Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CC0158

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Medina arna thabhairt ar an 2024 Meitheamh 6.


Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:461

 TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

MEDINA

arna tabhairt an 6 Meitheamh 2024 ( 1 )

Cás C-158/23 [Keren] ( i )

T.G.

v

Minister van Sociale Zaken en Werkgelegenheid

(Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Chomhairle Stáit, an Ísiltír))

(Tarchur chun réamhrialú – Beartas tearmainn – Treoir 2011/95/AE –Tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta – Dídeanaithe – Airteagal 34 – Rochtain ar áiseanna lánpháirtíochta – Oibleagáid chun rochtain ar chláir lánpháirtíochta a áirithiú – Coinbhinsiún na Ginéive – Airteagal 34 – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear oibleagáid lánpháirtíochta sibhialta ar dhídeanaithe – Oibleagáid chun freastal ar chúrsaí agus na costais lena mbaineann a íoc – Féidearthacht iarratas a dhéanamh ar iasacht d’fhonn na costais sin a íoc – Oibleagáid chun pas a fháil i scrúdú laistigh de thrí bliana – Teip chun clár lánpháirtíochta a chríochnú laistigh den tréimhse fhorordaithe – Oibleagáid chun fíneáil a íoc – Oibleagáid chun an iasacht a aisíoc)

1.

Is próiséas tábhachtach casta é lánpháirtiú dídeanaithe lena n‑éilítear ar na páirtithe lena mbaineann iarrachtaí a dhéanamh, is é sin le rá, na dídeanaithe iad féin agus sochaí an Stáit óstaigh. Áirítear leis an bpróiséas lánpháirtíochta gnéithe dlíthiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha. Dá bhrí sin, tá sé nádúrtha go bhforchuirtear oibleagáid ar Stáit chonarthacha le huirlisí idirnáisiúnta, amhail Coinbhinsiún na Ginéive, ( 2 ) go n-éascaíonn siad ‘comhshamhlú agus eadóirseacht’ dídeanaithe. ( 3 ) Trasuíodh an oibleagáid sin isteach i ndlí an Aontais le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú, ( 4 ) lena bhforáiltear d’oibleagáid ar na Ballstáit ‘rochtain ar..., nó réamhchoinníollacha a chruthú lena ráthaítear rochtain ar na cláir sin’ [Aistriúchán neamhoifigiúil].

2.

Rinneadh an iarraidh ar réamhrialú seo in imeachtaí idir T.G. agus an Minister van Sociale Zaken en Werkgelegenheid (an tAire Gnóthaí Sóisialta agus Fostaíochta, an Ísiltír; ‘an tAire’). Baineann an chaingean le cinneadh an Aire, ar an gcéad dul síos, chun fíneáil EUR 500 a ghearradh ar T.G., atá ina dhídeanaí, mar gur theip air pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta sibhialta laistigh den teorainn ama, agus, ar an dara dul síos, ordú a thabhairt do T.G. iasacht EUR 10000 a aisíoc ar thug údaráis phoiblí na hÍsiltíre dó ionas go mbeadh sé in ann costais na gclár lánpháirtíochta sibhialta a íoc. Ba é an chúis leis an gcinneadh sin ná nár chomhlíon T.G. a oibleagáid lánpháirtíochta sibhialta laistigh den tréimhse fhorordaithe.

3.

Sa chomhthéacs sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur ceist ar an gCúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, an féidir leis na Ballstáit, agus a mhéid gur féidir leo, faoin Treoir maidir le Cáiliú, oibleagáid a fhorchur ar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta (‘dídeanaithe’), ( 5 ) faoi phian fíneála, chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta sibhialta in am trátha agus chun costais an scrúdaithe sin agus na cúrsaí ullmhúcháin lena mbaineann a íoc. Gné faoi leith den chás seo is ea gur, i gcomhthéacs inniúlachtaí comhroinnte idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit, ceart do dhídeanaí faoi dhlí an Aontais agus gur oibleagáid ar dhídeanaí de bhua dlí náisiúnta iad cláir lánpháirtíochta sibhialta.

I. Creat dlíthiúil

A. Dlí an Aontais Eorpaigh

4.

Tá aithrisí 3, 4, 12, 13, 15, 16, 40, 41 agus 47 den Treoir maidir le Cáiliú ábhartha don chás seo.

5.

Foráiltear le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú, dar teideal ‘Rochtain ar shaoráidí comhtháthaithe’:

‘Chun lánpháirtiú na dtairbhithe de chosaint idirnáisiúnta sa tsochaí a éascú, áiritheoidh na Ballstáit rochtain ar chláir lánpháirtíochta a mheasann siad a bheith iomchuí chun sainriachtanais na dtairbhithe de stádas dídeanaithe nó de stádas cosanta coimhdí a chur san áireamh, nó réamhchoinníollacha a chruthú a ráthóidh rochtain ar na cláir sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

B. Dlí na hÍsiltíre

6.

Trasuíodh Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú i ndlí na hÍsiltíre leis an Wet inburgering (‘an Dlí maidir le lánpháirtíocht shibhialta’), a bhfuil sé mar sprioc aige spreagadh a thabhairt do náisiúnaigh eachtracha a bheith freagrach as a lánpháirtiú féin. Faoi Airteagal 3 den Dlí sin, sa leagan atá infheidhme tráth na bhfíoras atá faoi chaibidil sna príomhimeachtaí, tá dídeanaithe faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta sa chaoi chéanna le sealbhóirí áirithe eile de chead cónaithe, amhail cónaitheoirí fadtéarma. I bprionsabal, tá ar gach duine atá faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta pas a fháil i ngach cuid den scrúdú lánpháirtíochta sibhialta laistigh de thréimhse trí bliana (‘an tréimhse lánpháirtíochta shibhialta’).

7.

Dearbhaíonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil ar an Aire, de réir bhrí Airteagal 7b den Dlí maidir le lánpháirtíocht shibhialta, síneadh ama a chur leis an tréimhse le haghaidh lánpháirtíocht shibhialta i gcásanna nach bhfuil an locht ar an duine atá faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta go ndeachaigh siad thar an tréimhse sin nó i gcás ina bhfuil sé nó sí ag freastal ar chúrsa litearthachta. D’fhéadfadh an tAire síneadh ama a chuir leis an tréimhse lánpháirtíochta sibhialta i gcásanna ina ndearna an duine atá faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta iarrachtaí follasacha le lánpháirtiú. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an tAire an duine lena mbaineann a scaoileadh ón oibleagáid sin.

8.

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur leis sin go bhfuil sé, mar riail, faoi na daoine atá faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta íoc as costais na gclár lánpháirtíochta náisiúnta, atá in ann iarratas a dhéanamh ar iasacht ar suas go EUR 10000 chun na críche sin. D’fhéadfaí an iasacht a úsáid ar mhaithe le cúrsaí lánpháirtíochta sibhialta, scrúduithe lánpháirtíochta sibhialta agus/nó cúrsaí litearthachta. Ní chaithfidh dídeanaithe an iasacht a aisíoc i gcás ina n‑éiríonn leo i ngach cuid den scrúdú lánpháirtíochta sibhialta laistigh den tréimhse lánpháirtíochta sibhialta nó i gcás ina scaoiltear iad ón oibleagáid lánpháirtíochta sibhialta laistigh den tréimhse sin. Mura gcomhlíonann siad a n-oibleagáid lánpháirtíochta sibhialta nó i gcás ina gcomhlíonann siad é ródhéanach, caithfidh siad, i bprionsabal, an iasacht a aisíoc ina hiomláine.

9.

Tháinig Airteagal 4.16a den Regeling inburgering (Rialacha maidir le lánpháirtíocht shibhialta) i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022. Faoin bhforáil sin, atá infheidhme ar dhaoine sa phróiseas a n-iasacht a aisíoc ag an dáta sin, d’fhéadfaí an iasacht ina hiomláine nó cuid di a tharscaoileadh. I bprionsabal, tarscaoilfidh an tAire cuid den iasacht má chomhlíonann an duine atá faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta an oibleagáid sin laistigh de shé mhí roimh dul in éag na teorann ama nó má scaoiltear iad ón oibleagáid sin laistigh den tréimhse sin. I gcásanna eisceachtúla, d’fhéadfadh an tAire cuid den iasacht a chur ar ceal i gcás nár chomhlíon an duine atá faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta an oibleagáid lánpháirtíochta sibhialta laistigh de shé mhí, nó d’fhéadfadh sé an iasacht a chur ar ceal ina hiomláine.

10.

Ní fhéadfadh an tréimhse le haghaidh aisíocaíochta dul thar 10 mbliana, ag cur chumas an fhéichiúnaí chun íoc san áireamh. I gcás éagumas íoc, d’fhéadfadh an tAire an méid atá le haisíoc a shocrú ag EUR 0 sa mhí. Tá aon fhuílleach atá fós ann tar éis 10 mbliana le díscríobh, seachas tráthchodanna thar téarma.

11.

Foráiltear le hAirteagal 31(1) den Dlí maidir le lánpháirtíocht shibhialta go bhfuil ar an Aire fíneáil riaracháin a ghearradh ar aon duine atá faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta nár éirigh leo pas a bhaint amach i gcodanna áirithe den scrúdú lánpháirtíochta sibhialta laistigh den tréimhse trí bliana nó laistigh den tréimhse bhreisithe.

12.

Foráiltear le hAirteagal 32 den Dlí sin:

‘Sa chinneadh ina ngearrtar an fhíneáil dá dtagraítear in Airteagal 31(1), leagfaidh an tAire uastréimhse nua dhá bhliain síos ina gcaithfidh an duine atá faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta, tar éis fhógra an chinnidh lena ngearrtar fíneáil, pas a bhaint amach i gcodanna den scrúdú lánpháirtíochta sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b) agus (c).’

13.

Faoi Airteagal 33 den Dlí sin:

‘1.   Gearrfaidh an tAire fíneáil riaracháin ar dhuine atá faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta nár éirigh leo i gcodanna den scrúdú lánpháirtíochta sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b) agus (c) laistigh den teorainn ama a leagtar síos faoi Airteagal 32. Beidh feidhm ag Airteagal 32 mutatis mutandis.

2.   I gcás ina dteipeann ar an duine atá faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta, tar éis dhul in éag na tréimhse dá leagtar síos in Airteagal 32, pas a bhaint amach i gcodanna den scrúdú lánpháirtíochta sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b) agus (c), gearrfaidh an tAire fíneáil riaracháin ar an duine sin gach dhá bhliain.’

14.

Leagtar síos le hAirteagal 1(1) den Beleidsregel boetevaststelling inburgering (Treoirlínte maidir le socrú fíneálacha sa chomhthéacs lánpháirtíochta sibhialta), sa leagan atá infheidhme tráth na bhfíoras atá faoi chaibidil sna príomhimeachtaí, na critéir atá á gcur san áireamh chun críocha méid na fíneála a shocrú. Áirítear leis na critéir sin an líon uaireanata a chaith an duine atá faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta ag freastal ar chúrsa lánpháirtíochta nó ar chúrsa in Ollainnis mar dhara teanga, an líon uaireanta a thug an duine lena mbaineann faoi chodanna den scrúdú lánpháirtíochta sibhialta nó sa scrúdú Stáit in Ollainnis mar dhara teanga, agus an líon codanna de na scrúduithe sin inar bhain an duine sin pas amach. Foráiltear le hAirteagal 1(2) de na Treoirlínte go socraítear méid na fíneála ar bhonn an tábla fíneálacha, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis na Treoirlínte sin.

15.

Tá tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le hAirteagal 1(2) ar dá réir a socraítear an fhíneáil ag EUR 1250 i gcomhair 0 go 149 n-uair an chloig de cheachtanna arna bhfreastal orthu, EUR 875 i gcomhair 150 go 299 n-uair an chloig arna bhfreastal orthu agus EUR 500 i gcomhair 300 uair an chloig nó níos mó arna bhfreastal orthu. Thairis sin, d’fhéadfaí síneadh ama a chur leis an tréimhse lánpháirtíochta sibhialta, agus sa chás sin ní ghearrfar aon fhíneáil. Féadfar méid na fíneála a laghdú 20 % má éiríonn leis an duine lena mbaineann i gcuid amháin den scrúdú, 40 % má éiríonn leis i ndá chuid, 60 % má éiríonn leis i dtrí chuid agus 80 % má éiríonn leis i gceithre chuid nó níos mó.

II. An chaingean sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

16.

Shroich T.G., náisiúnach de chuid na hEiritré, an Ísiltír nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois. Ina dhiaidh sin, fuair sé cead cónaithe sealadach a chuirtear ar fáil do dhaoine ar deonaíodh tearmann dóibh, lena raibh sé in ann cosaint idirnáisiúnta a fháil san Ísiltír.

17.

An 8 Eanáir 2016, nuair a bhí T.G. 18 bliana d’aois, chuir an tAire in iúl dó, go mbeadh sé faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta faoin Dlí maidir le lánpháirtíocht shibhialta ón 1 Feabhra 2016 amach. Chiallaigh sé sin, i bprionsabal, go raibh air pas a fháil i ngach cuid den scrúdú lánpháirtíochta sibhialta laistigh de thréimhse trí bliana. Chuir an tAire síneadh ama leis an tréimhse sin go dtí an 1 Feabhra 2020 ar an bhforas gur cuireadh áit chónaithe i lárionad cóiríochta ar fáil do T.G. ar feadh tréimhse shuntasach agus gur thug sé faoi thraenáil.

18.

Ós rud é nár chomhlíon T.G. a oibleagáid lánpháirtíochta sibhialta laistigh den tréimhse fhorordaithe, ghearr an tAire fíneáil EUR 500 air agus d’ordaigh sé dó an iasacht iomlán de EUR 10000 a fuair sé ón Dienst Uitvoering Onderwijs (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, an Ísiltír) a aisíoc.

19.

Chuir T.G. agóid isteach i gcoinne an chinnidh sin, a dhearbhaigh an tAire a bheith gan bhunús an 25 Feabhra 2021. An 4 Samhain 2021, dhiúltaigh an rechtbank Amsterdam (an Chúirt Dúiche, Amstardam, an Ísiltír) don chaingean a chuir T.G. isteach i gcoinne chinneadh an 25 Feabhra 2021 mar chaingean gan bhunús. Chinn an chúirt sin nach dtagann an reachtaíocht náisiúnta faoi chaibidil sna príomhimeachtaí salach ar Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú, ós rud é go gcuirtear scéim ar bun léi ina gcuirtear féidearthachtaí le haghaidh síntí ama agus díolmhú ar fáil. Éascaítear léi go n-aisíoctar aon iasacht arna deonú ar bhonn acmhainneacht airgeadais an duine lena mbaineann. Chinn an chúirt sin nár sáraíodh prionsabal na comhréireachta, ós rud é gur thug an tAire faoi na cúinsí ar fad agus go ndearna sé machnamh orthu ar bhealach réasúnaithe. Dar leis an rechtbank Amsterdam (an Chúirt Dúiche, Amstardam), chuir an tAire staid phearsanta an iarratasóra sna príomhimeachtaí san áireamh go leordhóthanach agus síneadh ama á chur leis an tréimhse lánpháirtíochta sibhialta ó thrí bliana go ceithre bliana agus méid na fíneála á laghdú. Níor mheas an chúirt sin go raibh an fhíneáil ró-ard trí bhíthin tagairt don bhreithiúnas in P agus S. ( 6 ) Dar leis an gcúirt sin, ní raibh ar an Aire an fhíneáil nó an oibleagáid an iasacht a aisíoc a tharscaoileadh.

20.

An 2 Nollaig 2021, is é sin le rá, 1 bhliain agus 10 mí i ndiaidh dhul in éag na tréimhse lánpháirtíochta sibhialta, díolmhaíodh T.G. ón oibleagáid lánpháirtíochta sibhialta toisc go ndearna sé ag an tráth sin, dar leis an Aire, iarrachtaí leordhóthanacha chun an cúrsa lánpháirtíochta sibhialta a chur i gcrích. Bhí an díolmhú sin gan dochar d’oibleagáid T.G. chun an fhíneáil a íoc agus an iasacht a aisíoc.

21.

Chuir T.G. achomharc isteach roimh an Raad van State (an Chomhairle Stáit, an Ísiltír), is í an chúirt a rinne an tarchur, i gcoinne bhreithiúnas an 4 Samhain 2021.

22.

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur ceist ar an gCúirt Bhreithiúnais an bhfuil Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar oibleagáid lánpháirtíochta ar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta – lena gclúdaítear an oibleagáid chun pas a fháil, ar phian fíneála, i scrúdú, laistigh de thrí bliana i bprionsabal – agus go gcuirtear cosc leis ar na daoine atá faoi réir na hoibleagáide sin as na costais a bhaineann le cláir lánpháirtíochta a íoc.

23.

Maidir leis an oibleagáid lánpháirtíochta sibhialta, ar an gcéad dul síos, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur cé go bhfuil feidhm ag an mbreithiúnas in P agus S ( 7 ) ar an gcás seo, ós rud é go mbaineann an breithiúnas sin le hAirteagal 5(2) de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír is cónaitheoirí fadtéarma iad, ( 8 ) lena bhforáiltear gur féidir leis na Ballstáit oibleagáid lánpháirtíochta a fhorchur, cé nach bhfuil aon fhéidearthacht amhail sin ar fáil faoin Treoir maidir le Cáiliú.

24.

Ar an dara dul síos, i gcás ina bhféadfar oibleagáid lánpháirtíochta sibhialta a bheith forchurtha faoi dhlí an Aontais, tá an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh a fháil amach an bhféadfadh cleachtas toirmiscthe a bheith mar thoradh ar cheart dearfach a thagann as dlí an Aontais chun rochtain a fháil ar chláir lánpháirtíochta ar deireadh thiar, faoin dlí náisiúnta, lena bhféadfaí pionóis a ghearradh mura gcuirtear an ceart sin i bhfeidhm.

25.

Ar an tríú dul síos, maidir le costais na gclár lánpháirtíochta, is í tuairim na cúirte a rinne an tarchur go bhfuil sé ar neamhréir le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú oibleagáid a fhorchur ar dhídeanaithe na costais ina n-iomláine a íoc. I dtaca leis sin, éilítear le hAirteagal 34 den Treoir sin go n-áirithíonn na Ballstáit rochtain ar chláir lánpháirtíochta do gach dídeanaí. Cuireann an chúirt a rinne an tarchur leis sin nach cosúil go bhfuil sé ábhartha gur féidir leis na daoine lena mbaineann socrú íocaíochta a dhéanamh, ós rud é go maireann an oibleagáid chun fiachas suntasach a aisíoc ar feadh tréimhse suas go dtí 10 mbliana, lena bhféadfar cosc a chur ar lánpháirtiú éifeachtach sa Bhallstát óstach.

26.

Ar an gceathrú dul síos, tagann an cheist chun cinn cé acu a bhaintear leibhéal na bhfíneálacha agus na hiasachta an bonn de chur i gcrích chuspóir agus éifeachtacht Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú. Maidir leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go gcaithfidh na húdaráis náisiúnta an fhíneáil a laghdú más gá le háirithiú go bhfuil sé comhréireach. Bíodh sin mar atá, d’fhéadfaí an iasacht, in éineacht leis an bhfíneáil, a mheas sa tslí is go dtéann siad thar a bhfuil riachtanach d’fhonn an cuspóir a shaothraítear leis an bhforáil sin a bhaint amach, is é sin chun lánpháirtiú a éascú. D’fhéadfadh socruithe aisíocaíochta áirithe éifeachtaí na bhfíneálacha airgeadais sin a laghdú. Maíonn T.G. sna príomhimeachtaí, áfach, go bhféadfadh an beart faoi chaibidil gníomhú mar dhíspreagadh chun obair a dhéanamh, lena mbaintear an bonn óna lánpháirtíocht.

27.

Sna cúinsí sin chinn an Raad van State (an Chomhairle Stáit) na himeachtaí a chur ar fionraí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1.

An bhfuil Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar riail náisiúnta amhail an riail a leagtar síos in Airteagal 7b de [an Dlí maidir le lánpháirtíocht shibhialta], lena gcuirtear [dídeanaithe] faoin oibleagáid, faoi phian fíneála, chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta sibhialta?

2.

An bhfuil Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar riail náisiúnta lena bhforáiltear, i bprionsabal, go n-íocfaidh [dídeanaithe] iad féin costais iomlána na gclár lánpháirtíochta?

3.

Agus an dara ceist á freagairt, an bhfuil sé tábhachtach gur féidir le [dídeanaithe] iasacht rialtais a fháil chun costais na gclár lánpháirtíochta a íoc agus go dtarscaoilfear an iasacht sin má éiríonn leo sa scrúdú lánpháirtíochta sibhialta in am trátha nó má tá siad díolmhaithe ón oibleagáid lánpháirtíochta nó má scaoiltear uaithi iad in am trátha?

4.

Má cheadaítear, faoi Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú, go mbeidh sé d’oibleagáid ar [dhídeanaithe], faoi phian fíneála, pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta sibhialta agus go n-íocfaidh siad costais iomlána na gclár lánpháirtíochta, an mbaineann méid na hiasachta a bheidh le haisíoc, mar aon leis an bhfíneáil, más iomchuí, an bonn ansin de chur i gcrích chuspóir agus éifeacht úsáideach Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú?’

28.

Chuir T.G., Rialtas na hÍsiltíre agus an Coimisiún Eorpach aighneachtaí i scríbhinn isteach. Chuir na páirtithe sin argóintí ó bhéal in iúl le linn éisteacht an 20 Feabhra 2024.

III. Measúnú

29.

Tagann chun cinn leis an tarchur chun réamhrialú seo an cheist maidir leis an méid is féidir leis na Ballstáit, faoin Treoir maidir le Cáiliú, oibleagáid a fhorchur ar dhídeanaithe, ar an gcéad dul síos, chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta sibhialta, faoi phian fíneála, agus, ar an dara dul síos, oibleagáid a chur orthu chun íoc as na costais ina n-iomláine nó cuid de na costais a bhaineann le cúrsaí lánpháirtíochta sibhialta agus an scrúdú lena mbaineann.

30.

Mar phointe tosaigh, tugaim faoi deara go bhfuil ceithre chineál oibleagáid faoi leith i gceist le dlí na hÍsiltíre, is iad sin, ar an gcéad dul síos, an oibleagáid chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí lánpháirtíochta sibhialta, ar an dara dul síos, an oibleagáid chun costais na gcúrsaí sin (a d’fhéadfaí iasacht a dheonú ina dtaobh) a íoc, ar an tríú dul síos, an oibleagáid chun scrúdú lánpháirtíochta sibhialta a dhéanamh agus pas a fháil (agus na costais lena mbaineann a íoc), agus, ar an gceathrú dul síos, na hoibleagáidí airgeadais a thagann chun cinn i gcás ina dteipeann ar an duine sa scrúdú sin, is iad sin chun fíneáil a íoc agus an iasacht a aisíoc.

31.

Ós rud é go gclúdaítear san oibleagáid chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta sibhialta an oibleagáid le híoc astu, téann an dá oibleagáid sin le chéile agus ba cheart iad a mheasúnú le chéile. In ord ama, tagann an dá oibleagáid sin chun cinn roimh an oibleagáid chun scrúdú lánpháirtíochta a dhéanamh agus pas a fháil agus na hoibleagáidí airgeadais a thagann chun cinn de bharr teip sa scrúdú sin. Ar an gcaoi sin, sa Tuairim seo, scrúdóidh mé cé acu a bhfuil na hoibleagáidí sin i gcomhréir le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú ní san ord inar leag an chúirt a rinne an tarchur amach iad, ach ina n-ord croineolaíoch. Thairis sin, lena ceathrú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, scrúdú a dhéanamh cé acu a mbaintear an bonn d’éifeachtacht (effet utile) na Treorach sin leis na hoibleagáidí arna lua thuas. Tabharfaidh mé faoin gceist sin in éineacht leis na ceisteanna eile.

32.

Sa chomhthéacs sin, tosóidh mé le scrúdú a dhéanamh ar an oibleagáid chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta sibhialta agus an oibleagáid le híoc astu, is iad ábhar an dara agus an tríú ceist, agus an chéad chuid den cheathrú ceist (Roinn A). Ina dhiaidh sin, tabharfaidh mé faoin oibleagáid chun scrúdú lánpháirtíochta sibhialta a dhéanamh agus pas a fháil agus na costais a thagann chun cinn i gcás go dteipeann ar an duine lena mbaineann sa scrúdú sin, is iad ábhar na céad ceiste agus an dara cuid den cheathrú ceist (Roinn B).

A. An oibleagáid chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta sibhialta agus an oibleagáid le híoc astu

33.

Lena dara agus tríú ceisteanna, agus an chéad chuid den cheathrú ceist, cuireann an chúirt a rinne an tarchur an cheist, go bunúsach, ar cheart Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go n-íocfaidh dídeanaithe costais iomlána clár lánpháirtíochta sibhialta, agus an bhfuil sé ábhartha gur féidir le dídeanaithe iasacht phoiblí a fháil le haghaidh costais na gclár sin a íoc agus go dtarscaoiltear an iasacht i gcás ina n‑éiríonn leo sa scrúdú lánpháirtíochta sibhialta nó i gcás ina bhfuil siad díolmhaithe ón oibleagáid lánpháirtíochta sibhialta in am trátha.

34.

Sula bhfreagróidh mé na ceisteanna sin, déanfaidh mé roinnt réamhbharúlacha i dtaca leis na coincheapa de lánpháirtíocht, cúrsaí lánpháirtíochta sibhialta agus scrúduithe lánpháirtíochta. Ansin, ós rud é go bhfuil an oibleagáid le híoc as na cúrsaí sin clúdaithe leis an oibleagáid chun páirt a ghlacadh iontu, déanfaidh mé measúnú ar chomhoiriúnacht na hoibleagáide chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú. Is ansin amháin a dhéanfaidh mé scrúdú ar an oibleagáid dheireanach sin.

1.   Réamhbharúlacha i dtaca le cúrsaí agus scrúduithe lánpháirtíochta sibhialta le haghaidh dídeanaithe

35.

I dtosach báire, ba cheart dom a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, mar a mhínigh an chúirt a rinne an tarchur, nach mbraitheann deonú ná coimeád stádais dídeanaí ar na rialacha náisiúnta faoi chaibidil sna príomhimeachtaí.

36.

Ar an dara dul síos, tuigim as mínithe na cúirte a rinne an tarchur go gcaithfidh na daoine atá faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta, faoi dhlí na hÍsiltíre, laistigh de thréimhse trí bliana – a d’fhéadfaí síneadh ama a chur leis — pas a fháil i scrúdú ina bhfuil scrúduithe éagsúla, lena n-áirítear scrúduithe maidir le scileanna béil agus scríofa sa teanga Ollainnise, ag leibhéal A2 ar a laghad, agus maidir le heolas faoi shochaí na hÍsiltíre. ( 9 ) Is cosúil go bhfuil nasc idir na cúrsaí agus an scrúdú sin, lena gclúdaítear cúrsaí teanga agus eolas faoi shochaí na hÍsiltíre mar sin de. ( 10 ) Ar an gcaoi sin, chun críocha na hanailíse sa Tuairim seo, tagraíonn an téarma ‘cúrsaí lánpháirtíochta sibhialta’ le cúrsaí a bhaineann le heolas faoi theanga agus sochaí an Stáit óstaigh (an ghné ‘sibhialta’ den nath sin), agus is amhlaidh an cás le haghaidh ‘scrúdú lánpháirtíochta sibhialta’, lena n-áirítear scrúdú ar eolas faoi theanga agus sochaí an Stáit óstaigh. ( 11 )

37.

Ar an tríú dul síos, chun críocha na Tuairime seo, tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir an coincheap de náisiúnach tríú tír agus an coincheap de dhídeanaí, toisc nach dtagann ach an dara coincheap faoi réir raon feidhme Choinbhinsiún na Ginéive agus na Treorach maidir le Cáiliú. ( 12 )‘I gcás ina gclúdaítear dídeanaithe san aicme níos leithne de “imircigh”, is dóigh go dtabharfaí tús áite do smacht a ngluaiseachta thar chomhlíonadh a riachtanais chosanta. Mar a fhágtar doiléir an líne idir “imirceach” agus “dídeanaí”, déantar amhlaidh leis an idirdhealú idir smacht imirce agus cosaint dídeanaí.’ ( 13 )

38.

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais, i mír 48 den bhreithiúnas in P agus S ( 14 ) go bhféadfar a áirithiú go bhfaigheann náisiúnaigh tríú tír eolas atá úsáideach gan dabht le haghaidh naisc a chruthú leis an mBallstát óstach de bharr oibleagáid chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta sibhialta agus go bhféadfadh oibleagáid amhail sin, in éineacht le fíneáil, cur le baint amach na gcuspóirí a shaothraítear le Treoir 2003/109. Bíodh sin mar atá, toisc go bhforáiltear le hAirteagal 5(2) den Treoir sin gur féidir leis na Ballstáit oibleagáid lánpháirtíochta a fhorchur, cé nach bhfuil aon fhéidearthacht amhail sin ar fáil faoin Treoir maidir le Cáiliú, níl an breithiúnas sin infheidhme mutatis mutandis ar an gcás seo.

39.

Sa chás seo, ós rud é gur deonaíodh stádas tearmainn do T.G., tugtar faoi na cearta a dheonaítear do dhídeanaithe amháin sa Tuairim seo. Sa chomhthéacs sin, is í an phríomhcheist í cé acu ar féidir leis na Ballstáit, atá faoi oibleagáid dhearfach chun lánpháirtiú dídeanaithe a éascú, oibleagáidí a fhorchur ar dhídeanaithe maidir le bearta lánpháirtíochta agus, más amhlaidh an cás, céard iad.

2.   Oibleagáid chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta sibhialta

40.

Is cosúil ón tarchur chun réamhrialú go meastar gur beart lena dtrasuítear Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú é scéim lánpháirtíochta sibhialta na hÍsiltíre, a mhéid is a fhoráiltear leis d’oibleagáid ar na Ballstáit rochtain a thabhairt ar chláir lánpháirtíochta agus ceart iarmharta do dhídeanaithe chun rochtain a fháil ar chláir amhail sin. ( 15 ) Tá gá ann mar sin chun scrúdú a dhéanamh ar nádúr dlíthiúil an bhirt sin agus na riachtanas d’Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú d’fhonn a bhunú cé gur féidir leis na Ballstáit oibleagáid a fhorchur ar dhídeanaithe chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta sibhialta.

(a)   Tá lánrogha ag na Ballstáit cé acu a bhfuil rannpháirtíocht i gcláir lánpháirtíochta éigeantach nó nach bhfuil sé

41.

Ba cheart a thabhairt faoi deara i dtosach báire, go roinneann an tAontas agus na Ballstáit inniúlachtaí sa réimse saoirse, slándála agus córa, de bhua Airteagal 4(2)(j) CFAE. ( 16 ) De réir bhrí Airteagal 2(2) CFAE, i gcás ina mbronntar leis na Conarthaí inniúlacht ar an Aontas atá roinnte leis na Ballstáit i réimse ar leith, is féidir leis na Ballstáit a n‑inniúlacht a fheidhmiú fad nár fheidhmigh an tAontas a inniúlacht. ( 17 ) Maidir le cláir lánpháirtíochta, ghlac reachtóir an Aontais le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú, lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit chun rochtain ar chláir lánpháirtíochta a áirithiú. Leanann an oibleagáid seo ón bhfoclaíocht féin den fhoráil sin, lena bhforáiltear go ‘n-áiritheoidh na Ballstáit rochtain ar chláir lánpháirtíochta’. Mar iarmhairt ar an oibleagáid sin, bronntar le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú ceart rochtana ar na cláir sin do dhídeanaithe. ( 18 )

42.

Leanann sé as sin go mbunaítear leis an bhforáil sin oibleagáid atá ar na Ballstáit – agus atá ar na Ballstáit amháin – chun rochtain ar na cláir sin a áirithiú agus freisin, agus an rochtain sin á deonú acu, caithfidh siad riachtanais shonracha na ndídeanaithe a chur san áireamh. ( 19 ) Dá bhrí sin, níl faic i bhfoclaíocht na forála sin lena dtugtar le fios go bhfuil ar na dídeanaithe páirt a ghlacadh i mbearta lánpháirtíochta. I mo thuairim, rachadh riachtanas amhail sin thar cad a bhí mar rún ag reachtóir an Aontais. ( 20 ) Maidir le dídeanaithe, bronntar ceart chun rochtain ar chláir lánpháirtíochta dóibh leis an Treoir maidir le Cáiliú agus ní fhorchuirtear dualgas comhfhreagrach ar dhídeanaí leis. Ar choinníoll nach bhfuil feidhmiú an chirt sin faoi réir srianta atá in aghaidh dhlí an Aontais agus, go háirithe, in aghaidh na Treorach maidir le Cáiliú, tá lánrogha ag na Ballstáit cé acu a bhfuil rannpháirtíocht i gcláir lánpháirtíochta éigeantach nó nach bhfuil sé. Faoi réir an choinníll sin, d’fhéadfadh Ballstát oibleagáid a chur ar dhídeanaithe chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta sibhialta, ós rud é go bhfuil an oibleagáid sin lasmuigh de raon feidhme na Treorach sin agus ar an gcaoi sin tá sé lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais. ( 21 )

43.

Is í an cheist a thagann chun cinn ansin ná a mhéid is a chuirtear cosc le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú ar na Ballstáit foráil a dhéanamh ina reachtaíocht náisiúnta chun oibleagáid a chur ar dhídeanaithe páirt a ghlacadh i gcláir lánpháirtíochta, ar an bhforas gur féidir le hoibleagáid amhail sin an bonn a bhaint de na cearta a bhaineann le stádas dídeanaí, lena n-áirítear an ceart rochtana ar na cláir sin.

(b)   Riachtanais faoin Treoir maidir le Cáiliú

44.

Mar a dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin, ní féidir leis na Ballstáit reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm ar dóigh go gcuirfí i mbaol baint amach na gcuspóirí den Treoir maidir le Cáiliú agus ar an gcaoi sin go mbainfí d’éifeachtacht na Treorach sin. ( 22 ) Tá sé tábhachtach nach bhfuil na forálacha náisiúnta is infheidhme in ann cuir as do na caighdeáin íosta a tugadh isteach leis an Treoir sin agus, go háirithe, Airteagal 34 de.

45.

De réir cásdlí socair, agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, tá sé riachtanach nach gcuirtear a foclaíocht amháin san áireamh ach a comhthéacs ina dtagann sí chun cinn agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha freisin dá bhfuil sí páirteach. ( 23 )

(1) Léiriú téacsúil

46.

Maidir le foclaíocht Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú, mar a dhearbhaigh mé thuas, ( 24 ) ar an gcéad dul síos, foráiltear leis an Airteagal sin oibleagáid atá ar na Ballstáit chun rochtain ar chláir lánpháirtíochta a áirithiú agus ceart iarmharta do dhídeanaithe chun rochtain a fháil ar na cláir sin.

47.

Maidir leis na téarmaí ‘lánpháirtiú’ agus ‘éascú’, tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir an dá choincheap. Bíonn lánpháirtiú i gceist de ghnáth nuair atá daoine aonair in ann noirm an chultúir cheannsaigh nó óstaigh a ghlacadh fad is a choimeádann siad a gcultúir dúchais – agus bíonn sé comhchiallach le dhá chultúr a bheith agat – ( 25 ) fad is ba cheart an nath ‘éascú lánpháirtíochta’ a thuiscint amhail is go nglactar le bearta lena gcuirtear ar fáil do dhídeanaithe, i measc rudaí eile, tacaíocht agus comhairleoireacht, slándáil, seasmhacht, cláir lánpháirtíochta, naisc chultúrtha, cúrsaí teanga nó cúrsaí le haghaidh foghlaim faoi chultúr, luachanna náisiúnta, noirm, prionsabal agus slite beatha bunúsacha. ( 26 ) Leanann sé as sin go gcuirtear oibleagáid atá ar shochaí an Bhallstáit óstaigh in iúl leis an gcuspóir de lánpháirtíocht a éascú. Dá bhrí sin, nuair a luaitear Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú éascú amhail sin, cuirtear oibleagáid ar na Ballstáit, a chaithfidh bearta dearfacha a ghlacadh lena bhféadfaidh dídeanaithe a bheith lánpháirtithe. ( 27 ) Thairis sin, ní chlúdaítear leis an téarma sin cúrsaí amháin, ach go gcruthaítear naisc dhlíthiúla, eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha agus go gcuirtear ar fáil réimse modhanna tacaíochta. Leanann sé as sin gur bealach amháin, i measc roinnt mhaith eile, iad cláir lánpháirtíochta, i bhfoirm cúrsaí lánpháirtíochta de ghnáth, chun lánpháirtiú a éascú. Mar atá soiléir le haithris 47 den Treoir maidir le Cáiliú, áirítear le cláir amhail siúd, más gá, traenáil teanga agus ‘cur ar fáil d’eolas maidir le cearta agus oibleagáidí aonair a bhaineann le stádas cosanta [dídeanaithe] sa Bhallstát lena mbaineann’. ( 28 )

48.

Ar an dara dul síos, foráiltear le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú oibleagáid ‘chun rochtain ar chláir lánpháirtíochta a áirithiú’ chun ‘réamhchoinníollacha a chruthú lena n-áirithítear rochtain ar chláir amhail sin’. Tugtar le fios leis an nath ‘réamhchoinníollacha a chruthú chun rochtain ar chláir [lánpháirtíochta] a áirithiú’ go bhfuil na Ballstáit faoi oibleagáid dhearfach chun coinníollacha a chur ar bun lena n-áirithítear go bhfuil an deis ag dídeanaithe páirt a ghlacadh i gcláir lánpháirtíochta. In ainneoin úsáid an chónaisc ‘nó’ san fhoráil sin, is é an tátal loighciúil ná gur oibleagáid sa bhreis í an oibleagáid chun na réamhchoinníollacha sin a chruthú ar áirithiú rochtana ar chláir lánpháirtíochta, agus go dtagann sí chun cinn i gcás go bhfuil cúnamh de dhíth ag an duine lena mbaineann chun rochtain a fháil ar na cláir sin.

49.

Ar an tríú dul síos, foráiltear le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú go gcaithfidh cláir lánpháirtíochta ‘a bheith iomchuí ionas go gcuirtear na riachtanais shonracha de dhídeanaithe san áireamh’. Clúdaítear san oibleagáid sin, mar a fhoráiltear in aithris 47 den Treoir maidir le Cáiliú, ba cheart go gcuirfí san áireamh sna cláir lánpháirtíochta a chuirtear ar fáil do na dídeanaithe, a mhéid agus is féidir, na riachtanais shonracha agus mionsonraí an tsuímh dídeanaithe, lena n-áirítear, más iomchuí, traenáil theanga agus an cur ar fáil d’eolas maidir le cearta aonair agus oibleagáidí a bhaineann lena stádas cosanta sa Bhallstát lena mbaineann.

50.

Ar an gcaoi sin, cé go gcuirtear oibleagáid ar na Ballstáit le léiriú liteartha ar Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú chun riachtanais shonracha na ndídeanaithe a chur san áireamh, ní fhéadfar tátal a bhaint as sin cé acu gur féidir leis na Ballstáit oibleagáid a fhorchur ar dhídeanaithe chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta sibhialta. Tá sé ríthábhachtach, ar an gcaoi sin, chun comhthéacs na forála sin agus cuspóir na Treorach a scrúdú.

(2) Léiriú comhthéacsúil

51.

De réir cásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, caithfear an Treoir maidir le Cáiliú a léiriú i mbealach atá seasmhach le Coinbhinsiún na Ginéive agus conarthaí ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 78(1) CFAE chomh maith leis na cearta dá n-aithnítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais (‘an Chairt’). ( 29 ) Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfí cásdlí san áireamh maidir le hurramú na gceart a bhronntar le Caibidil VII den Treoir sin.

(i) Airteagal 34 de Choinbhinsiún na Ginéive

52.

Trasuítear le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú Airteagal 34 de Choinbhinsiún na Ginéive isteach i ndlí an Aontais, cé go ndéantar é go páirteach, agus ciallaíonn sé sin go gcaithfear an chéad cheann a léiriú i bhfianaise na forála den Choinbhinsiún sin, ach amháin a mhéid is atá sí corpraithe i ndlí an Aontais. Is gá go gcuirtear leibhéal cosanta ar fáil le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú atá comhionann ar a laghad leis an leibhéal cosanta a chuirtear ar fáil le hAirteagal 34 de Choinbhinsiún na Ginéive. ( 30 )

53.

I ndáil leis sin, tá sé soiléir ó fhoclaíocht Airteagal 34 de Choinbhinsiún na Ginéive go gcaithfidh na Stáit Chonarthacha, inter alia, an comhshamhlú dídeanaithe a éascú, a mhéid agus is féidir. Tacaítear leis an Léargas ar Choinbhinsiún na Ginéive ( 31 ) an togra go gcuirtear oibleagáid ar Pháirtithe Stáit faoi Choinbhinsiún na Ginéive chun rochtain ar oideachas teanga a chur ar fáil. Tagraíonn an téarma ‘comhshamhlú’ do chúrsaí teanga agus eolas faoin tsochaí. Ar an gcaoi sin, is gá go léitear Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú amhail is go leagtar síos caighdeáin íosta le haghaidh lánpháirtiú i sochaí an Bhallstáit óstaigh.

54.

Thairis sin, leanann sé ón gcoincheap de ‘éascú’ in Airteagal 34 de Choinbhinsiún na Ginéive go gcaithfidh Stáit leochaileacht daoine a bhfuil stádas dídeanaí acu atá lárnach don choinbhinsiún sin a chur san áireamh. Chuir dréachtóirí Choinbhinsiún na Ginéive as an áireamh go gcuirfí iallach nó oibleagáid ar dhídeanaithe. ( 32 ) Cuireann Oifig UNHCR nár cheart smachtbhannaí ar bith a ghearradh ar dhídeanaithe nach n-éiríonn leo sa scrúdú teanga mar gheall ar leochaileacht ar leith de dhídeanaithe. ( 33 ) Is í an fheidhm le ‘lánpháirtiú a éascú’ faoi Airteagal 34 de Choinbhinsiún na Ginéive ná dídeanaithe a chur ar a gcumas chun leas a bhaint as sraith ceart a bhaineann le stádas dídeanaí. Leanann sé as sin go bhfuil Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú, arna léamh i bhfianaise Choinbhinsiún na Ginéive, le léiriú amhail is go bhfuil sé mar aidhm aige lánpháirtiú a chur chun cinn agus ní chun srianta a fhorchur lena bhféadtar bonn den chuspóir a bhaint. Mar an gcéanna, tá an fhoráil sin le léiriú amhail is go gciallaíonn sí, agus lánpháirtiú á éascú, go gcaithfidh na Ballstáit leochaileacht daoine a bhfuil stádas dídeanaí acu a chur san áireamh agus go n-áirithíonn siad leas na gceart a bhaineann leis an stádas sin.

(ii) An ceart chun tearmainn arna ráthú in Airteagal 18 den Chairt

55.

Ráthaítear le hAirteagal 18 den Chairt an ‘ceart chun tearmainn’. De réir na míniúchán a bhaineann leis an bhforáil sin, a chaithfí a chur san áireamh agus í á léiriú, ( 34 )‘bunaíodh téacs an Airteagail ar [iar-Airteagal 63 CE], atá Airteagal 78 [CFAE] curtha ina ionad anois, lena n-éilítear go n-urramaíonn an tAontas Coinbhinsiún na Ginéive maidir le dídeanaithe’. Tugtar le fios leis na míniúcháin sin, mar a rinne roinnt scoláirí argóint ina leith, nach bhfuil aon ábhar neamhspleách ag Airteagal 18 den Chairt, ach cuirtear chun feidhme na deimhnithe leis a leagtar amach i gCoinbhinsiún na Ginéive agus ina Phrótacal. ( 35 )

56.

Ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil aon luach sa bhreis ag Airteagal 18 den Chairt de bharr an tagartha do Choinbhinsiún na Ginéive. Ar an gcéad dul síos, ní bhunaítear an ceart chun tearmainn i reachtaíocht thánaisteach an Aontais ach ráthaítear é i ndlí ceannasach an Aontais, agus ní hamháin mar bhonn dlíthiúil lena gcuirtear reachtóir an Aontais ar a chumas chun Coinbhinsiún na Ginéive a chorprú isteach in ord dlíthiúil an Aontais, ach freisin mar cheart bunúsach. Murab ionann agus Coinbhinsiún na Ginéive ar féidir a léamh amhail is nach gcuirtear ach oibleagáidí idirnáisiúnta leis ar Pháirtithe Conarthacha, tugtar gné ceart bunúsach don cheart chun tearmainn leis an gCairt.

57.

I mo thuairim, tacaíonn an ghné sin an t-aighneas go bhfuil Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú agus na forálacha eile a leagtar amach i gCaibidil VII de le léiriú amhail is go leagtar síos cearta leo, ós rud é go dtugtar cur in iúl nithiúil leo d’Airteagal 18 den Chairt. ( 36 ) Ar an mbonn sin, ní féidir amhras a chur ar an gceart chun tearmainn leis an bhfíoras go bhfuil sé faoi na Ballstáit le cinneadh cé acu a chuireann siad oibleagáid ar dhídeanaithe chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta sibhialta mar sin, ná cur isteach ar éifeachtacht na gceart a bhaineann le stádas dídeanaí.

58.

Ar an ábhar sin, is cosúil liom go bhfeidhmíonn Airteagal 18 den Chairt chun an smaoineamh a neartú go mbaineann an ceart chun tearmainn, thar aon rud eile, le cearta a bhronnadh ar dhídeanaithe in ainneoin go gcuirtear oibleagáidí orthu lena bhféadfar an bonn d’éifeachtacht na gceart sin a bhaint.

(iii) Na cearta a bhronntar le Caibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú

59.

Ba cheart nádúr sonrach Chaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú a chur san áireamh. Go háirithe, i dtaca leis na cearta a bhronntar le Caibidil VII de Threoir 2004/83, a bhí ann roimh Chaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú, chinn an Chúirt Bhreithiúnais ‘[ó]s rud é go dtagann na cearta sin atá bronnta ar dhídeanaithe mar thoradh ar bhronnadh stádais dídeanaí …, caithfidh an dídeanaí, fad is atá an stádas sin aige [nó aici], leas a bhaint as na cearta atá ráthaithe dó [nó di] le Treoir 2004/83 agus ní fhéadfaí iad a theorannú ach amháin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidil VII den Treoir sin, ós rud é nach bhfuil na Ballstáit i dteideal srianta a chur leis nach liostaítear ann cheana’. ( 37 ) Ós rud é go bhfuil forálacha i gCaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú atá beagnach go díreach mar an gcéanna le Caibidil VII a réamhtheachtaí, tá an cásdlí fós ábhartha. I ndáil leis sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil aon lánrogha ag Ballstáit le cinneadh chun dul ar aghaidh le bronnadh nó chun diúltú do dhídeanaí na leasanna substainteacha a ráthaítear le Caibidil VII de Threoir 2004/83. ( 38 )

60.

Dá réir sin, tá sé riachtanach a fháil amach cé acu a chuirtear srianta leis an oibleagáid chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta sibhialta atá faoi chaibidil sna príomhimeachtaí ar na cearta a bhaineann le stádas dídeanaí nach bhfuil leagtha síos i gCaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú agus, go háirithe, an imríonn sé tionchar ar rochtain na ndídeanaithe ar chláir lánpháirtíochta dá ráthaítear dóibh leis an treoir sin. ( 39 )

(3) Léiriú teileolaíoch

61.

Mar a thug mé faoi deara cheana féin, ní féidir leis na Ballstáit cosc a chur ar dhídeanaithe as rochtain éifeachtach a bheith acu ar chláir lánpháirtíochta agus as leas a bhaint as a gcearta a bhaineann le stádas dídeanaí. ( 40 ) Dá bhrí sin, i gcás ina gcuireann na Ballstáit coinníollacha ar dhídeanaithe le comhlíonadh d’fhonn páirt a ghlacadh i gcláir lánpháirtíochta, ní mór dóibh an dá chuspóir a shaothraítear le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú a urramú: ar an gcéad dul síos, chun rochtain a áirithiú ar chláir lánpháirtíochta nó chun réamhchoinníollacha a chruthú lena ráthaítear rochtain ar chláir amhail sin; ar an dara dul síos, chun riachtanais shonracha dídeanaithe a chur san áireamh.

62.

I ndáil leis an gcéad chuspóir, sna travaux préparatoires, foráiltear sa Mheabhrán Míniúcháin a ghabhann le togra an Choimisiúin gurbh í aidhm clár lánpháirtíochta ‘tacaíocht faoi leith do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste’ a sholáthar ‘seachas rochtain chéanna a thabhairt dóibh ar ghnáthfhostaíocht agus deiseanna oideachais’. ( 41 ) Dá bhrí sin, a mhéad gur beart uaschothromaithe Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú le haghaidh ‘grúpa faoi mhíbhuntáiste’, d’fhonn an grúpa sin a chur ar leibhéal cosúil le leibhéal náisiúnaigh an Bhallstáit óstaigh chun críocha fostaíochta agus deiseanna oideachais, ba cheart go gcuirfí an beart sin i bhfeidhm amhail is go gcuirtear rochtain éifeachtach ar chláir lánpháirtíocht ar fáil leis. ( 42 ) Ina ainneoin sin, ní bhainfear amach a chuspóir uaschothromaithe le beart amhail sin.

63.

Maidir leis an dara cuspóir, faoi Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú, tá sé faoi na Ballstáit freisin ‘riachtanais shonracha de thairbhithe stádais dídeanaí a chur san áireamh’. ( 43 ) I ndáil leis sin, cuireann aithris 47 leis sin gur cheart go gcuirfí riachtanais agus gnéithe sonracha an tsuímh dídeanaithe san áireamh, a mhéid agus is féidir sna cláir lánpháirtíochta a sholáthraítear dóibh lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, traenáil teanga agus an cur ar fáil d’eolas maidir le cearta aonair agus oibleagáidí a bhaineann lena stádas cosanta sa Bhallstát lena mbaineann.

64.

Thairis sin, sna travaux préparatoires, dhearbhaigh an Coimisiún, inter alia, i dtaca le rochtain ar áiseanna lánpháirtíochta agus an t-ábhar cosanta faoin Treoir maidir le Cáiliú, ‘d’fhonn feidhmiú éifeachtach na gceart dá mbronnadh go foirmiúil do thairbhithe cosanta a áirithiú, tá sé riachtanach aghaidh a thabhairt ar na dúshláin lánpháirtíochta shonracha a bhíonn acu’. ( 44 ) Maidir le rochtain ar áiseanna lánpháirtíochta, dar leis an gCoimisiún, ‘chuirfí go mór le deiseanna lánpháirtíochta éifeachtacha de [dhídeanaithe] dá gcuirfí cúlraí oideachais agus gairmiúla nó gnéithe eile dá suíomh san áireamh go leordhóthanach sna háiseanna lánpháirtíochta’. ( 45 )

65.

Luaitear sa mheasúnú tionchair le haghaidh an togra sin mar shamplaí de chláir lánpháirtíochta amhail sin ‘cláir bhuntreorach agus cúrsaí traenála teanga atá saincheaptha do na riachtanais shonracha seo a mhéid agus is féidir’. ( 46 ) Ciallaíonn an tagairt do ‘oiriúnacht’ go bhfuil ‘solúbthacht [ag na Ballstáit] chun na bearta a mheasann siad a bheith is oiriúnaí agus is éifeachtaí a chur i bhfeidhm, agus na gnéithe ábhartha a chur san áireamh amhail na leibhéil oideachais agus cúlraí gairmiúla de na daoine lena mbaineann, méid agus comhdhéanamh na bpobal tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta’. ( 47 )

66.

Leanann sé as sin, i mo thuairim, nach srian é féin ar an gceart chun rochtain ar chláir lánpháirtíochta an oibleagáid a fhorchuirtear ar dhídeanaithe chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta sibhialta agus dá bhrí sin nach gcuirtear cosc air le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú. Bíodh sin mar atá, i bhfianaise an chuspóra chun lánpháirtiú a éascú, ba cheart go mbeadh na cúrsaí sin saincheaptha do riachtanais dídeanaithe a mhéid agus is féidir agus, i gcás inarb iomchuí, go gcuireann siad le huaschothromú ‘grúpa faoi mhíbhuntáiste’.

(c)   Cur i bhfeidhm sa chás seo

67.

Sa chás seo, tá sé thar aon amhras go gcuireann eolas faoi theanga agus sochaí an Bhallstáit óstaigh le héascú an fheidhmithe laethúil den chuid is mó de na cearta a ráthaítear leis an Treoir maidir le Cáiliú, go háirithe i ndáil le rochtain ar fhostaíocht, oideachas, chosaint shóisialta, cúram sláinte nó tithíochta. Ar an gcaoi sin, is dóigh go n‑éascaítear baint amach chuspóirí na Treorach maidir le Cáiliú le freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta, agus go ndéantar éifeachtach na cearta a bhaineann le stádas dídeanaí. Leanann sé as sin nach gcaithfear oibleagáid chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí amhail sin a mheas mar shrian ar rochtain ar na cearta a bhronntar faoi Chaibidil VII den Treoir sin agus, go háirithe, faoi Airteagal 34 de.

68.

Bheadh an measúnú éagsúil, áfach, i gcás iarbhír, ina gcuirfí srian le hoibleagáid chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí amhail sin ar chumas na ndídeanaithe nó ina gcuirfí cosc leis ar a gcumas chun a gcearta a fheidhmiú agus na buntáistí a ráthaítear leis an Treoir maidir le Cáiliú a fháil. Mar a thug an Coimisiún faoi deara, d’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh, cur i gcás, má chuirtear isteach ar dhídeanaithe as obair a fháil nó fostaíocht a lorg de bharr líon agus achar na ranganna, nó an iallaigh oibre a bhaineann le hullmhúchán na ranganna sin, nó i gcás ina gcuirtear isteach ar a gceart chun oideachais agus gairmoiliúna. ( 48 ) Is amhlaidh an cás inar teipeadh ar na cúrsaí lánpháirtíochta a athrú i gcomhréir leis na riachtanais shonracha dídeanaithe, amhail i gcás ina bhfuil líon deiseanna oideachais teoranta ag dídeanaí nó ina bhfuil droch-leibhéal liteartha aige. Ar mhaithe le hiomláine, ba cheart dom a thabhairt faoi deara toisc go ndéileálfaidh mé leis an ngné airgeadais de na cúrsaí agus scrúduithe sin i Roinn B den Tuairim, nach mbaineann an breithniú seo leis an ngné sin.

69.

Ar an gcaoi sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur é le fáil amach cé acu a chuirtear srian ar rochtain ar na cearta a bhronntar leis an Treoir maidir le Cáiliú agus, go háirithe, iad siúd a bhronntar faoi Chaibidil VII de leis an oibleagáid chun freastal ar na cúrsaí lánpháirtíochta sibhialta faoi chaibidil agus, go háirithe, lena chur i bhfeidhm san iarbhír. Ina theannta sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur le cinneadh cé acu a chuirtear riachtanais shonracha dídeanaithe san áireamh le hábhar agus téarmaí na gcúrsaí sin atá riachtanach dóibh faoi dhlí náisiúnta. Chun na críche sin, ba cheart anailís a dhéanamh ar cé acu a bhfuil an leibhéal deacrachta agus líon na gcúrsaí oiriúnaithe do riachtanais shonracha an dídeanaí, d’fhonn an cuspóir cothromaithe arna thagairt thuas a bhaint amach.

3.   Oibleagáid chun costais cúrsaí lánpháirtíochta sibhialta a íoc

70.

Dhearbhaigh an chúirt a rinne an tarchur gur bunaíodh an scéim dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta faoi chaibidil ar an bprionsabal go gcaithfidh dídeanaithe na costais clár lánpháirtíochta a íoc iad féin. Chun na críche sin, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar iasacht suas go EUR 10 000. Ní chaithfidh dídeanaithe an iasacht a aisíoc i gcás ina n-éiríonn leo i ngach cuid den scrúdú lánpháirtíochta sibhialta laistigh den tréimhse lánpháirtíochta sibhialta nó i gcás ina scaoiltear iad ón oibleagáid lánpháirtíochta sibhialta laistigh den tréimhse sin. Mura gcomhlíonann siad a n-oibleagáid lánpháirtíochta sibhialta nó i gcás ina gcomhlíonann siad é ródhéanach, caithfidh siad, i bprionsabal, an iasacht a aisíoc ina hiomláine.

71.

I dtosach báire, ba cheart dom a thabhairt faoi deara, sa chás seo, gur úsáid T.G. méid iomlán EUR 10 000 chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta sibhialta agus chun an scrúdú a dhéanamh. Ag an gcéim seo, mar sin de, déanfaidh mé measúnú ar a chás faoi leith, agus cásanna eile a chur as an áireamh ina bhféadfadh níos lú cúrsaí a bheith de dhíth ag duine chun pas a fháil sa scrúdú agus, dá réir sin, d’fhéadfadh níos lú táillí teagaisc a bheith le híoc acu.

72.

Faoin Treoir maidir le Cáiliú, d’fhéadfadh na Ballstáit coinníollacha a leagan síos, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, a chaithfear a chomhlíonadh le haghaidh an oibleagáid chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta a chomhlíonadh, ós rud é go n-áirítear leo go bhfuil rochtain éifeachtach ag dídeanaithe ar na cláir lánpháirtíochta agus gur féidir leo leas éifeacht a bhaint as na cearta eile dá bhforáiltear i gCaibidil VII den Treoir sin. Faoi réir an choinníll sin, d’fhéadfadh Ballstáit a chinneadh go gcaithfidh dídeanaithe íoc as cuid de na costais nó na costais iomlána iad féin atá i gceist leis an oibleagáid sin nó go gcaithfidh na cáiníocóirí íoc as na costais sin. Bíodh sin mar atá, mar a dhearbhaigh mé cheana féin, ( 49 ) i gcás ina roghnaíonn Ballstát an chéad rogha, ní fhéadtar an bonn a bhaint de na cuspóirí a shaothraítear le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú leis na coinníollacha a fhorchuirtear lena dhlí náisiúnta, i gcás ina n-áiritheoidh na Ballstáit, ar an gcéad dul síos, rochtain ar chláir lánpháirtíochta nó cruthóidh siad réamhchoinníollacha lena n-áirítear rochtain ar cláir amhail sin; ar an dara dul síos, ní mór dóibh riachtanais shonracha dídeanaithe a chur san áireamh. ( 50 )

73.

Maidir leis an gcéad chuspóir, a mhéad is beart é Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú chun ‘grúpa faoi mhíbhuntáiste’ a chothromú, d’fhonn an grúpa sin a chur ar comhchéim le náisiúnaigh an Bhallstáit óstaigh chun críocha fostaíochta agus deiseanna oideachais, ( 51 ) ba cheart go mbeadh an praghas a íocann dídeanaithe as scrúduithe socraithe ag leibhéal lena gceadaítear rochtain ar chláir lánpháirtíochta go héifeachtach. ( 52 ) Ina ainneoin sin, ní bhainfidh beart amhail sin a chuspóir uaschothromaithe amach. ( 53 )

74.

Thairis sin, agus an leibhéal sin á shocrú, is cosúil liom go gcaithfidh an Ballstát lena mbaineann scrúdú a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfadh na cláir lánpháirtíochta atá faoi chaibidil a bheith incháilithe le haghaidh maoiniú faoin gCiste Eorpach um Dhídeanaithe, ( 54 ) a d’athraíodh go dtí an Ciste Tearmainn agus Imirce (AMIF) in 2014, ( 55 ) agus, i gcás ina bhfuil siad, cé acu a úsáidtear an ciste sin i ndáiríre chun cuid de na cláir sin a mhaoiniú. Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur le bunú cé acu a fhaigheann na cláir faoi chaibidil maoiniú ón gciste sin agus, má fhaigheann siad, tionchar an mhaoinithe sin ar na costais de chúrsaí teanga.

75.

I gcás ina n-éilíonn Ballstát ar dhídeanaithe íoc as na costais clár lánpháirtíochta, atá socraithe ag leibhéal lena bhféadtar rochtain éifeachtach a fháil ar chláir lánpháirtíochta, ( 56 ) ní mór do na cúirteanna náisiúnta féachaint ar na coinníollacha íocaíochta a bhaineann leis na costais sin freisin. D’fhéadfaí nach gcuirtear srian leis na coinníollacha sin ar an gceart chun rochtain ar na cláir sin. Mar a dearbhaíodh thuas, ní féidir leis na Ballstáit reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm ar dóigh go gcuirfí i mbaol baint amach na gcuspóirí den Treoir maidir le Cáiliú agus ar an gcaoi sin go mbainfí d’éifeachtacht na Treorach sin. ( 57 ) Dá bhrí sin nár cheart go ndéanfaí an méid atá fágtha do dhídeanaithe le híoc feidhmiú an chirt lánpháirtíochta ródheacair nó dodhéanta, ós rud é go bhfuil na Ballstáit faoin oibleagáid chun lánpháirtiú a éascú. Thairis sin, níor cheart go mbeadh sé de thoradh ar an méid atá le híoc go gcuirfear isteach ar an bhfeidhmiú de chearta eile dá bhforáiltear faoi Chaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú, amhail tithíocht, cúram sláinte nó oideachas. Níor cheart go mbeadh ar dhídeanaithe na cearta sin a laghdú d’fhonn a bheith in ann íoc le haghaidh an oibleagáid lánpháirtíochta sibhialta a chomhlíonadh.

76.

I ndáil leis sin, agus cinneadh á dhéanamh cé acu ar cheart do dhuine íoc as costais na gclár lánpháirtíochta, ní mór d’údaráis náisiúnta measúnú a dhéanamh ar shuíomh airgeadais an dídeanaí ar bhonn indibhidiúil. Is cúis le measúnú indibhidiúil amhail sin cinneadh a dhéanamh cá mhéad ar cheart don dídeanaí páirt a ghlacadh ó thaobh airgeadais de in íocaíocht clár agus scrúduithe lánpháirtíochta. ( 58 ) I bhfocail eile, ba cheart go bhforchuirfí an oibleagáid airgeadais faoi chaibidil i gcomhréir le suíomh airgeadais agus sóisialta an dídeanaí agus ní ar an mbonn gur bhain sé nó sí nó nár bhain sé nó sí pas amach sa scrúdú lánpháirtíochta sibhialta. I gcás ina gcuireann údaráis náisiúnta freagracht na gcostas clár lánpháirtíochta sibhialta ar an dídeanaí gan a shuíomh nó a suíomh airgeadais agus sóisialta a chur san áireamh, teipeann orthu ‘réamhchoinníollacha a chruthú’ lena ‘ráthaítear [go héifeachtach] rochtain ar chláir amhail sin’ de réir bhrí Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú. I mo thuairim, ciallaíonn an téarma ‘réamhchoinníollacha’ gur cheart go gcuirfí measúnú indibhidiúil san áireamh i dtosach báire, is é sin le rá sula dtosnaíonn an duine na cúrsaí lánpháirtíochta. ( 59 )

77.

Thairis sin, i gcás ina bhfuil an leibhéal táillí teagaisc ró-ard, tagann an cheist chun cinn ar áirithigh an Ballstát rochtain go héifeachtach ar chláir lánpháirtíochta, trí bhíthin an dídeanaí a chur faoi cheangal íoc as na costais cúrsaí lánpháirtíochta sibhialta. Ós rud é go gcruthaítear leis an aithint de stádas dídeanaí ceart chun rochtain éifeachtach ar leasanna lánpháirtíochta faoin Treoir maidir le Cáiliú de bhua Airteagal 34 de, ní rochtain éifeachtach í rochtain ar chláir lánpháirtíochta faoi choinníollacha airgeadais atá dochraideach mar gheall ar na costais arda lena mbaineann don dídeanaí.

78.

Ní athraítear an measúnú seo leis an bhfíoras gur féidir le daoine atá faoi réir na hoibleagáide lánpháirtíochta sibhialta cur isteach ar iasacht d’fhonn costais clár lánpháirtíochta a íoc, ós rud é gur bealach eile amháin í iasacht chun an oibleagáid íocaíochta a chur siar. Lena chois sin, i gcás ina ngearrtar ús ar an iasacht, is cosúil gurb amhlaidh sin an cás faoin reachtaíocht náisiúnta, ach atá faoin gcúirt a rinne an tarchur le deimhniú, ní chlúdaítear leis an oibleagáid íocaíochta íocaíocht táillí mar sin de, ach ús ar an iasacht freisin.

79.

Faoin reachtaíocht náisiúnta atá faoi chaibidil, fiú le deonú iasachta don dídeanaí, tá an oibleagáid chun costais lánpháirtíochta a íoc ar an dídeanaí sin sa deireadh. I gcás nach bhfaigheann dídeanaí pas sa scrúdú lánpháirtíochta sibhialta nó nach bhfaigheann sé pas in am trátha, beidh air nó uirthi an iasacht ina hiomláine a aisíoc agus fágfar é nó í le leibhéal ard fiachais. Is dóigh go mbeadh sé deacair do dhídeanaithe a thosaíonn a saol sa Bhallstát i bhfiacha imeascadh le sochaí an Bhallstáit sin. Dá réir sin, tá riosca míbhuntáiste dhúbailte ann: ar an gcéad dul síos, an mhíbhuntáiste a bheith páirteach de ghrúpa leochaileach mar dhídeanaí agus, ar an dara dul síos, an mhíbhuntáiste d’iasacht (mhór) a aisíoc mar gheall ar theip sa scrúdú lánpháirtíochta sibhialta. Chomh maith leis sin, má theipeann ar dhuine sa scrúdú lánpháirtíochta, is dóigh go mbeadh sé níos deacra dó nó di post a fháil, agus ciallaíonn sé sin gur dócha go bhfuil na dídeanaithe a theipeann orthu sa scrúdú an grúpa is leochailí agus atá is mó faoi mhíbhuntáiste de gach dídeanaithe. I mo thuairim, d’fhéadfaí dídeanaí a chur i suíomh eisiata shóisialta mar gheall ar an míbhuntáiste dúbailte sin, lena gcuirtear brú ar acmhainní poiblí agus beidh spleáchas airgeadais agus caillteanas dínite ag na dídeanaithe dá bharr. ( 60 ) Is é sin go hiomlán a mhalairt ar cad a bhí i gceist ag reachtóir an Aontais nuair a chinn sé go raibh ar na Ballstáit lánpháirtiú a éascú. ( 61 ) Ar an deireadh dul síos, i bhfianaise na gcuspóirí d’Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú, níor cheart go n-athrófaí an córas billeála le haghaidh cúrsaí nó scrúduithe lánpháirtíochta go córas pionósach do dhídeanaithe le drochmharcanna scrúdaithe nó go deis gnó d’fhiontair a dhéanann brabús as na cúrsaí agus scrúduithe sin.

80.

I ndáil leis sin, tugaim faoi deara gur dhírigh T.G. aird ar an gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (‘ECRI’) ( 62 ) a chuir imní in iúl faoi ghrúpa dídeanaithe a chuir isteach ar thearmann go rathúil roimh 2022, mar bhí siad fós faoi réir na reachtaíochta náisiúnta atá faoi chaibidil agus, inter alia, faoi réir na hoibleagáide chun na costais arda teagaisc lánpháirtíochta sibhialta a íoc agus, d’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, faoi réir na hoibleagáide chun fíneáil atá sách mór a íoc mar gheall ar neamhchomhlíonadh le linn na tréimhse leagtha síos. ( 63 ) Ar a bharr sin, chinn ECRI nach bhféadtar cur chuige pionósach ar lánpháirtiú, le pionóis shuntasacha agus an aisíocaíocht d’iasachtaí móra, a mheas mar phróiseas dhá-bhealach a d’éascódh, a thabharfadh tacaíocht agus a chuirfeadh lánpháirtiú chun cinn.

81.

Maidir leis an dara coinníoll faoina gcaithfidh na Ballstáit riachtanais shonracha na ndídeanaithe a chur san áireamh, ( 64 ) mar a dearbhaíodh thuas, is cosúil go bhfuil an coinníoll seo dírithe ar an gcuid shubstainteach de na cúrsaí, ar chóir dóibh a bheith saincheaptha do dhídeanaithe, a mhéid agus is féidir. I ndáil leis sin, is ar ndóigh go mbraitheann costais na gcúrsaí sin ar riachtanais na ndídeanaithe. Bíodh sin mar atá, níor cheart go mbeadh an méid sonrach a ghearrtar ar dhídeanaithe a bheith chomh hard is go gcuirtear srian ar rochtain éifeachtach ar na cúrsaí. Lena chois sin, níor cheart go mbeadh an méid níos airde do na dídeanaithe le deacrachtaí foghlama, toisc go mbeadh orthu freastal ar níos mó cúrsaí agus d’íocfadh siad níos mó dá bharr in ainneoin a bheith i suíomh go háirithe leochaileach. Ba cheart go gcuirfí as an áireamh an cur chuige a mhéid níos leochailí is atá tú, an méid níos mó cúrsaí atá de dhíth agat agus an méid níos mó atá le híoc agat.

82.

I bhfianaise an mhéid thuas, is é mo thuairim go gcaithfear Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú a léiriú sa chaoi is go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear an oibleagáid ar dhídeanaithe le híoc as costais na gclár lánpháirtíochta sibhialta, gan measúnú indibhidiúil a bheith déanta ag na húdaráis náisiúnta maidir lena suíomh airgeadais agus sóisialta, ar an bhforas go dtagann an oibleagáid sin salach ar an oibleagáid chun rochtain ar chláir lánpháirtíochta a áirithiú agus ní chruthaítear réamhchoinníollacha leis lena ráthaítear rochtain ar na cláir sin. Ar aon nós, is gá nach bhfuil na costais – má ghearrtar iad – chomh hard amhail is go mbaintear d’éifeachtacht ón gceart rochtana ar chláir lánpháirtíochta.

B. An oibleagáid chun scrúdú lánpháirtíochta sibhialta a shuí agus pas a fháil agus na pionóis a bhaineann leis an teip chun é sin a dhéanamh

83.

Lena céad cheist agus an dara cuid den cheathrú ceist, cuireann an chúirt a rinne an tarchur an cheist ar an gCúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, cé acu an gcaithfear Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú a léiriú sa chaoi is go gcuirtear cosc ar riail náisiúnta lena gcuirtear dídeanaithe faoin oibleagáid, faoi phian fíneála, chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta sibhialta?

1.   Comhoiriúnacht an scrúdaithe lánpháirtíochta leis an Treoir maidir le Cáiliú

84.

Mar a luadh thuas, ní chuirtear cosc go sainráite le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú ar na Ballstáit as oibleagáid a chur ar dhídeanaithe páirt a ghlacadh i gcláir lánpháirtíochta sibhialta agus chun cúrsaí lánpháirtíochta a dhéanamh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh scrúdú a bheith ag deireadh na gcúrsaí sin agus ní chuirtear cosc leis an bhforáil sin ar na Ballstáit agus oibleagáid a chur ar dhídeanaithe scrúduithe lánpháirtíochta sibhialta a dhéanamh. ( 65 ) I bhfianaise an dearcaidh sin, tá sé riachtanach a scrúdú cé acu a imrítear tionchar ar rochtain na ndídeanaithe ar chláir lánpháirtíochta nó ar chearta eile dá ráthaítear dóibh leis an Treoir maidir le Cáiliú de bharr na hoibleagáide atá faoi chaibidil sna príomhimeachtaí chun scrúdú a dhéanamh agus pas a fháil. ( 66 ) Sula ndéanfaidh mé anailís ar an idirdhealú idir scrúdú lánpháirtíochta a dhéanamh agus pas a fháil sa scrúdú sin, áfach, measúnóidh mé ábharthacht an chásdlí a bhaineann le comhoiriúnacht scrúduithe lánpháirtíochta le treoracha eile atá infheidhme ar náisiúnaigh tríú tír.

(a)   Cásdlí maidir le scrúduithe lánpháirtíochta i dtaca le treoracha eile

85.

Ar an gcéad dul síos, in P agus S, ( 67 ) chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach gcuirtear cosc le Treoir 2003/109 ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear an oibleagáid ar náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil stádas fadtéarmacha acu cheana féin chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta sibhialta, ar phian fíneála, ar choinníoll nach dócha go mbaintear an bhonn leis na modhanna a úsáidtear chun an scrúdú sin a chur i bhfeidhm de bhaint amach na gcuspóirí a shaothraítear leis an treoir sin, ceist a bhí faoin gcúirt a rinne an tarchur le cinneadh.

86.

I dtaca na conclúide sin, thug an Chúirt Bhreithiúnais faoi deara, inter alia, maidir leis an oibleagáid chun pas a fháil sa scrúdú lánpháirtíochta sibhialta, ‘nach féidir a chur i gcoinne go n-éascaítear cumarsáid go mór idir náisiúnaigh tríú tír agus náisiúnaigh an Bhallstáit lena mbaineann le heolas faoi theanga agus sochaí an Bhallstáit óstaigh agus, thairis sin, go spreagann sé caidreamh agus forbairt nasc sóisialta eatarthu. Ní fhéadtar a chur i gcoinne ach oiread nach mbeadh sé chomh deacair céanna do náisiúnaigh tríú tíortha rochtain a fháil ar an margadh fostaíochta agus ar thraenáil ghairmoiliúna le heolas faoi theanga an Bhallstáit óstaigh.’ ( 68 )

87.

Leag an Chúirt Bhreithiúnais béim freisin, ós rud é go n‑áirithítear leis an oibleagáid chun pas a fháil i scrúdú ‘go bhfaigheann na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann eolas atá úsáideach gan dabht le haghaidh naisc a chruthú leis an mBallstát óstach, caithfear a chinneadh nach mbaintear an bonn, ina aonar, de bhaint amach na gcuspóirí a shaothraítear le Treoir 2003/109, ach go bhféadfadh an oibleagáid a mhalairt air sin, cur le baint amach na gcuspóirí’. ( 69 )

88.

Ar an dara dul síos, in K agus A, ( 70 ) chinn an Chúirt Bhreithiúnais, ar an gcaoi chéanna, nach gcuirtear cosc le Treoir 2003/86 ar na Ballstáit as ceangal a chur ar náisiúnaigh tríú tír chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta sibhialta. Chinn sí go bhféadfadh an riachtanas chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta sibhialta ag bunleibhéal a áirithiú go bhfaigheann náisiúnaigh tríú tír eolas atá úsáideach gan dabht le haghaidh naisc a chruthú leis an mBallstát óstach.

89.

Is fíor nach bhféadtar na barúlacha arna leagan amach i mbreithiúnas P agus S ( 71 ) agus K agus A ( 72 ) a chur i bhfeidhm mutatis mutandis ar an gcás seo. Ní bhaineann an chéad bhreithiúnas ach le náisiúnaigh tríú tír a chur isteach ar stádas cónaithe fadtéarmach faoi Threoir 2003/109, ( 73 ) lena n-aithnítear ceart chun stádas cónaithe fadtéarmach do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu ar feadh tréimhse cúig bliana i gcríoch Bhallstáit agus lena gceadaítear, in Airteagal 5(2), na Ballstáit glacadh le coinníollacha lánpháirtíochta chun na críocha stádas amhail sin a bhaint amach. Baineann an dara breithiúnas le hAirteagal 7(2) de Threoir 2003/86, lena gceadaítear na Ballstáit ceangal a chur ar náisiúnaigh tríú tír chun bearta lánpháirtíochta a chomhlíonadh, i gcomhréir le dlí náisiúnta, chun na gcríoch aontaithe teaghlaigh faoin treoir sin. I gcodarsnacht leis sin, níl aon fhoráil sa Treoir maidir le Cáiliú atá comhionann leis an dá fhoráil sin. I ndáil leis sin, mar is léir ó Airteagal 13 den Treoir maidir le Cáiliú, caithfidh na Ballstáit stádas dídeanaí a dheonú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha arna leagan síos i gCaibidlí II agus III den Treoir sin. Ní riachtanas le haghaidh stádas dídeanaí é lánpháirtiú. Thairis sin, leanann sé ó aithris 12 den Treoir maidir le Cáiliú ní hí príomhaidhm na bhforálacha den Treoir sin lánpháirtiú dídeanaithe a áirithiú mar sin, ach chun cur i bhfeidhm critéir choitinn le haghaidh aithint daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth acu a áirithiú agus íosleibhéal sochar do na daoine sin sna Ballstáit go léir (stádas aonfhoirmeach). ( 74 )

90.

Agus é sin ráite, tá barúlacha na Cúirte Breithiúnas sa dá chás sin maidir le húsáideacht agus riachtanas eolas faoi theanga agus sochaí an Bhallstáit óstaigh chun críocha rochtain a fháil ar an margadh fostaíochta agus ar an gcóras oideachais, i bprionsabal, uilíoch agus d’fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm ar gach náisiúnaigh tríú tír, beag beann ar a stádas. Dá bhrí sin, tá na barúlacha sin bailí maidir le dídeanaithe. Ós rud é go gclúdaítear ceart chun rochtain ar chláir lánpháirtíochta in Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú, neamhchosúil leis na forálacha de Threoracha 2003/109 agus 2003/86, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir an oibleagáid chun scrúdú a dhéanamh agus an oibleagáid chun pas a fháil sa scrúdú sin.

(b)   Oibleagáid chun scrúdú lánpháirtíochta a shuí

91.

I gcás ina bhfuil ceart chun rochtain ar chláir lánpháirtíochta ag dídeanaí, d’fhéadfadh oibleagáid chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta sibhialta agus chun scrúdú a dhéanamh eolas a fuarthas le linn na gcúrsaí sin a chur chun cinn go pointe áirithe agus dá bhrí sin go n-éascaíonn sé lánpháirtiú. Ó thaobh an dídeanaí de, agus duine ag ullmhú do scrúdú caithfidh siad a gcuid féin a dhéanamh d’eolas agus spreagtar an duine sin le hiarracht sa bhreis a dhéanamh. Ó thaobh an Bhallstáit de, is bealach í eagrú scrúduithe chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a rinne duine a chuid féin d’eolas a cuireadh ar fáil i gcúrsa. Ar an gcaoi sin, is féidir le cur i gcrích scrúduithe a bheith ina uirlis úsáideach chun tomhas agus faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na gcúrsaí – níos faide ná sin i gcás ina bhfuil na cúrsaí sin maoinithe le hacmhainní poiblí. In éineacht leis sin, d’fhéadfadh sé a bheith ina uirlis úsáideach chun a chur ar chumas na mBallstát aiseolas a bhailiú ar na scileanna agus eolas lánpháirtíochta ní hamháin faoi dhídeanaithe mar ghrúpa, ach freisin faoi dhídeanaithe aonair, mar mhodh chun réitigh níos saincheaptha a chur ar fáil dóibh.

92.

Ar an gcaoi sin, dhéanfainn an argóint go bhféadfadh rannpháirtíocht i scrúduithe i gcomhthéacs cúrsaí lánpháirtíochta cur leis an bpróiseas foghlama agus dá réir sin éascófar an lánpháirtiú dídeanaithe. Is í mo thuairim, i gcás amhlaidh, ní chuirtear as baint amach na gcuspóirí den Treoir maidir le Cáiliú mar gheall ar an bhfíoras go n-éilíonn Ballstáit ar dhídeanaithe scrúdú a dhéanamh ag deireadh an chláir, ar choinníoll nach dtéann an spriocdháta le haghaidh na scrúduithe agus an iallach oibre riachtanach i gcion ar an leas éifeachtach atá le baint amach as cearta agus buntáistí eile a ráthaítear leis an Treoir maidir le Cáiliú. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur cheart don chúirt a rinne an tarchur measúnú a dhéanamh freisin cé acu a bhfuil an oibleagáid chun an scrúdú a dhéanamh laistigh de thrí bliana, mar is amhlaidh an cás faoin reachtaíocht náisiúnta atá faoi chaibidil, iomchuí, agus gnéithe á gcur san áireamh, amhail, ar an gcéad dul síos, an t-ábhar, an méid agus ábharthacht an eolais a roinntear sna cúrsaí, ar an dara dul síos, cumas an duine lena mbaineann chun a chuid féin a dhéanamh den eolas sin, ar an tríú dul síos, an t-am atá riachtanach chun an t-eolas sin a fháil, agus, ar an gceathrú dul síos, cé acu a bhfuil an scrúdú é féin leagtha amach agus eagraithe i mbealach is go bhfuil an duine a bhfuil an scrúdú á dhéanamh aige in ann an t-eolas a fuair sé a chur in iúl.

93.

Bíodh sin mar atá, murab ionann agus forálacha Threoracha 2003/109 agus 2003/86, clúdaítear in Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú oibleagáid atá ar na Ballstáit chun cláir lánpháirtíochta a shaincheapadh a mhéid agus is féidir do na riachtanais dídeanaithe, ( 75 ) lena gciallaítear, i gcás ina gcinneann Ballstáit scrúduithe amhail sin a reáchtáil, go mba cheart go n-athrófaí an t-ábhar agus na spriocdhátaí ina leith le haghaidh na riachtanas sin, ina bhféadfadh athruithe a bheith ag teastáil do na modhanna scrúdaithe.

94.

Leanann sé as sin go bhféadfadh an oibleagáid chun scrúdú a dhéanamh a bheith ina mhodh chun a áirithiú go bhfaigheann an duine lena mbaineann eolas atá úsáideach gan dabht, do dhídeanaithe, le haghaidh naisc a chruthú leis an mBallstát óstach. Dá bhrí sin, is féidir a chinneadh nach mbaintear an bonn de na cuspóirí a shaothraítear leis an Treoir maidir le Cáiliú, í féin, ach a malairt air sin d’fhéadfadh sí cur lena mbaint amach. ( 76 ) Bíodh sin mar atá, agus cuspóir an scrúdaithe mar a luadh thuas á chur san áireamh, ba cheart, i mo thuairim, an táille scrúdaithe a scaoileadh do na dídeanaithe. Cé go gcosnóidh sé EUR 290, sa chás seo, chun an scrúdú a dhéanamh uair amháin, méadóidh an méid a chaitear i gcás athscrúduithe, ( 77 ) is dóigh go gciallaíonn sé go mbeadh níos lú acmhainní ar fáil do dhídeanaithe sa suíomh sin chun cearta eile faoi Chaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú a fheidhmiú.

95.

I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais sa dá bhreithiúnas arna lua thuas – P agus S ( 78 ) agus K agus A ( 79 ) – gur dóigh go mbainfí an bonn de bhaint amach an chuspóra lánpháirtíochta náisiúnach tríú tír faoi Threoir 2003/109 agus feidhmiú an chirt chun aontú teaghlaigh faoi Threoir 2003/86 de bharr mhéid na dtáillí le haghaidh an scrúdaithe lánpháirtíochta sibhialta, agus an bonn d’éifeachtacht na Treorach sin a bhaint dá bharr. ( 80 ) Ba í an cheist sa dá bhreithiúnas sin ná fíneáil a íoc a ghearrfadh pionós de bharr neamhchomhlíonadh na hoibleagáide chun pas a fháil sa scrúdú lánpháirtíochta sibhialta, in éineacht le híoc na gcostas a tabhaíodh maidir leis na scrúduithe a bhí déanta. Tá na breithiúnais sin ábhartha mar sin do dhídeanaithe, a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu íoc as táillí scrúdaithe uair amháin nó arís agus arís eile. Ós rud é gur ceart a bhronntar ar dhídeanaithe faoin Treoir maidir le Cáiliú an ceart chun rochtain ar chláir lánpháirtíochta, baintear d’éifeachtacht ó Airteagal 34 le táille le haghaidh scrúdú a dhéanamh.

(c)   Oibleagáid chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta

96.

Maidir leis an oibleagáid chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta, foráiltear go bunúsach le dlí na hÍsiltíre go gcaithfidh dídeanaithe pas a fháil i scrúdú ina scrúdaítear a n-eolas faoin teanga Ollainnise agus sochaí na hÍsiltíre laistigh de theorainn ama ar leith.

97.

Ba cheart a thabhairt faoi deara, ina cásdlí, gur dhéileáil an Chúirt Bhreithiúnais le réamhchoinníollacha lánpháirtíochta le haghaidh stádas cónaitheoirí fadtéarmacha a fháil agus le haghaidh an ceart chun aontú teaghlaigh a fheidhmiú. ( 81 ) Sa chás seo, áfach, ní fhéadtar scrúduithe lánpháirtíochta a mheas ach mar mhodh le cur le scileanna agus eolas an duine laistigh d’fheidhmiú chearta an duine sin faoi Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú. Mar a luadh thuas, ní bhaineann an oibleagáid chun scrúdú lánpháirtíochta sibhialta a dhéanamh agus chun pas a fháil le stádas dídeanaí a bhaint amach. Mar gheall air sin, mar a dhearbhaigh an Coimisiún, ar an bpointe seo, ní fhéadtar na barúlacha a thagann chun cinn as an gcásdlí maidir le Treoracha 2003/109 agus 2003/86 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis ar an Treoir maidir le Cáiliú.

98.

Tugtar le fios le hoibleagáid chun pas a fháil i scrúdú go bhfuil pasmharc ann chun go n-éireoidh leis an duine sa scrúdú. I gcomhthéacs na Treorach maidir le Cáiliú, d’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh is nach ndéantar suíomh ina bhfuil an ceart chun rochtain ar chláir lánpháirtíochta – agus chun iad a chur i gcrích go rathúil – ródheacair nó dodhéanta ag pasmharc. D’fhéadfadh na hiarmhairtí a eascraíonn as mainneachtain an oibleagáid chun pasmharc a bhaint amach i scrúdú dídeanaithe a díspreagadh nó a choimhthiú, lena gcuirtear as a lánpháirtiú i mbealach praiticiúil.

99.

Ina Nóta faoi Lánpháirtiú Dídeanaithe san Aontas Eorpach, chuir UNHCR béim ar thabhairt isteach tástálacha teanga agus scrúduithe diana faoi stair agus cultúr an Stáit óstaigh a d’fhéadfadh pionós a ghearradh ar chatagóirí dídeanaithe faoi leith, go háirithe seandaoine nó daoine neamhliteartha. ( 82 )

100.

I bhfianaise na mbarúlacha sin, faoi Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú, níl na Ballstáit i dteideal, i mo thuairim, a cheangal ar dhídeanaithe pasmharc faoi leith a bhaint amach i scrúduithe lánpháirtíochta mar fhianaise lánpháirtithe. Dá bhrí sin, ní féidir a mheas gur beart a chuireann le baint amach chuspóirí na Treorach sin a fhorchuireann Ballstát an oibleagáid chun pas a fháil i scrúdú ar eolas theanga nó ar shochaí an Bhallstáit óstaigh.

101.

Thairis sin, tugtar le fios le riachtanas chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta go bunúsach, d’fhonn an pas a áirithiú mar éigeantach, glacaim leis, go ngearrtar pionós (cé acu de chineál airgeadais nó eile). Déileálfaidh mé leis an ngné sin mar an chéad ghné eile.

2.   Na pionóis: oibleagáid chun an fhíneáil a íoc agus oibleagáid chun an iasacht a aisíoc

102.

Tá dhá ghné sa chóras pionóis. Ar an gcéad dul síos, bíonn fíneáil suas go dtí EUR 1250 i gceist le teip chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta, a d’fhéadfaí a ghearradh arís ag an Aire. Sa chás seo, áfach, ghearr an tAire fíneáil EUR 500 ar T.G. agus ní luaitear in áit ar bith sa chomhad go ngearrfar an fhíneáil sin arís. Ar an gcaoi sin, ní bhaineann an cás seo le huasmhéid na fíneála ná lena fhorchur arís agus arís eile. Ar an dara dul síos, tá oibleagáid ann chun an iasacht suas go dtí uasmhéid EUR 10000 a aisíoc. Cé nach bhfuil sí aicmithe ag an gcúirt náisiúnta mar ‘phionós’, d’fhéadfadh sí a bheith ina pionós má theipeann ar an dídeanaí chun pas a fháil sa scrúdú lánpháirtíochta in am trátha agus, sna cúinsí sin, ina bhfaigheann sí gné phionósach. Tá an dá ‘pionós’ ann le chéile agus gearrtar iad ar bhonn carnaigh. Sa chás seo, tá T.G. scaoilte óna oibleagáid ó Nollaig 2021 amach i bhfianaise na n-iarrachtaí a rinne sé, ach tá an dá phionós airgeadais fós ann.

103.

I dtosach báire, ba cheart dom a thabhairt chun cuimhne, mar a chuireann UNHCR béim freisin, de bharr na leochaileachta faoi leith dídeanaithe, níor cheart go bhforchuirfí pionós ar dhaoine a theip orthu pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta. Chuir dréachtóirí Choinbhinsiún na Ginéive go sonrach as an áireamh go gcuirfí iallach nó oibleagáid ar dhídeanaithe. ( 83 ) Ba cheart an easpa iallaigh a bheith mar an treoir agus Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú á léiriú. ( 84 ) Go háirithe, ciallaíonn an easpa iallaigh nach féidir nádúr pionósach a bheith ag na bearta a bhfuil sé mar rún acu lánpháirtiú a éascú.

104.

Maidir leis an oibleagáid chun an iasacht a aisíoc, foráiltear le hAirteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú oibleagáid atá ar na Ballstáit chun ‘réamhchoinníollacha a chruthú’ lena n-áirithítear rochtain do dhídeanaithe ar chláir lánpháirtíochta. Ar an gcaoi sin, tá nádúr pionósach ag an oibleagáid chun íoc as cúrsaí agus scrúduithe lánpháirtíochta sibhialta i gcás ina dteipeann ar dhídeanaí pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta sibhialta le linn na tréimhse atá leagtha síos agus, dá bhrí sin, go mbaintear an bonn den chuspóir a shaothraítear leis an bhforáil sin. Tá na dídeanaithe is leochailí nach n-éiríonn leo pas a fháil sna scrúduithe i measc na ndaoine is mó a dtéann an beart pionósach sin i bhfeidhm orthu. ( 85 )

105.

Is lú an tábhacht a bhaineann leis an bhfíoras gur féidir le dídeanaithe dul isteach ar scéim aisíocaíochta lena gcuirtear a gcumas le híoc san áireamh maidir leis seo. Sna cúinsí sin, maireann an oibleagáid chun fiachas suntasach a aisíoc ar feadh suas go dtí 10 mbliana, a d’fhéadfadh cur as lánpháirtiú éifeachtach sa Bhallstát i ndáiríre. Mar a dhearbhaigh ECRI, ní fhéadtar cur chuige pionósach ar lánpháirtiú, le pionóis shuntasacha agus an aisíocaíocht d’iasachtaí móra, a mheas mar phróiseas dhá-bhealach a d’éascódh, a thabharfadh tacaíocht agus a chuirfeadh lánpháirtiú chun cinn. ( 86 )

106.

Ina theannta sin, má ghearrtar fíneáil den sórt sin ar dhídeanaithe, is gá go laghdófar a n-acmhainní airgeadais, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar fheidhmiú a gceart arna leagan amach i gCaibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú, go háirithe i gcás ina bhfuil a n‑acmhainní airgeadais teoranta cheana féin.

107.

Mar a dhearbhaigh an Coimisiún, i gcás ina bhforchuireann Ballstát oibleagáid chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta, ar phian fíneála, d’fhéadfaí náisiúnaigh tríú tír a dhíspreagadh as cur isteach ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát lena mbaineann nó d’fhéadfadh gluaiseachtaí tánaisteacha go Ballstáit nach bhforchuireann oibleagáid amhail sin teacht chun cinn. Mar sin féin, is é ceann de na cuspóirí den Treoir maidir le Cáiliú go gcuirtear le laghdú gluaiseachtaí tánaisteacha idir Ballstáit, mar is léir ó haithris 13 den Treoir sin.

108.

Ar aon nós, i gcás ina gcinneann an Chúirt Bhreithiúnais go bhféadtar fíneáil a fhorchur de bharr neamhchomhlíonadh na hoibleagáide chun pas a fháil sa scrúdú lánpháirtíochta sibhialta, is cosúil go bhfuil an méid de EUR 500 díréireach agus, mar sin de, ar neamhréir le dlí an Aontais. ( 87 )

109.

De bharr na gcúiseanna sin, measaim go gcuirtear baint amach chuspóirí na Treorach maidir le Cáiliú i gcontúirt agus go mbaintear d’éifeachtacht Airteagal 34 de le hoibleagáid a fhorchuireann Ballstát ar dhídeanaithe chun pas a fháil i scrúdú lánpháirtíochta, ar phian iasacht a aisíoc agus fíneáil a fháil.

IV. Conclúid

110.

I bhfianaise na mbarúlacha thuas, molaim go bhfreagraíonn an Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú ag an Raad van State (an Chomhairle Stáit, an Ísiltír) mar seo a leanas:

Maidir leis na forálacha de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, agus inneachar na cosanta a thugtar, agus, go háirithe, Airteagal 34 de,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear dídeanaithe faoi oibleagáid chun freastal ar chúrsaí lánpháirtíochta sibhialta, ar choinníoll nach gcuirtear srian leis an oibleagáid sin ar rochtain ceart a bhronntar orthu faoin Treoir sin, agus, go háirithe, faoi Chaibidil VII de, agus lena gcuirtear a riachtanais shonracha san áireamh;

cuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear an oibleagáid ar dhídeanaithe íoc as na costais arda a bhaineann le cláir lánpháirtíochta, gan measúnú indibhidiúil a bheith déanta ag na húdaráis náisiúnta maidir lena suíomh airgeadais agus sóisialta, ar an bhforas go dtagann an oibleagáid sin salach ar an oibleagáid chun rochtain ar chláir lánpháirtíochta a áirithiú agus ní chruthaítear réamhchoinníollacha leis lena ráthaítear rochtain ar na cláir sin;

ní chuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear oibleagáid ar dhídeanaithe chun scrúdú lánpháirtíochta sibhialta a dhéanamh maidir le scileanna béil agus scríofa i dteanga oifigiúil an Bhallstáit óstaigh agus eolas faoi shochaí an Bhallstáit sin; agus

cuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear oibleagáid ar dhídeanaithe chun pas a fháil i scrúdú amhail sin, ar phian iasacht a aisíoc agus fíneáil a fháil, toisc go gcuirtear baint amach chuspóirí Threoir 2011/95 i gcontúirt agus baintear d’éifeachtacht Airteagal 34 de.


( 1 ) Bunteanga: an Béarla.

( i ) Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

( 2 ) An Coinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaí, arna shíniú sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 (Sraith Conarthaí na Náisiún Aontaithe, Eag. 189, lch. 150, Uimh. 2545 (1954), a tháinig i bhfeidhm an 22 Aibreán 1954. Forlíonadh agus leasaíodh é leis an bPrótacal maidir le Stádas Dídeanaí, arna chur i gcrích in Nua Eabhrac an 31 Eanáir 1967, a tháinig i bhfeidhm an 4 Deireadh Fómhair 1967 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’).

( 3 ) Foráiltear le hAirteagal 34 den Choinbhinsiún sin, leis an gceannteideal ‘Eadóirseacht’, go ‘[n-]éascóidh na Stáit Chonarthacha comhshamhlú agus eadóirseacht dídeanaithe a mhéid agus is féidir. Déanfaidh siad, go háirithe, gach iarracht chun na himeachtaí eadóirseachta a dheifriú agus laghdóidh siad na táillí agus costais d’imeachtaí den sórt sin a mhéid agus is féidir’.

( 4 ) Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus inneachar na cosanta a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9).

( 5 ) Cé go dtagraíonn an tarchur ar réamhrialú agus na ceisteanna dá gclúdaítear leis ar ‘thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta’, mar is léir ón tarchur sin, tá an stádas dídeanaí ag T.G. agus ní cosúil go bhfuil gá ann measúnú a dhéanamh ar chás na sealbhóirí de chosaint thánaisteach sa Tuairim seo. Foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 1(A)(2) de Choinbhinsiún na Ginéive go mbeidh an téarma ‘dídeanaí’ infheidhme ar aon duine, ‘mar gheall ar eagla a bhfuil bunús maith leis go ndéanfaí géarleanúint air de bharr cúiseanna cine, reiligiúin, náisiúntachta, ballraíochta de ghrúpa sóisialta ar leith nó tuairim pholaitiúil, atá lasmuigh dá thír [nó dá tír] náisiúntachta agus nach bhfuil in ann nó, mar gheall ar an eagla sin, nach bhfuil sé [nó sí] toillteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin’. Tá an sainmhíniú sin corpraithe in Airteagal 2(d) den Treoir maidir le Cáiliú.

( 6 ) Breithiúnas an 4 Meitheamh 2015, (C-579/13, EU:C:2015:369).

( 7 ) Breithiúnas an 4 Meitheamh 2015, (C-579/13, EU:C:2015:369, mír 48).

( 8 ) IO 2004 L 16, lch. 44.

( 9 ) Airteagal 7(2) den Dlí maidir le lánpháirtíocht shibhialta.

( 10 ) Féach Airteagal 16 den Dlí ar lánpháirtíocht sibhialta.

( 11 ) Dearbhaíonn an tOllamh Grahl-Madsen, inter alia, gurb ‘é atá i gceist le hAirteagal 34 ná bunsraitheanna, nó clocha cora a leagan, ionas go mbeidh an dídeanaí eolach ar theanga, custaim agus modh maireachtála an náisiúin ina bhfuil sé ina chónaí, d’fhonn a bheith níos imeasctha sa saol eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha dá thír tearmainn, gan aon fhoirm iallaigh (féach Ard-Choimisiún na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe [‘UNHCR’], Léargas ar Choinbhinsiún Dhídeanaí 1951 (Airteagail 2-11, 13-37), Deireadh Fómhair 1997, lch. 146).

( 12 ) Féach, go háirithe, Aithrisí 3, 4 agus 15 den Treoir maidir le Cáiliú.

( 13 ) Feller, E., iar-Leas-Ard-Choimisinéir um Chosaint le UNHCR.

( 14 ) Breithiúnas an 4 Meitheamh 2015, (C-579/13, EU:C:2015:369).

( 15 ) Féach mír 4 den ordú le haghaidh tarchur.

( 16 ) Foráiltear le hAirteagal 67(2) CFAE go ndéanfaidh an tAontas Eorpach comhbheartas maidir le, inter alia, tearmann. Lena chois sin, foráiltear le hAirteagal 78(1) CFAE go bhforbróidh an tAontas comhbheartas maidir le tearmann atá i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive. Cuirtear sa bhreis air sin le hAirteagal 78(2) CFAE, chun na críocha sin, go bhfuil ar reachtóir an Aontais glacadh le bearta.

( 17 ) Féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 19 Meán Fómhair 2013, Panellinios Syndesmos Viomichanion Metapoiisis Kapnou (C-373/11, EU:C:2013:567, mír 26).

( 18 ) Féach, i ndáil leis sin, aithrisí 12 agus 40 agus Airteagal 23(2) den Treoir maidir le Cáiliú agus breithiúnais an 24 Meitheamh 2015, T. (C-373/13, EU:C:2015:413, míreanna 95, 96 agus 97), agus an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm) (C-391/16, C-77/17 agus C-78/17, EU:C:2019:403, míreanna 91 agus 99).

( 19 ) Féach, go háirithe, an Meabhrán Míniúcháin don Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le caighdeáin íosta i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó daoine a mbeadh cosaint idirnáisiúnta ar dhóigh eile de dhíth orthu (COM/2001/0510 final). Maidir le hAirteagal 31 (a d’athraigh go hAirteagal 34 de Threoir 2004/83), míníonn an Coimisiún go bhfuil sé ‘riachtanach tacaíocht faoi leith a chur ar fáil do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear a lán dídeanaithe, seachas rochtain chéanna a thabhairt dóibh ar ghnáthfhostaíocht agus deiseanna oideachais’.

( 20 ) I gcodarsnacht leis sin, ina Thogra le haghaidh Rialacháin dá luadh i bhfonóta 20, thug an Coimisiún foráil isteach lena gceadaítear do na Ballstáit an rannpháirtíocht tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh riachtanach i mbearta lánpháirtíochta (Airteagal 38(2) den Togra sin).

( 21 ) Féach, de réir análaí, breithiúnais an 24 Deireadh Fómhair 2013, Drozdovs (C-277/12, EU:C:2013:685, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus an 14 Meán Fómhair 2017, Delgado Mendes (C-503/16, EU:C:2017:681, mír 47).

( 22 ) Féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 4 Meitheamh 2015, P agus S (C-579/13, EU:C:2015:369, mír 45). Féach freisin, Airteagal 4(3) CAE, as a leanann sé go bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit glacadh le haon bheart iomchuí chun comhlíonadh na n-oibeagáidí a thagann chun cinn as an Treoir maidir le Cáiliú a áirithiú agus chun staonadh ó aon bheart lena bhféadfaí an bonn a bhaint de bhaint amach na gcuspóirí den Treoir sin. Féach de réir análaí, breithiúnais an 4 Márta 2010, Chakroun (C-578/08, EU:C:2010:117, mír 43), i ndáil le haontú teaghlaigh, agus an 28 Aibreán 2011, El Dridi (C-61/11 PPU, EU:C:2011:268, míreanna 53 go 55), i ndáil le himirce agus fanachtaí neamhdhleathacha.

( 23 ) Breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2014, Ben Alaya (C-491/13, EU:C:2014:2187, mír 22 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 24 ) Féach pointí 41 agus 42 thuas.

( 25 ) Berry, J.W., ‘Acculturation and adaptation in a new society’, International Migration, Iml. 30, 1992, lch. 69 go 85.

( 26 ) Mhol scoláirí creat coincheapúil le haghaidh lánpháirtiú, arna rangú i gceithre sainréimse: (i) Bunúsach: stádas dídeanaí, rochtain ar chearta, agus saoránacht; (ii) Feidhmiúil: rochtain ar thithíocht, sláinte, slándáil shóisialta, obair fhiúntach, seirbhísí airgeadais agus oideachas; (iii) Sóisialta: ceangail shóisialta agus dáimh leis an bpobal óstach, naisc shóisialta, líonra, agus caidreamh sóisialta; (iv) Éascú: teanga, traenáil, comhairleoireacht, eolas cultúrtha, slándáil agus seasmhacht. Féach Ager, A., agus Strang, A., ‘Understanding integration: A conceptual framework’, Journal of Refugee Studies, Iml. 21, 2008, lch. 166 go 191; https://academic.oup.com/jrs/article/21/2/166/1621262. Tugtar cur in iúl nithiúil do roinnt de na réimsí sin le Caibidil VII den Treoir maidir le Cáiliú i bhfoirm cearta a bhronntar do dhídeanaithe.

( 27 ) I ndlí um chearta an duine, d’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh idir oibleagáid chun urramú, oibleagáidí chun cosaint agus oibleagáidí chun cearta a chur i bhfeidhm, cé nach bhfuil an t-idirdhealú sin dea-socair. Tugann Airteagal 34 den Treoir maidir le Cáiliú faoi réir an tríú catagóir. A mhalairt air sin, d’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh idir oibleagáidí dearfacha agus diúltacha.

( 28 ) Féach freisin an Meabhrán Míniúcháin den togra bunaidh do Threoir 2004/83, dá luadh i bhfonóta 19, ina ndéanann an Coimisiún tagairt do Threoirlíne Uimh. 7 de na Treoirlínte Fostaíochtaí i gcomhair 2001 (Cinneadh 2001/63/CE an 19 Eanáir 2001 ón gComhairle maidir le Treoirlínte le haghaidh pholasaithe fostaíochta na mBallstát i gcomhair bhliain 2001 (IO 2001 L 22, lch. 18)) lena ‘n-áirítear cláir, atá ceaptha chun lánpháirtiú dídeanaithe i sochaí an Bhallstáit a éascú’, mar shampla, ‘plean gníomhaíochta saincheaptha’ maidir le ‘fostaíocht agus oideachas’, ‘cúrsaí teangacha’, ‘cúrsaí traenála bunúsacha agus ardchúrsaí traenála’, ‘bearta a bhfuil sé mar chuspóir acu féin-chothabháil a chur chun cinn’, ‘imeachtaí a eagraítear chun buntreoir do stair agus cultúr an Bhallstáit a chur ar fáil’, agus ‘imeachtaí a eagraítear i gcomhpháirt le saoránaigh an Bhallstáit chun comhthuiscint a chur chun cinn’.

( 29 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 9 Samhain 2021, Bundesrepublik Deutschland (Aontacht teaghlaigh a chaomhnú) (C-91/20, EU:C:2021:898, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 30 ) Féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm) (C-391/16, C-77/17 agus C-78/17, EU:C:2019:403).

( 31 ) Léargas ar an gCoinbhinsiún maidir le Dídeanaithe 1951, Airteagail 2-11, 13-37, a d’fhoilsigh an Roinn um Chosaint Idirnáisiúnta UNHCR, 1997, lch. 146.

( 32 ) Féach léargas an Ollaimh Grahl-Madsen arna lua i bhfonóta 11.

( 33 ) Féach UNHCR, Nóta maidir le Lánpháirtiú Dídeanaithe san Aontas Eorpach, Bealtaine 2007, atá ar fáil ag https://www.refworld.org/policy/legalguidance/unhcr/2007/en/41624.

( 34 ) Féach Airteagal 52(7) den Chairt.

( 35 ) Lock, T., ‘Article 18 CFR’, in Manuel Kellerbauer, Marcus Klamert, agus Jonathan Tomkin (eag.), The EU Treaties and the Charter of Fundamental Rights: A Commentary, lch. 2154.

( 36 ) Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le haithris 16 go bhfuil sé mar aidhm ag an Treoir maidir le Cáiliú ‘urramú iomlán ar dhínit an duine agus an ceart chun tearmainn d’iarratasóirí ar thearmann agus a mbaill teaghlaigh i bhfochair a áirithiú agus an cur i bhfeidhm d’Airteagail 1, 7, 11, 14, 15, 16, 18, 21, 24, 34 agus 35 den Chairt sin, agus ba cheart go gcuirfí chun feidhme iad de réir a chéile’.

( 37 ) Breithiúnas an 24 Meitheamh 2015, T. (C-373/13, EU:C:2015:413, mír 97).

( 38 ) Ibid., mír 95.

( 39 ) Ibid., mír 98.

( 40 ) Féach mír 44 thuas.

( 41 ) Féach Airteagal 31 den Mheabhrán Míniúcháin a luadh i bhfonóta 19.

( 42 ) Féach mír 44 thuas.

( 43 ) Féach freisin aithris 41 den Treoir maidir le Cáiliú.

( 44 ) Meabhrán Míniúcháin don Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le caighdeáin íosta do cháiliú agus do stádas náisiúnach tríú tíortha nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a mbeadh cosaint idirnáisiúnta ar dhóigh eile de dhíth orthu agus maidir le hinneachar na cosanta a thugtar (SEC(2009) 1373) (SEC(2009) 1374)/* (COM/2009) 551 final) - COD 2009/0164/‘Gnéithe dlíthiúla an togra’, mír 7.

( 45 ) Ibid.

( 46 ) Doiciméad oibre ó fhoireann an Choimisiúin a ghabhann leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin íosta le haghaidh cáilíocht agus stádas a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a theastaíonn uathu cosaint idirnáisiúnta agus ábhar na cosanta a bhronntar – Measúnú Tionchair (COM(2009) 551) (SEC(2009) 1374), lch. 33.

( 47 ) Ibid.

( 48 ) Féach, i ndáil leis sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar in P agus S (C-579/13, EU:C:2015:39, mír 81).

( 49 ) Féach mír 44 thuas.

( 50 ) Féach pointí 62 agus 63 thuas.

( 51 ) Féach an Meabhrán Míniúcháin dá dtagraítear i bhfonóta 19.

( 52 ) Féach, de réir análaí, Airteagal 9(4) den Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, arna shíniú in Aarhus an 25 Meitheamh 1998 agus arna fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 (IO 2005 L 124, lch. 1), lena sonraítear nár cheart go mbeadh na nósanna imeachta athbhreithnithe i bhfad róchostasach (breithiúnas an 15 Márta 2018, North East Pylon Pressure Campaign agus Sheehy, C-470/16, EU:C:2018:185, mír 48).

( 53 ) Thairis sin, toisc gur beart uaschothromaithe é, ba cheart a chur san áireamh cúrsaí oideachais cosúla a chuirtear ar fáil do náisiúnaigh den Bhallstát óstach nó do náisiúnaigh tríú tír (amhail oibrithe nó mic léinn) a bhfuil sé mar aidhm acu freisin uaschothromú a thabhairt do na grúpaí sóisialta sin, d’fhonn idirdhealú a sheachaint a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir dídeanaithe agus na grúpaí sin.

( 54 ) An 28 Meán Fómhair 2000, ghlac an Chomhairle le Cinneadh 2000/596/CE lena mbunaítear Ciste Eorpach um Dhídeanaithe mar bheart dlúthpháirtíochta chun cothromaíocht a chur chun cinn sna hiarrachtaí a dhéanann na Ballstáit agus dídeanaithe agus daoine easáitithe a fháil agus na hiarmhairtí a bhaineann leis.

( 55 ) Féach Airteagal 8(d) de Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO 2014 L 150, lch. 168), lena bhforáiltear go dtacaítear leis an gCiste ‘cúrsaí cuimsitheacha insealbhaithe saoránachta agus teagasc cuimsitheach teanga’.

( 56 ) Féach mír 44 thuas.

( 57 ) Go háirithe, maidir leis an gceist d’éifeachtacht, in P agus S, i ndáil le scrúduithe lánpháirtíochta sibhialta dá bhforchuirtear faoi Threoir 2003/109, iarradh ar an gCúirt Bhreithiúnais chun cinneadh faoi uasmhéid na fíneála i gcomhair teip sna scrúduithe sin. Mar chuid dá measúnú, rinne an Chúirt Bhreithiúnais anailís ar na táillí clárúcháin i gcomhair na n-iarrachtaí scrúdaithe, na costais ullmhucháin a d’fhéadfadh a bheith i gceist, agus an fíoras nár aisíocadh na costais sin i gcás teip sa scrúdú. Sa chás sin, chinn an Chúirt gur dóigh íocaíocht fíneála, in éineacht leis na costais a bhaineann leis na scrúduithe a dhéanamh, an bonn a bhaint de na cuspóirí a shaothraítear le Treoir 2003/109 agus go mbainfí dá héifeachtach dá bharr air sin. Féach breithiúnas an 4 Meitheamh 2015, P agus S (C-579/13, EU:C:2015:369, mír 54). I mbreithiúnas an 9 Iúil 2015, K agus A (C-153/14, EU:C:2015:453), scrúdaigh an Chúirt Bhreithiúnas Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun aontú teaghlaigh (IO 2003 L 251, lch. 12) agus an oibleagáid faoi reachtaíocht na hÍsiltíre chun pas a fháil i mbunscrúdú lánpháirtíochta sibhialta thar lear roimh theacht isteach ar chríoch an Bhallstáit sin. Go háirithe, maidir leis na costais, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil na Ballstáit saor, i bprionsabal, chun éiligh ar náisiúnaigh tríú tír costais a íoc agus chun an méid de a shocrú, ach ní chaithfidh sé a bheith mar chuspóir nó de thoradh ar mhéid na gcostas go ndéantar feidhmiú an chirt chun aontú teaghlaigh ródheacairdodhéanta.

( 58 ) Féach, de réir análaí, an cásdlí maidir leis an acmhainn aonair chun íoc i ndáil le prionsabal na cosanta dlí éifeachtaí faoi Airteagal 47 den Chairt. Mar a dhearbhaigh Abhcóide Ginearálta Kokott ina Tuairim in Edwards (C-260/11, EU:C:2012:645, mír 38), d’fhéadfadh cúnamh dlíthiúil a bheith go hiomlán riachtanach i gcás ina bhfuil na rioscaí i dtéarmaí costas, atá inghlactha i bprionsabal, ina gconstaic doshárithe do rochtain ar chóir mar gheall ar an gcumas teoranta den duine lena mbaineann le híoc. Féach freisin an cásdlí dá dtagraítear i mbreithiúnas an 22 Nollaig 2010, DEB (C-279/09, EU:C:2010:811, míreanna 60 agus 61), agus órdú an 13 Meitheamh 2012, GREP (C-156/12, EU:C:2012:342, mír 40 et seq.).

( 59 ) D’fhéadfadh measúnú ex post ar chumas airgeadais cur isteach ar cheart an dídeanaí chun cearta eile a fheidhmiú freisin, amhail an ceart chun obair a dhéanamh, mar d’fhéadfaí cur isteach ar a mhaitheas nó a maitheas eacnamaíoch agus sóisialta má chuirtear a shuíomh nó a suíomh airgeadais san áireamh i ndiaidh an chúrsa lánpháirtíochta.

( 60 ) Féach aithris 16 den Treoir maidir le Cáiliú.

( 61 ) Féach an Meabhrán Míniúcháin dá dtagraítear i bhfonóta 19.

( 62 ) Conclúidí ECRI an 3 Márta 2022 maidir leis an Ísiltír, (CRI(2022) 03), lch. 4, atá ar fáil ag: https://www.coe.int/en/web/european-commission-against-racism-and-intolerance/netherlands.

( 63 ) Ibid.

( 64 ) Féach pointí 49, 62, 63 agus 65 thuas.

( 65 ) Féach, de réir análaí, breithiúnas an 24 Meitheamh 2015, T. (C-373/13, EU:C:2015:413, míreanna 47 agus 48), inar chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur ceann de na hargóintí lena dtacaítear léiriú ar fhoclaíocht Airteagal 24(1) de Threoir 2004/83 nach gcuirtear as an áireamh go sonrach an fhéidearthacht go gcúlghairtear cead cónaithe ar deonaíodh do dhídeanaí roimh ré dá dtugtar cead do na Ballstáit dul ar iontaoibh beart amhail sin.

( 66 ) Féach, de réir análaí, breithiúnas an 24 Meitheamh 2015, T. (C-373/13, EU:C:2015:413, mír 98).

( 67 ) Breithiúnas an 4 Meitheamh 2015 (C-579/13, EU:C:2015:369).

( 68 ) Ibid., mír 47.

( 69 ) Ibid., míreanna 47, 48 agus 50.

( 70 ) Breithiúnas an 9 Iúil 2015 (C-153/14, EU:C:2015:453).

( 71 ) Breithiúnas an 4 Meitheamh 2015, (C-579/13, EU:C:2015:369).

( 72 ) Breithiúnas an 9 Iúil 2015 (C-153/14, EU:C:2015:453).

( 73 ) Chuir siad isteach ar an stádas sin idir 1 Eanáir 2007 agus 1 Eanáir 2010.

( 74 ) Féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm), (C-391/16, C-77/17 agus C-78/17, EU:C:2019:403, mír 79).

( 75 ) Féach pointí 49, 62, 63 agus 65 thuas.

( 76 ) Féach, de réir análaí, breithiúnas an 4 Meitheamh 2015, P agus S (C-579/13, EU:C:2015:369, mír 48).

( 77 ) Go deimhin, is cosúil ón gcomhad go n-íoctar táille an scrúdaithe gach uair a dhéantar an scrúdú.

( 78 ) Breithiúnas an 4 Meitheamh 2015 (C-579/13, EU:C:2015:369, mír 54).

( 79 ) Breithiúnas an 9 Iúil 2015 (C-153/14, EU:C:2015:453, mír 69).

( 80 ) Féach breithiúnas an 4 Meitheamh 2015, P agus S (C-579/13, EU:C:2015:369, mír 54), agus an 9 Iúil 2015, K agus A (C-153/14, EU:C:2015:453, mír 69).

( 81 ) Ibid.

( 82 ) Nóta maidir le Lánpháirtiú Dídeanaithe san Aontas Eorpach, Bealtaine 2007, atá ar fáil ag: https://www.refworld.org/policy/legalguidance/unhcr/2007/en/41624.

( 83 ) Féach léargas arna lua i bhfonóta 11 thuas.

( 84 ) Féach pointe 54 thuas.

( 85 ) Dar le tuairiscí meáin, ní chuireann leath de dhídeanaithe agus imircigh na riachtanais lánpháirtíochta i gcrích in am trátha, is é sin laistigh de thrí bliana chun pas a fháil sa scrúdú lánpháirtíochta; féach https://nos.nl/artikel/2100445-helft-nieuwkomers-haalt-inburgeringsexamen-niet.

( 86 ) Féach pointe 80 thuas.

( 87 ) Breithiúnas an 4 Meitheamh 2015, P agus S (C-579/13, EU:C:2015:369, míreanna 51 go 54).

Top