This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023TN1135
Case T-1135/23: Action brought on 4 December 2023 — Funline International v EUIPO — MS Trade (JUNGLE PREMIUM)
Cás T-1135/23: Caingean arna tabhairt an 4 Nollaig 2023 – Funline International v EUIPO – MS Trade (JUNGLE PREMIUM)
Cás T-1135/23: Caingean arna tabhairt an 4 Nollaig 2023 – Funline International v EUIPO – MS Trade (JUNGLE PREMIUM)
IO C, C/2024/1251, 12.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1251/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1251 |
12.2.2024 |
Caingean arna tabhairt an 4 Nollaig 2023 – Funline International v EUIPO – MS Trade (JUNGLE PREMIUM)
(Cás T-1135/23)
(C/2024/1251)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Funline International (Nua-Eabhrac, Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: Z. Juppová, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: MS Trade s.r.o. (Prág, Poblacht na Seice)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘JUNGLE PREMIUM’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 8 951 295
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Meán Fómhair 2023 i gCás R 2263/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; nó |
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an t-iarratas ar chúlghairm a dhiúltú; agus |
— |
ordú a thabhairt do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le léiriú raon feidhme na cosanta a thugtar le clárú trádmhairc agus a mhéid a bhaineann le léiriú a fhíorúsáide; |
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cineál na n-earraí a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith; |
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le léiriú ar fheidhm trádmhairc; |
— |
Sárú ar Airteagal 19(1) den Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1251/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)