faisnéis íosta uilíoch tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a sholáthar, a mhéid is féidir, saor in aisce d’úsáideoirí [(IO 2013 L 247, lch. 6)].

III. - Sainítear na rialacha maidir leis na rianta nó na codanna de rianta a chumhdaítear leis an toirmeasc dá dtagraítear in I a chinneadh, na rialacha maidir le cumarsáid a dhéanamh le hoibreoirí a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh chun an toirmeasc sin a chur chun feidhme agus na bearta atá beartaithe chun rúndacht na faisnéise a tharchuirtear chuig na hoibreoirí sin a áirithiú le foraithne ón Conseil d’État (an Chomhairle Stáit).’

25

Leagtar síos in Airteagal L. 130-12 den Chód um Thrácht ar Bhóithre na pionóis is infheidhme i gcás sárú ar an toirmeasc ar chraoladh dá dtagraítear in Airteagal L. 130-11 den Chód sin.

– Foraithne Uimh. 2021-468

26

Le décret no 2021-468, du 19 avril 2021, portant application de l’article L. 130-11 du code de la route (Foraithne Uimh. 2021-468 an 19 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal L. 130-11 den Chód um Thrácht ar Bhóithre) (JORF an 20 Aibreán 2021, téacs Uimh. 48) leagtar síos rialacha an tsásra dá bhforáiltear san Airteagal sin, go háirithe na rialacha maidir leis na rianta nó na codanna de rianta a chumhdaítear leis an toirmeasc a chinneadh, na rialacha maidir le cumarsáid a dhéanamh le hoibreoirí a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh chun an toirmeasc sin a chur chun feidhme agus na bearta atá beartaithe chun rúndacht na faisnéise a tharchuirtear chuig na hoibreoirí sin a áirithiú.

27

De réir Airteagal R. 130-12 den Chód um Thrácht ar Bhóithre, a cuireadh isteach le hAirteagal 1 den Fhoraithne sin:

‘I. -

[...] Sonrófar sa chinneadh lena dtoirmisctear athchraoladh na rianta nó na codanna de rianta lena mbaineann agus saineofar ann dáta agus tráthanna tosaithe agus foirceanta an toirmisc sin.

II. -

Déanfar faisnéis a bhaineann leis an toirmeasc ar athchraoladh, seachas aon fhaisnéis a bhaineann leis na cúiseanna leis an tseiceáil cois bóthair lena mbaineann, a chur in iúl d’oibreoirí a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh [...]’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

Cás C‑188/24

28

Is cuideachtaí iad WebGroup Czech Republic agus NKL Associates a bhfuil a n‑oifig chláraithe suite i bPrág (Poblacht na Seice) agus a oibríonn suíomhanna gréasáin de chineál pornagrafach.

29

Bhí na cuideachtaí sin ina n‑ábhar d’fhógra foirmiúil ó Uachtarán ARCOM, de bhun Fhoraithne Uimh. 2021/1306 lena gcuirtear chun feidhme Dlí Uimh. 2020-936 agus Airteagal 227-24 den Chód Coiriúil, lena dtoirmeasctar ar aon duine teachtaireacht de chineál pornagrafach a d’fhéadfadh mionaoiseach a fheiceáil a chraoladh, agus, de réir na míre deireanaí d’Airteagal 227-24, déanfar an cion sin fiú má tá rochtain ag mionaoiseach ar na teachtaireachtaí atá i gceist mar thoradh ar dhearbhú simplí ón mionaoiseach sin go bhfuil sé nó sí 18 mbliana d’aois ar a laghad.

30

Rinne na cuideachtaí sin agóid i gcoinne na bhfógraí foirmiúla a seoladh chucu os comhair tribunal judiciaire de Paris (Cúirt Pháras, an Fhrainc) agus ag an am céanna thug siad, ag an gcéad chéim agus ag an gcéim dheireanach, caingne os comhair an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, chun an fhoraithne sin a chur ar neamhní, inter alia, mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais.

31

Chuige sin, d’ardaigh na cuideachtaí sin, inter alia, an mhainneachtain fógra a thabhairt faoi Dhlí Uimh. 2020-936 agus faoi Fhoraithne Uimh. 2021-1306 don Choimisiún agus do Phoblacht na Seice, de shárú ar Airteagal 3 de Threoir 2000/31, agus sárú ar chuspóirí na Treorach sin a mhéid a fhorchuirtear leis an dlí sin agus leis an bhforaithne sin bearta de chineál ginearálta agus teibí – eadhon sásraí teicniúla a bhunú chun rochtain mionaoiseach ar ábhar pornagrafach a bhlocáil – a bhaineann le catagóir ar leith de sheirbhísí na sochaí faisnéise ar a dtugtar tuairisc i dtéarmaí ginearálta agus a bhfuil feidhm acu gan idirdhealú maidir le haon soláthraí den chatagóir sin.

32

Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go bhfuil na ceisteanna a ardaíodh i gCás C‑188/24 cinntitheach chun an díospóid atá os a comhair a réiteach agus go mbaineann deacracht thromchúiseach leo. Go háirithe, fiafraíonn sí an dtagann forálacha coiriúla atá beartaithe chun cosaint mionaoiseach a áirithiú agus bearta lena gceanglaítear sásraí teicniúla a bhunú chun rochtain mionaoiseach ar ábhar pornagrafach a bhlocáil faoin ‘réimse comhordaithe’ agus an ionann iad agus ‘ceanglas’ a bhaineann le gníomhaíocht seirbhíse sochaí faisnéise a shaothrú, de réir bhrí Threoir 2000/31. Más freagra dearfach a thabharfar uirthi, fiafraíonn sí conas ba cheart na ceanglais a eascraíonn as an Treoir sin a réiteach leis na ceanglais a eascraíonn as cosaint dhínit an duine agus leas an linbh, mar a chumhdaítear go háirithe in Airteagail 1 agus 24 den Chairt.

33

Sna himthosca sin, chinn an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

Ar an gcéad dul síos, an gá a mheas go bhfuil forálacha a bhaineann leis an dlí coiriúil, go háirithe forálacha ginearálta agus teibí a sonrófar iontu gníomhartha áirithe mar ghníomhartha lena gcomhdhéantar chionta coiriúla is féidir a ionchúiseamh, ag teacht faoin “réimse comhordaithe” le Treoir [2000/31], nuair is féidir leo a bheith infheidhme maidir le hiompar soláthraí seirbhíse na sochaí faisnéise agus le hiompar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile, nó ar cheart a mheas, ós rud é gurb é an t‑aon chuspóir atá ag an treoir [sin] ná gnéithe dlíthiúla áirithe de na seirbhísí sin a chomhchuibhiú gan réimse an dlí choiriúil féin a chomhchuibhiú agus nach leagtar amach inti ach na ceanglais is infheidhme maidir le seirbhísí, nach féidir forálacha coiriúla den sórt sin a mheas mar cheanglais is infheidhme maidir le rochtain agus feidhmiú ghníomhaíocht seirbhíse na sochaí faisnéise agus a thagann faoi “réimse comhordaithe” leis an Treoir sin? Go háirithe, an dtagann forálacha pionósacha atá ceaptha chun cosaint mionaoiseach a áirithiú faoi raon feidhme an “réimse chomhordaithe” sin?

(2)

Ar cheart an oibleagáid atá ar fhoilsitheoirí seirbhísí cumarsáide ar líne feistí a chur i bhfeidhm atá ceaptha chun cosc a chur ar mhionaoisigh rochtain a fháil ar ábhar pornagrafach a [chraolann] siad a mheas mar oibleagáid a thagann faoi réim “réimse comhordaithe” le Treoir [2000/31], nach ndéanann ach gnéithe dlíthiúla áirithe de na seirbhísí lena mbaineann a chomhchuibhiú, ach, má bhaineann an oibleagáid sin le feidhmiú gníomhaíochta seirbhíse na sochaí faisnéise, a mhéid a bhaineann sí le hiompar an tsoláthraí seirbhíse, le cáilíocht nó le hábhar na seirbhíse, ní bhaineann sí, áfach, le bunú soláthraithe seirbhíse, ná le cumarsáidí tráchtála, ná le conarthaí trí mheán leictreonach, ná le dliteanas idirghabhálaithe, ná le cóid iompair, ná le réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, ná le leigheasanna breithiúnacha agus le comhar idir na Ballstáit, agus dá bhrí sin ní mbaineann sí le haon cheann [...] de na hábhair a rialaítear leis na forálacha um chomhchuibhiú de Chaibidil II?

(3)

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist roimhe seo, conas ba cheart an comhréiteach a dhéanamh idir na ceanglais a eascraíonn as Treoir [2000/31] agus na cinn a eascraíonn as cearta bunúsacha a chosaint san Aontas Eorpach, go háirithe ó chosaint dhínit an duine agus leas an linbh, a ráthaítear le hAirteagail 1 agus 24 [den Chairt] agus le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint [arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950], nuair is cosúil nach n‑áiritheofar cosaint éifeachtach na gceart sin trí bhearta aonair a ghlacadh maidir le seirbhís áirithe? An bhfuil prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais Eorpaigh lena n‑údarófaí do na Ballstáit, go háirithe i gcás éigeandála, na bearta a ghlacadh, fiú amháin nuair is bearta ginearálta agus teibí iad, maidir le catagóir de sholáthraithe seirbhísí a theastaíonn chun mionaoisigh a chosaint ar ionsaithe ar a ndínit agus sláine, trí mhaolú a dhéanamh nuair is gá, i leith soláthraithe seirbhísí arna rialú ag Treoir [2000/31], ar phrionsabal a rialacháin óna Stát tionscnaimh atá leagtha síos sa Treoir sin?’

Cás C‑190/24

34

Soláthraíonn Coyote System, cuideachta atá bunaithe sa Fhrainc, seirbhís a aicmítear mar ‘s[h]eirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh’ de réir bhrí Airteagal L. 130-11 den Chód um Thrácht ar Bhóithre.

35

Foráiltear le hAirteagal L. 130-11, chun críocha an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí, do shásra a bhunú lena gcuirfear ar chumas an údaráis riaracháin inniúil toirmeasc a chur ar oibreoirí an chineáil seirbhíse sin teachtaireachtaí a n‑úsáideoirí a athchraoladh, ar feadh tréimhse theoranta agus laistigh de limistéar geografach teoranta, ar teachtaireachtaí iad lena bhféadfaí suíomh na seiceálacha ar úsáid alcóil agus drugaí agus oibríochtaí áirithe póilíneachta breithiúnaí a nochtadh, mar shampla i gcoinne daoine a bhfuiltear sa tóir orthu le haghaidh coireanna tromchúiseacha nó cionta tromchúiseacha (lena n‑áirítear gníomhartha sceimhlitheoireachta) nó toisc gur éalaigh siad ó bhunaíocht shíciatrach. Bunaíodh an sásra sin le Foraithne Uimh. 2021-468 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal L. 130-11.

36

D’iarr Coyote System ar an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, an fhoraithne sin a chur ar neamhní, inter alia, mar gheall ar shárú ar Threoir 2000/31, agus d’ardaigh sé an gearán céanna trí phléadáil neamhdhleathachta a dhéanamh i gcoinne Airteagal L. 130-11 den Chód um Thrácht ar Bhóithre.

37

Mar thaca lena caingean, áitíonn an chuideachta sin, ar an gcéad dul síos, go sáraítear cuspóirí Threoir 2000/31 leis an toirmeasc ar athchraoladh a leagtar síos le hAirteagal L. 130-11 den Chód um Thrácht ar Bhóithre agus a bunaíodh le Foraithne Uimh. 2021-468. Ar an dara dul síos, sáraíonn an toirmeasc ar athchraoladh sin Airteagal 15 den Treoir sin sa mhéid is go bhforchuirtear leis oibleagáid ghinearálta ar oibreoirí a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis arna tarchur acu.

38

Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go bhfuil na ceisteanna a ardaíodh i gCás C‑190/24 cinntitheach chun an díospóid atá os a comhair a réiteach agus go mbaineann deacracht thromchúiseach leo. I ndáil leis sin, fiafraíonn sí an dtagann toirmeasc ar athchraoladh den sórt sin faoin ‘réimse comhordaithe’ agus an ionann é agus ‘ceanglas’ a bhaineann le gníomhaíocht seirbhíse sochaí faisnéise a shaothrú, de réir bhrí Threoir 2000/31, agus an oibleagáid faireacháin ghinearálta é, a thoirmisctear le hAirteagal 15 den Treoir sin.

39

Sna himthosca sin, chinn an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

An gá an toirmeasc ar oibreoirí a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh ó athchraoladh trí bhíthin na seirbhíse sin aon teachtaireacht nó tásc arna sheoladh ag úsáideoirí agus a d’fhéadfadh a chur ar chumas úsáideoirí eile seiceálacha cois bóthair áirithe a sheachaint a mheas mar chuid den “réimse comhardaithe” dá bhforáiltear le Treoir [2000/31], ar toirmeasc é, cé go mbaineann sé le feidhmiú ghníomhaíocht seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise, sa mhéid go mbaineann sé le hiompar an tsoláthraí seirbhíse, le cáilíocht nó le hábhar na seirbhíse, nach mbaineann, áfach, le bunú soláthraithe seirbhíse, ná le cumarsáidí tráchtála, ná le conarthaí trí mheán leictreonach, ná le dliteanas idirghabhálaithe, ná le cóid iompair, ná le réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, ná le leigheasanna breithiúnacha agus le comhar idir na Ballstáit, agus dá bhrí sin nach mbaineann le haon cheann de na hábhair a rialaítear leis na forálacha um chomhchuibhiú de Chaibidil II?

(2)

An dtagann toirmeasc ar athchraoladh a bhfuil sé d’aidhm aige go háirithe cosc a chur ar dhaoine iarrtha do choireanna nó cionta, nó ar bagairt iad don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí, ó seiceálacha cois bóthair a sheachaint faoi raon feidhme a bhaineann le feidhmiú ghníomhaíocht seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise nach bhféadfadh Ballstát a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse ó Bhallstát eile cé go sonraítear in aithris 26 [de Threoir 2000/31] nach mbaintear léi an ceart ag Ballstáit a rialacha náisiúnta um dhlí coiriúil agus nós imeachta coiriúil a chur i bhfeidhm chun gach beart imscrúdaithe agus na cinn eile is gá a dhéanamh chun cionta in ábhair choiriúla a bhrath agus a ionchúiseamh?

(3)

An bhfuil Airteagal 15 de Threoir [2000/31], lena dtoirmisctear oibleagáid ghinearálta a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse in ábhair mhonatóireachta, seachas na hoibleagáidí is infheidhme i gcás sonrach, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar chur i bhfeidhm forála nach bhforáiltear léi ach go bhféadfar a cheangal ar oibreoirí a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh gan catagóirí áirithe teachtaireachtaí nó tásc a athchraoladh ó am go chéile, mar chuid den tseirbhís sin, gan an t‑oibreoir a bheith ar an eolas faoina bhfuil iontu?’

An nós imeachta os comhair na Cúirte

40

Le cinneadh an 11 Feabhra 2025, rinne an Chúirt Cásanna C‑188/24 agus C‑190/24 a uamadh chun críocha na gcodanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus den bhreithiúnas.

Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist go dtí an tríú ceist i gCás C‑188/24 agus an chéad cheist agus an dara ceist i gCás C‑190/24

41

Mar is léir ó na hiarrataí ar réamhrialú, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an dtagann na rialacha ar iarradh a neamhniú os a comhair faoin ‘réimse comhordaithe’ agus an ionann iad agus ‘ceanglais’ a bhaineann le gabháil do ghníomhaíocht seirbhíse sochaí faisnéise nó a bhaineann le hiad a shaothrú, de réir bhrí Threoir 2000/31.

42

Dá bhrí sin, ní mór a mheas, lena céad cheist go dtí a tríú ceist i gCás C‑188/24 agus lena céad cheist agus lena dara ceist i gCás C‑190/24, ar cheart iad a scrúdú le chéile, go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcuirtear cosc le Treoir 2000/31 ar Bhallstát oibleagáid ghinearálta agus theibí a fhorchur ar sholáthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise atá bunaithe i mBallstáit eile faoin dlí coiriúil chun rochtain mionaoiseach ar ábhar pornagrafach a chosc (Cás C‑188/24), agus toirmeasc a chur ar sholáthraithe den sórt sin faisnéis a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair a athchraoladh (Cás C‑190/24). Sa chomhthéacs sin, féachann an chúirt sin freisin, lena tríú ceist i gCás C‑188/24, le mínithe a thabhairt ar conas comhréiteach a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, idir na ceanglais a eascraíonn as an Treoir sin agus na cinn a eascraíonn as cosaint dhínit an duine agus leas an linbh, mar a chumhdaítear in Airteagail 1 agus 24 den Chairt.

43

I gcomhréir le hAirteagal 1(1) agus (2) de Threoir 2000/31, arna léamh i bhfianaise aithris 8 di, is é is cuspóir don Treoir sin rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí chreat dlíthiúil a chruthú lena n‑áirithítear saorghluaiseacht sheirbhísí na sochaí faisnéise idir na Ballstáit trí fhorálacha náisiúnta áirithe is infheidhme maidir leis na seirbhísí sin a chomhfhogasú, a mhéid is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach (breithiúnas an 21 Aibreán 2026, an Coimisiún v an Ungáir (Luachanna an Aontais), C‑769/22, EU:C:2026:326, mír 257).

44

In Airteagal 2(a) den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(1)(b) de Threoir 2015/1535, sainmhínítear ‘seirbhísí na sochaí faisnéise’ mar ‘aon seirbhís a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair, go cianda, trí mheán leictreonach agus ar iarraidh aonair ó fhaighteoir seirbhísí’, ar an tuiscint, mar is léir ó aithris 18 de Threoir 2000/31, go gcuimsíonn na seirbhísí sin raon leathan gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéantar ar líne (breithiúnas an 21 Aibreán 2026, an Coimisiún v an Ungáir (Luachanna an Aontais), C‑769/22, EU:C:2026:326, mír 258).

45

Óna thaobh féin de, is foráil lárnach é Airteagal 3 de Threoir 2000/31 sa scéim agus sa chóras a bhunaítear leis an Treoir sin, a mhéid a chumhdaítear prionsabal na maoirseachta sa Bhallstát tionscnaimh leis, dá dtagraítear freisin in aithris 22 den Treoir sin, ina luaitear ‘[gur] cheart maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí na sochaí faisnéise ag foinse na gníomhaíochta’ (breithiúnas an 21 Aibreán 2026, an Coimisiún v an Ungáir (Luachanna an Aontais), C‑769/22, EU:C:2026:326, mír 259 agus an cásdlí dá dtagraítear).

46

De réir Airteagal 3(1) den Treoir sin, áiritheoidh gach Ballstát go gcomhlíonfaidh seirbhísí na sochaí faisnéise – arna soláthar ag soláthraí seirbhíse atá bunaithe ar a chríoch – na forálacha náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát sin a thagann faoin réimse comhordaithe, lena gcumhdaítear, mar a fhoráiltear in Airteagal 2(h) den Treoir sin, na ceanglais a leagtar síos i gcórais dlí na mBallstát agus is infheidhme maidir le soláthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise nó seirbhísí na sochaí faisnéise, cibé acu de chineál ginearálta nó ceaptha go sonrach dóibh (breithiúnas an 21 Aibreán 2026, an Coimisiún v an Ungáir (Luachanna an Aontais), C‑769/22, EU:C:2026:326, mír 260).

47

I gcomhréir le hAirteagal 2(h)(i) de Threoir 2000/31, baineann an ‘réimse comhordaithe’ le ceanglais nach mór don soláthraí seirbhíse a chomhlíonadh maidir le gabháil do ghníomhaíocht seirbhíse sochaí faisnéise, amhail ceanglais a bhaineann le cáilíochtaí, le húdarú nó le fógra a thabhairt, agus ceanglais a bhaineann le gníomhaíocht seirbhíse den sórt sin a shaothrú, amhail ceanglais a bhaineann le hiompar an tsoláthraí seirbhíse, ceanglais maidir le caighdeán nó ábhar na seirbhíse, nó ceanglais maidir le dliteanas an tsoláthraí seirbhíse.

48

Foráiltear le hAirteagal 3(2) den Treoir sin, mar sin féin, nach bhféadfaidh Ballstáit, ar chúiseanna a thagann faoin réimse comhordaithe, srian a chur ar an tsaoirse chun seirbhísí na sochaí faisnéise ó Bhallstát eile a sholáthar (breithiúnas an 21 Aibreán 2026, an Coimisiún v an Ungáir (Luachanna an Aontais), C‑769/22, EU:C:2026:326, mír 262).

49

Dá bhrí sin, tá an Treoir sin bunaithe ar chur i bhfeidhm phrionsabal na maoirseachta sa Bhallstát tionscnaimh agus phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, agus mar thoradh air sin, laistigh den réimse comhordaithe a shainítear in Airteagal 2(h) den Treoir sin, ní rialaítear seirbhísí na sochaí faisnéise ach amháin sa Bhallstát a bhfuil soláthraithe na seirbhísí sin bunaithe ar a chríoch (breithiúnas an 21 Aibreán 2026, an Coimisiún v an Ungáir (Luachanna an Aontais), C‑769/22, EU:C:2026:326, mír 263 agus an cásdlí dá dtagraítear).

50

Sa chás seo, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar cheart a mheas go bhfuil na rialacha a n‑iarrtar a neamhniú os a comhair agus atá infheidhme maidir le seirbhísí a d’fhéadfaí a aicmiú mar sheirbhísí na sochaí faisnéise, de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 2000/31, eisiata ón tús ón réimse comhordaithe a shainítear in Airteagal 2(h) den Treoir sin, ar an bhforas, ar an gcéad dul síos, nach mbaineann siad le haon cheann de na ceanglais nó de na hábhair a rialaítear le forálacha comhchuibhithe Chaibidlí II agus III den Treoir sin agus, ar an dara dul síos, go dtagann siad ó oibleagáid ghinearálta agus theibí a eascraíonn as an dlí coiriúil (Cás C‑188/24) nó go saothraíonn siad cuspóirí an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí (Cás C‑190/24).

51

Is gá, dá bhrí sin, a fháil amach, i bhfianaise fhoclaíocht Airteagal 2(h) de Threoir 2000/31, a comhthéacs agus cuspóirí na Treorach sin, an bhfuil an réimse comhordaithe, de réir bhrí na forála sin, teoranta ar an dá bhealach sin, rud a d’fhágfadh nach dtagann an reachtaíocht atá i gceist sna díospóidí sna príomhimeachtaí faoin sásra a leagtar síos in Airteagal 3 den Treoir sin.

Raon feidhme an réimse chomhordaithe de réir bhrí Airteagal 2(h) de Threoir 2000/31

52

Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gceist an bhfuil an réimse comhordaithe teoranta do na ceanglais agus na hábhair a rialaítear leis na forálacha comhchuibhithe atá i gCaibidlí II agus III de Threoir 2000/31, ní mór a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, gur léir ó fhoclaíocht Airteagal 2(h)(i) agus (ii) den Treoir sin go gcumhdaítear leis an réimse comhordaithe, dá dtagraítear san fhoráil sin, na ceanglais go léir arna leagan síos i ndlíchórais na mBallstát a bhaineann le gabháil do ghníomhaíocht seirbhíse sochaí faisnéise nó a bhaineann le hiad a shaothrú, cé is moite de cheanglais amhail na ceanglais sin is infheidhme maidir le hearraí, seachadadh earraí agus seirbhísí nach soláthraítear go leictreonach. Go háirithe, ní chuireann an sainmhíniú sin an réimse comhordaithe faoi réir an choinníll nach gcumhdaítear ach ábhair a chomhchuibhítear leis an Treoir sin.

53

Sa dara háit, maidir le comhthéacs na forála sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 3(3) de Threoir 2000/31, arna léamh i gcomhar leis an iarscríbhinn a ghabhann léi, nach bhfuil feidhm ag an sásra dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 3, go bunúsach, maidir le dlí na maoine intleachtúla, eisiúint ríomh-airgid, gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe, árachas, gnéithe áirithe de chonarthaí agus inghlacthacht cumarsáide tráchtála gan iarraidh trí ríomhphost. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 62 dá Thuairim, ní bheadh sé riachtanach gnéithe den sórt sin a eisiamh ón sásra sin dá mbeadh an réimse comhordaithe teoranta do na ceanglais agus do na hábhair a rialaítear le Caibidlí II agus III den Treoir sin.

54

Sa tríú háit, maidir le cuspóir Threoir 2000/31, ba cheart a mheabhrú gur léir ó Airteagal 1(1) agus (2) den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le haithris 8 den Treoir sin, go bhféachtar leis an Treoir sin le rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Cruthaítear leis creat dlíthiúil lena n‑áirithítear saorghluaiseacht sheirbhísí na sochaí faisnéise idir na Ballstáit agus arb é atá ann, go háirithe, cur i bhfeidhm an tsásra dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) den Treoir sin, faoina rialaítear, laistigh den réimse comhordaithe, seirbhísí na sochaí faisnéise sa Bhallstát ina bhfuil soláthraithe na seirbhísí sin bunaithe agus sa Bhallstát sin amháin. Leagtar síos leis an Treoir sin, go háirithe i gCaibidlí II agus III di, forálacha lena gcomhfhogasaítear, a mhéid is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach, forálacha náisiúnta áirithe is infheidhme maidir leis na seirbhísí sin.

55

Dá bhrí sin, is dhá modh iad Airteagal 2(h) agus Airteagal 3 de Threoir 2000/31, ar thaobh amháin, agus forálacha Chaibidlí II agus III di, ar an taobh eile, atá éagsúil, cé go bhfuil siad comhlántach lena gcuspóir. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 56 dá Thuairim, tá na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 3 den Treoir sin ábhartha go príomha i gcás forálacha náisiúnta nach bhforáiltear comhchuibhiú dóibh leis an Treoir sin. Sna himthosca sin, dá ndéanfaí aon cheanglas nó ábhar nach gcumhdaítear le Caibidlí II agus III den Treoir sin a eisiamh ón réimse comhordaithe, dhéanfaí dochar dá cuspóir, trí éifeacht a bhaint de, maidir le ceanglais agus ábhair seachas iad siúd a chumhdaítear leis na caibidlí sin, de bhunphrionsabail na maoirseachta sa Bhallstát tionscnaimh agus an aitheantais fhrithpháirtigh, a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus (2) den Treoir sin.

56

Leanann sé nach bhfuil an réimse comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(h) de Threoir 2000/31 teoranta do na ceanglais agus na hábhair a rialaítear leis na forálacha comhchuibhithe atá i gCaibidlí II agus III den Treoir sin.

57

Ar an dara dul síos, maidir leis an gceist an bhfuil feidhm ag an réimse comhordaithe freisin maidir le rialacha ginearálta agus teibí dhlí coiriúil na mBallstát agus maidir le rialacha náisiúnta lena saothraítear cuspóirí an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí, ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, gur léir ó fhoclaíocht Airteagal 2(h) de Threoir 2000/31, nach féidir le cineál ginearálta agus teibí na reachtaíochta an reachtaíocht sin a eisiamh ón réimse comhordaithe.

58

Leanann sé go bhfuil rialacha a thagann faoi raon feidhme an dlí choiriúil nó a shaothraíonn na cuspóirí thuasluaite mar chuid den réimse comhordaithe, i bprionsabal, a mhéid a leagtar síos leo ceanglais a bhaineann le gabháil do ghníomhaíocht seirbhíse sochaí faisnéise nó a bhaineann le hiad a shaothrú, nach bhfuil eisiata faoi Airteagal 2(h)(ii) den Treoir sin. I ndáil leis sin, ní mór a mheas gur léir nach dtagann an reachtaíocht atá i gceist sna díospóidí sna príomhimeachtaí faoi na ceanglais a eisiatar ón réimse comhordaithe faoin bhforáil sin, amhail na ceanglais sin is infheidhme maidir le hearraí iontu féin, lena seachadadh nó le seirbhísí nach soláthraítear go leictreonach.

59

Sa dara háit, maidir le comhthéacs Airteagal 2(h) de Threoir 2000/31, ní mór a thabhairt faoi deara nach n‑eisiatar go sonrach ó raon feidhme na Treorach sin le hAirteagal 1(5) di ach rialacha arna nglacadh i réimsí an chánachais, na cosanta sonraí, na gcairtéal, na nótairí, na hionadaíochta dlíthiúla agus an chearrbhachais. Dá bhrí sin, a mhéid nach mbaineann siad leis na réimsí a eisiatar leis an bhforáil sin, d’fhéadfadh reachtaíocht a thagann faoi raon feidhme an dlí choiriúil nó lena saothraítear cuspóirí an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí teacht faoi raon feidhme na Treorach sin agus, dá bhrí sin, faoin réimse comhordaithe, de réir bhrí Airteagal 2(h).

60

Tá comhthuiscint ann nach mbaineann an reachtaíocht atá i gceist sna díospóidí sna príomhimeachtaí leis na réimsí a eisiatar le hAirteagal 1(5) de Threoir 2000/31.

61

Ní thagann na rialacha sin faoi na maoluithe dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2000/31 agus dá dtagraítear i mír 53 den bhreithiúnas seo, a bhaineann leis na cásanna nach bhfuil feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal sin ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 3(3) den Treoir sin. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 62 dá Thuairim, tá eisiamh sainráite, leis an Iarscríbhinn sin, ar réimsí áirithe nach gcomhchuibhítear leis an Treoir sin ón sásra dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 uileghabhálach, rud a chiallaíonn go dtagann na réimsí neamh-chomhchuibhithe eile, amhail an dlí coiriúil, agus coimirciú an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí, faoin réimse comhordaithe agus faoin sásra sin.

62

Thairis sin, maidir le reachtaíocht náisiúnta lena saothraítear cuspóirí an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí, tacaítear leis an léiriú sin leis an bhforáil in Airteagal 3(4) de Threoir 2000/31, ar dá réir a fhéadfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe, bearta a ghlacadh de mhaolú ar mhír 2 d’Airteagal 3 sin a mhéid atá gá leis na bearta sin ar chúiseanna, inter alia, an bheartais phoiblí agus na slándála poiblí, lena n‑áirítear cosaint na slándála náisiúnta. Dá bhrí sin, foráiltear leis an bhforáil sin féin go bhféadfaidh na Ballstáit, seachas an Ballstát a bhfuil soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise bunaithe ar a chríoch, bearta a dhéanamh a thagann faoin réimse comhordaithe má tá gá leo ar cheann de na cúiseanna sin.

63

Maidir le rialacha an dlí choiriúil, luaitear in aithris 8 de Threoir 2000/31 gurb é cuspóir na Treorach sin saorghluaiseacht sheirbhísí na sochaí faisnéise a áirithiú gan réimse an dlí choiriúil ‘ann féin’ a chomhchuibhiú. Leis an Treoir sin, ní chuirtear na ceanglais in ábhair choiriúla a leagtar síos le córais dlí na mBallstát agus is infheidhme maidir le soláthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise nó na seirbhísí sin faoi réir aon chomhchuibhiú. Luaitear in aithris 26 den Treoir sin gur i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos inti a fhéadfaidh na Ballstáit a rialacha náisiúnta maidir leis an dlí coiriúil agus an nós imeachta coiriúil a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, tacaíonn an t‑idirdhealú a dhéantar leis an Treoir sin idir, ar thaobh amháin, comhfhogasú forálacha náisiúnta áirithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Treoir sin agus, ar an taobh eile, an réimse comhordaithe a shainítear in Airteagal 2(h) di, leis an gconclúid, gan bheith faoi réir comhchuibhiú, áfach, go bhféadfadh forálacha den dlí coiriúil teacht faoin réimse comhordaithe sin.

64

Sa tríú háit, dá n‑eisiafaí go ginearálta ón réimse comhordaithe aon reachtaíocht a thagann faoi raon feidhme an dlí choiriúil agus/nó a shaothraíonn cuspóirí an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí, in éagmais aon léiriú sainráite ó reachtas an Aontais seachas na cinn dá dtagraítear i míreanna 58 go 61 den bhreithiúnas seo, dhéanfaí dochar don chuspóir maidir le saorghluaiseacht sheirbhísí na sochaí faisnéise a áirithiú.

65

Sna himthosca sin, cumhdaítear le Treoir 2000/31 forálacha lena leagtar síos ceanglais a bhaineann le gabháil do ghníomhaíocht seirbhíse sochaí faisnéise nó a bhaineann le hiad a shaothrú, gan beann ar a gcineál nó ar an réimse lena mbaineann siad faoin dlí náisiúnta, cé is moite de cheanglais nó réimsí atá eisiata go sainráite, de bhun Airteagal 1(5), Airteagal 2(h)(ii) nó Airteagal 3(3) den Treoir sin, ó raon feidhme na Treorach sin, ón réimse comhordaithe nó ón sásra dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 3. Dá bhrí sin, rialacha náisiúnta a thagann faoi raon feidhme an dlí choiriúil agus/nó a shaothraíonn cuspóirí an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí, ní eisiatar iad, dá réir sin, ó raon feidhme an réimse chomhordaithe.

66

Dá bhrí sin, leanann sé ó mhíreanna 57 go 65 den bhreithiúnas seo go dtagann an reachtaíocht atá i gceist sna díospóidí sna príomhimeachtaí faoin réimse comhordaithe ar choinníoll go bhfuil ceanglais den sórt sin inti a bhaineann le gabháil do ghníomhaíocht seirbhísí sochaí faisnéise nó a bhaineann le hiad a shaothrú, de réir bhrí Airteagal 2(h)(i) de Threoir 2000/31.

Ceanglas a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(h)(i) de Threoir 2000/31

67

Ba cheart a mheabhrú, maidir le Cás C‑188/24, gur chinn an Chúirt cheana féin gurb ionann beart náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraí seirbhíse sochaí faisnéise rochtain a fháil ar a sheirbhís a dhéanamh coinníollach, trí bhíthin oibleagáid faisnéise, agus ceanglas a bhaineann le gníomhaíocht a shaothrú, de réir bhrí Airteagal 2(h)(i) de Threoir 2000/31 (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2020, A (Fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte agus iad a dhíol ar líne), C‑649/18, EU:C:2020:764, mír 88).

68

Tá sásra chun aois úsáideoirí seirbhíse sochaí faisnéise a fhíorú lena gceadaítear rochtain a fháil ar ábhar pornagrafach beartaithe chun go mbeidh rochtain ag na húsáideoirí sin ar an tseirbhís sin coinníollach.

69

Maidir le Cás C‑190/24, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil teorannú ar fheidhmiúlachtaí coiteanna seirbhíse den sórt sin i gceist leis an toirmeasc ar oibreoirí a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh faisnéis arna tarchur ag a n‑úsáideoirí a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair a athchraoladh, arb é is cuspóir dó faisnéis bhóthair a chur in iúl dá húsáideoirí. Dá bhrí sin, is ionann toirmeasc den sórt sin agus ceanglas a bhaineann le hábhar na seirbhíse sin.

70

Leanann sé go bhfuil ceanglais sa reachtaíocht atá i gceist sna díospóidí sna príomhimeachtaí maidir le feidhmiú na gníomhaíochta chun seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar, de réir bhrí an dara fleasc d’Airteagal 2(h)(i) de Threoir 2000/31. Dá bhrí sin, tagann an reachtaíocht sin faoin réimse comhordaithe agus, dá bhrí sin, faoin sásra dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) den Treoir sin.

An sásra dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2000/31

71

Mar a cuireadh in iúl i míreanna 45 go 49, 54 agus 55 den bhreithiúnas seo, faoin sásra sin – atá bunaithe ar bhunphrionsabail na maoirseachta sa Bhallstát tionscnaimh agus an aitheantais fhrithpháirtigh, a chumhdaítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2000/31 – sa réimse comhordaithe, ní rialaítear seirbhísí na sochaí faisnéise ach amháin sa Bhallstát a bhfuil soláthraithe na seirbhísí sin bunaithe ar a chríoch.

72

Go háirithe, foráiltear in Airteagal 3(2) nach bhféadfaidh Ballstáit, ar chúiseanna a thagann faoin réimse comhordaithe, srian a chur ar an tsaoirse chun seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar ó Bhallstát eile.

73

Sna himthosca sin, is gá a fháil amach an gcuireann an reachtaíocht atá i gceist sna díospóidí sna príomhimeachtaí srian ar shaorghluaiseacht na seirbhísí sin.

74

I ndáil leis sin, is léir ón gcomhad atá os comhair na Cúirte go gceanglaítear leis an reachtaíocht atá i gceist i gCás C‑188/24 ar oibreoirí suíomhanna gréasáin pornagrafaíochta, faoi phian pionós riaracháin agus coiriúil, rochtain úsáideoirí ar na suíomhanna gréasáin sin a dhéanamh coinníollach trí shásra chun aois na n‑úsáideoirí sin a fhíorú arb é is aidhm dó toirmeasc a chur ar an rochtain sin ar mhionaoisigh. Dá bhrí sin, is ionann an oibleagáid sásra den sórt sin a sholáthar, a mhéid is infheidhme í maidir le soláthraithe na seirbhísí sin atá bunaithe i mBallstáit eile, agus srian ar shaorghluaiseacht na seirbhísí sin, de réir bhrí Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2000/31.

75

Maidir leis an reachtaíocht atá i gceist i gCás C‑190/24, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforáiltear leis an reachtaíocht sin don fhéidearthacht toirmeasc a chur ar oibreoirí a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh, faoi phian pionós coiriúil, faisnéis arna tarchur ag a n‑úsáideoirí a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair a athchraoladh. Dá bhrí sin, ar bhonn na reachtaíochta sin, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí ar na hoibreoirí sin teorainn a chur le feidhmiúlachtaí na seirbhíse sin ar chríoch na Fraince.

76

I ndáil leis sin, is léir ón ordú tarchuir go bhfuil Foraithne Uimh. 2021-468 lena gcuirtear Airteagal L. 130-11 den Chód um Thrácht ar Bhóithre chun feidhme infheidhme maidir le haon oibreoir a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh, bíodh sé bunaithe ar chríoch na Fraince nó ar chríoch Ballstáit eile.

77

Ní mór a mheas, dá bhrí sin, go bhféadfadh srian ar shaorghluaiseacht na seirbhíse sin a bheith i gceist leis an reachtaíocht sin, a mhéid atá feidhm aici freisin maidir le hoibreoirí seirbhíse den sórt sin atá bunaithe i mBallstáit eile.

78

É sin ráite, ba cheart a mheabhrú go gceadaítear le hAirteagal 3(4) de Threoir 2000/31, faoi choinníollacha áirithe, maolú ar an bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 3(2). Dá bhrí sin, is gá scrúdú a dhéanamh an bhfuil an reachtaíocht atá i gceist sna díospóidí sna príomhimeachtaí in ann na coinníollacha sin a chomhlíonadh.

Na coinníollacha maidir le maolú dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir 2000/31

79

Ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, de bhun Airteagal 3(4)(a) de Threoir 2000/31, go bhféadfaidh na Ballstáit, i ndáil le seirbhís sochaí faisnéise ar leith, bearta a dhéanamh de mhaolú ar Airteagal 3(2) den Treoir sin, ar an gcoinníoll, sa chéad áit, go bhfuil na bearta sin riachtanach ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, le cosaint na sláinte poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó le cosaint tomhaltóirí, sa dara háit, go ndéantar na bearta sin in aghaidh seirbhís sochaí faisnéise a dhéanann dochar iarbhír do na cuspóirí sin nó lena mbaineann riosca tromchúiseach mór go ndéanfaí dochar do na cuspóirí sin, agus, sa tríú háit, go bhfuil na bearta sin comhréireach leis na cuspóirí sin (breithiúnas an 21 Aibreán 2026, an Coimisiún v an Ungáir (Luachanna an Aontais), C‑769/22, EU:C:2026:326, mír 303 agus an cásdlí dá dtagraítear).

80

Ar an dara dul síos, le hAirteagal 3(4)(b) den Treoir sin, cuirtear an rogha sin faoi réir córas nós imeachta a chomhlíonadh, eadhon cuireadh neamhrathúil a thabhairt do Bhallstát bunaíochta na soláthraithe seirbhíse atá i gceist bearta leordhóthanacha a dhéanamh agus fógra a thabhairt don Bhallstát bunaíochta agus don Choimisiún go raibh sé ar intinn aige bearta den sórt sin a dhéanamh.

81

Maidir leis an gcéad cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(4)(a) de Threoir 2000/31, is gá a fháil amach an gcomhfhreagraíonn na cuspóirí a shaothraítear leis an reachtaíocht atá i gceist sna díospóidí sna príomhimeachtaí do na cuspóirí dá dtagraítear san fhoráil sin agus an féidir a mheas go bhfuil na bearta a fhorchuirtear leis an reachtaíocht sin riachtanach ar mhaithe leis na cuspóirí sin a chosaint.

82

Maidir leis an reachtaíocht atá i gceist i gCás C‑188/24, is léir ón gcéad fhleasc d’Airteagal 3(4)(a)(i) de Threoir 2000/31 go gcumhdaítear le coincheap an bheartais phoiblí dá dtagraítear ann, inter alia, cosaint mionaoiseach agus an comhrac i gcoinne ionsaithe ar dhínit an duine, a fhreagraíonn do na cuspóirí a shaothraítear leis an reachtaíocht sin.

83

Maidir leis an reachtaíocht atá i gceist i gCás C‑190/24, ba cheart a thabhairt faoi deara, sa bhreis ar an mbeartas poiblí agus, go háirithe, cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, dá dtagraítear sa chéad fhleasc d’Airteagal 3(4)(a)(i) de Threoir 2000/31, go bhfuil an tslándáil phoiblí agus an tslándáil náisiúnta sa tríú fleasc den fhoráil sin. Dá bhrí sin, is féidir údar a thabhairt le toirmisc ar athchraoladh faisnéise a bhaineann le seiceálacha cois bóthair, amhail iad siúd dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin, ar chúiseanna an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí.

84

Maidir leis an dara ceann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(4)(a) de Threoir 2000/31, ar dá réir nach mór na bearta a dhéanamh de mhaolú ar Airteagal 3(2) a dhéanamh in aghaidh seirbhís sochaí faisnéise ar leith a dhéanann dochar iarbhír do na cuspóirí dá dtagraítear i míreanna 81 go 83 den bhreithiúnas seo nó lena mbaineann riosca tromchúiseach mór go ndéanfaí dochar do na cuspóirí sin, ba cheart a mheabhrú nach mór an coinníoll sin a léiriú sa chaoi nach gcumhdaítear leis bearta ginearálta agus teibí a bhaineann le catagóir seirbhísí sochaí faisnéise ar leith a thuairiscítear i dtéarmaí ginearálta agus a bhfuil feidhm acu gan idirdhealú maidir le haon soláthraí den chatagóir seirbhísí sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 9 Samhain 2023, Google Ireland agus páirtithe eile, C‑376/22, EU:C:2023:835, mír 60; an 30 Bealtaine 2024, Airbnb Ireland agus Amazon Services Europe, C‑662/22 agus C‑667/22, EU:C:2024:432, mír 70, agus an 21 Aibreán 2026, an Coimisiún v an Ungáir (Luachanna an Aontais), C‑769/22, EU:C:2026:326, mír 309).

85

Sa chás seo, maidir leis an reachtaíocht atá i gceist i gCás C‑188/24, is léir ón gcomhad atá os comhair na Cúirte go dtoirmisctear go ginearálta le hAirteagal 227-24 den Chód Coiriúil déanamh, iompar, craoladh ag aon duine ar aon mhodh agus ar aon mheán ábhair nó teachtaireachtaí áirithe a d’fhéadfadh mionaoiseach iad a fheiceáil nó a aireachtáil. Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an gcásdlí a luaitear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo, is reachtaíocht ghinearálta agus theibí í lena gcumhdaítear, inter alia, sraith iomlán catagóirí de sheirbhísí na sochaí faisnéise a thuairiscítear i dtéarmaí a bhfuil feidhm acu gan idirdhealú maidir le soláthraithe a thagann faoi na catagóirí sin agus atá bunaithe, de réir mar a bheidh, i mBallstát eile. Dá bhrí sin, ní féidir le reachtaíocht den sórt sin an dara ceann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(4)(a) de Threoir 2000/31 a chomhlíonadh.

86

É sin ráite, is léir ón ordú tarchuir, sa bhreis ar an toirmeasc ginearálta a leagtar síos leis an Dlí Coiriúil, go bhforáiltear le hAirteagal 23 de Dhlí Uimh. 2020-936 go dtabharfaidh údarás riaracháin sonrach, eadhon Uachtarán ARCOM, fógra, ar bhonn aonair, do sholáthraí seirbhíse cumarsáide poiblí ar líne a chraolann ábhar pornagrafach, aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh cosc a chur ar mhionaoisigh rochtain a fháil ar an ábhar sin. Ina theannta sin, i gcás nach gcomhlíonann an soláthraí sin fógra foirmiúil den sórt sin, is féidir leis an údarás riaracháin sin imeachtaí dlí a thionscnamh chun a chinntiú go nglacfaí bearta teicniúla atá dírithe cosc a chur ar chraoladh an ábhair sin.

87

Ní chuirtear cosc le hAirteagal 3(4)(a) de Threoir 2000/31 ar Bhallstát forálacha dlíthiúla a ghlacadh lena bhforáiltear, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin, do rabhadh aonair a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse sochaí faisnéise, amhail seirbhísí cumarsáide don phobal a chraolann ábhar pornagrafach. I bhfianaise a gcineáil aonair, féadfar fógraí foirmiúla den sórt sin a aicmiú mar bhearta arna ndéanamh i gcoinne seirbhís sochaí faisnéise ar leith lena ndéantar dochar do na cuspóirí dá dtagraítear i mír 82 den bhreithiúnas seo nó lena mbaineann riosca tromchúiseach mór go ndéanfaí dochar do na cuspóirí sin, de réir bhrí na forála sin.

88

Maidir leis an reachtaíocht atá i gceist i gCás C‑190/24, is léir ó Airteagal L. 130-11 den Chód um Thrácht ar Bhóithre agus ó Fhoraithne Uimh. 2021-468 go bhféadfaidh an t‑údarás riaracháin inniúil toirmeasc a chur ar aon oibreoir a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh aon teachtaireacht nó tásc arna eisiúint ag úsáideoirí na seirbhíse sin a athchraoladh, trí bhíthin na seirbhíse sin, i gcás inar dócha go gcuirfidh an t‑athchraoladh sin ar chumas úsáideoirí eile seiceálacha áirithe cois bóthair a sheachaint.

89

I ndáil leis sin, ceadaítear le hAirteagal 3(4)(a) de Threoir 2000/31 do Stát reachtaíocht a ghlacadh lena bhforáiltear do bhearta a ghlacadh i gcoinne seirbhís sochaí faisnéise ar leith lena ndéantar dochar do na cuspóirí dá dtagraítear i mír 83 den bhreithiúnas seo nó lena mbaineann riosca tromchúiseach mór go ndéanfaí dochar do na cuspóirí sin, de réir bhrí na forála sin.

90

Dá bhrí sin, d’fhéadfadh bearta a d’fhéadfaí a ghlacadh faoi na rialacha dá dtagraítear i míreanna 85 agus 88 den bhreithiúnas seo, amhail fógraí aonair a thugtar do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide don phobal a chraolann ábhar pornagrafach nó cinntí lena dtoirmisctear ar oibreoirí seirbhíse ar leith faisnéis áirithe a athchraoladh, a bheith ina mbearta arna nglacadh i gcoinne seirbhís sochaí faisnéise ar leith, de réir bhrí Airteagal 3(4)(a) de Threoir 2000/31.

91

Maidir leis an tríú ceann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(4)(a) de Threoir 2000/31, eadhon comhréireacht na mbeart arna nglacadh i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraítear leis an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, ba cheart a thabhairt faoi deara, maidir le Cás C‑188/24, go sainaithnítear le hAirteagal 28b(3)(f) de Threoir 2010/13, is infheidhme ratione temporis ón 19 Meán Fómhair 2020 maidir le seirbhísí arb é is ábhar dóibh cláir agus físeáin a sholáthar, amhail na seirbhísí atá i gceist sa chás sin, córas fíoraithe aoise a bhunú d’úsáideoirí ardán comhroinnte físeán mar chórais lena gcumasaítear mionaoisigh a chosaint ar ábhar a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá bhforbairt coirp, meabhrach nó mhorálta.

92

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, faoi Airteagal 1 den Chairt, go bhfuil dínit an duine dosháraithe. Ní mór an dínit sin a urramú agus a chosaint. Ina theannta sin, foráiltear in Airteagal 24(1) den Chairt go mbeidh ag leanaí an ceart, inter alia, chun cibé cosaint is gá ar mhaithe lena ndea-bhail.

93

Léirítear in aithris 59 de Threoir 2010/13 nádúr bunúsach an chirt chun dínit an duine agus an breithniú ar leas an linbh a eascraíonn as Airteagail 1 agus 24 den Chairt, a mhéid a leagtar béim inti ar a thábhachtaí atá sé forbairt coirp, meabhrach agus mhorálta mionaoiseach a chosaint agus dínit an duine a chosaint i ngach seirbhís meán closamhairc. Ceanglaítear leis an tábhacht sin, mar is léir ó Airteagail 6a agus 28b den Treoir sin, go n‑áiritheofar cosc éifeachtach ar rochtain mionaoiseach ar ábhar pornagrafach, le linn chur chun feidhme Threoracha 2000/31 agus 2010/13 ag na Ballstáit agus i gcomhréir le rialacha phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

94

Leanann sé nach mór a mheas go bhfuil beart náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraí seirbhíse ar leith córas a chur i bhfeidhm chun aois úsáideoirí suíomhanna gréasáin pornagrafaíochta a fhíorú comhréireach leis an gcuspóir mionaoisigh agus dínit an duine a chosaint, de réir bhrí Airteagal 3(4)(a) de Threoir 2000/31, i gcás nach ndearna an soláthraí sin na bearta iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 28b de Threoir 2010/13.

95

Thairis sin, le hAirteagal 15 de Rialachán 2024/1083, Airteagal is infheidhme ratione temporis ón 8 Bealtaine 2025 maidir leis na seirbhísí atá i gceist i gCás C‑188/24, bunaíodh comhar struchtúrtha idir údaráis iarrthacha agus údaráis iarrtha lenar féidir iarraidh a bhfuil údar cuí léi a chur faoi bhráid údarás iarrtha lena n‑iarrtar air gníomhaíochtaí riachtanacha comhréireacha a dhéanamh chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi Airteagal 28b(1) go (3) de Threoir 2010/13 a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Mar is léir ó aithris 45 den Rialachán sin, i gcás nach mbeidh réiteach cairdiúil idir na Ballstáit lena mbaineann mar thoradh ar úsáid an tsásra a bhunaítear in Airteagal 15, ní féidir srian a chur leis an tsaoirse chun seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar ó Bhallstát eile ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31 agus má leantar an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 3.

96

Maidir le Cás C‑190/24, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil go bhfuil an fhéidearthacht toirmeasc a chur ar athchraoladh a leagtar síos leis an reachtaíocht atá i gceist sa chás sin comhréireach le cuspóirí an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí a shaothraítear leis an reachtaíocht sin.

97

É sin ráite, ní fhéadfar reachtaíocht amhail an reachtaíocht atá i gceist i gCásanna C‑188/24 agus C‑190/24 a chur chun feidhme ach amháin a mhéid a áirithítear comhlíonadh na n-oibleagáidí nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 3(4)(b) de Threoir 2000/31.

98

Maidir leis na hoibleagáidí nós imeachta sin, eadhon an oibleagáid iarraidh roimh ré agus neamhrathúil a dhéanamh ar Bhallstát bunaíochta an tsoláthraí seirbhíse lena mbaineann go ndéanfadh sé féin bearta agus an oibleagáid fógra roimhe ré a thabhairt don Choimisiún agus don Bhallstát sin, ba cheart a mheabhrú gur ceanglais nós imeachta shubstainteacha iad na hoibleagáidí sin lena dtugtar údar le neamh-infhorfheidhmitheacht beart nár tugadh fógra ina leith i gcoinne daoine aonair lena gcuirtear srian le saorghluaiseacht sheirbhísí na sochaí faisnéise (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Airbnb Ireland, C‑390/18, EU:C:2019:1112, mír 94).

99

Maidir le Cás C‑190/24, is léir ón nath ‘gan dochar’ in Airteagal 3(4)(b) de Threoir 2000/31 nach bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí nós imeachta a leagtar síos san fhoráil sin i gcomhthéacs imeachtaí cúirte, lena n‑áirítear réamhimeachtaí agus gníomhartha a dhéantar faoi chuimsiú imscrúdú coiriúil, rud a dheimhnítear freisin le haithris 26 den Treoir sin maidir leis an oibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún.

100

Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, nach cosúil go bhfuil na toirmisc ar athchraoladh a leagtar síos leis an reachtaíocht atá i gceist sa chás sin, iontu féin, faoi réir na nósanna imeachta agus na ngníomhartha sin, mura n‑ordaítear an tseiceáil cois bóthair lena mbaineann an toirmeasc i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil.

101

É sin ráite, féadfaidh Ballstát, faoi Airteagal 3(5) de Threoir 2000/31, maolú ar na hoibleagáidí nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 3(4)(b) den Treoir sin i gcásanna práinne. I gcás den sórt sin, tabharfar fógra faoi na bearta a luaithe is féidir, agus léireofar na cúiseanna a measann an Ballstát go bhfuil práinn leis.

102

Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fháil amach, más gá, an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(4) nó in Airteagal 3(5) de Threoir 2000/31.

103

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist go dtí an tríú ceist i gCás C‑188/24 agus ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist i gCás C‑190/24 nach mór Airteagal 2(h) agus Airteagal 3 de Threoir 2000/31 a léiriú sa chaoi:

níl an réimse comhordaithe, dá dtagraítear sa chéad cheann de na forálacha sin, teoranta do na ceanglais agus do na hábhair a rialaítear le forálacha comhchuibhithe Chaibidil II agus III den Treoir sin agus féadfaidh sé rialacha ginearálta agus teibí an dlí choiriúil agus rialacha lena saothraítear cuspóirí an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí araon a chumhdach, a mhéid a leagtar síos leis na rialacha sin ceanglais a bhaineann le gabháil do ghníomhaíocht seirbhíse sochaí faisnéise nó a bhaineann le hiad a shaothrú, nach bhfuil eisiata ón réimse comhordaithe de bhun Airteagal 2(h)(ii), agus a mhéid a bhaineann siad le réimsí nach n‑eisiatar ó raon feidhme na Treorach sin de bhun Airteagal 1(5) di nó ón sásra dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) di de bhun mhír 3 di;

cuirtear cosc leo ar Bhallstát oibleagáid ghinearálta agus theibí a chur i bhfeidhm faoin dlí coiriúil chun cosc a chur ar mhionaoisigh rochtain a fháil ar ábhar pornagrafach do sholáthraithe seirbhísí sochaí faisnéise atá bunaithe i mBallstáit eile;

ní chuirtear cosc leo, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(4) de Threoir 2000/31, arna léamh i bhfianaise Airteagail 1 agus 24 den Chairt, agus gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 3(5) den Treoir sin, ar Bhallstát foráil a dhéanamh maidir le bearta a ghlacadh chun oibleagáid a chur ar sholáthraithe seirbhíse ar leith, atá bunaithe i mBallstáit eile, córas fíoraithe aoise a bhunú d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin pornagrafaíochta, i gcás nach bhfuil na bearta iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 28b de Threoir 2010/13 déanta ag na soláthraithe sin;

ní chuirtear cosc leo ar Bhallstát, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(4) de Threoir 2000/31 agus gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 3(5) de, foráil a dhéanamh maidir le bearta a ghlacadh chun toirmeasc a chur ar sholáthraithe seirbhíse ar leith atá bunaithe i mBallstáit eile, ar chúiseanna an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí, faisnéis a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair a athchraoladh.

An tríú ceist i gCás C‑190/24

104

Lena tríú ceist i gCás C‑190/24, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt maidir le léiriú Airteagal 15(1) de Threoir 2000/31. Is léir ó fhorais an ordaithe tarchuir agus ó na barúlacha i scríbhinn agus ó bhéal os comhair na Cúirte sa chás seo go bhfuil an cheist sin bunaithe ar an mbonn go dtagann oibreoir a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh faoi raon feidhme Airteagal 14 de Threoir 2000/31.

105

Sna himthosca sin, ní mór a mheas, leis an gceist sin, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 14(1) agus Airteagal 15(1) de Threoir 2000/31 a léiriú sa chaoi go dtagann oibreoir a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh faoi raon feidhme na bhforálacha sin agus an gcuirtear cosc le hAirteagal 15(1) ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear toirmeasc ar an oibreoir sin faisnéis a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair a athchraoladh.

106

Ar an gcéad dul síos, maidir le hAirteagal 14 de Threoir 2000/31, baineann sé le hóstáil, is é sin le rá, mar is léir ó Airteagal 14(1) ‘seirbhís sochaí faisnéise arb é atá i gceist léi stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse’. Ní chuireann an sainmhíniú sin cosc ar sheirbhís a bhfuil sé mar chuspóir aici freisin faisnéis den sórt sin a chraoladh nó a chomhroinnt teacht, faoi choinníollacha áirithe, faoin gcoincheap ‘óstáil’ (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Feabhra 2012, SABAM, C‑360/10, EU:C:2012:85, mír 27; an 22 Meitheamh 2021, YouTube agus Cyando, C‑682/18 agus C‑683/18, EU:C:2021:503, mír 106, agus an 26 Aibreán 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑401/19, EU:C:2022:297, mír 28).

107

É sin ráite, ní leor an fíoras ann féin go n‑áirítear leis an tseirbhís a sholáthraíonn oibreoir stóráil na faisnéise a tharchuirtear chuige chun teacht ar an gconclúid go dtagann an tseirbhís sin, in aon chás, faoi raon feidhme Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31 (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Iúil 2011, L’Oréal agus páirtithe eile, C‑324/09, EU:C:2011:474, mír 111 agus an cásdlí dá dtagraítear).

108

I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, chun go mbeidh sé sin amhlaidh, go bhfuil sé fíor-riachtanach go mbeadh soláthraí na seirbhíse lena mbaineann ina ‘sholáthraí idirghabhála’ de réir bhrí Roinn 4 de Chaibidil II de Threoir 2000/31. Mar a luaitear in aithris 42 den Treoir sin, ní chumhdaítear leis na maoluithe ar dhliteanas dá bhforáiltear leis an Treoir sin, lena n‑áirítear iad siúd a chumhdaítear in Airteagal 14 di, ach cásanna ina bhfuil gníomhaíocht an tsoláthraí seirbhíse teoranta don phróiseas oibríochta teicniúil agus rochtain a thabhairt ar líonra cumarsáide. Foráiltear le haithris 42 freisin, gur de chineál teicniúil, uathoibríoch agus éighníomhach amháin atá sa ghníomhaíocht sin, rud a thugann le tuiscint nach bhfuil eolas ná smacht ag an soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise ar an bhfaisnéis a tharchuirtear nó a stóráiltear (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, YouTube agus Cyando, C‑682/18 agus C‑683/18, EU:C:2021:503, mír 105).

109

Dá bhrí sin, chun a mheas an féidir oibreoir seirbhíse den sórt sin a dhíolmhú, faoi Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31, óna dhliteanas i leith ábhar stóráilte, is gá scrúdú a dhéanamh an bhfuil an ról atá ag an oibreoir sin neodrach, is é sin le rá, an bhfuil a iompar de chineál teicniúil, uathoibríoch agus éighníomhach amháin, lena dtugtar le tuiscint easpa eolais nó smachta ar an ábhar a stórálann sé, nó, os a choinne sin, an bhfuil ról gníomhach ag an oibreoir sin a thabharfadh eolas nó smacht ar an ábhar sin dó (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, YouTube agus Cyando, C‑682/18 agus C‑683/18, EU:C:2021:503, mír 106 agus an cásdlí dá dtagraítear).

110

I bhfianaise aithris 42 de Threoir 2000/31, ní mór an dá choinníoll eolais agus smachta sin a thuiscint mar choinníollacha malartacha atá neamhspleách ar a chéile. Dá bhrí sin, eisiatar oibreoir seirbhíse sochaí faisnéise a bhfuil smacht aige ar an bhfaisnéis a stóráiltear ó thairbhe Airteagal 14(1) den Treoir sin, fiú mura dtagann sé ar an eolas faoin bhfaisnéis sin mar gheall ar uathoibriú phróiseáil na faisnéise sin.

111

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 239 dá Thuairim, is trí bhíthin, inter alia, an algartaim a úsáidtear, a fheidhmíonn oibreoir den sórt sin smacht ar an bhfaisnéis a stóráiltear. Fad a chinn sé, trí bhíthin an algartaim sin, na coinníollacha maidir le faisnéis den sórt sin a chraoladh nó gan í a chraoladh, ní bhaineann sé le hábhar nach ndéanann an t‑oibreoir sin féin idirghabhálacha breise a bhfuil sé d’éifeacht acu faisnéis a stóráiltear, a chur chun cinn, a mhodhnú nó a bhaint d’fhonn í a chraoladh.

112

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, más rud é, sa bhreis ar aicmiú agus innéacsú faisnéise amháin d’fhonn í a dhéanamh níos inrochtana, go gcinntear leis an algartam a úsáidtear, ar mhaithe leis an oibreoir nó lena sheirbhís, na coinníollacha, an bealach agus an t‑ord tosaíochta faoina craoltar an fhaisnéis sin nó nach gcraoltar í, go bhfeidhmíonn an t‑oibreoir sin smacht ar an bhfaisnéis sin, agus mar thoradh air sin nach féidir an tseirbhís a thairgeann sé a aicmiú mar ‘s[h]eirbhís sochaí faisnéise arb é atá i gceist léi stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse’ de réir bhrí Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31 (féach, chuige sin, breithiúnais an 23 Márta 2010, Google France agus Google, C‑236/08 go C‑238/08, EU:C:2010:159, míreanna 115 agus 117; an 12 Iúil 2011, L’Oréal agus páirtithe eile, C‑324/09, EU:C:2011:474, mír 116, agus an 22 Meitheamh 2021, YouTube agus Cyando, C‑682/18 agus C‑683/18, EU:C:2021:503, mír 114).

113

I gcás den sórt sin, i gcomhréir lena fhoclaíocht, lena gcuirtear a chur i bhfeidhm faoi réir soláthar seirbhísí dá dtagraítear, inter alia, in Airteagal 14 de Threoir 2000/31, níl na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na Ballstáit le hAirteagal 15(1) den Treoir sin infheidhme maidir le hoibreoir seirbhíse den sórt sin a fheidhmíonn smacht de réir bhrí na míre roimhe seo den bhreithiúnas seo.

114

Mar sin féin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé na seiceálacha is gá a dhéanamh chun na críche sin.

115

Ar an dara dul síos, dá gcinnfeadh an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil ról soláthraí seirbhíse amhail Coyote System neodrach de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 109 den bhreithiúnas seo agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, an tseirbhís a thairgeann sé a aicmiú mar ‘s[h]eirbhís sochaí faisnéise arb é atá i gceist léi stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse’, de réir bhrí Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31, bheadh uirthi scrúdú a dhéanamh an bhféadfadh soláthraí den sórt sin a bheith faoi réir toirmeasc ar athchraoladh a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair faoi Airteagal 14(3) agus an bhfuil toirmeasc den sórt sin comhoiriúnach le hAirteagal 15(1) den Treoir sin.

116

Sa chéad áit, maidir le hAirteagal 14(3) de Threoir 2000/31, sonraítear leis an bhforáil sin, nach ndéanfaidh Airteagal 14 difear don fhéidearthacht atá ag cúirt nó údarás riaracháin, i gcomhréir le córais dlí na mBallstát, a cheangal ar an soláthraí deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc. Shonraigh an Chúirt go bhféadfar ordú den sórt sin a thabhairt freisin i gcás nach meastar an soláthraí seirbhíse a bheith freagrach, de réir bhrí Airteagal 14(1) (féach, chuige sin, breithiúnais an 3 Deireadh Fómhair 2019, Glawischnig-Piesczek, C‑18/18, EU:C:2019:821, míreanna 24 agus 25, agus an 22 Meitheamh 2021, YouTube agus Cyando, C‑682/18 agus C‑683/18, EU:C:2021:503, mír 131). Ina theannta sin, mar a luaitear i mír 3 de, ní dhéanfaidh Airteagal 14 den Treoir sin difear ach oiread don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit nósanna imeachta a bhunú lena rialófar baint nó díchumasú rochtana ar fhaisnéis a stóráiltear.

117

Arna léamh i gcomhar le mír 1 de, ní mór Airteagal 14(3) de Threoir 2000/31 a thuiscint sa chaoi go mbaineann sé le horduithe lena gceanglaítear ar sholáthraí seirbhíse sochaí faisnéise, de réir bhrí mhír 1, deireadh a chur le haon sárú a dhéanann faighteoir na seirbhíse mar gheall, inter alia, ar fhaisnéis neamhdhleathach atá stóráilte ar a shuíomh gréasáin nó ar a ardán tríd an bhfaisnéis sin a bhaint nó trí rochtain uirthi a dhíchumasú nó trí chosc a chur ar aon sárú eile den sórt sin, go háirithe trí rochtain ar fhaisnéis neamhdhleathach a bhaint nó a dhíchumasú, ar faisnéis í a bhfuil a hábhar comhionann nó coibhéiseach le faisnéis a dearbhaíodh cheana a bheith neamhdhleathach (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2019, Glawischnig-Piesczek, C‑18/18, EU:C:2019:821, míreanna 24 agus 37).

118

Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fháil amach, go háirithe, an bhfuil sé beartaithe leis an toirmeasc ar athchraoladh faisnéise a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair a leagtar síos leis an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí cosc a chur ar rochtain ar fhaisnéis neamhdhleathach a stóráiltear ar ardán Coyote System nó deireadh a chur le gníomhaíocht neamhdhleathach nó sárú neamhdhleathach ag úsáideoirí na seirbhíse nó gníomhaíocht nó sárú den sórt sin a chosc, de réir bhrí Airteagal 14(3) de Threoir 2000/31.

119

Sa dara háit, maidir leis an gceist an gcuirtear cosc le hAirteagal 15(1) de Threoir 2000/31 ar reachtaíocht den sórt sin, ba cheart a mheabhrú go sonraítear an toirmeasc ar na Ballstáit oibleagáid ghinearálta faireacháin a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha in aithris 47 den Treoir sin, sa mhéid nach mbaineann sé le hoibleagáidí faireacháin ‘i gcás sonrach’ agus, go háirithe, ní dhéanann sé difear d’orduithe a thugann údaráis náisiúnta i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le cás den sórt sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2019, Glawischnig-Piesczek, C‑18/18, EU:C:2019:821, mír 34).

120

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt cheana féin nach bhfuil ordú atá dírithe ar sholáthraí óstach chun míreanna sonracha d’ábhar stóráilte a bhaint, atá comhionann nó cosúil le hábhar a dhearbhaíonn cúirt náisiúnta a bheith neamhdhleathach, de chineál lena bhforchuirtear oibleagáid ar an soláthraí óstach sin faireachán a dhéanamh, ar bhealach ginearálta, ar an bhfaisnéis a stórálann sé. Go háirithe, ní cheanglaítear le hordú den sórt sin ar an soláthraí óstach measúnú neamhspleách a dhéanamh ar an ábhar atá stóráilte, ós rud é go bhféadfadh sé é féin a theorannú do shainaithint an ábhair a chumhdaítear leis an ordú trí bhíthin cuardaigh uathoibrithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2019, Glawischnig-Piesczek, C‑18/18, EU:C:2019:821, míreanna 46 agus 47).

121

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go sainráite go bhféadfaidh oibreoir a oibríonn seirbhís leictreonach cúnta tiomána nó loingseoireachta trí gheoshuíomh na toirmisc ar athchraoladh faisnéise a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair a leagtar síos leis an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí a chomhlíonadh, gan iallach a bheith air eolas a chur ar ábhar na dteachtaireachtaí arna seoladh ag a úsáideoirí a thuairiscíonn seiceálacha cois bóthair den sórt sin. Dá bhrí sin, is léir go bhfuil an fhaisnéis atá faoi réir na dtoirmeasc sin ar athchraoladh teorannaithe ar bhealach go bhféadfaidh an t‑oibreoir lena mbaineann athchraoladh na faisnéise sin a chosc go huathoibríoch.

122

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an tríú ceist i gCás C‑190/24 nach mór Airteagal 14(1) agus Airteagal 15(1) de Threoir 2000/31 a léiriú sa chaoi:

nuair a chinneann oibreoir seirbhíse sochaí faisnéise, trí bhíthin algartam, arb é atá i gceist leis, inter alia, faisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse a stóráil, chun a leasa féin nó chun leasa a sheirbhíse, cad iad na coinníollacha, an bealach agus an t-ord tosaíochta ina chraoltar an fhaisnéis sin mar chuid den tseirbhís sin nó nach gcraoltar í, go bhfeidhmíonn sé smacht ar an bhfaisnéis sin, agus mar thoradh air sin nach féidir é a aicmiú mar sholáthraí ‘seirbhís[e] sochaí faisnéise arb é atá i gceist léi stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse’, de réir bhrí Airteagal 14(1), agus nach bhfuil Airteagal 15(1) infheidhme, dá bhrí sin, maidir leis;

ní chuirtear cosc leo ar Bhallstát toirmeasc a chur, ar chúiseanna an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí, ar oibreoirí seirbhíse leictreonaí a d’fhéadfaí a aicmiú mar ‘s[h]eirbhís sochaí faisnéise arb é atá i gceist léi stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse’, de réir bhrí Airteagal 14(1), ar athchraoladh faisnéise a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair.

Costais

123

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagal 2(h) agus Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

níl an réimse comhordaithe, dá dtagraítear sa chéad cheann de na forálacha sin, teoranta do na ceanglais agus do na hábhair a rialaítear le forálacha comhchuibhithe Chaibidil II agus III den Treoir sin agus féadfaidh sé rialacha ginearálta agus teibí an dlí choiriúil agus rialacha lena saothraítear cuspóirí an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí araon a chumhdach, a mhéid a leagtar síos leis na rialacha sin ceanglais a bhaineann le gabháil do ghníomhaíocht seirbhíse sochaí faisnéise nó a bhaineann le hiad a shaothrú, nach bhfuil eisiata ón réimse comhordaithe de bhun Airteagal 2(h)(ii), agus a mhéid a bhaineann siad le réimsí nach n‑eisiatar ó raon feidhme na Treorach sin de bhun Airteagal 1(5) di nó ón sásra dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) di de bhun mhír 3 di;

cuirtear cosc leo ar Bhallstát oibleagáid ghinearálta agus theibí a chur i bhfeidhm faoin dlí coiriúil chun cosc a chur ar mhionaoisigh rochtain a fháil ar ábhar pornagrafach do sholáthraithe seirbhíse sochaí faisnéise atá bunaithe i mBallstáit eile;

ní chuirtear cosc leo, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(4) de Threoir 2000/31, arna léamh i bhfianaise Airteagail 1 agus 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 3(5) den Treoir sin, ar Bhallstát foráil a dhéanamh maidir le bearta a ghlacadh chun oibleagáid a chur ar sholáthraithe seirbhíse ar leith, atá bunaithe i mBallstáit eile, córas fíoraithe aoise a bhunú d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin pornagrafaíochta, i gcás nach bhfuil na bearta iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 28b de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le ‘Seirbhísí Meán Closamhairc’) déanta ag na soláthraithe sin;

ní chuirtear cosc leo ar Bhallstát, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(4) de Threoir 2000/31 agus gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 3(5) di, foráil a dhéanamh maidir le bearta a ghlacadh chun toirmeasc a chur ar sholáthraithe seirbhíse ar leith atá bunaithe i mBallstáit eile, ar chúiseanna an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí, faisnéis a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair a athchraoladh.

 

2.

Maidir le hAirteagal 14(1) agus Airteagal 15(1) de Threoir 2000/31,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

nuair a chinneann oibreoir seirbhíse sochaí faisnéise, trí bhíthin algartam, arb é atá i gceist leis, inter alia, faisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse a stóráil, chun a leasa féin nó chun leasa a sheirbhíse, cad iad na coinníollacha, an bealach agus an t-ord tosaíochta ina chraoltar an fhaisnéis sin mar chuid den tseirbhís sin nó nach gcraoltar í, go bhfeidhmíonn sé smacht ar an bhfaisnéis sin, agus mar thoradh air sin nach féidir é a aicmiú mar sholáthraí ‘seirbhís[e] sochaí faisnéise arb é atá i gceist léi stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse’, de réir bhrí Airteagal 14(1), agus nach bhfuil Airteagal 15(1) infheidhme, dá bhrí sin, maidir leis;

ní chuirtear cosc leo ar Bhallstát toirmeasc a chur, ar chúiseanna an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sábháilteachta poiblí, ar oibreoirí seirbhíse leictreonaí a d’fhéadfaí a aicmiú mar ‘s[h]eirbhís sochaí faisnéise arb é atá i gceist léi stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse’, de réir bhrí Airteagal 14(1), ar athchraoladh faisnéise a bhaineann le seiceálacha áirithe cois bóthair.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis.

Top