This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CJ0126
Judgment of the Court (Fifth Chamber) of 7 November 2024.#UD and Others v Presidenza del Consiglio dei Ministri and Ministero dell'Interno.#Request for a preliminary ruling from the Tribunale Ordinario di Venezia.#Reference for a preliminary ruling – Judicial cooperation in criminal matters – Directive 2004/80/EC – Article 12(2) – National schemes on compensation to victims of violent intentional crime – Homicide – Compensation for close family members of the deceased – Concept of ‘victim’ – ‘Tiered’ compensation scheme according to the order of succession – National legislation excluding the payment of compensation to other family members of the deceased when there are children or a surviving spouse – Parents and siblings of the deceased – ‘Fair and appropriate’ compensation.#Case C-126/23.
Breithiúnas na Cúirte (An Cúigiú Dlísheomra) 2024 Samhain 7.
UD e.a. v Presidenza del Consiglio dei Ministri agus Ministero dell'Interno.
Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Treoir 2004/80/CE – Airteagal 12(2) – Scéimeanna náisiúnta maidir le cúiteamh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne – Cion dúnbhásaithe – Cúiteamh do dhlúthbhaill teaghlaigh an duine a fuair bás – An coincheap ‘íospartaigh’ – Scéim chúitimh ‘cascáide’ de réir an oird comharbais – Reachtaíocht náisiúnta lena n-eisiatar cúiteamh a íoc le baill eile de theaghlach an duine éagtha nuair a bhíonn leanaí nó céile marthanach ann – Tuismitheoirí, deartháireacha agus deirfiúracha an duine éagtha – Cúiteamh ‘cóir agus iomchuí’.
Cás C-126/23.
Breithiúnas na Cúirte (An Cúigiú Dlísheomra) 2024 Samhain 7.
UD e.a. v Presidenza del Consiglio dei Ministri agus Ministero dell'Interno.
Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Treoir 2004/80/CE – Airteagal 12(2) – Scéimeanna náisiúnta maidir le cúiteamh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne – Cion dúnbhásaithe – Cúiteamh do dhlúthbhaill teaghlaigh an duine a fuair bás – An coincheap ‘íospartaigh’ – Scéim chúitimh ‘cascáide’ de réir an oird comharbais – Reachtaíocht náisiúnta lena n-eisiatar cúiteamh a íoc le baill eile de theaghlach an duine éagtha nuair a bhíonn leanaí nó céile marthanach ann – Tuismitheoirí, deartháireacha agus deirfiúracha an duine éagtha – Cúiteamh ‘cóir agus iomchuí’.
Cás C-126/23.
Court reports – general
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:937
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)
7 Samhain 2024 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Treoir 2004/80/CE – Airteagal 12(2) – Scéimeanna náisiúnta maidir le cúiteamh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne – Cion dúnbhásaithe – Cúiteamh do dhlúthbhaill teaghlaigh an duine a fuair bás – An coincheap ‘íospartaigh’ – Scéim chúitimh ‘cascáide’ de réir an oird comharbais – Reachtaíocht náisiúnta lena n-eisiatar cúiteamh a íoc le baill eile de theaghlach an duine éagtha nuair a bhíonn leanaí nó céile marthanach ann – Tuismitheoirí, deartháireacha agus deirfiúracha an duine éagtha – Cúiteamh ‘cóir agus iomchuí’)
I gCás C-126/23 [Burdene] ( 1 ),
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Tribunale Ordinario di Venezia (Cúirt Dúiche, an Veinéis, an Iodáil), trí bhreith an 15 Feabhra 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 2 Márta 2023, sna himeachtaí
UD,
QO,
VU,
LO,
CA
v
Presidenza del Consiglio dei ministri,
Ministero dell’Interno,
tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra)
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: I. Jarukaitis, Uachtarán an Ceathrú Dlísheomra, ag feidhmiú mar Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra, D. Gratsias agus E. Regan (Rapóirtéir), Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,
Cláraitheoir: C. Di Bella, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 21 Feabhra 2024,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
QO agus UD, ag G. Sicchiero, avvocato, |
|
– |
LO agus VU, ag M.G. Bergamo, F. Sicchiero agus G. Sicchiero, avvocati, |
|
– |
CA, ag E. Pertile agus G. Sicchiero, avvocati, |
|
– |
Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó E. De Bonis, S. Fiorentino agus G. Palatiello, avvocati dello Stato, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag E. Montaguti agus S. Noë, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 8 Bealtaine 2024,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta (IO 2004 L 261, lch. 15) agus Airteagail 20 agus 21, Airteagal 33(1) agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh in imeachtaí a thionscain tuismitheoirí, deirfiúr agus leanaí íospartaigh an dúnbhásaithe i gcoinne an Presidenza del Consiglio dei Ministri (Uachtaránacht Chomhairle na nAirí, an Iodáil) agus an Ministero dell’Interno (an Aireacht Gnóthaí Baile, an Iodáil) maidir leis an gcúiteamh a dheonaigh Stát na hIodáile, mar gheall ar dhócmhainneacht an duine a ciontaíodh sa dúnbhású, as an díobháil a bhain dóibh mar thoradh ar an dúnbhású sin. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
Cinneadh Réime 2001/220/CGB
|
3 |
Faoi Airteagal 1 de Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle an 15 Márta 2001 maidir le seasamh íospartach in imeachtaí coiriúla (IO 2001 L 82, lch. 1), dar teideal ‘Sainmhínithe’: ‘Chun críocha an Chinnidh Réime seo,:
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 2004/80
|
4 |
Leagtar amach in aithrisí 5 agus 10 de Threoir 2004/80:
[...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
I gCaibidil II den Treoir sin, dar teideal ‘Scéimeanna náisiúnta maidir le cúiteamh’, foráiltear le hAirteagal 12 mar seo a leanas: ‘(1) Feidhmeoidh na rialacha maidir le rochtain ar chúiteamh i gcásanna trasteorann arna dtarraingt suas leis an Treoir seo ar bhonn scéimeanna na mBallstát maidir le cúiteamh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne arna ndéanamh ina gcríocha faoi seach. (2) Áiritheoidh na Ballstáit uile go ndéanfar foráil ina rialacha náisiúnta maidir le scéim a bheith ann maidir le cúiteamh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne arna ndéanamh ina gcríocha féin faoi seach, lena ráthaítear cúiteamh cóir agus iomchuí d’íospartaigh.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
6 |
I gCaibidil III den Treoir sin, dar teideal ‘Forálacha Cur Chun Feidhme’, foráiltear le hAirteagal 17 di, dar teideal ‘Forálacha níos fabhraí’: ‘Ní chuirfidh an Treoir seo cosc ar na Ballstáit, a mhéid atá na forálacha sin comhoiriúnach leis an Treoir seo, an méid seo a leanas a dhéanamh:
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 2012/29/AE
|
7 |
Sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 2 de Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 2012, 14.11.2012, lch. 57): ‘(1) Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: ciallaíonn “íospartach”:
[...] (2) Féadfaidh na Ballstáit nósanna imeachta a chur ar bun:
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na hIodáile
|
8 |
Foráiltear le hAirteagal 11 de legge n. 122 – Disposizioni per l’adempimento degli obblighi derivanti dall’appartenenza dell’Italia all’Unione europea – Legge europea 2015-2016 (Dlí Uimh. 122 lena leagtar síos forálacha chun na hoibleagáidí a eascraíonn as ballraíocht na hIodáile san Aontas Eorpach a chomhlíonadh – Dlí Eorpach 2015-2016), an 7 Iúil 2016 (GURI Uimh. 158 an 8 Iúil 2016, lch. 1), arna leasú le hAirteagal 6 de Dhlí Uimh. 167 an 20 Samhain 2017 agus le hAirteagal 1(593) go (596) de Dhlí Uimh. 145 an 30 Nollaig 2018) (‘Dlí Uimh. 122/2016’): ‘(1) Gan dochar d’fhorálacha níos fabhraí i bhfabhar íospartaigh coireanna dá bhforáiltear le forálacha eile dlí, aithnítear an ceart chun cúitimh arna sholáthar ag an Stát d’íospartach coire intinní foréigní agus in aon chás den choir dá dtagraítear in Airteagal 603-bis den codice penale [(Cód Coiriúil)], cé is moite de na coireanna dá dtagraítear in Airteagail 581 agus 582, mura bhfuil feidhm ag na himthosca géaraitheacha dá bhforáiltear in Airteagal 583 den Chód Coiriúil. (2) Déanfar cúiteamh as coireanna dúnbhásaithe, ionsaithe ghnéasaigh nó mórdhíobhála coirp, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 583 den Chód Coiriúil [...] a dhámhachtain ar an íospartach nó ar na tairbhithe a liostaítear i mír 2-bis, a mhéid a chinntear leis an bhforaithne dá dtagraítear i mír 3. I gcás cionta seachas na cionta dá dtagraítear sa chéad abairt, íocfar cúiteamh as speansais leighis agus leasa a aisíoc. 2-bis. I gcás ina bhfaigheann an t-íospartach bás mar thoradh ar an gcoir, íoctar cúiteamh leis an gcéile agus leis na leanaí marthanacha; mura raibh céile agus leanaí i gceist, íoctar cúiteamh leis na tuismitheoirí agus, in éagmais na dtuismitheoirí, leis na deartháireacha agus deirfiúracha a bhí ag comhchónaí le chéile agus a bhí ina cleithiúnaithe tráth a rinneadh an choir. [...] 2-ter. I gcás roinnt éilitheoirí dlisteanacha, déanfar an cúiteamh a chionroinnt de réir na gcuótaí dá bhforáiltear i bhforálacha Theideal II de Leabhar a Dó den codice civile [(Cód Sibhialta)]. (3) Cinnfear méideanna an chúitimh le foraithne ón Ministro dell’interno [(Aire Gnóthaí Baile, an Iodáil)] agus ón Ministro della giustizia [(Aire Dlí agus Cirt, an Iodáil)], i gcomhaontú leis an Ministro dell’economia e delle finanze [(Aire Geilleagair agus Airgeadais, an Iodáil)], le heisiúint laistigh de 6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an dlí seo, in aon chás laistigh de theorainneacha infhaighteacht an [Fondo di rotazione per la solidarietà alle vittime dei reati di tipo mafioso, delle richieste estorsive, dell’usura e dei reati intenzionali violenti (Ciste imrothlach chun tacú le híospartaigh coireachta de chineál maifia, gnímh sracaireachta, úsaireacht agus coireanna foréigneacha intinne, an Iodáil)] dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirithítear cúiteamh níos mó d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh agus an dúnbhásaithe agus, go háirithe, do leanaí an íospartaigh i gcás dúnbhású arna dhéanamh ag an gcéile, lena n-áirítear céile atá scartha nó colscartha, nó ag duine atá nó a bhí nasctha trí naisc mhothúchánacha leis an íospartach.’ |
|
9 |
Arna ghlacadh chun Airteagal 11(3) de Dhlí Uimh. 122/2016, Airteagal 1(1)(b) de decreto ministeriale – Determinazione degli importi dell’indennizzo alle vittime dei reati intenzionali violenti (Foraithne Aireachta maidir le méideanna an chúitimh is iníoctha le híospartaigh coireanna foréigneacha intinne a chinneadh) an 22 Samhain 2019 (GURI Uimh. 18 an 23 Eanáir 2020, lch. 9 – ‘Foraithne Cur Chun Feidhme Aireachta’) a chur chun feidhme, foráiltear mar a leanas: ‘i gcás dúnbhású arna dhéanamh ag céile, lena n-áirítear céile idirscartha nó colscartha, nó ag duine atá nó a bhí nasctha le naisc mhothúchánacha leis an íospartach: an méid socraithe EUR 60000 do leanaí an íospartaigh amháin.’ |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
10 |
An 18 Meán Fómhair 2018, ghearr Tribunale di Padova (an Chúirt Dúiche, Padova, an Iodáil) téarma príosúnachta 30 bliain ar an duine a ciontaíodh i ndúnbhású a iarpháirtí, san Iodáil, agus d’ordaigh sé gur cheart dó suim shealadach cúitimh a íoc le baill teaghlaigh an íospartaigh, ar pháirtithe sibhialta sna himeachtaí iad. Dá réir sin, bronnadh EUR 400000 ar gach duine de bheirt leanaí an íospartaigh, EUR 120000 ar a hathair, a máthair agus a deirfiúr, agus EUR 30000 ar fhear céile an íospartaigh a bhí scartha óna chéile, ach nach raibh colscartha. |
|
11 |
I gcomhréir leis na forálacha náisiúnta, ós rud é nach raibh aon sócmhainní ná ioncam ag an duine a ciontaíodh sa dúnbhású, tar éis cúnamh dlíthiúil saor in aisce a dheonú dóibh, ní bhfuair gach leanbh ach EUR 20000 i gcúiteamh ó Stát na hIodáile, agus deonaíodh cúiteamh EUR 16 666.66 don fhear céile scartha. |
|
12 |
An 1 Feabhra 2022, thug na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, eadhon tuismitheoirí, deirfiúr agus leanaí an íospartaigh, a chreideann gur tugadh isteach le Dlí Uimh. 122/2016, de shárú ar Threoir 2004/80, teorainneacha suntasacha maidir le cúiteamh a sholáthar d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne, caingean os comhair Tribunale Ordinario di Venezia (an Chúirt Dúiche, an Veinéis, an Iodáil), an chúirt a rinne an tarchur. |
|
13 |
Lorgaíodh a n-iarrataí, tar éis an Fhoraithne Cur Chun Feidhme Aireachta a fhágáil gan feidhm mar iarraidh neamhdhleathach, chun an méid cúitimh ‘cóir agus iomchuí’ atá le híoc leo a chinneadh i bhfianaise mhéid a gcaidrimh leis an íospartach dúnbhásaithe, i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Threoir 2004/80, agus an méid díobhála arna chinneadh ag an mbreithiúnas lena gciontaítear déantóir an dúnbhásaithe á chur san áireamh – tar éis asbhaint, i gcás leanaí an íospartaigh, an méid a íocadh leo cheana – fiú mura raibh na hacmhainní airgeadais is gá ar fáil don Chiste Dlúthpháirtíochta. Mar mhalairt air sin, d’iarr na hiarratasóirí go n-ordófaí d’Uachtaránacht Chomhairle na nAirí, thar ceann Stát na hIodáile, an méid céanna cúitimh a íoc as an díobháil a rinneadh mar thoradh ar chur chun feidhme mícheart Threoir 2004/80 agus, go háirithe, Airteagal 12 di. |
|
14 |
Ar an gcéad dul síos, maíonn na hiarratasóirí go sáraítear leis an teorainn a leagtar síos in Airteagal 11(2-bis)de Dhlí Uimh. 122/2016, lena ndeonaítear an ceart chun cúitimh do thuismitheoirí an íospartaigh ach amháin in éagmais céile agus leanaí marthanacha an íospartaigh, cé nach bhfuil deartháireacha agus deirfiúracha i dteideal cúitimh ach amháin in éagmais na ndaoine thuasluaite go léir, an oibleagáid chun cúiteamh a sholáthar a leagtar síos in Airteagal 12 de Threoir 2004/80, ós rud é go gcinntear go treallach léi na daoine sin nach mór a chúiteamh iarbhír, as measc na ndaoine díobhálaithe a n-aithnítear ceart chun cúitimh dóibh ar bhonn teibí, gan tagairt do chritéir atá cóir agus iomchuí don chás atá i gceist. Ina theannta sin, sa chás seo, dámhadh cúiteamh freisin d’fhear céile an íospartaigh an dúnbhásaithe atá fós beo, óna raibh sí scartha ó 2006, beagnach 11 bhliain roimh a bás. Dá bhrí sin, aithnítear an ceart chun cúitimh fiú i gcás inar léir go bhfuil an nasc mothúchánach lagaithe, go dtí nach ann dó beagnach. |
|
15 |
Ar an dara dul síos, maíonn na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí nach bhfuil an méid EUR 20000 a dámhadh do leanaí an íospartaigh de bhun na Foraithne Cur Chun Feidhme Aireachta, a chomhfhreagraíonn do 5 % den mhéid sealadach a dámhadh le hordú cúirte, i gcomhréir le seasamh na Cúirte Breithiúnais i mír 69 de bhreithiúnas an 16 Iúil 2020, Presidenza del Consiglio dei Ministri (C-129/19, EU:C:2020:566), ar dá réir nach mór do ráta seasta cúitimh arna dhámhachtain faoin scéim náisiúnta cúitimh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne, chun bheith ‘cóir agus iomchuí’ de réir bhrí Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80, ranníocaíocht iomchuí a léiriú chun an díobháil ábhartha agus neamhábhartha a fulaingíodh a chúiteamh. |
|
16 |
Ar an tríú dul síos, creideann na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí go bhfuil na forálacha náisiúnta neamhdhleathach freisin sa mhéid is go bhfágann siad go bhfuil íocaíocht cúitimh ag brath ar chistí leordhóthanacha a bheith curtha ar leataobh ag an Stát chun an cúiteamh a dhámhachtain, de shárú ar aithris 10 de Threoir 2004/80. |
|
17 |
Chuir údaráis na hIodáile in iúl, maidir leis na leanaí, go ndearnadh an cúiteamh a chinneadh i gcomhréir iomlán leis na forálacha atá i bhfeidhm, agus foinse ioncaim an chéile mharthanaigh á cur san áireamh. Tugann siad dá n-aire freisin, tar éis di a chur in iúl i mír 58 de bhreithiúnas an 16 Iúil 2020, Presidenza del Consiglio dei Ministri (C-129/19, EU:C:2020:566) go bhfuil lánrogha leathan ag na Ballstáit agus méid an chúitimh dá dtagraítear in Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80 á chinneadh acu, i míreanna 65 agus 69 den bhreithiúnas sin, nach gcuirtear cosc leis an bhforáil sin ar ráta seasta cúitimh d’íospartaigh, ach ina ionad sin nach gceanglaítear léi ach go mbeadh an cúiteamh sin ‘cóir agus iomchuí’, rud a thugann le tuiscint gur rannchuidiú iomchuí é le cúiteamh na díobhála ábhartha agus neamhábhartha a bhain don íospartach. |
|
18 |
Measann an chúirt a rinne an tarchur, chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntas na hiarrata ar dhamáistí agus ús sa chás atá os a comhair, atá bunaithe ar chur chun feidhme mícheart Threoir 2004/80, nach mór a shuíomh ar dtús an gcomhlíonann na forálacha náisiúnta, mar a leagtar amach in Airteagal 11(2-bis), (2-ter) agus (3) de Dhlí Uimh. 122/2016 iad, dlí an Aontais. |
|
19 |
Cuireann an chúirt sin in iúl nach gcuirtear gné neamhábhartha na díobhála a bhaineann le caillteanas foréigneach an íospartaigh san áireamh sna forálacha náisiúnta sin – lena ndéantar íocaíocht cúitimh, fiú i gcás ina mbunaítear le breithiúnas críochnaitheach, i bhfabhar baill áirithe den teaghlach, ceart chun cúitimh as an díobháil a d’fhulaing siad agus méid an chúitimh sin, maidir le tuismitheoirí an íospartaigh, sa chás nach ann do chéile mharthanaigh agus do leanaí an íospartaigh, agus, maidir le deartháireacha agus deirfiúracha an íospartaigh, nach maireann tuismitheoirí an íospartaigh, a mhéid a bhí na deartháireacha agus deirfiúracha ina gcónaí leis an íospartach agus ina gcleithiúnaí uirthi tráth a rinneadh an choir |
|
20 |
Ina theannta sin, maidir leis an gcéile marthanach agus na leanaí marthanacha, tugann an chúirt sin dá haire nach gcuirtear méid na díobhála a rinneadh san áireamh. Dá bhrí sin, sa chás seo, ní raibh aon tábhacht leis an bhfíoras go raibh an céile marthanach scartha ón íospartach le tamall anuas, gan foráil ann ach do chúiteamh a dhámhachtain i gcomhréir le rialacha oidhreachta, faoi réir acmhainní an Chiste Dlúthpháirtíochta. Dá bhrí sin, ní chuireann sé san áireamh, gan aird a thabhairt ar bhreithiúnas an 16 Iúil 2020Presidenza del Consiglio dei Ministri (C‑129/19, EU:C:2020:566), a thromchúisí atá iarmhairtí an ghnímh do na híospartaigh. Ina theannta sin, socraíodh cúiteamh do na leanaí ag méid a bhí inchomparáide den chuid is mó leis an gcúiteamh a deonaíodh don fhear céile, a bhí go hiomlán díréireach le méid an chúitimh shealadaigh a bunaíodh sna himeachtaí coiriúla, agus níor cuireadh san áireamh aon cheann de na critéir a chuirtear i bhfeidhm go coitianta maidir le cailliúint an chaidrimh tuismitheora, amhail aois an íospartaigh, aois an mharthanóra, an caidreamh teaghlaigh agus méid an chomhchónaithe, agus an fhéidearthacht an méid deiridh a choigeartú de réir ghnéithe sonracha an cháis. Dá bhrí sin, ní féidir a mheas go bhfuil an méid a dhámhtar ar na leanaí sa chás seo ‘cothrom agus iomchuí’ de réir bhrí Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80. |
|
21 |
Sna himthosca sin, chinn Tribunale Ordinario di Venezia (Cúirt Dúiche, an Veinéis, an Iodáil) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Dlínse na Cúirte Breithiúnais agus inghlacthacht na gceisteanna le haghaidh réamhrialú
|
22 |
Ceistíonn Rialtas na hIodáile dlínse na Cúirte agus inghlacthacht na gceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú, ós rud é go mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí le cás nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 2004/80. Níor scrúdaigh an chúirt a rinne an tarchur an ‘íospartaigh’ iad na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí de réir bhrí Threoir 2004/80. Mar sin féin, i gcomhthéacs na Treorach sin, ní mór an coincheap ‘íospartaigh’ a léirmhíniú sa chaoi nach gciallaíonn sé ach an duine a ndearnadh díobháil dhíreach dó leis an gcoireacht foréigneach intinne. Dá réir sin, is faoi inniúlacht na mBallstát amháin atá an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, a mhéid a leathnaítear léi an coincheap ‘íospartaigh’ chun garghaolta áirithe d’íospartach an dúnbhásaithe a chur san áireamh. |
|
23 |
Ina theannta sin, measann rialtas na hIodáile agus an Coimisiún Eorpach nach bhfuil an dara ceist inghlactha. Níl aon fhaisnéis san ordú tarchuir lena bhféadfar a chinneadh an raibh aon éifeacht ag an gcoinníoll a bhaineann le hacmhainneacht airgeadais an Chiste Dlúthpháirtíochta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta maidir le méid an chúitimh ar ráta seasta arna shocrú ag an gCiste Dlúthpháirtíochta a chinneadh. Níl aon fhaisnéis san ordú tarchuir lena bhféadfar a chinneadh an raibh aon éifeacht ag an gcoinníoll a bhaineann le hacmhainneacht airgeadais an Chiste Dlúthpháirtíochta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta maidir le méid an chúitimh ar ráta seasta arna shocrú ag an gCiste Dlúthpháirtíochta a chinneadh. |
|
24 |
Ar an gcéad dul síos, maidir le dlínse na Cúirte chun na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú a fhreagairt, ní mór a mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 267 CFAE, go bhfuil dlínse ag an gCúirt léiriú a dhéanamh ar ghníomhartha institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. |
|
25 |
Sna himthosca sin, ós rud é go mbaineann an dá cheist a tharchuir an chúirt a rinne an tarchur le léiriú ar Threoir 2004/80, go háirithe Airteagal 12(2) di, tá dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais na ceisteanna sin a fhreagairt. |
|
26 |
Ar an dara dul síos, maidir le hinghlacthacht na gceisteanna sin, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, go bhfuil toimhde ábharthachta ag ceisteanna maidir le léiriú ar dhlí an Aontais arna dtarchur ag cúirt náisiúnta sa chomhthéacs fíorasach agus reachtach a bhfuil an chúirt sin freagrach as a shainiú, nach faoin gCúirt Bhreithiúnas atá sé a chruinneas a chinneadh. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnas diúltú do rialú a thabhairt ar iarraidh arna déanamh ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíricí iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 11 Aibreán 2024, Sozialministeriumservice, C-116/23, EU:C:2024:292, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
27 |
Maidir leis an gcéad cheist, is leor a thabhairt faoi deara go mbaineann an cheist, i gcás dúnbhásaithe, an féidir leis an gcoincheap ‘íospartaigh’, de réir bhrí Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80, dlúthbhaill teaghlaigh an duine a fuair bás mar thoradh ar choireanna foréigneacha intinne a chur san áireamh le substaint na ceiste a tarchuireadh agus ní lena hinghlacthacht. |
|
28 |
Maidir leis an dara ceist, ba cheart a mheabhrú, leis an gceist sin, go bhféachann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, lena fháil amach an gcaithfear Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht Ballstáit lena bhforáiltear go bhfuil an cúiteamh a dheonaíonn an Ballstát sin d’íospartach coireanna foréigneacha intinne le híoc leis an íospartach sin laistigh de theorainneacha uasteorann a eascraíonn as an mbuiséad arna leithdháileadh ag an mBallstát sin ar chiste speisialta arna bhunú chun na críche sin. |
|
29 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon ní san ordú tarchuir ná sna barúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais chun a léiriú go raibh aon éifeacht ag an uasteorainn sin ar mhéid an chúitimh arna dhámhachtain ag Stát na hIodáile sna príomhimeachtaí. Ina theannta sin, cé, mar is léir ó mhír 20 den bhreithiúnas seo, gur luaigh an chúirt a rinne an tarchur sa chinneadh sin nach leor méid an liúntais a deonaíodh, sa chás seo, do leanaí an duine éagtha, dar léi, chun a bheith ina chúiteamh ‘cothrom agus iomchuí’ de réir bhrí Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80, níor tharchuir sí aon cheist le haghaidh réamhrialú chuig an gCúirt Bhreithiúnais, mar a thug an Coimisiún faoi deara, mar is ceart. Thairis sin, níor sholáthair an chúirt sin aon ghné den dlí náisiúnta lena bhféadfaí tuiscint bhreise a fháil ar na rialacha mionsonraithe maidir le hoibriú an chiste speisialta dá bhforáiltear leis an gciste sin. |
|
30 |
Sna himthosca sin, ní mór a mheas go bhfuil an dara ceist hipitéiseach agus, dá bhrí sin, do-ghlactha. |
|
31 |
Dá bhrí sin, ní gá ach an chéad cheist a fhreagairt. |
An chéad cheist
|
32 |
Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht Ballstáit lena bhforáiltear do scéim maidir le cúiteamh as coireanna foréigneacha intinne lena gcuirtear, i gcás dúnbhású, an ceart chun cúiteamh a fháil do thuismitheoirí an duine éagtha faoi réir coinníoll nach ann do chéile marthanach agus do leanaí marthanacha an duine éagtha sin, agus an ceart chun cúiteamh a fháil do dheartháireacha agus do dheirfiúracha an íospartaigh faoi réir coinníoll nach ann do thuismitheoirí marthanacha an duine éagtha sin |
|
33 |
Ba cheart a mheabhrú, faoi Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80, go gceanglaítear ar na Ballstáit uile a áirithiú go ndéanfar foráil ina rialacha náisiúnta maidir le scéim a bheith ann maidir le cúiteamh a thabhairt d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne a dhéantar ina gcríocha faoi seach, scéim lena ráthaítear cúiteamh cóir agus iomchuí d’íospartaigh. |
|
34 |
Mar is léir ó bhreithiúnas an 16 Iúil 2020, Presidenza del Consiglio dei Ministri, C-129/19, EU:C:2020:566, míreanna 41 go 45 agus 52), forchuirtear leis an bhforáil sin, dá bhrí sin, ar gach Ballstát an oibleagáid scéim cúitimh a chur ar fáil d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne arna ndéanamh ina chríoch, bíodh na híospartaigh sin i staid trasteorann nó ná bíodh, ionas go bhféadfaidh na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le rochtain ar chúiteamh i gcásanna trasteorann, mar a leagtar síos sa Treoir sin, ós rud é, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) di, go bhfeidhmeoidh na forálacha maidir le rochtain ar chúiteamh i gcás trasteorann ‘ar bhonn scéimeanna na mBallstát maidir le cúiteamh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne arna ndéanamh ina gcríocha faoi seach’. |
|
35 |
Chun an cheist a tarchuireadh a fhreagairt, is gá, ar an gcéad dul síos, a chinneadh, i gcás dúnbhásaithe, an n-áirítear ar ‘íospartaigh’ coireanna foréigneacha intinne nach mór do na Ballstáit scéim náisiúnta maidir le cúiteamh a bhunú ar mhaithe léi, de bhun Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80, sa bhreis ar an duine a fuair bás mar thoradh ar an gcoir sin, dlúthbhaill teaghlaigh an duine sin, amhail a thuismitheoirí agus a dheartháireacha agus dheirfiúracha, ansin, más amhlaidh go n-áirítear, an bhféadfar a mheas go ráthaítear cúiteamh ‘cothrom agus iomchuí’ do na híospartaigh sin de réir bhrí na forála sin le scéim náisiúnta ‘cascáide’ maidir le cúiteamh in ord comharbais, amhail an scéim dá dtagraítear i mír 32 den bhreithiúnas seo. |
|
36 |
Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gcoincheap ‘íospartaigh’, de réir bhrí Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80, ós rud é nach bhfuil sainmhíniú ar an gcoincheap sin san fhoráil sin ná sa Treoir sin agus nach ndéantar aon tagairt san fhoráil sin don dlí náisiúnta maidir leis an mbrí atá le tabhairt dó, ní mór an coincheap sin, lena bhféachtar le tairbhithe na scéimeanna náisiúnta maidir le cúiteamh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne a chinneadh, a mheas mar choincheap uathrialach de dhlí an Aontais, nach mór a léiriú ar bhealach aonfhoirmeach i gcríoch an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le gnáthbhrí an téarma atá i gceist sa ghnáthchaint, agus na cuspóirí arna saothrú leis an reachtaíocht ar cuid di é agus an comhthéacs ina n-úsáidtear é á gcur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2023, KRI, C-323/22, EU:C:2023:641, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
37 |
Ar an gcéad dul síos, maidir le gnáthbhrí an téarma ‘íospartaigh’ sa ghnáthchaint, ní mór a lua go bhféadfaí a thuiscint go gcumhdaítear leis daoine a ndearnadh coir foréigneach intinne orthu féin, mar íospartaigh dhíreacha, agus a ndlúthbhaill teaghlaigh i gcás ina bhfulaingíonn na baill teaghlaigh sin, go hindíreach, iarmhairtí na coire sin, mar íospartaigh indíreacha. |
|
38 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an gcuspóir a shaothraítear le hAirteagal 12(2) de Threoir 2004/80, ní mór a mheabhrú go mbeartaítear leis an bhforáil sin an ceart chun cúiteamh cóir agus iomchuí a ráthú do shaoránaigh an Aontais as na gortuithe a fhulaingíonn siad ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil siad, trí cheangal a chur ar gach Ballstát scéim chúitimh a thabhairt isteach d’íospartaigh aon choir foréigneach intinne a rinneadh ar a chríoch (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Deireadh Fómhair 2016, an Coimisiún v an Iodáil, C-601/14, EU:C:2016:759, mír 45). |
|
39 |
Cé go bhfuil inniúlacht ag na Ballstáit, i bprionsabal, raon feidhme choincheap na coireanna foréigneacha intinne a shainiú ina ndlí náisiúnta, ní cheadaítear dóibh leis an inniúlacht sin, áfach, raon feidhme na scéime cúitimh d’íospartaigh, nach mór do na Ballstáit a thabhairt isteach i gcomhréir leis an Treoir sin, a theorannú do chionta foréigneacha áirithe a thagann faoin gcoincheap sin amháin, ar eagla go bhfágfadh sí Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80 iomarcach (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Deireadh Fómhair 2016, an Coimisiún v an Iodáil, C-601/14, EU:C:2016:759, mír 46). |
|
40 |
Ní mór a mheas, dá ndéanfaí an coincheap ‘íospartaigh’, de réir bhrí Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80, a léiriú, mar a áitíonn Rialtas na hIodáile, go n-áirítear go heisiach laistigh de raon feidhme pearsanta na forála sin íospartaigh dhíreacha na gcoireanna foréigneacha intinne, go mbeadh na cionta ar coir den sórt sin iad as ar eascair bás an duine, lasmuigh de raon feidhme ábhartha na forála sin, gan beann ar a cuspóir. |
|
41 |
De réir an léirithe ar Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80 arna mholadh ag Rialtas na hIodáile, i gcás dúnbhásaithe, ní cheanglaítear ar an mBallstát lena mbaineann aon chúiteamh a íoc faoin scéim náisiúnta cúitimh a cheanglaítear air leis an bhforáil sin a shuíomh, ós rud é, i gcás den sórt sin, nach bhfuil ach ‘íospartach’ na gcoireanna foréigneacha intinne tar éis bás a fháil, nár cheart aon duine eile, amhail, go háirithe, an céile marthanach nó na leanaí, a chúiteamh, i bprionsabal, sa cháil chéanna sin. |
|
42 |
Le léiriú den sórt sin, bhainfí cuid mhór dá éifeacht phraiticiúil d’Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80, ós rud é go gceanglófaí ar na Ballstáit scéim náisiúnta cúitimh a bhunú i leith coireanna foréigneacha intinne ach amháin i gcás ina maireann an duine a bhí faoi réir na coire sin a ghortuithe nó a gortuithe, ach ní i gcás ina bhfaigheann an duine sin bás de dheasca na ndíobhálacha sin. |
|
43 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go ndearnadh an Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta (COM(2002) 562 final) (IO 2003 C 45 E, lch. 69), a d’fhéach ní hamháin le rochtain ar chúiteamh den sórt sin a éascú i gcásanna ina ndearnadh an choir i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí ar an íospartach, ach freisin le híoschaighdeáin chúitimh a bhunú d’íospartaigh na coireachta, dá bhforáiltear go sainráite, in Airteagal 2(1)(b), sa chuid den Treoir lena mbunaítear na híoschaighdeáin sin, maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit ‘garghaolta’ agus ‘cleithiúnaithe’ íospartach a fuair bás mar thoradh ar a ngortuithe a chúiteamh. |
|
44 |
Cé nach bhfuil an soiléiriú sin i dTreoir 2004/80, is léir, áfach, ó na travaux préparatoires don Treoir sin, go háirithe an togra comhréitigh a thíolaic Uachtaránacht na Comhairle an 26 Márta 2004 (Doiciméad 7752/04), gurb é is cúis leis sin amháin nár lean reachtas an Aontais an togra a bhaineann leis an dara cuspóir sin, is é sin íoschaighdeáin a bhunú maidir le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta. Dá bhrí sin, ní chiallaíonn an fíoras sin ar bhealach ar bith gur mhian le reachtas an Aontais dlúthbhaill teaghlaigh an duine a fuair bás mar gheall ar ghníomh coireachta foréigneach intinne a eisiamh go hiomlán ó raon feidhme ratione personae na Treorach sin agus ar an gcaoi sin gach cosaint a bhaint de dhaoine a ndearnadh dochar dóibh mar sin féin le gníomh den sórt sin. |
|
45 |
Ar an tríú dul síos, tá an léiriú sin comhsheasmhach le comhthéacs Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80. |
|
46 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara go sainmhínítear i dTreoir 2012/29, a bhaineann, inter alia, le híospartaigh na coireachta a chosaint, an coincheap ‘íospartaigh’ in Airteagal 2(1)(a) mar ní lena n-áirítear, sa bhreis ar dhaoine a d’fhulaing díobháil go díreach mar gheall ar chion coiriúil, baill teaghlaigh duine arb é an cion coiriúil sin ba chúis go díreach lena bhás agus a d’fhulaing díobháil mar thoradh ar bhás an duine sin, lena n-áirítear, maidir leis an gcoincheap ‘baill teaghlaigh’, i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(b), an céile, an duine atá ina chónaí leis an íospartach i ndlúthchaidreamh tiomanta, i gcomhtheaghlach agus ar bhonn cobhsaí agus leanúnach, na gaolta i líne dhíreach, deartháireacha agus deirfiúracha agus cleithiúnaithe an íospartaigh. |
|
47 |
De réir travaux préparatoires a bhaineann le Treoir 2012/29, mar a leagtar amach sa mheabhrán míniúcháin a bhaineann leis an togra ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta (COM/2011/275 final, lch. 7), tá bonn cirt leis an sainmhíniú sin ar an gcoincheap ‘íospartaigh’ toisc go ndéantar dochar do bhaill teaghlaigh freisin mar thoradh ar an gcoir agus, i gcás bhás an íospartaigh, go n-aithnítear iad go minic mar ionadaithe an íospartaigh sin. |
|
48 |
Ní mór a mheas go soiléirítear leis an sainmhíniú ar an gcoincheap ‘íospartaigh’ a leagtar amach in Airteagal 2(1)(a) de Threoir 2012/29 raon feidhme an choincheapa sin mar atá sé in Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80. Mar a chuir an Coimisiún in iúl ar leathanach 3 den mheabhrán míniúcháin a luaitear sa mhír roimhe seo, tá sé beartaithe le Treoir 2012/29 ‘creat cothrománach a leagan amach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais íospartaigh uile na coireachta’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]. A mhéid a bhaineann Treoracha 2004/80 agus 2012/29 le híospartaigh na coireachta a chosaint, tá réimsí forluiteacha cur i bhfeidhm acu dá bhrí sin, mar is léir ó aithris 5 de Threoir 2004/80. |
|
49 |
Ag an éisteacht, áfach, d’áitigh Rialtas na hIodáile nach dtagraíonn aithris 5 do Threoir 2012/29, a glacadh tar éis Threoir 2004/80, ach do Chinneadh Réime 2001/220, arbh é, cé gur cuireadh Treoir 2012/29 ina ionad, an gníomh a bhí i bhfeidhm nuair a glacadh Treoir 2004/80. In Airteagal 1(a) den Chinneadh Réime sin, sainmhínítear an coincheap ‘íospartach’ mar thagairt d’íospartaigh dhíreacha ciona choiriúil amháin. Ós rud é gur glacadh Treoir 2012/29 ar bhonn Airteagal 82(2) CFAE i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach trí thromlach cáilithe, ní féidir é a bheith d’éifeacht aici Treoir 2004/80 a leasú, a glacadh ar bhonn Airteagal 352 CFAE i gcomhréir le riail na haontoilíochta. Ba cheart a mheas, dá bhrí sin, leis an tagairt a dhéantar in aithris 5 de Threoir 2004/80 do Chinneadh Réime 2001/220 go gcuirtear bac ar fhorbairtí reachtacha ina dhiaidh sin a rinne difear don chinneadh réime sin a chur san áireamh. |
|
50 |
Ar an gcéad dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil an argóint sin bunaithe ar an mbonn mícheart gur gá íospartaigh indíreacha ciona choiriúil a eisiamh cheana féin ón sainmhíniú ar an gcoincheap ‘íospartach’ in Airteagal 1(a) de Chinneadh Réime 2001/220. Cé gur fíor gur ceanglaíodh leis an bhforáil sin, chun go measfaí stádas ‘íospartach’ ciona choiriúil a bheith ag duine, go ndéanfaí an díobháil a d’fhulaing an duine sin go díreach mar gheall ar an gcion sin, níor ceanglaíodh ar an duine sin ar bhealach ar bith a bheith faoi réir an chiona sin go díreach. |
|
51 |
Ar an dara dul síos, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 40 dá Thuairim, níl an argóint sin ábhartha, a mhéid a bhraitheann sí ar bhunús dlí Threoir 2012/29, ós rud é, mar a tugadh faoi deara i mír 48 den bhreithiúnas seo, go mbeartaítear leis an Treoir sin creat ginearálta dhlí an Aontais is infheidhme maidir le híospartaigh na coireachta a leagan síos. |
|
52 |
Sa mhéid sin, ní mór a thuiscint go bhfuil an sainmhíniú ar ‘íospartach’ in Airteagal 2(1)(a) de Threoir 2012/29 beartaithe chun soiléiriú a dhéanamh ar raon feidhme an tsainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 1(a) de Chinneadh Réime 2001/220, dá dtagraítear i dTreoir 2004/80, agus chun na críche sin amháin. Dá bhrí sin, ní athraíonn an sainmhíniú sin raon feidhme an choincheapa ‘íospartach’, mar a leagtar amach in Airteagal 12(2) den Treoir sin é. |
|
53 |
Ní féidir an léirmhíniú a leagtar amach i míreanna 38 go 48 den bhreithiúnas seo a thabhairt faoi cheist ach an oiread, contrártha leis an méid a mhaíonn Rialtas na hIodáile, le hAirteagal 17 de Threoir 2004/80, ar dá réir a fhéadfaidh na Ballstáit forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil, ní hamháin do ‘íospartaigh’ na coireachta ach freisin do ‘aon duine eile a ndéanann coir den sórt sin difear dó’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] Ní gá go ndéanfaí an chatagóir dheireanach sin a mheascadh le dlúthbhaill teaghlaigh an duine a fuair bás mar thoradh ar choir foréigneach intinne, ós rud é gur dócha gur ‘íospartaigh’ iad féin a chumhdaítear leis an Treoir sin. |
|
54 |
Dá bhrí sin, le hAirteagal 17 de Threoir 2004/80, atá mar chuid de Chaibidil III den Treoir sin a bhaineann leis na forálacha cur chun feidhme, ceadaítear do na Ballstáit, agus a scéim náisiúnta maidir le cúiteamh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne á cur chun feidhme acu, catagóir thairbhithe na scéime sin a leathnú chuig daoine seachas ‘íospartaigh’, de réir bhrí Airteagal 12(2) den Treoir sin. |
|
55 |
Ní mór a mheas, dá bhrí sin, nach mór an coincheap ‘íospartaigh’, de réir bhrí na forála sin, nach mór do na Ballstáit scéim náisiúnta cúitimh a bhunú ar mhaithe leis, faoin bhforáil sin, a thuiscint mar choincheap a d’fhéadfadh íospartaigh indíreacha coireanna foréigneacha intinne a áireamh, amhail dlúthbhaill teaghlaigh an duine a fuair bás mar thoradh ar an gcoir sin, i gcás ina bhfulaingíonn siad, go hindíreach, iarmhairtí na coire sin. |
|
56 |
Sna himthosca sin, is gá, ar an dara dul síos, scrúdú a dhéanamh an bhféadfaí a mheas go ráthaítear cúiteamh ‘cóir agus iomchuí’ do na híospartaigh sin de réir bhrí Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80 le reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear de choinníoll, i gcás dúnbhású, an ceart chun cúiteamh a fháil do thuismitheoirí an duine éagtha mar thoradh ar ghníomh arb ionann é agus coir foréigneach intinne, nach bhfuil céile agus leanaí marthanacha an íospartaigh sin agus deartháireacha agus deirfiúracha an íospartaigh sin i láthair. |
|
57 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, ag féachaint, ar dtús, don lánrogha a thugtar do na Ballstáit leis an bhforáil sin maidir le cineál ‘cóir agus iomchuí’ mhéid an chúitimh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne agus na rialacha mionsonraithe chun an cúiteamh sin a chinneadh agus, ar an dara dul síos, an gá atá le hinmharthanacht airgeadais na scéimeanna náisiúnta cúitimh a áirithiú, ní gá go bhfreagródh an cúiteamh dá dtagraítear san fhoráil sin do na damáistí a d’fhéadfaí a dhámhachtain, i gcoinne dhéantóir ciona a thagann faoi raon feidhme na gcoireanna foréigneacha intinne, d’íospartach an chiona sin. Dá bhrí sin, ní gá go mbeadh gá leis an gcúiteamh sin chun cúiteamh iomlán an chaillteanais ábhartha agus neamhábhartha a d’fhulaing an t-íospartach sin a áirithiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Presidenza del Consiglio dei Ministri, C‑129/19, EU:C:2020:566, míreanna 58 go 60). |
|
58 |
Sa chomhthéacs sin, is faoin gcúirt náisiúnta atá sé, ar deireadh, a áirithiú, maidir leis na forálacha náisiúnta lena mbunaítear an scéim chúitimh lena mbaineann, gur ‘cúiteamh cóir agus iomchuí’ de réir bhrí Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80 í an tsuim a bhronntar ar íospartach coireanna foréigneacha intinne de bhun na scéime sin (breithiúnas an 16 Iúil 2020, Presidenza del Consiglio dei Ministri, C-129/19, EU:C:2020:566, mír 61). |
|
59 |
Mar sin féin, sháródh Ballstát a lánrogha faoin bhforáil sin dá soláthrófaí leis na forálacha náisiúnta cúiteamh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne nach raibh ann ach siombalach nó ar léir nár leor é ag féachaint do thromchúis iarmhairtí na coire a rinneadh do na híospartaigh sin (breithiúnas an 16 Iúil 2020, Presidenza del Consiglio dei Ministri, C-129/19, EU:C:2020:566, mír 63). |
|
60 |
Ós rud é gurb ionann an cúiteamh a dheonaítear d’íospartaigh den sórt sin agus rannchuidiú le cúiteamh na gcaillteanas ábhartha agus neamhábhartha a d’fhulaing siad, ní fhéadfar a mheas go bhfuil rannchuidiú den sórt sin ‘cóir agus iomchuí’ ach amháin má chúitíonn sé, a mhéid is iomchuí, an fhulaingt ar nochtadh na híospartaigh sin di (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Presidenza del Consiglio dei Ministri, C-129/19, EU:C:2020:566, mír 64). |
|
61 |
Dá bhrí sin, cé go bhféadfadh an ranníocaíocht sin a bheith mar thoradh ar scéim náisiúnta lena bhforáiltear do chúiteamh ar ráta seasta d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne a d’fhéadfaí a athrú i gcomhréir le cineál an fhoréigin a fulaingíodh, ní mór an scála cúitimh a bheith mionsonraithe go leordhóthanach mar sin féin, chun an fhéidearthacht a sheachaint, ag féachaint d’imthosca cáis ar leith, gur léir nach leor an ráta seasta cúitimh dá bhforáiltear do chineál sonrach foréigin (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Presidenza del Consiglio dei Ministri, C-129/19, EU:C:2020:566, míreanna 65 agus 66). |
|
62 |
Dá bhrí sin, ní mór ráta seasta cúitimh arna dhámhachtain faoin scéim náisiúnta cúitimh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne, atá le haicmiú mar ‘cóir agus iomchuí’, de réir bhrí Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80, a shocrú agus tromchúis iarmhairtí na coireachta a rinneadh do na híospartaigh á gcur san áireamh agus, dá bhrí sin, rannchuidiú iomchuí a dhéanamh le cúiteamh na díobhála ábhartha agus neamhábhartha a fulaingíodh (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Presidenza del Consiglio dei Ministri, C-129/19, EU:C:2020:566, mír 69). |
|
63 |
I bhfianaise an méid sin, ní mór a mheas go bhféadfaidh na Ballstáit, agus a lánrogha á feidhmiú acu, a chinneadh, mar atá déanta ag Poblacht na hIodáile sa chás seo, scéim náisiúnta a bhunú maidir le cúiteamh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne lena dteorannaítear tairbhe na scéime sin do dhlúthbhaill teaghlaigh an duine a fuair bás, agus tosaíocht á tabhairt, thairis sin, do chuid de na baill teaghlaigh sin, amhail an céile marthanach agus na leanaí marthanacha, thar bhaill eile den teaghlach, amhail tuismitheoirí agus deartháireacha agus deirfiúracha. |
|
64 |
Thairis sin, freagraíonn cur chuige ‘cascáide’ den sórt sin don chur chuige dá dtagraítear go sainráite in Airteagal 2(2) de Threoir 2012/29, lena gceadaítear do na Ballstáit nósanna imeachta a bhunú chun teorainn a chur le líon na mball teaghlaigh a d’fhéadfadh leas a bhaint as na cearta a leagtar amach sa Treoir sin agus imthosca aonair gach cáis á gcur san áireamh. |
|
65 |
Mar sin féin, ní féidir le scéim náisiúnta maidir le cúiteamh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne, i gcomhréir le loighic an chomharbais, baill áirithe teaghlaigh a eisiamh go huathoibríoch ó bheith i dteideal gach cúitimh mar gheall ar bhaill eile teaghlaigh a bheith i láthair agus mar gheall air sin amháin, gan é a bheith indéanta breithnithe eile seachas an t-ord comharbais sin a chur san áireamh, amhail, inter alia, na hiarmhairtí ábhartha do na baill teaghlaigh sin de dhúnmharú an duine lena mbaineann, nó gurbh iad na baill teaghlaigh sin cleithiúnaithe an duine éagtha nó go raibh siad ina gcónaí leis an duine éagtha. Ní chuirtear san áireamh i scéim náisiúnta den sórt sin maidir le cúiteamh, de shárú ar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 60 agus 62 thuas, fulaingt agus tromchúis iarmhairtí an chiona do na daoine sin agus, dá bhrí sin, ní rannchuidíonn sí go leordhóthanach le cúiteamh as a ndamáiste ábhartha agus neamhábhartha. |
|
66 |
Go háirithe, ní mór a mheas go bhfuil sé ar neamhréir le ceanglais den sórt sin cúiteamh a bhaint de bhaill teaghlaigh áirithe, mar phrionsabal, i gcás, mar atá sna príomhimeachtaí, inar bhronn cúirt choiriúil cúiteamh ar na baill teaghlaigh sin, cúiteamh nach bhfuil neamhshuntasach, thairis sin, as an díobháil a fulaingíodh mar thoradh ar bhás an duine a bhí faoi réir na gcoireanna foréigneacha intinne, ach i gcás nach bhfuil an ciontóir in ann, mar gheall ar a dhócmhainneacht nó a dócmhainneacht, na damáistí sin a íoc é féin nó í féin. |
|
67 |
Dá bhrí sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 47 dá Thuairim, ní féidir ‘cúiteamh coir agus iomchuí’ de réir bhrí Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80 a bheith mar thoradh ar scéim náisiúnta maidir le cúiteamh d’íospartaigh coireanna foréigneacha intinne, amhail an scéim atá i gceist sna príomhimeachtaí, faoina n-eisiatar íospartaigh gan aon aird a thabhairt ar mhéid a ndamáiste, mar gheall ar ord tosaíochta réamhshainithe i measc na n-íospartach éagsúil atá incháilithe chun cúiteamh a fháil agus atá bunaithe ar chineál na nasc teaghlaigh amháin, as a dtarraingítear toimhdí maidir leis an díobháil sin a bheith ann nó tábhacht na díobhála sin. |
|
68 |
Dá bhrí sin, is é an freagra ar an gcéad cheist a tharchuirtear nach mór Airteagal 12(2) de Threoir 2004/80 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht Ballstáit lena bhforáiltear do scéim maidir le cúiteamh as coireanna foréigneacha intinne lena gcuirtear, i gcás dúnbhásaithe, an ceart chun cúitimh do thuismitheoirí an duine éagtha faoi réir coinníoll nach bhfuil céile agus leanaí marthanacha ag an duine éagtha sin agus an ceart chun cúitimh do dheartháireacha agus do dheirfiúracha an íospartaigh faoi réir coinníoll nach bhfuil tuismitheoirí marthanacha ag an duine éagtha sin. |
Costais
|
69 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Maidir le hAirteagal 12(2) de Threoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta, |
|
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: |
|
cuirtear cosc ar reachtaíocht Ballstáit lena bhforáiltear do scéim maidir le cúiteamh as coireanna foréigneacha intinne lena gcuirtear, i gcás dúnbhásaithe, an ceart chun cúitimh do thuismitheoirí an duine éagtha faoi réir coinníoll nach bhfuil céile agus leanaí marthanacha ag an duine éagtha sin agus an ceart chun cúitimh do dheartháireacha agus do dheirfiúracha an íospartaigh faoi réir coinníoll nach bhfuil tuismitheoirí marthanacha ag an duine éagtha sin. |
|
[Sínithe] |
( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.
( 1 ) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.