This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023TN1161
Case T-1161/23: Action brought on 18 December 2023 — Bimbo v EUIPO — A3-MED (BimboDorm)
Cás T-1161/23: Caingean arna tabhairt an 18 Nollaig 2023 – Bimbo v EUIPO – A3-MED (BimboDorm)
Cás T-1161/23: Caingean arna tabhairt an 18 Nollaig 2023 – Bimbo v EUIPO – A3-MED (BimboDorm)
IO C, C/2024/1258, 12.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1258/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1258 |
12.2.2024 |
Caingean arna tabhairt an 18 Nollaig 2023 – Bimbo v EUIPO – A3-MED (BimboDorm)
(Cás T-1161/23)
(C/2024/1258)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Bimbo, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J. Carbonell Callicó, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: A3-MED Srl (Zola Predosa, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘BimboDorm’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 548 097
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Meán Fómhair 2023 i gCás R 366/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO agus don idiragraí iomlán chostais an cháis os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Bhoird. |
Saincheist dlí
Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1258/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)