Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TB0286

Cás T-286/23 R: Ordú ó Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 26 Iúil 2023 – OT v an Chomhairle (Nós imeachta eatramhach – Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad – Cistí a chalcadh – Iarraidh ar bhearta eatramhacha – Easpa práinne)

IO C 338, 25.9.2023, p. 29–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

25.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 338/29


Ordú ó Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 26 Iúil 2023 – OT v an Chomhairle

(Cás T-286/23 R)

(Nós imeachta eatramhach - Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad - Cistí a chalcadh - Iarraidh ar bhearta eatramhacha - Easpa práinne)

(2023/C 338/39)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: OT (ionadaithe: J.-P. Hordies, C. Sand agus P. Blanchetier, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M.-C. Cadilhac, V. Piessevaux agus A. Boggio Tomasaz, Gníomhairí)

Ábhar

Trína iarratas faoi bhun Airteagal 278 agus Airteagal 279 CFAE, tá an t-iarratasóir ag iarraidh go gcuirfí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. No 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75 I, lch. 134), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis ar fionraí oibriú.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

2)

Déantar na costais a fhorchoimeád.


Top