This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023TN0416
Case T-416/23: Action brought on 18 July 2023 — Evroins inshurans grup v EIOPA
Cás T-416/23: Caingean arna tabhairt an 18 Iúil 2023 – Evroins inshurans grup v ÚEÁPC
Cás T-416/23: Caingean arna tabhairt an 18 Iúil 2023 – Evroins inshurans grup v ÚEÁPC
IO C, C/2024/1097, 5.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1097/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1097 |
5.2.2024 |
Caingean arna tabhairt an 18 Iúil 2023 – Evroins inshurans grup v ÚEÁPC
(Cás T-416/23)
(C/2024/1097)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Evroins inshurans grup AD (Sóifia, an Bhulgáir) (ionadaithe: A. Morogai, F. Giurgea agus H. Drăghici, Dlíodóirí)
Cosantóir: An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta cinneadh a eisiúint lena suitear:
— |
gur ghníomhaigh ÚEÁPC ultra vires a mhéid gurb é atá i gceist ná a ról i dtionscnamh, dréachtú agus eisiúint mheasúnú ÚEÁPC ar luacháil forálacha teicniúla comhlána agus glana an athárachais ar phunann an dliteanais mótair tríú páirtí ag Euroins Romania Asigurare – Reasigurare SA (EIOPA-23-149) an 28 Márta 2023 (‘Tuarascáil ÚEÁPC’) san áireamh iontu; |
— |
gur sháraigh ÚEÁPC cearta Evroins inshurans grup (‘Euroins’) agus Euroins Romania Asigurare-Reasigurare SA (‘Euroins Romania’) agus gur ghníomhaigh sé go hiomarcach idirdhealaitheach, gan seasamh Euroins Romania a iarraidh i ndáil le cinntí Thuarascáil ÚEÁPC agus gan rochtain ar Thuarascáil ÚEÁPC féin a dheonú do Euroins Romania; |
— |
gur sháraigh ÚEÁPC prionsabail na comhréireachta, an neamhspleáchais, na hoibiachtúlachta agus na trédhearcachta le Tuarascáil ÚEÁPC a cheilt ar Euroins agus ar Euroins Romania; agus |
— |
go gcuirtear Tuarascáil ÚEÁPC ar neamhní ó dháta a heisithe ar aghaidh. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
(1) |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur ghníomhaigh ÚEÁPC ultra vires agus Tuarascáil ÚEÁPC á tionscnamh, á dréachtú agus á heisiúint aige:
|
(2) |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh ÚEÁPC forálacha Rialachán Uimh. 1094/2010, forálacha Threoir 2009/138 agus forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 (3) ón gCoimisiún agus prionsabail na comhréireachta, na córa comhionainne, an neamhspleáchais, na hoibiachtúlachta agus na trédhearcachta ar eisiúint Tuarascáil ÚEÁPC:
|
(3) |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur baineadh míúsáid as cumhachtaí ÚEÁPC le Tuarascáil ÚEÁPC a eisiúint:
|
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1094 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO 2010 L 331, lch. 48).
(2) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (athmhúnlú) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena ndéantar forlíonadh ar Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO 2015 L 12, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1097/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)