Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN1142

Cás T-1142/23: Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2023 – Enedo v EUIPO (ENEDO)

IO C, C/2024/975, 29.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/975/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/975/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/975

29.1.2024

Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2023 – Enedo v EUIPO (ENEDO)

(Cás T-1142/23)

(C/2024/975)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Enedo Oyj (Vantaa, an Fhionlainn) (ionadaithe: H.-M. Elo agus E. Hodge, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Enedis (Páras, an Fhrainc)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘ENEDO’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 159 734

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 27 Meán Fómhair 2023 i gCás R 190/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus diúltú don fhreasúra;

a ordú go n-íocfadh EUIPO costais na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO agus na Cúirte Ginearálta.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/975/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top