Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CJ0187

Breithiúnas na Cúirte (An Cúigiú Dlísheomra) 2025 Eanáir 23.
Imeachtaí arna dtionscnamh ag E. V. G.-T.
Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 267 CFAE – An coincheap ‘cúirt nó binse’ – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Deimhniú Eorpach Comharbais – Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 – Airteagal 67(1) – Cinntí arna nglacadh ag an údarás eisiúna – Easpa fheidhmiú na feidhme breithiúnaí – Do-ghlacthacht.
Cás C-187/23.

Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2025:34

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)

23 Eanáir 2025 ( *1 ) ( i )

(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 267 CFAE – An coincheap ‘cúirt nó binse’ – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Deimhniú Eorpach Comharbais – Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 – Airteagal 67(1) – Cinntí arna nglacadh ag an údarás eisiúna – Easpa fheidhmiú na feidhme breithiúnaí – Do-ghlacthacht)

I gCás C‑187/23 [Albausy] ( ii ),

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Amtsgericht Lörrach (an Chúirt Dúiche, Lörrach, an Ghearmáin), trí bhreith an 21 Márta 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 23 Márta 2023, sna himeachtaí arna dtionscnamh ag

E. V. G.-T.

idiragraithe:

P. T.,

F. T.,

G. T.,

tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta de I. Jarukaitis (Rapóirtéir), Uachtarán an Ceathrú Dlísheomra, ag feidhmiú mar Uachtarán an Cúigiú Dlísheomra, D. Gratsias agus Z. Csehi, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: N. Mundhenke, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i dtaca le héisteacht an 31 Eanáir 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a cuireadh isteach thar ceann iad seo a leanas:

E. V. G.-T., ag T. C. Pfeiffer, Rechtsanwalt,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus M. Hellmann agus J. Simon, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Spáinne, ag I. Herranz Elizalde, i gcáil Gníomhaire,

an Coimisiún Eorpach, ag J. Vondung agus W. Wils, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 11 Aibreán 2024

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO 2012 L 201, lch. 107).

2

Rinneadh an iarraidh in imeachtaí arna dtionscnamh ag E. V. G.-T tar éis bhás a fir céile, chun críocha Deimhniú Eorpach Comharbais, lena ainmnítear í mar oidhre aonair, a eisiúint.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Rialachán Uimh. 650/2012,

3

Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 7, 8, 67 agus 71 de Rialachán Uimh. 650/2012:

‘(7)

Ba chóir oibriú ceart an mhargaidh inmheánaigh a éascú trí na baic ar shaorghluaiseacht daoine a bhfuil deacrachtaí acu faoi láthair a gcearta a fheidhmiú i gcomhthéacs comharbais a bhfuil impleachtaí trasteorann ag baint leis a dhíothú. Sa limistéar Eorpach ceartais, ní foláir do na saoránaigh a bheith in ann a gcomharbas a eagrú roimh ré. Ní foláir cearta na n‑oidhrí agus na leagáidithe, cearta na ndaoine eile a bhfuil dlúthbhaint acu leis an duine éagtha chomh maith le cearta chreidiúnaithe an chomharbais a ráthú ar bhealach éifeachtach.

(8)

| D'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart go dtabharfaí le chéile leis an Rialachán seo forálacha maidir leis an dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haitheantas nó, de réir mar a bheidh, le glacadh, le hinfhorfheidhmitheacht agus le forfheidhmiú cinntí, ionstraimí barántúla, agus socraíochtaí cúirte agus forálacha maidir leis an Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú.

[...]

(67)

Trí shocrú gasta, rianúil agus éifeachtach comharbais lena mbaineann impleachtaí trasteorann laistigh den Aontas [Eorpaigh], tugtar le tuiscint gur cheart go mbeadh oidhrí, leagáidithe nó seiceadóirí an uachta nó riarthóirí an eastáit in ann a stádas agus/nó a gcearta agus a gcumhachtaí a léiriú gan stró i mBallstát eile, mar shampla i mBallstát ina bhfuil maoin chomharbais suite. Chun go gcuirfí ar a gcumas an méid sin a dhéanamh, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do dheimhniú aonfhoirmeach a chruthú, an Deimhniú Eorpach Comharbais (dá ngairtear ‘an Deimhniú’ anseo feasta) a eiseofar lena úsáid i mBallstát eile. [...]

[...]

(71)

Ba cheart go mbeadh na héifeachtaí céanna ag an Deimhniú sna Ballstáit uile. Níor cheart go mbeadh sé ina theideal infhorfheidmithe ina cheart féin ach go mbeadh éifeacht fhianaiseach aige agus ba cheart go nglacfaí leis go léireofar go cruinn na heilimintí atá suite faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas nó faoi aon dlí eile is infheidhme maidir le heilimintí sonracha, amhail bailíocht shubstainteach diúscairtí maoine tráth báis. Níor cheart go gcuimseofaí le héifeacht fhianaiseach an Deimhnithe eilimintí nach bhfuil á rialú faoin Rialachán seo, amhail, ceist na cleamhnachta nó an cheist ar leis an duine éagtha sóchmhainn ar leith nó nár leis. [...]’

4

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 3 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘(1)   Chun críocha an Rialacháin seo:

[...]

c)

ciallaíonn “comhuacht” uacht a bheith tarraingthe suas ag beirt duine nó níos mó in aon ionstraim amháin;

[...]

g)

ciallaíonn “cinneadh” aon cinneadh a thugann cúirt de chuid Ballstáit ar ábhar comharbais, cibé ainm a thugtar ar an gcinneadh, lena n‑áirítear cinneadh maidir le cinneadh costas nó caiteachas arna dhéanamh ag oifigeach den chúirt;

[...]

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn an téarma “cúirt” aon údarás breithiúnach agus gach gairmí dlíthiúil eile a bhfuil inniúlacht acu maidir le hábhair chomharbais agus a fheidhmíonn feidhmeanna dlínse nó a ghníomhaíonn trí tharmligean cumhachta ó údarás breithiúnach nó a ghníomhaíonn faoi rialú údaráis bhreithiúnaigh, ar choinníoll go dtugann údaráis agus gairmithe dlíthiúla eile den sórt sin ráthaíocht maidir le neamhchlaontacht agus ceart gach páirtí éisteacht a fháil agus ar na coinníollacha seo a leanas maidir lena gcinntí faoin dlí sa Bhallstát ina bhfeidhmíonn siad:

a)

go bhféadfar iad a chur faoi réir achomhairc nó faoi réir athbreithnithe ag údarás breithiúnach; agus

b)

go bhféadfaidh siad éifeacht agus fórsa a bheith acu atá cosúil le cinneadh ó údarás breithiúnach i ndáil leis an ábhar céanna.

[...]’

5

Áirítear Airteagail 62 go 73 de Rialachán Uimh 650/2012 sin i gCaibidil VI den Rialachán sin, dar teideal ‘Deimhniú Eorpach Comharbais’.

6

Cuirtear an méid a leanas in iúl in Airteagal 63(2) den Rialachán sin, dar teideal ‘Cuspóir an Deimhnithe’,:

‘ [...]

2. Féadfar an Deimhniú a úsáid, go háirithe, chun léiriú a thabhairt ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

a)

stádas agus/nó cearta gach oidhre nó, de réir mar a bheidh, gach leagáidí a luaitear sa Deimhniú agus a scaireanna den eastát faoi seach;

b)

sócmhainn shonrach nó sócmhainní sonracha a bheidh mar chuid den eastát a shannadh don oidhre nó do na hoidhrí [...]

[...]’

7

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 66 den Rialachán sin, dar teideal ‘An t-iarratas a scrúdú’:

‘1.   Ar an iarratas a fháil, fíoróidh an t-údarás eisiúna an fhaisnéis agus na dearbhuithe agus na doiciméid agus na cineálacha eile fianaise a sholáthair an t-iarratasóir. Déanfaidh sé na fiosruithe is gá don fhíorú sin uaidh féin i gcás ina bhforálfar dó sin lena dhlí féin nó i gcás ina n-údarófar é sin lena dhlí féin nó iarrfaidh sé ar an iarratasóir aon fhianaise bhreise a mheasfaidh sé a bheith riachtanach a sholáthar. […]

4.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna na bearta go léir is gá chun a chur in iúl do na tairbhithe go ndearnadh iarratas ar Dheimhniú. Déanfaidh an t-údarás, i gcás inar gá sin chun go ndéanfar na heilimintí a bheidh le deimhniú a shuíomh, aon duine lena mbaineann agus aon seiceadóir nó aon riarthóir a éisteacht agus déanfaidh sé fógraí poiblí a bheadh dírithe ar an deis a thabhairt do thairbhithe eile a d'fhéadfadh a bheith ann a gcearta a agairt.

8

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 67 den Rialachán sin, dar teideal ‘An Deimhniú a eisiúint’:

‘1.   Eiseoidh an t-údarás eisiúna an Deimhniú gan mhoill i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo nuair a bheidh na heilimintí a bheidh le deimhniú suite faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas nó faoi aon dlí eile is infheidhme maidir le heilimintí sonracha. Bainfidh sé úsáid as an bhfoirm arna bunú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2). [...]

Ní eiseoidh an t-údarás eisiúna an Deimhniú go háirithe sna cásanna seo a leanas:

a)

tá agóid á déanamh maidir leis na heilimintí a bheidh le deimhniú; nó

b)

ní bheadh an Deimhniú i gcomhréir le cinneadh lena gcumhdaítear na heilimintí céanna.

2.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna na céimeanna go léir is gá chun a chur in iúl do na tairbhithe go bhfuil an Deimhniú á eisiúint.’

9

Foráiltear le hAirteagal 69 de Rialachán (CE) Uimh. 650/2012, dar teideal ‘Éifeachtaí an Deimhnithe’:

‘1.   Beidh éifeachtaí ag an Deimhniú sna Ballstáit uile gan aon nós imeachta speisialta a bheith riachtanach chuige sin.

2.   Toimhdeofar go léireofar go cruinn leis an Deimhniú na heilimintí atá suite faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas nó faoi aon dlí eile is infheidhme maidir le heilimintí sonracha. Toimhdeofar go mbeidh an stádas a luafar sa Deimhniú ag an duine a luafar sa Deimhniú mar oidhre, […] agus/nó go mbeidh na cearta nó na cumhachtaí a bheidh luaite sa Deimhniú aige gan aon choinníollacha eile agus/nó aon srianta eile a bheith ag gabháil leis na cearta nó na cumhachtaí sin seachas na cinn a bheidh luaite sa Deimhniú.

3.   Aon duine, ag gníomhú dó ar bhonn na faisnéise a bheidh deimhnithe i nDeimhniú, a dhéanfaidh íocaíochtaí le duine, nó a thabharfaidh maoin ar aird do dhuine, is duine a bheidh luaite sa Deimhniú mar dhuine atá údaraithe chun íocaíocht nó maoin a ghlacadh, measfar go mbeidh idirbheart déanta aige le duine ag a bhfuil an t-údarás chun íocaíocht nó maoin a ghlacadh, mura rud é go bhfuil a fhios aige nach bhfuil inneachar an Deimhnithe cruinn nó mura bhfuil sé ar an eolas faoi neamhchruinneas den sórt sin mar thoradh ar mhór-fhaillí. […]’

10

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 72 den Rialachán sin, dar teideal ‘Nósanna imeachta sásaimh’:

‘1.   Aon duine a bheidh i dteideal iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú, féadfaidh sé agóid a dhéanamh in aghaidh aon chinntí a dhéanfaidh an t-údarás eisiúna de bhun Airteagal 67.

[…]

Déanfar an agóid a thaisceadh os comhair údaráis bhreithiúnaigh i mBallstát an údaráis eisiúna i gcomhréir le dlí an Stáit sin.

[…]’

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1329/2014

11

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 1(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1329/2014 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2014 lena mbunaítear na foirmeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO 2014 L 359, lch. 30):

‘Is ionann an fhoirm atá le húsáid le haghaidh Deimhnithe Eorpaigh Comharbais, dá dtagraítear in Airteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/2012, agus Foirm V a leagtar amach in Iarscríbhinn 5.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

Áirítear an méid seo a leanas leis an leathanach deireanach d’Fhoirm V, ar dá réir a ‘d[h]eimhníonn an t‑údarás gur ghlac sé gach bearta is gá chun na tairbhithe a chur ar an eolas faoin iarratas ar Dheimhniú agus, tráth a bunaíodh an Deimhniú, nach ndearna na tairbhithe agóid i gcoinne aon cheann de na heilimintí atá sa Deimhniú.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Gearmáine

FamFG

13

Luaitear an méid seo a leanas i mír 26 den Gesetz über das Verfahren in Familiensachen und in den Angelegenheiten der freiwilligen Gerichtsbarkeit (Dlí maidir leis an nós imeachta i gcúrsaí teaghlaigh agus in imeachtaí neamhsháraíochta), an 17 Nollaig 2008 (BGBI 2008 I, lch. 2586) sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí (‘FamFG’):

‘Déanfaidh an chúirt imscrúdú foirmiúil, as a stuaim féin, ar na fíorais atá ábhartha chun breith a thabhairt ar an gcás.’

14

Foráiltear mar a leanas le mír 352e de FamFG, dar teideal ‘Cinneadh maidir le hiarratais ar Dheimhniú Comharbais’:

‘(1)   Ní eiseofar an Deimhniú Comharbais ach amháin má mheasann an chúirt inniúil na fíorais is gá chun bunús a thabhairt leis an iarratas atá le bunú a bheith suite. Is le hordú a dhéanfaidh an chúirt sin a cinneadh. Beidh feidhm ag an ordú ó dháta a ghlactha. Ní gá fógra a thabhairt faoin gcinneadh sin.

(2)   I gcás ina bhfuil an t‑ordú sin contrártha le dearbhú tola ó pháirtí leasmhar, ní mór fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara. Sa chás sin, ní mór don chúirt feidhm láithreach an chinnidh a chur ar fionraí agus eisiúint Dheimhniú Eorpach Comharbais a chur siar go dtí go mbeidh an t‑ordú críochnaitheach agus ceangailteach.

(3)   I gcás inar eisíodh an Deimhniú Comharbais cheana féin, ní bheidh an t‑achomharc i gcoinne an ordaithe inghlactha ach amháin a mhéid a iarrtar an deimhniú sin a tharraingt siar.’

An tAcht maidir le dlí idirnáisiúnta an chomharbais agus lena leasaítear na forálacha maidir le Deimhniú Comharbais agus forálacha eile

15

Foráiltear mar a leanas le mír 35(1) den Gesetz zum Internationalen Erbrecht und zur Änderung von Vorschriften zum Erbschein sowie zur Änderung sonstiger Vorschriften (an tAcht maidir le dlí idirnáisiúnta an chomharbais agus lena leasaítear na forálacha maidir le Deimhniú Comharbais agus forálacha eile), an 29 Meitheamh 2015 ((BGBl. 2015 I, lch. 1042):

‘Mura rud é go gcinntear a mhalairt i Rialachán [Uimh. 650/2012 agus i bhforálacha eile sa Roinn seo, beidh feidhm ag [FamFG].’

16

Foráiltear mar a leanas le mír 39 den dlí sin, dar teideal ‘Cineál an Chinnidh’:

‘(1)   I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, déanfaidh an chúirt a cinneadh trí bhunchóip de Dheimhniú den chineál sin a eisiúint. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le cóip dheimhnithe nó maidir le tréimhse bailíochta chóip dheimhnithe den chineál sin a fhadú, déanfaidh an chúirt a cinneadh trí cóip dheimhnithe a eisiúint nó trí tréimhse bailíochta chóip dheimhnithe den chineál sin a fhadú. Ina theannta sin, is le hordú a dhéanfaidh an chúirt a cinneadh.

(2)   Is ionann an fhoirm atá le húsáid chun Deimhniú Eorpach Comharbais agus cóip dheimhnithe a fháil, agus an fhoirm dá dtagraítear leis an dara habairt d’Airteagal 67(1) de Rialachán [Uimh. 650/2012], arna léamh i gcomhar le hAirtegal 81(2) den Rialachán céanna.»

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

17

Fuair P.M.J.T., náisiúnach Francach, a raibh cónaí air sa Ghearmáin go deireanach, bás an 15 Meán Fómhair 2021.

18

An 23 Samhain 2021, rinne E. V. G.-T., an céile marthanach, iarratas ar Dheimhniú Eorpach Comharbais os comhair Amtsgericht Lörrach (an Chúirt Dúiche, Lörrach, an Ghearmáin) arb í an chúirt a rinne an tarchur, ag iarraidh go n‑ainmneofaí í mar oidhre aonair an duine éagtha. Chuige sin, chuir sí comh-uacht isteach arna dátú an 23 Iúil 2020, a bhí lámhscríofa ag an mbean mharthanach agus arna síniú aici agus ag an duine éagtha, inar ainmnigh an bheirt chéile a chéile mar oidhrí aonair.

19

Aontaíonn na páirtithe, thairis sin, go raibh ann d’uacht roimhe sin, arna dátú an 31 Bealtaine 2001, arna síniú ag P.M.J.T., lenar ainmnigh P.M.J.T. a bheirt gharleanaí mar oidhrí agus lenar chuir sé de chúram ar a mhac a sheirbhís sochraide a eagrú sa Spáinn.

20

Measann mac agus garleanaí an duine éagtha go bhfuil uacht an 23 Iúil 2020 neamhbhailí. Áitíonn siad, i ndáil leis sin, os comhair na cúirte a rinne an tarchur, nach raibh sé de chumas ag an duine éagtha maoine a dhéanamh tráth a bháis nuair a tarraingíodh suas an uacht agus nach leis féin an síniú a cuireadh air.

21

Chinn an chúirt sin nach raibh bunús leis na líomhaintí maidir le mac agus garleanaí an duine éagtha. Ar an gcéad dul síos, ní leor an fíoras, a chuir siad in iúl, go raibh mearbhall ar an duine éagtha uaireanta chun teacht ar an gconclúid go raibh an t‑éagumas sin ann nó chun scrúdú breise a dhéanamh ar an agóid sin trí bheart breise imscrúdaithe. Ar an dara dul síos, shuigh an chúirt sin barántúlacht shíniú an duine éagtha a bhí ar an gcomh-uacht tar éis í a chur i gcomparáid le samplaí sínithe a bhí ar fáil di roimhe sin. Dá bhrí sin, measann an chúirt sin gurb í an céile marthanach oidhre aonair an duine éagtha.

22

Maidir leis an t-amhras arna chur in iúl ag an gcúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, iarrann an chúirt sin cibé an féidir bac a chur ar éisiúint an Deimhnithe Eorpaigh Comharbais leis na hagóidí a luaitear i mír 20 den bhreithiúnas seo. Cuireann an chúirt sin i dtreis, i ndáil leis sin, go mbraitheann toradh na bpríomhimeachtaí ar léiriú phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/2012. Go deimhin, d’fhéadfaí an fhoráil sin a léiriú mar thagairt, ní hamháin d’agóidí a ardaíodh le linn imeachtaí atá ar leithligh ón nós imeachta maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, ach freisin do na hagóidí sin a ardaíodh le linn na n‑imeachtaí sin. Sa chás sin, d’fhéadfadh na hagóidí a d’ardaigh mac agus garleanaí an duine éagtha os comhair na cúirte sin, sa chás seo, bac a chur ar eisiúint an deimhnithe a d’iarr an chéile mharthanach.

23

Sa chomhthéacs sin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an féidir leis an údarás eisiúna scrúdú a dhéanamh ar na hagóidí arna dtabhairt le linn an nós imeachta chun Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, nó an gcuirtear bac ar eisiúint an Deimhnithe le haon agóid den chineál sin. Soiléiríonn an chúirt sin chomh maith nach bpléitear an cheist sin i ndlí na Gearmáine.

24

Ar an dara dul síos, dar leis na míniúcháin arna thabhairt ag an gcúirt a rinne an tarchur, tá sé beartaithe ag ionadaí an bhean chéile mharthanaigh iarratas ar Dheimhniú Comharbais dá dtagraítear in Airteagal 352e de FamFG a chur isteach i gcás bac ar na príomhimeachtaí, agus sa chás sin ní mór scrúdú a dhéanamh faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs an nós imeachta eile sin ar na hagóidí a d’ardaigh mac agus garleanaí an duine éagtha. Iarrann an chúirt a rinne an tarchur, i ndáil leis sin, ar cheart pointe (a) den dara fomhír de Rialachán Uimh. 650/2012 a léiriú sa chaoi go gcuirtear bac leis, mar sin féin, ar eisiúint an Deimhnithe Eorpaigh Comharbais sin le hagóidí ar diúltaíodh dóibh in imeachtaí eile seachas an nós imeachta chun Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, amhail imeachtaí a bhaineann le deimhniú comharbais.

25

Ar an tríú dul síos, ós rud é go bhfuil agóidí mhac agus gharleanaí an duine éagtha gan bhunús sna príomhimeachtaí, measann an chúirt a rinne an tarchur go gceadaítear, mar gheall ar staid na n‑imeachtaí, breithiúnas críochnaitheach a thabhairt, fiú gan imscrúdú foirmiúil. Iarrann an chúirt sin an gcumhdaítear agóidí den sórt sin, nach bhfuil bunús leordhóthanach leo, chomh maith le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/2012 agus, dá bhrí sin, an féidir cosc a chur ar eisiúint an Deimhnithe Eorpaigh Comharbais leo. Luann an chúirt a rinne an tarchur chomh maith, sa chomhthéacs sin, an fhéidearthacht go ndéanfaí agóidí suaibhreosacha.

26

Ar an gceathrú dul síos, dá gceadófaí don chúirt a rinne an tarchur scrúdú a dhéanamh ar na hagóidí a ardaíodh le linn an nós imeachta chun Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, thiocfadh ceist chun cinn an gá na forais le diúltú do na hagóidí sin a lua, agus ceist eile freisin maidir le cén fhoirm ina gcaithfidh an chúirt cúiseanna a thabhairt le hagóidí a dhiúltú. Níor forálacha leis na rialacha nós imeachta lena n‑áirítear Rialachán Uimh. 650/2012 ach amháin do chinneadh maidir le heisiúint Dheimhniú Eorpaigh Comharbais. Cuireann an chúirt sin i dtreis, thairis sin, go n‑áirítear an ráiteas seo a leanas leis an bhfoirm atá le húsáid chun Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, dá dtagraítear le hAirteagal 1(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1329/2014, mar a leagtar amach le hIarscríbhinn 5 den Rialachán sin, ar dá réir ‘[a dh]eimhníonn an t‑údarás eisiúna gur ghlac sé gach bearta is gá chun a chur in iúl do na tairbhithe go ndearnadh iarratas ar Dheimhniú agus, tráth a bunaíodh an Deimhniú, nach ndearna na tairbhithe agóid i gcoinne aon cheann de na heilimintí atá sa Deimhniú’.

27

Sna himthosca sin, chinn Amtsgericht Lörrach (an Chúirt Dúiche, Lörrach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1)

An gcaithfear pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) den Rialachán Comharbais a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear freisin agóidí a ardaítear in imeachtaí maidir leis an Deimhniú Eorpach Comharbais féin a eisiúint, nach gceadaítear don chúirt a scrúdú, agus nach dtagraítear ann d’agóidí a ardaítear in imeachtaí eile amháin?

2)

I gcás ina dtabharfar freagra dearfach ar [an gcéad cheist]: An gcaithfear pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) den Rialachán Comharbais a léiriú sa chaoi nach gceadaítear Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint fiú i gcás inar ardaíodh agóidí in imeachtaí maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, ach go ndearnadh scrúdú orthu sin in imeachtaí maidir le deimhniú comharbais faoi dhlí na Gearmáine cheana féin?

3)

I gcás ina dtabharfar freagra dearfach ar [an gcéad cheist]: An gcaithfear pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) de [Rialachán Uimh. 650/2012] a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear aon agóid, fiú nuair nach bhfuil bunús tugtha léi agus nach bhfuil aon fhianaise fhoirmiúil le glacadh ina leith sin?

4)

I gcás ina dtabharfar freagra diúltach ar [an gcéad cheist]: Cén fhoirm ina gcaithfidh an chúirt cúiseanna a thabhairt le hagóidí a dhiúltú agus an Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint?’

Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

28

Cuireann rialtas na Spáinne i gcoinne inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú. Cé go n‑admhaíonn an rialtas sin go bhfuil ‘dlínse’ ag an gcúirt a rinne an tarchur, de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, tá sé den tuairim, mar sin féin, nach mbaineann an ghníomhaíocht a bhaineann le Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, mar a rialaítear le Rialachán Uimh. 650/2012, le feidhmiú na feidhme breithiúnaí.

29

Áitíonn an rialtas sin, ar an gcéad dul síos, gur léiriú ar chineál riaracháin Dheimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint é go bhféadfar é a chur de chúram ar chúirt nó ar údarás inniúil eile. Chomh maith leis sin, níor ceapadh an nós imeachta chun an deimhniú sin a eisiúint chun scrúdú a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá faoi dhíospóid idir tairbhithe féideartha an chomharbais. Ar deireadh, ní bheadh éifeachtaí ceangailteacha ag an Deimhniú Eorpach Comharbais nach ionann iad agus cinneadh dlíthiúil agus ní bheadh sé ach de chineál faisnéiseach.

30

Is léir ón gcásdlí socair nach bhféadfaidh cúirteanna náisiúnta ceist a tharchur chuig an gCúirt ach amháin má tá cás ar feitheamh os a gcomhair agus má iarrtar orthu breithiúnas a thabhairt in imeachtaí a raibh sé i gceist leo breith de chineál breithiúnach a thabhairt (breithiúnais an 28 Feabhra 2019, Gradbeništvo Korana, C‑579/17, EU:C:2019:162, mír 34, agus an 3 Bealtaine 2022, CityRail, C‑453/20, EU:C:2022:341, mír 42).

31

Dá bhrí sin, ní mór a chinneadh an bhfuil an comhlacht i dteideal cás a thabhairt os comhair na Cúirte de réir critéir struchtúracha agus fheidhmiúla. Chuige sin, féadfar comhlacht náisiúnta a aicmiú mar ‘c[h]úirt nó binse’ de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, i gcás ina bhfuil cúraimí breithiúnacha á bhfeidhmiú aige, cé nach féidir an t‑aicmiú sin a aithint agus cúraimí eile, go háirithe cúraimí riaracháin, á bhfeidhmiú (breithiúnas an 3 Bealtaine 2022, CityRail, C‑453/20, EU:C:2022:341, mír 43).

32

Tugtar le tuiscint uaidh sin gur gá cineál sonrach na gcúraimí éagsúla arna gcur leis an dlí ar chomhlacht náisiúnta, a bhíonn á bhfeidhmiú aige i gcomhthéacs dlí ar leith ina n‑iarrtar air cás a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais, a fhíorú lena fhionnadh an gcaithfear é a aicmiú mar “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE (breithiúnas an 3 Bealtaine 2022, CityRail, C‑453/20, EU:C:2022:341, mír 44).

33

Sa chás seo, is léir ó mínithe na cúirte a rinne an tarchur go n‑ardaíonn sí ceist faoi na cumhachtaí a thugtar di le haghaidh an nós imeachta chun Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, mar a rialaítear le Caibidil VI de Rialachán Uimh. 650/2012.

34

Is léir freisin ó na mínithe sin go ndearna mac agus garleanaí an duine éagtha, le linn na bpríomhimeachtaí, roinnt agóidí a tharraingt anuas d’fhonn cosc a chur ar eisiúint an Deimhnithe Eorpaigh Comharbais, arna iarraidh ag a bhean chéile a mharthanach. Ardaíonn an chúirt a rinne an tarchur ceist maidir leis na hiarmhairtí nach móra tharraingt as na hagóidí sin a bheith ann

35

Léiríonn an chúirt sin, i ndáil leis sin, go bhfuil dlínse aici, faoina dlí náisiúnta, chun cinntí a ghlacadh faoi agóidí den chineál sin, go háirithe nuair a thagann siad chun cinn nuair a eisítear deimhniú comharbais. Dá bhrí sin, fiafraíonn sí an féidir léi cinntí a dhéanamh faoi na hagóidí sin i gcás ina dtarlaíonn siad i gcomhthéacs nós imeachta chun Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, faoi réir chóras a bhunaítear le Caibidil VI de Rialachán Uimh. 650/2012.

36

Leis na chéad trí cheist a tharchuir sí chuig an gCúirt, féachann an chúirt a rinne an tarchur, inter alia, lena fháil amach an dtugtar leis an Rialachán sin, sa cháil sin, ar an údarás a dtugtar iarratas ar Dheimhniú Eorpach Comharbais os a chomhair, dlínse chun cinntí a dhéanamh faoi dhíospóidí a eascraíonn as díospóidí a ardaíodh le linn an nós imeachta chun an deimhniú sin a eisiúint. Sa chás seo, fiafraíonn an chúirt, leis an gceathrú ceist uaithí, cén fhoirm ina gcaithfidh an chúirt cúiseanna a thabhairt le hagóidí a dhiúltú agus an Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint?

37

Is léir ón méid sin thuas go bhfuil sé de chuspóir ag an léiriú ar Rialachán Uimh. 650/2012 atá á lorg ag an gcúirt a rinne an tarchur a mheas an bhfeidhmíonn sí feidhmeanna dlínse, de réir an chásdlí a mheabhraítear i mír 31 den bhreithiúnas seo, le haghaidh an nós imeachta chun Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint. Ós rud é go bhfuil an stádas ‘cúirt nó binse’ de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, mar choinníoll maidir le hinghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú, (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 9 Iúil 2020, Land Hessen, C‑272/19, EU:C:2020:535, mír 42), is gá an léiriú seo a dhéanamh air d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le hinghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú.

38

De bhun an chéad fhomhír d’Airteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/2012, eiseoidh an t‑údarás eisiúna an Deimhniú Eorpach Comharbais gan mhoill i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo nuair a bheidh na heilimintí a bheidh le deimhniú suite faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas nó faoi aon dlí eile is infheidhme maidir le heilimintí sonracha. I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) den Rialachán sin, ní heiseoidh an t‑údarás eisiúna an deimhniú sin go háirithe ‘má tá agóid á déanamh maidir leis na heilimintí a bheidh le deimhniú’.

39

Agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, is gá a chur san áireamh ní hamháin foclaíocht na forála sin, ach an comhthéacs ina bhfuil sí chomh maith, agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha lena mbaineann sí (breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2023, KBC Verzekeringen, C‑286/22, EU:C:2023:767, mír 32).

40

Ar an gcéad dul síos, maidir le foclaíocht phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/2012, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil an fhoráil sin beartaithe gan idirdhealú d'aon chás ina mbeidh agóid á déanamh. Dá bhrí sin, is léir go gcumhdaítear leis an bhforáil sin aon díospóid, gan idirdhealú a dhéanamh de réir ar ardaíodh í le linn an nós imeachta chun Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint nó le linn imeachtaí eile.

41

Ba cheart a thabhairt faoi deara, freisin, nach gceanglaítear go foirmiúil le haon cheann de na leaganacha teanga de phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/2012, go háirithe sna leaganacha Gearmáinise (‘wenn Einwände gegen den zu bescheinigenden Sachverhalt anhängig sind’), Spáinnise (‘si los extremos que se han de certificar son objeto de oposición’), Béarla (‘if the elements to be certified are being challenged’, Fraincise (‘si les éléments à certifier sont contestés’), Iodáilise (‘gli elementi da certificare sono oggetto di contestazione), Liotuáinise (‘jei ginčijami patvirtintini faktai’), Sualainnise (‘om ett klagomål har riktats mot de uppgifter som ska styrkas’), agus go ndéanfaí agóid i gcoinne na n‑eilimintí atá le deimhniú in imeachtaí seachas na himeachtaí maidir leis an Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint.

42

Dá bhrí sin, ní mór go gcuirfí bac, i bprionsabal, ar eisiúint an deimhnithe sin mar gheall ar agóid i gcoinne na n‑ábhar atá le deimhniú, arna déanamh le linn an nós imeachta chun Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint.

43

Ar an dara dul síos, maidir le comhthéacs phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/2012, ní mór a mheabhrú ar an gcéad dul síos, go n‑eiseoidh an t‑údarás eisiúna an Deimhniú, de bhun an chéad fhomhír d’Airteagal 67(1), gan mhoill ‘nuair a bheidh na heilimintí a bheidh le deimhniú suite’.

44

Is féidir a thuiscint ón gceanglas sin, os a choinne sin, nach mór don údarás eisiúna diúltú an deimhniú sin a eisiúint i gcás nach féidir na heilimintí atá le deimhniú a mheas mar bheith ‘suite’, go háirithe tar éis agóidí a eisítear le linn an nós imeachta chun an deimhniú sin a eisiúint.

45

Ar an dara dul síos, bunaítear le hAirteagal 66(1) de Rialachán 650/2012, go bhfíoróidh an t‑údarás eisiúna, ar an iarratas a fháil, an fhaisnéis agus na dearbhuithe agus na doiciméid agus na cineálacha eile fianaise a sholáthair an t‑iarratasóir.

46

Thairis sin, forchuirtear ar an údarás eisiúna, le hAirteagal 66(4) den Rialachán sin, an oibleagáid gach beart is gá a dhéanamh chun a chur in iúl do na tairbhithe go ndearnadh iarratas ar Dheimhniú. Ní mór don údarás, i gcás inar gá sin chun go ndéanfar na heilimintí a bheidh le deimhniú a shuíomh, aon duine lena mbaineann agus aon seiceadóir nó aon riarthóir a éisteacht agus fógraí poiblí a dhéanamh chomh maith a bheadh dírithe ar an deis a thabhairt do thairbhithe eile a d'fhéadfadh a bheith ann a gcearta a agairt.

47

Mar sin féin, agus na hoibleagáidí sin maidir le héisteacht agus faisnéis a sholáthar á leagan síos, bheartaigh reachtóir an Aontais go bhféadfaí agóidí a ardú le linn scrúdú an iarratais ar Dheimhniú Eorpach Comharbais agus, i gcás inarb iomchuí, cosc a chur ar eisiúint an deimhnithe sin.

48

Dá bhrí sin, deimhníonn ábhar na hoibleagáide chun scrúdú a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 66 de Rialachán Uimh. 650/2012, go háirithe Airteagal 66(4) de, leis an léiriú arna ghlacadh i mír 42 den bhreithiúnas seo freisin.

49

Ar an tríú dul síos, comhthacaítear leis an léiriú sin le hábhar Fhoirm V, a leagtar amach in Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1329/2014. I gcomhréir leis an gcéad fhomhír le hAirteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/2012, ceanglaítear ar an údarás eisiúna an fhoirm sin a úsáid chun Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint. (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Márta 2023, Registrų centras , C‑354/21, EU:C:2023:184, mír 46). Mar sin féin, áirítear an méid seo a leanas leis an bhfoirm sin, ar a leathanach deiridh, lena ndeimhníonn an t‑údarás eisiúna ‘tráth a bunaíodh an Deimhniú, nach ndearna na tairbhithe agóid i gcoinne aon cheann de na heilimintí atá sa Deimhniú’.

50

Sa tríú háit, comhthacaítear leis an léiriú sin arís le cuspóirí Rialachán Uimh 650/2012, arb é is aidhm dó, mar is léir ó aithrisí 7 agus 8, cabhrú le hoidhrí, leagáidithe agus na daoine a bhfuil baint dhlúth acu leis an duine éagtha chomh maith le creidiúnaithe an chomharbais a gcearta a éileamh i gcomhthéacs comharbais a bhfuil impleachtaí trasteorann ag baint leis, agus a ligean do shaoránaigh an Aontais a gcomharbais a ullmhú (breithiúnas an 9 Márta 2023, Registrų centras, C‑354/21, EU:C:2023:184, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51

Is léir ó aithris 67 den Rialachán sin gur cruthaíodh an Deimhniú Eorpach Comharbais ionas go mbeidh oidhrí, leagáidithe, seiceadóirí an uachta nó riarthóirí an eastáit a stádas agus/nó a gcearta agus a gcumhachtaí a léiriú gan stró i mBallstát eile, mar shampla i mBallstát ina bhfuil maoin chomharbais suite, agus é d'aidhm ag an aithris sin socrú gasta, rianúil agus éifeachtach comharbais lena mbaineann impleachtaí trasteorann laistigh den Aontas a dhéanamh.

52

Ní mór a mheabhrú freisin, mar a dheimhnítear le haithris 71 den Rialachán sin, go mbíonn éifeachtaí ag an Deimhniú Eorpach Comharbais sna Ballstáit uile gan aon nós imeachta speisialta a bheith riachtanach chuige sin, agus go dtoimhdeofar go léireofar go cruinn leis an Deimhniú sin na heilimintí atá suite faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas nó faoi aon dlí eile maidir leis na heilimintí sonracha agus stádas agus cearta na ndaoine a luafar sa Deimhniú mar oidhrí, leagáidithe nó seiceadóirí an uachta nó riarthóirí an eastáit, i gcomhréir le hAirteagal 69(1) agus (2) den Rialachán céanna. (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 1 Iúil 2021, Vorarlberger Landes- und Hypotheken‑Bank, C‑301/20, EU:C:2021:528, mír 23).

53

Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh léiriú ar Airteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/2012 lena dtabharfaí údarú d’eisiúint agus úsáid Deimhniú Eorpach Comharbais, cé go bhfuil na heilimintí le deimhniú ina n‑ábhar díospóide, a bheith ina chúis le díospóidí maidir leis na gníomhartha dlí ar úsáideadh an deimhniú ina leith mar fhianaise, rud a chuirfeadh bac ar an gcuspóir maidir le socrú comharbas a bhfuil impleachtaí trasteorann acu a éascú.

54

Leanann sé ón méid sin, tacaíonn an cuspóir lenar tugadh údar maith le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú, eadhon socrú comharbas a bhfuil impleachtaí trasteorann acu a éascú, le léiriú phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/2012 sa chaoi nach féidir an Deimhniú sin a eisiúint i gcás agóidí a dhéantar le linn an nós imeachta eisiúna, as a leanann sé nach féidir na heilimintí atá le deimhniú a mheas mar bheith ‘suite’.

55

Agus an méid sin sonraithe, ní chuirtear cosc leis an gcaoi nach dtugtar cumhacht don údarás eisiúna chun cinntí a dhéanamh faoi agóidí i gcomhthéacs an nós imeachta chun an Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, ar an údarás sin a chinneadh gur ghlac sí cinneadh cheana féin maidir le hagóid a rinneadh os a chomhair le cinneadh breithiúnach críochnaitheach a bhfuil feidhm res judicata aige. I ndáil leis sin, is léir ó na míniúcháin arna soláthar ag an gcúirt a rinne an tarchur go n‑iarrann sí ar cheart léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin sa chaoi go gcuirtear bac le haon agóidí ar eisiúint Dheimhniú Eorpach Comharbais, nó an dtugtar an cumhacht don údarás eisiúna, le Rialachán Uimh. 650/2012, agóid nach bhfuil bunús léi a scrúdú agus a dhiúltú agus, sa chás seo, an Deimhniú a eisiúint d’ainneoin agóid den chineál sin a bheith ann.

56

Maidir leis na hagóidí a scrúdaíodh cheana in imeachtaí eile, arb iad is ábhar don dara ceist, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag tagairt, go sonrach, don chás inar diúltaíodh cheana féin in imeachtaí eile do na hagóidí a tháinig chun cinn le linn an nós imeachta maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint. Fiafraíonn an chúirt sin, go bunúsach, an bhfuil sé de chumhacht ag an údarás eisiúna, sa chás sin, an deimhniú sin a eisiúint d’ainneoin agóidí a bheith ann go foirmiúil.

57

Ní mór a thabhairt faoi deara, mar réamhbharúil, nach bhfuil an cás seo á rialú go sainráite le hAirteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/2012. Go háirithe, tagraíonn pointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) den Rialachán sin do chás ina gcuireann breithiúnas a tugadh i gcomhthéacs nós imeachta eile agus a bhaineann leis na hábhair atá le deimhniú bac ar eisiúint an deimhnithe a ndearnadh iarratas air.

58

É sin ráite, ní mór léiriú a dhéanamh ar an gcoincheap ‘agóid’, de bhun phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) den Rialachán sin, a léiriú sa chaoi nach gcumhdaítear leis agóidí ar diúltaíodh dóibh cheana féin le cinneadh críochnaitheach arna thabhairt ag údarás breithiúnach i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha. Dá éagmais sin, mar sin, d’fhéadfaí bac a chur ar eisiúint an Deimhnithe Eorpaigh Comharbais le haon ‘agóid’, ar feadh tréimhse éiginnte, cé go ndearnadh an agóid sin a scrúdú agus a dhiúltú go cinntitheach cheana féin in imeachtaí breithiúnacha, an iad na himeachtaí sin na himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 72 den Rialachán sin, maidir leis na leigheasanna dlí i gcoinne cinneadh maidir le heisiúint Dheimhniú Eorpach Comharbais nó an rialaítear iad leis an dlí náisiúnta amháin.

59

Eascraíonn an ceanglas, sa chomhthéacs sin, maidir le cinneadh críochnaitheach ón ngá atá le hiontaofacht an Deimhnithe Eorpaigh Comharbais a chaomhnú i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i míreanna 50 agus 51 den bhreithiúnas seo, mar a chuir an Coimisiún Eorpach in iúl, mar is ceart. Cé go bhfuil agóidí a bhaineann leis na hábhair atá le deimhniú fós ina n‑ábhar d’imeachtaí atá fós ar feitheamh, is gá go mbeadh riosca ag baint le heisiúint an deimhnithe sin go mbeadh cinneadh arna thabhairt ina dhiaidh sin sna himeachtaí sin ag teacht salach ar inneachar an deimhnithe sin.

60

Dá thoradh sin, ní chuirtear bac ar eisiúint an deimhnithe sin faoi phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/2012 ach amháin nuair a thagann an cinneadh lena ndiúltaítear d’agóid chun bheith críochnaitheach in imeachtaí seachas na himeachtaí maidir leis an Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint.

61

Ag an am céanna, ní mór a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 72 de Rialachán Uimh. 650/2012 do leigheas dlí os comhair údarás breithiúnach an Bhallstáit a bhfuil feidhm eisiúna aici i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin, i gcoinne aon chinnidh arna thabhairt ag an údarás eisiúna de bhun Airteagal 67 den Rialachán seo.

62

Dá bhrí sin, ní cinneadh críochnaitheach, de réir sainmhínithe, é aon chinneadh a dhéanfaidh an t‑údarás eisiúna ag deireadh an nós imeachta chun Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 67(1) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, is gá go mbeadh riosca ag baint le heisiúint Deimhnithe den sórt sin, in ainneoin agóidí a dhiúltaigh an t‑údarás eisiúna toisc iad a bheith gan bhunús, cosúil leis an riosca a shainaithnítear i mír 59 den bhreithiúnas seo, eadhon an baol go bhféadfaí inneachar an Deimhnithe sin a thabhairt faoi cheist le cinneadh a tugadh ina dhiaidh sin i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 72 den Rialachán sin.

63

Dá thoradh sin, os rud é gur gá iontaofacht an Deimhnithe Eorpaigh Comharbais a chaomhnú i gcomhréir leis na cuspóirí a mheabhraítear le míreanna 53 agus 54 den bhreithiúnas seo, ní mór léiriú a dhéanamh ar phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/212 sa chaoi go gcuirtear bac le haon agóid, fiú más cosúil go bhfuil sí gan bhunús nó gan fhianaise, a ardaítear le linn an nós imeachta maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, eisiúint an deimhnithe sin, cé is moite d’agóidí ar diúltaíodh dóibh go cinntitheach in imeachtaí eile, mar a luaitear i mír 61 den bhreithiúnas seo.

64

D’fhonn muinín shaoránaigh an Aontais sa Deimhniú Eorpach Comharbais a chaomhnú, tá sé fíor-riachtanach, go deimhin, nach n‑eiseofar an ionstraim sin, a bhfuil an luach cruthúnais a leagtar síos in Airteagal 63(2) de Rialachán Uimh. 650/2012 aici agus a bhfuil na héifeachtaí a leagtar amach, go háirithe, i míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 69 den Rialachán sin aici, ach amháin in éagmais aon agóide i gcoinne na fianaise atá le deimhniú.

65

I gcás agóid den sórt sin, ceanglaítear ar an údarás eisiúna, nach bhfuil an cumhacht aige cinneadh a dhéanamh faoi, diúltú an Deimhniú Eorpach Comharbais a ndearnadh iarratas air a eisiúint, ar choinníoll go bhféadfadh an diúltú sin bheith faoi réir an nós imeachta dá bhforáiltear le hAirteagal 72 de Rialachán Uimh. 650/2012. Féadfaidh an t‑údarás breithiúnach a éistfidh le hachomharc den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas na n-agóidí lenar cuireadh cosc ar eisiúint an Deimhnithe.

66

Ag féachaint do na breithnithe uile roimhe seo, ní mór a thabhairt faoi deara, trí chinntí a dhéanamh de bhun Airteagal 67(1) de Rialachán Uimh. 650/2012, mar an t‑údarás a eisíonn an Deimhniú Eorpach Comharbais, nach bhfuil feidhm bhreithiúnach ag an gcúirt a rinne an tarchur agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sí i dteideal caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais faoi Airteagal 267 CFAE.

67

Leanann sé ón méid sin go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha.

Costais

68

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (An Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Tá an iarraidh ar réamhrialú arna tabhairt ag Amtsgericht Lörrach (an Chúirt Dúiche, Lörrach, an Ghearmáin), trí bhreith an 21 Márta 2023 do-ghlactha.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.

( i ) Rinneadh formáidithe ar mhír 68 tar éis dóibh a bheith foilsithe ar líne den chéad uair

( ii ) Is ainm dlítheanach é ainm an cháis seo. Ní ag tagairt d’fhíorainm páirtí ar bith sna himeachtaí atá sé.

Top