Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CA0268

Cás C-268/24, Lalfi: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 3 Iúil 2025 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Lecce – an Iodáil) – ZT v Ministero dell’Istruzione e del Merito (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Treoir 1999/70/CE – Comhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP – Clásal 4 – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe – Liúntas arna thabhairt mar chárta leictreonach chun tacú le hoiliúint inseirbhíse múinteoirí agus feabhas a chur ar a scileanna proifisiúnta – An cárta sin gan a thabhairt do mhúinteoirí neamhthionachta a bhfuil sé de chúram orthu ionadaíocht ghearrthréimhseach a dhéanamh)

IO C, C/2025/4560, 25.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4560/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4560/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4560

25.8.2025

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 3 Iúil 2025 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Lecce – an Iodáil) – ZT v Ministero dell’Istruzione e del Merito

(Cás C-268/24  (1) , Lalfi  (2) )

(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Treoir 1999/70/CE - Comhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP - Clásal 4 - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe - Liúntas arna thabhairt mar chárta leictreonach chun tacú le hoiliúint inseirbhíse múinteoirí agus feabhas a chur ar a scileanna proifisiúnta - An cárta sin gan a thabhairt do mhúinteoirí neamhthionachta a bhfuil sé de chúram orthu ionadaíocht ghearrthréimhseach a dhéanamh)

(C/2025/4560)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale di Lecce

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ZT

Cosantóir: Ministero dell’Istruzione e del Merito

Ábhar

Maidir le Clásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe, a tugadh chun críche an 18 Márta 1999, atá le feiceáil san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta, mar a rinne an chúirt náisiúnta uachtarach léiriú air, lena ndéantar nach bhfuil teacht ar an gcárta leictreonach [atá d’íosluach EUR 500 in aghaidh na bliana], chun earraí agus seirbhísí a cheannach ar mhaithe le múinteoirí a chur faoi oiliúint inseirbhíse, ag múinteoirí neamhthionachta a dhéanann ionadaíocht go gearrthéarmach, ach ag múinteoirí tionachta agus ag múinteoirí neamhthionachta a dhéanann ionadaíocht ar feadh fhad na scoilbhliana, seachas i gcás inarb údair iad cúiseanna oibiachtúla, de réir bhrí na forála sin, leis an gcárta sin a cheilt orthu. Ní cúis oibiachtúil mar sin í nach bhfuil gníomhaíocht na múinteoirí sin le leanúint ar aghaidh go dtí deireadh na scoilbhliana.


(1)  IO C, C/2024/4311

(2)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4560/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top