Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CA0196

Cás C-196/23, Plamaro: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 11 Iúil 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Superior de Justicia de Cataluña – an Spáinn) – CL agus páirtithe eile v DB, oidhre uilíoch ar FC, Fondo de Garantía Salarial (FOGASA) (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Treoir 98/59/CE – Comhiomarcaíochtaí – Airteagal 1(1)(a) agus Airteagal 2 – Ionadaithe na bhfostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo – Raon feidhme – Foirceannadh conarthaí fostaíochta de dheasca dhul ar scor an fhostóra – Airteagail 27 agus 30 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)

IO C, C/2024/5201, 2.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5201/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5201/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5201

2.9.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 11 Iúil 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Superior de Justicia de Cataluña – an Spáinn) – CL agus páirtithe eile v DB, oidhre uilíoch ar FC, Fondo de Garantía Salarial (FOGASA)

(Cás C-196/23,  (1) Plamaro)  (2)

(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Treoir 98/59/CE - Comhiomarcaíochtaí - Airteagal 1(1)(a) agus Airteagal 2 - Ionadaithe na bhfostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo - Raon feidhme - Foirceannadh conarthaí fostaíochta de dheasca dhul ar scor an fhostóra - Airteagail 27 agus 30 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)

(C/2024/5201)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de Cataluña

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: CL, GO, GN, VO, TI, HZ, DN, DL

Cosantóirí: DB, oidhre uilíoch ar FC, Fondo de Garantía Salarial (FOGASA)

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhiomarcaíochtaí, arna léamh i gcomhar le chéile,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir nach ‘comhiomarcaíocht’ atá i bhfhoirceannadh conarthaí fostaíochta de chuid líon fostaithe atá sa bhreis ar an líon dá dtagraítear in Airteagal 1(1), de dheasca dhul ar scor an fhostóra, dá bhrí nach gcaitear dul i gcomhairle le hionadaithe na bhfostaithe, agus iad a chur ar an eolas, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 2 sin.

2)

Ní mór léiriú a dhéanamh ar dhlí an Aontais amhail nach gceanglaítear leis ar chúirt náisiúnta, a bhfuil díospóid idir daoine aonair os a comhair, gan reachtaíocht náisiúnta, mar a fhoráiltear dó i mír 1 den chuid oibríochtúil seo, a chur i bhfeidhm, i gcás neamhréireacht na reachtaíochta sin le forálacha Airteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59.


(1)   IO C 304, 28.8.2023.

(2)  Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5201/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top