Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CJ0452

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2025 Aibreán 29.
Fastned Deutschland GmbH & Co. KG v Die Autobahn GmbH des Bundes.
Tarchur chun réamhrialú – Lamháltais – Lamháltais arna ndámhachtain ar eintiteas inmheánach – Treoir 2014/23/AE – Airteagal 43(1)(c) – Leasú an lamháltais ar dháta nach mbeidh an lamhaltóir cáillithe a thuilleadh mar eintiteas inmheánach – Leasú ‘a bhfuil gá leis’ de bharr cúinsí nárbh fhéidir a thuar – Treoir 89/665/CEE – Athbhreithniú teagmhasach ar dhámhachtain tosaigh lamháltais’.
Cás C-452/23.

Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2025:284

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

29 Aibreán 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Lamháltais – Lamháltais arna ndámhachtain ar eintiteas inmheánach – Treoir 2014/23/AE – Airteagal 43(1)(c) – Leasú an lamháltais ar dháta nach mbeidh an lamhaltóir cáillithe a thuilleadh mar eintiteas inmheánach – Leasú ‘a bhfuil gá leis’ de bharr cúinsí nárbh fhéidir a thuar – Treoir 89/665/CEE – Athbhreithniú teagmhasach ar dhámhachtain tosaigh lamháltais’)

I gCás C-452/23,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Oberlandesgericht Düsseldorf (Uaschúirt Réigiúnach, Düsseldorf, an Ghearmáin), trí bhreith an 16 Meitheamh 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 19 Iúil 2023, sna himeachtaí

Fastned Deutschland GmbH & Co. KG,

v

Die Autobahn GmbH des Bundes,

idiragraithe:

Autobahn Tank & Rast GmbH,

Ostdeutsche Autobahntankstellen GmbH,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, F. Biltgen, K. Jürimäe, C. Lycourgos, I. Jarukaitis, M. L. Arastey Sahún, S. Rodin, A. Kumin, N. Jääskinen agus D. Gratsias (Rapóirtéir), Uachtaráin Dlísheomraí, E. Regan, I. Ziemele agus J. Passer, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: N. Mundhenke, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 9 Iúil 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Fastned Deutschland GmbH & Co. KG, ag R. Ader, P. Friton agus F. Wolf, Rechtsanwälte,

Die Autobahn GmbH des Bundes, ag C. Bauer, N. Schleper agus F. Siebler, Rechtsanwälte,

Autobahn Tank & Rast GmbH agus Ostdeutsche Autobahntankstellen GmbH, ag H.-G. Kamann agus M. Schweda, Rechtsanwälte,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller, R. Kanitz agus P.-L. Krüger, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag B. De Meester agus G. Wils, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 17 Deireadh Fómhair 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo le léiriú ar Airteagal 72(1)(c) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí oibreacha poiblí a dhámhachtain agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Fastned Deutschland GmbH & Co. KG (‘Fastned’) ar thaobh amháin, agus Die Autobahn GmbH des Bundes, ar an taobh eile, maidir le conarthaí lamháltais a leasú chun saoráidí seirbhísí coimhdeacha a oibriú ar mhótarbhealaí feidearálacha na Gearmáine chun tógáil, cothabháil agus oibriú bonneagair athluchtaithe leictrigh ardchumhachta a áireamh le haghaidh riachtanais feithicle.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Treoir 2014/23/AE

3

Is mar seo a leanas a léitear aithrisí 8, 18, 75, 76 agus 81 de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain(IO 2014 L 94, lch. 1):

‘(8)

Maidir leis na lamháltais a bhfuil a luach cothrom le méid áirithe nó níos mó ná sin, is iomchuí comhordú íosta a bhunú do na nósanna imeachta dámhachtana náisiúnta ar bhonn phrionsabail [Chonradh FAE] chun oscailt na lamháltas don iomaíocht agus deimhneacht dhlíthiúil leordhóthanach a áirithiú. Níor cheart do na forálacha sin maidir le comhordú dul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach thuas a bhaint amach agus chun méid áirithe solúbthachta a ráthú. [...]

[...]

(18)

[...] Tugtar le tuiscint i gcónaí le príomhghné lamháltais, is é sin, an ceart chun na hoibreacha nó na seirbhísí a shaothrú, go ndéanfar riosca oibriúcháin de chineál eacnamaíoch a aistriú chuig an lamháltóir lena mbaineann, leis an bhféidearthacht nach gceadófar sé na hinfheistíochtaí arna ndéanamh agus na costais arna dtabhú in oibriú na n-oibreacha nó na seirbhísí a dhámhtar faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin a athghnóthú fiú má fhanann cuid den riosca leis an údarás conarthach nó leis an eintiteas conarthach. Ní bheadh údar le cur i bhfeidhm rialacha sonracha lena ndéantar dámhachtain lamháltas a rialú i gcás ina seachnódh an t-oibreoir eacnamaíoch gach riosca caillteanais, trí ioncam íosta atá cothrom leis na hinfheistíochtaí arna ndéanamh nó na costais arna dtabhú i gcomhlíonadh an chonartha, nó níos mó ná sin, a ráthú. [...]

[...]

(75)

Is iondúil go mbíonn sásraí teicniúla agus airgeadais casta fadtéarmacha i gceist le conarthaí lamháltais a bhíonn faoi réir comhthéacs athraitheach go minic. Dá bhrí sin, ní mór soiléiriú a thabhairt ar na dálaí faoina n-éilítear nós imeachta dámhachtana lamháltais nua mar gheall ar leasuithe arna ndéanamh ar lamháltas reatha atá á fheidhmiú, i bhfianaise chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa réimse sin. Is gá nós imeachta dámhachtana lamháltais nua a thionscnamh i gcás ina ndéantar leasuithe substaintiúla ar an lamháltas tosaigh, go háirithe ó thaobh raon feidhme agus ábhar chearta agus oibleagáidí cómhalartacha na bpáirtithe de, lena n-áirítear dámhachtain ceart maoine intleachtúla. Léirítear na leasuithe sin go bhfuil sé i gceist ag na páirtithe coinníollacha bunúsacha an lamháltais sin a chaibidliú an athuair. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás coinníollacha a mbeadh tionchar acu ar thoradh an nós imeachta bunaidh dá gcuirfí san áireamh iad sa nós imeachta bunaidh. Ba cheart a bheith in ann a mheas fós leasuithe a dhéanamh ar lamháltas a d’fhéadfadh mionéagsúlacht ar a luach go leibhéal áirithe a bheith mar thoradh air, gan iallach a bheith ann dul i muinín nós imeachta dámhachtana nua. Chuige sin, agus chun an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart go ndéanfaí foráil leis an Treoir seo do híoscheanglais, ar faoina mbun nach gceanglaítear nós imeachta dámhachtana nua. Ba cheart go bhféadfaí leasuithe a dhéanamh fós ar an lamháltas os cionn na n-íoscheanglas sin gan iallach a bheith ann dul i muinín nós imeachta dámhachtana nua, a mhéid a chomhlíontar coinníollacha áirithe leis na leasuithe sin. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás leasuithe a bhfuil gá leo tar éis an ghá freastal ar iarrataí ó údaráis chonarthacha nó ó eintitis chonarthacha, maidir le ceanglais slándála agus sainiúlachtaí na ngníomhaíochtaí sin á gcur san áireamh amhail, mar shampla, oibriú saoráidí spóirt sléibhe agus turasóireachta, i gcás ina bhféadfadh reachtaíocht teacht chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí cleamhnaithe, a mhéid a chomhlíontar na coinníollacha ábhartha a leagtar síos sa Treoir seo leis na leasuithe sin.

(76)

D’fhéadfadh imthosca seachtracha nárbh fhéidir a thuar a bheith roimh na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha agus an lamháltas á dhámhachtain, go háirithe i gcás ina mbíonn an lamháltas á fheidhmiú ar feadh tréimhse fhada. Sna cásanna sin, ba cheart gur féidir leo a bheith solúbtha go pointe áirithe chun an lamháltas a chur in oiriúint do na himthosca sin gan nós imeachta dámhachtana nua a thionscnamh. Is é atá i gceist le coincheap na gcúinsí narbh fhéidir a thuar ná cúinsí nárbh fhéidir le húdarás conarthach nó eintiteas conarthach teacht rompu, bíodh is go ndearna siad a ndícheall cuí agus an lamháltas tosaigh á ullmhú, i bhfianaise na n-acmhainní go léir a bhfuil teacht acu orthu, chineál agus shaintréithe an tionscadail, dhea-chleachtais na hearnála agus an ghá atá leis na hacmhainní arna n-úsáid chun dámhachtain an lamháltais a ullmhú mar is cuí lena luach intuartha. [...]’ Mar sin féin, ní féidir feidhm a bheith aige sin i gcásanna ina n-athraítear cineál an lamháltais fhoriomláin mar thoradh ar leasú, mar shampla trí rud éigin difriúil a chur in ionad na n-oibreacha atá le déanamh nó na seirbhísí atá le soláthar nó trí athrú ó bhonn a dhéanamh ar chineál an lamháltais ós rud é, i gcás den sórt sin, gur féidir glacadh leis go bhféadfadh an leasú sin difear a dhéanamh do thoradh an nós imeachta. [...]

[...]

(81)

D’fhonn cosaint dlí leordhóthanach a áirithiú d’iarrthóirí agus tairgeoirí atá rannpháirteach i nósanna imeachta maidir le leithdháileadh lamháltais agus comhlíonadh éifeachtach na Treorach seo agus prionsabail [Chonradh FAE] a ráthú chomh maith, ní mór go mbeidh feidhm ag Treoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí (IO 1989 L 395, lch. 33) agus Treoir 92/13/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 lena ndéantar comhordú ar na dlíthe, ar na rialacháin agus ar na forálacha riaracháin a bhaineann le rialacha an Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta soláthair de chuid eintiteas a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide (IO 1992 L 76, lch. 14), i leith na lamháltas, na seirbhísí agus na n-oibreacha arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha nó ó eintitis chonarthacha. Dá bhrí sin, ba cheart Treoracha [89/665] agus [92/13] a leasú dá réir sin’

4

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 2(1) de Threoir 2014/23, dar teideal ‘Prionsabal an tsaor-riaracháin ag údaráis náisiúnta’:

‘Aithnítear sa Treoir seo prionsabal an tsaor-riaracháin ag údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais. Tá saoirse ag na húdaráis sin cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr chun bainistiú a dhéanamh ar chur chun feidhme oibreacha nó ar sholáthar seirbhísí, chun ardleibhéal cáilíochta, slándála, an chóir chomhionann agus cur chun cinn na rochtana uilíche agus chearta na n-úsáideoirí i seirbhísí poiblí a áirithiú.

Féadfaidh na húdaráis sin a roghnú a gcúraimí leasa phoiblí a dhéanamh lena n-acmhainní féin, nó i gcomhar le húdaráis eile nó iad a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha.’

5

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 5 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1)

ciallaíonn “lamháltais” lamháltais oibreacha nó seirbhísí de réir bhrí phointí (a) agus (b);

a)

ciallaíonn “lamháltas oibreacha” conradh ar mhaithe le leas airgid a thugtar i gcrích i scríbhinn agus ar íocaíocht trína gcuireann údarás conarthach amháin nós níos mó nó eintiteas conarthach amháin nó níos mó de chúram ar oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó oibreacha a chur i gcrích, arb é atá i gcomaoin an chonartha sin an ceart chun leas a bhaint as na hoibreacha is ábhar don chonradh agus an ceart sin amháin nó an ceart sin mar aon le praghas;

b)

ciallaíonn “lamháltas seirbhísí”, conradh a thugtar i gcrích i scríbhinn agus ar íocaíocht trína gcuireann údarás conarthach amháin nós níos mó nó eintiteas conarthach amháin nó níos mó de chúram ar (a) oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó soláthar agus bainistíocht seirbhísí seachas cur i gcrích na n-oibreacha dá dtagraítear i bpointe (a), arb é atá i gcomaoin an chonartha sin an ceart chun leas a bhaint as na seirbhísí is ábhar don chonradh agus an ceart sin amháin nó an ceart sin mar aon le praghas;

Is é atá i gceist le dámhachtain an chonartha riosca oibriúcháin a aistriú don lamháltóir le linn leas a bhaint as na hoibreacha nó na seirbhísí sin a chuimsíonn riosca éilimh nó riosca soláthair nó an dá riosca.. Measfar gur ghlac an lamháltóir riosca oibriúcháin más rud é, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, nach ráthaítear go n-athghnóthóidh sé na hinfheistíochtaí a rinneadh nó na costais a tabhaíodh agus na hoibreacha nó na seirbhísí is ábhar don lamháltas á n-oibriú. Beidh fíor-neamhchosaint ar ghuagaíl iarbhír an mhargaidh i gceist leis an gcuid den riosca a aistreofar chuig an lamháltóir, sa chaoi nach caillteanas ainmniúil nó diomaibhseach amháin a bheidh i gceist le haon chaillteanas féideartha measta arna thabhú ag an lamháltóir;

[...]’

6

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 17(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Lamháltais idir eintitis san earnáil phoiblí’:

‘Ní thiocfaidh lamháltas arna dhámhachtain ag údarás conarthach nó ag eintiteas conarthach do dhuine dlítheanach eile arna rialú ag an dlí príobháideach nó poiblí lasmuigh de raon feidhme na Treorach sin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

a)

má fheidhmíonn an t-údarás conarthach rialú ar an duine dlítheanach lena mbaineann a thuilleadh cosúil leis an rialú a fheidhmíonn sé ar a ranna féin; agus

b)

saothraítear 80 % de ghníomhaíochtaí an duine dhlíthiúil sin agus na cúraimí a dhéanamh arna gcur de chúram air ag an údarás conarthach a bhfuil smacht aige air nó ag daoine dlíthiúla eile a bhfuil smacht ag an údarás conarthach nó eintiteas conarthach sin air; agus

c)

níl an duine dlíthiúil faoi smacht rannpháirtíocht dhíreach cothromais phríobháidigh, cé is moite de chineálacha rannpháirteachais cothromais phríobháidigh nach bhfuil smacht nó bac inchurtha orthu mar a cheanglaítear leis na forálacha reachtacha náisiúnta, i gcomhréir leis na conarthaí, lena ndéantar go bhfuil an tionchar is mó in-imeartha ar dhuine dlíthiúil atá faoi smacht.

Measfar go bhfuil údarás conarthach nó eintiteas conarthach de réir bhrí Airteagal 7(1)(a) ag feidhmiú rialú ar dhuine dlítheanach atá comhchosúil leis an rialú a fheidhmíonn sé ar a ranna féin, de réir bhrí phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, má tá tionchar cinntitheach aige ar chuspóirí straitéiseacha agus ar chinntí tábhachtacha an duine dhlítheanaigh rialaithe araon. Féadfar an rialú sin a fheidhmiú ar dhuine dlítheanach eile, arna rialú é féin ag údarás conarthach nó eintiteas conarthach ar an gcaoi chéanna, an rialú sin a fheidhmiú freisin.’

7

Áirítear le Teideal II de Threoir 2014/23, dar teideal ‘Rialacha maidir le lamháltais a dhámhachtain: prionsabail ghinearálta agus prionsabail agus coimircí ginearálta nós imeachta’, inter alia, Airteagal 38 den Treoir sin, dar teideal ‘Roghnú agus measúnú cáilíochtúil na n-iarrthóirí’, a bhfuil an fhoclaíocht seo a leanas i mír 1 de:

‘Fíoróidh na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha na coinníollacha rannpháirtíochta ó thaobh inniúlacht ghairmiúil agus theicniúil agus inniúlacht eacnamaíochta agus airgeadais na n-iarrthóirí agus na dtairgeoirí ar bhonn dearbhuithe ar onóir, agus an tagairt nó na tagairtí atá le cur i láthair mar fhianaise i gcomhréir leis na ceanglais arna sonrú san fhógra ar lamháltas atá neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach le cuspóir an lamháltais. Beidh na coinníollacha rannpháirtíochta bainteach agus comhréireach leis an ngá le háirithiú go bhfuil sé de chumas ag an lamháltóir an lamháltas a fheidhmiú, i bhfianaise chuspóir an lamháltais agus an chuspóra maidir le hiomaíocht éifeachtach a áirithiú.’

8

Le Teideal III den Treoir sin, dar teideal ‘Rialacha maidir le conarthaí dámhachtana a chomhlíonadh, áirítear, inter alia, Airteagal 43 den Treoir sin, dar teideal ‘Leasú ar chonarthaí le linn a dtéarma’, lena sonraítear an méid seo a leanas:

‘1.   Féadfar lamháltais a leasú gan nós imeachta dámhachtana nua i gcomhréir leis an Treoir seo i gceann de na cásanna seo a leanas

[...]

b)

i gcás oibreacha nó seirbhísí breise arna ndéanamh ag an lamháltóir tosaidh atá riachtanach anois agus nár áiríodh sa lamháltas tosaigh i gcás:

i)

nach féidir an lamháltóir a athrú ar chúiseanna eacnamaíocha nó teicniúla amhail ceanglais maidir le hidirmhalartacht nó idir-inoibritheacht le trealamh, seirbhísí nó suiteálacha atá ann cheana faoin lamháltas tosaigh; agus

ii)

go mbeadh athrú lamháltóra ina chúis le míchaoithiúlacht shuntasach nó dúbailt shubstaintiúil costas don údarás conarthach nó don eintiteas conarthach.

Mar sin féin, i ndáil leis na lamháltais arna ndámhachtain ag an údarás conarthach ar mhaithe le gníomhaíocht a dhéanamh seachas na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, ní féidir gur mó aon mhéadú ar an tsuim ná 50 % de mhéid an lamháltais tosaigh. I gcás ina ndéantar roinnt leasuithe i ndiaidh a chéile, beidh feidhm ag an teorainn sin maidir le suim gach leasaithe. Ní fheictear trí na leasuithe sin faoi seach le dul timpeall ar an Treoir seo;

c)

i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

i)

tá gá leis an leasú de bharr cúinsí nárbh fhéidir le húdarás conarthach dícheallach nó eintiteas conarthach dícheallach a thuar;

ii)

ní athraítear cineál iomlán an lamháltais leis an leasú;

iii)

i ndáil leis na lamháltais arna ndámhachtain ag an údarás conarthach ar mhaithe le gníomhaíocht a dhéanamh seachas na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, ní féidir gur mó aon mhéadú ar an tsuim ná 50 % de mhéid an lamháltais tosaigh. I gcás ina ndéantar roinnt leasuithe i ndiaidh a chéile, beidh feidhm ag an teorainn sin maidir le suim gach leasaithe. Ní fheictear trí na leasuithe sin faoi seach le dul timpeall ar fhorálacha na Treorach seo.

d)

i gcás ina dtagann lamháltóir nua in ionad an lamháltóra dar dhámh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach an lamháltas ar dtús:

[...]

ii)

sna sála ar theacht duine i gcomharbas go hiomlán nó go páirteach ar an lamháltóir tosaigh, i ndiaidh oibríochtaí maidir leis an gcuideachta a athstruchtúrú, go háirithe ceannach, cumasc, fáil, dócmhainneacht oibreora eacnamaíoch eile lena gcomhlíontar na critéir roghnúcháin cháilíochtúla arna mbunú ar dtús, ar choinníoll nach bhfuil mór-mhodhnuithe eile ar an gconradh i gceist leis sin agus nach bhféachtar leis feidhm na Treorach seo a sheachaint; [...]

[...]

e)

i gcás nach leasuithe móra iad na leasuithe de réir mhír 4, gan beann ar an tsuim ag baint leo.

[...]

4.   Measfar gur leasú mór ar lamháltas reatha de réir bhrí mhír (1)(e) atá ann i gcás ina bhfágtar leis go bhfuil difear mór idir tréithe an lamháltais agus na tréithe a beartaíodh dó ar dtús. [...]

[...]

5.   Beidh gá le nós imeachta dámhachtana lamháltais nua i gcomhréir leis an Treoir seo le haghaidh leasuithe eile ar fhorálacha lamháltais reatha seachas na leasuithe sin dá bhforáiltear faoi mhíreanna 1 agus 2.’

9

De réir na chéad fhomhíre d’Airteagal 51(1)(a) den Treoir sin:

‘Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 18 Aibreán 2016. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún [Eorpach] faoi láithreach.’

10

Foráiltear an méid seo a leanas sa dara fomhír d’Airteagal 54 den Treoir sin:

‘Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le dámhachtain lamháltas a tairgeadh nó a dámhadh roimh an 17 Aibreán 2014.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 2014/24

11

Luaitear an méid seo a leanas in aithris 122 de Threoir 2014/24:

‘Foráiltear le Treoir 89/665/CEE go mbeidh nósanna imeachta athbhreithniúcháin áirithe inrochtana ar a laghad do gach duine a bhfuil nó a raibh leas aige conradh áirithe a fháil agus a ndearnadh dochar dó nó a bhfuil baol ann go ndéanfar dochar dó trí shárú líomhainte ar dhlí an Aontais i réimse an tsoláthair phoiblí nó ar rialacha náisiúnta lena ndéantar an dlí sin a thrasuí. Níor cheart go ndéanfaí difear do na nósanna imeachta athbhreithnithe sin leis an Treoir seo. Mar sin féin, beidh leas dlisteanach, mar cháiníocóirí, i nósanna imeachta soláthair iomchuí ag saoránaigh agus na páirtithe lena mbaineann, cé acu a mbeidh siad eagraithe nó nach mbeidh, agus ag daoine nó comhlachtaí eile nach bhfuil rochtain acu ar nósanna imeachta athbhreithnithe de bhun Threoir 89/665/CEE. Ba cheart an deis a bheith acu, dá bhrí sin, sáruithe féideartha ar an Treoir seo a thuairisciú d’údarás inniúil nó d’eagraíocht inniúil, seachas tríd an gcóras leigheasanna dá bhforáiltear i dTreoir 89/665/CEE agus gan locus standi a dheonú dóibh i gcónaí [...]’

12

De réir Airteagal 72(1)(c) agus (d) de Threoir 2014/24:

‘Féadfar conarthaí agus creat-chomhaontuithe a leasú gan nós imeachta soláthair nua i gcomhréir leis an Treoir seo in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

[...]

c)

i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

i)

ní fhéadfadh údarás conarthach dúthrachtach na cúinsí is cúis leis an leasú a thuar roimh ré;

ii)

ní athróidh an leasú cineál ginearálta an chonartha;

iii)

ní bheidh aon mhéadú ar phraghas níos airde ná 50 % de luach an chonartha bunaidh nó an chreat-chomhaontaithe bunaidh. I gcás ina ndéanfar roinnt leasuithe i ndiaidh a chéile, beidh feidhm ag an teorainn sin maidir le luach na leasuithe go léir. Ní fheictear trí na leasuithe sin faoi seach le dul timpeall ar fhorálacha na Treorach seo;

d)

i gcás ina dtagann conraitheoir nua in ionad an chonraitheora dár dhámh an t-údarás conarthach an conradh ar dtús mar thoradh ar cheachtar de na nithe seo a leanas:

[...]

ii)

tar éis comharbas go hiomlán nó go páirteach an pháirtí chonarthaigh bunaidh, i ndiaidh oibríochtaí maidir leis an gcuideachta a athstruchtúrú, go háirithe ceannach, cumasc, fáil, dócmhainneacht oibreora eacnamaíoch eile lena gcomhlíontar na critéir roghnúcháin cháilíochtúla arna mbunú ar dtús, ar choinníoll nach bhfuil leasuithe substaintiúla eile ar an gconradh i gceist leis sin agus nach bhféachtar leis feidhm na Treorach seo a sheachaint; nó [...]

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 89/665

13

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 1 de Threoir 89/665, arna leasú le Treoir 2014/23 (‘Treoir 89/665’), dar teideal ‘Raon feidhme agus inrochtaineacht nósanna imeachta athbhreithnithe’:

‘1.   [...]

Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le lamháltais arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha, dá dtagraítear le Treoir 2014/23/AE […], seachas má dhéantar na lamháltais sin a eisiamh i gcur i bhfeidhm Airteagail 10, 11, 12, 17 agus 25 den Treoir sin.

[...]

Déanfaidh na Ballstáit, maidir le nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/24/AR nó Treoir 2014/23/AE, na bearta uile is gá chun a áirithiú go bhféadfar athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh ar chinntí arna nglacadh ag údaráis chonarthacha agus, go háirithe, chomh tapa agus is féidir, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 2 go 2f den Treoir seo, ar an bhforas gur sáraíodh dlí an Aontais Eorpaigh leis na cinntí sin i réimse an tsoláthair phoiblí nó rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an dlí sin.

[...]

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta athbhreithnithe ar fáil, de réir rialacha mionsonraithe a fhéadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ar a laghad d’aon duine a bhfuil nó a raibh leas aige conradh ar leith a fháil agus a ndearnadh dochar dó nó a bhfuil baol ann go ndéanfar dochar dó trí shárú líomhnaithe.

[...]’

14

De bhun Airteagal 2f de Threoir 89/665:

‘Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mór go ndéanfaí athbhreithniú a thionscnamh de bhun Airteagal 2d(1):

a)

sula rachaidh teorainn ama 30 lá féilire ar a laghad in éag le héifeacht ón lá tar éis an dáta:

ar a d’fhoilsigh an t-údarás conarthach an fógra dámhachtana conartha i gcomhréir le hAirteagail 50 agus 51 de Threoir 2014/24/AE nó Airteagail 31 agus 32 de Threoir 2014/23/AE, ar choinníoll go bhfuil san fhógra sin an t-údar atá le cinneadh an údaráis chonarthaigh chun an conradh a dhámhachtain gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó

ar ar chuir an t-údarás conarthach in iúl do na tairgeoirí agus do na hiarrthóirí lena mbaineann gur tugadh an conradh i gcrích, ar choinníoll go mbeidh achoimre ar na cúiseanna ábhartha ag gabháil leis an bhfaisnéis sin [...]

b)

agus in aon chás roimh dhul in éag tréimhse 6 mhí ar a laghad le héifeacht ón lá tar éis an dáta a thugtar an conradh i gcrích.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Gearmáine

GWB

15

Bunaítear, le cuid 4 den Gesetz gegen Wettbewerbsbeschränkungen (Dlí i gcoinne Srianta ar an Iomaíocht) an 26 Meitheamh 2013 (BGBI. 2013 I, lch. 1750) sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘GWB’), na rialacha maidir le conarthaí poiblí a dhámhachtain agus áirítear léi, inter alia, Airteagail 132, 135 agus 154 de GWB.

16

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 132 de GWB, dar teideal ‘Leasú ar chonarthaí le linn a dtéarma’:

‘(1) Beidh gá le nós imeachta dámhachtana nua chun aon leasú substaintiúil a dhéanamh ar chonradh poiblí le linn a théarma. Is substaintiúil iad leasuithe más é an toradh a bhíonn orthu go mbíonn difríocht shuntasach idir an conradh poiblí agus an conradh poiblí a dámhadh ar dtús. [...]

[...]

(2) Gan dochar d’fhomhír (1), is féidir conradh poiblí a leasú gan tús a chur le nós imeachta soláthair nua sna cásanna seo a leanas:

[...]

3.

go bhfuil gá leis an leasú de bharr cúinsí nach bhféadfadh údarás conarthach poiblí dícheallach a thuar, agus nach n-athrófar cineál ginearálta an chonartha leis an leasú [...]

[...]

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí 2 agus 3 den chéad abairt, ní fhéadfar an praghas a mhéadú níos mó ná 50 % de luach an chonartha tosaigh. [...]

[...]’

17

Foráiltear le hAirteagal 135 de GWB, dar teideal ‘Neamhéifeachtacht’:

‘(1) Beidh conradh poiblí neamhéifeachtach ón tús i gcás ina ndéanann an t-údarás conarthach an méid seo a leanas

[...]

2.

dámhann sé an conradh gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toisc go bhfuil an foilsiú sin éigeantach i gcomhréir leis an dlí,

agus ní fhógraítear an sárú sin i gcomhthéacs imeachtaí athbhreithnithe.

(2) Ní fhéadfar neamhéifeachtacht a thagraítear i bhfomhír 1 a dhearbhú ach amháin má phléadáiltear í in imeachtaí athbhreithnithe laistigh de 30 lá féilire ón dáta a chuir an t-údarás conarthach in iúl do na tairgeoirí agus do na hiarrthóirí lena mbaineann gur tugadh an conradh i gcrích, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis thabhairt i gcrích an chonartha sin. Má d’fhoilsigh an t-eintiteas conarthach an chonartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, rachaidh an teorainn ama maidir le neamhéifeachtacht na pléadála in éag 30 lá féilire tar éis fhoilsiú an fhógra dámhachtana conartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

[...]’

18

De réir Airteagal 154 de GWB, dar teideal ‘Forálacha eile is infheidhme’:

‘Ina theannta sin, maidir le lamháltais a dhámhachtain, beidh feidhm mutatis mutandis [...] ag na forálacha seo a leanas:

[...]

3.

Airteagal 131(2) agus (3) agus Airteagal 132 [...],

[...]

4.

Airteagail 133 go 135,

[...]’

An SchnellLG

19

De réir na chéad abairte d’Airteagal 5(3) den Gesetz über die Bereitstellung flächendeckender Schnellladeinfrastruktur für reine Batterieelektrofahrzeuge (an tAcht maidir le bonneagair athluchtaithe ardchumhachta a chur ar fáil d’fheithiclí ceallra-leictreacha lena gcumhdaítear an críoch iomlán) an 25 Meitheamh 2021 (BGBI 2021 I, lch. 2141, ‘SchnellLG’), ní mór rogha a thabhairt do shealbhóir lamháltais chun seirbhís choimhdeach a oibriú ar mhótarbhealaí feidearálacha, le stáisiún seirbhíse maidir le suiteáil, cothabháil agus oibriú na bpointí athluchtaithe ardchumhachta atá beartaithe don suíomh lena mbaineann ar bhonn tráchtála, más gá sin agus mura bhfuil sé ar neamhréir le Cuid 4 de GWB.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

20

Is cuideachta é Autobahn des Bundes, arb é an cosantóir sna príomhimeachtaí, a oibríonn faoin dlí príobháideach agus is maoin dhoshannta de chuid Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine é. Chuir an Bundesministerium für Verkehr und digitale Infrastruktur (Aireacht Chónaidhme Iompair agus Bonneagair Dhigitigh, an Ghearmáin) de chúram air, le héifeacht ón 1 Eanáir 2021, pleanáil, tógáil, oibriú, cothabháil, maoiniú agus bainistiú sócmhainní mótarbhealaí feidearálacha na Gearmáine.

21

Oibrítear saoráidí seirbhísí coimhdeacha, amhail stáisiúin seirbhíse agus aisiriúintí, ar níos mó ná 400 limistéar seirbhíse ar ghréasán mótarbhealaí na Gearmáine. Ar dtús, ba é Gesellschaft für Nebenbetriebe der Bundes-Ahnen mbH, a bhunaigh Poblacht Chónaidhme na Gearmáine in 1951, oibreoir na saoráidí sin. Le linn 1994, rinneadh an chuideachta sin a athainmniú mar Tank & Rast AG, agus lean Poblacht Chónaidhme na Gearmáine de bheith mar an t-aon scairshealbhóir den chuideachta sin. Le linn na bliana céanna, rinne Tank & Rast Ostdeutsche Autobahntankstellengesellschaft mbH a athcheannach.

22

Idir 1996 agus 1998 rinne Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, gan glao ar thairiscintí a fhoilsiú roimh ré, thart ar 280 conradh lamháltais maidir le seirbhísí coimhdeacha a oibriú ar mhótarbhealaí feidearálacha na Gearmáine, le huastéarma 40 bliain, a thabhairt i gcrích le Tank & Rast.

23

Rinneadh na conarthaí sin, atá ann fós, a tharraingt suas ar bhonn múnla lamháltais faoina bhféadfaidh an lamháltóir saoráid seirbhíse coimhdí a thógáil agus a oibriú, ar mhaithe le húsáideoirí mhótarbhealaí feidearálacha na Gearmáine, ar láithreán oibríochtúil áirithe. Mar mhalairt air sin, ní mór don lamháltóir táille a íoc atá comhréireach lena láimhdeachas. Áirítear leis na conarthaí sin plean oibríochta ina leagtar amach líon socraithe caidéal breosla agus spásanna páirceála chomh maith le bialann agus leithris phoiblí, agus ós rud é nach mór go mbeidh gach saoráid seirbhíse coimhdí inrochtana ar bhonn 24 huaire an chloig.

24

Le linn 1998, chuir údaráis na Gearmáine tús le próiseas príobháidithe do Tank & Rast ar ghlac thart ar 50 iarrthóir náisiúnta agus eachtrannach páirt ann. Is as an bpróiseas sin a d’eascair athcheannach Tank & Rast ag cuibhreannas ina raibh LSG Lufthansa Service Holding AG, Allianz Capital Partners GmbH agus trí chiste infheistíochta Tank & Rast. Mar thoradh ar na hathruithe ar ainm na cuideachta, chruthaigh Tank & Rast lamháltóirí reatha na limistéir seirbhíse, eadhon, Autobahn Tank & Rast GmbH agus Ostdeutsche Autobahntankstellen GmbH, arb iad idiragraithe os comhair na cúirte a rinne an tarchur.

25

Idir 1999 agus 2019, bronnadh thart ar 80 lamháltas eile ar Autobahn Tank & Rast agus Ostdeutsche Autobahntankstellen, ar dámhadh 19 lamháltas díobh tar éis glao ar thairiscintí. Dá bhrí sin, rinneadh lamháltóirí de thart ar 90 % de na saoráidí seirbhísí coimhdeacha uile a bhí ann cheana de na cuideachtaí sin.

26

An 28 Aibreán 2022, thug Die Autobahn des Bundes gach ceann den 360 conarthaí lamháltais lena mbaineann i gcrích le Autobahn Tank & Rast agus Ostdeutsche Autobahntankstellen de bhun Airteagal 5(3) de SchnellLLG ar dá réir a dtacaíonn siad le suiteáil, cothabháil agus oibriú bonneagair athluchtaithe ardchumhachta sna limistéir seirbhíse lena mbaineann, rud a chiallaíonn freisin go mbeidh gá le hoibleagáid líon áirithe pointí luchtaithe a chur ar fáil do gach láithreán (‘an leasú atá i gceist sna príomhimeachtaí’).

27

D’fhoilsigh an Autobahn des Bundes tuairim maidir leis an leasú sin san Fhorlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. De réir an fhógra sin, bhí údar le glao ar thairiscintí a tharscaoileadh i bhfianaise Airteagal 132 de GWB. Bhí gá le bonneagair athluchtaithe ardchumhachta a chur ar fáil mar sheirbhís bhreise sna conarthaí lamháltais agus ní fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir leis sin tráth a tugadh na conarthaí sin i gcrích.

28

Thug Fastned agus Tesla Germany GmbH (‘Tesla’), a oibríonn bonneagar luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha, caingean os comhair an Vergabekammer des Bundes (Bord um Athbhreithniú ar Sholáthar Poiblí na Cónaidhme) ag iarraidh go dtionscnófaí imeachtaí athbhreithnithe i gcoinne an leasaithe atá i gceist sna príomhimeachtaí. Mar thaca leis an iarraidh sin, mhaígh siad go raibh an leasú sin neamhbhailí faoi Airteagal 135(1)(2) de GWB ar an bhforas gur tugadh é i gcrích gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré ar fud an Aontais. Dar le Fastned agus Tesla, níorbh fhéidir an leasú a bhunú ar Airteagal 132 de GWB, ós rud é nach bhfuil feidhm ag Tesla maidir le lamháltais nár dámhadh i gcomhthéacs glao ar thairiscintí.

29

Le hordú an 15 Meitheamh 2022, dhiúltaigh Bord um Athbhreithniú ar Sholáthar Poiblí na Cónaidhme don iarraidh sin.

30

Rinne Fastned agus Tesla achomharc i gcoinne an ordaithe sin os comhair Oberlandesgericht Düsseldorf (Ard-Chúirt Réigiúnach, Düsseldorf, an Ghearmáin) arb í an chúirt a rinne an tarchur. Chun tacú leis an gcaingean sin, d’áitigh siad nach bhfuil feidhm ag Airteagal 132(1) agus (2) de GWB maidir le leasú ar chonradh poiblí a dámhadh ar dtús d’eintiteas inmheánach, gan glao ar thairiscintí. Bheadh conclúid den sórt sin bailí, a fortiori, i gcás lamháltas a dámhadh ar dtús gan glao ar iomaíocht d’fhonn an lamháltóir a phríobháidiú agus, dá bhrí sin, na rialacha ábhartha a shárú.

31

Dar leis an gcúirt sin, is é an t-aon ghné chinntitheach chun an díospóid atá os a comhair a chinneadh ná an dtagann an leasú atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi Airteagal 135(1)(2) de GWB agus, dá bhrí sin, tá sé neamhbhailí.

32

I ndáil leis sin, measann an chúirt sin go gcomhlíontar na coinníollacha substaintiúla dá bhforáiltear le pointe 3 d’Airteagal 132(2) de GWB. Go deimhin, ar an gcéad dul síos, ní fhéadfadh an t-údarás conarthach foráil a dhéanamh in aon chás, maidir leis na conarthaí lamháltais a tugadh i gcrích le linn na tréimhse idir 1996 agus 1998, maidir leis an ngá atá le bonneagar athluchtaithe leictrigh ardchumhachta i limistéir seirbhíse ar mhótarbhealaí feidearálacha na Gearmáine ná maidir le hoibleagáid dhlíthiúil a thabhairt isteach chun an bonneagar sin a bhunú. Ar an dara dul síos, ní athraítear cineál foriomlán na lamháltas lena mbaineann leis an leasú atá i gceist sna príomhimeachtaí. Ar an tríú dul síos, ní mhéadódh luach an chonartha bunaidh níos mó ná 50 %.

33

Mar sin féin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go bhfuil amhras uirthi faoin gceist an bhfuil feidhm ag Airteagal 132(2)(3) de GWB, lena mbeartaítear Airteagal 72(1)(c) de Threoir 2014/24 a thrasuí i ndlíchóras na Gearmáine, maidir le leasú ar chonarthaí arna dtabhairt i gcrích, lasmuigh de raon feidhme Chuid 4 de GWB, le heintiteas inmheánach de chuid an údaráis chonarthaigh, i gcás nach gcomhlíontar na critéir maidir le dámhachtain inmheánach a thuilleadh ar dháta an leasaithe sin, ós rud é go bhfuil caipiteal an lamháltóra 100 % faoi úinéireacht infheisteoirí príobháideacha anois.

34

Tá an pointe sin cinntitheach chun an díospóid os comhair na cúirte sin a réiteach, ós rud é, de réir na cúirte sin, go bhfuil an leasú atá i gceist sna príomhimeachtaí ‘substaintiúil’ de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 132(1) de GWB. Dá bhrí sin, is ábhartha an cheist ar ceadaíodh le hAirteagal 132(2)(3), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 154(3) de GWB, don údarás conarthach an leasú sin a chinneadh le Autobahn Tank & Rast agus Ostdeutsche Autobahntankstellen gan nós imeachta dámhachtana nua a thionscnamh. Níl freagra ar an gceist sin soiléir ó fhoclaíocht Airteagal 72 de Threoir 2014/24 ná ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais.

35

I ndáil leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, inter alia, go bhféadfaí míreanna 41 go 43 de bhreithiúnas an 12 Bealtaine 2022, Comune di Lerici (C-719/20, EU:C:2022:372) a thuiscint sa chaoi gur cheart conarthaí arna ndámhadh ar dtús d’eintiteas inmheánach a eisiamh ó raon feidhme Airteagal 72 de Threoir 2014/24 agus, dá thoradh sin, ó raon feidhme Airteagal 72(1)(c) den Treoir sin, arb é an fhoráil ábhartha sa chás seo, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dámhachtain inmheánach a thuilleadh ar dháta leasaithe conartha den sórt sin.

36

Measann an chúirt sin, áfach, nach mbaineann sé le hábhar, chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 72, an raibh dámhachtain tosaigh na lamháltas lena mbaineann, idir 1996 agus 1998, i gcomhréir leis an dlí soláthair phoiblí nó arbh ionann príobháidiú Tank Rast, a tharla in 1998, agus leasú substaintiúil ar na lamháltais sin. Go deimhin, tá an tréimhse 6 mhí a leagtar síos in Airteagal 135(2) de GWB, chun críocha Airteagal 2f(1) de Threoir 89/665 a thrasuí i ndlíchóras na Gearmáine, imithe in éag le fada. Chuirfí bac le cuspóir na tréimhse teorann sin, eadhon deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, dá bhféadfaí dlíthiúlacht dhámhachtain tosaigh an chonartha nó na leasuithe roimh dháta dhul in éag na tréimhse sin a thabhairt faoi cheist tar éis an dáta sin, i gcomhthéacs iarratas le haghaidh neamhniú ar leasú iardain ar an gconradh lena mbaineann.

37

Sna himthosca sin, chinn Oberlandesgericht Düsseldorf (Ard-Chúirt Réigiúnach, Düsseldorf) na himeachtaí a chur ar fionraí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

‘An gcaithfear Airteagal 72(1)(c) de Threoir 2014/24/AE a léiriú sa chaoi go n-áirítear lena raon feidhme freisin conarthaí poiblí a bronnadh ar eintitis inmheánacha roimhe sin lasmuigh de raon feidhme Threoir 2014/24/AE ach nach bhfuil coinníollacha maidir le soláthar inmheánach infheidhme ina leith tráth athraithe an chonartha?’

Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

38

I gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 16 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, rinne Poblacht Chónaidhme na Gearmáine iarratas, an 25 Márta 2024, go n-éistfeadh an Mór-Dhlísheomra leis an gcás láithreach seo, ar ghlac an Chúirt leis an 4 Meitheamh 2024.

39

An 17 Iúil 2024, chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl don Chúirt Bhreithiúnais gur tharraing Tesla siar na himeachtaí a bhí ar feitheamh os a comhair.

An cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

Barúlacha tosaigh

40

Iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Bhreithiúnais maidir le léiriú Airteagal 72(1)(c) de Threoir 2014/24, a bhaineann le conarthaí poiblí a dhámhachtain.

41

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil an cheist an bhfuil idirbheart le haicmiú mar ‘chonradh poiblí’ de réir bhrí Threoir 2014/24 nó mar ‘lamháltas’, de réir bhrí Threoir 2014/23, le meas ach amháin i bhfianaise dhlí an Aontais (breithiúnas an 15 Deireadh Fómhair 2009, Acoset, C-196/08, EU:C:2009:628, mír 38).

42

Sa chás seo, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, inter alia, ar thaobh amháin, go dtugtar ceart do Autobahn Tank & Rast agus Ostdeutsche Autobahntankstellen, leis na conarthaí a bhaineann leis an leasú atá i gceist, na saoráidí seirbhísí coimhdeacha a oibriú chun freastal ar riachtanais úsáideoirí mhótarbhealaí feidearálacha na Gearmáine agus, ar thaobh eile, táille lamháltais a íoc atá comhréireach lena láimhdeachas.

43

Sular glacadh Treoir 2014/23, glacadh leis nach ón údarás poiblí lena mbaineann a tháinig luach saothair chomhpháirtí conarthach an údaráis chonarthaigh, ach gur as na méideanna arna n-íoc ag tríú páirtithe as úsáid na n-oibreacha nó na seirbhísí lena mbaineann a tháinig sé, rud a thugann le tuiscint go nglacann an soláthraí seirbhíse an riosca oibriúcháin ábhartha agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ina shaintréith de lamháltas, seachas de chonradh poiblí (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Deireadh Fómhair 2005, Parking Brixen, C-458/03, EU:C:2005:605, mír 40). Cumhdaítear an critéar sin chun idirdhealú a dhéanamh idir lamháltas agus conradh poiblí, a thuairiscítear in aithris 18 de Threoir 2014/23, anois le hAirteagal 5(1) den Treoir sin.

44

Dá bhrí sin, i bhfianaise na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, ní mór a mheas, mar a rinne an tAbhcóide Ginearálta i mír 32 dá Thuairim, go mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí le conarthaí lamháltais agus, sa chomhthéacs sin, go n-iarrann an chúirt sin ar an gCúirt faoi léiriú Airteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23, lena leagtar síos na coinníollacha faoina bhféadfar lamháltas a leasú, gan nós imeachta dámhachtana nua, ar chúiseanna a bhaineann le cúinsí nach bhféadfadh údarás conarthach dícheallach a thuar roimh ré, arb ionann a fhoclaíocht go bunúsach agus foclaíocht Airteagal 72(1)(c) de Threoir 2014/24.

45

Ní mór a mheas, dá bhrí sin, go n-iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23 a léiriú sa chaoi, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin, go bhféadfar lamháltas a leasú gan nós imeachta dámhachtana nua, fiú i gcás inar dámhadh an lamháltas sin, gan glao ar thairiscintí, ar eintiteas inmheánach agus ina ndéantar an lamháltas sin a leasú nuair nach bhfuil stádas eintitis inmheánaigh ag an lamháltóir a thuilleadh.

Coinníollacha chun Airteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23 a chur i bhfeidhm

– Tionchar chaillteanas stádas an lamháltóra mar eintiteas inmheánach idir dáta dámhachtana an lamháltais lena mbaineann agus dáta a leasaithe

46

Chun freagra a thabhairt ar an gceist a tharchuirtear, is gá soiléiriú a dhéanamh, ar an gcéad dul síos, ar raon feidhme rialacha dhlí an Aontais lena rialaítear deonú lamháltais d’eintiteas inmheánach agus, ar an dara dul síos, ar na hiarmhairtí a eascraíonn, i bhfianaise chur i bhfeidhm na rialacha sin, as caillteanas a stádais mar eintiteas inmheánach ag an lamháltóir, le linn fheidhmiú an lamháltais lena mbaineann.

47

I ndáil leis sin, sa chéad áit, sular glacadh Treoir 2014/23, glacadh leis go raibh an fhéidearthacht ag údarás poiblí na cúraimí ar mhaithe le leas an phobail a bhí air a dhéanamh a chomhlíonadh trína mhodhanna féin riaracháin, teicniúla agus eile, gan oibleagáid a bheith air iarraidh ar eintitis sheachtracha nach cuid dá ranna iad (breithiúnas an 11 Eanáir 2005, Stadt Halle agus RPL Lochau, C-26/03, EU:C:2005:5, mír 48). Maidir le lamháltais, cumhdaítear agus soiléirítear an fhéidearthacht sin anois in Airteagal 2 de Threoir 2014/23, dar teideal ‘Prionsabal an tsaor-riaracháin ag údaráis phoiblí’.

48

Dá bhrí sin, dhéanfaí cur i bhfeidhm rialacha dhlí an Aontais maidir le lamháltais a eisiamh más rud é, ag an am céanna, go raibh an rialú a d’fheidhmigh an t-údarás conarthach ar an lamháltóir cosúil leis an rialú a d’fheidhmigh sé ar a ranna féin agus má rinne an lamháltóir an chuid is tábhachtaí dá ghníomhaíochtaí leis an údarás conarthach a raibh sé ina sheilbh aige (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Deireadh Fómhair 2005, Parking Brixen, C-458/03, EU:C:2005:605, mír 62 agus an 15 Deireadh Fómhair 2009, Acoset, C-196/08, EU:C:2009:628, mír 51). Go deimhin, i gcás dámhachtain inmheánach den sórt sin, measadh go ndeachaigh an t-údarás conarthach ar iontaoibh a acmhainní féin, ós rud é, fiú dá mbeadh an lamháltóir leithleach go dlíthiúil ón údarás conarthach, go bhféadfaí caitheamh leis, sa chleachtas, ar an mbealach céanna le ranna inmheánacha an údaráis chonarthaigh, agus mar thoradh air sin ní raibh glao ar iomaíocht éigeantach (féach, de réir analaí, breithiúnais an 10 Meán Fómhair 2009, Sea, C-573/07, EU:C:2009:532, mír 36, agus an 12 Bealtaine 2022, Comune di Lerici, C-719/20, EU:C:2022:372, mír 33). Déantar na prionsabail sin a chumhdach agus a shoiléiriú anois in Airteagal 17 de Threoir 2014/23, lena leagtar amach na coinníollacha nach dtagann lamháltas idir eintitis ar leis an earnáil phoiblí iad faoi raon feidhme na Treorach sin.

49

Sa dara háit, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcás leasú substaintiúil ar chonradh lamháltais, gurb í an reachtaíocht i bhfeidhm ar dháta an leasaithe sin reachtaíocht an Aontais a bhfuil measúnú le déanamh ar an leasú sin dá réir, nach bhfuil aon iarmhairtí i ndáil leis sin ag baint le tabhairt i gcrích an chonartha lamháltais tosaigh roimh ghlacadh rialacha ábhartha an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnais an 19 Nollaig 2018, Stanley International Betting agus Stanleybet Malta, C-375/17, EU:C:2018:1026, míreanna 34 agus 35, agus an 2 Meán Fómhair 2021, Sisal agus páirtithe eile, C-721/19 agus C-722/19, EU:C:2021:672, mír 28).

50

Dá bhrí sin, is i bhfianaise fhorálacha Threoir 2014/23 gur gá scrúdú a dhéanamh an raibh gá le nós imeachta dámhachtana nua le haghaidh leasú amhail an leasú atá i gceist sna príomhimeachtaí, a rinneadh tar éis an 18 Aibreán 2016, an spriocdháta chun an Treoir sin a thrasuí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 51(1) di (féach, de réir analaí, breithiúnas an 12 Bealtaine 2022, Comune di Lerici, C-719/20, EU:C:2022:372, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51

I ndáil leis sin, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl, go bunúsach, i mír 55 dá Thuairim, más rud é, ar dháta an leasaithe ar chonradh lamháltais, go gcomhlíonann an lamháltóir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17 de Threoir 2014/23, féadfar an leasú sin a dhéanamh, in aon chás, gan nós imeachta dámhachtana nua agus gan beann ar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43 den Treoir sin. Os a choinne sin, más rud é, ar an dáta sin, nach gcomhlíonann an lamháltóir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17 a thuilleadh, cás ina n-iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt, ní fhéadfar an leasú sin a dhéanamh gan nós imeachta dámhachtana nua ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43.

52

Ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil aon léiriú i bhfoclaíocht Airteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23, lena mbeartaítear go sonrach, mar is léir ó aithris 75 den Treoir sin, soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina n-éilítear nós imeachta dámhachtana nua le leasuithe ar lamháltas le linn oibríochta, nach féidir lamháltas a leasú gan nós imeachta den sórt sin, de bharr cúinsí nárbh fhéidir a thuar, de réir bhrí Airteagal 43(1)(c)(i), i gcás inar dámhadh é ar dtús d’eintiteas inmheánach gan glao ar thairiscintí agus ina dtarlaíonn an leasú lena mbaineann nuair nach bhfuil stádas eintitis inmheánachag an lamháltóir a thuilleadh. Go deimhin, ní mór go gcomhlíonfaí leasú den chineál sin leis an dá choinníoll eile, dá bhforáiltear le hAirteagal 43(1)(c)(ii) agus (iii), ach nach n-athraítear cineál foriomlán an lamháltais lena mbaineann leis an leasú sin agus nach sáraítear teorainneacha áirithe lena méid, gan aon tagairt, díreach nó indíreach, do nós imeachta tosaigh a bheith ann chun an lamháltas sin a dhámhachtain tar éis glao ar thairiscintí.

53

Ar an dara dul síos, ní cheadaítear le haon ghné de chomhthéacs Airteagal 43(1) a mheas nach féidir lamháltas arna dhámhachtain ar eintiteas inmheánach a leasú gan nós imeachta dámhachtana nua, tar éis cúinsí nárbh fhéidir a thuar a bheith ann, de réir bhrí Airteagal 43(1)(c)(i), más rud é, ar dháta an leasaithe lena mbaineann, nach bhfuil stádas eintitis inmheánaigh ag an lamháltóir a thuilleadh.

54

Go háirithe, ní féidir údar a thabhairt le cur chuige den sórt sin leis an ngné chomhthéacsúil dá bhforáiltear le hAirteagal 43(1)(d)(ii) de Threoir 2014/23, foráil arb ionann a hábhar, go bunúsach, agus ábhar Airteagal 72(1)(d)(ii) de Threoir 2014/24, arna léiriú ag an gCúirt i mbreithiúnas an 12 Bealtaine 2022, Comune di Lerici (C-719/20, EU:C:2022:372), arna lua ag an gcúirt a rinne an tarchur. Foráiltear le hAirteagal 43(1)(d)(ii) gur féidir lamháltas a leasú gan nós imeachta dámhachtana nua, nuair a chuirtear lamháltóir nua in ionad an lamháltóra tosaigh, inter alia, ar choinníoll go gcomhlíonann an lamháltóir sin na critéir roghnúcháin cháilíochtúla a bunaíodh ar dtús agus ar choinníoll nach bhfuil athruithe substaintiúla eile ar an gconradh i gceist leis sin nó nach bhfuil sé beartaithe leis dul timpeall ar chur i bhfeidhm Threoir 2014/23.

55

Thuig an Chúirt Bhreithiúnais ó fhoclaíocht Airteagal 72(1)(d)(ii) de Threoir 2014/24 nach féidir conraitheoir nua a chur in ionad conraitheoir den sórt sin ach amháin má cuireadh an conradh poiblí lena mbaineann faoi réir nós imeachta dámhachtana tosaigh i gcomhréir leis na ceanglais arna bhforchur leis an Treoir sin agus, dá bhrí sin, nach féidir le conraitheoir nua teacht in ionad an chonraitheora tosaigh gan nós imeachta soláthair nua, más rud é gur dámhadh an conradh sin d’eintiteas inmheánach ar dtús, gan glao ar iomaíocht (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Bealtaine 2022, Comune di Lerici, C-719/20, EU:C:2022:372, míreanna 41 agus 43).

56

Mínítear an ceanglas sin, áfach, nach mór a mheas, faoi Airteagal 43(1)(d)(ii) de Threoir 2014/23, go bhfuil feidhm aige freisin maidir le lamháltais, leis an bhfíoras, dá ndéanfaí lamháltas a dhámhachtain go hinmheánach ar dtús, de réir na brí a leagtar amach i míreanna 47 agus 48 den bhreithiúnas seo, tar éis nós imeachta nach bhfuil bunaithe ar chritéir roghnúcháin cháilíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 38 den Treoir sin, gurbh ionann oibreoir eile, nach eintiteas inmheánach é, a chur in ionad an lamháltóra tosaigh agus dámhachtain nua lamháltais, ar cheart é a bheith faoi réir na rialacha a eascraíonn as an Treoir sin.

57

Mar sin féin, ní hamhlaidh atá le leasú amhail an leasú atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach mbaineann, maidir le suiteáil, cothabháil agus oibriú bonneagair athluchtaithe leictrigh ardchumhachta oibríochtúil sna limistéir seirbhíse lena mbaineann, le caillteanas stádais inmheánaigh an lamháltóra, le linn 1998, ach le cuspóir an lamháltais, agus ní thagann sé, dá bhrí sin, faoi raon feidhme Airteagal 43(1)(d) de Threoir 2014/23.

58

Maidir le comhthéacs Airteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23 chomh maith, is fíor gur féidir na lamháltais a leasú, dar leis an bhfoclaíocht réamhráiteach den chéad mhír sin, gan ‘nós imeachta dámhachtana nua i gcomhréir leis an Treoir [seo]’. Mar sin féin, ní féidir a thuiscint as an abairt sin go mbeadh feidhm ag Airteagal 43 den Treoir sin ach amháin maidir le leasuithe a rinneadh ar lamháltais a dámhadh ar dtús i gcomhréir leis an Treoir sin. Go deimhin, i gcomhréir leis an gcásdlí a mheabhraítear i míreanna 49 agus 50 den bhreithiúnas seo, d’fhéadfadh leasuithe arna ndéanamh ar lamháltas tar éis an spriocdháta chun Treoir 2014/23 a thrasuí teacht faoi raon feidhme Airteagal 43 den Treoir sin, cé nach bhfuil feidhm ag an Treoir sin, faoin dara mír d’Airteagal 54 di, maidir le dámhachtain lamháltas a tairgeadh nó a dámhadh roimh an 17 Aibreán 2014 agus, dá bhrí sin, lasmuigh de nós imeachta dámhachtana i gcomhréir leis an Treoir sin. Dá bhrí sin, ní bheartaítear leis an abairt sin ach a cheangal, i gcás nach dtagann an leasú ar an lamháltas faoi cheann de na cásanna a liostaítear in Airteagal 43, nach mór é a dhéanamh tar éis nós imeachta dámhachtana atá i gcomhréir leis an Treoir sin.

59

Ar an tríú dul síos, maidir le cuspóir Airteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23, is léir ó aithris 76 den Airteagal sin go bhfuil sé d’aidhm ag an bhforáil sin solúbthacht a thabhairt d’údaráis chonarthacha chun bheith in ann lamháltas atá fós ar siúl a chur in oiriúint faoi chúinsí seachtracha nárbh fhéidir leo a thuar agus an lamháltas á dhámhachtain, go háirithe i gcás ina bhfeidhmítear an lamháltas ar feadh tréimhse fhada. Dá n-eisiafaí ó raon feidhme na forála sin cásanna inar bronnadh lamháltas ar eintiteas inmheánach ar dtús agus nach raibh an stádas sin ag an lamháltóir a thuilleadh ar dháta leasú chuspóir an lamháltais sin, chuirfí teorainn leis an bhféidearthacht an lánrogha sin a fheidhmiú ar chúis nach léir ó fhoclaíocht ná ó chomhthéacs na forála sin agus nach féidir a mheas, sna himthosca sin, go léiríonn siad rún reachtóir an Aontais.

60

Leanann sé ó na breithnithe roimhe seo nach mór Airteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23 a léiriú sa chaoi, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin, go bhféadfar lamháltas a leasú gan nós imeachta dámhachtana nua, fiú i gcás inar dámhadh an lamháltas sin ar dtús, gan glao ar thairiscintí, ar eintiteas inmheánach agus ina ndéantar an lamháltas sin a leasú nuair nach bhfuil stádas eintitis inmheánaigh ag an lamháltóir a thuilleadh.

– Tionchar dhlíthiúlacht dhámhachtain tosaigh an lamháltais lena mbaineann

61

Mar sin féin, is gá scrúdú a dhéanamh ar an gceist an bhfuil cur i bhfeidhm Airteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23 faoi réir dhlíthiúlacht dhámhachtain tosaigh an lamháltais, i bhfianaise dhlí an Aontais, ós rud é go gcuireann sé isteach, go bunúsach, cur i bhfeidhm Airteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23. Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, i ndáil leis sin, go ndeachaigh an tréimhse achomhairc i gcoinne na ngníomhartha a bhaineann leis sin in éag le fada an lá, de réir bhrí Airteagal 135(2) de GWB, lena dtrasuitear Airteagal 2f(1) de Threoir 89/665 i ndlí na Gearmáine. Dá bhrí sin, is gá cinneadh a dhéanamh i dtaobh an gcaithfidh na Ballstáit cead a thabhairt do chúirteanna náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh, go hindíreach agus arna iarraidh sin, ar dhlíthiúlacht na dámhachtana tosaigh lamháltais i gcaingean le haghaidh neamhniú ar an leasú ar an lamháltas sin, i gcás ina dtionscnaíonn oibreoir an chaingean sin a léiríonn leas gan ach an chuid den lamháltas sin is ábhar don leasú sin a dhámhachtain, tar éis dhul in éag aon tréimhse dá bhforáiltear chun caingean dhíreach a thionscnamh chun an dámhachtain bhunaidh sin a chur ar neamhní.

62

Mar is léir ó aithris 81 de Threoir 2014/23 agus ón gceathrú fomhír d’Airteagal 1(1) de Threoir 89/665, is leis an Treoir dheireanach sin a bhunaítear rialacha ar dá réir a cheanglaítear ar na Ballstáit a chomhlíonadh chun a áirithiú go bhféadfar athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh ar chinntí arna nglacadh ag údaráis chonarthacha.

63

Ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, go bhfuil sé d’aidhm ag Treoir 89/665 a áirithiú go n-urramófar go hiomlán an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse neamhspleách agus neamhchlaon, a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i réimse áirithe an tsoláthair phoiblí agus na lamháltas (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2021, Klaipėdos regiono atliekų tvarkymo centras, C-927/19, EU:C:2021:700, mír 128). Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ceanglaítear le hAirteagal 1(3) den Treoir sin ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta athbhreithnithe ar fáil ar a laghad d’aon duine, gan beann ar a stádas foirmiúil mar thairgeoir nó mar iarrthóir, a bhfuil nó a raibh leas aige i gconradh poiblí nó lamháltas ar leith a fháil agus a ndearnadh díobháil dó nó a bhfuil baol ann go ndéanfaí dochar dó mar gheall ar shárú líomhnaithe (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Eanáir 2005, Stadt Halle agus RPL Lochau, C-26/03, EU:C:2005:5, mír 40, agus an 14 Bealtaine 2020, T-Systems Magyarország, C-263/19, EU:C:2020:373, mír 50).

64

Dá bhrí sin, le ceart oibreora eacnamaíoch chun caingean a thionscnamh, mar a ráthaítear le Treoir 89/665, ceanglaítear air a léiriú go bhfuil leas aige an lamháltas atá i gceist a dhámhachtain i gcomhthéacs nós imeachta nua chun an lamháltas sin a dhámhachtain (breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2021, Sisal agus páirtithe eile, C-721/19 agus C-722/19, EU:C:2021:672, mír 59).

65

Thairis sin, cé gur fíor nach gcuirtear toirmeasc le Treoir 89/665 ar na Ballstáit leigheasanna a sholáthar i bhfabhar daoine seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 1(3) den Treoir sin, is amhlaidh fós nach bhforchuirtear oibleagáid den sórt sin leis an Treoir ar na Stáit sin, rud a dhearbhaítear, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 86 agus i bhfonóta 61 dá Thuairim, le haithris 122 de Threoir 2014/24 (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2020, Hungeod agus páirtithe eile, C-496/18 agus C-497/18, EU:C:2020:240, míreanna 74 agus 80).

66

Ar an taobh eile, foráiltear leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 1(1) de Threoir 89/665 d’athbhreithniú éifeachtach agus, go háirithe, a thapa is féidir i gcoinne na gcinntí arna nglacadh ag údaráis chonarthacha maidir le conarthaí poiblí nó lamháltais lena bhféadfadh dlí an Aontais nó rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an dlí sin a shárú.

67

I ndáil leis sin, is é an cuspóir atá le teorainneacha ama réasúnta a leagan síos chun imeachtaí a thionscnamh, faoi urchosc ama, amhail iad siúd a leagtar síos leis an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 2f de Threoir 89/665 a áirithiú, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, nach féidir, tar éis dóibh dul in éag, agóid a dhéanamh a thuilleadh i gcoinne chinneadh an údaráis chonarthaigh ná neamhrialtacht a chruthú sa nós imeachta soláthair poiblí. Tá socrú na dteorainneacha ama sin comhoiriúnach leis an gceart bunúsach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus comhlíonann sé, i bprionsabal, an ceanglas éifeachtachta a eascraíonn as Treoir 89/665 (féach, chuige sin, breithiúnais an 12 Nollaig 2002, Universale-Bau agus páirtithe eile, C-470/99, EU:C:2002:746, míreanna 76 agus 79, agus an 11 Meán Fómhair 2014, Fastweb, C-19/13, EU:C:2014:2194, mír 58).

68

Thairis sin, is léir ón gcásdlí, fiú i gcás ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta, i bhfabhar údarás maoirseachta, do nós imeachta athbhreithnithe lena gceadaítear, go teagmhasach, sáruithe ar na rialacha maidir le soláthar poiblí a chinneadh d’fhonn pionós airgid a ghearradh ar na páirtithe conarthacha lena mbaineann, go gcuirtear cosc le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, atá ceangailteach, faoi dhlí an Aontais, ar aon údarás náisiúnta atá freagrach as an dlí sin a chur i bhfeidhm, ar nós imeachta den sórt sin a thionscnamh tar éis dhul in éag na dteorainneacha ama a leagtar síos leis an dlí náisiúnta is infheidhme ar dháta na ngníomhartha a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2020, Hungeod agus páirtithe eile, C-496/18 agus C-497/18, EU:C:2020:240, míreanna 90 agus 102).

69

Leanann sé ón méid sin nach gceanglaítear le hAirteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23 ná le Treoir 89/665 ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta athbhreithniú, go hindíreach agus arna iarraidh sin, ar dhlíthiúlacht na dámhachtana tosaigh lamháltais i gcaingean le haghaidh neamhniú ar leasú ar an lamháltas sin, i gcás ina ndéanann oibreoir a léiríonn leas gan ach an chuid den lamháltas sin is ábhar don leasú sin a dhámhachtain dó, an chaingean sin a thionscnamh tar éis dul in éag aon tréimhse dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 2f de Threoir 89/665 chun agóid a dhéanamh i gcoinne na dámhachtana tosaigh sin.

– An coincheap ‘leasú “a bhfuil gá leis”’ de bharr cúinsí nárbh fhéidir a thuar

70

Ina hiarraidh ar réamhrialú, cuireann an chúirt an rinne an tarchur in iúl, cé go bhfuil an leasú atá i gceist sna príomhimeachtaí ‘substaintiúil’ de réir bhrí na reachtaíochta ábhartha, go raibh an leasú sin riachtanach de bharr cúinsí nach raibh an t-údarás conarthach in ann a thuar ós rud é, go háirithe, nach bhféadfadh sé a bheith ag súil, in aon chás maidir leis na conarthaí lamháltais a tugadh i gcrích sa tréimhse ó 1996 go 1998, go dtiocfadh gá chun cinn le hoibreacha agus seirbhísí breise arb iad suiteáil, cothabháil agus oibriú bonneagair athluchtaithe ardchumhachta nó go mbunófaí oibleagáid dhlíthiúil chun bonneagar den sórt sin a bhunú.

71

I ndáil leis sin, is léir ó aithris 76 de Threoir 2014/23, i gcás ina bhfuil cúinsí seachtracha nach féidir a thuar os comhair na n-údarás conarthach, nach mór dóibh a bheith solúbtha go pointe áirithe chun an lamháltas a chur in oiriúint do na cúinsí sin gan nós imeachta dámhachtana nua a thionscnamh.

72

Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, mar is léir ó Airteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23, go bhfuil an fhéidearthacht lamháltas a leasú gan nós imeachta dámhachtana nua faoin bhforáil sin faoi réir trí choinníoll ar leith a chomhlíonadh. Áirítear dhá ghné sa chéad choinníoll, a leagtar amach in Airteagal 43(1)(c)(i), a bhaineann, ar an gcéad dul síos, le cúinsí nach bhféadfadh údarás conarthach dícheallach a thuar agus, ar an dara dul síos, leis an bhfíoras gur gá an lamháltas lena mbaineann a leasú mar gheall ar na cúinsí sin. Ceanglaítear leis an dara coinníoll, a leagtar amach in Airteagal 43(1)(c)(ii), nach n-athraítear cineál foriomlán an chonartha lamháltais atá i gceist leis an leasú lena mbaineann. Ceanglaítear leis an tríú ceann de na coinníollacha sin, a luaitear faoi Airteagal 43(1)(c)(iii), i bprionsabal, nach bhféadfaidh an méadú ar luach an chonartha sin a bheith níos mó ná 50 % de luach an lamháltais tosaigh.

73

Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, maidir leis an gcéad cheann de na coinníollacha sin, nach féidir a mheas, contrártha leis an méid a mheasann an chúirt a rinne an tarchur, gur ‘gá’ le leasú ar lamháltas toisc nach gcumhdaítear le téarmaí conarthacha an lamháltais sin an staid a eascraíonn as cúinsí nárbh fhéidir a thuar.

74

Mar is léir ón gcéad dá abairt d’aithris 76 de Threoir 2014/23, tá sé beartaithe leis an rogha a thugtar d’údaráis chonarthacha le hAirteagal 43(1)(c) den Treoir sin oibriú an lamháltais tosaigh a chaomhnú agus, dá bhrí sin, feidhmiú cuí na n-oibleagáidí a eascraíonn as sin a chaomhnú.

75

Dá bhrí sin, d’fhonn a mheas go bhfuil ‘gá’ le leasú ar lamháltas de bharr cúinsí nárbh fhéidir a thuar, ní mór go gceanglaítear leis na cúinsí sin freisin an lamháltas tosaigh a oiriúnú chun a áirithiú gur féidir leanúint dá fheidhmiú cuí.

76

Thairis sin, mar a meabhraíodh i mír 72 den bhreithiúnas seo, ní féidir údar a thabhairt le leasú ar chuspóir an lamháltais tosaigh de bharr cúinsí nárbh fhéidir a thuar, faoi Airteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23, i gcás ina n-athraítear cineál iomlán an lamháltais sin leis an leasú sin. Mar is léir ó aithris 76 den Treoir sin, is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás ina gcuirtear rud éigin difriúil nó i gcás ina n-athraítear an cineál lamháltais ó bhonn in ionad na n-oibreacha atá le déanamh nó na seirbhísí atá le soláthar.

77

Dá bhrí sin, ceadaítear le hAirteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23 leasú a bhaineann le síneadh ar ábhar an lamháltais tosaigh ar choinníoll, ar an gcéad dul síos, go bhfágann imthosca nach féidir a thuar tráth dheonú an lamháltais sin gur gá don leasú sin chun forfheidhmiú cuí na n-oibleagáidí a eascraíonn as an lamháltas sin a chaomhnú agus, ar an dara dul síos, nach dtugtar le tuiscint leis na hoibreacha nó na seirbhísí a chumhdaítear leis an síneadh sin, i bhfianaise a scála nó a ngnéithe sonracha i gcomparáid leis na hoibreacha nó na seirbhísí a bhí faoi réir an lamháltais chéanna, go bhfuil athrú ar chineál foriomlán an lamháltais sin.

78

Is faoin gcúirt náisiúnta atá sé, chomh maith lena áirithiú go gcomhlíontar an tríú coinníoll a leagtar amach i mír 72 den bhreithiúnas seo, a chinneadh an gcomhlíontar na critéir a leagtar amach sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo leis an leasú atá i gceist.

79

Dá gcinnfeadh an chúirt a rinne an tarchur nach gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23 leis an leasú sin, bheadh uirthi fós scrúdú a dhéanamh ar an gceist an bhféadfaí na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 43(1) (b) a chomhlíonadh leis an leasú sin.

80

I ndáil leis sin, ba cheart don chúirt sin, inter alia, a fhíorú, i gcomhréir le hAirteagal 43(1)(b)(i) agus (ii), nach bhféadfadh na hoibreacha nó na seirbhísí a chumhdaítear leis an leasú atá i gceist sna príomhimeachtaí, ó thaobh na heacnamaíochta agus na teicneolaíochta de, agus gan míchaoithiúlacht shuntasach ná iolrú costas a chruthú don údarás conarthach, a bheith faoi réir lamháltas neamhspleách arna dhámhachtain tar éis phróiseas tairisceana iomaíoch.

81

Ba cheart a lua freisin, de réir na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, go bhforáiltear leis an gcéad abairt d’Airteagal 5(3) de SchnellLG nach mór an deis a thabhairt do shealbhóir lamháltais chun saoráid seirbhíse coimhdí a oibriú ar mhótarbhealaí feidearálacha na Gearmáine, lena n-áirítear stáisiún peitril, suiteáil, cothabháil agus oibriú na bpointí athluchtaithe ardchumhachta dá bhforáiltear ar an láithreán lena mbaineann a thógáil. Mar sin féin, sonraíonn an chúirt sin freisin, de réir na forála sin, nach ann d’oibleagáid an údaráis chonarthaigh a mholadh don chonraitheoir sin na hoibreacha agus na seirbhísí a bhaineann leo a ghlacadh ar láimh ach amháin a mhéid nach gcuirtear cosc uirthi le Cuid 4 de GWB, lena dtrasuitear forálacha Threoir 2014/23 i ndlí na Gearmáine.

82

Is léir ó na breithnithe go léir roimhe seo gurb é an freagra ar an gceist a tarchuireadh nach mór Airteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23 a léiriú mar seo a leanas:

má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin, féadfar lamháltas a leasú gan nós imeachta dámhachtana nua, fiú i gcás inar dámhadh an lamháltas ar dtús, gan aon nós imeachta iomaíoch, ar eintiteas inmheánach agus ina ndéantar ábhar an lamháltais sin a leasú ar dháta nach bhfuil stádas eintitis inmheánaigh ag an lamháltóir a thuilleadh;

ní cheanglaítear leis ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta athbhreithniú, go hindíreach agus arna iarraidh sin, ar dhlíthiúlacht na dámhachtana tosaigh lamháltais i gcaingean le haghaidh neamhniú ar leasú ar an lamháltais sin, i gcás ina ndéanann oibreoir a léiríonn leas gan ach an chuid den lamháltas sin is ábhar don leasú sin a dhámhachtain an chaingean sin a thionscnamh tar éis dul in éag aon tréimhse dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 2f de Threoir 89/665/CEE chun agóid a dhéanamh i gcoinne na dámhachtana tosaigh sin;

tá ‘gá’ le leasú ar lamháltas, de réir bhrí Airteagal 43, más gá, de bharr cúinsí nárbh fhéidir a thuar, an lamháltas tosaigh a oiriúnú chun a áirithiú gur féidir leanúint dá fheidhmiú cuí.

Costais

83

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

‘Maidir le hAirteagal 43(1)(c) de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin, féadfar lamháltas a leasú gan nós imeachta dámhachtana nua, fiú i gcás inar dámhadh an lamháltas ar dtús, gan aon nós imeachta iomaíoch, ar eintiteas inmheánach agus ina ndéantar ábhar an lamháltais sin a leasú ar dháta nach bhfuil stádas eintitis inmheánaigh ag an lamháltóir a thuilleadh;

 

ní cheanglaítear leis ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta athbhreithniú, go hindíreach agus arna iarraidh sin, ar dhlíthiúlacht na dámhachtana tosaigh lamháltais i gcaingean le haghaidh neamhniú ar leasú ar an lamháltas sin, i gcás ina ndéanann oibreoir a léiríonn leas gan ach an chuid den lamháltas sin is ábhar don leasú sin a dhámhachtain an chaingean sin a thionscnamh tar éis dul in éag aon tréimhse dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 2f de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú a dhéanamh ar na dlíthe, ar na rialacháin agus ar na forálacha riaracháin a bhaineann le feidhmiú nósanna imeachta athbhreithnithe chun conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí a dhámhachtain, arna leasú le Treoir 2014/23, chun agóid a dhéanamh i gcoinne na dámhachtana tosaigh sin;

 

tá ‘gá’ le leasú ar lamháltas, de réir bhrí Airteagail 43, más gá, de bharr cúinsí nárbh fhéidir a thuar, an lamháltas tosaigh a oiriúnú chun a áirithiú gur féidir leanúint dá fheidhmiú cuí.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.

Top