This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CA0019
Case C-19/23: Judgment of the Court (Grand Chamber) of 11 November 2025 – Kingdom of Denmark v European Parliament, Council of the European Union (Action for annulment – Directive (EU) 2022/2041 – Adequate minimum wages in the European Union – Article 153(1)(b) TFEU – Article 153(2)(b) TFEU – Respect for the competences conferred on the Union by the Treaties – Article 153(5) TFEU – Exclusions of competence – Pay and right of association – Direct interference by EU law in the determination of pay within the European Union and in the right of association – Partial annulment – Article 5(1), in part, (2) and (3) in fine)
Cás C-19/23: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 11 Samhain2025 – Ríocht na Danmhairge v Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh (Caingean le haghaidh neamhniú – Treoir (AE) 2022/2041 – Pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach – Airteagal 153(1)(b) CFAE – Airteagal 153(2)(b) CFAE – Urramú na n-inniúlachtaí a thugtar don Aontas leis na Conarthaí – Airteagal 153(5) CFAE – Eisiaimh ó dhlínse – Pá agus ceart comhlachais – Cur isteach díreach ar dhlí an Aontais maidir le pá a chinneadh laistigh den Aontas agus leis an gceart comhlachais – Neamhniú páirteach – Airteagal 5(1) go páirteach, (2) agus (3) in fine)
Cás C-19/23: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 11 Samhain2025 – Ríocht na Danmhairge v Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh (Caingean le haghaidh neamhniú – Treoir (AE) 2022/2041 – Pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach – Airteagal 153(1)(b) CFAE – Airteagal 153(2)(b) CFAE – Urramú na n-inniúlachtaí a thugtar don Aontas leis na Conarthaí – Airteagal 153(5) CFAE – Eisiaimh ó dhlínse – Pá agus ceart comhlachais – Cur isteach díreach ar dhlí an Aontais maidir le pá a chinneadh laistigh den Aontas agus leis an gceart comhlachais – Neamhniú páirteach – Airteagal 5(1) go páirteach, (2) agus (3) in fine)
IO C, C/2026/132, 12.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/132/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/132 |
12.1.2026 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 11 Samhain2025 – Ríocht na Danmhairge v Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh
(Cás C-19/23) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Treoir (AE) 2022/2041 - Pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach - Airteagal 153(1)(b) CFAE - Airteagal 153(2)(b) CFAE - Urramú na n-inniúlachtaí a thugtar don Aontas leis na Conarthaí - Airteagal 153(5) CFAE - Eisiaimh ó dhlínse - ‘Pá’ agus ‘ceart comhlachais’ - Cur isteach díreach ar dhlí an Aontais maidir le pá a chinneadh laistigh den Aontas agus leis an gceart comhlachais - Neamhniú páirteach - Airteagal 5(1) go páirteach, (2) agus (3) in fine)
(C/2026/132)
Teanga an cháis: an Danmhairgis
Páirtithe
Iarratasóir: Ríocht na Danmhairge (ionadaithe: M. Jespersen, J. F. Kronborg agus C. A.-S. Maertens ar dtús agus dá ndéanann M. Jespersen, C. A.-S. Maertens agus A. Skovsø Clausen ionadaíocht ina dhiaidh sin, Gníomhairí)
Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: W. D. Kuzmienko, U. Spliid, A. Tamás agus L. Visaggio, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. F. Jensen, A. Norberg agus S. Scarpa Ferraglio ar dtús, agus dá ndéanann B.-R. Killmann ionadaíocht ina dhiaidh sin, Gníomhairí)
Idiragraí, ag tacú leis an iarratasóir: Ríocht na Sualainne (ionadaithe: H. Eklinder, H. Shev agus O. Simonsson ionadaíocht ar dtús, agus dá ndéanann H. Eklinder agus O. Simonsson ionadaíocht ina dhiaidh sin, Gníomhairí)
Idiragraí, ag tacú leis na cosantóirí: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus A. Hoesch ar dtús, agus J. Möller ina dhiaidh sin, Gníomhaire), an Phoblacht Heilléanach (ionadaithe: V. Baroutas agus M. Tassopoulou, Gníomhairí), Ríocht na Spáinne, (ionadaí: A. Gavela Llopis, Gníomhaire), Poblacht na Fraince (ionadaithe: R. Bénard, J.-L. Carré, B. Fodda agus T. Lechevallier ar dtús, agus dá ndéanann B. Fodda agus T. Lechevallier ionadaíocht ina dhiaidh sin, Gníomhairí), Ard-Diúcacht Lucsamburg (ionadaithe: A. Germeaux agus T. Schell, Gníomhairí, le cúnamh ó V. Verdanet, avocate), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B.-R. Killmann agus C. Vang ar dtús, Gníomhairí agus dá ndéanann B.-R. Killmann ionadaíocht ina dhiaidh sin, Gníomhaire), Ríocht na Beilge (ionadaithe: C. Pochet, A. Van Baelen agus L. Van den Broeck ar dtús, Gníomhairí agus dá ndéanann C. Pochet ionadaíocht ina dhiaidh sin, Gníomhaire), Poblacht na Portaingéile (ionadaithe: C. Alves, P. Barros da Costa, P. Estevão, S. Leite, A. Pimenta agus M. Sousa, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Cuirtear an frása ‘lena n áirítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2’ sa chúigiú habairt d’Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach, Airteagal 5(2) den Treoir sin agus an frása ‘ar choinníoll nach n eascróidh laghdú ar an bpá íosta reachtúil as cur i bhfeidhm an tsásra sin’ in Airteagal 5(3) de, ar neamhní. |
|
2. |
Déantar an chaingean a dhíbhe den chuid eile. |
|
3. |
Ordaítear do Ríocht na Danmhairge dhá thrian de na costais arna dtabhú ag Parlaimint na hEorpa agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, chomh maith le dhá thrian dá costais féin, a íoc. |
|
4. |
Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh aon trian de na costais arna dtabhú ag Ríocht na Danmhairge agus aon trian dá gcostais féin a íoc. |
|
5. |
Ordaítear do Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na Portaingéile, Ríocht na Sualainne agus an Coimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/132/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)